A
Achtanna – príomhreachtaíocht na hÉireann. Cuid d’obair an Oireachtais is ea dlíthe a dhéanamh, ar a dtugtar Achtanna an Oireachtais. Féach Billí freisin.
Airí – príomhchomhaltaí an Rialtais, ar comhaltaí den Dáil iad de ghnáth (cé go ndéantar Airí de Sheanadóirí, uaireanta). Bíonn Airí i gceannas ar ranna rialtais. Cabhraíonn Airí Stáit (a dtugtar "Airí Sóisearacha" orthu, uaireanta) leis an Aire atá i gceannas ar an roinn agus bíonn freagracht orthu de ghnáth as réimsí áirithe laistigh den roinn. Uaireanta, bíonn teideal orthu a léiríonn é sin.
An Vóta Aonair Inaistrithe – an córas a úsáidtear in olltoghcháin, lenar féidir le vótálaithe iarrthóirí a liostú in ord tosaíochta i nDáilcheantair ilchomhalta. I dtoghcháin Dála, toghtar iarrthóir a luaithe a shroicheann líon a vótaí an cuóta atá i gceist – aistrítear aon vótaí breise os cionn an chuóta sin ansin de réir na dtosaíochtaí eile atá déanta ag na vótálaithe sin.
Aoire – ceapann gach páirtí Teachta Dála nó Seanadóir chun araíonacht an pháirtí a chothabháil agus chun comhaltaí an pháirtí a spreagadh chun vóta a chaitheamh ar bhealach ar leith i vótálacha tábhachtacha. Déanann aoirí bainistíocht ar an gcóras péireála freisin.
B
Billí – tograí le haghaidh dlíthe nua. Chun dlí a dhéanamh de Bhille, ní mór don Dáil agus, sa chuid is de na himthosca, don Seanad é a cheadú ar dtús, cé gur féidir leis an Dáil sáraíocht a dhéanamh ar dhiúltú an tSeanaid Bille a rith. A luaithe a dhéanann an tOireachtas an Bille a rith, cuireann an Taoiseach faoi bhráid an Uachtaráin é chun é a shíniú ina dhlí, agus déantar Acht de ansin. Féach Achtanna freisin.
Binse tosaigh (Binseoir tosaigh) – tagann an téarma seo ó na binsí tosaigh, áit a suíonn Airí agus urlabhraithe oifigiúla an Fhreasúra sa Dáil nó sa Seanad.
Bunreacht na hÉireann – a tháinig i bhfeidhm an 29 Nollaig 1937. Ón 25 Meitheamh 1941 i leith, ní féidir an Bunreacht a leasú ach amháin trí reifreann.
C
Cathaoirleach - Cathaoirleach Sheanad Éireann. Is é nó is í an Cathaoirleach an t-aon bhreitheamh ar ord sa Seanad agus iarrann an Cathaoirleach ar Sheanadóirí labhairt. Ní mór gach óráid a dhíriú chun an Chathaoirligh. Áirítear ar fheidhmeanna eile an Chathaoirligh maoirseacht a dhéanamh ar na vótálacha agus na torthaí a fhógairt.
Ceann Comhairle - Cathaoirleach Dháil Éireann. Is é an Ceann Comhairle an t-aon bhreitheamh ar ord sa Dáil agus iarrann sé ar Theachtaí labhairt. Ní mór gach óráid a dhíriú chun an Cheann Comhairle. Áirítear ar fheidhmeanna eile an Cheann Comhairle maoirseacht a dhéanamh ar na vótálacha agus na torthaí a fhógairt. Féadfaidh an Ceann Comhairle ordú a thabhairt do Chomhaltaí an Teach a fhágáil nó iad a ainmniú le cur ar fionraí ag an Teach ar feadh tréimhse. I gcás mí-oird mhóir, is féidir leis an gCeann Comhairle an Teach a chur ar fionraí nó ar athló.
Ceist Pharlaiminte – ceist a chuireann Teachta Dála nó Seanadóir ar Aire. D’fhéadfadh an cheist a bheith ina ceist scríofa nó ina ceist a chuirtear go díreach ar an Aire sa Seomra.
Comh-Aireacht – na hAirí sinsearacha a roghnaíonn an Taoiseach. Tá an grúpa seo freagrach, i dteannta a chéile, as beartas rialtais agus déanann siad maoirseacht agus comhordú ar obair roinnt ranna éagsúla rialtais.
Cléireach an tSeanaid – státseirbhíseach sinsearach an tSeanaid.
Cléireach na Dála – an státseirbhíseach sinsearach i measc lucht riaracháin na Dála, atá mar Ard-Rúnaí ar Sheirbhís Thithe an Oireachtais, Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta agus Oifigeach Cuntasaíochta.
Coistí – grúpaí a chlúdaíonn an-chuid príomhréimsí i ngnó an Oireachtais. Is féidir le Coistí aighneachtaí a fháil agus éisteacht le fianaise ó pháirtithe nó ó ghrúpaí leasmhara, tograí reachtaíochta a phlé agus a dhréachtú agus freastal Airí agus seirbhíseach poiblí a éileamh chun beartais agus cleachtais reatha a phlé. Tá a Bhuanchoistí agus a Roghchoistí féin ag gach teach den Oireachtas ach tá roinnt Comhchoistí ann freisin a mbíonn comhaltaí ón dá Theach orthu.
Corrthoghcháin – bíonn na toghcháin sin ann nuair a tharlaíonn suíochán sa Dáil a bheith folamh i rith a shaolré (idir olltoghcháin), i gcoitinne toisc go bhfaigheann an Teachta Dála ag a bhfuil an suíochán bás, go n-éiríonn sé nó sí as (mar shampla chun glacadh le post sa Choimisiún Eorpach) nó má éiríonn sé nó sí neamh-incháilithe chun leanúint ar aghaidh sa suíochán ar chúis éigin.
Cúlbhinsí (cúlbhinseoirí) – is iad na cúlbhinsí na suíocháin ina suíonn na Teachtaí Dála nó na Seanadóirí nach Airí ná urlabhraithe dá bpáirtí iad.
D
Díospóireacht atrátha – díospóireacht a dhéantar i ndeireadh an lae lena dtugtar deis do chomhaltaí na Dála nó an tSeanaid díospóireacht a dhéanamh ar ábhar gan breithniú a dhéanamh ar rún substainteach.
Doiciméid leagtha nó doiciméid a leagan – tagraítear leis an téarma "doiciméid leagtha" do dhoiciméid a leagtar faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid go hoifigiúil mar fhaisnéis do Theachtaí Dála agus Seanadóirí. Is iad na Ranna Rialtais i gcoitinne, faoi oibleagáid dhlíthiúil, a leagann na doiciméid sin ach bíonn doiciméid a mb’fhéidir go léireofaí spéis iontu ar chúiseanna eile san áireamh freisin.
I
Ionstraim Reachtúil (IR) – reachtaíocht tharmligthe nó thánaisteach, ar nós orduithe agus rialachán ón Aire a dhéantar faoi Acht na gComhphobal Eorpach 1972, d’fhonn éifeacht a thabhairt do dhlí an Aontais Eorpaigh.
L
Lánscor – an téarma oifigiúil ar dheireadh Dála. Is féidir le Dáil dul ar aghaidh go ceann tréimhse suas le cúig bliana ach féadfaidh an Taoiseach olltoghchán a ghairm roimh dheireadh an téarma sin trína iarraidh ar an Uachtarán an Dáil a lánscor.
Leas-Cheann Comhairle – leaschathaoirleach Dháil Éireann. Féach Ceann Comhairle.
O
Oireachtas – Parlaimint nó reachtas náisiúnta na hÉireann. Is éard atá ann, Uachtarán na hÉireann agus dhá Theach: Dáil Éireann agus Seanad Éireann.
Olltoghchán – toghchán ina gcaitheann saoránaigh atá ar an gclár vótála a vótaí chun na Teachtaí Dála a thoghadh chuig Dáil nua.
P
Páipéir Uaine – doiciméid chomhairliúcháin a chuireann an Rialtas le chéile, sna cineálacha cásanna ina mbíonn an gá a bheadh le dlí nua á bhreithniú ag roinn rialtais agus nuair a bhíonn aiseolas ar an togra á lorg aici.
Péireáil – socrú ina n-aontaíonn Teachta Dála as páirtí amháin le Teachta Dála as páirtí freasúra gan vótáil a dhéanamh i vótáil ar leith, rud a thugann an deis don bheirt a bheith as láthair.
R
Reifreann – vóta a chaitheann na toghthóirí, ar shaincheist aonair de ghnáth – athrú ar an mBunreacht nó ar Chonradh Eorpach, mar shampla.
S
Seanad Éireann – teach uachtarach an Oireachtais.
Seanadóir – comhalta den Seanad. Murab ionann agus Teachtaí Dála, ní thoghtar Seanadóirí go díreach ach roghnaítear meascán comhaltaí ar mhodhanna éagsúla. Tá 60 Seanadóir ann faoi láthair.
Sos – ní shuíonn Tithe an Oireachtais ar feadh na bliana iomláine – bíonn tréimhsí ann a mbíonn “an sos” acu lena linn agus nach suíonn siad.
T
Taoiseach – an príomh-aire agus ceann an rialtais.
TD - Teachta Dála, comhalta den Dáil. Tá 166 Theachta Dála ann faoi láthair.
U
Uachtarán na hÉireann – maidir le gnó an Oireachtais, cuirtear Billí atá rite ag an dá Theach den Oireachtas faoi bhráid an Uachtaráin chun iad a shíniú ina ndlí. Is féidir leis an Uachtarán Bille a chrosadh má tá sé ar neamhréir le Bunreacht na hÉireann. Chun go dtarlóidh sé sin, ní mór don Uachtarán dul i gcomhairle le comhlacht comhairleach, an Chomhairle Stáit, agus an Bille a tharchur ansin chun na Cúirte Uachtaraí chun a bhunreachtúlacht a scrúdú. Toghtar an tUachtarán le haghaidh téarma seacht mbliana agus ní ceadmhach don Uachtarán níos mó ná dhá théarma a chaitheamh.
V
Vótáil – an pointe sna himeachtaí parlaiminte nuair a chuirtear rún chun vóta fhoirmiúil. Roimhe sin, iarrann an Cathaoirleach ar na comhaltaí atá i láthair "Tá" nó "Níl" a rá os ard, agus cuireann sé nó sí a thuairim nó a tuairim in iúl ansin faoi thoradh na vótála gutha. Is féidir le comhaltaí dúshlán a thabhairt don Chathaoirleach trí "Vótáil" a rá os ard. Buailtear "clog vótála" ansin chun na comhaltaí a thionól agus a chomhaireamh sa vóta foirmiúil.