Baile > Eolas > Foilseacháin > Tuarascálacha Straitéiseacha agus Corparáideacha

Tuarascálacha Straitéiseacha agus Corparáideacha

16 June 2010

  • Choimisiún Thithe an Oireachtais - Plean Straitéiseach 2010-2012
    Is é seo an tríú plean straitéiseach faoi Choimisiún Thithe an Oireachtais ó bunaíodh é sa bhliain 2004. Tugtar sainmhíniú sa phlean seo ar fhócas agus treoir straitéiseach na heagraíochta maidir le seirbhísí a sholáthar don pharlaimint agus dá Comhaltaí sna trí bliana atá romhainn amach. Cuireann an plean leis an dul chun cinn a rinneadh idir 2004 agus 2009 i dtaca le riarachán na heagraíochta a nuachóiriú agus a fheabhsú agus fócas faoi leith ar sheirbhísí atá dírithe ar Chomhaltaí.

26 April 2007

  • Plean Straitéiseach Choimisiún Thithe an Oireachtais 2007-2009
    Is é seo an dara plean den chineál seo atá glactha ag an gCoimisiún agus déantar na príomhthéamaí straitéiseacha a bhí inár gcéad phlean a fhorbairt tuilleadh ann, is é sin le rá, sármhaitheas maidir le seirbhís don dá Theach agus dá gcomhaltaí a bhaint amach trí chur chuige bainistíochta ina mbaintear leas as dea-chleachtas agus trí chumarsáid éifeachtach a dhéanamh le muintir na hÉireann ar ról agus ar obair a bparlaiminte.

28 June 2005

  • Plean Straitéiseach Choimisiún Thithe an Oireachtais 2005-2006
    An chéad phlean straitéiseach arna cheadú ag Coisimisiún Thithe an Oireachtais. Baineann an plean leis an tréimhse go deireadh 2006 agus leagtar amach ann misean agus luachanna an Choimisiúin, chomh maith lenár bpríomhchuspóirí straitéiseacha as seo go ceann 2 bhliain.