Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 29 Jul 1970

Vol. 248 No. 14

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Pinsin iar-Státseirbhíseach.

38. D'fhiafraigh

den Aire Airgeadais cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le cothromú pinsin d'iar-Státseirbhísigh.

Fé mar a cuireadh in iúil i gCáinaisnéis na bliana seo tá pinsin d'iar-Stáitseirbhísigh méadaithe anois ionnus gur cothrom iad le pinsin atá bunaithe ar na rátaí pá i bhfeidhm ar 1 Meitheamh, 1968. Déanfaidh mé an cheist a choimeád faoi bhreithniú ag féachaint do chúrsí uile cáinaisnéise.

Top
Share