I welcome the Minister for State, Deputy Mary Coughlan, on her first visit to the House in her new position. I congratulate her on her appointment.
Minister of State at the Department of Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Ms Coughlan): Is mór an onóir é seo dom mo chéad ócáid sa Seanad. Níor toghadh mé riamh go dtí an Seanad.
Is ábharach an rud é an deis a bheith againn ceist na Gaeilge a phlé inniu, seachtain i ndiaidh Lá na Máthar-theangacha le UNESCO, agus coicís i ndiaidh seoladh oifigiúil Bhliain Eorpach na dTeangacha in Éirinn. Tuigim go bhfuil an t-aisteoir clúiteach Stephen Rea agus bean ón Nigéir darb ainm Agnes Ojuolape atá ina cónaí anois in Inis, Contae an Chláir, chun tabhairt faoi an Ghaeilge a fhoghlaim mar thogra do Bhliain Eorpach na dTeangacha. Molaim iad agus guím gach rath orthu.
Is é seo an chéad ocáid dom ceist na Gaeilge a chíoradh go foirmiúil agus go poiblí i mo ról úr mar Aire Stáit le freagracht faoi leith don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Teastaíonn uaim ar an gcéad dul síos aitheantas poiblí a thabhairt do Éamon Ó Cuív, an t-iar-Aire Stáit. Tá cáil thuillteanach bainte amach ag Éamon mar laoch ar son na Gaeilge, na Gaeltachta agus, dar ndóigh, na nOileán. Tá sé mar onóir domsa é a leanúint mar Aire Stáit agus geallaim go dtabharfaidh mé faoi mo dhualgais leis an bhfuinneamh céanna is a léirigh Éamon thar tréimhse trí bliana go leith.
Díreach mar a thaispeántar radhairc dhifriúla den taithí daonna trí leabhair scríbhneoirí éagsúla, braitheann ár dtuiscint ar an domhan ar an teanga a úsáidimid chun rudaí a mhíniú dúinn féin. Bainfidh cainteoir Gaeilge brí éagsúil as radharc nádúrtha, mar shampla, i gcomparáid le cainteoir Rúisise agus iad beirt os comhair na radhairce céanna. Deirtear go bhfuil thart is 6,000 teanga ar domhan agus tá sainiúlacht nó tuiscint faoi leith ag gach ceann acu. Fágtar níos boichte muid gach uair a fhaigheann teanga bás, rud a tharlaíonn i bhfad níos minicí, anois leis an mbrú ó na meáin chumarsáide agus ó chúrsaí gnó idirnáisiúnta chuig caighdeánú a dhéanamh i réimsí uilig an tsaoil. Is ionann saol na dteangacha agus an saol bitheolaíochta ar bhealach – síolraíonn láidreacht as fairsingeacht.
Tá an fíric sin tuigthe anois ag an léibhéal idirnáisiúnta. I rith Bliain Eorpach na dTeangacha, mar shampla, tá Comhairle na hEorpa agus an Comhphobal Eorpach ag iarraidh daoine a mhealladh chun teanga eile seachas a máthartheanga a fhoghlaimt. Aithnítear go gcaomhnaíonn teanga cuid mhór de chultúr tíre agus nach féidir teacht ar an gcuid sin arís má chailltear an teanga.
Ach an cheist atá le freagairt againne ná an aithníonn an tír seo tábhacht a teanga féin? Nó an tír gan teanga, tír gan anam muid?
Caithfidh mé a rá go bhfuilim dóchasach maidir le todhchaí na Gaeilge. Bheadh sé deacair dom mo dhualgais úr a chomhlíonadh mura mbeinn, dár ndóigh. Le blianta beaga anuas tá roinnt tuartha dóchais úr tagtha ar an bhfód a chuireann le féin-mhuinín lucht na Gaeilge. Cé nar chóir bheith róthógtha le staitisticí is fiú féachaint ar fhigiúirí an Daonáirimh dheireanaigh (1996) a léiríonn go bhfuil breis is 1.4 milliún duine sa tír le cumas éigin sa Ghaeilge. Ní dócha go n-úsáideann níos mó ná thart ar 10% díobh seo an Ghaeilge mar phríomhtheanga bíodh is go ndúirt os cionn 300,000 duine sa Daonáireamh deiridh go n-úsáideann siad Gaeilge éigin gach lá. Fós féin, is pobal suntasasch é 150,000 duine.
Tá borradh suntasach tagtha san éileamh ar oiliúint trí Ghaeilge agus tá líon na ngaelscoileanna agus na naíonraí ag méadú gach bliain. Tá íomhá úr cruthaithe dóibh féin ag lucht na Gaeilge, éacht atá éascaithe ag na meáin chumarsáide, an t-Idirlíon agus TG4 ach go háirithe. Tá lucht gnó na tíre ag tosnú ag tabhairt aird ar an nGaeilge mar sheirbhís dá gcustaiméirí. Tá an tacaíocht maoine ón Stát don Ghaeilge ag an leibhéal is airde ariamh, trí Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta.
Ní féidir a shéanadh áfach go bhfuil fadhbanna ann fosta. Tá an Ghaeltacht ach go háirithe, agus lucht na Gaeilge go ginearálta, faoi bhrú síoraí ó anáil do-éalaithe an chultúir Lár-Atlantaigh, cultúr le cos amháin i Meiriceá, cos eile i Sasana agus gan aird in aon chor ar an éagsúlacht. Is cúis bhuartha dúinn fosta easpa stádais na Gaeilge, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach. Ó thaobh oideachais de, is léir nach bhfuil na háiseanna nó na deiseanna céanna á cur ar fáil do dhaoine atá ag foghlaim trí Ghaeilge is a fhaigheann lucht an Bhéarla. Ní foláir cinntiú go mbeidh curaclam suas chun dáta, oiriúnach, ar fáil do Ghaeilgeoirí agus go gcuirfear gach cúnamh ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge.
Ach fós féin táim dóchasach go bhuil níos mó láidreachtaí ná laigeachtaí i mórleabhar cuntas na Gaeilge ag tús an 21ú Aois.
Ó thaobh an Stáit de, glacaim leis gur deis í an ócáid seo, chun cur síos a dhéanamh ar an obair atá ar bun i mo Roinnse ar mhaithe leis na Gaeilge agus ar mo thuairimí pearsanta ar an ábhar.
Creidim go láidir nach féidir ceist na Gaeilge a phlé gan ceist na Gaeltachta a scrúdú fosta. Tá caite anuas ar an nGaeltacht ag leor daoine thar na blianta. Déantar imeallú, nó "ghettoization", ar an nGaeilge de bharr na Gaeltachta, a deir siad. Ní sa Ghaeltacht ach sna cathracha agus sna bailte a throidfear an cath do chúis na Gaeilge, deir a thuilleadh.
Nílim féin chomh diúltach sin. Gan bunú na Gaeltachta i 1956, tá gach seans nach mbeadh aon réigiún fagtha sa tír anois ina labhrann móramh na ndaoine an Ghaeilge. Feidhmníonn an Ghaeltacht mar acmhainn do lucht foghlamtha na tíre agus mar eiseamláir dóibh siúd atá ag cruthú creatlaigh chathracha de chainteoirí Gaeilge. Ba chóir dúinn féachaint ar an nGaeltacht mar áis chun an Ghaeilge a chur chun cinn níos leithne sa tír i gcoitinne.
Ní mór dúinn anois scrúdú a dhéanamh ar na nithe atá ag cur brú ar an teanga sa Ghaeltacht agus ar ndóigh i measc na nithe sin tá seirbhisí Stáit trí Bhéarla, easpa seirbhisí oideachais agus sláinte trí Ghaeilge, cúrsaí pleanála, éagraíochtaí pobail agus eaglasta atá easnamhach maidir le húsáid na Gaeilge, brú ó na méain chumarsáide agus easpa fostaíochta bunaithe ar an nGaeilge mar acmhainn.
Tá pleananna gearrthéarmacha agus fadtéarmacha á réiteach bunaithe ar na nithe seo agus don chéad uair tá i gceist go mbeidh pleanáil eolaíoch teanga mar chuid lárnach de pholasaí na Roinne i leith na Gaeltachta. Tá obair déanta cheana féin le cinntiú nach mbeidh aisínteachtaí a dhéanann plé leis an bpobal trí Bhéarla ag feidhmiú sa Ghaeltacht, sa gcás go bhfuil scéim cheart bhunaithe Gaeltachta ann. Samplaí de seo ná gur faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta & Oileán amháin a thagann cúnamh caipitil i leith saoraidí spóirt agus caitheamh aimsire sa Ghaeltacht agus ní faoin Roinn Spóirt mar a bhíodh sé. Sampla eile ná an socrú atá déanta leis an Aire Comhshaoil agus Rialtas Áitiúil gurb iad Údarás na Gaeltachta agus Meitheal Forbartha na Gaeltachta a ghlacann an taoiseachas sa Ghaeltacht, agus ní na Boird Fiontair Chontae.
Tá ról an-tábhachtach ag Údarás na Gaeltachta san obair seo agus ní cóir a dhearmad gurb é an bunchuspóir ata ag an Údarás ná an Ghaeilge a chaomhnú sa Ghaeltacht. Tá obair mhaith déanta ag an Údarás ó thaobh cruthú fostaíochta de agus anois táthar ag féachaint ar bhealaí chun caighdeán beatha na Gaeltachta i gcoitinne a fheabhsú. Ní féidir an iomarca béime a chur ar thábhacht na Gaeilge sa chomhthéacs sin.
Tá bagairtí úr ar an nGaeltacht atá ag teacht ní ó easpa fostaíochta ach ón bhfás mór atá ag teacht go mór mhór i gceantair ar nós Chonamara. Bheadh súil agam fosta sna blianta atá rómhainn go bhfeicfear dlúth chomhoibriú idir na hinstitiúidí eagsúla Gaeltachta, mar shampla Údarás na Gaeltachta, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán agus na hinstitiúidí eile idir Stáit agus deonacha (m.sh. Ráidió na Gaeltachta agus TG4) atá ag saothrú ar son na Gaeilge. Gan iarracht chuile dhuine curtha le chéile, ní éireoidh leis an Údarás an sprioc comónta atá againn uilig a bhaint amach.
Mar Aire Stáit Gaeltachta feictear dom gurb iad seo na fadhbhanna is mó atá ag brú ar an nGaeltacht: brú mór ar an dteanga de bharr cúinsí éagsúla, an daonra a bheith ag titim sna ceantair íseal-fhorbartha agus easpa déiseanna fostaíochta ann, easpa déiseanna fostaíochta do dhaoine óga le hard-cháilaíochtaí san Ghaeltacht, easpa áiseanna ginearálta le haghaidh saol nua-aimseartha sa Ghaeltacht, easpa phleanála don Ghaeltacht mar aonad faoi leith. Tá freagrachtaí éagsúla ar dhreamanna éagsúla maidir le nithe áirithe den chlár thuas. Ba mhaith liom dearbhú mar Aire Stáit Gaeltachta go mbeidh gach tacaíocht le fáil uaimse le díriú ar na nithe seo.
Mar is eol daoibh fosta bunaíodh An Coimisiún faoin nGaeilge sa Ghaeltacht anuraidh le moltaí a chur faoi bhráid an Rialtais maidir le buanú na Gaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht. Tá iarrtha ag an Rialtas ar an gCoimisiún moltaí a dhéanamh leo maidir leis an nGaeilge a láidriu mar ghnáthurlabhra phobal na Gaeltachta agus tuigtear dom go gcuirfear tuarascáil an Choimisiúin faoi bhráid an Rialtais roimh dheireadh na bliana seo. I measc na gcúramaí éagsúla atá orthu, déanfaidh an Coimisiún anailís ar an méid atá an Ghaeilge mar theanga labhartha sa Ghaeltacht, scrúdú ar éifeacht na bpolasuithe Stáit a phléann le buanú na Gaeilge sa Ghaeltacht, anailís ar na tosca agus ar na polasuithe atá chun leasa nó chun dochair chaomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht, moltaí i dtaca le plean cuimsitheach comhtháite chun seirbhísí i nGaeilge a sholáthar don Ghaeltacht agus moltaí i dtaca leis na critéir theangeolaíochta a d'úsáidfí chun limistéir Ghaeltachta a theorannú. Is obair dhúshlánach í seo agus táim ag tnúth go mór le tuarascáil agus moltaí an Choimisiúin a fheiceáil.
Is eol do achan duine gurb é ceann de na clocha is mó ar phaidrín an iar-Aire Stáit ná Bille Teanga a reachtáil mar chosaint don Ghaeilge. Tá an próiseas seo i bhfad níos casta ná mar a samhlaíodh ar dtús agus toisc go bhfuil breis is dhá bhliain imithe ónar fógraíodh ar dtús é, ceapaim gur fiú an cheist a chíoradh arís: Cén fáth a bhfuil gá ann le Reachtaíocht Teanga in Éirinn?
Cé go bhfuil stádas bunreachtúil ag an nGaeilge tá fíor-stádas na Gaeilge an-difriúil ón stádas bunreachtúil sin. Go dtí go mbeidh reachtaíocht ann chun éifeacht agus fiacail a thabhairt don stádas sa Bhunreacht ní bheifear in ann a rá go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn. Mar gheall ar an easpa reachtaíochta is deacair a chur in a luí ar eagrais Stáit go bhfuil cearta ag pobal na hÉireann maidir le seirbhís trí Ghaeilge a fháil – rud a chruthaíonn deacrachtaí do phobal na Gaeilge sa tír i gcoitinne agus do mhuintir na Gaeltachta ach go háirithe.
Tá na deacrachtaí seo aitheanta. Mar shampla, rinne an tOmbudsman tagairt don fhadhb ina thuarscáil do 1996. Bhí an méid seo le rá aige maidir leis na fadhbanna atá ag a Oifig in éagmais reachtaíocht teanga: "Ó tharla go mbíonn na fadhbanna .. ann arís agus arís eile, tá taca ann don argóint go bhféadfadh Acht Teanga cabhair a thabhairt i ndáil le córas scrúdaithe gearán níos éifeachtaí a bheith ann." Cúis eile don ghá le reachtaíocht theanga ná míshásúlacht an chórais phleanála – nó easpa córais pleanála fiú – atá ann chun seirbhísí Stáit a sholáthar trí Ghaeilge. Rinne Foras na Gaeilge, nó Bord na Gaeilge mar a bhí, an chomhlacht tras-teorainn a bhfuil mar chúram air an Ghaeilge a chur chun cinn, iarracht tabhairt faoin gceist sin.
Luaim ach go háirithe na treoirlínte a réitíodh i 1993 mar bhonn le haghaidh clár gníomhaíochta a bhí le hullmhú agus le cur i gcrích ag Ranna Rialtais agus ag Eagrais Stáit chun an dátheangachas a chur chun cinn san Earnáil Phoiblí agus chun feabhas a chur ar an bhfáil ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge do phobal na Gaeilge agus do mhuintir na Gaeltachta. Tá feidhm leis na treoirlínte sin i gcónaí agus, cé go bhfuil dul chun cinn áirithe bainte amach acu, is léir sa gcuid is mó de go ndearnadh neamhaird orthu. Caithfear a admháil go bhfuil an iomarca eagras Stáit ann fós nach bhfuil an cúram ceart á dhéanamh acu den phleanáil is gá le haghaidh leathnú an dátheangachais. Tá go leor acu nach bhfuil cúram dá laghad á dhéanamh acu i dtaca leis an gceist.
Níl cuireadh ná deis á thabhairt don phobal ag dóthain eagras Stáit a rogha teanga a úsáid. Níl eolas á thabhairt don phobal faoi na seirbhísí trí Ghaeilge atá ar fáil. Ní thógfar an Ghaeltacht san áireamh ag bunáite na n-eagras Stáit nuair a bhíonn seirbhísí á chur ar fáil acu. Ní drochsheirbhís trí Ghaeilge atá ag teastáil ó mhuintir na Gaeltachta ná ó phobal na Gaeilge ach seirbhís ar chomhchaighdeán leis an tseirbhís atá ar fáil trí Bhéarla. Tá seirbhís ar chomhcháighdeán ag dul do lucht na Gaeilge ó thaobh comhionannais de. Tá sé cruthaithe cheana féin go minic sa tír seo go bhfuil an earnáil phoiblí go maith chun seirbhísí de chineálacha éagsúla a chur ar fáil go héifeachtach. Táim féin ach go háirithe, agus an Rialtas i gcoitinne, aontaithe sa tuairim go bhfuil gá le hathrú ó threoirlínte neamhreachtúla go dtí córas foirmiúil reachtúil a chuirfidh de dhualgas ar an Státcóras a chearta a thabhairt do phobal na Gaeilge. Ar ndóigh tuigim go maith go mbeidh gá le hathrú mór meoin san earnáil phoiblí fosta.
Maidir le stádas bunreachtúil na Gaeilge tá sé deacair a shamhlú go bhfuil foráil níos láidre maidir le cúrsaí teanga in aon Bhunreacht eile ná mar atá i mBunreacht na hÉireann. An fhadhb atá againn, ar ndóigh, ná nár fhorbraíodh an fhoráil sin riamh trí reachtaíocht. Ní minic imeachtaí dlí maidir leis an nGaeilge a bheith os comhair na gcúirteanna ach forbraíodh prionsabail agus cearta ag na cúirteanna maidir le stádas agus le húsáid oifigiúil na Gaeilge. Cé go bhfuil na cúirteanna sásta plé le cásanna aonair a gcuirtear faoina mbráid, níl breithiúnas ginearálta tugtha acu maidir leis an dualgas atá ar an Stát faoi chúrsaí Gaeilge i gcoitinne.
Is cuid lárnach de shaol agus de chultúr na hÉireann í an Ghaeilge a bhí mar theanga dhúchais ag formhór a muintire anuas go dtí an naoú haois déag. Tá athréimniú na Gaeilge ina aidhm náisiúnta in Éirinn. Ar ndóigh is le toil an phobail agus go céimniúil a bhainfear amach an aidhm sin. Caithfidh gach dream sa phobal a chion féin a dhéanamh chun an aidhm sin a bhaint amach. Deir an seanfhocal, "Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine" agus ní féidir an iomarca béime a chur ar thábhacht an teaghlaigh ó thaobh caomhnú teanga de. Mura bhfoghlaimítear an Ghaeilge ón gcliabhán, laistigh de struchtúr na clainne, ní mhairfidh sí. Ta dualgas orainn uilig, mar sin de, tacaíocht láidir a thabhairt d'fhoghlaim agus do lonnú na teanga sa bhaile, i measc an aosa óig. Ní féidir leis an Rialtas amháin na cúramaí seo a chomhlíonadh. Is den riachtanas é, áfach, go mbeadh lán-tacaíocht le fáil ón Rialtas. Agus é sin ráite is gá tógáil ar an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo. Is chuige sin atá an Bille Teanga a n-ullmhú againn.
Sula bhogaim ón gcúlra go dtí na fíricí, teastaíonn uaim a rá go bhfuilim lándáiríre faoi thábhacht an Bhille seo a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana. Tá sé ráite go poiblí ag na páirtithe polaitiúla uilig go bhfuiltear i bhfábhar Bille den chineál seo agus táim ag súil le plé spreagúil, fuinniúil agus le hinchur agus tacaíocht tras-pháirtí don reachtaíocht seo nuair a shroichfidh sé Oireachtas Éireann.
Is iad na bunaidhmeanna atá leis an mBille seo ná cearta teanga saoránach a shonrú i gcomhréir le stádas bunreachtúil na dteangacha oifigiúla agus dualgais Ranna Stáit agus na hEarnála Poiblí a shonrú maidir le seirbhísí a chur ar fáil do shaoránaigh sna teangacha oifigiúla. Tá sé i gceist chomh maith Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bhunú chun maoirseacht agus monatóireacht a dhéanamh ar an Acht agus chun féachaint chuige go gcuirfear é i bhfeidhm.
Leagfaidh an Bille seo bonn reachtúil i dtaca leis na teangacha oifigiúla (Gaeilge agus Béarla) agus chomh maith leis sin cinnteoidh sé cearta teanga an tsaoránaigh ina c(h)aidreamh leis an Stát. Léiríonn an Bille go bhfuil Rialtas na hÉireann lán-dáiríre faoi chur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa tír i gcoitinne agus tagann sé leis an méid atá leagtha amach i gClár Oibre Athbhreithnithe an Rialtais don Mhílaois úr i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Is dóigh liom fosta gur lá fíor-stairiúil é do Ghaeilgeoirí na tíre faoi chéim Chomhaontú Aoine an Chéasta an bhliain seo caite, nuair a tugadh don chéad uair aitheantas suntasach don Ghaeilge sa Tuaisceart. Cé go bhfuil deacrachtaí polaitiúla le feidhmiú iomlán an Chomhaontaithe, mar is eol do achan duine, tá dualgas orainn brú ar aghaidh ar mhaithe le todhchaí síochánta an oileáin agus na nglún atá le teacht.
Tá mar chuid lárnach de phroiséas an Comhaontaithe na Forais Trasteorann agus Comhairle na nAirí a úsáid mar ghléasanna le comhoibriú uile-Éireannach a chur ar bun. Ó tharla nár aithin an Ghaeilge aon teorainn ariamh is ceart agus is cóir go ndéanfaí plé leis an nGaeilge go hoifigiúil ar bhonn uile-Éireann agus gur roghnaíodh an Ghaeilge agus cultúr agus teanga na hUltaise le bheith mar bhonn do na chéad Fhorais Trasteorann. Ar ndóigh athróidh sé seo ní amháin saol na Gaeilge ach de réir a chéile saol na tíre ar fad. Beidh an t-athrú seo in amanntaí deacair ach ní foláir dúinn an bóthar seo a thaisteal le díogras agus le fonn.
Nuair a chuirtear leis an méid atá ráite thuas, an ról gníomhach atá an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta & Oileán ag glacadh maraon leis an méid atá déanta ag an Aire Oideachais maidir le cúrsaí na Gaeilge i gcúrsaí oideachais agus an tacaíocht leanúnach do TG4 agus Raidió na Gaeltachta is féidir liom a rá go bhfuil an Rialtas seo agus mé féin mar Aire le cúrám na Gaeilge uirthi lándáiríre i dtaca le caomhnú, cosaint agus cur chun cinn na Gaeilge.
Táim ag súil go mór le hoibriú ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta agus gabhaim buíochas don Seanad as an gcaoinchuireadh a tugadh dom bheith libh anseo inniu.