Baile > Cuairteanna & Ócáidí > Cuairt a Thabhairt ar Theach Laighean

Cuairt a Thabhairt ar Theach Laighean

Socraíonn foireann Rannóg an Mhaoirseora na turais go léir i dTithe an Oireachtais agus eagraíonn siad iad.

Is iad Uiséirí an Oireachtais a sholáthraíonn na turais, foireann a bhfuil eolas staire agus oideachais acu ar an bhfoirgneamh féin agus ar fheidhmiú an dá Theach.

Tógann an chuid is mó de na turais idir 25 agus 30 nóiméad agus, nuair a bhíonn suí ar siúl, is féidir cead a fháil suí ar feadh tréimhse gairide san Áiléar Poiblí.

Amanna na dTuras

De ghnáth, cuirtear na turais ar siúl ar 10.30a.m., 11.30a.m., 2.30p.m. agus 3.30p.m. ón Luan go dtí an Aoine. Bíonn suíonna ar siúl Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Déardaoin.

Cuirtear turais bhreise ar siúl ar thráthnónta Dé Máirt agus Dé Céadaoin, nuair a bhíonn an Dáil ina suí, ar 7.00p.m. agus 8.00p.m..

Cuairt a Shocrú

Déantar coinní le haghaidh turas leis an Deasc Teagmhas. Ní foláir do dhaoine ar mian leo turas a thabhairt ar Thithe an Oireachtais urraíocht a fháil ó Chomhalta/Ambasáid.

Cuimhnigh go mbíonn amanna áirithe den bhliain nuair a bhíonn Teach Laighean fíorghnóthach agus d’fhéadfadh sé a bheith deacair turas a chur in áirithint, mar shampla i mí na Bealtaine nó an Mheithimh nuair a eagraíonn cuid mhór scoileanna turais do dhaltaí. Bíonn méadú ar líon na gcuairteoirí ó thíortha thar lear ag an am céanna le linn na tréimhse sin den bhliain.