Coimisiún Thithe an Oireachtais
Is í príomhfheidhm Choimisiún Thithe an Oireachtais socrú a dhéanamh chun Tithe an Oireachtais a reáchtáil. Is é an bord rialála é a mhaoirsíonn seachadadh seirbhísí ar Thithe an Oireachtais, ar a gcomhaltaí agus ar dhaoine den phobal.
Bunaíodh an Coimisiún in 2004 mar chomhlacht corpraithe. Tá sé neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna, agus níl aon ról aige i ndáil le gnó ná nós imeachta parlaiminteach
Freagrachtaí
Go sonrach, tá an Coimisiún freagrach as na nithe seo a leanas:
- Cléireach na Dála/Ard-Rúnaí Sheirbhís Thithe an Oireachtais a cheapadh
- Maoirsiú a dhéanamh ar chaiteachas na dTithe, na tuarastail agus na caiteachais a íoc le comhaltaí agus leis an bhfoireann, agus cuntais bhliantúla a choimeád agus a fhoilsiú
- Státseirbhísigh de chuid an Stáit a fhostú, arb iad foireann na Seirbhíse iad agus feidhmeanna a fheidhmiú i ndáil le ceapacháin, feidhmíocht agus araíonacht foirne, tríd an Ard-Rúnaí
- Pleananna straitéiseacha 3-bliana, tuarascálacha bliantúla, meastacháin bhliantúla agus faisnéis eile a thíolacadh
- Na saoráidí rúnaíochta a chinneadh a sholáthraítear do chomhaltaí agus do pháirtithe parlaiminteacha
- Feidhmeanna dlíthiúla áirithe a fheidhmiú, lena n-áirítear rannpháirtíocht in imeachtaí, más ga, agus socrú a dhéanamh maidir le comhairle dhlíthiúil
- Treoirlínte a ullmhú do na comhaltaí maidir le seirbhísí agus saoráidí a mhaoinítear go poiblí a úsáid tar éis lánscor Dháil Éireann
- Seirbhísí aistriúcháin a sholáthar ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile maidir le hAchtanna an Oireachtais.