Foilseacháin
Foilsíonn Tithe an Oireachtais tuarascálacha ar bhonn bliantúil maidir lena rialachas, lena socruithe airgeadais agus lena gnóthaí straitéiseacha agus corparáideacha mar chuid dá n-oibleagáid seirbhíse poiblí.
Tugtar mionsonraí, leis na tuarascálacha sin, faoin obair a dhéanann na Tithe agus faoi na seirbhísí tacaíochta a sholáthraíonn an lucht riaracháin parlaiminteach.
Leis na tuarascálacha sin, leagtar amach na cuspóirí straitéiseacha agus cinntítear go ndéantar bainistíocht agus cuntasacht chuí a sheachadadh go maith de réir Phlean Straitéiseach an Choimisiúin 2007-2009 "Sármhaitheas maidir le Seirbhís Pharlaiminteach”.
Foilsítear foilseacháin oifigiúla freisin, de réir mar a theastaíonn, lena n-áirítear Buan-Orduithe na Dála, Modhnuithe ar Bhuan-Orduithe na Dála agus Buan-Orduithe an tSeanaid.
Áirítear na cinn sin, maille leis an Liosta Toghthóirí agus an Clár de Chomhlachtaí Ainmniúcháin, ar roinnt de na foilseacháin a thagann go reachtúil faoi chúram Thithe an Oireachtais.