Baile > Eolas > Foilseacháin > Tuarascálacha Bliantúla

Tuarascálacha Bliantúla

Tá sé mar aidhm le tuarascálacha bliantúla Choimisiún Thithe an Oireachtais faisnéis a sholáthar maidir le conas a d’fheidhmigh na Tithe agus tugtar iontu mionsonraí faoi na cuntais a bhaineann leis an airgead poiblí a caitheadh ar fheidhmiú na dTithe. Tugtar mionsonraí sna tuarascálacha ar obair laethúil an Oireachtais laistigh den tréimhse sin agus áirítear iontu faisnéis agus staidreamh faoi obair agus faoi sheisiúin iomlánacha na Dála agus an tSeanaid, maille leis an obair a dtugann córas forásach na gcoistí Oireachtais fúithi.