Baile > Oideachas

Oideachas

Tá raon leathan acmhainní oideachais ag Oifig Thithe an Oireachtais do dhaltaí agus do mhúinteoirí agus don phobal i gcoitinne.

Tacaíonn ár seirbhísí for-rochtana leis an gClár Oideachais Saoránaigh, Shóisialta agus Polaitíochta (OSSP) i meánscoileanna, rud a thugann léargas dár saoránaigh óga ar ghnóthaí poiblí, ar an daonlathas agus ar ár gcóras polaitíochta.

Tá Oifigigh Oideachais an Oireachtais ar fáil chun cuairteanna a thabhairt ar sheomraí ranga agus is féidir turais scoile ar Theach Laighean a shocrú. Ná déan dearmad, ina theannta sin, seiceáil a dhéanamh ar "Cuairteanna agus Imeachtaí" le haghaidh Laethanta Teaghlaigh an Oireachtais agus imeachtaí eile a bhíonn ar siúl againn.

Cluichí Ar-Líne
Is bealach spraíúil chun foghlaim faoi pholaitíocht agus stair an Oireachtais iad ár gcluichí ar-líne faoin Oireachtas. Faigh a thuilleadh eolais agus imir na cluichí!

Mórdhíospóireachtaí na hÉireann
Léigh sleachta as díospóireachtaí an Oireachtais, ar léiriú iad ar na hathruithe atá tagtha ar an náisiún againn le linn an nócha bliain ó tionóladh Dáil Éireann den chéad uair.

Gluais
Féach ar liosta A-Z de théarmaí Oireachtais, ó "Achtanna" go dtí "Vótáil."