Baile > TD & Seanadóirí

Teachtaí Dála

Tá an modh toghcháin do gach Teach éagsúil óna chéile. Déanann muintir na hÉireann 166 Chomhalta Dháil Éireann (ar a dtugtar Teachtaí nó Teachtaí Dála) a thoghadh go díreach. Féadfaidh saoránaigh atá 18 bliain d’aois agus os a chionn sin vótáil a dhéanamh. De réir an dlí, ní mór Olltoghchán do Dháil Éireann a reáchtáil uair amháin gach cúig bliana ar a laghad.

Le haghaidh toghchán, roinntear an Stát ina cheantair ar a dtugtar dáilcheantair agus soláthraíonn sé sin nasc riachtanach daonlathach idir toghthóirí, an Rialtas agus Tithe an Oireachtais. Is féidir le Teachta a bheith mar chomhalta de Pháirtí Rialtais nó de Pháirtí Freasúra nó is féidir leo suí mar Theachtaí Neamhspleácha.

Is í príomhfheidhm pharlaiminteach na dTeachtaí reachtaíocht a achtú. Ina theannta sin, tá foráil sa Bhunreacht go mbeidh an Rialtas freagrach do Dháil Éireann agus baintear úsáid as sásraí éagsúla chun an fheidhm sin a chomhlíonadh. Is iad na príomhshásraí atá ann ná ceisteanna agus rúin pharlaiminteacha. Caitheann comhaltaí an-chuid dá gcuid ama ag feidhmiú agus ag déanamh uiríoll thar ceann saoránach agus grúpaí leasmhara. Clog an tSeanaid.

Seanadóirí

Ní mór Olltoghchán do Sheanad Éireann a reáchtáil laistigh de 90 lá tar éis lánscor do Dháil Éireann. Is 60 comhalta a bhíonn i Seanad Éireann, mar a leanas:

  • 43 a thoghann cúig rolla a dhéanann ionadaíocht do leasanna gairme, eadhon – Saíocht agus Oideachas, Talmhaíocht, Saothar, Tionscal agus Tráchtáil agus Riarachán Poiblí
  • 6 a thoghann céimithe dhá ollscoil – triúr an ceann ag Ollscoil na hÉireann agus Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Coláiste na Tríonóide)
  • 11 a ainmníonn an Taoiseach.

Go teoiriciúil, ní aithnítear cleamhnachtaí páirtí i Seanad Éireann. Toisc go mbíonn toghthóirí an tSeanaid comhdhéanta, áfach, de Chomhaltaí den Dáil atá díreach imithe ar lánscor, den Seanad Éireann atá ar lánscor, de chomhairlí contae agus de chomhairlí contaebhuirge, bíonn comhaltas an tSeanaid, lena n-áirítear ainmniúcháin an Taoisigh, ag teacht le neart na bpáirtithe i nDáil Éireann.

De ghnáth, vótálann grúpaí atá ar son an Rialtais agus grúpaí atá ina aghaidh nuair a bhíonn vótáil á déanamh ar shaincheisteanna. Ina theannta sin, tá foráil sa Bhunreacht nach ceadmhach níos mó ná beirt Seanadóir a bheith ina gcomhaltaí den Rialtas agus cuireadh an fhoráil sin i bhfeidhm dhá uair le 60 bliain anuas.


Mar is amhlaidh le Teachtaí Dála, is í príomhfheidhm pharlaiminteach na Seanadóirí ná reachtaíocht a achtú.  Cé nach bhfuil an Rialtas cuntasach do Sheanad Éireann sa chéill is doichte, baineann an Seanad úsáid as sásraí comhchosúla seachas ceisteanna parlaiminteacha.

Teachtaí Dála agus Seanadóirí

Is minice gur i gComhchoistí – áit ar féidir le Teachtaí agus Seanadóirí oibriú le chéile chun athruithe a phlé, a mhúnlú agus a mholadh ar bheartais a imríonn tionchar ar na daoine a ndéanann siad ionadaíocht dóibh – a dhéantar grinnbhreithniú mionsonraithe ar ghníomhaíochtaí an Rialtais anois.