LH1View from Kildare Street

Teach Laighean - Stair

I dtosach báire tugadh Teach Chill Dara ar an teach agus é ainmnithe as James Fitzgerald, Iarla Chill Dara, a chuir faoi deara é a thógáil idir na blianta 1745 agus 1747. Bhí rún ag James Fitzgerald an tráth sin ceann de na Maintithe Seoirseacha ba mhaorga i mBaile Átha Cliath a chruthú chun an stádas tábhachtach a bhí aige féin i sochaí na hÉireann a thaispeáint.

Deirtear go raibh an tIarla den tuairim go leanfadh an faisean é cibé treo a rachadh sé.

Mar thoradh ar an teach a thógáil, tháinig ceantar neamhfhaiseanta de chuid na cathrach chun bheith ina cheantar mór-ráchairte.

Nuair a tháinig sé chun bheith ina Dhiúc Laighean sa bhliain 1776 (tá Baile Átha Cliath agus Cill Dara suite i gcúige Laighean), tugadh ainm nua ar an teach, mar atá, Teach Laighean.

An dearadh

Ba é an t-ailtire Richard Cassels (nó Castle), a rugadh in Hesse-Cassel sa Ghearmáin thart ar an mbliain 1690, dearthóir Theach Laighean. Léiríonn dearadh an tí saintréithe na bhfoirgneamh a bhí á dtógáil an tráth sin in Éirinn agus i Sasana.

Tá sé ráite gur úsáideadh an dearadh sin mar mhúnla le haghaidh dhearadh an Tí Bháin, is é sin, áras cónaithe Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá. D’fhéadfadh sé go bhfuil baint ag an tuairim sin le gairm James Hoban a ghnóthaigh an comórtas i ndáil le dearadh an Tí Bháin sa bhliain 1792.

Ba Éireannach é Hoban, rugadh i gCallainn, Contae Chill Chainnigh é sa bhliain 1762 agus rinne sé staidéar ar an ailtireacht i mBaile Átha Cliath, rud a d’fhágfadh go mbeadh deis aige staidéar a dhéanamh ar dhearadh Theach Laighean.

Duine de lucht tacaíochta na nÉireannach Aontaithe, a bhí i bhfabhar dheighilt iomlán na hÉireann ó Shasana, a bhí sa Tiarna Edward Fitzgerald, cúigiú mac Dhiúc Laighean, agus gabhadh é go gairid roimh cheannairc Bhealtaine 1798 agus fuair sé bás mar thoradh ar na cneácha a fuair sé nuair a bhí sé á ghabháil.

Níl aon amhras ann nár chreid sé riamh go beadh Parlaimint na hÉireann lonnaithe ina áras teaghlaigh cuid mhór blianta ina dhiaidh sin.

Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath

Sa bhliain 1815, dhíol Augustus Frederick, tríú Diúc Laighean, an mainteach le Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS), ar £10,000 mar aon le cíos bliantúil £600 a fuasclaíodh ina dhiaidh sin.

Ba é an cuspóir a bhí ag an gcumann sin ná feabhas a chur ar dhálaí anróiteacha maireachtála na ndaoine. Tá cuid mhór institiúidí tábhachtacha poiblí de chuid an lae inniu ann mar thoradh ar obair an RDS:

Garraithe Náisiúnta na Lus (Glas Naíon),

an Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha,

Coláiste Tréidliachta Bhaile Átha Cliath,

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann,

Dánlann Náisiúnta na hÉireann,

agus Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Imeachtaí eile

Chuir an Cumann méaduithe móra leis an teach, go háirithe, an léachtlann a ndearnadh Seomra na Dála di ina dhiaidh sin.

Tharla roinnt imeachtaí stairiúla i dTeach Laighean. Is ó Fhaiche Laighean, i mí Iúil 1783, a rinne Richard Crosbie an chéad eitilt bhalúin riamh in Éirinn.

Osclaíodh an Mór-Thaispeántas Tionsclaíoch ar Fhaiche Laighean ar an 12 Bealtaine 1853.

Tar éis bhunú Shaorstát Éireann sa bhliain 1922, fuair an Rialtas cuid de Theach Laighean lena húsáid don pharlaimint. Fuair an Stát an foirgneamh ar fad sa bhliain 1924.

Sa lá atá inniu ann is é suíomh dhá Theach an Oireachtais é (An Pharlaimint Náisiúnta), arb é atá ann ná Dáil Éireann (Teach na nIonadaithe) agus Seanad Éireann (an Seanad).

Ar ais chuig an mBarr