An Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht chun an Bille um Chartlann Náisiúnta (Leasú), 2017, a phlé

Pléifidh an Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht an Bille um Chartlann Náisiúnta (Leasú), 2017 ag an gcruinniú a bheidh aige amárach, Déardaoin, an 7 Nollaig 2017.

Is é cuspóir an Bhille seo socrú a dhéanamh maidir le Riail 20 Bliain a chur i bhfeidhm go céimniúil d’fhonn taifid Roinne a aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta.  Is trí leasú a dhéanamh ar an Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986, a dhéanfar é seo.

Beidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Seosaimhín Ní Mhadagáin T.D., i láthair ag an gcruinniú.

Tosófar an cruinniú seo ar ar 1.15 p.m., amárach an 7 Nollaig 2017 i Seomra Coiste 1, Teach Laighean. Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste beo anseo.

Is féidir leat breathnú ar imeachtaí Coiste agus tú ag gluaiseacht le hAip Fóinchliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fheistí Apple agus Android.

DEIREADH/

Fiosruithe ó na Meáin:

Ciaran Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

P: +3531 618 3903
M: 086-0496518
F: +3531 618 4551

Comhaltas an Choiste

Teachtaí

Peadar Tóibín (Cathaoirleach)    Sinn Féin
Seán Ó Ceannaigh        Neamhspleách
Mícheál Ó Coileáin        An Grúpa Neamhspleách Tuaithe`
Dónall Ó hÉallaigh        An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Máirtín Ó hÉideáin            Fine Gael
Éamon Ó Cuív            Fianna Fáil
Niamh Nic Gabhann            Fianna Fáil

Seanadóirí

Máire Ní hOibicín            Fine Gael
Marie-Louise Ní Dhómhaill     Neámhpleách
Aodhán Ó Ríordáin        Páirtí an Lucht Oibre
Fintan Warfield            Sinn Féin   

 

Déan ceangal linn

Íoslódáil an aip