Díospóireacht Dháil Éireann ar Shaincheisteanna Tráthúla

Is anseo a bhíonn deis ag Teachtaí Dála saincheisteanna is cás leo a ardú. Chuige sin, ní mór dóibh fógra a thabhairt don Cheann Comhairle maidir leis na saincheisteanna is mian leo a ardú. Ansin roghnaíonn an Ceann Comhairle ceithre shaincheist chun go bpléifear iad. I ngach cás déanann an Teachta Dála lena mbaineann ráiteas ceithre nóiméad agus bíonn an ceart ag an Aire ráiteas ceithre nóiméad a thabhairt mar fhreagra. Ansin, bíonn cead ag an Teachta Dála ráiteas eile dhá nóiméad a dhéanamh agus bíonn deis freagartha dhá nóiméad eile ag an Aire.

Féach Ceisteanna Tráthúla de réir dáta