Baile > Féach & Éist

Breathnaigh agus Éist

Le blianta beaga anuas, tá borradh suntasach tagtha ar an tseirbhís a sholáthraíonn Tithe an Oireachtais maidir leis an gCraolachán Beo agus Taifeadta.

Faoi láthair, cuireann Tithe an Oireachtais na nithe seo a leanas ar fáil;

Craoladh Beo Gréasáin, Athsheinm Dála, Athsheinm Seanaid, Athsheinm Coistí, Fís-sruthú Idirlín, Seirbhís Teilifíse trí Phrotacal Idirlín, Teilifís trí Phrotacal Idirlín do na Gréasáin Rialtais i dteannta Uirlis Gearrthóige Físe a chuireann ar do chumas ionramháil a dhéanamh ar na nascanna físe le haghaidh an ruda atá UAITSE.

Anois, dá bhrí sin, is cuma cá mbeidh tú, féadfaidh tú breathnú ar imeachtaí Theach Laighean i gcónaí.

Rialacha Craolacháin
Nótáil, más é do thoil é, nach foláir craoltaí idirlín agus gnáthchraoltaí de Thithe agus de Choistí an Oireachtais a úsáid  faoi réir Bhuan-Orduithe an Dá Theach agus na gCoistí Oireachtais agus faoi réir Rialacha Craolacháin an Chomhchoiste um Chraolachán agus Faisnéis Pharlaiminteach, go háirithe: "... nach mbainfear úsáid as taifeadtaí nó as sleachta de na himeachtaí i gcláracha teilifíse siamsaíochta nó aoire polaitiúla, i gcraoltaí páirtí polaitíochta nó in aon chineál fógraíochta nó poiblíochta, seachas mar chuid de réamhbhlaiseadh ó chláracha nuachta nó cúrsaí reatha...".

Cuirtear Craoladh Idirlín na Dála agus an tSeanaid agus na Seirbhísí Teilifíse trí Phrotacal Idirlín MPEG2 ar fáil i gcomhar le HEAnet, Gréasán Náisiúnta Oideachais agus Taighde na hÉireann, comhlacht neamhbhrabúis arna bhunú ag na hollscoileanna agus ag an Údarás um Ard-Oideachas.