Beidh cruinniú ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán leis an Aire Stáit um Ghnóthaí Gaeltachta agus Acmhainní Nádúrtha, Seán Ó Cadhain TD, inniu, Dé Máirt, an 16 Bealtaine 2017, chun plé a dhéanamh arís ar an bplean infheistíochta a chomhaontaigh 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta mar thacaíocht leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile TD: “Beimid ag leanúint inniu dár bplé leis an Aire Stáit um Ghnóthaí Gaeltachta agus Acmhainní Nádúrtha, Seán Ó Cadhain. Tá seacht mbliana den Straitéis 20 Bliain caite anois, agus is laghdú, seachas méadú, atá tagtha ar líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge. Is mór an chúis imní don Choiste nach bhfuil aon dul chun cinn déanta maidir le haidhmeanna na Straitéise 20 Bliain a bhaint amach, agus creidimid gur gá gníomhú láithreach, trí infheistiú a dhéanamh i measc rudaí eile, chun an Ghaeltacht a chosaint, chun fostaíocht a chothú sa Ghaeltacht agus chun a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge fós beo beathach sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht. Leanfaidh an Coiste freisin dá phlé ar an tuarascáil dar teideal ‘Tráchtaireacht ar Chóras na Scéimeanna Teanga’ a d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga i mí Aibreáin, 2017.”
Tosóidh an cruinniú ar 5 p.m. inniu, Dé Máirt, an 16 Bealtaine 2017, i Seomra Coiste 4.
Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.
Críoch/
Ceisteanna ó na Meáin:
Ciarán Brennan,
An tAonad Cumarsáide,
Tithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2.
Guthán: +353 1 6183903
Fón Póca: +353 86 0496518
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltas an Choiste
Teachtaí
Caitríona Ní Chonghaile (Cathaoirleach) Neamhspleách
Pat The Cope Ó Gallachóir Fianna Fáil
Breandán Ó Grifín Fine Gael
Aindrias Ó Muimhneacháin Fianna Fáil
Fearghus Ó Dubhda Fine Gael
Bríd Nic Gabhann Pobal roimh Bhrabús
Peadar Tóibín Sinn Féin
Seanadóirí
Rónán Ó Maoláin Neamhspleách
Trevor Ó Clochartaigh Sinn Féin
Brian Ó Domhnaill Fianna Fáil
Seosamh Ó Raghallaigh Fine Gael