RÓL AN CHOISTE

Tá freagracht faoi leith ar an gCoiste maidir le faireachán a dhéanamh ar chur i ngníomh na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, 2010 go 2030, agus maidir le saothrú chun sochaí a chruthú ar féidir a rá go fírinneach gur sochaí dhátheangach í.  Bíonn an Coiste ag cur as aon bhonn leis an gCoimisinéir Teanga agus leis na heagraíochtaí eile go léir a chuireann an teanga chun cinn agus a thacaíonn léi.

Leagann an Coiste béim shonrach ar an tábhacht a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le seirbhísí Rialtais a sholáthar trí Ghaeilge ar shlí atá chomh maith céanna leis na seirbhísí a sholáthraíonn an Rialtas trí Bhéarla.

Is cúram fíorthábhachtach de chuid an Choiste na seirbhísí agus an fhostaíocht is gá a sholáthar i gceantair Ghaeltachta agus seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar do theaghlaigh le Gaeilge ar fud na hÉireann.

 

PRÍOMHCHÚRAIM
  • Úsáid na Gaeilge mar theanga choiteann a chur chun cinn
  • Faireachán a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010 go 2030
  • Faireachán a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí agus saoráidí trí Ghaeilge
  • Faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le méadú a dhéanamh ar an líon seirbhíseach poiblí a bhfuil Gaeilge acu agus atá sásta seirbhís phoiblí a sholáthar trí Ghaeilge
  • Faireachán a dhéanamh ar na Scéimeanna Teanga
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht chun a chinntiú go bhfuil sí ag teacht leis an nGaeilge
  • Oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn agus na seirbhísí, na téacsanna agus na saoráidí is gá a sholáthar
  • Faireachán a dhéanamh ar infhaighteacht táirgí Gaeilge
 

Connect with us