Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 29 Oct 1941

Vol. 85 No. 1

Bás an Teachta Seán ó Muinghile.

Ba mhéala mór leis an Dáil a chlos gur cailleadh an Teachta Seán Ó Muinghile le linn an tsosa. Go ndéana Dia trócaire ar a anam.

Cé nárbh i bhfad ina Theachta dhó d'fhreastaladh sé an Dáil go féiltiúil agus ba chás leis leas mhuintir a dháilcheanntair. Cainnteóir líomhtha Gaedhilge a bhí ann agus i nGaedhilge ba bhéas leis labhairt sa Teach seo agus ba duine é a bhí de shíor ag seasamh cirt do mhuintir na Gaeltachta.

Ó ritheadh an tAcht Rialtais Aitiúil sa bhliain a hocht déag nócha a hocht (1898) toghtaí é i ngach uile thoghchán do chóluchtaí áitiúla ina chondae féin. Ní raibh aon ghluaiseacht náisiúnta dá raibh ar siúl ina am nach raibh dlúthbhaint aige leis agus d'oibrigh sé gan stad gan staonadh le roinnt na talmhan a dheifriú, le ceisteanna bhaineas le imirceoirí a shocrú agus le saol na bhfeilméaraí beaga agus oibrithe tuatha sna ceanntair chumhanga d'fheabhsú.

Iarraim ort, a Leas-Chinn Comhairle, có-bhrón Dháil Éireann do chur in iúl dá ghaolta.

Deputies rose in their places.

Top
Share