Scríobh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán chuig Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chun a iarraidh ar an Údarás Rialála athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh a rinne sé nach gá go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag Uachtaráin de chuid na hOllscoile sa todhchaí.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile TD: “Déanaim tagairt do láithreacht ionadaithe ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag cruinniú de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán den Oireachtas ar an 4 Aibreán 2017.
“Ag an gcruinniú sin, phléigh an Coiste an t-ábhar ‘Uachtarán na hOllscoile, Gaillimh agus an gá go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ar cheann d’inniúlachtaí an té a shealbhaíonn an oifig sin’ leis na hionadaithe ón Ollscoil.
“I ndiaidh an phlé sin, chomhaontaigh an Coiste scríobh chuig Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus a iarraidh uirthi athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh a rinne Údarás na hOllscoile fáil réidh leis an riachtanas go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag an té a cheapfaí mar Uachtarán na hOllscoile sa todhchaí. Chomhaontaigh an Coiste cóip den taifead oifigiúil den Seisiún Poiblí den chruinniú ar an 4 Aibreán 2017, a bhain leis an gcinneadh sin, a thabhairt don Ollscoil. Chomhaontaigh an Coiste a iarraidh ar an Ollscoil an taifead a scaipeadh ar gach uile chomhalta den Údarás agus ar aon duine eile a raibh páirt aige nó aici sa chéad chinneadh agus a mbeadh páirt aige nó aici san athbhreithniú a mholtar.”
CRÍOCH/
Ceisteanna ó na meáin chuig:
Ciarán Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Teil: +3531 618 3903
Fón póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551
Comhaltaí an Choiste
Teachtaí
Caitríona Ní Chonghaile (Cathaoirleach) Neamhspleách
Pat the Cope Ó Gallachóir Fianna Fáil
Breandán Ó Grifín Fine Gael
Aindrias Ó Muimhneacháin Fianna Fáil
Fergus Ó Dubhda Fine Gael
Bríd Nic Gabhann Pobal roimh Bhrabús
Peadar Tóibín Sinn Féin
Seanadóirí
Pádraig Ó Céidigh Neamhspleách
Trevor Ó Clochartaigh Sinn Féin
Brian Ó Domhnaill Fianna Fáil
Seosamh Ó Raghallaigh Fine Gael