Baile > Eolas > Coistí

Obair na gCoistí

I dtaca le Coistí de, tá a sainchóras féin ag Dáil Éireann ar córas é trína dtugtar comhairle ar réimse leathan saincheisteanna a bhaineann le reachtaíocht, leis an tsochaí, leis an ngeilleagar agus le cúrsaí airgeadais. Déanann na Coistí obair de chineál eile freisin lena n-airítear próiseáil tograí le haghaidh reachtaíochta (Billí) ag Céim an Choiste agus scrúdú a dhéanamh ar chaiteachas an Rialtais trí ghrinnscrúdú a dhéanamh ar mheastacháin. Mar gheall ar bhunú córais dhea-eagraithe Comhchoistí, bíonn deiseanna breise ag Teachtaí agus ag Seanadóirí chun páirt níos mó ná riamh a ghlacadh in obair shainiúil pharlaiminteach trína mbíonn siad ag gabháil d’fhianaise a ghlacadh ó ghrúpaí leasmhara, ag bualadh le finnéithe nó ag iarraidh ar oifigigh chuí de chuid Ranna teacht os a gcomhair chun labhairt faoi nithe sonracha ar díol spéise iad.

Thug 1,300 finné san iomlán fianaise os comhair Coistí sa bhliain 2008.

Tagann an chuid is mó de na Coistí le chéile i seisiún poiblí agus déantar a gcuid imeachtaí a theilifísiú. Ceadaítear d’ionadaithe ó na meáin agus do dhaoine den phobal freastal ar na seisiúin phoiblí.