25 Aib 2023, 10:28
Dé Céadaoin, an 26 Aibreán 2023, cuireann Cathaoirleach Sheanad Éireann, an Seanadóir Diarmuid Ó Buitiméir, fáilte roimh Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, an tUasal Labhrás Mac Cárthaigh, chun an Seanad a aitheasc.
Dúirt an Cathaoirleach, an Seanadóir Ó Buitiméir “Tá áthas orm gur ghlac Uachtarán CLG, an tUasal Labhrás Mac Cárthaigh, leis an gcuireadh uaim an t-aitheasc seo a thabhairt do Sheanad Éireann. Is é an tUasal Mac Cárthaigh an chéad uachtarán ar CLG ó thar lear a toghadh agus bhí sé i lár an aonaigh ó thaobh Chumann Lúthchleas Gael, Chumann Peile na mBan agus an Chumainn Camógaíochta a chónascadh.
Faoina stiúir, bhí ról ríthábhachtach ag CLG, agus tá fós, i saol na hÉireann. Tá bunluach na heagraíochta maidir le cluichí Gaelacha agus leis an gcultúr Gaelach a chur chun cinn, agus maidir le ránnpháirteachas fadsaoil mar eagraíocht phobalbhunaithe, ar saorálaigh iad na ceannairí air, agus a chuireann go mór le saol daoine agus pobal, le feiceáil i ngach baile agus cathair fud fad oileán na hÉireann.
Mar an eagraíocht spóirt is mó sa Stát, tá CLG i gcroílár an tsaoil shibhialta in Éirinn ó bunaíodh é in 1884. In 2024, déanfaidh CLG comóradh ar 140 bliain ar an saol dó agus is é oidhreacht na saorálach agus na n-imreoirí go léir gur lean an tóir atá air de bheith ag fás ó phobail áitiúla go dtí an t-ardán náisiúnta ar laethana Chluiche Ceannais na hÉireann.
Le linn a chuairte ar Éirinn le déanaí, ba mhór ag an Uachtarán Biden an taispeántas peile Gaelaí agus iománaíochta a cuireadh ar siúl dó i dTeach Farmleigh ag saorálaigh áitiúla agus imreoirí ógá ar mhór an t-áthas orthu a gcuid scileanna a thaispeáint d’Uachtarán na Stát Aontaithe. B’iontach an tslí é le ceann de na gnéithe ar leithligh de chuid na hÉireann a léiriú.
Is eiseamláir dúinn uile rannpháirteachas CLG san athmhuintearas i measc na dtraidisiún éagsúil ar oileán na hÉireann agus thar lear agus an tslí a n-éascaíonn agus a spreagann sé pobail nua a chomhtháthú conas fáilte a chur roimh dhaoine ó chúlraí éagsúla d’fhonn an cultúr Éireannach comhpháirteach seo againn a neartú. Is eagraíocht iontach Éireannach é agus táim ag tnúth le fáilte a chur roimh an Uachtarán, an tUasal Labhrás Mac Cárthaigh, le haghaidh an aithisc uaidh.
Is féidir breathnú ar an aitheasc do Sheanad Éireann beo ar Oireachtas TV.
Fiosrúcháin ó na meáin
Stephen Higgins
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 (0) 1 618 4743
+353 (0) 85 801 3096
Twitter: @OireachtasNews