Baile > Cuairteanna & Ócáidí

Cuairteanna

Is féidir turais ar Theach Laighean  a shocrú ar an modh seo a leanas:

Má tá cónaí ort i bPoblacht na hÉireann, déan teagmháil le Teachta Dála nó Seanadóir áitiúil, le do rogha dáta agus ama, líon na ndaoine/na ndaltaí agus ainm agus uimhir theagmhála an duine/na ndaoine a bheidh in éineacht leat ar an gcuairt. Déanfaidh an Teachta Dála/Seanadóir an choinne duit ansin leis an Deasc Teagmhas.

Má tá cónaí ort lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, déan teagmháil le d’Ambasáid nó le hIonadaí Consalachta Oinigh a rachaidh i dteagmháil leis an Deasc Teagmhas thar do cheann chun an choinne a bhfuil gá léi a dhéanamh.

Chun a thuilleadh faisnéise a fháil, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Teagmhas ar 01-6183781 nó ríomhphost a chur chuig event.desk@oireachtas.ie.

Teagmhais

In 2008 agus 2009 osclaíodh geataí agus doirse Thithe an Oireachtais amach don phobal ar scála nár tharla riamh cheana. Áiríodh ar sceideal na dTeagmhas Lá na dTeaghlach (a ndearnadh deireadh seachtaine de), An Oíche Chultúir, a chuirtear ar siúl gach bliain chun forais chultúir agus náisiúnta a cheiliúradh agus An Teach Oscailte, lena gcuirtear deis ar fáil chun tuiscint a fháil ar oidhreacht ailtireachta na hÉireann.