Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán debate -
Tuesday, 21 Feb 2017

Gaeilge sa Státseirbhís

Céad míle fáilte romhaibh go léir. Tá cúigear ann. Tá an tinreamh iontach inniu. Tá leithscéal faighte againn ó na Seanadóirí, Trevor Ó Clochartaigh agus Joe O'Reilly. Cuirimid tús leis an toscaireacht. Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh an tUasal Éamonn Ó Dónaill ar dtús. De ghnáth tosaímid leis na gnáthrudaí ach inniu tá na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí faoi bhrú de bharr cruinnithe eile. Tá rud beag le léamh amach ag an gcléireach maidir leis an dlí.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráiteas tionscnaimh a chur siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó leis na hoifigigh, ina ainm nó ina hainm ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Gabh mo leithscéal, rinne mé neamhaird. Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh ball nua den choiste, an Seanadóir Rónán Mullen.

Go raibh maith agat.

Mr. Éamonn Ó Dónaill

Ba mhaith liom ar dtús amharc ar stádas na Gaeilge sa státchóras ó bunaíodh an Stát agus le breis is daichead bliain anuas. Sílim go bhfuil sé tábhachtach díriú ar an chúlra seo le cinntiú go mbeidh sé soiléir do gach duine go bhfuil creimeadh agus ísliú stádais i gceist ó thaobh na Gaeilge de le fada an lá anois. Ní mór dúinn a bheith ábalta é sin a admháil sula dtig linn díriú ar réiteach na faidhbe. Ina dhiaidh sin, ba mhaith liom labhairt faoi na cúrsaí oiliúna atá á dtairiscint ag mo chomhlacht féin, Gaelchultúr, d’eagraíochtaí Stáit le corradh agus deich mbliana anois. Ar deireadh ar fad, luafaidh mé roinnt nithe praiticiúla a d’fhéadfaí a dhéanamh le stádas na Gaeilge a ardú sa Státseirbhís agus san earnáil phoiblí i gcoitinne.

Ó bhunú an Stáit go dtí 1974 bhí cumas sa Ghaeilge ina riachtanas i gcás daoine ar mhian leo post a fháil i Státseirbhís na tíre. Thugtaí Gaeilge éigeantach ar an chur chuige seo agus ba mhinic a léiríodh drochmheas air. Iadsan a fuair post sa Státseirbhís ag an am nach raibh Gaeilge acu, bhíodh tréimhse trí bliana acu leis an teanga a fhoghlaim sula gceapfaí go buan iad. Ní cosúil go raibh an caighdeán a éilíodh iontach ard agus, de réir dealraimh, is beag duine a briseadh as a phost in imeacht leathchéad bliain de bharr easpa cumais sa Ghaeilge.

Ansin, sa bhliain 1974 shocraigh Rialtas na linne deireadh a chur leis an Ghaeilge éigeantach do gach státseirbhíseach agus cuireadh córas nua ina áit a gheall marcanna bónais, 10%, le linn comórtais earcaíochta agus arduithe céime dóibh siúd a raibh dhá theanga oifigiúla an Stáit acu. Cuireadh an córas nua i láthair mar ghníomh ar son na Gaeilge agus dúradh go gcothódh an cur chuige seo dearcadh níos dearfaí i leith na teanga. Leasaíodh an córas arís sa bhliain 1990 agus laghdaíodh na marcanna bónais ó 10% go dtí 6%.

Bhí amhras faoi éifeacht an chórais in imeacht na mblianta agus tháinig sé chun solais dornán blianta ó shin go raibh leath na Ranna nach raibh ag ceadú na marcanna bónais ar chor ar bith i gcomórtais inmheánacha d’arduithe céime. Cuireadh deireadh iomlán leis na marcanna bónais sa bhliain 2013 agus cuireadh córas úrnua in áit an tseanchórais. Faoin chóras sin, an córas atá ann faoi láthair, tráth a bhíonn comórtais earcaíochta ar siúl cruthaítear painéil de dhaoine a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu. Deirtear go gceapfar daoine ó na painéil sin i gcás post atá aitheanta mar phoist a mbaineann riachtanas Gaeilge leo. Faoin chóras nua seo is féidir le 6% de na daoine atá cáilithe do phoist sa Státseirbhís a bheith ar na painéil Ghaeilge ach ní cheapfar iad gan post a bheith daingnithe go hoifigiúil mar cheann a bhfuil Gaeilge riachtanach ann.

Agus is anseo atá croí na faidhbe. Is cosúil nach bhfuil na Ranna Rialtais éagsúla sásta poist a aithint lena mbaineann riachtanas Gaeilge. Tá taighde déanta ag an suíomh nuachta Tuairisc.ie ar fhreagraí ar cheisteanna Dála faoin ábhar seo agus is cosúil nach bhfuil ach 15 phost sainaitheanta ag 15 Roinn Rialtais mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo. Sin 15 phost a mbaineann riachtanas Gaeilge leo as an 18,775 post a bhí gceist sna freagraí Dála seo, sin 0.08% den iomlán. Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go raibh “ag teip go hiomlán” ar na cuspóirí a bhí luaite leis an chóras nua earcaíochta seo don Ghaeilge. Sin mar atá an scéal faoi láthair: córas earcaíochta a chreidtear a bheith iomlán lochtach le daoine a bhfuil Gaeilge acu a cheapadh i bpoist sa Státseirbhís.

Tuigim go bhfuil suirbhé ar an teanga sa Státseirbhís ar siúl ag an chomhchoiste seo agus fáiltím go mór roimhe sin. Is cinnte go mbeidh eolas luachmhar le fáil i dtorthaí an tsuirbhé sin. Ach ní fiú suirbhéanna a dhéanamh mura mbaintear leas astu le polasaithe nua a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus is léir do gach duine go dteastaíonn polasaí nua sa réimse seo. Teastaíonn polasaí a chinnteoidh go gceapfar an sciar ceart daoine a mbeidh Gaeilge líofa acu ag gach leibhéal sa Státseirbhís mura bhfuil muid le géilleadh do pholasaí a fhágfaidh go mbeidh Béarla éigeantach i gceist agus an pobal ag plé leis an státchóras. Sin bun agus barr an scéil.

Is ceart fosta tabhairt faoi scéim cheart oiliúna teanga sa Státseirbhís agus, má deirim féin é, sílim go nglactar leis go bhfuil saineolas ag Gaelchultúr sa réimse sin mar gheall ar an obair atá déanta againn le dhá bhliain déag anuas. Tá dlúthcheangal idir cumas Gaeilge na státseirbhíse agus úsáid na Gaeilge i measc an phobail. Ní bheidh éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge mura bhfuil siad ar fáil go furasta. Fágfaidh formhór na ndaoine a rogha teanga ar leataobh má cheapann siad go gcothóidh siad deacracht don státseirbhíseach atá ag plé leo má úsáideann siad an Ghaeilge. Caithfear an fáinne fí sin a bhriseadh.

Cad é is féidir a dhéanamh? Tá freagra na ceiste sin simplí go maith. Caithfear a admháil ar dtús go bhfuil fadhb ann sular féidir leigheas a lorg. Tá an leigheas ann, is é sin polasaí ceart earcaíochta a chur i bhfeidhm a chinnteoidh go gceapfar daoine a bhfuil Gaeilge acu ag gach leibhéal sa Státseirbhís agus scéim cheart oiliúna a fhorbairt le cuidiú leo siúd atá ann cheana féin a gcumas sa teanga a fhorbairt.

Tá an dá rud sin indéanta ach an toil pholaitiúil a bheith ann. Tá seo ag tarlú i ndlínsí eile ar fud an domhain agus ní gá dúinn ach amharc trasna Mhuir Éireann chuig an Bhreatain Bheag le dea-shampla a fheiceáil de chur chun cinn an dátheangachais. Tá an cur chuige nua seo ríthábhachtach anois, go háirithe anois agus cúram pleanála teanga á chur ar phobal na Gaeltachta féin faoi Acht na Gaeltachta 2012. Cén mhaith do ghrúpaí pobail a bheith ag ullmhú pleananna leis an teanga a chosaint agus a chur chun cinn ina gceantar féin má tá an státchóras ag leanúint air ag brú an Bhéarla orthu? Ní leor, mar a dúradh roimhe seo, a bheith ag rá le muintir na Gaeltachta an Ghaeilge a labhairt ina measc féin ach gan í a labhairt linn.

Déarfaidh mé cúpla focal anois faoin obair atá ar bun ag Gaelchultúr, comhlacht a bhfuil baint agam leis. Tá Gaelchultúr ag cur cúrsaí oiliúna ar fáil don earnáil phoiblí le dhá bhliain déag anois agus tá na mílte fostaí de chuid an Stáit i ndiaidh freastal ar na cúrsaí sin. Cúrsaí gan teastasú a bhí i gceist i dtús ama. Ansin, in 2012, bhain an comhlacht stádas amach mar sholáthraí cúrsaí ó Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann, QQI, agus i mí Dheireadh Fómhair na bliana sin chuir muid tús leis an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, an TGG. Ceathrar a d’fhreastail ar an chéad chúrsa sin, a bhí ag leibhéal 4 den chreat náisiúnta cáilíochtaí, NFQ.

Tá sé d’aidhm ag an TGG an mhuinín agus na scileanna teanga a thabhairt do na rannpháirtithe a chuirfidh ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge leis an phobal i gcomhthéacs na hoibre agus an teanga a úsáid go sóisialta chomh maith.

Cabhraíonn an cúrsa leis na rannpháirtithe seirbhís níos fearr a chur ar fáil do chustaiméirí trí Ghaeilge, tá súil againn, rud a chuidíonn leis na comhlachtaí agus na heagraíochtaí ina bhfuil siad ag obair a gcuid dualgas maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh.

Mar a luaigh mé, leibhéal amháin a bhí i gceist in 2012 nuair a chuir muid tús leis an teastas sa Ghaeilge ghairmiúil ach tá an clár ar fáil anois ag ceithre leibhéal éagsúla den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí, is é sin leibhéil 3 go 6. Go dtí fómhar na bliana anuraidh, bhí breis agus 420 duine ó níos mó ná 50 eagraíocht, idir ranna Stáit, chomhairlí áitiúla agus eagrais eile de chuid na hearnála poiblí, tar éis tabhairt faoin TGG. Bhí sé mar sprioc againn 150 a mhealladh chuig an TGG an fómhar seo caite ach sa deireadh chláraigh níos mó ná 200 duine don chúrsa.

Dála an scéil, Gaelchultúr an soláthraí atá roghnaithe ag Foras na Gaeilge le sainchúrsaí oiliúna Gaeilge a chur ar fáil don earnáil phoiblí. Roghnaíodh muid tar éis próiseas tairisceana a reáchtáil an Foras in 2011 agus arís in 2015. Tá an maoiniú ón Fhoras tar éis cur ar ár gcumas an TGG a fhorbairt agus a chur ar fáil do 620 duine agus sainchúrsaí eile a chur ar fáil do na mílte fostaí eile de chuid an Stáit.

Le deireadh a chur leis an aighneacht seo, ba mhaith liom roinnt rudaí praiticiúla a lua a d’fhéadfaí a dhéanamh taobh istigh de thréimhse ghairid agus ar chostas measartha íseal chun cumas Gaeilge fhostaithe na Státseirbhíse a fheabhsú agus, dá bhrí sin, seirbhís ar chaighdeán níos airde a chinntiú do phobal na Gaeilge. Seo iad: córas oiliúna an-chuimsitheach a fhorbairt d’fhostaithe na hearnála poiblí agus é a bheith mar sprioc oiliúint a chur ar chúpla duine sna rannóga ar fad a bhíonn ag plé leis an phobal; córas feasachta teanga a fhorbairt le cuidiú le fostaithe Stáit tuiscint níos fearr a fháil ar an tábhacht a bhaineann le seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil agus ar an tábhacht a bhaineann le cearta teanga; córas marcanna bónais nua a chur i bhfeidhm i gcás arduithe céime a bheadh ceangailte leis an chóras oiliúna thuasluaite; coimisiún neamhspleách a chur ar bun le hamharc ar an chur chuige atá ag dlínsí eile agus le cinneadh a dhéanamh maidir leis na poist a mbeadh an Ghaeilge riachtanach dóibh sna ranna éagsúla Rialtais agus, go deimhin, sna heagraíochtaí pobail i gcoitinne; áiseanna ar líne a fhorbairt a rachadh chun sochair dóibhsean a bheadh ag cur seirbhís trí Ghaeilge ar fáil don phobal agus, an pointe deireanach, fostaithe an Stáit a chur ar an eolas maidir leis na hacmhainní teicneolaíochta agus na seirbhísí ar líne atá ar fáil dóibhsean a bhíonn ag obair trí Ghaeilge.

Beidh mé sásta, gan amhras, na moltaí sin a phlé go mion leis an gcomhchoiste anois. Rud amháin eile, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcomhcoiste as cuireadh a thabhairt do Ghaelchultúr an aighneacht seo a chur i lathair tráthnóna. Is mór againn an deis sin a fháil.

Gabhaim buíochas leis an Uasal Ó Dónaill as an chur i láthair agus as ucht teacht os ár gcomhair. Is léir nach bhfuil alt 13 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ag feidhmiú, mar in alt 13 cuirtear de dhualgas ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a chinntiú go mbeidh dóthain foirne ag gach dream a bhfuil plean acu le seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge agus trí Bhéarla. Téann sé ar aghaidh agus deireann sé freisin go mbeidh seirbhísí Gaeilge ar fáil sa Ghaeltacht. Is léir nach bhfuil sé sin á chur i bhfeidhm ag an Roinn ealaíon agus Gaeltachta, tabharfaimid air. Caithfimid é sin a fhiosrú leis an Aire. Cén fáth nach bhfuil sé sin á chur i bhfeidhm? Is dualgas reachtúil ar an Roinn cinntiú go bhfuil sé sin sna pleananna. Ba rud éigin dearfach an 10% ach is dóigh liom go mbeidh sé ceart go mbeidh 20% ann, ach fágfaimid é sin mar atá sé.

Ag dul ar aghaidh go ceist Gaelchultúr agus an leagan amach atá ann, tá cúpla ceist agam go sonrach. Is é Gaelchultúr soláthróir na gcúrsaí. Glacaimid leis sin ach de réir an tuiscint atá agamsa den rud ar léigh an tUasal Ó Dónaill amach, is é Gaelchultúr a dhéanann an scrúdú ar na daoine le haghaidh an teastas. An ceart go mbeidh an dá rud sin scartha óna chéile? Cén bealach a dhéantar cinnte go bhfuil an teastasú suas chun cáighdeáin? Tá cosúlacht an fhéinscrúdaithe air agus tuigimid féin céard a tharlaíonn faoin gcathú a ghabhann le rud mar sin.

Deireann an tUasal Ó Dónaill go bhfuil sé ag leibhéal 4 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Chun leibhéal 4 a bhaint amach, i ndairíre, caithfidh duine bheith in ann a chuid oibre a dhéanamh go compórdach trí mheán na Gaeilge. Tá teastasú spéisiúil, mar shampla, i gCeanada. Tá áit ann don chainteoir dúchasach. Tá A, B agus C agus mar sin de. Sin daoine atá chomh hinniúil sa bhFraincís, mar shampla, agus a bheadh i mBéarla. Chomh maith leis sin, níl aon figiúirí tugtha ag an Uasal Ó Dónaill maidir leis an líon daoine, mar shampla, a bhfuil Gaelchultúr á scrúdú ó leibhéal 3 go 6. Cé mhéad duine atá teastaithe sa seirbhís poiblí ag leibhéal 6, 5, 4 agus 3? Céard a chiallaíonn leibhéal 3, 4, 5 agus 6 ó thaobh chumas duine a bheith in ann gnáthobair an lae a dhéanamh go compórdach trí mheán na Gaeilge?

An nglacfadh leis, má tá An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag dul ag fostú daoine agus riachtanas Gaeilge acu, go gcaithfidh teastasú seachtrach a bheith i gceist, seachas an Roinn nó an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a bheith ag déanamh an teastasú agus ag rá go bhfuil dóthain Gaeilge ag duine chun gnó a dhéanamh trí Ghaeilge? An nglacann sé leis go gcaithfimid dul le caighdeán Eorpach nó caighdeán seachtrach de shaghas éigin, agus scrúdú seachtrach seachas scrúdú ag an gcóras Stáit, má táimid ag iarraidh bheith dairíre go mbeidh na daoine a cheapfar sna poist seo in ann a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge?

Mr. Éamonn Ó Dónaill

An chéad rud a luaigh an Teachta ná an rud seo faoi dhream a bheith ag cur cúrsa ar fáil agus ansin ag cur scrúduithe ar fáil. Tá sé sin ag tarlú go forleathan sa chóras oideachais. Tarlaíonn sé sa tríú leibhéal, tarlaíonn sé i gcoláistí ar fud an domhain.

Tá an caighdeán ag titim sa tríú leibhéal go tapa.

Ligfimid don Uasal Ó Dónaill a fhreagra a thabhairt agus tabhairfimid deis don Teachta teacht ar ais.

Mr. Éamonn Ó Dónaill

Is córas seanbhunaithe é go gcuireann dream cúrsa ar fáil agus ag deireadh an chúrsa go mbíonn scrúdú ann. I gcás an chúrsa seo, an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, is cúrsa é de chuid Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann, QQI, agus tá córas iontach docht acu. Tá scrúdaitheoir seachtrach againn, cur i gcás. Tháinig QQI ar cuairt againn nuair a bhí athbhreithniú ar siúl ar an chúrsa in 2016. Bhí próiseas millteanach casta agus fada i gceist le déanamh cinnte go raibh caighdeán cuí ag baint leis an chúrsa. Tá muinín agam san eagraíocht sin, QQI. Mar a deirim, is rud é a tharlaíonn go forleathan. Ní muidne an t-aon dream ar domhan a bhíonn ag tairiscint cúrsa agus ansin ag cur scrúduithe ar fáil ag a dheireadh. Go dtí seo tá QQI sásta leis an chóras atá againn. Mar a dúirt mé chomh mhaith, tá an scrúdaitheoir seachtrach ann chun a chinntiú nach dtiteann an caighdeán. Tá an t-aiseolas atá faighte go dtí seo faoin chúrsa thar a bheith dearfach, ó na foghlaimeoirí féin agus ó na hoifigigh oiliúna agus na hoifigigh Gaeilge a mbímid ag plé leo. Tá gá leis an chúrsa. Tá cáil agus líon na bhfoghlaimeoirí ag fás an t-am ar fad.

D'fhiafraigh an Teachta faoin bhrí atá ag leibhéal 3, 4, 5 agus 6. An duine a dhéanann cúrsa ag leibhéal 3, sin an duine, b'fhéidir, a rinne gnáthleibhéal Gaeilge san ardteist. Duine, i ndairíre, nach raibh in ann an teanga a labhairt go maith riamh. Duine a raibh staidéar go maith déanta aige ach go raibh deacrachtaí aige leis an teanga. Sin duine ag leibhéal 3. An rud a dhéanaimid ná cuirimid oiliúint ar dhaoine le hiad a ullmhú. Tuigimid nach mbíonn an Ghaeilge á labhairt ag daoine ag gnáthleibhéal go minic.

Ullmhaíonn muid iad sula dtéann siad isteach i leibhéal 3. Nuair a bhíonn leibhéal 3 déanta ag duine, cén rud a bhíonn an duine sin ábalta a dhéanamh? An chéad rud ná bíonn siad níos báúla don teanga. Téimid i bhfeidhm orthu ar an bhealach sin. Ó thaobh seirbhís a chur ar fáil, caithfimid a bheith réadúil. Ní féidir leo ach seirbhís bhunúsach a chur ar fáil agus a rá, "Fan ar an líne agus gheobhaidh mé an duine cuí". Tá daoine áirithe a thosaigh ag leibhéal 3 atá tar éis bogadh suas go dtí leibhéal 5 faoin am seo. Faoin am a bhaineann duine leibhéal 6 amach, tá an duine sin i ndáiríre ábalta feidhmiú go gairmiúil trí mheán na Gaeilge ina phost sa chóras Stáit. Sin an difear agus tá an réimse iomlán ann.

Déarfadh daoine áirithe, "Cén fáth an bhfuil sibh ag bacaint le daoine ag leibhéal 3? Tá siad ró-lag. Ní fiú é." Caithfí daoine a spreagadh, áfach. Caithfimid an deis a chur ar fáil do dhaoine agus deis a thabhairt dóibh bogadh suas tríd an chóras. Tá sé sin ag tarlú. Sin an réimse atá ann ó thaobh chumais de agus sin an chiall atá leis na leibhéil éagsúla. Luadh go sonrach leibhéal 4. Bheadh duine a bhfuil leibhéal 4 bainte amach aige ábalta seirbhís bhunúsach agus réasúnta a chur ar fáil. Tá an réimse iomlán i gceist. Nílimid ag iarraidh duine ar bith a chur ó dhoras. Táimid ag iarraidh daoine a spreagadh. Tagann daoine chugainn an t-am ar fad agus deir siad nach bhfuil muinín ar bith acu, that they have no confidence in their Irish or their ability to speak it and that they failed. Ní deir siad riamh gur theip ar an chóras ach gur theip orthu. Táimid ag iarraidh an meon a athrú agus an cultúr sa chóras a athrú trí chéile.

Bhí ceist eile ann faoi scrúdú maidir leis an 10%. Is dócha gur cheart dream éigin seachtrach an scrúdú sin a reachtáil. Aontaím leis an Teachta sa mhéad sin. B'fhéidir go raibh ceist amháin eile ann ach ní chuimhin liom-----

As na daoine ar fad a thraenáil Gaelchultúr, cé mhéad atá ag leibhéil 3, 4, 5 agus 6?

Mr. Éamonn Ó Dónaill

Tá breis is 620 duine ann faoi láthair. Níl na figiúirí os mo chomhair amach. Níl leibhéal 6 ach díreach tosaithe. D'fhorbair muid na cúrsaí thar tréimhse roinnt blianta agus tá leibhéal 6 díreach déanta uair amháin. In dá eagraíocht éagsúla, tá breis is 30 duine atá i ndiaidh é a dhéanamh. Rinne siad é idir Deireadh Fómhair agus an Nollaig. Tá formhór na ndaoine ag leibhéal 4. Ní thiocfainn figiúr a lua, ach shamhlóinn as na ceithre leibhéal go bhfuil beagnach leath den 620 duine ag leibhéal 4. Is féidir liom briseadh síos ar na figiúirí cuí a chur ar fáil don choiste.

Tá ceist bheag fhorlíontach amháin agam. An féidir le duine an scrúdú a dhéanamh gan an cúrsa a dhéanamh? Mar shampla, má tá cainteoir dúchais ag iarraidh dul isteach sa Státseirbhís agus abair go raibh scrúdú agus teastas seachtrach i gceist, an bhféadfadh sé nó sí díreach an scrúdú a dhéanamh, gan aon chúrsa a dhéanamh mar go bhfuil Gaeilge ó dhúchas aige nó aici, le teastas a fháil le go bhféadfaidís cáiliú le haghaidh jab sa Státseirbhís?

Mr. Éamonn Ó Dónaill

Tá freagra an-ghairid ar an cheist sin. D'fhéadfadh duine é sin a dhéanamh. De réir na rialacha atá ag QQI, nó FETAC/HETAC mar a bhí orthu roimhe seo, tá cead ag duine. Níl tinreamh ná freastal ar chúrsa riachtanach. Tá sé inmholta. Tá cuid den ábhar atá againn sa chúrsa seo dúshlánach agus bheadh sé dúshlánach don chainteoir dúchais fiú mar tá an bhéim ar an saghas teanga a bhíonn i gceist san earnáil seo. Tá stór focal i gceist a bheadh deacracht agam féin le cuid dó. Le freagra a thabhairt ar an cheist, d'fhéadfadh duine é sin a dhéanamh.

Bhí ceist ann maidir le dualgais faoin reachtaíocht.

Sin ceist a chur mé ach is ceist don choiste é maidir leis an 10% nó 20% agus mar sin de. Is dócha gur freagraíodh é. Tá mise in amhras nuair atá an Státseirbhís ag rá go bhfostóidh muid daoine le Gaeilge maidir leis an gcaighdeán Gaeilge atá i gceist. Caithfimid a bheith gairmiúil faoi seo. Tá caighdeán idirnáisiúnta ann a ghlactar leis, mar shampla, san Eoraip agus i dtíortha eile. Caithfimid a bheith ar chomhchaighdeán. Mura ndéanfaimid é sin, tá níos mó Béarla ag an nGaeilgeoir ná mar atá an Ghaeilge ag an mBéarlóir agus iompróidh siad ar fad ar an mBéarla. Tuigeann muid é sin. Níl fadhb ar bith agam má ghlaoim ar Roinn Rialtais, ach tá múnla an-mhaith ag Ceanada. Má bhíonn an duine a bhíonn ag freagairt an fhóin in ann cúpla abairt a úsáid agus é á chur tríd, bíonn sé sin ceart go leor. Abair, post ar chaighdeán C a bheadh ansin, ach caitheadh an duine a bheadh ag obair i Roinn na Gaeltachta sna Forbacha agus ag plé leis an bpobal Gaeltachta ó lá go lá a bheith ar chaighdeán A. Bíodh sé sin sonraithe sna poist. Is dóigh liom go gcaithfimid dul ansin agus go gcaithfeadh sé a bheith seachtrach. Ba mhaith liom barúil an fhinné faoi sin.

Mr. Éamonn Ó Dónaill

Aontaím go hiomlán leis an Teachta. Ba cheart don Roinn é sin a dhéanamh agus go mbeadh sé an-soiléir cad go díreach a d'fhéadfadh duine a dhéanamh. Tá sé sin i gceist sa chúrsa Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil. Nuair a bhíonn an leibhéal áirithe seo bainte amach ag duine, deirimid go mbeidh sé nó sí in ann nithe áirithe a dhéanamh. Aontaím leis an Teachta go bhfuil géarghá leis an idirdhealú sin.

Gabhaim mo bhuíochas leis an Uasal Ó Dónaill as an gcur i láthair agus as an deis an t-ábhar seo a phlé leis. Díríonn sé ar dhá rud bunúsacha: an córas earcaíochta agus an scéim oiliúna. Maidir leis an scéim oiliúna, an bhfuil an bhéim ar fad ar an nGaolainn agus úsáid na Gaolainne nó an bhfuil aon bhéim ar an atmaisféar nó an cultúr sa rannóg ionas go mbeadh sé soiléir don bhainistíocht go bhfuil an riachtanas seo ann agus go bhfuil tairbhe ann agus go mbeadh siad ag freastal ar phobal na Gaolainne?

Mr. Éamonn Ó Dónaill

De réir a chéile, tá líon na ndaoine atá ag déanamh an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil ag méadú. Ar dtús, b'fhéidir nár tugadh faoi deara go raibh a leithéid de chúrsa ann. Níor cuireadh mórán suntais ann ach, de réir a chéile, tá líon na ndaoine ag méadú. In eagraíocht amháin anseo i mBaile Átha Cliath, tá seisear atá ag obair in aice le chéile i ndiaidh cúrsa a dhéanamh. Mar a dúirt duine atá ag obair ansin, tá mion-Ghaeltacht tar éis a bheith bunaithe. Tá na daoine seo ag úsáid na Gaeilge i ndiaidh an chúrsa. Rinne an saoiste - an duine a bhí i gceannas orthu - teagmháil linn. Thug sé faoi deara go raibh sé seo ag tarlú agus go raibh an Ghaeilge á úsáid sa rannóg áirithe seo. Duine é seo nach raibh an oiread sin spéise aige sa Ghaeilge ach rinne sé cinneadh cúrsa a dhéanamh agus rinne beirt an-sinsearach san eagraíocht cinneadh cúrsa a dhéanamh toisc go raibh an t-athrú cultúir seo ag tarlú.

Tá sé ag tarlú ar bhonn an-teoranta ach an sprioc atá leis go fadtéarmach ná dul i bhfeidhm ar eagraíochtaí. Nuair a thagann daoine chun cainte linn, déanaimid measúnú réamhchúrsa leis na daoine a bhfuil suim acu san oiliúint. Bíonn daoine trína chéile. Bíonn siad neirbhíseach. Bíonn siad i ndiaidh drochthaithí a bheith acu. Taimid ag iarraidh é sin a athrú go suntasach agus ag iarraidh muinín a thabhairt do dhaoine. De réir a chéile, táimid ag iarraidh go scaipfí an scéala in eagraíochtaí agus go n-athródh an cultúr de réir a chéile. B'fhéidir go bhfuil muid an-uaillmhianach, ach sin an-----

An bhfuil na daoine atá ag teacht chuig Gaelchultúr ag lorg feabhas a chur ar a gcuid Gaolainne féin nó an bhfuil siad ag lorg feabhas a chur ar an gcóras san oifig? An é go n-aithníonn siad go bhfuil bearna ann agus go bhfuil siad chun rud éigin a dhéanamh mar gheall air sin?

Mr. Éamonn Ó Dónaill

An rud a tharlaíonn go minic ná aithníonn an eagraíocht féin, an Roinn nó pé dream é go bhfuil bearna an-mhór ann. Má bhíonn duine i gceannas atá báúil, tarlaíonn go leor leor ó thaobh oiliúna de. An rud a dhéantar ná cuirtear amach scéala chuig b'fhéidir an fhoireann go léir nó dírítear ar an dream is mó a bhíonn teagmháil acu leis an phobal. Deirtear, "Táimid ag lorg leíriú spéise ó na daoine sa rannóg áirithe seo". Go hiondúil, bíonn an iomarca daoine ag iarraidh cúrsa a dhéanamh.

Tá daoine an-bháúil. Go minic ní bhíonn daoine sinsearacha chomh báúil céanna ach tá na gnáthdhaoine an-bháúil. Uaireanta bíonn b'fhéidir HR nó an dream atá i gceannas ag iarraidh díriú ar fhadhb atá ann agus uaireanta eile bíonn cuireadh níos oscailte ann agus tagann daoine. In eagraíochtaí áirithe, bíonn coinníoll ann. Má dhéanann duine an cúrsa, bíonn ar an duine sin a bheith ar fáil le seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil. Tá sé sin mar riachtanas. In eagraíochtaí eile, níl an coinníoll sin ann agus uaireanta déanann daoine an cúrsa agus ansin b'fhéidir nach gcuireann siad seirbhís ar fáil riamh. Ní féidir linn brú a chur ar eagraíocht polasaí a ligean síos. Tá polasaí ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, mar shampla. Má dhéanann duine cúrsa, caithfidh an duine sin a bheith sásta seirbhís a chur ar fáil. San eolaí inmheánach teileafóin atá ann, tá réiltín in aice leis na, sílim, 50 duine atá sásta seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ní mór an méid é ach is tús maith é.

Tá brón orm go raibh mé déanach. Molaim an chuid is mó atá cloiste agam ón bhfinné. I gcónaí sa tír seo, nuair a bhíonn an Ghaeilge á phlé, go háirithe sna meáin, bíonn na meáin ag cruthú an saghas atmaisféir nach bhfuil éileamh ann agus go bhfuil an Stát ag brú an teanga siar scornach na ndaoine. Leis an fhírinne a rá, a mhalairt iomlán atá i gceist. Tá daoine ag iarraidh seirbhísí ar nós Gaelscolaíocht. Tá 25% de thuismitheoirí sa tír seo ag iarraidh Gaelscoil dá gcuid páistí ach níl ach 4.5% de na páistí ag fáil Gaelscolaíocht. Maidir le seirbhísí an Stáit, tá daoine i gcónaí ag dul i dteagmháil leis an Stát agus ag roghnú seirbhís as Gaeilge ach, nuair a roghnaíonn siad na seirbhísí sin, is léir nach bhfuil aon rud taobh thiar den facade agus ní bhíonn duine ag deireadh an líne gutháin. De ghnáth deir siad go gcuirfeadh siad glaoch ar ais ar an duine ach ní bhíonn an t-am ag an duine. Má tá sé nó sí ag iarraidh píosa ghnó a dhéanamh, is ar an bpointe sin atá sé nó sí ag iarraidh é a dhéanamh. Má chuireann siad glaoch ar ais, is trí nó ceithre uair ina dhiaidh nó b'fhéidir an lá dar gcionn a dhéantar é. Múineann sé sin do dhaoine gan an córas Gaeilge a roghnú mar ní bheidh na seirbhísí ar fáil.

Ag an am céanna, tá caighdeán na Gaeilge sa chóras oideachais ag titim as a chéile. Is féidir linn labhairt le haon mhúinteoir sa tír agus, de ghnáth, bheadh sé nó sí breá sásta a rá nach bhfuil an caighdeán ann anois a bhí ann roimhe. Agus mise ag déanamh taighde, fuair mé amach nach bhfuil deis ag ach duine amháin i ngach beirt scrúdú béil a dhéanamh. Má tá dalta ag iarraidh scrúdú béil a dhéanamh sa Ghaeilge, níl sé le fáil i gcónaí. An fhadhb is mó atá ann ná meon an Rialtais agus an Stáit ar an nGaeilge, muna bhfuilimid in ann é a athrú go huile is go hiomlán. Tá deis ag an gcoiste seo mar táimid ag plé Bille a chur os comhair na Dála roimh dheireadh na Dála seo. Fiú go raibh ball den Rialtas anseo cúpla nóiméad ó shin, níl anois. Ba cheart go mbeadh gach duine ag éisteacht leis sin.

Cad iad smaointe an fhinné faoi mheon an Rialtais nó an toil pholaitiúil atá ann ag an mbomaite chun an fhadhb seo a réiteach?

Mr. Éamonn Ó Dónaill

Is fíor don Teachta nach bhfuil an Rialtas báúil leis an teanga. Sin fadhb an-mhór. Sílim go bhfuil rudaí i ndiaidh dul in olcas le roinnt blianta anuas agus sílim go bhfuil imeallú de réir a chéile agus go ciúin agus go cliste á dhéanamh ar an teanga. Tá sé deacair dul i ngleic leis. Tá sé ag brath ar pholaiteoirí eile a bheith báúil leis an teanga. Tá sé tábhachtach go gcuireann an pobal brú chomh maith.

Rud eile a luaigh an Teachta ná seirbhísí. Rud a chloisim arís agus arís eile ná nach bhfuil aon éileamh ar sheirbhís trí Ghaeilge. Tá an mhíthuiscint seo ann go forleathan agus tá sé an-dainséarach go gcreideann go leor daoine atá fostaithe ag an Stát seo nach bhfuil aon éileamh ann. An fáth nach bhfuil an t-éileamh ann, mar a luaigh mé féin níos luaithe, níl mo leithéidí-se - cainteoirí Gaeilge - ag iarraidh daoine atá ar bheagán Gaeilge a chur faoi bhrú. Sin an fáth nach éilim go minic é. Bím ag labhairt le duine agus cloisim an duine trína chéile agus cloisim an panic ar an taobh eile den líne. Nílim ag iarraidh cur isteach ar an duine. Sin an bhun-fhadhb atá ann. Maidir leis an Rialtas, sin ceist an-leathan i ndáiríre. Níl a fhios agam cén réiteach atá ar an fhadhb áirithe sin.

Tá sé suimiúil mar luaigh an tUasal Ó Dónaill ina chur i láthair go raibh ceist Dála ann, a phléadh ar tuairisc.ie, faoin méid post. Chuir mise isteach an cheist pharlaiminte sin mé féin chun an t-eolas sin a fháil. An uimhir a bhí ann ná 0.08% den iomlán atá in ann nó sásta feidhmiú as Gaeilge. Ceapaim gurb é seo ceann de na géarchéimeanna is measa sa tír seo. D'éirigh an t-iar-Choimisinéir Teanga as a phost trí bliana ó shin. Bhí sé dochreidte. Ní raibh ar aon Ombudsman eile sa tír seo éirigh as an bpost de bharr go raibh an córas ag titim as a chéile agus go raibh an Rialtas ag déanamh neamhaird ar an bhfadhb agus fós tá sé ráite ag an gCoiminéir Teanga reatha, an tUasal Rónán Ó Domhnaill, go bhfuil teip iomlán déanta ag an Rialtas seo. Ceapaim go bhfuil an Rialtas ag dul amú b'fhéidir má cheapann sé go mbeidh muintir na tíre sásta seasamh siar faoin rud seo. Níl gá ach breathnú ar an taobh eile den Teorann ag an mbomaite chun a fheiceáil cé chomh lárnach is atá an Ghaeilge sa toghchán atá ann. Tá gluaiseacht ollmhór sa tír seo mar gheall ar an nGaeilge. Ceapaim go bhfuil siad ag iarraidh go mbeadh na fadhbanna seo réitithe agus go mbeadh Bille curtha os comhair na Dála, ach níl foighne fhadtéarmach acu maidir leis seo. Ceapaim go mbeidh daoine ag éirí suas faoin rud seo.

An raibh seans ag an bhfinné suí síos le hionadaithe ón státchóras chun oibriú amach leo cad atá siadsan ag iarraidh a dhéanamh maidir leis an bhfadhb seo? An bhfuil siad ag tabhairt lip service don fhadhb agus ag rá go mbeidh gach rud ceart go leor agus go ndéanann siad a ndícheall nó an bhfuil aon cheann acu feicthe ag an bhfinné atá fís agus fuinneamh aige nó aici agus atá ag iarraidh an rud seo a fheabhsú?

Mr. Éamonn Ó Dónaill

Bhuel-----

Gabh mo leithscéal, ach tabharfaidh mé deis don Seanadóir atá ag fanacht go foighneach anseo.

Gabhaim mo bhuíochas leis an Uasal Ó Dónaill as an gcur i láthair. Tá cur i láthair cuimsitheach déanta aige agus thug sé an cúlra go léir i dtaca leis an athrú polasaí ó thaobh an Stáit. Measaim gurb é sin bun agus barr an scéil i ndáiribh. An chéad teanga oifigiúil sa tír an Ghaeilge ach níl an Ghaeilge ar chomhchéim sa státchóras. Leis sin a cheartú, tá athrú polasaí i gceist agus is iad na polaiteoirí - Tithe an Oireachtais - a gcaithfeadh é sin a chur i bhfeidhm trí reachtaíocht úr a thabhairt isteach. Sin bun agus barr an scéil. Níl an toil pholaitiúil ann faoi láthair chun é sin a dhéanamh. Nílimid ach ag cur i gcéill sna Tithe seo. Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl anois gan mhoill agus cur i gcéill go huile is go hiomlán atá i gceist, cé go bhfuil muid ag troid. Bhí bua ann ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn ag leibhéal na hEorpa. Bhuaigh muid an cath sin agus tá an Ghaeilge anois aitheanta.

Nach greannmhar sna cainteanna go léir i dtaca le Brexit gurb é an chéad teanga oifigiúil atá againne san Eoraip ná an Ghaeilge agus ní an Béarla. An t-aon áit eile a labhraíonn Béarla go hoifigiúil sna hinstitiúidí Eorpacha ná Malta. Tá siadsan ag iarraidh bheith ag troid linne fá choinne an Béarla a choinneáil mar theanga bheo san Eoraip. Táimse cinnte dá rachfaí isteach sna taifid éagsúla sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus Roinn an Taoisigh go bhfeicfí go bhfuilimidne ag tabhairt tacaíochta leis an mBéarla a choinneáil. Ní droch-rud ar bith é sin agus is teanga oibre é feasta ag leibhéal na hEorpa.

Ón méid atá ráite ag Éamonn Ó Dónaill inniu, tá sé ag díriú aird ar fhadhbanna móra sa státchóras. Rinne an Teachta Éamon Ó Cuív tagairt do Cheanada. Tá Quebec agus Ontario ansin. Ní féidir jab a fháil sa Státchóras ansin muna bhfuil an Fhraincis ag an duine. Mar sin, caithfimid tabhairt faoin bpolasaí a athrú. Glacfaidh sé sin toil pholaitiúil agus tá sé sin aitheanta ag an bhfinné. Ó thaobh na daoine atá ag déanamh na gcúrsaí seo faoi láthair, measaim go bhfuil siad féin ag iarraidh na cúrsaí a dhéanamh ag fás as spriocanna pearsanta atá acu féin. Níl sé leagtha síos ag leibhéal polasaí go gcaithfidh siad na cúrsaí seo a dhéanamh. Is é sin an áit ina bhfuil an fhadhb. Measaimse gur chóir go mbeadh sé leagtha síos. Is cuma faoi leibhéal 3,4 nó 5, tá daoine ag dul ar an treo ceart leis na cúrsaí seo.

Níl aon taithí agam ar an QQI. An bhfuil sé cosúil leis an gcúrsa Béarla Cambridge gur féidir a dhéanamh fá choinne Béarla a fhoghlaim? Tá daoine ón Fhrainc agus ón Spáinn ag foghlaim Béarla sa tír seo. An é sin an sórt cúrsa céanna? Maidir le polasaí Stáit de, aontaím go huile is go hiomlán leis an Teachta Tóibín. Theip go huile is go hiomlán ar an bpolasaí. D'aithin an Coimisinéir Teanga deireanach é sin nuair a d'éirigh sé as a phost. Tá obair le déanamh againn sa choiste seo. Tá obair thábhachtach le déanamh againn faoin gCathaoirleach.

Is é sin an rud. Ba mhaith liom díriú isteach ar an obair sin. Tá a fhios againne go bhfuil sáinn agus géarchéim i gceist-----

An pointe atá á dhéanamh agam, gan dul isteach i sin, ná go bhfuil an t-ionchur atá ag Éamonn Ó Dónaill agus Gaelchultúr tábhachtach sa phróiseas seo agus táim buíoch de sin.

Mr. Éamonn Ó Dónaill

Is eagraíocht Stáit é QQI a thugann cead do dhreamanna teastas a chur ar fáil do chúrsaí. HETAC agus FETAC a bhí orthu roimhe seo. Is é sin an eagraíocht a thug cead dúinne an cúrsa seo, Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, a chur ar fáil. Sna laethanta seo, tá go leor cainte faoin nGaeilge sna Sé Chontae i dTuaisceart Éireann agus tá an Rialtas anseo ag iarraidh ar an DUP agus ar na hAontachtóirí glacadh leis an nGaeilge agus le hAcht Gaeilge. Ag an am céanna, tá faillí an-mhór á dhéanamh ag an Rialtas ar an teanga sa taobh seo den tír.

Cé mhéad den fhoireann sa Dáil seo a d'fhreastal ar chúrsa atá á sholáthar ag Gaelchultúr?

Mr. Éamonn Ó Dónaill

Níl aon pholaiteoir ann, mar shampla, a léigh cúrsaí linne. Tá polaiteoir amháin-----

Mr. Éamonn Ó Dónaill

Ní dhearna polaiteoir cúrsa riamh. Tá polaiteoir amháin - níor mhaith liom ainm an dhuine a lua-----

No, níl sé ceart.

Mr. Éamonn Ó Dónaill

Is duine é atá sa Rialtas. Tá sé ar tí tosú an tseachtain seo chugainn ag leibhéal a ceathair. B'fhéidir gur sampla é sin do dhaoine eile. Ar an gceist seo ar fad maidir leis an nGaeilge-----

Roimhe sin, don fhoireann uilig sa Dáil agus na hoibrithe uilig-----

Mr. Éamonn Ó Dónaill

Ní fhéadfainn figiúr cruinn a lua, ach shamhlóinn go bhfuil b'fhéidir dhá scór nó mar sin de dhaoine atá ag obair i dTithe an Oireachtais tar éis cúrsaí a dhéanamh le roinnt blianta anuas-----

Dhá scór.

Mr. Éamonn Ó Dónaill

-----sa Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil. Maidir le polaiteoirí, ní raibh aon pholaiteoir-----

Ní raibh mé ag díriú isteach go háirithe ar-----

Mr. Éamonn Ó Dónaill

Tuigim.

Bhí mé ag caint faoin fhoireann uilig. Ón am a chuir Gaelchultúr tús le na cúrsaí go dtí anois, cé mhéad duine-----

Mr. Éamonn Ó Dónaill

D'fhéadfainn an figiúr sin a lorg-----

Ba mhaith liom é a fháil.

Mr. Éamonn Ó Dónaill

-----agus é a chur faoi bhráid an choiste. Níl muid ag caint ar na céadta. Táimid ag caint ar chúpla scór.

Cúpla scór. Bhí an finné chun pointe a dhéanamh.

Mr. Éamonn Ó Dónaill

Nílim cinnte anois cén pointe a bhí-----

Pointe ginearálta maidir le cén treo agus cad atá le déanamh-----

Mr. Éamonn Ó Dónaill

Go díreach. Bhí an Teachta Tóibín ag caint faoi cad go díreach is féidir a dhéanamh. Tá an cheist chomh leathan sin, i ndáiríre. Caithfidh athrú meoin an-shuntasach tarlú ag leibhéal an Rialtais agus ag leibhéal an Stáit. Níl freagra ar sin. Tá an meon diúltach sin atá ann anois ag déanamh dochar millteanach sa Ghaeltacht ach go háirithe. Tá daoine den tuairim, muna bhfuil meas ag an Stát ar mo theanga dhúchais, cén fáth an mbacfainn é a labhairt le mo pháistí? Is í sin an fhadhb atá ann. Tá seirbhísí bunúsacha nach bhfuil ar fáil.

Agus mé ag smaoineamh ar an gcruinniú seo, rith sé liom ar maidin go bhfuil buachaill i mo cheantar féin le deacrachtaí urlabhra aige. Cuireadh é chuig teiripeoir urlabhra, speech therapist. Bhí sise ar bheagán Gaeilge agus ní raibh aon Bhéarla aige. Is sárú millteanach é sin ar chearta bunúsacha. Tá muintir na Gaeltachta an-shéimh, ach b'fhéidir go bhfuil sé in am dúinn é sin a athrú agus gan a bheith leath chomh séimh. Is é sin an cineál sáraithe a tharlaíonn ar bhonn leanúnach.

Ceapaim féin go bhfuil ceist ardaithe ansin ag an bhfinné. Níor mhaith liom a rá cé chomh fada is atáimse ag plé le pobal na Gaeltachta. Ach an oiread leis an bpobal Béarla, seachas na díograiseoirí, ní maith liom go mbeadh an iomarca trua dóibh. Tá siad ag iarraidh rud éigin agus an bhealach is éasca é a fháil. Má tá an tseirbhís ar fáil ar ard-chaighdeán trí Ghaeilge, úsáidtear Gaeilge. Mar shampla, úsáideann pobal na Gaeltachta Gaeilge le hÚdarás na Gaeltachta, le Roinn na Gaeltachta, le na polaiteoirí a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus lena bhfoireann má tá Gaeilge ag an bhfoireann. Do na daoine ceannann céanna, agus déanaim féin an rud céanna, muna bhfuil Gaeilge fíor-líofa ag an duine, is éasca gnó a dhéanamh trí Bhéarla. Bíonn deifir ar dhaoine agus tá sé chomh héasca. Téann an fhadhb atá ann ar ais ag an rud a dúirt an Breitheamh Hardiman. Caithfidh an tairiscint dearfach a bheith ann do sheirbhís trí Ghaeilge. Ní cheart go mbeadh ar dhaoine a bheith olc leis an rud a fháil. B'shin an smaoineamh a bhí taobh thiar den Acht teanga.

Maidir leis an Státseirbhís, céard é barúil an fhinné da mba rud é go ndéarfaí go gcaithfidh 10% den fhoireann bheith ar chéim a trí nó ceathar agus 10% eile a bheith ar chéim a cúig agus sé, mar shampla? An gaiscíocht a bheadh ann as seo amach, go ginearálta? Cad é a bharúil dá ndéarfaí freisin le Roinn na Gaeltachta go gcaithfear alt 13 den Acht a chur i bhfeidhm? Seo a leanas alt 13 den Acht atá ann i láthair na huaire, atá ar fhógra faoi alt 11. Sílim go gcaithfear plean a réiteach. Tá sé neamhbhalbh:

(2) Le linn dréacht-scéim a ullmhú, déanfaidh an comhlacht poiblí---

[...]

(c) a chinntiú go bhfuil líon leordhóthanach dá fhoireann inniúil sa Ghaeilge chun go mbeidh siad in ann a sheirbhís a sholáthar trí Ghaeilge chomh maith lena soláthar trí Bhéarla,

(d) a chinntiú go bhfreastalófar ar na riachtanais áirithe Gaeilge a bhaineann le seirbhísí a sholáthar i limistéir Ghaeltachta,

(e) a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre ina chuid oifigí sa Ghaeltacht tráth nach déanaí ná cibé dáta a chinnfidh sé le toiliú an Aire.

Is é an foráil dheireanach an t-aon cheann amháin a raibh an tAire ceaptha dáta a chur air. Tá an dá cheann eile anois i bhfeidhm dhá bhliain tar éis teacht i bhfeidhm an Achta, mar go bhfeidhmíodh chuile mhír den Acht tar éis dhá bhliain. Agus é ag faomhadh pleananna, is léir nach bhfuil Roinn na Gaeltachta ag déanamh cinnte go bhfuil forálacha (c) agus (d) reachtúla curtha i bhfeidhm. Níl aon rogha ann. Tá Roinn na Gaeltachta ag sárú na forálacha trí bheith ag ceadú pleananna nach leanann (c) agus (d).

Ardaíonn sé seo ceist go gcaithfimid a thógáil leis an gCoimisinéir Teanga. Cén fáth nach bhfuil na pleananna teanga á thógáil sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus á fhógairt don choiste seo ag teacht leis an leagan amach reachtúil? Tá sé dubh agus bloody bán go gcaithfear é sin a dhéanamh. Tá an fhadhb sin ann. Déanann muid dlite sna Tithe ach ní chuirtear i bhfeidhm iad, fiú ag Roinn na Gaeltachta.

Mr. Éamonn Ó Dónaill

Tá an fhadhb sin ann ach baineann sé leis na polaiteoirí agus leis an Dáil. Tá ceisteanna le cur ansin, cinnte.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Beidh an Coimisinéir Teanga ag teacht os ár gcomhair sa chéad chruinniú i mí Aibreáin.

Sure ní bheidh Rialtas ann ag an am sin.

Díreoidh muid isteach ar ár gcuid oibre faoi láthair. Tá rudaí praiticiúla molta ag an bhfinné. An féidir leis an bhfinné cúpla nóiméad a chaitheamh ag díriú isteach ar na rudaí sin? Is rudaí maithe agus praiticiúla iad. Céard iad na tréimhsí ama, cé a bheidh i gceannas agus cad atá ar intinn aige maidir le na rudaí praiticiúla seo?

Mr. Éamonn Ó Dónaill

Bheadh sé an-fhurasta go leor de na fadhbanna a bhaineann leis an teanga sa tír a réiteach dá mba rud é go raibh an toil pholaitiúil ann, ach tá sé sin in easnamh. Tá sé ag brath air sin. Is féidir pleananna a leagadh síos, ach gan an toil sin ann, ní tharlóidh rud ar bith.

Níl i gceist ann ach sé mholadh.

Mr. Éamonn Ó Dónaill

Níl iontu ach moltaí bunúsacha. D'fhéadfaí athrú ó bhun a dhéanamh taobh istigh de chúig bliana. Tá córas againne faoin Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil. D'fhéadfaí é sin a leathnú amach agus forbairt a dhéanamh air. Ní bheadh sé sin costasach. Tá go leor den bhun-obair déanta sa chás sin.

Cad é an chéad mholadh ansin faoin gcóras oiliúna? Iarraim ar an bhfinné é sin a leathnú amach don choiste.

Mr. Éamonn Ó Dónaill

Tá creatlach againn do chóras oiliúna faoin Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil. Tá réimse cúrsaí ag teastáil ag leibhéil éagsúla chun freastal ar dhaoine a bhfuil riachtanais éagsúla acu ó thaobh scríobh na teanga agus labhairt na teanga. Ní bheadh le déanamh ach baile a aimsiú dóibh. Tá cúrsaí ann cheana féin ach caithfear córas a fhorbairt píosa beag eile sa dóigh is go mbeadh cúrsaí ann don réimse leathan riachtanais atá ann. Ní jab deacair é sin. Tá sé indéanta. Níl tuairim agam cén buiséad a bheadh ann ach ní buiséad mór a bheadh i gceist. Ní fiú córas a bheith ann muna bhfuil an toil ann é a chur i bhfeidhm. Is é sin atá ag teastáil.

Sa Bhreatain Bheag, sula mbíonn cúrsa teanga ar bith ar siúl, tarlaíonn sé go forleathan go mbíonn feasacht teanga - language awareness - i gceist sa dóigh is go dtuigeann daoine an tábhacht a bhaineann leis an teanga agus cén fáth gur cheart an tseirbhís a chur ar fáil. Rud a tharla dom féin uair amháin ná gur dúradh liom, "If you say that in English, you might get through" nuair a dúirt mé "fo-líne 7041". Tá cúrsaí fheasacht teanga déanta sa Bhreatain Bheag agus d'fhéadfaí fiú é a aistriú ón mBreatnais agus é a chur ar fáil go forleathan. Ní ceann-dhúshlán a bheadh ansin.

Is moladh a chuireamar féin faoi bhráid Roinn na Gaeltachta - gan an teideal iomlán a thabhairt air - é an córas bónais. Dúramar gur cheart go mbeadh an córas mar a bhí. Dá mba rud é gur éirigh le duine, fuair sé nó sí 6% sa bhreis. Mholamar go mbeadh spriocanna éagsúla ann agus go bhféadfaí 2%, 4% agus 6% a bhaint amach ionas go mbeadh an córas ag freastal ar réimsí difriúla cumais. Spreagadh breise a bheadh ann do dhaoine le díriú isteach ar fhoghlaim na Gaeilge. Dá mbeadh a fhios acu go raibh ardú céime i gceist, bheadh buntáiste ann fiú amháin do dhaoine a bheadh réasúnta lag. Ní teip a bheadh acu mar a bhí roimhe seo. D'fhéadfadh daoine cúpla faoin gcéad de bhónas a fháil.

Maidir le coimisiún neamhspleách, sílim go mbeadh sé ina chuidiú an-mhór. Caidé atá ag obair sa Bhreatain Bheag? Cén córas a oibríonn i ndlínsí eile? Luaigh an Teachta Ó Cuív Ceanada. Tá dea-eiseamláir in áiteanna eile. Is léir go bhfuil drogall ar Ranna Rialtais córas a chur i bhfeidhm maidir le na poist a roghnú a bheadh an Ghaeilge riachtanach dóibh. D'fhéadfadh an coimisiún seo iad a ainmniú. Caithfear cainteoirí Gaeilge a chur mar phreas-oifigigh agus caithfidh Gaeilge a bheith sna rannóga áirithe sin. Sílim gur b'fhiú go mór an coimisiún sin a chur le chéile.

Maidir le háiseanna ar líne, tá go leor áiseanna ar líne againn cheana féin. An rud atá i gceist agam ná go mbeadh sé bunaithe ar shonraí do abairtí úsáideacha agus go mbeadh na céadta abairt ann. D'fhéadfadh daoine atá ag obair sna Tithe seo nó don Stát i gcoitinne teacht ar abairt ar ríomhaire agus éisteach le fuaimniú na habairte. Níl formhór na daoine atá ag obair do Ranna Stáit ábalta ainm a Roinne a rá. Rud praiticiúil a bheadh ann ainm gach Roinn a bheith ann, Roinn na Gaeltachta ach go háirithe, mar go mbíonn an-deacracht ag daoine leis an bhfocal "Oidhreacht". "Idreacht" a deir beagnach gach duine. Dá mbeadh bunachar mar sin ar líne agus dá mbeadh fáil ar ainmneacha ar eagraíochtaí Stáit, bheadh siad le cloisteáil agus bheadh abairtí úsaideacha ann.

An rud deireanach le lua ná na háiseanna dochreidte atá forbartha anois ag Foras na Gaeilge agus An Gúm agus an seiceálaí litrithe darbh ainm Gaelspell chomh maith. Déarfainn nach bhfuil ach cúpla scór duine a bhfuil seiceálaí litrithe Gaeilge ar ríomhairí acu. Is rud an-shimplí é an fhadhb sin a leigheas. Níl a fhios ag daoine faoi na háiseanna atá ar líne. Úsáideann dreamanna Google Translate ach ní thuigeann siad go bhfuil áiseanna dochreidte forbartha anois ag Foras na Gaeilge. Tá go leor rudaí praiticiúla ann. Táimid ag caint ar rudaí go bhféadfaí a dhéanamh taobh istigh de chúpla bliain. Ní straitéis 20 bliain don Ghaeilge atá i gceist anseo. Straitéis cúpla bliain atá ann ar chostas cúpla milliún euro, dá mbeadh an toil ann. Gan an toil seo, caint san aer atá ann. Ní fiú an chaint seo a dhéanamh muna bhfuil an toil pholaitiúil ann. Tá sé sin ag brath ar na daoine atá i láthair inniu a bhfuil cumhacht agus tionchar acu.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Le soiléiriú, chuir mé ceist ar an gCléireach na sonraí a fháil. Sheolamar 33 cheistneoir agus tá 25 tagtha ar ais. Táimid ag fanacht ar ocht gcinn agus ansin beidh na torthaí á phlé againn anseo. Beidh siad le feiceáil go poiblí.

Mr. Éamonn Ó Dónaill

Iontach.

Táimid thar a bheith buíoch den fhinné. Cur i láthair iontach soiléir a rinne sé. Maidir leis na ceistneoirí, an mbeidh Gaelchultúr ar fáil má tá cabhair ag teastáil uainn chun anailís a dhéanamh orthu?

Mr. Éamonn Ó Dónaill

Cinnte. Beimid sásta tacaíocht ar bith a chur ar fáil.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Cuirfimid an cruinniú ar fionraí ar feadh cúpla bomaite, mar a deir na daoine as Dún na nGall. Tiocfaimid ar ais i seisiún príobháideach.

The joint committee suspended at 6.09 p.m., resumed in private session at 6.11 p.m. and adjourned at 6.59 p.m. until 3 p.m. on Tuesday, 7 March 2017.
Top
Share