Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán debate -
Tuesday, 17 Jan 2017

Cathracha Dátheangacha: Gaillimh le Gaeilge

Fáilte romhaibh go léir agus athbhliain faoi mhaise daoibh. Tá bliain chrua amach romhainn, trí Ghaeilge agus trí Bhéarla. Ba mhaith liom fáilte croíúil a chur roimh an dtoscaireacht ó Ghaillimh, go sonrach ó Ghaillimh le Gaeilge, Ms Bríd Ní Chongóile agus Dr. Iggy Ó Muircheartaigh. Táimid ag tnúth le bhur gcur i láthair.

Ms Bríd Ní Chonghóile

Go raibh maith agat a Chathaoirligh.

Gabh mo leithscéal a Ms Ní Chongóile. Ní mór dom a rá freisin go bhfuil triúir agus mé féin anseo. Tá sé thar a bheith deacair do Theachtaí Dála bheith anseo mar tá Dáil Éireann ina suí freisin. Feiceann sibh é sin ar an monatóir.

Ms Bríd Ní Chonghóile

Go raibh míle maith agat a Chathaoirligh.

I dtús báire tá píosa dlí agus reachtaíocht le léamh amach chun cur in iúl daoibh bheith cúramach maidir le bhur gcuid focal.

Sula rachaimid ar aghaidh tá rud eile le déanamh againn. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráiteas tionscnaimh a chur siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó leis na hoifigigh, ina ainm nó ina hainm ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Ms Bríd Ní Chonghóile

Go raibh míle maith a Chathaoirligh. Ba mhaith liom cur in iúl, ar dtús, go mbeidh cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge linn thart ar leathuair tar éis a dó. Go raibh míle maith agaibh as an gcuireadh labhairt libh anseo inniu maidir le Gaillimh le Gaeilge agus stádas dátheangach do Ghaillimh – Príomhchathair Chultúir na hEorpa, 2020. Is ábhar bróid dúinn i nGaillimh le Gaeilge gur aontaigh comhairleoirí cathrach na Gaillimhe rún i bhfómhar na bliana 2015 le stádas dátheangach a bhronnadh ar an gcathair. Lá mór don Ghaeilge agus do Ghaillimh araon nuair a d’fhógair Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, Cathair na Gaillimhe mar an chéad chathair in Éirinn le stádas dátheangach oifigiúil Dé Luain, 7 Márta 2016. Bhí an stádas seo ar cheann de na príomhspriocanna ag Gaillimh le Gaeilge agus muid i mbun ár gcuid oibre ag cur na Gaeilge chun cinn i gcathair na Gaillimhe.

Dearbhú atá sa stádas speisialta seo do thodhchaí na Gaeilge sa chathair agus deimhníonn sé an tábhacht eacnamaíochta agus chultúrtha atá leis an teanga. Tá tionchar leanúnach ag an nGaeltacht ar Chathair na Gaillimhe, ar a féiniúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch. Téann suíomh na cathrach – gar don Ghaeltacht is mó sa tír – go mór chun a leasa eacnamaíochta freisin. Ní hamháin gur fiú os cionn €136 milliún in aghaidh na bliana an Ghaeilge do chathair agus do chontae na Gaillimhe, ach cuireann sí go mór leis an eispéireas cultúrtha a fhaigheann cuairteoirí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin mar go gcloiseann siad an teanga agus go bhfeiceann siad muintir na Gaillimhe á húsáid mar chuid dá saol laethúil. Tá an Ghaeilge lárnach freisin i gcothú atmaisféar beo fuinniúil na Gaillimhe agus i gcáil na cathrach mar chathair chultúrtha, agus is cinnte gur chuidigh úsáid fhorleathan na Gaeilge sa chathair le Gaillimh an stádas mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, 2020 a bhaint amach.

Bunaíodh Gaillimh le Gaeilge chun a chinntiú go leanfadh an buntáiste mór geilleagrach don chathair a ghabhann leis an nGaeilge. Ó bunaíodh í, tá ag éirí le Gaillimh le Gaeilge infheictheacht na Gaeilge a ardú, agus úsáid na Gaeilge ó lá go lá a chur chun cinn sa chathair. Tá ag éirí le scéimeanna ar nós Cairde Ghaillimh le Gaeilge agus Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh dul i bhfeidhm ar phobal leathan ar bhealach cairdiúil agus oscailte.

Cuireann muid ina luí ar ghnólachtaí na cathrach, a bhíonn ag fás agus ag méadú i gcónaí, go bhfuil ciall ag baint le húsáid na Gaeilge agus mar thoradh ar na gníomhaíochtaí sin, cuirtear go mór le hinfheictheacht na Gaeilge sa Chathair, agus bíonn tionchar aige seo ar dhea-thoil i leith na teanga.

Cuireann muid seirbhís aistriúcháin agus tacaíocht phraiticiúil ar fáil chun cabhrú leis an lucht gnó comharthaíocht, páipéar ceannteidil, biachláir, suímh ghréasáin agus araile atá dhátheangach a sholáthar.

Is ar infheictheacht na teanga a dhíríonn muid ár n-aird go príomha toisc go mbíonn tionchar mór ag timpeallacht dhátheangach fheiceálach, agus toisc gur sprioc insroichte é lenár n-acmhainní teoranta. Ba mhaith liom ag an tráth seo ár mbuíochas a chur in iúl don Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta – príomh-mhaoinitheoirí Ghaillimh le Gaeilge – as ucht an mhaoinithe a chuireann siad ar fáil dúinn gach bliain tríd an gCrannchur Náisiúnta.

Is mór an cúnamh dúinn é chun ár gcuid seirbhísí a chur ar fáil do mhuintir na Gaillimhe agus, le cúnamh Dé, beidh ardú ag teacht ar an maoiniú sin sna blianta amach romhainn. Tá ár mbuíochas tuillte chomh maith ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus scéim Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe a chuireann suim fhiúntach airgid ar fáil dúinn gach uile bliain.

Tá Gaillimh le Gaeilge ag leibhéal maoinithe faoi láthair nach féidir linn titim faoi. Tá deis aonuaire againn sa chúpla bliain seo romhainn, i gcomhthéacs Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, 2020, cabhrú le réimsí breise de shaol na cathrach an dátheangachas a fhorbairt. Chuige sin teastóidh foireann bhreise agus ciallaíonn sé sin méadú substaintiúil ar achmainní Gaillimh le Gaeilge, le tacaíocht airgeadais á fáil againn ó fhoinsí éagsúla. Go deimhin, tá sé ríthábhachtach go gcuirfí méadú substaintiúil ar ár maoiniú le go mbeidh ar ár gcumas freastal ar réimsí eile seachas an réimse gnó agus seirbhísí níos cuimsithí a sholáthar don réimse gnó freisin.

I measc thograí Ghaillimh le Gaeilge, tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. Sheol Gaillimh le Gaeilge an gradam seo chun aitheantas a thabhairt do chuideachtaí agus d’eagraíochtaí a úsáideann an Ghaeilge ina ngnóthaí laethúla, agus a chuireann, dá bhrí sin, le cur chun cinn na Gaillimhe mar chathair dhátheangach. In onóir Sheosaimh Uí Ógartaigh, nach maireann, a ainmníodh an gradam. Ba chomhalta bunaidh agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge é. Tá an gradam ag dul ó neart go neart ó bunaíodh é, agus méadaíonn líon agus éagsúlacht na n-iontrálaithe gach bliain.

Is é an príomhurraitheoir, an Galway Advertiser, le tacaíocht Chumann Tráchtála na Gaillimhe agus urraíocht ó ghnólachtaí áitiúla agus náisiúnta eile, a mhaoiníonn an gradam. Bíonn breis agus €23,000 i gceist leis.

Chun cabhrú le gnólachtaí ullmhú don ghradam, cuireann muid an tseirbhís Gaeilge sa Ghnó ar fáil chun gnólachtaí a threorú tríd an bpróiseas chun Gaeilge a shníomh isteach ina ngnó. Déanann muid athbhreithniú ar an ngnó ó thaobh a íomhá de, comharthaíocht, ábhar margaíochta, na meáin shóisialta, ábhar fógraíochta agus araile agus déanann muid scrúdú ar na féidearthachtaí i leith úsáid na Gaeilge. Bíonn foireann Ghaillimh le Gaeilge ar fáil le haghaidh comhairle agus aistriúchán a thabhairt, de réir mar is gá.

Tá obair An Choiste Logainmneacha i nGaillimh ar cheann de na héachtaí is infheicthe agus is mó tionchar ó thaobh timpeallacht dhátheangach a chruthú. Bhunaigh Gaillimh le Gaeilge an Coiste Logainmneacha i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun logainmneacha feiliúnacha Gaeilge a chur ar fáil d’fhorbairtí nua tithíochta sa chathair. Cuirtear logainmneacha ar fáil i gcomhthéacs an cheantair áitiúil agus bunaítear ar thraidisiún fairsing agus ar shaibhreas na logainmneacha Gaeilge iad. Sa bhliain 2013, socraíodh téarmaí tagartha an choiste a leathnú chun páirceanna gnó, ionad pobail agus bóithre a ainmniú go dhátheangach nó i nGaeilge amháin de réir mar is cuí.

Cuirtear Gaeilge labhartha chun cinn freisin trí imeachtaí éagsúla gnó ina gcuirtear an pobal gnó in aithne dá chéile, "lón gnó" agus imeachtaí séasúracha ina measc. Tá ról stocaireachta agus abhcóideachta ag Gaillimh le Gaeilge freisin, a chuireann aitheantas agus úsáid na teanga chun cinn i struchtúir chathrach ar nós gníomhaireachtaí turasóireachta, grúpaí gnó, agus araile.

Tá triúr fostaithe go lánaimseartha ag Gaillimh le Gaeilge faoi láthair agus is é an bord, ar a bhfuil deichniúir stiúrthóirí, a leagann amach an polasaí. Tá Gaillimh le Gaeilge cláraithe mar chuideachta theoranta le stádas carthanachta agus dá bhrí sin mar chuideachta nach do bhrabús í.

Chun stádas dátheangach na cathrach a neartú, tá sé tábhachtach na spriocanna seo a leanas a chur i bhfeidhm ar bhealach tomhaiste agus stuama, sna blianta amach romhainn. An leibhéal dátheangachas gníomhach atá in úsáid i gCathair na Gaillimhe a mhéadú agus cúnamh leanúnach cuí a thabhairt don leibhéal ard dátheangachais atá le feiceáil agus a bhfuil cáil ar Ghaillimh dá bharr.

Comhaontú leis na húdaráis turasóireachta chun margaíocht a dhéanamh ar Chathair na Gaillimhe agus í a bhrandáil mar chathair dhátheangach, ag baint úsáid as lógó speisialta a dhearfar chun na críche sin agus as straitéisí brandála ábhartha eile, de réir mar is cuí.

Dearbhú a fháil ó pháirtithe leasmhara ábhartha eile, go háirithe iad siúd atá cláraithe mar chairde Ghaillimh le Gaeilge, go n-úsáidfidh siad an lógó a dhearfar chun an chathair a bhrandáil mar ‘Gaillimh: an Chathair Dhátheangach’, aon uair is féidir leo, ina gcuid ábhar margaíochta féin.

Tá Gaillimh ainmnithe ag an Aire Stáit do ghnóthaí Gaeltachta, Teachta Seán Kyne, mar bhaile seirbhíse Gaeltachta, faoi fhorálacha alt 9 de Acht na Gaeltachta 2012, an t-aon chathair le bheith páirteach sa phróiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012. Tá comhráití ar siúl idir Ghaillimh le Gaeilge, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe chun iarratas comhaontaithe a dhéanamh ar Fhoras na Gaeilge chun tabhairt faoin bpróiseas pleanála teanga don chathair.

Ceann de na dúshláin atá ann anois ná féachaint chuige go mbeidh na seirbhísí go léir a lorgaíonn cainteoirí Gaeilge na Gaeltachta agus cainteoirí Gaeilge na cathrach le fáil acu go héasca ina dteanga féin. Dá réir sin, i gcomhar le Gaillimh le Gaeilge, tá cinneadh déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe coiste stiúrtha a bhunú ar a mbeidh ballraíocht ag comhairleoirí, baill foirne den chomhairle, Gaillimh le Gaeilge agus daoine ábhartha eile atá freagrach as eolas a sholáthar don phobal maidir le seachadadh sheirbhísí dátheangacha. Tabharfaidh an coiste tacaíocht ghníomhach do neartú na Gaeilge sa saol cathartha agus cultúrtha agus i ngnó na cathrach.

Beidh a leanas riachtanach freisin: foireann bhreise a earcú chun na spriocanna a eascróidh as an bplean teanga do chathair na Gaillimhe agus a bhaineann go sonrach le hoibreacha Ghaillimh le Gaeilge a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go stuama; na limistéir sin atá laistigh de theorainneacha chathair na Gaillimhe nó ar imeall na cathrach agus atá aitheanta mar limistéir oifigiúla Ghaeltachta a ainmniú mar limistéir pleanála teanga Ghaeltachta faoi fhorálacha alt 7 de Acht na Gaeltachta 2012; pobail eile sa chathair a ainmniú, de réir mar is cuí, mar líonraí Gaeilge faoi fhorálacha alt 11 de Acht na Gaeltachta 2012.

Le cathair na Gaillimhe ag bogadh i dtreo an stádais mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa in 2020, is mithid anois Gaillimh a fhorbairt mar lárionad domhanda de chultúr traidisiúnta Ceilteach agus Gaelach. Tarraingeoidh sé sin turasóirí agus beidh tionchar aige ar fhorbairtí eacnamaíochta, sóisialta agus cultúir sa gcathair. Déanfar an Ghaillimh seo leis an bhféiniúlacht chultúir faoi leith atá aici a mhargú go straitéiseach ar fud an domhain ina measc siúd a bhfuil baint acu le hÉirinn nó leis na Ceiltigh. Beidh acraí taispeána agus léirmhínithe an fhiontair in ionad fisiciúil sa chathair. Tabharfaidh an togra seo aghaidh ar an diaspóra Gaelach ar bhealach a bhfuil brí leis. Beidh an Ghaeilge i gcroílár na forbartha agus leagfar béim ar chur chun cinn na teanga sa bhforbairt agus fios againn go bhfuil buntáiste mór eacnamaíoch ag Gaillimh as an nGaeilge go dtí seo.

Is féidir le bailte agus cathracha eile mórthimpeall na tíre múnla chathair na Gaillimhe a chur i bhfeidhm ina mbailte agus ina gcathracha féin go cinnte, ach an tacaíocht chuí a bheith ar fáil dóibh. Ní mór buntáiste eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha na teanga a shonrú agus a thaispeáint don dream ar mian leo dul i bhfeidhm orthu mar aon le seirbhísí gairmiúla lán-aimseartha a sholáthar dóibh chun cuidiú leo gnó agus timpeallacht dhátheangach a fhorbairt.

Tá súil agam go dtugann an méid seo blaiseadh don choiste ar an obair atá idir lámha againn i nGaillimh, Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020. Táimid 30 bliain ar an bhfód i mbliana agus, le cúnamh Dé agus leis an tacaíocht chuí, leanfaidh Gaillimh le Gaeilge ar aghaidh leis an obair chun infheictheacht agus úsáid na Gaeilge a mhéadú agus sochaí atá cothrom agus dátheangach a fhorbairt ar aon dul le beartas dátheangachais an Rialtais féin.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Cur i láthair cruinn agus cuimsitheach a bhí ann. Ag an bpointe seo, cuirim céad míle fáilte roimh chathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey.

Ms Bernadette Mullarkey

Tá brón orm. Bhí mé ag cruinniú eile.

Tá sé ceart go leor. Bhí cuid de na baill déanach freisin. Níl aon lucht ar an bhfinné. An bhfuil aon fhinné eile ag iarraidh teacht isteach ag an bpointe seo nó an bhfuil sé go léir ráite ag Bríd Ní Chongóile? Is féidir libh teacht isteach tar éis na ceisteanna.

Tá sé anois 2.45 p.m. Déanfaimid plé le Gaillimh le Gaeilge go dtí 3.10 p.m. mar nach mór dúinn am a thabhairt don toscaireacht eile. Beidh ceisteanna againn anois. Iarraim ar na baill é a choinneáil ina n-aigne go mbeidh deireadh leis an bplé seo ag an am sin. Tá mé mar mhúinteoir crosta anseo. Tógfaimid ceisteanna ar dtús ón Seanadóir Ó Clochartaigh.

Cuirim céad fáilte roimh na finnéithe. I dtosach báire, táim an-shásta go bhfuil an deis againn comhghairdeachas a dhéanamh le Gaillimh le Gaeilge as an obair éachtach atá deanta acu le 30 bliain. Tá sé deacair a shamhlú go bhfuil sé 30 bliain ar an bhfód. Tá fios agam ar an obair a dhéanann siad ó lá go lá le foireann an-bheag agus daoine an-díograsacha atá ag plé leis an rud ar fad. Tá ard-mholadh tuillte acu as an méid sin agus is eiseamláir iontach iad do bhailte eile timpeall na tíre. Bheadh sé go maith dá bhféadfadh siad sampla Ghaillimh le Gaeilge a leanúint.

Cén difríocht atá feicthe ag na finnéithe in úsáid na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe le 30 bliain anuas? Nílim ag tagairt díreach don obair a dhéanann Gaillimh le Gaeilge, ach ag caint go ginearálta atá mé. Cá bhfuilimid ag dul, dar le na finnéithe? Tá go leor cainte faoi Gaillimh 2020. Luaigh Bríd Ní Chongóile cuid de na sonraí ina ráiteas oscailte. Cé as a dtiocfaidh an t-airgead do na rudaí atá siad ag iarraidh a dhéanamh? An bhfuil aon tuairimí acu ag an bpointe seo? An bhfuil siad ag déanamh iarratais ar eagraíochtaí éagsúla, nó cá bhfeiceann siad an pota óir a bhaineann le Gaillimh 2020?

Céard a chiallaíonn an stádas dátheangach go praiticiúil? An rud é atá díreach ar pháipéar, nó an bhfuil aon bhunús praiticiúil i ndáiríre píre don dream nach mbeadh chomh dearfach sin faoi, b'fhéidir? Maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, táimid ag déanamh tuairisce faoi sin. Is dócha go bhfuil sé fíor-thábhachtach. I ndáiríre, céard é meas na bhfinnéithe ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ag an bpointe seo? An bhfuil siad sásta nó mí-shásta leis? An bhfuil sé á chur i bhfeidhm mar is ceart? Ar mhaith leo rudaí eile a fheiceáil déanta? Cad iad na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann leis?

Luadh méadú ar mhaoiniú. Céard atá i gceist le sin? Ní ceist airgid amháin atá ann, ach ceist acmhainní. Daoine, acmhainní, áiseanna agus mar sin de. Céard a theastaíonn uaidh Gaillimh le Gaeilge go mbeadh sé in ann a obair a dhéanamh níos fearr arís? De réir mar a thuigim, níl aon ról ag Gaillimh le Gaeilge sa gcontae ach an oiread. An bhfuil aon chaint go mbeadh ról ag Gaillimh le Gaeilge ar fud an chontae nó an bhfuil sé teoranta don chathair amháin?

Tá ceist amháin atá achrannach go leor maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Is iad sin na ceantracha Gaeltachta sa gcathair. Táim ag caint ar Thír Oileáin, Mionlach, Cnoc na Cathrach agus áiteanna mar sin. Déarfadh daoine nach Gaeltachtaí i ndáiríre iad sin níos mó agus gur cur i gcéill ar fad é a bheith ag rá gur cheantair Gaeltachta iad. Agus Gaillimh le Gaeilge ag comhoibriú leis an gcomhairle cathrach agus an cumann tráchtála, céard atá siad in ann a dhéanamh chun ceantair Gaeltachta a dhéanamh astu sin? An bhfuil an cath caillte? An bhfuil aon dóchas ann dóibh? Ó thaobh na straitéise agus na hacmhainní teoranta atá Roinn na Gaeltachta de, an ceart dúinn a bheith ag díriú ar na fíor-cheantracha Gaeltachta seachas na ceantracha uirbeacha?

Tógfaimid ceisteanna ón Teachta Ó Cuív. Beidh deis ansin ag na finnéithe freagraí a thabhairt. Beidh beirt bhall fágtha le ceisteanna a chur ina dhiaidh sin.

Ar an gcéad dul síos, cuirim fáilte roimh na finnéithe. Ba mhaith liomsa moladh a thabhairt don obair atá ar bun. Luaigh Bríd Ní Chongóile gradam Uí Ógartaigh agus mar sin de. Is maith ann iad. Tá dhá rud thar a bheith feiceálach déanta ag Gaillimh le Gaeilge. Is iad sin comharthaíocht ar shiopaí agus in áiteanna ar fud an bhaile agus logainmneacha. Tá siad thar a bheith feiceálach. Tá go leor de na logainmneacha i nGaillimh anois i nGaeilge amháin. An rud atá spéisiúil ná go dtagann go leor daoine isteach i m'oifigse nach ó bhunadh na hÉireann iad ar chor ar bith. Teifigh agus dreamanna eile ó fud fad an domhain atá iontu. Níl fadhb ar bith acu le hainm Gaeilge, mar nach mbíonn fadhb againne nuair a théann muid thar sáile glacadh le hainmneacha atá i bhFraincis sa Fhrainc agus mar sin de. Is eiseamláir í Gaillimh gur féidir ainmneacha Gaeilge a úsáid ar institiúidí, ar eastáit agus ar bhóithre agus nach mbíonn fadhb ag an bpobal eachtrannach déileáil leo. Is mó de fhadhb a bhíonn ag roinnt daoine atá in éadan na Gaeilge in Éirinn glacadh le na hainmneacha Gaeilge le hais na n-eachtrannach.

Molaim an obair atá ar bun ag Gaillimh le Gaeilge. Tá cúpla buncheist agam. Tá sé thar cinn gur bhronnadh stádas ar Ghaillimh le Gaeilge. Céard a chiallaíonn stádas muna bhfuil plean agus comhoibriú ó na mór-institiúidí chun an stádas sin a dhéanamh fírinneach?

An bhfuil sé i gceist plean comhtháite a réiteach i gcomhairle leis an mbardas, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, an ollscoil agus na scoileanna, mar thús, chun an Ghaeilge a chur chun chun ó thaobh eolais de i dtosach báire agus ansin úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa gcathair agus sa gceantar timpeall air? Nó, é an gur díreach stádas atá ann?

Caithfidh mise a rá gur cuireadh na bailte seirbhíse Gaeilge nó Gaeltachta isteach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar go raibh sé molta sa staidéar teangeolaíochta. Bhí mé mar Aire ag an am agus bhí amhras áirid agam faoi. Scaití, an dream is mó atá in éadan na Gaeltachta agus na Gaeilge, agus tá sé seo aitheanta go stairiúil, ná an dream is deireanaí a thréig í, agus is iad sin an dream is giorra don Ghaeltacht go tíreolaíoch. Chreid mé ag an am nárbh fhiú stádas a bhronnadh muna raibh stádas tuillte. Bhí sé i gceist agam i gcónaí crítéir fíor-láidir a leagadh síos sula bhféadfadh éinne dul ar thóir an ainmniúcháin sin agus go gcaitheadh na bailte sin a chruthú go mbeidis ina mbailte seirbhíse Gaeilge agus Gaeltachta sula mbeadh an teideal sin acu. Nuair a bhronnadh an stádas ó Roinn na Gaeltachta agus an stádas ón mbardas ar chathair na Gaillimhe, an raibh aon rud leagtha síos go gcaitheadh an chathair a dhéanamh le sin a thuilleadh?

Agus iar-uachtarán Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, Dr. Iggy Ó Muircheartaigh, mar fhinné anseo, is údar fíor-dhíoma é dom go bhfuil i gceist ag an ollscoil gan déanamh cinnte go mbeidh Gaeilge ag an gcéad uachtarán eile den choláiste. Ó 1929 i leith, tá rath agus forbairt tar éis teacht ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh. Ní raibh uachtarán gan Ghaeilge ar an gcoláiste sin riamh ó shin i leith.

Iarraim ar an Teachta ceist a chur.

Tá mé ag dul ag cur na ceiste.

Níl mé ag iarraidh teacht trasna ar an Teachta, ach tá beirt bhall eile le ceisteanna. Déanfaidh mé cinneadh anois ligeant don bheirt eile, an Seanadóir O'Reilly agus an Teachta Ó Muíneacháin, teacht isteach nuair atá an Teachta Ó Cuív críochnaithe. Beidh na ceisteanna go léir curtha ansin agus beidh deis ag chuile bhall teacht ar ais isteach. Cén ceist atá ag an Teachta?

An cheist atá agam maidir leis an gceist áirid sin ná, i gcomhthéacs na cathrach dátheangaigh, cén chaoi gur féidir le Gaillimh le Gaeilge tionchar a bheith aige ar an ollscoil? An bhfuil aon bhagairt ón Roinn nó ón mbardas go mbainfear an stádas den chathair má leanann institiúidí móra na cathrach atá faoi urraíocht an Stáit ag tabhairt droma leis an nGaeilge?

Tá dhá cheist eile agam. An bhfuil na socruithe comh-mhaoinithe i bhfeidhm i gcónaí idir an Roinn agus an bardas? Is é sin le rá, bhíodh Gaillimh le Gaeilge ag fáil méid áirithe euro ón Roinn bunaithe ar an méid maoiniú a bhí ar fáil ón mbardas. An bhfuil sé sin ann i gcónaí? Ó cén taobh a thagann sé? Má tá sé seo ann i gcónaí, cé chomh deacair is atá sé an t-airgead sin a fháil?

Nuair a bhí mé mar Aire, bhí mé ag iarraidh an coincheap a chur ar aghaidh go mbeadh lár-ionad mór Gaeilge sa gcathair ina mbeadh bialann, naíolann, naíonra, áit teacht le chéile agus fiú b'fhéidir beár agus go bhféadfadh Gaeilgeoirí bualadh isteach ann i lár na cathrach lá agus oíche le go mbeadh comhluadar acu. Áit le dul ag am lóin, ar maidin, tráthnóna agus mar sin de a bheadh ann. Cén dearcadh atá ag na finnéithe don riachtanas do a leithéid i nGaillimh? An ceart na hacmhainní ar fad atá sa gcathair a chur le chéile le go mbeadh an lár-ionad sin ann? Má tá na finnéithe i bhfábhar, an raibh aon phlé acu leis an mbardas maidir le maoiniú a dhéanamh ar a leithéid?

An bhfuil na ceisteanna go léir scríofa ag na finnéithe?

Dr. Iggy Ó Muircheartaigh

Tá dhá leathanach againn cheana féin.

Tá beirt bhall eile le ceisteanna. Beimid féaráilte. Beidh deis ag chuile bhall teacht ar ais isteach.

Ba mhaith liom na finnéithe a fháiltiú roimh an coiste. Is iontach an rud é go bhfuil siad anseo linn inniu. Chomh maith le sin, gabhaim mo chomhghairdeachas do na finnéithe agus don chathair ar an stádas dátheangach. Is dul chun cinn iontach é agus guím ádh mór air. Tá an cheist chéanna ar m'aigne is a chur mo chomh-Sheanadóir Ó Clochartaigh ar na finnéithe. An gceapann siad go bhfuil méadú tagtha ar úsáid na teanga nó fiú ar iarracht úsáid na teanga i measc na gnáthdhaoine sa ghnáthshaol ar fud na cathrach toisc an stádas nua agus iarrachtaí Ghaillimh le Gaeilge? An rud atá tábhachtach ag deireadh na dála ná go mbeadh an t-athrú sin ann, fiú athrú beag, athrú meoin nó athrú san iarracht a dhéantar. Bheadh spéis agam sa bhfreagra sin.

Tá fáilte roimh na finnéithe. Tá tuairisc an-chuimsitheach tugtha agus tá sé soiléir go bhfuil an-chuid ar siúl ag Gaillimh le Gaeilge. Gabhaim buíochas le na finnéithe as an tuairisc sin. Dúirt Bríd Ní Chongóile ina ráiteas oscailte gur féidir le haon bhaile nó cathair a leithéid a dhéanamh chomh maith. I gCorcaigh, mar shampla, tá Gael-Taca gníomhach le gradam Uí Chuanacháin chun tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí beaga agus móra ann. Ionas go mbeadh cathracha agus bailte eile ábalta a leithéid a dhéanamh, cé chomh tábhachtach is atá an slí go bhfuil Gaillimh chomh chóngrach don Ghaeltact? An é go bhfuil critical mass de Ghaeilgeoirí sa chathair féin? Cén tuairim atá ag na finnéithe ar an éifeacht atá aige sin?

Tá na ceisteanna go léir curtha. Ó mo thaobhse, scríobh an coiste seo chuig údarás na hollscoile i nGaillimh mar gheall ar an gcinneadh a bhí, dar linn, diúltach agus a sheol an teachtaireacht mí-cheart amach. Táimid fós ag fanacht ar fhreagra ar an litir seo. Tiocfaimid ar ais go dtí an litir sin agus an easpa fhreagra nuair a bheimid i seisiún príobháideach.

Dr. Iggy Ó Muircheartaigh

Ba chóir domsa na ceisteanna a fhreagairt ar dtús, os rud é go raibh an Cathaoirleach ag caint faoin ollscoil agus an cinneadh an dheineadar maidir le Gaeilge a bheith ag an uachtarán nua a cheapfar níos déanaí i mbliana. Aontaímse go pearsanta go hiomlán leis an Teachta Ó Cuív. Bhí díomá mór orm féin go ndearnadar an cinneadh seo. Bhí mé ag súil leis mar tá a fhios agam an chaoi ina bhfuil an gnó ar fad ag dul san ollscoil. Níl mé gan dóchas i gcónaí go mbeidh Gaeilge ag an gcéad uachtarán eile. Tá mé ag súil go mbeidh. Níl aon chinnteacht ann nach mbeidh. Tá díomá orm faoi sin ar fad.

Ar an dtaobh eile den scéal, san Acht a cuireadh in áit an Acht 1929 nuair a bhí Teachta Ó Cuív sa Rialtas, is é sin Acht 2006, tá alt a leagan amach go gcaithfidh cur chun cinn an oideachais trí Ghaeilge a bheith mar thosaíocht i ngach plean straitéiseach a bheidh ag an ollscoil amach anseo. Tá cosaint beag ansin. B'fhearr i bhfad, measaim féin, bheith cinnte go mbeadh Gaeilge ag an uachtarán. Pé acu tá Gaeilge ag an uachtarán nó nach bhfuil, tá sé de dhualgas reachtúil ar an ollscoil oideachas tríú leibhéil trí Ghaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn. Ní hé sin an scéal ar fad ach beidh sé ann. Tá an dualgas reachtúil orthu é sin a dhéanamh. Muna ndéanann siad é, beidh sé faoin Rialtas rud éigin a dhéanamh faoi. Tá díoma orm, ach níl mé gan dóchas. Tá an-shúil agam go mbeidh Gaeilge ag an gcéad uachtarán eile. Feicimid.

Déanfaidh mé pointe amháin eile agus ansin fágfaidh mé an chuid eile faoin gcathaoirleach, Bernadette Mullarkey. Bhí ceist ag na baill go léir faoin stádas dátheangach. Aontaím go hiomlán. Ní haon mhaitheas declaration a bheith ann go bhfuil stádas dátheangach ag cathair na Gaillimhe. Caithfear rud éigin a dhéanamh faoi. Nuair a bhíomar ag obair go dlúth le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, mar a bhíomar, chuireamar an-bhéim ar an ngá go mbeadh coiste stiúrtha ann chun an togra seo a chur chun cinn.

Níor chuireadh an coiste stiúrtha seo ar bun go fóill ach táimid ag leanúint orainn ag cur brú ar an gcomhairle cathrach an coiste stiúrtha seo a chur ar bun ar a mbeidh ballraíocht ag chomhairleoirí na cathrach, eagraíochtaí Gaeilge sa chathair agus na hinstidiúidí sa chathair, agus bhí comhráite againn leis an bpríomhfheidmeannach. Tarlóidh an coiste seo agus beidh sé mar dhualgas air cinntiú nach declaration gan bhrí atá ann, a rá gur cathair dátheangach í, ach go bhfuil togra ann é seo a chur chun cinn. Tá brú ar leith orainn de bharr go bhfuil Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 ag teacht go luath. Tá mé féin an-dhóchasach go mbeidh an Ghaeilge mar chuid lárnach de Ghaillimh mar Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 agus, ón ár dtaobhanna de, táimid lán-sásta bheith i lár an togra seo. Beidh Gaillimh le Gaeilge ag tiomáint an stádas seo mar chuid den choiste stiúrtha. Tá sé mar aidhm againn le fada an lá stádas dátheangach a bhaint amach do chathair na Gaillimhe. Tá se sórt bainte amach againn anois. Tá an fógra déanta - seo í cathair na Gaillimhe. Táimid lán-sásta a rá go bhfuilimid 100% mar chuid lárnach den rud seo a chur chun cinn. Sin an dá phointe gur mhaith liom féin freagra a thabhairt orthu.

Ms Bernadette Mullarkey

An féidir liom rud éigin a chur le sin? Oibrím sa mhargaíocht agus is é an t-aon rud amháin a dhéanaimid i margaíocht ná dul ar an dtaobh eile den chuntair agus an cheist a chur cén chaoi a fheiceann an custaiméir na rudaí seo. Céard atá ag teastáil ón gcustaiméir? Na rudaí atá ag teastáil uaidh, sin na rudaí atá orm a dhíol dó. An chaoi agus an angle atá tugtha againn agus atáimid ag iarraidh a thógáil ar an gcoiste seo ná go caithfimid fáil amach cad atá ag teastáil ó na daoine, na heagraíochtaí agus na hinstitiúidí a bheidh orthu an tseirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil agus céard atá le dhéanamh. Is féidir le haon duine plean teanga a scríobh. D'fhéadfadh Ms Ní Chonghóile é a dhéanamh, os rud é go bhfuil an cúrsa déanta aici. Mar sin féin, muna bhfuil sé ag freagairt ar céard atá ag teastáil ó na daoine atá orthu an tseirbhís a chur ar fáil, níl aon gá leis. Sin an tús, an lár agus an deireadh don chaoi ina dhéanaimid agus ina leanfaimid ar aghaidh leis an stádas dátheangach seo a bhaint amach. Ós rud é go mbeadh seirbhís trí Ghaeilge le fáil, má chasann mé féin, nó turasóir nó duine éigin eile isteach i siopa, oifig nó bialann in áit nach bhfuil an tseirbhís ar fáil, beidh an duine isteach in ann a rá nach bhfuil aon Ghaeilge aige nó aici ach seo an áit ina bhfuil an tseirbhís ar fáil. Sin an chaoi ba chóir do dhaoine oibriú le chéile chun é sin a bhaint amach.

Ms Bríd Ní Chonghóile

D'ardaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh cúpla ceist maidir le Gaillimh le Gaeilge thar an 30 bhliain. An dtugaimid faoi deara aon difríocht ón lá a thosaigh Gaillimh le Gaeilge agus an lá agus an áit ina bhfuilimid inniu? Caithfidh mé a rá ó mo thaithí a bheith ag obair le gnólachtaí, nuair a thosaigh mise amach sa bhliain 1997 go raibh sé beagnach níos deacra dul i bhfeidhm ar ghnólachtaí, go raibh meon difriúil ann agus go raibh sé difriúil ag an am sin. Anois, tá sé athraithe go hiomlán. Cuirtear fáilte roimh an teanga. Tugaimid faoi deara chomh maith go bhfuil gnólachtaí ag leanúint le sampla TK Maxx. Tháinig sé go Gaillimh agus ní raibh baint ar bith againn leis, ach thug sé féin suas an teanga. D'úsáid sé comharthaíocht dhátheangach agus nuair a chuireamar an ceist ar na daoine bainteach leis cén fáth, dúirt siad go raibh siad ag teacht go Gaillimh agus gur cathair dátheangach í. Nuair a fheicimid an t-athrú meoin sin, tá fhios againn go bhfuilimid ag déanamh rud éigin ceart.

In aon thaighde a rinne Gaillimh le Gaeilge le cúpla bliain anuas, b'fhéidir gurbh é an taighde ar luach na Gaeilge do chathair agus Chontae na Gaillimhe an ceann is mó acu. Cuirtear an ceist i gcónaí ar dhaoine an bhfuil fiúntas ag baint leis an teanga. An bhfuil sé réalaíoch? Freagraíonn 90% de dhaoine go bhfuil buntaiste leis an nGaeilge agus go bhfuil siad sásta ceannach isteach sa bhfís atá ag Ghaillimh le Gaeilge. Muna mbeadh, ní bheadh am againn dul thart ag rá go bhfuil sé seo go maith, mar a dúirt an Chathaoirleach, muna bhfeiceann siad iad féin é.

Sa taighde deireanach a rinneamar i dtreo stádas dátheangach do Chathair na Gaillimhe, dúirt 53% de mhuintir na cathrach go raibh comharthaíocht dátheangach nó comharthaíocht i nGaeilge in úsáid acu agus dúirt 67% acu gur úsáid siad stáiseanóireacht Ghaeilge no dátheangach. Táimid ag iarraidh é seo a mhéadú an t-am ar fad. Ó thaobh an mheoin, tá sé dearfach, tá an dea-thoil ansin agus tá muidne chun tógáil ar sin. Ach mar a dúirt seanchara liom uair amháin, Peadar Ó Flatharta, murar thuig leat chuile duine a thabhairt leat, tabhair leat na daoine a thuig agus oibrigh leo sin. Sin an meon atá ag Ghaillimh le Gaeilge.

Maidir leis an stádas dátheangach go praicticiúil, luaigh an Cathaoirleach é ó thaobh chúrsaí margaíochta de go bhfuil muidne ag plé le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. Bhí 20 gnó istigh ar an ngradam anuraidh, 11 dóibh sin as an nua. An t-aon fáth gur chuir siad isteach ar an ngradam ná an stádas dátheangach agus Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020. Cheap siad gurbh é seo a sheans, an bealach gur féidir leo dul i bhfeidhm ar nithe cultúrtha na cathrach leis an nGaeilge. Mar sin, tá sé mar spreagadh do dhaoine. Tá go leor obair le dhéanamh, níl aon dabht, leis an stádas dátheangach seo a dhéanamh bailí i súile na ndaoine, ach is tús é. Tá muidne ag díríu aird mhuintir na Gaillimhe. Tá an chathair seo uathúil agus difriúil. Caithfimid é seo a choinneáil agus a dhaingniú, agus sin bealach amháin leis an stádas seo a bhronnadh orthu.

Maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, is straitéis é. Ní fiú domsa bheith ag caint sa seomra seo mar go bhfuil sé cloiste go minic cheana agam, ach níl mé ag rá aon rud nach bhfuil ráite cheana. Cuirfidh mé mar sin é. Tá maoiniú di. Tá stráitéis againn agus is straitéis maith í. Ar ndóigh, tá dúshlán ag baint léi agus ní bheidh Gaillimh le Gaeilge ag cur chuile eilimint den stráitéis i bhfeidhm. Beimid ag cur na nithe a bhaineann go sonrach linn i bhfeidhm chomh maith agus a thuig linn leis na hacmhainní atá ann.

An bhfuilimid ag plé le daoine sa chontae nó sa Ghaeltacht? Níl, de bharr cheal acmhainní. Má thagann duine éigin ó Chontae na Gaillimhe chugainn, go hoifig Ghaillimh le Gaeilge, ag lorg aistriúcháin nó ag lorg comhartha, ní chuirimid ó dhóras iad, ach ní théimid amach ina ndiadh. Tá neart le dhéanamh againn díreach le cathair na Gaillimhe féin agus an obair agus na spriocanna atá ann le cur i bhfeidhm. Is dóigh liom, maidir le bailte eile mórthimpeall na tíre, nach bhfuil aon fáth nár féidir leo tógáil ar an obair atá ar siúl i gcathair na Gaillimhe. Thosaigh muid amach ag taispeáint don lucht gnó, agus do gach duine, an fiúntas eacnamaíochta atá bainte leis an teanga. Is mise i mo Ghaeilgeoir. Má fheiceann mise comhartha thuas i mBaile Átha Cliath i nGaeilge, nó i bPort Láirge nó in aon áit eile, rachaidh mé isteach agus ceannóidh mé táirge. Is breá leis na turasóirí é. Déanann sé bailte agus cathracha uathúil agus níl aon fáth, leis an tacaíocht chuí, nach bhféadfadh na bailte sin tógáil ar an méid atá déanta ag cathair na Gaillimhe.

Tá ceist shonrach agaim maidir le Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020. Cárbh as a thagann an t-airgead? An bhfuil aon tuairimí ag na finnéithe faoi sin?

Ms Bernadette Mullarkey

Caithfimid a rá go raibh an Ghaeilge lárnach sa chur i láthair a dhearna an foireann chun Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 a bhaint amach. Níl ach cúpla pingine fós ann d'aon rud. Níl ann ach, níos mó ná cúpla pingine, cúpla milliúin faoi láthair don chathair a bhaineann amach an teideal. Tá ag an gcathair níos mó airgid a fháil ó áiteanna eile. Beimid ag obair leis an bhfoireann. Tá siad ag tosú arís chun na pleananna a chur i bhfeidhm i ndairíre agus beimid ag obair leo.

Mar a dúirt Ms Ní Chonghóile, nuair a rinneamar an gradam anuraidh, bhí an-chuid bróid sna heagraíochtaí faoin stádas dátheangach agus go raibh Gaeilge ann. Anuraidh, chuir na heagraíochtaí i nGaillimh na lámha isteach sna pócaí chun tuilleadh airgid a thabhairt amach chun an teideal a bhaint amach. Ní bheidh sé éasca, ach tá an-suim ag an gcathair chun an Ghaeilge a chur i lár é seo. Táimid cinnte go mbeidh an Ghaeilge ann. Caithfidh go mbeidh sé ann. Sin ceann de na réasúin a bhfuaireamar an teideal ar dtús.

Dr. Iggy Ó Muircheartaigh

Tá jab á dhéanamh ag Gaillimh le Gaeilge le fada an lá. Níl ach triúir fostaithe acu, agus iad ag déanamh an-jab, caithfidh mé a rá. Má tá obair breise le déanamh, agus tá, maidir le Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020, caithfear acmhainní eile a bheith againn chun é a dhéanamh. Tá sé thar a bheith tábhachtach.

Tá ceithre nóiméad fágtha againn. Cuirfidh mé stop i lár abairte because tá toscaireacht ag fanacht. Aon cheist nach bhfuil freagartha-----

An cheist faoi na ceantracha Gaeltachta uirbeacha-----

Gabh mo leithscéal. Tiocfaidh mé leat. Chuir Teachta Ó Cuív a lámh suas. Go sciobtha.

An bhfuil aon phlé déanta leis an an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le tacaíocht a chur ar fáil leis an mbardas i leith an stádas cultúrtha, le saoráidí a chur ar fáil agus gníomhaíochtaí a eagrú, agus cén freagra atá faighte acu? Gheofaí réidh le go leor oibre ar chailleadh maidir le Gaeilge mura mbeadh an iomarca socruithe le dhéanamh chun rudaí bunúsach a bhaint amach. Seo é an t-aon bhaile seirbhíse Gaeltachta gur féidir leo stádas-----

Is é sin an cheist, go raibh maith agat.

Agus an dara rud, an sciobtha. Tá Bille le foilsiú agam i gceann seachtaine san Oireachtas a chur faoi deara d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh uachtarán le Gaeilge a cheapadh agus tá súil agam go mbuafaidh mé tacaíocht trasphairtí le sin a chur i gcrích.

Céard a dhéanann Gallimh le Gaeilge do cheantracha Gaeltachta uirbeacha ar nós Arda Thír Oileáin, Mionlach?

Ms Bríd Ní Chonghóile

Beimid ag obair i gcomhráite leis an gcomhairle cathrach. Ní bhíonn Gaillimh le Gaeilge ag plé le ceantracha Gaeltachta per se. Tá sé sin faoi bhráid Údarás na Gaeltachta. Mar chuid den phlean iomlán beidh sé de dhualgas orainn breathnú air. Ach arís, ag dul ar ais go dtí na hacmhainní, tá méid áirithe a thig linn a dhéanamh. Táimid ag iarraidh, chomh maith agus a thig linn, an méid sin a dhéanamh go slachtmhar agus go stuama. Beimid i gcomráite leis an gcomhairle cathrach, leis na háiteanna sin. Tá fhios agam go ndearna siad iarracht cúpla bliain ó shin rudaí a dhéanamh níos fhearr i dTír Oileán. Tá fhios agam go raibh Óstán Menlo Park isteach ar an ngradam chomh mhaith. Tá suim mór ag an gceantar ó thaobh an teanga a choinneáil agus plean de chineál éigin a chur i bhfeidhm chun tacú leis an íomhá mhaith teanga atá ag an gcathair agus ar ndóigh leis an Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020. Is obair uilig é seo, amach as seo. Táimid ag fáil níos mó jabanna mar a bhí muid ag súil leis nuair a tháinig muid isteach go dtí an seomra seo.

Maidir leis an gceist a chur an Teachta Éamon Ó Cuív ó thaobh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, táimid ag fáil maoiniú uaidh sa bhliain, ach nílimid ag fáil an trian de chuile euro a fhaigheann muid. Faighimid maoiniú faoi leith dó sin ón chomhairle cathrach agus is é sin tríd an scéim Chairde Gaillimh le Gaeilge. Tá iarratas curtha isteach againn chuile bliain le haghaidh duine breise a earcú. Bhí sé seo á dhéanamh againn chun tacú leis an bhaile seirbhíse Gaeltachta, chun go mbeimid in ann straitéis a dhearadh sa chathair le seirbhísí i nGaeilge a ghríosadh i measc an lucht príobháideach agus an lucht gnó ach go háirithe. Níl aon údarás nó níl aon gá le Gaillimh le Gaeilge dul isteach go dtí an earnáil phoiblí. Níl aon údáras againn é sin a dhéanamh. Tá súil agam gur fhreagair é sin ceist an Teachta.

Go raibh maith agaibh. Gabh mo leithscéal as chur isteach oraibh ach táimid faoi bhrú maidir le am agus ba mhaith liom bheith féaráilte don dhream eile. Chomh maith le sin, tá fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre curtha isteach ag Gaillimh le Gaeilge, an fhoireann uilig. Tá ardmholadh tuillte agaibh. Táim ag breathnú air, tá sé léite agam agus tá sé scríofa agaibh i bhur gcur i láthair. Tá Gaillimh le Gaeilge ag leibhéal maoinithe faoi láthair nach féidir leis titim faoi. Ní amháin sin, ní féidir leis leanúint ar aghaidh gan tuilleadh cabhrach. Tiocfaimid ar ais mar choiste chun rún faoi leith a phlé maidir le litir a sheoladh chuig an Aire maidir le sin agus maidir leis an lárionad Gaeilge. Tá sé luaite go minic ag an Teachta Éamon Ó Cuív agus ag Seanadóir Ó Clochartaigh agus daoine eile, me féin san áireamh, maidir leis an lárionad. Is féidir linn díriú isteach ar an dá rud sin ar a laghad ag an gcoiste seo.

Top
Share