Home >
Next | Up | Previous

21 January, 1969

COMHAIREAMH CAOGA BLIAIN Ó CHÉAD-TIONÓL AN CHÉAD DÁIL ÉIREANN 21 EANÁIR, 1919.

Fógra a d'fhoilsigh an Ceann Comhairle ag gairm na Dála chun teacht le chéile an lá seo.

Ar iarratas an Taoisigh, déanaimse, Cormac Ua Breisleáin, Ceann Comhairle Dháil Éireann, leis seo, Dáil Éireann a chomóradh chun teacht le chéile Dé Máirt, an 21ú lá d'Eanáir, 1969, i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath, ar 3.30 p.m.

(a) chun Billí áirithe a thabhairt isteach,

(b) chun éisteacht le haitheasc ón Uachtarán.

(Sínithe) CORMAC UA BREISLEÁIN,
Ceann Comhairle.

Dáta: an 3ú lá seo d'Eanáir, 1969.

Tionóladh an Dáil sa Seomra Cruinn,
Teach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath.

Chuaigh an Ceann Comhairle i gceannas ar 3.30 p.m.

Bhí a Oirirceas an tUachtarán i láthair.

Paidir.

Teachtaireachtaí Ó Thíortha Eile.

An Ceann Comhairle (Cormac Ua Breisleáin): Fuarthas na Teachtaireachtaí seo a leanas:

An Bheilg

In ainm Theach Ionadaithe na Beilge iarraim ort mo chomhghairdeas croí a chur in iúl do Dháil Éireann, a bhfuil a fuinneamh agus a gníomhaíocht mar eiseamláir ag comhthionóil reachtúla eile, ar ócáid Chomhaireamh Caoga Bliain ó lá a bunaithe. Glacaim chugam an deis seo chun só agus rath a ghuí ar Pharlaimint agus ar mhuintir na hÉireann.

A VAN ECKER,

Uachtarán Theach Ionadaithe na Beilge.

An India

Ar ócáid stairiúil Iubhaile Órga Fhorógra Neamhspleáchais na Chéad Dála, is mian liom, thar mo cheann féin agus thar ceann Lok Sabha, ár gcomhghairdeas agus ár ndea-mhéin a chur in iúl duit féin agus do Chomhaltaí na Dála agus do mhuintir na hÉireann.

N. SANJIVA REDDY,

An Cathaoirleach, Lok Sabha.

An Iodáil

A Uachtaráin, ar ócáid Chomhaireamh Caoga Bliain ón gCéad-Tionól de Dháil Éireann ba mhaith liom comhghairdeas agus dea-thoil croí ó náisiún na hIodáile agus uaim féin a thíolacadh duitse agus do mhuintir na hÉireann go huile. De bhrí gur deimhin go leanfaidh ár dhá dtír leis an gcomhshaothar ag lorg na gcuspóirí mórthábhachtacha sin, saoirse, slándáil, forás sóisialach agus fíor-shíocháin bhuan ar fud an domhain, tairgim do phobal na hÉireann agus duitse, a Uachtaráin, gach uile dhea-ghuí ó phobal na hIodáile ar son bhur ratha.

GIUSEPPE SARAGAT,

Uachtarán na hIodáile.


An Phacastáin

Thar ceann Chomhthionol Náisiúnta na Pacastáine agus thar mo cheann féin, glacaim an chaoi seo chun ár gcomhghairdeas croí agus ár ndea-mhéin a chur in iúl duit féin agus do Chomhaltaí Dháil Éireann ar ócáid shoirbh Chomhaireamh Caoga Bliain óna Céad-Tionól.

ABDUL JABBER KHAN,

Cathaoirleach an Chomhthionóil Náisiúnta.

Aontas Na bPoblachtaí Sóivéideacha Sóisialacha

Glac uainn ár gcomhghairdeas croí ar ócáid chomhaireamh caoga bliain ón gCéad-Tionól de Dháil Éireann agus glac uainn freisin ár ndea-thoil croí i leith sonas mhuintir na hÉireann.

SÓIVÉID AN AONTAIS AGUS SÓIVÉID NÁISIÚN NA HARDSÓIVÉIDE.

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Mo dhea-mhéin féin agus deamhéin Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe chugat féin agus chuig do Chomhaltaí ar ócáid Chomhaireamh Caoga Bliain ó Chéad-Tionól na Dála.

De réir mar a mhéadaíonn ar ilghnéitheacht shibhialtacht na linne seo, titeann freagrachtaí nua ar rialtais i gnach áit agus iad ag féachaint lena chur ar chumas an phobail maireachtáil go córach faoi shaoirse. Ní féidir leis an saoránach aonair a mhian chun dea-shaol den sórt sin a bhaint amach ar aon slí eile ach faoi rialtas dlí-sheolta le saor-fhorais pholaitiúla a riarann ionadaithe a toghadh go daonlathach agus a bhfuil dea-thoil agus dea-rún saothair acu i leith a ndualgas. Tá sé de shásamh i gcoitinne againne, sinne atá i gComhdháil na Stát Aontaithe agus sibhse atá sa Dáil, go bhfuil baint againn le comhlacht polaitiúil den sórt sin.

Is faoi bhrí na méine sin a thraoslaímid, mise agus mo chomhaltaí, leis an Dáil an lá stairiúil seo.

JOHN W. McCORMACK,

Cathaoirleach Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe.

An tSualainn

Cuireann Riksdag na Sualainne a gcomhghairdeas croí in iúl ar ócáid Chomhaireamh Caoga Bliain ón gCéad Dáil.

ERIK BOHEMAN,

Uachtarán an Chéad Tí.

HENRY ALLARD,

Uachtarán an Dara Teach.

An Airgintín

Fuarthas Teachtaireacht ó Ambasadóir na hAirgintíne, SANTOS GONI DEMARCHI, ag cur comhghairdeas agus dea-mhéin in iúl thar ceann a Rialtais ar ócáid Chomhaireamh Caoga Bliain ó Chéad-Tionól an Chéad Dáil Éireann.

An tSeapáin

Fuarthas teachtaireacht chomhghairdis freisin ó Ambasadóir na Seapáine, BUNSHICHI HOSHI.

An Bille um Mainistir na Croise Naofa (Contae Thiobraid Árann), 1969: An Chéad Chéim.

An Taoiseach (Séan Ó Loinsigh): Tairgim go dtabharfar cead an Bille um Mainistir na Croise Naofa (Contae Thiobraid Árann), 1969, a thabhairt isteach— Bille dá ngairtear Acht dá chumasú do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn Mainistir na Croise Naofa i gContae Thiobraid Árann, An Trian Thuaidh, a athchóiriú le haghaidh cuspóirí eaglasta, do leasú alt 25 (1) den Irish Church Act, 1869, agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe áirithe a bhaineann leis na nithe réamhráite.

An Ceann Comhairle: Cén uair a thógfar an chéad Chéim eile?

An Taoiseach: Dé Máirt, 4 Feabhra, 1969.

Ordaíodh go dtógfaí an Dara Céim Dé Máirt, 4 Feabhra, 1969.

An Bille Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1969: An Chéad Chéim.

An tAire Leasa Shóisialaigh (Seosamh Ó Braonáin): Tairgim go dtabharfar cead an Bille Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1969, a thabhairt isteach— Bille dá ngairtear Acht do leathnú an chórais árachais shóisialaigh a bunaíodh leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, ionas go ndéanfar socrú le haghaidh sochair arb é a bheidh ann pinsean scoir, pinsean easláinte agus deontas báis, agus chun críocha a bhaineann leis na nithe réamhráite.

An Ceann Comhairle: Cén uair a thógfar an chéad Chéim eile?

Seosamh Ó Braonáin: Déardaoin, 27 Márta, 1969.

Ordaíodh go dtógfaí an Dara Céim Déardaoin, 27 Márta, 1969.

An Bille Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1969:
An Chéad Chéim.

An tAire Tionscail agus Tráchtála (Seoirse Ó Colla): Tairgim do dtabharfar cead an Bille Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1969, a thabhairt isteach—Bille dá ngairtear Acht do dhéanamh socrú maidir le marcáil eolasach choimeádán ina bpacáiltear earraí lena miondíol, do dhéanamh rialú ar na cainníochtaí earraí a fhéadfar a phacáil i gcoimeádáin lena ndíol amhlaidh agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe a bhaineann leis na nithe réamhráite.

An Ceann Comhairle: Cén uair a thógfar an chéad Chéim eile?

Seoirse Ó Colla: Dé Máirt, 4 Feabhra, 1969.

Ordaíodh go dtógfaí an Dara Céim Dé Máirt, 4 Feabhra, 1969.

An Bille Sláinte, 1969: An Chéad Chéim.

An tAire Sláinte (Seán Ó Flanagáin): Tairgim go dtabharfar cead an Bille Sláinte, 1969, a thabhairt isteach— Bille dá ngairtear Acht do leasú agus do leathnú na nAchtanna Sláinte, 1947 go 1966, agus achtachán áirithe eile, do dhéanamh socrú le haghaidh comhlachtaí a bhunú chun na seirbhísí sláinte a riaradh, agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe eile a bhaineann leis na nithe réamhráite.

An Ceann Comhairle: Cén uair a thógfar an chéad Chéim eile?

Seán Ó Flanagáin: Dé Máirt, 18 Feabhra, 1969.

Ordaíodh go dtógfaí an Dara Céim Dé Máirt, 18 Feabhra, 1969.

Athchromadh ar shuí an tSeanaid sa Seomra Cruinn tar éis dó teacht le chéile roimhe sin sa Seomra Darach.


Aitheasc ón Uachtarán don dá Theach ar ócáid an Chuimhnithe ar Chomhaireamh Caoga Bliain ó Chéad-Tionól an Chéad Dáil Éireann 21 Eanáir 1919.


An Ceann Comhairle: Aitheasc ar ócáid an chuimhnithe ar chomhaireamh caoga bliain ó chéad-tionól an Chéad Dáil Éireann 21 Eanáir 1919—a Oirirceas Uachtarán na hÉireann.

An tUachtarán (Éamon de Valera): A Cheann Comhairle, a Chathaoirleach an tSeanaid, a Chomhaltaí na Dála agus an tSeanaid—

Ní foláir nó tá ríméad agus áthas croí ar gach aon duine agaibh ag smaoineamh daoibh ar a ndearnadh anseo leathchéad bliain ó shin, nuair a tháinig ionadaithe mhuintir na hÉireann ar an láthair seo agus nuair a bunaíodh Dáil Éireann, agus nuair a fógraíodh don domhan mór gur náisiún neamhspleách sinn.

Mar chomhartha cuimhne, buíochais agus ómóis do na daoine a d'oibrigh agus a d'fhulaing gach saghas cruatain, go fiú an bás, ionas go mbeadh a leithéid de lá ann, iarraim oraibh anois seasamh agus fanacht nóiméad liomsa i gcuimhne orthusan go léir, go mór mhór ar laochra Sheachtain na Cásca.

Sheas na Comhaltaí.

An tUachtarán: Flaitheas Dé go raibh acu go léir.

Is cuimhin leis na daoine a bhí beo an t-am sin gur cuireadh deireadh leis an gCogadh Mór i mí na Samhna 1918. An mhí ina dhiaidh sin, mí na Nollag, bhí olltoghchán anseo. Bhain Sinn Féin feidhm as an olltoghchán sin ionas go mbeadh eolas ag an domhan uile gurbh í mian mhuintir na hÉireann a bheith saor, neamhspleách. I rith an Chogaidh dúirt ceannairí Mheiriceá agus Shasana gurbh é faoi deara an troid a bhí ar siúl ná cearta na náisiún beag a chosaint agus a chaomhnú. Toradh an olltoghcháin anseo, níor fhág sé aon amhras céard ba mhian le muintir na hÉireann—gurbh í a mian a bheith saor, neamhspleách, agus poblacht mar chóras rialtais acu.

De na daoine a tháinig le chéile an uair sin, tá seisear beo fós, seisear de lucht na Dála; agus tá seisear beo freisin de na daoine a bhí as láthair. Tar éis an toghcháin, seoladh cuireadh chuig na Teachtaí a bhí tofa. Dhá thrian, ar a laghad, díobh sin, de mhuintir Sinn Féin iad. Tháinig anseo na Teachtaí a bhain le Sinn Féin, na daoine a bhí saor chuige. Níor fhéad a lán acu, an chuid is mó díobh, níor fhéad siad a bheith anseo: bhíodar i ngéibheann i Sasana, nó ar díbirt, nó ag déanamh oibre eile ar son an náisiúin.

Ach ar an méad a tháinig anseo, bhí Cathal Brugha i gceannas, agus tar éis na paidre adúirt an tAthair Ó Flanagáin, sheas Cathal Brugha agus léigh sé amach an Fhaisnéis Neamhspleáchais; labhair seisean as Gaeilge. Léigh daoine eile ansin an rud céanna as Fraincis agus as Béarla. Chuir sé sin in iúl don domhan mór gurbh í ár mian a bheith saor, neamhspleách agus gur poblacht a bheadh mar chóras rialtais againn.

De na daoine a bhí anseo, tá seisear acu, mar adúirt mé, beo agus déanaim comhghairdeas leo; agus na daoine anseo a bhí as láthair mar go raibh siad i ngéibheann nó mar adúradh ag an am “faoi ghlas ag Gallaibh”, déanaim comhghairdeas leosan freisin. Tá comhghairdeas faoi leith ag dul don Teachta Seán Mac an tSaoi, mar bhí sé ina Theachta Dála an chéad-uair sin, agus buíochas le Dia, tá sé beo fós, agus tá sé ina Theachta den Dáil inniu. An Dr. Ó Riain a bhí anseo i láthair leathchéad bliain ó shin, tá sé fós i dTeach den Oireachtas mar Sheanadóir; déanaim comhghairdeas leisean chomh maith. Gura fada buan iad go léir.

An t-am sin, bhí mórán de mhuintir Sinn Féin sna hÓglaigh chomh maith, agus cé gurbh dhá eagraíocht ar leith iad Sinn Féin agus na hÓglaigh, d'oibríodar as lámha a chéile chomh dlúth sin go gceapfadh aon duine nach raibh ann ach aon eagraíocht amháin. Bhí díograis i gcroí gach aon duine acu, agus nuair a thángadar anseo bhí fúthu na rudaí a bhí in aigne ár ndaoine a dhéanamh chomh tapaidh agus ab fhéidir.

Ní hamháin gur chuireadar ráiteas amach, mar adúirt mé, go mba mhian linn a bheith saor, neamhspleách, ach chuireadar teachtaireacht chomh maith chuig saor-náisiúin an domhain ag iarraidh orthu aitheantas a thabhairt don Phoblacht Léadh amach freisin clár ina raibh aidhmeanna Sinn Féin ag an uair sin, aidhmeanna comhdhaonnacha agus eacnamaíochta. Bhí obair an lae sin críochnaithe go maith ansin.

Anois, is sibhse ionadaithe mhuintir na hÉireann anseo—an dá Theach, an Dáil agus an Seanad: is as comhaltaí an dá Theach sin atá muinín ár muintire. Is mór an t-ualach oraibh gach ar mhian agus ar gá a dhéanamh a chur i ngníomh. Tá iontaoibh curtha ag muintir na hÉireann asaibh. Is sibhse treoraithe ár muintire. Tá an iontaoibh sin curtha acu asaibh agus is mór í bhur bhfreagracht dá réir sin. Tá mé cinnte nach gcaillfidh sibhse orthu.

Tá daoine ann faoi láthair agus ceapann siad go bhfuil smaointe agus aidhmeanna an náisiúnachais a bhí ag na treoraithe leathchéad bliain ó shin, go bhfuil siad sin sean-aimseartha inniu agus as dáta. Tá a lán cainte faoi iltíreachas agus mar sin, agus tá daoine a cheapann nach bhfuil i ndán do na náisiúin bheaga anois ach a bheith brúite i leataobh, nó báite nó súite isteach i gcumhachtaí móra. Ní hí sin mo thuairimse ar chor ar bith. Ba cheart muinín níos mó a bheith againne go mairfidh an náisiún seo ná mar a bhí ag daoine leathchéad bliain ó shin. Ceannairí Sheachtain na Casca, cheapadarsan go gcinnteodh an tÉirí Amach go mairfeadh an náisiún seo. Tá sé sin le léamh as an litir dheireanach a chuir Seán Mac Diarmada ó Chill Mhaighneann an lá sular cuireadh chun báis é.

Ba cheart, mar adúirt mé, níos mó muiníne a bheith againn anois go mairfidh ár náisiún ná mar a bhí ag an am sin. Ní cheaptar gur cúige sinn anois: tá a fhios ag an saol mór gur náisiún sinn. Táimid ag glacadh ár n-áite i measc na náisiún agus ag oibriú leo chun leasa an chine dhaonna ar fad a chur ar aghaidh.

Ní dóigh liom go bhfuil mórán ann de na daoine a chreideas go gcuirfear ar leataobh ár náisiúnachas. De réir mo thuairime, níl an ceart acu. Ní chaillfidh na sean-náisiúin a dtréithe agus a gcultúr féin; ní chuirfidh siad i leataobh iad. Ach b'fhéidir leo, agus tá siad á dhéanamh, dul isteach ag comhoibriú leis na náisiúin eile chun leas an iomláin a chur ar aghaidh. Sin, de réir mo thuairime, an tslí is dírí agus is tairbhí don chine daonna. Sin í an tslí is fearr, agus is mar sin, de réir mo thuairime féin, a bheidh sé. Táimidne, ar chuma ar bith, láidir inár n-aigne nach gclisfimid ar na daoine a chuaigh romhainn chun an náisiún ársa, Gaelach seo a choinneáil beo.

Anois guím, mar a ghuigh sibh féin go léir ag tosú na hoibre daoibh, an Spiorad Naomh sibhse agus sinn go léir a threorú inár gcuid oibre, agus guím rath Dé ar bhur ngníomhartha ar fad.

An Taoiseach (Seán Ó Loinsigh): Táimíd faoi chomaoin mhór ag an Uachtarán as ucht aitheasc do chur faoi bhráid Tithe an Oireachtais inniu i gcomóradh Chéad-Thionól an Chéad Dáil Éireann caoga bliain ó shin.

Bheirim mo chomhgairdeas dó faoina theacht slán as na caoga bliain sin agus faoin méid a dhein sé ar leas na tíre i rith an leathchéid sin. Gura fada buan é. Bheirim mo chomhghairdeas freisin don duine déag d'á chomrádaithe den t'am san a mhaireann. Is mór an onóir dúinn a bhfurmhór a bheith mar aíonna inár dteannta inniu san áit is airde. Go maire siad i bhfad inár measc.

Cothrom an lae inniu, caoga bliain ó shin, ar an láthair seo féin is ea do tháinig le chéile na Teachtaí Dála a bhí tofa ag muintir na hÉireann. Ar an láthair seo is ea a chuir siad ar bun Rialtas dúchasach neamhspleách chun an tír seo a rialú in ionad an Rialtais eachtrannaigh a bhí i seilbh na tíre an uair sin.

Na fir a tháinig le chéile ar an láthair seo caoga bliain ó shin, thuigeadar solúntacht an ghnímh a bhí beartaithe acu. Thuigeadar gur chuige sin a troideadh gach cath, gur chuige sin a thit laochra Éireann, chun go dtiocfadh an lá a mbeadh Rialtas dúchasach anseo in Éirinn. Chromadar ar obair an lae sin le creideamh go mbeidís in ann an Rialtas nuabhunaithe a thabhairt slán óna naimhde. Chuireadar chuige le dóchas go dtabharfaí dóibh féin is do na glúine ina ndiaidh maireachtáil go síochánta agus go sonasach faoi réim an Rialtais sin. Agus, thar aon ní eile, bhí grá acu d'Éirinn—a talamh, a muintir, a teanga agus a dúchas go hiomlán—a mbeadh maise is rath as an nua orthu faoi Rialtas dúchasach na hÉireann.

Thuig ceannairí na hÉireann go maith an bhrí a bhí le gníomh an lae úd, agus thuigeadar, freisin, go mba cheart gníomhú go ciúin agus go stuama is go diongbháilte. B'é an Ceann Comhairle, Cathal Brugha, a d'fhógair sin go soiléir nuair a d'iarr sé ar a raibh i láthair gan aon gháir mholta a dhéanamh. Agus b'shin mar ba cheart, ní hamháin don lá san féin, ach do gach lá as san amach a rachadh Rialtas agus Oireachtas na hÉireann i mbun a gcúram rialacháin.

Leas an náisiúin is údar do Rialtas ar bith a bheith ann, agus is le saothar laethiúil a baintear amach leas an náisiúin. Beidh an saothar san tábhachtach agus beidh sé dian, ach ní bheidh feiceálacht dá laghad ag baint leis an chuid is mó de. Ní bhaineann mórtas ná mustar ná gártha slua leis an obair is dual do Rialtas. Ní mór dul i mbun na hoibre sin go críonna agus go dícheallach agus go leanúnach, má tá rath le bheith ar an dtír agus ar a muintir. Tá sé le fógairt againn inniu, faoi mar a dhein Cathal Brugha caoga bliain ó shin, nach áit do liuirigh ná do gháir mholta í seo, ach láthair dian-oibre agus saothair ar mhaithe le muintir na hÉireann.

Ag féachaint siar dúinn, aithnímís nár mhair riamh ar thalamh na hÉireann glún níb uaisle ná iad siúd do bhunaigh Rialtas na hÉireann agus a chuir ag feidhmiú é. I ngleo agus i gcoimheascar, i mbeartúchán agus i ngníomh, i mbás agus i ngéibheann, d'iompraíodar iad féin go fearúil agus go huasal. Sinne a dtáinig Rialtas ár dtíre chugainn mar oidhreacht uatha, cuimhnímís gur cheannaíodar go daor dúinn é. Thug cuid acu a mbeatha ar a shon; cuid eile a mhair d'éis an chatha bhíodar leonta, créachta, agus cuireadh blianta a n-óige amú orthu go léir. Bímísne go fearúil agus go huasal, agus aithnímís gurab é is dlite dúinn ná iad do mhóradh le bród agus le buíochas croí. Aithnímís gur daoine daonna a bhí iontu agus nach féidir don duine daonna dul thar a chroí-dhícheall. Ba mhór é a ndícheall, agus ba chróga é a mbeart an uair a rug siad Rialtas na tíre seo as láimh an eachtrannaigh chun é ardú ar a nguaillí féin.

Deinimísne aithris orthu, ar na fir uasail sin. Cromaimís chun oibre faoi mar a dheineadar. Beidh a dhícheall le déanamh ag gach duine againn má tá an náisiún seo le teacht slán as an chaoga bhliain atá romhainn. Is ag dul i ndéine atá an obair de réir mar atá údarás agus stiúrú an Rialtais ag leathadh i gcónaí. Ins na cúrsaí casta atá romhainn amach, a bhaineann a bheag nó a mhór le gach saoránach, ní mór gach tairiscint do mheá go tuisceanach agus go fad-cheannach chun teacht ar an réiteach is tairbhí agus is cothroime, ag féachaint don leas pearsanta agus don leas coiteann.

Nuair a chuaigh Céad Dáil Éireann i gceannas, sé fuair siad rompu ná náisiún créachta, gur scriosadh a shaibhreas, gur clis air forbairt cultúrtha is saolta, is gur fágadh i n-easnamh air na h-institíuidí a mbíonn bunaithe ag gach saor-náisiún le freagairt dá riachtanas is dá dhúchas. Cad é mar obair a bhí le déanamh d'fhonn saibhreas cultúrtha agus forbairt geilleagair d'athspreagadh tríd an tír? An mbeadh sé réadúil a cheapadh go bhféadfaí na bearnáin go léir a líonadh agus na héalangaí go léir a leigheas laistigh de chaoga bliain? Bímís réadúil, agus aithnímís go bhfuil saothar fós rómhainn lena raibh beartaithe caoga bliain ó shin a chur i gcrích. Aithnímís, freisin, go gcaithfidh gach duine againn a chion féin den tsaothar náisiúnta a dhéanamh. D'éirigh leis an iarracht náisiúnta caoga bliain ó shin toisc gur chuir na mílte de dhaoine aonair a dtoil leis an iarracht agus gur imíodar agus gur dheineadar beart de réir na tola a bhí séalaithe acu. Caithfimíd aithris a dhéanamh ar a réadúlacht. Deineadh gach Éireannach beart chun an tír a shaibhriú i gcúrsaí gnó nó i gcúrsaí cultúra. Níl éinne nach féadann gníomh éigin a dhéanamh.

Más cruaidh an saothar atá fós rómhainn, tá sé sách éasca é a thuiscint ionas gur féidir le gach duine a pháirt a ghlacadh ann. Is féidir le gach duine a thuiscint go mbraitheann slí beatha ár lucht oibre, agus maolú na himirce, ar earraí na hÉireann a cheannach anseo agus earraí na hÉireann a dhíol thar lear. Níl éinne ann nach féidir leis cabhrú a bheag nó a mhór leis an chuid sin den obair. Sainchomhartha náisiúin is ea a theanga náisiúnta is a chultúr dhúchais. Is féidir le gach éinne treisiú leis an nGaeilge agus leis an gcultúr dúchais. Is éascaí a bheidh sé dóibh de réir mar a bheidh deis oideachais níos fearr ag gach aicme ionas go mbeidh an Ghaeilge ann do gach éinne, idir bocht is saibhir, íseal is uasal.

Má dúradh a leithéid cheana agus má táim á athrá, sé an fáth a deirim sin ná go bhfuil sé fíor fós faoi mar a bhí sé fíor an chéad uair adúradh é. Sé lom-chlár na fírinne nach mairfidh an náisiún gan meas ag a mhuintir orthu féin, agus gan toil acu do sheirbhís an náisiúin. Is le muinín asainn féin a deineadh gach dea-bheart go dtí seo, agus is amhlaidh a bheidh choíche. Ná ligimís d'éinne sceimhle nó lagmhisneach a chur siar orainn a thuille.

Má bhíomar tráth inár n-eiseamláir do thíortha eile, bímís fós inár n-eiseamláir sa chuma a mbainfimíd lán-tairbhe as ár bhféin-rialtas. Cad a bh'fhiú an féin-rialtas muna bhfuilimíd chun náisiún slán, foirfe a dhéanamh d'Éirinn leis na comharthaí sochair agus maise aici is dual do náisiún? Is chuige sin a bunaíodh Rialtas dúchasach anseo caoga bliain ó shin. Geallaimís inniu nach staonfaimíd ón saothar go dtí go mbainfimíd an aidhm sin amach go hiomlán. Sin é an cuimhneachán is mó a shantódh na fir a chuir an Rialtas san ar bun.

Ar ocáid comórtha náisiúnta, is cuí go gceapfaí cuimhneachán buan a bheadh oiriúnach. Tá sé socraithe ag an Rialtas go ndéanfar plaic chuimhne a chur suas i dTigh an Árd-Mhéara chun cuimhne an lae a bunaíodh rialtas dóibh a mhúscailt sa phobal líonmhar a thaithíonn an teach seo.

Agus anois, ag tabhairt aghaidh ar an chaoga bliain atá romhainn, guím go raibh againn creideamh ins an náisiún seo mar náisiún ann féin gur dual dí cearta náisiúin agus dílseacht agus seirbhís a muintire. Guím go raibh sé de dhóchas againn go dtabharfar dúinn an náisiún seo a thabhairt slán tré gach fadhb agus gach deacracht a thiocfaidh anuas orainn. Dóchas, freisin, go dtiocfaidh le muintir na deathola i ngach áird d'Éirinn an t-aontas aigne atá eatarthu go fíor a aithint, agus gach easaontas atá á ngearradh amach óna chéile a shárú. Agus guím thar gach ní go raibh grá againn dár dtír, dár muintir, is dár ndúchas, agus go neartaí an tír-ghrá sinn ár ndúil chun an obair atá le déanamh agus na dualgais atá le comhlíonadh ionas go dtuillimís buíochas na nglúine a thiocfaidh inár ndiaidh, faoi mar a thuill ár sínsear an buíochas atáimíd ag tairiscint dóibh inniu.

Liam Mac Cosgair: Is tráthúil an uair í seo, nuair atá Cuimhniú Leathchéad Bliain á dhéanamh ar Chéad-Tionól na Chéad Dála, breithniú a dhéanamh ar an bhforás atá déanta sa leathchéad bliain sin atá caite ón 21 Eanáir, 1919, agus freisin ar an obair atá le déanamh agus nach foláir tabhairt faoi amach anseo.

Is nádúrtha an rud é, agus is deachomhartha é chomh maith, gur gnách linn trácht, go háirithe sna gnáthaighnis pholaitíochta, ar na rudaí nach bhfuil déanta ar aon chor nó ar na rudaí nach ndearnadh ach go dona. Ócáid oiriúnach í seo le haire a dhíriú ar an bhforás a rinneadh d'ainneoin oiread sin deacrachtaí agus díomá. Le beagnach leathchéad bliain, tá feidhm á bhaint againn as an mbun-chuspóir a bhí ag an gCéad Dáil úd, is é sin, an tsaoirse pholaiticiúil a bheith againn chun ár ngnóthaí féin a riaradh de réir ár dtola féin, a cúrsa neamhspleách féin sa saol a leagan amach don náisiún seo a bhuail cath fada na gcéadta bliain chun aitheantas a fháil dá ceart chun neamhspleáchais. Rinne gach Páirtí a bhfuil comhaltaí de anseo inniu cion den saothar sin. Is fíor, ar ndóigh, nach ndearna deimhin maidir le hÉirinn uile den dóchas a bhí ag lucht an tionóil san áit seo leathchéad bliain ó shin. Ní mór dúinn dóchas a bheith againn go réiteofar, diaidh ar ndiaidh amach anseo, na deacrachtaí a choisceann, faoi láthair, an bharrshamhail sin a thabhairt chun críche, agus go mbeidh an tír ina náisiún iomlán amháin arís, a bheidh bunaithe ar chomhthuiscint agus ar chomhar coiteann. Ní dhéanfaidh smacht ná éigean gnó chuige sin; is as comhuinín agus comhleasanna a shaothrú a thiocfaidh sé.

Bíonn deacrachtaí le réiteach i gcónaí nuair a bhunaítear Stát nua, agus bhí orainne go leor den leathchéad bliain seo caite a chaitheamh i mbun na ndeacrachtaí a bhain dúinn féin. Is é an gníomh atá le déanamh againn anois úsáid iomlán a dhéanamh den deis atá tugtha ag an tsaoirse dúinn, agus an saol sóisialach sin a bhunú dár muintir a thabharfaidh ceart a bheith leis an troid fhada pheannaideach ar son na saoirse.

Cé gur mór é an forás i gcúrsaí sóisialacha agus eacnamaíochta ó bunaíodh an Stát, is iomaí sin deacracht atá le réiteach fós. An fad atá cuid dár muintir gan slí mhaireachtála chóir nó gan deis teacht ar an tslí sin, níl meanma na muintire a thionóil anseo an 21ú lá d'Eanáir, 1919, bainte amach againn. Is ceart dúinn go léir rún daingean a dhéanamh polasaí a ghlacadh chugainn na leasuithe a dhéanamh is gá chun na críche sin. Is é a chreidim go réiteofar na deacrachtaí sin má bhíonn polasaithe críochnúla, rún daingean agus cinnireacht chobhsaí, againn. Caithfimid dul i mbun gnímh arís go dícheallach ionas go bhfeadfaidh an dream a thiocfaidh inár ndiaidh féachaint siar le bród ar an saothar a bheidh déanta.

Breandán Mac Fheorais: Ar ócáid dá leithéid seo, agus sa seomra stairiúil seo, gabhann iarracht d'anbhuaine mé ar éirí dom chun labhairt, agus braithim nach bhfuil mé inniúil mar is ceart chuige. Is mar sin atá agam de bhrí gur meabhair liom an mheanma ardaidhmeannach agus ard-díograise a bhí sa seachtar Teachta is tríocha a bhí i láthair sa teach seo ar chéad-tionól na Chéad Dála agus sa seisear is tríocha eile a bhí á gcoinneáil i bpríosún mar gheall ar a gcreideamh i gcúis na saoirse.

Ag féachaint siar dúinn ar an ócáid sin, is é is dóichí gur lena linn a bhí barr aontachta agus barr nirt sa mhórghluaiseacht shóisialach agus náisiúnta ar fad—gluaiseacht na Poblachta san am sin.
As an aontacht agus as an neart sin tháinig borradh faoin ngluaiseacht náisiúnta de thoradh íobairt na ndaoine a fuair bás i gcomhrac agus na ndaoine a thug a n-aghaidh ar na díormaí lámhaigh.

Na fir a tháinig anseo cothrom an lae seo leathchéad bliain ó shin, thug siad a ndúshlán faoi Impireacht ollmhór. Ach ní hiad amháin is díol ómóis linn inniu. Cuimhnímid chomh maith ar Phádraig Mac Piarais, ar Shéamas Ó Conghaile agus ar Thomás Ó Cléirigh agus ar a gcomrádaithe a chuir bonn faoin ngluaiseacht sin, de bharr a misnigh agus a n-íobartha, agus a thug díograis dhaingean do phobal na tíre ar fad.

Ach ní fhéadfadh toradh níos fearr a bheith ar dhílseacht agus ar bharrshamhlachas na mórghluaiseachta náisiúnta sin ná an vóta ollmhór a fuarthas i dtoghchán na bliana 1918.

Bhí fealsúnacht shóisialach agus pholaitiúil an Phiarsaigh agus an Chonghailigh mar spreagadh ag lucht an tionóil sin, ar an 21ú lá d'Eanáir, 1919. Tugadh léiriú comair ar an bhfealsúnacht sin i bhForógra 1916 agus tugadh míniú níos iomláine uirthi i gClár Daonlathach na Chéad Dála. Bhí an dearbhú sin, a rinneadh os comhair na Dála sa bliain 1919, ag freagairt chomh dlúth sin do na buntreoracha a léiríodh i bhForógra 1916 nach foláir nó gur chuir sé tógáil croí ar phobal na haimsire sin, na daoine a vótáil do na Teachtaí sin agus do na barrshamhla a léiríodh chomh glinn sin.

Na Teachtaí a bhí ina suí anseo sa bhliain 1919, nó a bhí i bpríosún an tráth sin, ba chuid iad de ghluaiseacht iontach ag muintir na hÉireann chun saoirse shóisialach a bhaint amach chomh maith leis an tsaoirse pholaitiúil.

Is é mo dhearcadhsa ar an lá inniu gur lá é a gcuirimid sinn féin faoi gheall os comhair phobal na hÉireann ár ndóchas a chur, as an nua, sa Phoblachtánachas Sóisialach a bhí de chuspóir ag na sárfhir sin a ghnóthaigh dúinn an tsaoirse atá againn.

Gabhaim an geall sin orm thar ceann mo Pháirtí, mar is é a chreidim go dtugann comóradh mar é seo léargas breise ar thréimhse athnuachana atá imithe le fada, agus arb é mian phobal na tíre seo a samhail a bheith i dtreis arís.

Measaim go bhfuil an tráth tagtha don náisiún seo filleadh ar bhunphrionsabail Shéamais Uí Chonghaile, Phádraig Mhic Phiarais agus Thomáis Uí Chléirigh, agus go bhfuil an ghlúin seo ag féachaint, den chéad uair, le heolas ceart a fháil ar an mbrí a bhí ag na fir sin leis an bPoblachtánachas.

Leathchéad bliain ó shin ba iad meanma agus mian ghnáthmhuintir na tíre seo náisiún a bheith acu gan tiarnaí talún, agus í saor ó thiarnas lucht rachmais ón gcoigrích; náisiún ina ndéanfaí comhchúram dá clann go léir agus nach le léamh ar scamaill na spéire a bheadh comhdheiseanna dóibh. Ba é a n-aisling náisiún a bheith acu ar sheirbhísigh ann don phobal, agus nár mháistrí ann ar an bpobal, na meáin eile chun maoin a chur ar fáil, agus a mbeadh tosaíocht ann ag ceart agus leas an phobail ar cheart an duine aonair chun maoine.
Measaim go bhfuil an tráth tagtha a gcaithfimid feidhm a thabhairt do na barrshamhla a bhí i bhForógra 1916 agus sa Chlár Daonlathach a fógraíodh ag céad-tionól Dháil Éireann, atá á chomóradh againn inniu. Is é an chéad dualgas atá orainn, faoi mar a dúradh sa Chlár Daonlathach “gléas a sholáthar chun leas corpartha, leas spioradálta agus leas intleachta na leanaí a chur in áirithe dóibh, féachaint chuige nach mbeidh an t-ocras ná an fuacht ag goilliúint ar aon leanbh cheal bia, éadaigh ná dín tí, ach go bhfaighidh siad gach cóir agus gléas is gá dóibh chun teagasc agus taithí cheart a thabhairt dóibh i gcóir na hoibre a bheidh le déanamh acu mar chomhaltaí den Saorstát Gaelach”. Sinne na hoidhrí orthu. Sin é ár ndualgas.

Ba léir do dhaoine ar nós ár nUachtaráin athmhúscailt na hÉireann, agus thug siad léiriú do na forshamhla a bhain leis an athmhúscailt sin.
Inniu tá athmhúscailt eile á dhéanamh in Éirinn, agus is é ár ndualgas go léir í a aithint agus feidhm a thabhairt di. Is é ár ndualgas ina cheann sin í a threorú ar an gconair chun na gcuspóirí náisiúnta agus sóisialacha atá fite fuaite trí thionscnamh ár saoirse.

Labhraímse le bród ó leith an lucht Oibreachais, mar is é Séamas Ó Conghaile a thúsaigh an ghluaiseacht Oibreachais, agus ina theannta sin a bhunaigh Arm na Saoránach chun troid ar son na saoirse. Agus léirigh na mílte de lucht ceardchumann, a tháinig faoi anáil Uí Chonghaile agus Uí Lorcáin, a ndlúth-thacaíocht le gluaiseacht na saoirse nuair a ghlac siad páirt i stailceanna ginearálta agus a thug siad a mbeo ar son na cúise.

Tá bród orm gurbh fhear de chuid an Pháirtí Oibreachais, Tomás Mac Eoin, ár gcéad cheannasaí, an té a scríobh bundréacht an Chláir Dhaonlathaigh, ar cuireadh a leath isteach sa chlár deiridh.

Tá bród orm freisin gur dhruid Pádraig Mac Piarais agus Séamas Ó Conghaile i leith a chéile, ó spiorad agus ó mheanma, sna laethanta glórmhara deiridh úd nuair a d'aiséirigh an náisiún faoi nuachruth, agus is é mo dhóchas go dtiocfadh a samhail sin d'aontacht inniu idir aigne an Phoblachtánachais agus aigne an Oibreachais d'fhonn réiteach a fháil ar na mórfhadhbanna atá roimh phobal na hÉireann faoi láthair.

Tá geallta agam thar ceann mo Pháirtí go mbeidh d'aidhm acu san am le teacht an obair atá riachtanach a chur ar fáil do na daoine, na tithe atá de dhíth orthu a thógáil, an tseirbhís sláinte is dual dóibh a sholáthar, agus sócúl a chur in áirithe don sean agus don easlán i gcomaoin a bhfuil déanta acu ar ár son.

Agus ag féachaint amach dúinn thar na fairrgí atá inár dtimpeall, tá mo Pháirtí curtha faoi gheall agam go gcloífimid le conair na síochána agus an neodrachais agus na saoirse don uile dhuine, cibé áit a mbeidh siad i mbraighdeanas.

Leis an intinn sin againn, ní mór dúinn cuimhneamh ar ráitis an Chonghailigh, a dhearbhaigh gurb iad na haidhmeanna céanna atá ag an bpobal thuaidh agus theas. Gan cruatan an tsaoil a bheith ag cur orthu, d'fhéadfaidís taitneamh a bhaint as an áilleacht agus as na buanna atá ag baint leis an teanga Ghaeilge agus lena litríocht.

Mar a dúirt an Conghaileach: “Is fadbh shóisialach í fadbh na hÉireann”. Ba neamhní leis tír na hÉireann gan muintir na hÉireann a chur san áireamh. Sin í, gan athrú, an fhealsúnacht atá againne.

Sliocht as Díospóireachtaí Parlaiminte Sheanad Éireann.

An Leas-Chathaoirleach (An tOllamh Séamus Ó Dubhaigh): Titeann sé de chúram ormsa, mar Leas-Chathaoirleach, labhairt thar ceann an tSeanaid ag an tionól cuimhneacháin seo. An tOireachtas atá ann anois—an tUachtarán agus dhá Theach—is oidhre é ar Oireachtas 1919, a bhí i bhfad níos simplí ina chomhdhéanamh. Ní raibh Seanad ar bith ann i 1919, de bhrí, b'fhéidir, nach raibh baint ag an bpobal le toghadh Theach na dTiarnaí sa Bhreatain. Tugadh don Dáil atá againn anois an mhórchuid den chumhacht agus den údarás a bhí ag an gCéad Dáil Éireann. Tá ár ndúil agus ár ndóchas leis, áfach, gur tháinig d'oidhreacht chun an tSeanaid, mar mhac sóisear, cion éigin den bharrshamhlachas agus den díograis ba shaintréith sa chéad Dáil sin.

D'ainneoin gach cor a tháinig ar an saol le himeacht na haimsire, tá rian an leanúnachais le haithint ar mhórán gnéithe de na hinstitiúidi polaitíochta i ngach uile thír. Is féidir leis an staraí, ag féachaint siar dó ar ar tharla, an leanúnachas bunúsach a aithint thar an leanúnachas neamhriachtanach. Sinne atá tagtha le chéile anseo inniu mar chomhaltaí d'Oireachtas Éireann, b'fhéidir gur deacair dúinn idirdhealú dá leithéid sin a aithint de bhrí nach bhfuil an saineolas againn, agus go bhfuil tráth na chéad Dála róchóngarach dúinn.

Ós rud é go raibh a lán de chomhaltaí na Chéad Dála ina bhfir óga, níl briseadh iomlán fós ar an gcuing leis na daoine ba chomhaltaí di, ach faraíor is caol an chuing í anois. Cuid mhaith de nós imeachta an Oireachtais, tá sé ag teacht le gnásanna na Chéad Dála, bíodh gur claonadh nádúrtha é an nós imeachta ag comhdháil réabhlóideach a theacht chun foráis agus chun forbartha faoi anáil na saoirse. Is gnó é do lucht saineolais ar chúrsaí polaitíochta agus comhdhaonnachais a mheas an bhfuil aidhmeanna bunúsacha na polaitíochta in Éirinn i 1969 ag réiteach leis na haidhmeanna a bhí ann leathchéad bliain ó shin. Is cosúil, áfach, go bhfuil athrú ar an ord tosaíochta agus ar na pointí treise i dtaca le beartais phraiticiúla de.

Gach glúin dá dtagann, bíonn dualgas stairiúil dá gcuid féin le comhlíonadh acu. Ní éiríonn leo i gcónaí é a dhéanamh go maith; ní chuireann siad go léir i gcrích an rud a bheartaigh siad a dhéanamh. Ós daoine daonna iad an dream a bhíonn ag gabháil don pholaitíocht, chomh maith leis an bpobal a chuireann i seilbh na cumhachta iad, d'fhéadfadh sé go mbeadh dearmad orthu faoina ndualgas stairiúil, nó d'fhéadfadh sé nach dtoghfaidís an bealach is fearr chun é a chomhlíonadh, nó nach mbainfidís an fheidhm is fearr is féidir as na modhanna a thogh siad chuige. An ghlúin is díol onóra linn inniu, thogh siad a modhanna féin agus thug siad i gcrích an mhórchuid dar chuir siad rompu a dhéanamh.

An chuid againn a tháinig ar an saol i ndiaidh na glúine sin, téann sé an-dian orainn méid a n-éachta a shamhlú agus a thuiscint go soiléir. Is minic milleán á chur orthu toisc nár bhain siad amach gach a raibh uathu, nó toise nár chuir siad breis is aon réabhlóid amháin i gcrích le linn saolré aon ghlúine amháin. Na daoine atá ag iarraidh feabhas a thabhairt ar mhianach an tsaoil in Éirinn inár gcomhaimsir, ní beag de chúis mhaíte a bheidh acu má éiríonn leo a chruthú go ndearna siad cothrom na héachta sin ag freastal do na cúraimí nua atá rompu amach, ag aimsiú modhanna nua chun fadhbanna nua a réiteach, ag cur an nua-Éire a tháinig d'oidhreacht chucu i gcéim agus i réim níos airde fós. Gach glúin dá dtagann, is é is gnáthaí gur ar an nglúin a bhí ann rompu is mó a bhíonn cáineadh acu. De réir dealraimh, tá sin fíor i dtaobh na glúine seo, agus b'fhéidir gurbh é an cás céanna é ag an nglúin atá á dtabhairt chun cuimhne againn. Mar dhuine a rugadh faoi spéir na saoirse, beidh mé sásta má chruthaíonn an ghlúin ar díobh mé chomh maith agus a chruthaigh an ghlúin a mhóraimid anseo inniu.

Ag an gcéad chruinniú den Chéad Dáil, dúirt an Ceann Comhairle go raibh tráth na cainte thart. Ba mhaith an rud é mar sin nach leanfaimis rófhada den chaint ar an ócáid seo. Ar an 21 Eanáir, 1919, dúradh, agus rinneadh, mórán a raibh tábhacht leis, laistigh de dhá uair a chloig. Léirimis anois méid ár measa ar an saothar a cuireadh i gcrích, agus gabhaimis ar ais i mbun ár ndualgais féin le breis dúthrachta agus dóchais.

An Ceann Comhairle: Tá an Dáil ar athló go dtí Dé Máirt, 4 Feabhra, 1969.

Cuireadh an Dáil ar athló ar 4.30 p.m. go dtí 3 p.m., Dé Máirt, 4 Feabhra, 1969, mar a ordaíodh cheana féin.

Next | Up | Previous

21 January, 1969


 
Users who read this document also viewed..
01 January 2004 - Joint Sittings of the Houses of the Oireachtas, Addresses to more ...
01 January 2004 - Standing Committees of Seanad Éireann Index Page more ...
01 January 2004 - I am fully cognisant of the great honour that has been done me more ...
01 January 2004 - I speak to you today as a constituent part of this Oireachtas. I more ...
01 January 2004 - President Robinson: A Cheann Comhairle, a Chathaoirligh an more ...