Seanad Éireann


Tagraítear do Chomhaltaí Sheanad Éireann mar Sheanadóirí. Ní mór Toghchán do Sheanad Éireann a reáchtáil laistigh de 90 lá tar éis lánscor Dháil Éireann.

Tá 60 comhalta mar chuid de Sheanad Éireann, mar a leanas:

  • 43 a thoghann cúig rolla a dhéanann ionadaíocht do leasanna gairme, eadhon – Saíocht agus Oideachas, Talmhaíocht, Saothar, Tionscal agus Tráchtáil agus Riarachán Poiblí
  • 6 a thoghann céimithe dhá ollscoil: - triúr an ceann ag Ollscoil na hÉireann agus Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Coláiste na Tríonóide)
  • 11 a ainmníonn an Taoiseach.
Go teoiriciúil, ní aithnítear cleamhnachtaí páirtí i Seanad Éireann.

Toisc go mbíonn toghthóirí an tSeanaid comhdhéanta, áfach, de Chomhaltaí den Dáil atá díreach imithe ar lánscor, den Seanad Éireann atá ar lánscor, de chomhairlí contae agus de chomhairlí contaebhuirge, bíonn comhaltas an tSeanaid, lena n-áirítear ainmniúcháin an Taoisigh, ag teacht le neart na bpáirtithe i nDáil Éireann.

De ghnáth, vótálann grúpaí atá ar son an Rialtais agus grúpaí atá ina aghaidh nuair a bhíonn vótáil á déanamh ar shaincheisteanna.

Tá foráil sa Bhunreacht nach ceadmhach níos mó ná beirt Seanadóir a bheith ina gcomhaltaí den Rialtas agus cuireadh an fhoráil sin i bhfeidhm dhá uair le 60 bliain anuas.

Conas a oibríonn an Seanad?


Tionóltar Seanad Éireann ar an gCéadaoin agus ar an Déardaoin de ghnáth agus is é an príomhghnó a bhíonn le déanamh ann athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht a chuireann an Dáil chuige.

Le blianta beaga anuas, áfach, tá claonadh ag an Rialtas úsáid níos mó a bhaint as Seanad Éireann chun reachtaíocht a thionscnamh. Is féidir le Seanad Éireann reachtaíocht a thionscnamh agus a athbhreithniú ach tá srian ar a ról reachtúil faoin mBunreacht sa tslí nach féidir leis Billí airgid, .i. reachtaíocht airgeadais, a thionscnamh agus nach féidir leis ach moltaí (seachas leasuithe) a dhéanamh ar Bhillí den sórt sin.

Is cosaint i gcoinne reachtaíocht a achtú go ró-thapaidh é an riachtanas atá ann do Sheanad Éireann imscrúdú a dhéanamh ar Bhillí Dála freisin. I dteannta a róil reachtúil, déanann Seanad Éireann díospóireacht ar shaincheisteanna tábhachtacha.

Go deimhin, toisc go bhfuil an Rialtas freagrach go bunreachtúil do Dháil Éireann, tá a thuilleadh saoirse ag Seanad Éireann chun díospóireacht a dhéanamh ar na saincheisteanna sin toisc nach mbeidh todhchaí an Rialtais i mbaol.

Thairis sin, ní féidir le Seanad Éireann moill éiginnte a chur le reachtaíocht atá rite cheana féin ag Dáil Éireann, ná ní féidir leis Billí a thionscnamh chun an Bunreacht a leasú.