Baile > Na Meáin

Sainlimistéar na Meán Cumarsáide

Tá sé de chuspóir ag Aonad Cumarsáide Thithe an Oireachtais breis suime agus tuisceana i measc an phobail i dtaobh obair an Oireachtais agus a chomhaltaí a chur chun cinn sna meáin chlóite, chraolacháin agus idirlín.

Acmhainn is ea Sainlimistéar na Meán Cumarsáide ina ndéantar caidreamh Thithe an Oireachtais leis na meáin a lárnú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach.

Déanfar freastal ar gach meán, lena n-áirítear nuachtáin chlóite agus meáin chraolacháin, idir áitiúil agus náisiúnta, chomh maith le tráchtairí ó na meáin nua. Is féidir gach moladh maidir le Sainlimistéar na Meán Cumarsáide a chur ar aghaidh chuig communications@oireachtas.ie

Tiocfaidh tú ar na nithe seo a leanas
  • Preaseisiúintí, preasráitis agus an t-eolas is déanaí maidir le gach Coiste de Thithe an Oireachtais
  • Mionsonraí maidir le Seoladh Tuarascálacha
  • Tacaíocht um acmhainní meán
  • Idirghníomhaíocht na Meán le Coimisiún Thithe an Oireachtais, le hOifig an Cheann Comhairle agus le hOifig an Chathaoirligh
  • Creidiúnú meáin do Theach Laighean

 

An tOireachtas agus an tAontas Eorpach

European Union Flag cúrsaí an AE Cúrsaí AE Léigh a thuilleadh faoi Thithe an Oireachtais agus an tAontas Eorpach, faoi obair na gCoistí a bhíonn ag plé leis an Eoraip agus faoi conas a théann AE i bhfeidhm ar shaol an duine

Oifig Parlaiminte Náisiúnta an Oireachtais

Léarscáil d'fhonn níos mó

Choimeád i dteagmháil

Follow us on TwitterJoin us on Facebook Go to or Videos on You Tube
BrowseAloud