Baile > Gnó an Oireachtais > Ceisteanna Parlaiminte

Ceisteanna Parlaiminte

Cuireann Dáil Éireann méid áirithe ama ar fáil ar an Máirt, ar an gCéadaoin agus ar an Déardaoin chun gur féidir le Teachtaí Dála ceisteanna a chur ar Chomhaltaí an Rialtais maidir le Gnóthaí Poiblí a bhaineann lena Ranna nó maidir le hábhair riaracháin a bhfuil freagracht oifigiúil orthu astu. Freagraíonn an Taoiseach ceisteanna ar an Máirt agus ar an gCéadaoin maidir le hábhair a bhaineann le riarachán a Roinne féin.

Tugann Comhaltaí eile den Rialtas freagraí ar cheisteanna ar bhonn róta chomhaontaithe. Athdhéantar an róta gach 5 seachtaine nó mar sin agus cuirtear deis ar fáil ar an mbealach sin do Theachtaí ceisteanna a chur ar gach Aire ar bhonn rialta.

Sa bhliain 2009, próiseáladh beagnach 54,000 ceist pharlaiminte.

Foilsítear na freagraí ar cheisteanna parlaiminte gach lá mar chuid de na Díospóireachtaí agus bíonn siad mar chuid den Tuairisc Oifigiúil. 

Chun féachaint ar na freagraí nó chun teacht ar fhreagra ar leith, téigh chuig Roinn na nDíospóireachtaí ar an suíomh gréasáin. Má tá ceist agus freagra ar leith á lorg agat agus má tá an dáta ar ar tugadh freagra ar an gceist ar eolas agat, déan gliogáil ar an dáta sin – mar shampla: 02/12/2009. Sa chuid sin, ar an nascleanúint ar an taobh clé, feicfidh tú Ceisteanna, agus tabharfaidh sé sin ar aghaidh tú chuig na ceisteanna parlaiminte agus na freagraí a tugadh orthu agus iad i gcatagóirí de réir na Roinne Rialtais.

Má tá cúnamh ar bith ag teastáil uait i dtaobh an ábhair seo, déan teagmháil leis an Aonad Cumarsáide ag +353 1 6183066.