Ról an Chomisiúin
Is comhlacht corpraithe é an Coimisiún, a bunaíodh den chéaduair in 2004, agus tá sé neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna. Is é an phríomhfheidhm atá ag an gCoimisiún na socrú a dhéanamh chun Tithe an Oireachtais a reáchtáil agus a bheith i gceannas ar Oifig Thithe an Oireachtais.
Dá bhrí sin, is é an Coimisiún, go héifeachtach, an bord rialála a mhaoirsíonn riarachán na seirbhísí do Thithe an Oireachtais. Níl aon ról ag an gCoimisiún i ndáil le gnó ná nós imeachta parlaiminteach.
Go sonrach, tá an Coimisiún freagrach as:
- maoirsiú a dhéanamh ar chaiteachas na dTithe, na tuarastail agus na caiteachais a íoc le comhaltaí agus leis an bhfoireann, agus cuntais bhliantúla a choimeád agus a fhoilsiú;
- státseirbhísigh de chuid an Stáit a fhostú, arb iad foireann na hOifige iad agus feidhmeanna a fheidhmiú i ndáil le ceapacháin, feidhmíocht agus araíonacht foirne, tríd an Ard-Rúnaí;
- pleananna straitéiseacha 3-bliana, tuarascálacha bliantúla, meastacháin bhliantúla agus faisnéis eile a thíolacadh;
- leibhéal na saoráidí rúnaíochta a sholáthraítear do chomhaltaí agus do pháirtithe parlaiminteacha a chinneadh;
- feidhmeanna dlíthiúla áirithe a fheidhmiú, lena n-áirítear rannpháirtíocht in imeachtaí, más ga, agus socrú a dhéanamh maidir le comhairle dhlíthiúil;
- treoirlínte a ullmhú do na comhaltaí maidir le seirbhísí agus saoráidí a mhaoinítear go poiblí a úsáid tar éis lánscor Dháil Éireann;
- seirbhísí aistriúcháin a sholáthar ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile maidir le hAchtanna an Oireachtais.