Tá cóipcheart ag Tithe an Oireachtais ar an bhfaisnéis atá ar shuíomh gréasáin Thithe an Oireachtais, seachas i gcás go luaitear a mhalairt. Comhlíonann Tithe an Oireachtais Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid), 2005 go 2015, agus is mian leo athúsáid tráchtála agus neamhthráchtála den fhaisnéis a tháirgeann siad a spreagadh. Folaíonn athúsáid cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsiú, craoladh agus aistriú go teangacha eile chomh maith le taighde agus staidéar. Tá cead agat an fhaisnéis cóipchirt seo a athúsáid saor in aisce, agus i bhformáid ar bith. Tá an cead faoi réir coinníollacha mar atá leagtha amach inár gceadúnais athúsáidte Oireachtais.
Tá an chuid is mó den fhaisnéis seo faoi réir Cheadúnas FEP Sonraí Oscailte an Oireachtais, a chuireann Ceadúnas Idirnáisiúnta Aitreabúideacht Creative Commons 4.0 i bhfeidhm. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil ach fíorbheagán srianta ar an gcaoi a bhféadann tú í a athúsáid. Aon cheanglas a bheadh ort faoi na Rialacháin um Fhaisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid iarratas foirmiúil a dhéanamh chugainn ar chead chun faisnéis a chlúdaítear sa Cheadúnas sin tá tarscaoilte againn i dtéarmaí Cheadúnas FEP (Sonraí Oscailte) an Oireachtais. Ach mar sin féin ní mór duit:
Meastar, tríd an bhfaiséis a athúsáid, go bhfuil tú ag glacadh leis na téarmaí seo agus le téarmaí eile Cheadúnas FEP (Sonraí Oscailte) an Oireachtais.
Tá feidhm ag ceadúnas ar leith faoi na Rialacháin um Fhaisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid maidir le craoltaí d’imeachtaí an Oireachtais (lena n-áirítear imeachtaí coistí) a athúsáid). Is é sin Ceadúnas FEP Imeachtaí Craolta an Oireachtais. Folaíonn an téarma imeachtaí craolta, i ndáil le himeachtaí i gceachtar Teach den Oireachtas, nó i gcoiste, closábhar agus físábhar, íomhánna socra agus íomhánna gluaisteacha, agus craoladh na n-imeachtaí ar an idirlíon. Ní mór duit iarratas a dhéanamh chugainne ar chead chun an fhaisnéis lena mbaineann an Ceadúnas seo a athúsáid. Má thugtar an cead sin duit, beidh sé faoi réir an Cheadúnais. Faoin gCeadúnas, ní mór duit:
Gan trácht ar chúrsaí cóipchirt, is cionta tromchúiseacha iad leagan míchruinn den reachtaíocht, nó go fiú cóip a bhfuil an chuma uirthi gurb í an leagan oifigiúil í agus nach ea, a tháirgeadh nó a úsáid. Is iad imleabhair cheangailte Achtanna an Oireachtais agus na nIonstraimí Reachtúla, 1922 go dtí seo, arna bhfoilsiú faoi údarás reachtúil, foinse oifigiúil na reachtaíochta. Má fhoilsíonn tú leagan de théacs reachtaíochta, ní mór duit séanadh a chur leis á rá nach é téacs oifigiúil an Achta é ná athráiteas oifigiúil. Maidir le Cín Lae oifigiúil Imeachtaí Dháil Éireann nó Sheanad Éireann is é an leagan a fhoilsítear i gcóip chrua faoi údarás reachtúil an leagan oifigiúil.
Níl Tithe an Oireachtais faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanas ná dliteanas maidir leis an bhfaisnéis a athúsáid agus ní dheimhníonn siad go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta ná saor ó earráidí. Ní léiríonn foilsiú reachtaíochta ar ár suíomh gréasáin go raibh nó go bhfuil aon fhoráil áirithe atá i reacht i bhfeidhm. Ní údaraíonn Tithe an Oireachtais d’aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith ag an duine sin aon chuid dá bhfaisnéis a athúsáid.
Chun liosta iomlán a fháil den fhaisnéis atá á cothabháil ag Tithe an Oireachtais, féach inár dTreoirleabhar um Shaoráil Faisnéise. Chun tuilleadh faisnéise a fháil i dtaobh faisnéis atá á cothabháil ag Tithe an Oireachtais a athúsáid, déan teagmháil, más é do thoil é le:
Derek Dignam
Ceann Cumarsáide
An tAonad Cumarsáide
Seirbhís Thithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
communications@oireachtas.ie
Teil + 353 1 618 4077