Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 18 Feb 1948

Vol. 110 No. 1

Deceased Deputies.

Ón uair a chuaigh an Teach ar athló, fuaireamar uile scéala bróin faoi bhás triúir a bhí ina gcomhaltaí linn anseo an tráth sin: Séamus O hAodha, Teachta do Cheatharlach-Cill Dara, agus Máirtín O Rodaigh, Teachta do Shligeach, a cailleadh sarar scoireadh an Dáil; agus Éamon O Cuagáin, a bhí ina Theachta do Chill Coinnigh sa sean-Dáil agus a bhí ainmnithe ina iarrthóir don Olltoghchán, a cailleadh tar éis dáta an scoir. Go ndéana Dia trócaire ar anam an triúir acu.

Ba mhór an méala dúinn go léir an bás obann a fuair Séamus O hAodha le linn an Toghcháin. Teachta dúthrachtach dícheallach ba ea é a chuir spéis chruinn oilte sa talmhaíocht agus is mór an chailliúint dúinn an t-eolas agus an chomhairle ealaíonta praiticiúil a bhí aige ar cheisteanna talmhaíochta.

Is boichte-de suíocháin tosaigh an Tighe seo freisin bás Mháirtín Uí Rodaigh agus Éamoin Uí Chuagáin. Sean-chomhalta cáiliúil den Teach seo ba ea Máirtín Ó Rodaigh. Fear módhúil, cúirtéiseach ba ea é a bhí oilte i gcúrsaí Stáit agus a thug seirbhís dílis don Dáil, agus bhí meas mór ag gach Páirtí agus ag gach Teachta air.

Sa mbliain 1944 (míle naoí gcéad dachad a ceathair) a tháinig Éamon Ó Cuagáin inár mease anseo, agus, ón lá a toghadh é, ghlac sé páirt ghníomhach i gcúrsaí díospóireachta na Dála. Do réir gach dealraimh, bhí réim sontasach párlaiminte i ndán dó, ach thug gearr-thaom tinnis an bás air.

Iarraim ort, a Chinn Comhairle, comhbhrón na Dála a chur in iúl do mhuintir an triúir acu.

Deputies rose in their places.

Top
Share