Nithe ag Tosach Suí (Seanad Éireann)

Féadfaidh Seanadóirí saincheisteanna is cás leo a ardú i dtosach  gach lae suí – tugtar Nithe i dTosach Suí orthu seo. Chuige sin, ní mór dóibh fógra a thabhairt don Chathaoirleach maidir leis na saincheisteanna is mian leo a ardú. Ansin roghnaíonn an Cathaoirleach ceithre ní agus féadfaidh an Seanadóir lena mbaineann aitheasc 4 nóiméad a thabhairt. I ngach cás, bíonn an ceart ag an Aire aitheasc 4 nóiméad a thabhairt mar fhreagra.