Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán debate -
Tuesday, 16 May 2017

Tháinig an Comhchoiste le chéile ag 05:00 p.m.
The Joint Committee met at 05:00 p.m.
Comhaltaí a bhí i láthair / Members present:

Teachtaí Dála / Deputies

Seanadóirí / Senators

Aindrias Moynihan

Trevor Ó Clochartaigh

Fergus O'Dowd

Brian Ó Domhnaill.

Éamon Ó Cuív,*

Peadar Tóibín.

* In éagmais / In the absence of Deputy Pat The Cope Gallagher.
I láthair / In attendance: Senators Gerry Horkan and Pádraig Ó Céidigh.
Teachta / Deputy Catherine Connolly sa Chathaoir / in the Chair.
In earnáil an oideachais, tá an polasaí don oideachas Gaeltachta á chur i bhfeidhm. Maidir le gníomhaíochtaí Gaeloideachas in earnáil na Gaelscolaíochta, tá straitéis náisiúnta litearthachta agus uimhearthachta á cur i bhfeidhm. Tugann mo Roinn agus an t-údarás tacaíocht d'earnáil na réamhscolaíochta. Tá an córas TEG á reachtáil ag Ollscoil Mhá Nuad le maoiniú na Roinne. Reachtálfaidh mo Roinn an tionscadal ardscileanna Gaeilge go dtí 2021. Tá an dioplóma i múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta á sholáthar ag Ollscoil Mhá Nuad. Tá scéim na gcúntóirí teanga á riaradh ag mo Roinn. Tá an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, ag obair chun téacsleabhar agus tacaíocht a thabhairt don Ghaeloideachas. Tá teagasc na Gaeilge i thart ar 40 ollscoil idirnáisiúnta maoinithe ag mo Roinn.
I dtaobh reachtaíochta agus stádais, tá Acht na Gaeltachta 2012 á chur i bhfeidhm. Tá áthbhreithniú déanta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus tá ceannteidil an Bhille leasaithe beagnach réidh le foilsiú. Beidh deireadh á chur leis an maolú ar an Ghaeilge san Aontas Eorpach i 2021.
Sa Ghaeltacht, tá an próiseas pleanála teanga, an comhrá is mó sa Ghaeltacht maidir leis na Gaeilge ó aimsir fheachtas na cearta sibhialta, faoi lánseol. Tá €250,000 curtha ar fail d'Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge i mbliana chun chur ar a gcumas an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn. Ta scéim pobal Gaeilge na Roinne, agus na scéimeanna atá ag an údarás chun fostaíocht a chruthú do mhuintir na Gaeltachta, á gcur i bhfeidhm.
I réimse an teaghlaigh agus an luath-idirghabhála, tá clár tacaíochta teaghlaigh mo Roinn dírithe-----

Gabh mo leithscéal, a Aire Stáit. An bhfuil tú ag léamh as an ráiteas a thug tú dúinn an uair dheireanach nó as ráiteas nua?

Is ráiteas nua é.

An bhfuil cóip den ráiteas sin áit éigin? Gabh mo leithscéal as cur isteach ort.

Gheobhaidh mé cóipeanna don choiste. Níl siad againn anois.

Go raibh maith agat.

Tá clár tacaíochta teaghlaigh mo Roinne dírithe ar dhaoine atá ag súil le páiste nua agus a bhfuil gasúir óga acu cheana féin. Tá ionad tacaíochta teaghlaigh ag feidhmiú i gCois Fharraige agus i gCorca Dhuibhne. Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag feidhmiú le tacaíocht ón Stát. Tá scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ag tacú le daoine atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Thug mé ardú do na mná tí i mbliana. Mar a bhaineann sé le riarachán, seirbhísí agus pobail, tá clár cuimsitheach oiliúna Gaeilge á chur i bhfeidhm san earnáil phoiblí. Tá ionad Gaeilge i dTamhlacht á fhorbairt le tacaíocht mo Roinne. Tacaíonn mo Roinn, an t-údarás agus an foras don earnáil dheonach.

Faoin teanga bheo, bhí páirt lárnach ag an teanga in imeachtaí an chomóraidh ar 1916. Reachtáiltear féile Oireachtas na Samhna gach bliain. Tá féile Sheachtain na Gaeilge ag tabhairt an teanga do phobal níos leithne faoi stiúradh Chonradh na Gaeilge. Tá Glór na nGael, Cumann na bhFiann agus Gael Linn ag tacú le pobail Gaeilge ar fud na tíre.

Faoi na meáin agus an teicneolaíocht, tá plean Gaeilge agus gníomhaíochtaí digiteacha RTE á chur i bhfeidhm agus plean digiteach don Ghaeilge á fhorbairt. Tá aip raidió Gaeilge RTE forbartha. Tá seirbhísí d'ardchaighdeán á dtabhairt ag Raidió na Gaeltachta, TG4, Raidió na Life, Raidió Rí-Rá agus Raidió Fáilte. Tá tuairisc.ie ag feidhmiú le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Tá abair.ie á forbairt ag Coláiste na Tríonóide, agus tá córas aistriúcháin uathoibrithe don Ghaeilge forbartha. Maidir le foclóir, tá an tAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2013 i bhfeidhm, Acht ina chuirtear an caighdeán oifigiúil faoi chúram Thithe an Oireachtais. Tá dhá athbhreithniú déanta air ó shin. Tá an foclóir ar-líne, foclóir.ie, forbartha ag Foras na Gaeilge. Tá LEX, córas a ghineann téarmaíocht don Aontas Eorpach, faoi lánseol. Tá téarma.ie ar fáil ar líne agus foclóir stairiúil na Gaeilge á forbairt ag Acadamh Ríoga na hÉireann.

Sa tsaol eacnamaíochta, tá Údarás na Gaeltachta ag cruthú níos mó ná 500 post in aghaidh na bliana agus tá Foras na Gaeilge, Gael Taca i gCorcaigh, Gaillimh le Gaeilge agus Gnó Mhaigh Eo ag cur an Ghaeilge chun cinn san earnáil gnó. I measc na tionscnaimh leathana tá suíomh tairsí na Gaeilge, peig.ie, faoi lánseol agus tá bailiúchán na scol, cuid de Chnuasach Bhéaloideas Éireann, ar fáil ar líne mar chuid den chomóradh ar Éirí Amach na Cásca 1916.

Is cúis bróid don Rialtas go bhfuil an méid seo bainte amach cheana féin faoin straitéis 20 bliain faoi na cuinsí ina raibh muid ag feidhmiú le seacht mbliana anuas. Is mian liom a threisiú nach straitéis seacht mbliana í ach straitéis 20 bliain. Beidh mise agus an fhoireann atá taobh thiar dom sa Roinn, le tacaíocht go príomha ón Roinn Oideachais agus Scileanna, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus, dar ndóigh, ceanneagraíochtaí an fhorais, ag cur mo chuid fuinnimh uile isteach sa tasc atá romhaim, is e sin, leanúint leis an obair thábhachtach sin sna blianta atá amach romhainn.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Léigh sé amach liosta mór fada de na gníomhartha atá idir lámha aige féin agus ag a Roinn. Is rudaí maithe an chuid is mó dóibh atá á ndéanamh acu, ach caithfimid bheith ionraic freisin. Tháinig an daonáireamh amach cúpla seachtain ó shin agus bhí sé úafásach mar gheall ar an titim atá tar éis teacht ar an méid daoine atá ag labhairt na Gaeilge istigh sa Ghaeltacht, agus taobh amuigh di freisin. Go dtí an daonáireamh sin, bhí fás ó na 1940í suas go dtí an bhliain sin mar gheall ar an méid daoine le Gaeilge sa tír. Stop an trend sin sa daonáireamh seo agus is rud úafásach é sin.

Sa Ghaeltacht féin bhí titim sa chuid is mó de na Gaeltachtaí thart timpeall na tíre. Bhí Gaeltacht amháin le dul chun cinn - An Rinn i gContae Phort Láirge. Bhí teacht maith ar na huimhreacha sin. Caithfimid bheith oscailte leis an fhírinne, agus is í an fhírinne nach bhfuil rudaí ag obair i gceart sa tír seo. Baineann sé sin lena lán rudaí. Tá an ceart ag an Aire Stáit go bhfuil titim tar éis teacht ar an daonra ginearálta sa Ghaeltacht agus sna contaetha iargúlta in iarthar na tíre. Ciallaíonn sé sin gur bhog daoine ón Ghaeltacht amach uaithi go dtí Baile Átha Cliath nó thar lear, mar shampla, ag an am sin. Ba chúis é sin don titim, ach caithfimid díriú freisin go bhfuil giota beag de na Gaeltachtaí atá ag feidhmiú le comhréir daoine a bhfuil Gaeilge acu níos mó ná 63%. De réir na saineolaithe, is teorann tábhachtach é sin. Má thiteann an comhréir síos faoin uimhir sin, de ghnáth bíonn language shift ann. Bogann na daoine de réir a chéile go dtí Béarla. Chun bheith sonrach faoin rud seo, tá an Rialtas ag dul ar aghaidh agus ag cur pleananna teanga i bhfeidhm thart timpeall na nGaeltachtaí. Ar an gcéad dul síos, nach bhfuil sé fíor go bhfuil an próiseas sin uafásach mall?

Ar an dara dul síos, nach bhfuil sé fíor nach bhfuil go leor airgid ann chun é sin a dhéanamh? Bhí deis iontach againn taisteal go dtí Inis Mór cúpla seachtain ó shin. Bhíomar i dteagmháil leis an chomharchumann amuigh ar Inis Mór. Dar leo, tá an comharchumann ag fáil níos lú airgid ná na húdaráis atá i gceannas ar na hoileáin agus na háiteanna galltachta thart timpeall na tíre. Dar leo, tá oileáin galltachta ag fáil níos mó airgid ón Rialtas mar gheall ar dul chun cinn an sochaí amuigh ansin ná na hoileáin Gaeltachta. Tá i bhfad níos mó cúraimí ag na hoileáin Gaeltachta. Tá rudaí beaga ann freisin. Bhí siad ag caint faoi scoláirí ag dul ón mórthír go dtí na hoileáin chun a gcuid scolaíocht a dhéanamh sa mheánscoil ar Inis Mór, agus go bhfuil sé sin iontach le haghaidh na páistí agus le haghaidh an méid oideachais atá le fáil ar na hoileáin freisin. Ní raibh siad ag iarraidh ach, b'fhéidir, €150,000 sa bhliain chun é sin a dhéanamh i bhfad níos forleithne. Bheadh sé sin mar thairbhe iontach ar na hoileáin.

Ar an pleanáil teanga, an bhfuil aon saghas slat tomhais ar an méid oibre atá á dhéanamh? Conas is féidir linn a rá ag an bpointe seo? Mar a deireann na bainisteoirí, ní thuigtear rud muna bhfuiltear in ann é a thomhais. Conas is féidir linn a fháil amach an bhfuil na pleananna teanga atá á gcur i bhfeidhm ag an Stát ag obair?

An bhfuil siad ag treisiú an méid Gaeilge sna háiteanna sin? Luaigh an tAire Stáit an pacáiste tacaíochta teaghlaigh cúpla nóimead ó shin. Caithfear smaoineamh faoi Dinny McGinley, a bhí i gcathaoir an Aire Stáit sa Dáil is deireanaí a bhí ann. Rinne sé ciorrú mór ar an airgead a bhí á chur chuig na teaghlaigh le Gaeilge go léir le haghaidh na mblianta. In ionad an airgid sin, chruthaigh sé pacáiste tacaíochta do na teaghlaigh sin. Cad atá i gceist sna pacáistí sin? Ceapaim go bhfuil scata beag leabhar i gceist den chuid is mó, agus b'fhéidir cúpla dlúthdhiosca. Ní hionann é sin agus tacaíocht chuí le haghaidh teaghlaigh thart timpeall na tíre. Bhí mise i dteagmháil le heagraíocht atá i mbun tacaíocht a thabhairt do na teaghlaigh atá taobh amuigh den Ghaeltacht chun a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge. Tá an eagraíocht sin ag fáil €30,000 sa bhliain chun an obair sin a dhéanamh. Is é sin - an teanga ag dul ó ghlúin go glúin - an uirlis nó próiseas transmission is fearr a bheadh ann. Nach bhfuil sé fíor nach bhfuil go leor airgid agus go leor fuinnimh á gcur isteach ann ag an Rialtas ag an mbomaite?

An bhfuil go leor ama fágtha agam? An bhfuil deich nóiméad eile agam?

Ligfidh mé don Teachta teacht ar ais.

Uair amháin eile tar éis an Aire Stáit. Más féidir leis na ceisteanna sin a fhreagairt ar dtús agus ansin tiocfaidh mé-----

No. Tabharfaimid deis do na baill eile agus tiocfaidh mé ar ais chuig an Teachta Tóibín.

Okay. Más féidir liom ceist dheireanach a chur leis an ghrúpa sin, ba mhaith liom ceist a chur faoi na cultúrlainn sa Tuaisceart - i nDoire agus i mBéal Féirste. Chuala mé go bhfuil siad i bponc. An bhfuil aon eolas ag an Aire Stáit faoi agus conas is féidir linn cur leo?

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Ó thaobh an dhaonáirimh, bhí díomá ar chuile duine maidir leis na torthaí. Bhíomar ag súil go mbeadh na torthaí ag leanúint ar aghaidh nó ag ardú. Ag an am céanna, caithfimid breathnú ar na rudaí dearfacha, go raibh ardú ar an líon daoine óga atá in ann an Ghaeilge a labhairt agus a labhraíonn í chuile lá. Is rud dearfach é go bhfuil an t-ardú sin ar an méid daoine óga. Caithfimid breathnú freisin ar an tionchar a bhí ag an imirce ar na torthaí. Tá a fhios ag chuile duine go raibh droch-gheilleagar sa tír ar feadh na mblianta idir an daonáireamh in 2011 agus an daonáireamh in 2016. Tá a fhios agam go bhfuil daoine ag teacht ar ais agus gur imigh daoine thar lear roimh 2011, idir 2008 agus 2011, ach tá sé soiléir gur imigh daoine óga ón tír seo i rith na tréimhse sin agus bhí Gaeilge líofa ag cuid acu. Dá mbeadh siad sa tír, bheadh siad ag cur ar an fhoirm daonáirimh go mbíonn siad ag labhairt Gaeilge chuile lá. Tá sé soiléir go raibh tionchar ag an imirce. Nílim ag rá gurb é sin an freagra ar fad ach is páirt é.

Nílim cinnte go gcreidim é, ach tá daoine ag rá liom b'fhéidir go bhfuil daoine níos fírinní agus iad ag líonadh na bhfoirmeacha. Caithfidh mé a rá nach creidim é, ach tá sé ráite liom maidir leis na rudaí seo. Mar a dúirt mé, má bhreathnaítear ar na figiúirí idir 2011 agus 2016, bhí ardú ar an líon daoine óga agus bhí laghdú ar an líon daoine idir 25 agus 35 a bhfuil an Ghaeilge acu. Ar stop na daoine sin ag labhairt na Gaeilge nó ar imigh siad ón tír? Ní raibh athrú suntasach ar an líon cainteoirí ina 50í agus níos sine.

Ó thaobh na pleananna teanga, leagadh síos i reachtaíocht go mbeadh tréimhse thart ar dhá bhliain chun na pleananna sin a ullmhú. Mar a dúirt mé agus mé ag freagairt ceist an Chathaoirligh sa Dáil cúpla seachtain ó shin, níl an figiúr agam ach sílim gur iarr an chuid is mó de na heagraíochtaí ormsa ar bhreis ama chun na pleananna a ullmhú. D'iarr siad orm le bliain, sé mhí, nó naoi mí sa bhreis. Bhí mé sásta glacadh le sin do chuile eagraíocht a bhí á iarraidh. Sílim go raibh an chuid is mó de na grúpaí ag iarraidh breis ama. Níl aon plean faighte agam go fóill. Tá a fhios agam go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag déanamh athbhreithniú ar chuid acu atá faighte aige faoi láthair, ach níor tháinig aon cheann os mo chomhair go fóill. Mar a dúirt mé, leagadh tréimhse síos don ullmhúchán agus táimid ag súil go mbeadh thart ar 13 plean foilsithe i rith na bliana. Mar is eol don choiste, cuireadh thart ar €850,000 ar fáil d'Údarás na Gaeltachta chun tacú leis na heagraíochtaí chun na pleananna sin a chur i bhfeidhm agus chun oifigigh Ghaeilge a earcú i rith na bliana. Beidh airgead ar fáil sna blianta amach romhainn freisin chun tacú leis na pleananna sin agus chun iad a chur i bhfeidhm.

Ó thaobh na n-oileáin Gaeltachta agus na n-oileáin taobh amuigh den Ghaeltacht, tá a fhios agam gur phléigh an coiste an rud seo agus gur pléadh é ag cruinniú cinn bhliana Chomhdáil Oileáin na hÉireann ar Inis Bó Finne trí seachtaine ó shin freisin. Tá súil agam nach bhfuil an Teachta ag iarraidh orm an méid a chuirtear ar fáil d'oileáin taobh amuigh den Ghaeltacht a laghdú. Sílim nach bhfuil sé ag iarraidh orm é sin a dhéanamh. Tá an difríocht sin ann agus bhí mé sásta breis airgid a chur ar fáil do na comharchumainn trasna na Gaeltachta, ar na hoileáin agus ar an mhórthír freisin, i mbliana. Cuireadh €250,000 breise ar fáil d'Údarás na Gaeltachta chun tacú leis na comharchumainn sin agus bhí sé sásta leis. Bunaíodh comharchumainn nua ar Inis Meáin agus ar Thoraigh le cuid beag den airgead, €4,000 nó €5,000. Is dea-scéal é sin. Beidh airgead acu anois chun duine a earcú chun rudaí a chur ar siúl ar na hoileáin. Is rud maith é. Déanann siad an-obair. Tá a fhios agam go bhfuil siad faoi bhrú ó thaobh na billí atá ag teacht isteach maidir le árachas agus araile. Bhí mé sásta tacú leis. Tá a fhios agam go bhfuil siad fós faoi bhrú agus go bhfuil bearna idir an méid atá na húdaráis ag fáil ar oileáin Gaeltachta agus ar na hoileáin taobh amuigh di. Tháinig an t-airgead seo ó Roinn eile. Ní raibh muid freagrach as na hoileáin atá taobh amuigh den Ghaeltacht go dtí, b'fheidir, trí bliana ó shin. Bhí na hoileáin ag fáil an airgid sin ón Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Bhí an difríocht sin leagtha síos. Lean muid ar aghaidh leis an méid airgid a bhí á fháil acu anuraidh. Mar a dúirt mé, beimid in ann breis airgid a thabhairt do na hoileáin Gaeltachta.

Ó thaobh na scoláirí, tá scéim mhaith ansin ar na hoileáin. Tá torthaí maithe ag an scéim sin agus tacaíonn sí leis na huimhreacha sna scoileanna. Mar shampla, bhíomar in ann cúig scoláire breise a cheadú d'Inis Mór i mbliana agus cuideoidh sin leis na huimhreacha sa scoil. Leis an tacaíocht sin, tá an scoil in ann na múinteoirí atá aici faoi láthair a choimeád don chéad bhliain scoile eile. Is dea-scéal é sin. Tá an ceart ag an Teachta go ndéanann sé difríocht do na huimhreacha, ach ag an am céanna caithfimid bheith cúramach ó thaobh an líon daoine nach bhfuil Gaeilge líofa acu a tugaimid isteach sa chóras oideachais ar na hoileáin, mar tá seans ann go mbeadh tionchar acu ar na daoine áitiúla a bhfuil in ann Gaeilge a labhairt. B'fhéidir go mbeadh drochtionchar acu ar an chaighdeán Gaeilge sa scoil agus ar an oileán. Tá faitíos orm maidir leis sin, ach tá an ceart ag an Teachta gur scéim mhaith í. Bhíomar sásta tacú leis agus táimid sásta tacú leis.

Maidir leis an bpacáiste do na teaghlaigh sa Ghaeltacht, tá níos mó ná sin ann. Mar shampla, tá pacáiste tacaíochta do na naíonraí. Cheadaíomar €110,000 chun cabhair a thabhairt do 15 naíonra trasna na Gaeltachta. Is rud tábhachtach é sin. Tá sé ráite liomsa gur rudaí maithe iad na pacáistí. Bíonn daoine sásta leo. Tá a fhios agam blianta ó shin go raibh an Roinn ag íoc as páistí a bhí in ann an Ghaeilge a labhairt. Níl a fhios agam an raibh sé ró-fhéaráilte na páistí a chur faoin mbrú sin ó thaobh scrúduithe béil agus rudaí mar sin. Níl an scéim sin againn i láthair, ach tá scéimeanna eile ann chun tacú leis an nGaeilge.

Freisin, maidir leis na Cultúrlanna sa Tuaisceart, tá próiseas comhairliúcháin phoiblí ar siúl ag Foras na Gaeilge faoi láthair. Tá sé seo ag tarlú mar go gcaithfidh Foras na Gaeilge breathnú ar bhealaí chun na hionaid atá á fhorbairt timpeall an chuid eile den oileán a mhaoiniú. Ag deireadh an lae, is ceist do Fhoras na Gaeilge í seo. É sin ráite, bím i gcónaí ag troid le haghaidh airgead breise a fháil don fhoras. D’éirigh liom €750,000 a fháil don Fhoras Teanga do 2017.

Tá fáilte roimh an Aire Stáit ar ais arís. Bhí an-deifir ann an uair dheireanach agus tá sé go hiontach go bhfuil níos mó ama againn chun rudaí a phlé inniu. Ag an gcruinniú deireanach, bhí fíoracha mar gheall ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus na rudaí a bhí nó nach raibh bainte amach. Cuireadh liosta fada os ár gcomhair de na rudaí a bhí bainte amach. Níl ansin ach leath den phictiúir. Bhíomar ag iarraidh ar an Aire Stáit ag an gcruinniú gur amhlaidh gur theastaigh uainn go mbeadh slat tomhais ann ionas go mbeadh muid ábalta na rudaí a bhí déanta, na rudaí a bhí idir lámha agus na rudaí nach raibh tosnaithe fós a fheiscint i dtreo is go mbeadh slat tomhais ceart againn ar cé mhéad atá déanta agus cad iad na rudaí nach bhfuil déanta. Tá liosta fada anseo - soilse geala nó b’fhéidir coinnle beaga - ach ní hé an pictiúr iomlán. Dá mba rud é go bhféadfaí a leithéid a chur ar fáil arís - táim cinnte go raibh seo le bheith agaibh ón gcruinniú deireanach - b’fhéidir go bhféadfaí é a chur ar fáil roimh dheireadh an chruinnithe chun go bhféadfaimis é a phlé. Bheadh sé úsáideach mar slat tomhais chun íomhá cheart iomlán a fháil den straitéis.

B’fhéidir go bhfuil dearcaí éagsúla ag daoine ar an maoiniú chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm. Is ceist í atá mé tar éis a chur cúpla uair in áiteanna difriúla. Nuair a tosaíodh na pleananna teanga á chur i bhfeidhm nó á chur le chéile, bhí thart ar €40,000 do na céad grúpaí. Bhí sé sin laghdaithe go dtí thart ar €10,000 do na grúpaí níos déanaí. Bhí an sciar is mó imithe. Nuair a thagann sé chun na pleananna a chur i bhfeidhm, bheadh buairt orm go mbeidh an t-airgead, nó an sciar is mó de, imithe ag na grúpaí is luaithe. An bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil go leor airgid á chur ar fáil chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm nuair a bheidh siad curtha le chéile? Feicim figiúirí faoi leith i gcomhair iad a chur le chéile, ach conas gur tháinig an Roinn ar na figiúirí éagsúla? An bhfuil an t-airgead scaipthe amach de réir daonra nó conas a thagann an Roinn ar na figiúirí a chuir an tAire Stáit ar fáil do na grúpaí éagsúla chun an plean a chur le chéile agus, an rud is tábhachtaí, chun é a chur i gcrích?

Luaigh an tAire Stáit go raibh díomá air faoin daonáireamh. Bhí díomá orainn go léir. Ar chuir sé ionadh air go raibh na figiúirí laghdaithe mar sin? Caithfidh mé a admháil gur bhain sé preab asam. Bhíos i gcónaí den tuairim go raibh rudaí ag bogadh chun cinn agus mura bhfuil sé ag tarlú i mBaile Átha Cliath, tá sé ag tarlú i gCorcaigh, i nGaillimh nó sna Gaeltachtaí. Braithim gur baolach an easpa fuinnimhe ó Bhaile Átha Cliath agus go bhfuil sé tar éis seeping tríd chuig na Gaeltachtaí agus go bhfuil sé le feiscint sna figiúirí ansin. Tá móiminteam á chailliúnt. Ní hamháin go bhfuil na figiúirí laghdaithe, tá an móiminteam a bhí ann le blianta anuas caillte. Is é sin an bhuairt is mó. Conas gur féidir é sin a thabhairt thar n-ais arís, brú ar aghaidh agus forbairt a dhéanamh air? Luaigh an tAire Stáit gur bhraith sé go raibh daoine ag fágáil na tíre. Nach mbeidís sin imithe roimh 2011 agus an tarna daonáireamh deireanach? Bhí brú oibre ann ó 2008, 2009 agus 2010. Bheadh a lán dóibh sin imithe cheana féin.

Maidir leis an maoiniú le haghaidh infreastruchtúr éagsúla sa Ghaeltacht ar nós bhóithre áise, bóithre straitéiseacha, leathanbhanda agus mar sin de, nuair a cheistigh mé é seo cheana, an freagra a bhfuair mé ná go raibh an t-airgead ann do bhóithre nó do phleanáil teanga agus scéimeanna teanga. Ní gá go mbeadh sé ceann nó ceann eile. Sa chóras a bhí ann cheana, bhíodh airgead ann don dá rud. Bhíodh airgead ann do scéim labhairt na Gaolainne agus do bhóithre áise. Mar sin, ní gá go mbeadh coimhlint ann anois. Caithfidh go bhféadfaí airgead a chur ar fáil do rudaí cosúil le leathanbhanda, bóithre straitéiseacha, bóithre áise agus infreastruchtúr mar sin agus gan cur isteach ar na scéimeanna teanga. Fillfidh mé arís ar an gcaint.

Beidh deis eile ag an Teachta.

Gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht na gceisteanna sin. Maidir leis an méid atá bainte amach, tá Seán Ó Leidhinn, príomh-oifigeach cúnta sa Roinn, ag obair ar an bplean gníomhaíochta sin faoi láthair. Tá sé seo pléite leis maidir leis an struchtúr don phlean mar a bhí sé leagtha síos. Tá sé ráite ag an iar-Aire, Pat Carey, gur cuireadh faoi bhrú é ag an am an plean a fhoilsiú. Tá 13 chuspóir ann. Níl muid in ann a rá go bhfuil 100 moladh sa straitéis agus mar sin go bhfuil méid áirithe bainte amach. Tá sé ráite liom ag Seán Ó Leidhinn go gcaithfear breathnú ar na moltaí go léir atá sa straitéis agus cur i láthair a dhéanamh ar an méid atá tosnaithe, críochnaithe, bainte amach, nach bhfuil tosnaithe fós agus nach bhfuilimid ag breathnú orthu faoi láthair ionas go mbeidh liosta againn de na moltaí agus na cuspóirí atá déanta, le déanamh agus bainte amach. Ina dhiaidh sin, beimid in ann a rá go bhfuil 100 moladh le 30 tosnaithe, 20 críochnaithe agus rudaí mar sin. Tá an ceart ag an Teachta agus tá an smaoineamh céanna aige.

Cathain a mbeidh a leithéid ar fáil?

Chomh luath agus is féidir i rith an tsamhraidh. Tá sé léite agam. Níl sé deacair an plean a léamh ach tá sé deacair sa chaoi a bhfuil sé leagtha síos, toisc nach bhfuil sé soiléir cé mhéad moltaí atá ann agus rudaí mar sin. Tá sé sórt casta sa chaoi sin.

Maidir leis an airgead chun na pleananna a ullmhú, bhí €1.25 milliún ar fáil ag an Roinn don straitéis i mbliana. Is ardú é sin ó €1 mhilliún an bhliain roimhe seo agus €500,000 an bhliain roimhe sin freisin.

Tá 13 plean a cheapann muid go mbeidh réidh le foilsiú i mbliana. Tháinig muid suas leis an bhfigiúr sin. Mar is eol don choiste, tá Údarás na Gaeltactha ag déanamh an athbhreithnithe ar na pleananna atá aige faoi láthair. Tá scéimeanna eile ag tacú leis freisin. Tá cuid de na grúpaí ag fáil airgead ó áiteanna eile laistigh den Roinn chun tacú leis na pleananna agus iad a chur i bhfeidhm. Beidh na heagraíochtaí in ann oifigeach Gaeilge a earcú i mbliana ionas go mbeidh airgead ar fáil chuile bhliain ina dhiaidh sin freisin.

Maidir leis an laghdú sa daonáireamh, dúirt an Teachta go bhfuil easpa-----

Sula bhfágann an tAire Stáit an maoiniú, nuair a bheidh an t-airgead ar fáil, conas a roinnfí é idir na grúpaí éagsúla? Cén leagan amach a bheidh ar sin?

Tá sé sin déanta. Tá sé foilsithe ag Údarás na Gaeltachta. Tá thart ar €100,000 in aghaidh chuile eagraíocht áitiúil. Tá na grúpaí ar an eolas faoin méid atá faighte acu. Cuireadh é sin ar thaifead na Dála i bhfreagra ar cheist an Chathaoirligh coicís ó shin. Bhí an Teachta i láthair don cheist sin.

Bhí. Más rud é go bhfuil formula de shaghas éigin chun teacht ar an bhfigiúr i gcomhair na ngrúpaí éagsúla, conas a thagann an Roinn ar an bhfigiúr agus conas a roinntear amach an t-airgead eatarthu go léir? An bhfuil sé de réir daonra nó de réir rud éigin faoi leith eile?

Tá meastúcháin déanta go dteastaíonn thart ar €100,000 do chuile eagraíocht. Is é sin an chaoi a mbeidh an t-airgead sin á dhéileáil amach. Bhí próiseas difriúil sa phróiseas ullmhúcháin do na pleananna sin. Bhí figiúr difriúil leagtha síos do chuile eagraíocht. Braitheann sé sin ar an size agus rudaí mar sin.

Braitheann sé ar cad?

Braitheann sé ar líon na ndaoine sna gceantair.

So de réir daonra atá sé?

Daonra, is ea. Maidir leis an daonáireamh, dúirt an Teachta go bhfuil easpa fuinnimhe anois agus d'iarr sé cén chaoi a mbeimid in ann é sin a fháil ar ais. An chéad chaoi ná trí na pleananna teanga agus freisin trí feabhas eacnamaíochta na tíre. Tá daoine ag teacht ar ais go dtí an tír mar gheall ar an ardú deiseanna sa tír. Tá níos mó postanna ar fáil agus tá daoine ag teacht ar ais go dtí an tír. Beidh níos mó deiseanna faoin tuath agus sa Ghaeltacht freisin. Beimid ag cur airgead ar fáil chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm. Tá na daoine áitiúla ag cur san áireamh sna pleananna sin céard a theastaíonn ó chuile cheantair chun cabhrú leo an daonra a choimeád, postanna a chruthú agus deiseanna a chur ar fáil sna ceantair féin. Níl aon phlean faighte agam fós. Níor tháinig aon phlean os mo chomhair, ach tá a lán obair déanta ag na heagraíochtaí áitiúla, daoine áitiúla, Conradh na Gaeilge agus grúpaí eile chun na pleananna sin a ullmhú.

Caithfear deiseanna a bheith ag daoine an teanga a úsáid le cur leis an líon daoine a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil. Déanfar é sin tríd an gcóras pleanála teanga, an plean don oideachas Gaeltachta agus dar ndóigh trí feabhas a chur ar líon na seirbhísí poibí atá ar fáil i nGaeilge. Chuige sin, beidh mé ag foilsiú Bille teanga freisin ó thaobh an Achta nua don Ghaeltacht. Mar a luaigh mé freisin, tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag cur an plean oideachais Gaeltachta i bhfeidhm faoi láthair. Tá airgead curtha ar fáil. Scríobh an Roinn chuig chuile scoil sa Ghaeltacht chun iad a chur ar an eolas go bhfuil spriocdháta ann chun an próiseas a thosnú agus go mbeidh breis acmhainní ar fáil ina dhiaidh sin ó 2018 ar aghaidh chun cabhrú le na scoileanna an teanga a mhúineadh agus an t-athrú a dhéanamh má theastaíonn ón scoil bheith mar scoil lán-Ghaeilge.

Maidir leis an infreastruchtúr agus airgead caipitil, luaigh an Teachta leathanbhanda agus bóithre áise. Tá an leathanbhanda casta agus tá a fhios agam go bhfuil conradh sínithe ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil le Eir le déanaí. Tá an plean náisiúnta do leathanbhanda ann freisin. Chun an plean sin a chur i bhfeidhm, teastaíonn cabhair Stáit. Tá rialacha leagtha síos ón Eoraip ar chabhair Stáit agus caithfimid a bheith cúramach. Is é sin an fáth go bhfuil moill ar an gconradh. Tá sé fíor-chasta teacht ar réiteach ar an gconradh sin. Tá deacrachtaí leis ach táimid ag súil go mbeidh sé críochnaithe b'fhéidir roimh dheireadh na bliana. Le sin, beidh an Stát in ann airgead a chur ar fáil do chomhlachtaí príomháideacha le leathanbhanda a leagan amach sna ceantair Gaeltachta. Tá áiteanna luaite sa chonradh atá sínithe faoi láthair leis an Roinn, ceantair ar nós mo cheantair fhéin i gCois Fharraige, agus tá a lán tionscadail ag Údarás na Gaeltachta a chaithfidh ceangal a dhéanamh leis an fibre ard-chaighdeánach. Tá an Teachta ceart gur rud é a theastaíonn ó chuile cheantar Gaeltachta sa tír. Tá plean ag an Rialtas maidir le seo, ach caithfimid a bheith cúramach maidir le cabhair Stáit.

Cad faoi na bóithre áise?

Pléadh é seo ag cruinniú an choiste ar na Meastúcháin an tseachtain seo caite. Faoi láthair, tá an t-airgead atá faoi mo chúram sa Roinn leagtha síos agus níl airgead ar fáil do bhóithre áise. Pléadh é seo ag an gcruinniú sin ó thaobh scéimeanna LEADER agus rudaí mar sin. Má tá airgead ar fáil ó aon áit eile sa Roinn, beidh mé sásta breathnú ar rudaí cosúil le bóithre áise, scéim sábháilteachta ar na bóithre agus rudaí mar sin. Tá iarratais faighte agam ó áiteanna trasna na tíre le haghaidh scéimeanna do bhóithre.

Tá sé leagtha síos-----

Gabh mo leithscéal, a Theachta. Ligfidh mé duit teacht ar ais isteach.

Tá an Teachta O'Dowd ag fanacht. Tiocfaidh mé ar ais go dtí an Teachta Moynihan.

Fáiltím roimh an Aire. Molaim an obair atá déanta aige agus ag an Roinn chun an Ghaolainn a chothú agus an Ghaeltacht ach go háirithe a chur chun cinn. Molaim freisin an turas a chur sé ar fáil dúinn go dtí na hOileáin Árann. Bhí sé an-spéisiúil domsa mar nach raibh mé ann le tamall fada, níos mó ná 20 bliain nó mar sin. An féidir níos mó a dhéanamh, idir an tAire Stáit agus muidne go léir, chun cabhrú leis an rud is tábhachtaí ar an oileán i mo thuairim, is é sin an scoil? Tá meánscoil ansin agus dúradar linn go bhfuil timpeall 15 nó 16 dalta ag déanamh an ardteist i mbliana, ach sa teacht isteach nó san enrolment, tá níos lú ná seisear i gceist. An rud a chreidimse ón méid a dúradh liom, má thuig mé gach duine i gceart - níl Gaeilge Connachta agam - ná más rud é nach mbíonn fás ag an leibhéal sin, beidh an scoil dúnta sar i bhfad agus beidh deireadh leis. Ní bheidh aon oideachas dara leibhéal le fáil ar an oileán. Dúirt duine éigin a bhí mé ag caint leis go gciallódh sé sin nach mbeidh ann sa deireadh thiar thall ach holiday homes don samhradh ar an oileán go léir. Tá sé an-thábhachtach an cultúr agus an Ghaolainn a choimeád agus a chothú.

Molaim an obair atá déanta ag an Aire Stáit. Nílim ar cur aon locht air ar chor ar bith. Molaim an jab a rinne an Teachta Ó Cuív freisin nuair a bhí sé ina Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá croí gach duine san áit cheart ach níl an daonra le Gaolaoinn ag fás. Níl an t-idirdhealú ceart ann. Measaim go bhfuil an cheist práinneach anois.

An cheist atá agam, orainn féin agus ar an Aire Stáit, ná an féidir níos mó a dhéanamh chun daoine a mhealladh chuig an oileán. An féidir scoláireachtaí a chur ar bun do dhaltaí, atá ag freastal ar an meanscoil ar Árainn go háirithe, dul chuig an ollscoil nó Galway-Mayo Institute of Technology ionas go mbeadh rud breise, ní hamháin an Ghaolainn, ag mealladh daoine don scoil? Bheadh scoláireachtaí faoi leith ann do na daltaí sin. Maidir le daoine ar an oileán atá ag smaoineamh "Will I go to the mainland or an bhfanfaidh mé anseo?", dá mbeadh na scoláireachtaí sin ann, déanfadh sé an-mhaitheas don oileán agus do fhás na scoile. Chun é sin a mhíniú, ba chóir go mbeadh caint idir an Roinn agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chím go bhfuil €76 mhilliún in áit éigin, nach bhfuil? Cén fáth nach bhfuil siad sásta cuid den mhaoiniú sin a chur ar fáil do Ghaeltacht chúige Chonnacht chun é a fheabhsú? Nílim ag rá go gcaithfidh an tAire Stáit le freagracht as an Ghaeltacht gach rud a dhéanamh, ach caithfimid an brú a chur ar an Roinn agus ar an Aire Stáit rud mar sin a dhéanamh.

Caithfimid déileáil le cúrsaí eacnamaíochta freisin. Bheadh comhlachtaí, i nGaillimh nó in áiteanna eile, sásta cuidiú le feachtais cosúil leis sin chun an Ghaeilge a choimeád ar fud na tíre. Má féachtar ar léarscáil na hÉireann in 1922, bhí imeall na Gaeltachta i bhfad níos mó ná mar atá siad anois. Tá siad ag cúngú i gcónaí riamh. Is ceist í sin don tír ar fad. Caithfimid go léir cabhrú chun na Gaeltachtaí a choimeád. Caithfidh go mbeidh dearcadh eile ann. Nílim ag cur aon locht ar aon duine. Molaim gach rud atá á dhéanamh. Caithfimid bóthar eile a shiúil. Sin í an cheist. Dá mbeadh na scoláireachtaí sin ann, bheadh páistí sa scoil sin.

Caithfear cabhrú le Comhairle Contae na Gaillimhe go háirithe. Measaim go bhfuil sé nó seacht acra talún aici ar an oileán. B'fhéidir go gcuirfear tithíocht ar fáil ansin do teaghlaigh a bheadh sásta Gaolainn a labhairt - caithfidh sé sin a bheith ann ach go háirithe - agus sásta freastal ar an scoil. Bheadh na scoláireachtaí ann. An cheist atá ann ná an féidir le Údarás na Gaeltachta rud fiúntach a dhéanamh chun postanna a chruthú do, b'fhéidir, deichniúr ar an oileán. It could be working on computers nó rud éigin mar sin. Caithfimid daoine a mhealladh ar ais chuig an oileán. Sin na tuairimí atá agam.

Admhaím arís gur trip an-mhaith a bhí ann. Caithfimid dul chuig na Gaeltachtaí eile. Bhí mé ag caint le MP ó na hoileáin in Albain agus tá Gaolainn á labhairt acu i gcónaí ansin. B'fhéidir gur chóir dúinn dul ann chun féachaint ar na rudaí atá á ndéanamh in áiteanna cosúil leis na hoileáin Gàidhlig in Albain agus ceachtanna a fhoghlaim uathu chun chur i bhfeidhm anseo.

Rud eile a chuala mé - cé go bhfuil an Seanadóir Ó Céidigh in aice liom níl aon bhaint aige leis an tuairim seo agus tuigim nach féidir leis caint air - ach níl sé oiriúnach ná sásúil go mbeadh eitleáin ag freastal ar an oileáin gan aon daoine orthu.

Sin ceist ar an Aire Stáit.

Cén fáth go bhfuil eitleáin folamh? Tá líon daoine ann go dteastaíonn eitleáin uathu agus ní féidir na heitleáin a sholáthar dóibh.

Gabhaim buíochas leis an Teachta O'Dowd as na ceisteanna sin. Chuala mé go raibh turas maith ag an choiste ar na hoileán agus go raibh daoine sásta gur ndeachaigh an coiste amach ar an turas sin. Molaim an cinneadh a rinneadh é seo a dhéanamh.

Tá an ceart ag an Teachta ó thaobh oideachais, an chóras oideachais agus an tábhacht a bhaineann le scoileanna in aon áit faoin tuath, ach go mórmhór ar na hoileáin. Gan scoil, níl seans ar bith ag oileán muna bhfuil sé an-ghar don chósta. Bhí muid in ann, mar shampla, na rialacha ó thaobh an chóimheasa múinteoirí is daltaí a athrú do scoileanna beaga ar na hoileáin i mbliana go dtí go gcinnteofar go mbeidh beirt múinteoirí ar fáil má tá scoil amháin ar oileán. Ba chinneadh maith é sin ó thaobh shábhailteacht na bpáistí agus ó thaobh an chórais oideachais freisin.

Ó thaobh na meánscoileanna de, bíonn siad faoi bhrú in áiteanna ar na hoileáin. Mar a luaigh mé leis an Teachta Tóibín, is é sin an fáth a bhí mé sásta breis scoláirí a cheadú don mheánscoil sin ar Árainn chun cabhrú léi na huimhreacha a choimeád. Mar sin féin, tá siad faoi bhrú agus bíonn siad faoi bhrú. Bíonn chuile clann fíor-thábhachtach. Bíonn clanna le beirt nó triúir fíor-thábhachtach do cheantar beag agus don oileán. Muna bhfuil an caighdeán oideachais ró-mhaith nó, mar shampla, má tá laghdú ar an churaclam nó ar an rogha ábhar don ardteist, b'fhéidir go gcuirfidh tuismitheoirí a bpáistí chuig an mhórthír chun an ardteist a dhéanamh. Is mór an trua é má tharlaíonn sé sin.

Caithfimid bheith cúramach faoi sin agus breathnú ar na huimhreacha. Pléadh é seo ag an choiste idir-rannach, leis an Taoiseach, leis an Aire, an Teachta Richard Bruton, agus le feidhmeannaigh ón Roinn Oideachais agus Scileanna le déanaí. Tá a fhios agam go raibh cruinniú i ndiaidh sin idir an Roinn Oideachais agus Scileanna agus Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin. Tá an ceart ag an Teachta. Tá sé fíor-thábhachtach go gcoinnímid súil air agus go bhfuilimid ag plé an cheist seo ó thaobh thábhacht na n-ábhar atá ar fáil, ó thaobh an churaclaim agus ó thaobh an chóimheasa múinteoirí is daltaí, an méid múinteoirí agus rudaí mar sin. Tá an Roinn ag breathnú ar an cheist.

Tá an Roinn ag breathnú ar an cheist maidir leis na heitiltí folmha faoi láthair freisin. Níor mhaith liom níos mó a rá faoi ag an bpointe seo ach táimid ag breathnú air. Braitheann chuile rud a dhéanaimid le conarthaí oibleagáide seirbhíse poiblí ar chomhairle ó Oifig an Ard-Aighne. Tá sé fíor-chasta, mar atá fhios ag an Seanadóir Ó Céidigh. Is rud maith é go bhfuil seirbhís ar fáil, go bhfuil conradh sínithe le haghaidh tréimhse ceithre bliana agus go bhfuil eitiltí ar fáil - breis eitiltí ná mar a bhí sa chonradh deireanach, caithfidh mé a rá.

Bhí ceisteanna ó thaobh tithe sóisialta. Pléadh é sin ag cruinniú cinn bhliana Chomhdáil Oileáin na hÉireann ar Inis Bó Finne le déanaí. Scríobh muid chuig príomhfheidhmeannaigh Chomhairlí Contae na Gaillimhe agus Mhaigh Eo chun cruinniú den choiste oileánda a bunaíodh a eagrú.

Bhí ceann anuraidh ach níl siad ar siúl faoi láthair. Ba mhaith liom cruinniú idir na comhairlí contae, na comharchumainn, na seirbhísí sláinte agus seirbhísí de chuid an Roinn Coimirce Sóisialaí chun na rudaí sin a phlé, ar nós FÁS agus Tús agus na rialacha pleanála atá leagta síos, mar shampla. Mar a dúirt duine éigin ag an chomhdháil, an dteastaíonn go dtógfar isteach na rialacha pleanála céanna atá ar an mórthír chun teach nua a thógáil faoin tuath, maidir le hairde ballaí agus araile? Tá an ceart ag an Teachta. Caithfidh an comhairle contae breathnú ar sin. Tá sé níos éasca, mar atá fhios ag an Teachta, cead pleanála a fháil ag an chomhairle contae trí Pháirt VIII. Déanann na comhairleoirí an cinneadh so bheadh sé níos éasca cead pleanála a cheadú sna cásanna sin ná i gcás daoine atá ag iarraidh cead pleanála a fháil dóibh féin. Tá ról ag na comhairlí contae ansin. Tá an ceart ag an Teachta. Tá chuile dhuine, mar a dúirt an Teachta, ar an leathanach céanna ó thaobh thábhacht an oileáin, tábhacht dhaonra an oileáin agus na hoileáin a choinneáil beo.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus a chuid oifigeach. Gabhaim buíochas leis as an chur i láthair a rinne sé agus an cúlra a thug sé i dtaca leis an dul chun cinn maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Ó thaobh na straitéise go ginearálta de, níl a fhios agam an bhfuil cáipéis curtha le chéile ag an Roinn, cosúil le matrix, i dtaca leis na spriocanna, an méid atá bainte amach i dtaca le achan sprioc, an fáth nach bhfuil an sprioc sin bainte amach ina hiomlán agus aon athbhreithniú orthu. An bhfuil sé sin deánta? B'fhéidir gur fiú tabhairt faoi sin mar tá sé deacair dúinne agus don ghnáthphobal fáil amach cad iad na spriocanna atá bainte amach, ní hamháin i dtaca leis an straitéis 20 bliain ach ó thaobh aon pholasaí Stáit de nuair nach bhfuil na spriocanna agus an méid dóibh atá bainte amach soiléir. Tá sé fíor-deacair againn machnamh a dhéanamh ar aon cheann de na spriocanna sin de bhrí nach bhfuil an t-eolas beacht cruinn ar fáil againn. Is fiú go mór tabhairt faoi sin. Tá sé ráite san óráid ar thug an tAire Stáit an lá deireanach go bhfuil sé i gceist anois gníomhachtaí úra don tréimhse ó 2017 go 2022 a leagadh amach. Ní fiú é sin a dhéanamh muna bhfuil a fhios againn cá bhfuilimid. Tá múnla úr á gheallúint. B'fhéidir gur b'fhiú dúinn bualadh le chéile arís nuair atá an obair sin déanta agus é sin a phlé go mion. Ba mhaith liom dá mbeadh an deis sin againn.

Ó thaobh ceisteanna ginearálta, aontaím go huile is go hiomlán leis an Teachta O'Dowd i dtaca leis an oideachas dara leibhéal ar na hoileáin. Nuair a bhí muid ar Árainn, fuair muid cur i láthair iontach ó na príomhoidí agus go háirithe ón chathaoirleach, an Comhairleoir Seán Ó Tuairisg. Chuir sé i láthair cuid de na pointí a raibh an Teachta O'Dowd ag caint faoi. Tá brú ar na scoileanna ar na hoileáin. Bíonn an fhadhb chéanna againn i nDún na nGall, go háirithe ar Árainn Mhór. Beidh na fadhbanna sin ann. Is fiú go mór tabhairt faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge agus b'fhéidir níos mó maoinithe a chur ar fáil don scéim sin.

Ó thaobh na titime, a rinneadh plé uirthi, de 11.2% ar na cainteoirí Gaeilge sna Gaeltachtaí ó 2011 go 2016 de réir an dhaonáirimh, is titim tubaisteach í sin. Is dóigh gur sin an titim is mó de réir staitisticí de le 80 bliain anuas. An léiríonn an titim seo nach bhfuil an polasaí atá á chur i bhfeidhm, ní hamháin ag an Rialtas seo ach ag an Roinn, ag obair nó, mar a dúirt an tAire Stáit, an léiríonn sí go bhfuil daoine ag dul ar imirce? Más sin an fhadhb agus má táimid ag iarraidh na daoine sin a mhealladh ar ais, an bhfuil aon straitéis leagtha amach ag an Roinn leis sin a dhéanamh? An bhfuil sé i gceist an deontas do thithe úra sa Ghaeltacht a chur i bhfeidhm arís? Ní chreidim gur sin an fhadhb i ndairíre. Creidim go bhfuil rud éigin níos mine i gceist. An bhfuil aon obair déanta ag an Roinn le fáil amach cad a tharla? Tá a fhios agam go bhfuil sé luath go fóill, ach b'fhiú go mór tabhairt faoi sin. Mar shampla, bhí titim de 25% i nGaeltacht Chontae Mhaigh Eo. Cén fáth ar tharla sé sin thar tréimhse cúig bliana? Níl a fhios agamsa. An bhfuil a fhios ag an Roinn? Caithfimid an t-eolas sin a fháil má tá muid chun spriocanna a leagan amach le haghaidh tréimhse cúig bliana. Níl an milleán ar an Rialtas anseo, ach tá fadhb pholasaí éigin nuair atá sé sin ag tarlú. Tá a fhios agam go bhfuil sé luath fosta, ach b'fhéidir nach bhfuil an córas pleanála teanga úr ag obair. An bhfuil múnla úr ag teastáil? Cad é dearcadh na Roinne ar sin?

Ó thaobh na nGaeltachtaí agus na n-oileáin, tháinig ceist faoi mhaoiniú do na comharchumainn aníos ar Árainn, agus arís nuair a bhuail mé le cuid de na comharchumainn ar na hoileáin i nDún na nGall. Tá na comharchumainn faoi bhrú ollmhór. Cur i gcás comharchumann Thoraigh. Bhí sé deacair teacht ar bhainisteoir úr, cé go bhfuil bainisteoir den chéad scoth ceaptha anois. Bhí sé deacair. Bhí an córas earcaíochta an-deacair de bhrí nach raibh an oiread sin daoine sásta cur isteach ar an phost mar go raibh an pá chomh híseal sin i gcompáraid le háiteanna eile. Tá an dá chóras ansin. Tá maoiniú do na comharchumainn galltachta agus maoiniú do na comharchumainn Ghaeltachta, agus níl siad ar chomhchéim le chéile. Ar a laghad ba chóir go mbeadh. I mo thuairimse ba chóir go mbeadh na comharchumainn Ghaeltachta ag fáil níos mó airgid de bhrí go bhfuil dualgais breise orthu. Níl siad ag fáil an airgid bhreise sin. Tá a fhios agam go bhfuil €250,000 sa bhreis ar fáil trí Údarás na Gaeltachta sa bhuiséad reatha, ach nuair a scaiptear é sin, is thart ar €40,000 de réir an chomharchumainn é. Is pinginí é sin i ndairíre nuair a chuirtear obair na gcomharchumann san áireamh, go háirithe ar na hoileáin. Cur i gcás Toraigh, dhá chomharchumann Árainn Mhór agus comharchumainn Ghaeltachtaí na Gaillimhe. Tá na comharchumainn sin ag déanamh obair gach seirbhís Stáit. Tá siad ag obair thar ceann an Stáit agus níl siad ag fáil an mhaoinithe. Measaim go bhfuil value for money á chur ar fáil ag na comharchumainn sin. B'fhiú athbhreithniú a dhéanamh ar sin más féidir.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Ó Domhnaill. Tá an ceart aige ó thaobh na smaointí maidir leis an straitéis agus luaigh an Teachta Ó Muimhneacháin na rudaí sin freisin. Is é sin an obair atá Seán Ó Leidhinn á déanamh faoi láthair. Tá sé ag ullmhú an plean gníomhaíochta agus ag déanamh soiléiriú ó thaobh an méid spriocanna agus cuspóirí atá sa phlean, agus céard atá déanta agus le déanamh-----

Cén tréimhse ama atá i gceist maidir leis an bplean sin?

I rith an tsamhraidh.

Beidh sé críochnaithe i rith an tsamhraidh.

Is é sin an aidhm. Tá sé ag déanamh an obair sin faoi láthair. Nílim ag rá go bhfuil aon rud mícheart leis an straitéis agus na rudaí atá ann, ach sílim go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh na moltaí atá ann níos soiléire. Ó thaobh scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, mar a dúirt mé is scéim an-mhaith agus fíor-tábhachtach é sin. Déanann sé an-difríocht do na scoileanna ar na hoileáin ó thaobh na n-uimhreacha. Arís caithfimid bheith cúramach faoin méid daoine atá ag dul isteach nach bhfuil Gaeilge líofa acu. Níl ról ag an Roinn in agallaimh faoi láthair. Fágaimid é sin do na scoileanna. Smaoiním gur cheart go mbeadh an Roinn lárnach sa phróiseas sin go mbeadh muid in ann daoine a thabhairt chuig na hoileáin a bhfuil caighdeán réasúnta acu agus go mbeadh siad ag déanamh feabhais ar an chaighdeán.

Is deis iontach í do dhaoine atá suim acu a bheith ina múinteoirí. Bheadh an ardteist agus chuile rud trí Ghaeilge acu ar na hoileáin agus bheadh siad in ann torthaí maithe a fháil. Déanfaidh sé sin feabhas don saol as sin ar aghaidh. Mar a dúirt mé, bhí mé sásta breis scoláirí a cheadú d'Inis Mór i mbliana. Caithfidh muid a bheith cúramach, áfach, mar bhí daoine ó chuid de na hoileáin ag gearán faoi líon na ndaoine a bhí ag teacht go dtí na scoileanna. Caithfidh muid na smaointe sin a thógáil san áireamh freisin.

Bhí ceist ann maidir leis an daonra sa Ghaeltacht. Mar is eol don Seanadóir, bhí drochthréimhse ann do gheilleagar na tíre. Nuair a tharla sé sin, bhí an Rialtas seo agus an Rialtas roimhe ag troid chun poist a choimeád agus a chruthú agus rudaí a chur i bhfeidhm. Mar shampla, chuir muid a lán béime ar thurasóireacht. In 2011, nuair a tháinig an t-iarratas isteach, bhí pacáiste againn chun cabhrú leis na huimhreacha ó thaobh na turasóireachta de. Bhí smaointe maithe ar nós Shlí an Atlantaigh Fhiáin ann agus cruthaídh poist san earnáil turasóireachta. Is dea-scéal é sin. Níl an freagra agam maidir leis an titim i líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht i ní hamháin Conamara ach i Maigh Eo agus i nDún na nGall freisin seachas le rá gur cailleadh poist agus nach raibh an obair ann do dhaoine a bhí ag tógáil tithe agus rudaí mar sin. B'fhéidir go raibh orthu imeacht. Bhí a lán daoine ó Chonamara ag obair i gcathair na Gaillimhe agus iad ag tógáil tithe i rith an Celtic Tiger ach, nuair a thit rudaí, bhí siad fágtha gan postanna.

Cé go bhfuil figiúirí an daonáirimh foilsithe ina n-iomláine, fógrófar na mionsonraí i rith na bliana agus beidh níos mó eolais ansin ann. D'fhoilsigh an Roinn an plean forbartha tuaithe agus tá Údarás na Gaeltachta ag déanamh an-iarracht chun poist a chruthú. Tá ról an-tábhachtach ag an Údarás faoin tuath agus sa Ghaeltacht go mórmhór. An aidhm atá ag an Údarás ná 500 post a chruthú i rith na bliana seo. Bhí agus tá breis airgid curtha ar fáil ag an Údarás in 2016 agus in 2017. Má bhíonn breis airgid á lorg, beidh muid sásta tacú leis sin freisin. Tá a fhios agam go bhfuil pleananna maithe ag an Údarás ó thaobh post de.

Beidh mé sásta breismhaoiniú a chur ar fáil do na comharchumainn. Aontaím leis an Seanadóir go dteastaíonn níos mó do na comharchumainn Ghaeltachta. É sin ráite, tá siad in ann airgead a fháil ó áiteanna eile nach bhfuil comharchumainn atá lasmuigh den Ghaeltacht in ann a fháil. Cabhróidh sé sin leis na comharchumainn san obair atá siad a dhéanamh. Ag an am céanna, tá an Seanadóir ceart go bhfuil siad faoi bhrú agus go bhfuil billí acu. Tá orthu íoc as árachas, teas agus rudaí mar sin. Bhí mé sásta an t-airgead a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta i mbliana agus bhí an tÚdarás sásta cabhrú leo. Chas mé leo roimh buiséad 2016 agus chuir siad cás maith os ár gcomhair. Bhí feidhmeannaigh an Údaráis i láthair ag an gcruinniú sin freisin agus bhí mé sásta go raibh an tÚdarás in ann breis acmhainní a thabhairt do na comharchumainn.

Is é a bhí sa straitéis ná straitéis leathan agus cuimsitheach agus ní mionphleananna le cur chun cinn na Gaeilge a chinntiú thar thréimhse 20 bliain. Sin a bhí i gceist taobh istigh den mhórstraitéis seo agus is é sin an fáth nach bhfuil mionsonraí socraithe ann nó leagtha síos ann. Bhí i gceist go ndéanfaí an pleanáil ar fad agus is straitéis Rialtais a bhí ceaptha a bheadh i gceist. Bhí sé le bheith stiúrtha ag an Taoiseach agus ag coiste Rialtais agus bhí aonad faoi leith le bheith i Roinn na Gaeltachta le saineolaithe tugtha isteach leis an straitéis a thiomáint. Sin atá ráite sa straitéis. Chomh maith leis sin, bhí céim an bhunaithe ann agus céim feidhmithe a 1. Tá sé spéisiúil breathnú ar chéim feidhmithe a 1. Deir sé, "Le linn blianta tosaigh na Straitéise, bunófar bearta fadtéarmacha le go mbeidh an soláthar de mhúinteoirí cáilithe agus de shaineolaithe eile ar fáil [le] go mbeidh na córais oiliúna cuí i ndáil leis sin bunaithe go luath sa Straitéis."

Cén leathanach é sin?

Go raibh maith agat.

Leanann sé leis, "Chomh maith leis sin, déanfar cuid mhaith de na bearta a fheidhmiú go hiomlán nó a thosú ag an gcéim seo lena n-áirítear ábhair d'oideachas agus litearthacht teanga a ullmhú." Ta sé soiléir go raibh i gceist go mbeadh sé sin ar fad déanta i bhfad roimh 2016 mar, nuair a théim ar aghaidh, deir céim feidhmithe a 2, "Le linn na céime seo, déanfaidh Éire ceiliúradh ar chothrom 100 bliain d'Éirí Amach na Cásca agus ar ár neamhspléachas agus déanfar nasc idir na hócáidí sin agus an Straitéis seo."

Ba léir, nuair a rinne an Rialtas é seo, go mba cheart go mbeadh muid go maith taobh istigh de chéim feidhmithe a 2 faoin mbliain 2016. Ní hamhail atá. Nuair a bhreathnaíonn muid ar na móraidhmeanna sa straitéis, sa gcuid is mó acu níor leagadh amach riamh aon mhionphleannana le cur i gcrích. Déanaim eisceacht amháin agus tugaim creidiúint don Rialtas as an bpolasaí oideachais Gaeltachta. Taobh amuigh de sin, áfach, níl móraidhmeanna na straitéise curtha i bhfeidhm. Sílim féin go bhfuil sé in am anois é sin a admháil agus a aithint ón mbarr anuas. Fiú níor cuireadh na struchtúir i bhfeidhm. Níor cuireadh an tAire sinsearach, a bhí ceaptha a bheith ar fáil, i Roinn le go dtabharfaí tosaíocht náisiúnta dó seo. Tá trua agam don Aire Stáit sa mhéad seo. Is léir go bhfuil cúram na Gaeilge leagtha air i gcoirnéal beag in intinn an Rialtais agus, don chuid is mó, ní straitéis Rialtais é seo ach iarrachtaí Aire i Roinn amháin le beagáinín oibrithe sa Roinn Oideachais agus Scileanna.

Bhí mé ag dul tríd na rudaí a bhí liostaithe anseo inniu. Níl an t-am agam inniu mar tá deifir ar an gCathaoirleach ach tá sé intuigthe ar aon chaoi-----

Tá dóthain ama á thabhairt agam don Teachta.

Má bhreathnaíonn muid ar an liosta seo, bhí an chuid is mó de na rudaí atá liostaithe ar bun cheana. I gcuid mhaith cásanna, bhí níos mó ar bun sa mbliain 2010 faoi na ceannteidil éagsúla ná mar atá ar bun i láthair na huaire. Le cuid mhaith acu, is céim siar atá tógtha le cúig bliana nó sé bliana anuas agus ní céim chun tosaigh. Tá bua beag anseo is ansiúd ach tharlódh sé sin ar aon chaoi. Bhí sé sin tarlaithe leis na blianta a bhí roimhe sula dtáinig an straitéis seo. Sílim féin go bhfuil sé in am againn an fhírinne a admháil agus a rá go dtósóidh muid ceart as an nua arís.

Maidir leis an bpleanáil teanga seo, cuimhnigh gur straitéis náisiúnta don tír uilig, Thuaidh is Theas, a bhí anseo agus ní straitéis don Ghaeltacht bhí ann cé go raibh an Ghaeltacht lárnach ann. Bhí na moltaí den staidéar teangeolaíochta le cur i bhfeidhm ach taobh istigh den Ghaeltacht tá cúpla punt tugtha do choistí le duine éigin a earcú le plean pobail a réiteach. Ar ndóigh an rud a bhí i gceist ná go mbeadh plean Rialtais agus plean pobail i gceist do chuile phobal mar tá an oiread sin tionchar ag an Rialtas ar na háiseanna agus na seirbhísí a chuirtear ar fáil don phobal. Cén mhaith do phobal, mar shampla, i gCois Fharraige nó aon áit eile a leagan síos go mba cheart go mbeadh seirbhísí an Stáit ar fáil trí Ghaeilge sna pobail gan chomhpháirtíocht an Rialtais a bheith leo. Féadfaí a bheith ag scríobh pleananna go deo.

An dara rud ná nár tugadh aon airgead d'aon phobal le haon cheann de na pleananna seo a chur i gcrích ar aon mhórscála. An rud a bhí i gceist sa straitéis ná go mbeadh mórscála ann. Ní ghlacaim le ceist an airgid mar an rud a bhí i gceist ná, as an €50 billiún atá á chaitheamh bliain i ndiaidh bliana, go gcuirfí an t-airgead ar fáil leis seo a chur i bhfeidhm, ainneoin na géarchéime, mar tuigeadh go raibh práinn ag baint leis seo. Trí mhórscála, ní airgead mór a bheadh i gceist. I gcuid mhaith Ranna, is é an t-airgead céanna a bheadh i gceist ach go gcaithfí go cóir agus go cothrom é i leith na teanga.

Tabharfaidh mé sample beag amháin. Nuair a tháinig an ghéarchéim airgid den chéad uair, tógadh airgead as an gceadúnas teilifíse do TG4. Tá go leor ann agus mé ina measc a déarfadh nach gcomhlíonann cuid mhaith den airgead a bhfaigheann RTE aon mhórchuspóir náisiúnta. Ba cheart go mbeadh i bhfad níos mó de sciar airgid an dream a íocann an ceadúnas ag dul do theilifís trí Ghaeilge agus do raidió trí Ghaeilge. D'fhéadfaí an sciar sin a chothromú go mór gan cur isteach ná amach ar chiste an Stáit. Sampla an-bheag é den míle rud a bhféadfaí a dhéanamh le déanamh cinnte go gcaithfí go cuí agus go cóir leis an nGaeilge agus gan bhreis airgid a tharraingt ar an Stát.

Nílim ag iarraidh cur isteach ar an Teachta, ach, más féidir, an ndíreoidh sé ar cheisteanna?

Chun a bheith fírinneach, dá dtosóinn ar cheisteanna, chaithfeadh muid trí lá ag dul go mion tríothu.

Níl trí lá againn.

Tuigim é sin, ach cén cheist gur féidir a chur faoi rud nach bhfuil á dhéanamh?

Is féidir linn bogadh ar aghaidh go dtí an Seanadóir agus tiocfaimid ar ais chuig an Teachta má bhíonn ceisteanna aige.

An rud atá mé a rá anseo i láthair an Aire Stáit-----

Tá a fhios agam é sin-----

Is cur i gcéill, i gcead don Aire Stáit, an cháipéis seo. Mar shampla, deir sé go bhfuil scéim na gcúntóirí teanga á riaradh. Bhí sé sin ann. Luadh tacaíocht trí COGG do théacsleabhair. Bhí céard atá ag tarlú ann. Luadh go bhfuil ionad tacaíochta teaghlaigh eile i gCorca Dhuibhne ach bhí ceann le bheith i ngach uile Ghaeltacht. Deir sé go bhfuil Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag feidhmiú i gcónaí. Tá scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ann ach tá sé cúngaithe go mór le cúpla bliain anuas. Luadh go bhfuil clár cuimsitheach oiliúna Gaeilge á chur i bhfeidhm san earnáil phoiblí. Ba bhreá liom é a fheiceáil mar níl na daoine ar fáil. Deir sé go reachtálfar féile Oireachtas na Samhna gach bliain. Céard a bhí muid ag súil leis? Go gcuirfí deireadh leis? Sin mar atá sé ag dul tríd arís agus arís eile. An rud atá i gceist agam ná go bhfuil olldhifríocht idir an rud atá anseo agus feidhmiú na straitéise. Is beag bainte atá ag an rud atá anseo agus an mórstraitéis náisiúnta. Mar sin, is é mo bharúil go dtógadh cinneadh ag an tús neamhaird iomlán a thabhairt ar an straitéis. Tá sé in am é sin a admháil agus tosú as an nua arís.

Gabhaim mo bhuíochas leis an Teachta Ó Cuív. I dtús báire, tá cóip den óráid aige agus tá a lán rudaí leagtha amach ann. Níl se féaráilte a rá nach bhfuil. Luaigh an Teachta an polasaí oideachais. Ba é sin ceann de na príomhspriocanna a bhí leagtha síos sa straitéis. Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna in éineacht le mo Roinn ag dul ar aghaidh leis an bplean sin. Nílim chun é a léamh arís, ach tá rudaí ann ó thaobh reachtaíocht agus stádas. Sa Ghaeltacht, i réimse an teaghlaigh-----

Gabh mo leithscéal, ach cad tá déanta i réimse an teaghlaigh?

Lig don Aire Stáit labhairt.

Tá a lán rudaí ann a bhaineann le riarachán, seirbhísí pobail, na meáin agus an teicneolaíocht, foclóirí, an saol eacnamaíochta agus rudaí i measc na tionscnaimh leathana. Tá a lán rudaí ann. B'fhéidir go raibh tús curtha le cuid acu roimhe seo ach, ag an am céanna, bheadh duine in ann é sin a rá faoi aon straitéis, ach táimid ag leanúint ar aghaidh leo. Dá mbeadh muid ag tógáil airgid ó na rudaí seo, bheadh an coiste ag tabhairt amach faoi. Caithfimid aitheantas a thabhairt. Sin an fáth go bhfuil sé tábhachtach an plean gníomhaíochta a bheith againn i rith an tsamhraidh. Beidh na rudaí atá déanta agus na rudaí nach bhfuil níos soiléire. Tá mise ag fanacht leis sin freisin.

Níor luaigh an Teachta é, ach foilsíodh an plean sa chéad lá riamh nuair a bhí drochstádas ann ó thaobh gheilleagar na tíre. Deir an Teachta nach bhfuil mórán airgid i gceist leis an bplean ach bhí air féin laghdú a dhéanamh ar airgead a Roinn sa tréimhse dheireanach den am a bhí sé féin ann mar gheall nach raibh airgead ar fáil chun rudaí a chur i bhfeidhm.

Cén bliain atá i gceist ag an Aire Stáit?

Laghdaíodh airgead caipitil an Údaráis ó €18 milliún go €10 milliún-----

Ní raibh mise ann nuair a-----

Bhí laghdú ann agus pléadh é. Bhí mé ar an gcomhairle contae ag an am. Bhí laghdú ann sa bhuiséad caipitil nuair a bhí an Teachta ann freisin. Sílim nach raibh an Teachta Ó Cuív in ann an t-airgead sin a fháil ón Roinn Airgeadais mar gheall ar na dálaí eacnamaíochta a bhí ann ag an am.

Labhair an Teachta Ó Cuív faoin Stát agus líon na ndaoine atá earcaithe sa tseirbhís phoiblí. Tá an Teachta ceart go bhfuil easpa daoine ann chun seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus sin an fáth go bhfuilimid ag dul tríd an próiseas maidir leis na pleananna teanga. Tá ceist curtha agamsa go minic nár bhfuair mé freagra uirthi riamh ó aon dhuine. Bhí an Celtic Tiger ann, bhí an t-airgead ar fáil agus bhí ardú suntasach i líon na ndaoine ag obair sa tseirbhís phoiblí. Mar sin, cén fáth nach bhfuil na cainteoirí Gaeilge againn anois? Bhí ardú ann agus bhí an t- airgead ann ach níl na cainteoirí ann. Níl a fhios agam cén fáth ach ní raibh dóthain daoine ar fáil. B'fhéidir go mbaineann sé leis an bpolasaí a bhí ann nó b'fhéidir nach raibh na daoine ar fáil. Níl a fhios agam. An rud atáimid ag iarraidh a dhéanamh, áfach, laistigh den Acht teanga nua, ná plean ceart a chur i bhfeidhm. Tá a fhios agam go bhfuil an coiste ag cabhrú linn sa phróiseas sin. Tá cabhair ann ón gCoimisinéir Teanga agus ó na daoine ó Chonradh na Gaeilge freisin. Níl dáta nua socraithe againn ach táimid ag súil go mbeidh dáta nua againn an tseachtain seo chugainn. Níl sé sin socraithe, áfach, ó thaobh an choiste idir-rannach maidir le cinn an Bhille sin a phlé.

Beidh an Roinn Oideachais agus Scileanna, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus eagraíochtaí eile ag tacú leis an bpobal Gaeltachta a phleananna teanga a chur i bhfeidhm. Arís, níor tháinig aon phlean fós os mo chomhair.

Tá tús curtha leis an bpróiseas le haghaidh oifigigh Gaeilge a earcú. Ina dhiaidh sin, beidh airgead ar fáil chun na pleananna a chur i bhfeidhm. Níl aon phlean ceadaithe agam go fóill. Tá Údarás na Gaeltachta ag breathnú ar na pleananna faoi láthair. Níl tús curtha leis an obair sin. Tá airgead ar fáil i mbliana. Is é an ról atá agam agus ag an Aire sinsearach ná an t-airgead sin a fháil ón Roinn.

An mbeidh neart airgid ann chun oifigigh Gaeilge a earcú maidir leis na pleananna teanga?

Tá sé sin déanta le dhá bhliain anuas. Tá €250,000 curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta chun oifigigh Gaeilge a earcú sna ceantracha a bheidh ag foilsiú pleananna i mbliana. Bhí an ceart ag an Teachta Ó Cuív nuair a dúirt sé nach raibh airgead mór i gceist i gcomparáid le Ranna eile. Bhí mé ag éisteacht leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe anuraidh nuair a cheadaigh sé €150 milliún breise don Roinn Sláinte sa cháinaisnéis. Cheap mé go mbeadh a leithéid d'ardú go hiontach d'aon Roinn. Tá an ceart ag an Teachta nuair a thugann sé le fios go mbíonn sé an-éasca do Ranna móra breis airgid a fháil uaireanta. Is dócha gur mar sin a bhí cúrsaí i gcónaí. Nuair a labhair mé leis an Aire, an Teachta Donohoe, i ndiaidh an bhuiséid sin, dúirt mé leis go raibh sé go hiontach go raibh an t-airgead sin ar fáil don Roinn Sláinte, ach go ndéanfadh €1 mhilliún breise an-difríocht don Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá an ceart ag an Teachta. Bíonn muid ag troid i gcónaí chun breis airgid a fháil.

Níl mé ag rá nach bhfuil an tAire Stáit go pearsanta ag déanamh a dhíchill. Is cinnte go bhfuil sé ag déanamh i bhfad níos fearr ná an bheirt a chuaigh roimhe, ach ní hé sin an pointe. Luaigh sé ceist na hearcaíochta. Cén fáth nach ndearnadh an earcaíocht? Is ceist mhaith í sin. Is fadhb í go mbíonn Airí ag troid le Ranna éagsúla an t-am ar fad. Tharla sé sin fiú nuair a bhí mé mar Aire sinsearach. Ar ndóigh - ar nós mar a bhí na briogáid dóiteáin ag iarraidh an loscadh sléibhe a mhúchadh thuas i gCluais le cúpla seachtain anuas - ní ba thúisce go múchadh tine amháin ná go raibh tine eile lasta. Tháinig muid ar an tuairim nach n-éireódh le haon straitéis Rialtais mura bheadh an Taoiseach, seachas Aire ar bith, mar cheann foirne air ós rud go mbeadh Aire nó Aire Stáit bocht na Gaeltachta ag dul ó Roinn go Roinn an t-am uilig gan na hacmhainní daonna, nó pé acmhainní eile, leis na tinntí ar fad a múchadh. Dá bhrí sin, bhí straitéis ollmhór ag teastáil. Tá sé leagtha amach go soiléir ar leathanach 10 den straitéis go ndéanfaidh "an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, a mbeidh an Taoiseach ina chathaoirleach air, maoirseacht ar an dul chun cinn agus tabharfaidh sé tuairisc don Rialtas mar is gá". An bhfreagróidh an tAire Stáit ceist amháin dúinn? Ó tharla gur cheart go mbeadh an Taoiseach anseo, agus é ceaptha mar cheann foirne, cén fáth nach bhfuil sé sásta teacht isteach go dtí an coiste seo agus freagairt don fhreagracht i leith na Gaeilge a leag an straitéis ar siúd, seachas ar an Aire Stáit? Cén fáth nár tháinig sé chugainn?

Is ceist don Taoiseach an cheist sin.

Is ceist don Rialtas í.

B'fhéidir go mbeidh níos mó sonraí againn oíche amárach maidir lena phleananna pearsanta. Má tá duine éigin eile ina Thaoiseach go luath, beimid in ann an cheist sin a phlé. B'fhéidir go mbeidh ról lárnach ag an duine sin ó thaobh na straitéise de. Tá a fhios agam go bhfuil an-suim aige sa Ghaeilge, mar chathaoirleach ar an gcoiste idir-rannach, agus i gceisteanna mar seo, ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá a fhios agam go bhfuil Cathaoirleach an choiste seo ag cur an-bhrú ar an Taoiseach trí cheisteanna a ardú sa Dáil ionas go mbeimid in ann brú ar aghaidh le cinnteidil an Bhille nua.

Le sé bliana anuas, cé mhéid cruinniú den choiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht a bhí ann? An bhfuil an ceart agam nuair a deirim nach bhfuil a leithéid de choiste ann? Tuigim gur choiste a bhíonn ag plé le cúrsaí ealaíon agus oidhreachta, forbairt réigiúnach agus forbairt tuaithe, seachas coiste ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, atá i gceist anseo.

Bíonn an coiste idir-rannach ag plé le cúrsaí ealaíon, Gaeilge, Gaeltachta agus oileán. Pléitear ceisteanna éagsúla. Mar shampla, bhí an polasaí oideachas Gaeltachta ar an gclár le déanaí.

Pléitear cúrsaí ealaíon freisin.

Is ea. Níl baint ag an gcoiste le forbairt réigiúnach nó forbairt tuaithe-----

Cheap mé go ndearnadh cinneadh coiste faoi leith maidir leis an nGaeilge a bhunú, leis an Taoiseach mar chathaoirleach air.

Tá an Taoiseach mar chathaoirleach-----

Ta mé ag caint faoin gcoiste faoi leith maidir leis an nGaeilge.

-----ar an gcoiste ealaíon, Gaeilge, Gaeltachta agus oileán.

Tiocfaidh mé ar ais go dtí an tAire Stáit.

Níl a fhios agam cé mhéad-----

Tá go maith. Caithfidh mé imeacht.

Bhí mé i láthair ag dhá chruinniú, sílim.

Cé mhéad cruinniú den choiste a bhíonn ag plé leis an straitéis 20 bliain a bhí ann le sé bliana anuas ó 7 Márta 2011? An féidir leis an Aire Stáit an t-eolas sin a fháil dom?

Is dóigh liom go dtaispeánann sé nach bhfuil an straitéis seo á thiomáint mar a cheapamar go mbeadh sé tiomanta ag an Taoiseach mar cheann an Rialtais.

Bhí an Seanadóir Ó Clochartaigh thar a bheith foighneach.

Bíonn mé foighneach i gcónaí.

Is cinnte go raibh tú an uair seo.

Tá brón orm nach raibh mé anseo nuair a bhí an tAire Stáit ag tabhairt a aitheasc oscailte. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Sorcha de Brúch as ucht a ceapacháin. Is dóigh liom gur thréaslaigh mé leis na fir eile nuair a bhíodar linn cheana. Tá súil agam go n-éireoidh go maith léi ina ról nua.

Is dócha go dtagann ceist an airgid isteach go láidir in aon cheann de na ceisteanna seo. Tuigim go bhfuil an tAire Stáit faoi bhrú. Tá an ceart aige gur gearradh na putóga as na buiséid a bhí ag leithéidí Údarás na Gaeltachta i rith na géarchéime sular tháinig an Rialtas seo i bhfeidhm. Le déanaí, chuir suas le 80 eagraíocht Gaeilge aighneacht os comhair gach páirtí, Fine Gael ina measc, ó thaobh maoiniú ilbhliantúil de €18 milliún in aghaidh na bliana. Ní bhfuair na heagraíochtaí an t-ardú a bhíodar ag súil leis i mbliana. An bhfuil sé i gceist go bhfaighidh siad ardú buiséid amach anseo?

Tá comparáid déanta idir na comharchumainn Gaeltachta agus na CDPs ar na hoileáin. Tá sé ráite go bhfuil airgead na CDPs níos airde. Caithfear breathnú ar an gcineál leatrom atá i gceist anseo. An bhfuil spriocanna ilbhliantúla, seachas buiséid bliain in aghaidh bliana, i gceist ó thaobh cúrsaí buiséid? An bhfuil an tAire Stáit ag lorg ardú ar bhuiséad Roinn na Gaeltachta de réir a chéile? Tá sé ráite ag an Rialtas go bhfuil casadh san eacnamaíocht agus go bhfuil an géarchéim thart. Cén treo atá i gceist ag an Aire Stáit? Cá bhfuilimid ag dul ó thaobh mhaoiniú na Roinne? Cén méadú ba chóir dúinn a bheith ag súil leis i mbliana, an bhliain seo chugainn agus an bhliain ina dhaidh sin ionas go mbainfear amach na spriocanna atá luaite ag an Aire Stáit? Tá ceisteanna eile a bhaineann le cúrsaí airgeadais ceangailte leis na ceisteanna sin. Tá pá an-íseal acu siúd atá páirteach i scéim na gcúntóirí teanga, lena raibh mé ag déileáil roinnt blianta ó shin. An bhfuil sé i gceist ardú a chur ar an tuarastal atá á íoc leis an dream atá bainteach leis an scéim sin?

An bhfuil aon déileáil ag an Aire Stáit leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus leis an Aire, an Teachta Zappone, ó thaobh na naíonraí agus na naíolanna? Tá an-obair ar bun sna háiseanna sin, ach tá géarchéim iontu nach mbaineann le cúrsaí Gaeilge amháin. Mar gheall go bhfuil an pá chomh híseal sna naíolanna, tá sé fíor-dheacair teacht ar dhaoine atá sásta obair iontu. Tá go leor acu éalaithe agus iad anois ag obair i scoileanna mar chúntóirí riachtanas speisialta. Tá sé an-deacair teacht ar bhainisteoirí sna naíolanna. Is í ceist an phá an bhuncheist sa chomhthéacs seo. An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit ardú a thabhairt ó thaobh chúrsaí airgeadais de sna naíonraí agus na naíolanna?

Aontáim leis an méid atá ráite maidir le tacaíocht a thabhairt don mholadh i dtaobh scoláireachtaí breise ar na hoileáin. Tuigim an pointe atá déanta ag an Aire Stáit go mb'fhéidir go bhfuil deacrachtaí le tógáil san áireamh, ach mar bhunphrionsabal bheinn ag tacú leis an mholadh ó thaobh na scoileanna oileánda go gcuirfear breis airgid ar fáil le haghaidh na scoláireachtaí.

Ag caint ar chúrsaí earcaíochta, ba léiriú an-suntasach é nuair a dúirt PAS nárbh fhéidir leo an córas ceapacháin le haghaidh príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta a bhainistiú. De réir mar a thuigim, láimhseáil siad cheana é. Céard atá tarlaithe? Céard atá mícheart? Má tá cúlú i gceist ar an méid a bhí á dhéanamh roimhe seo ó thaobh chúrsaí ceapacháin de, nach léiriú é sin i ndáiríre go bhfuil ag teip ar an straitéis 20 bliain ó thaobh na Státseirbhíse de?

An aontaíonn an tAire Stáit gur cheart dúinn céatadán áirithe a lorg ó thaobh an dream le Gaeilge nuair atá daoine á dtabhairt isteach sa státchóras? Cén céatadán iontrála a bheadh i gceist, ina thuairim pearsanta? Is léir nach bhfuil leath a dhóthain daoine le Gaeilge sa státchóras faoi láthair. Tá rud éigin an-aisteach ráite ag an Aire Stáit - dar leis, ní raibh daoine curtha isteach sna poist seo san am atá imithe thart. Ní ghlacaim leis sin. Níl a fhios agam an bhfuil aon fhianaise ann don smaoineamh sin. Más gá go mbeadh rialacha níos daingne i bhfeidhm sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe lena chinntiú go mbeidh Gaeilge ag níos mó daoine agus iad ag dul isteach sa státchóras, cén sprioc a leagfaidh an tAire Stáit síos sa chomhthéacs sin?

Bhí tagairt níos luaithe d'Údarás na Gaeltachta agus cearta sibhialta, srl. Nuair a bhí daoine ag máirseáil ar son cearta sibhialta agus iad ag lorg údarás Gaeltachta, bhíodar ag iarraidh údarás a bheadh ag forbairt na Gaeltachta ar fad, ní hamháin díreach ó thaobh chúrsaí teanga ach freisin ó thaobh chúrsaí fostaíochta, oiliúna, cultúrtha agus sóisialta. Braithim go bhfuil cineál cúlú á dhéanamh ar cuid de na réimsí sin, agus go bhfuil daoine áirithe ag díriú anois ar údarás teanga Gaeltachta seachas údarás Gaeltachta.

Labhair an tAire Stáit faoin drochthréimhse eacnamaíochta a bhí ann le blianta beaga anuas, ach táthar ag rá anois go bhfuil rudaí athraithe agus ag bogadh ar aghaidh. Cá bhfeiceann an tAire Stáit an fostaíocht á chruthú sna ceantracha Gaeltachta? An bhfuil sé ag tabhairt treoir le hÚdarás na Gaeltachta a dhíriú? Cad atá á dhéanamh aige chun fostaíocht a chruthú i gceantar Iorras Aithneach, mar shampla? Céard faoi na ceantracha iargúlta eile, ar nós Ceantar na nOileán? An bhfuil treoir á thabhairt aige d'Údarás na Gaeltachta ó thaobh cén sórt poist atá sé ag iarraidh a chruthú? Cén tacaíocht airgid a bheidh ar fáil? Cé mhéad poist atá sé ag iarraidh a chruthú sna ceantair sin?

Tá fostaíocht le cailleadh in RTÉ. Tá 200 post le n-imeacht as RTÉ. An bhfuil aon comhráití ar bun idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt maidir leis an fhostaíocht sin? An gcinnteoidh sé go gcaomhnófar na poist atá in RTÉ ó thaobh na Gaeilge de, go háirithe i leithéidí Raidió na Gaeltachta? Tá súil agam nach mbeidh na poist sin mar íobairt nuair a bheidh slad a dhéanamh ar fhostaíocht in RTÉ.

Aontáim leis an Aire Stáit go bhfuil gá le coiste a dhéanfaidh machnamh ar chúrsaí iompair go hÁrainn agus go dtí na hoileáin eile. Cén dul chun cinn atá á dhéanamh ó thaobh an conradh farantóireachta go dtí na trí Oileáin Árann? An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit cónascadh a dhéanamh arís idir na trí oiléain sa chéad tairiscint eile sa chaoi go mbeifear ag geallúint go mbeidh seirbhís ag dul go hInis Mór ar feadh na bliana?

Deirtear liom go bhfuil na cosa á dtarraingt maidir le cé Inis Oírr. Tuigim go bhfuil an t-airgead ceadaithe ag an Aire Stáit agus go bhfuil sé ag suí sa chiste, ach nach bhfuil Comhairle Chontae na Gaillimhe ag bogadh ar aghaidh leis an obair a bhrú chun cinn. Nílimid ag iarraidh go mbeidh an t-airgead sin fós i kitty an Aire Stáit ag deireadh na bliana ionas go dtiocfadh sé ar ais go dtí an Státchiste. Cad atá á dhéanamh ag an Aire Stáit le déanamh cinnte de go mbrúfar an obair sin ar aghaidh?

An bhfuil an tAire Stáit i bhfábhar an moladh go mbeadh Roinn na Gaeltachta ábalta cúrsaí infreastruchtúr - bóithre, srl. - a mhaoiniú? Tuigim go bhfuil sé ráite ag an Aire Stáit nach bhfuil aon airgead aige i mbliana le haghaidh scéim na mbóithre áise. Dá mbeadh airgead ar fáil, an mbeadh an tAire Stáit sásta i bprionsabal go mbeadh a leithéid de scéim ann? An aontaíonn sé gur cheart go mbeadh ról ag Roinn na Gaeltachta ag tacú le forbairtí infreastruchtúir ar nós bóithre? Cá seasann sé ar an gceist sin?

Caithfidh mé a lua go bhfuil an-obair ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta. Fáiltím roimh an tacaíocht a cuireadh ar fáil leis an ionad álainn a fhorbairt thiar ar an gCeathrú Rua. Níl aon airgead ag an eagraíocht le daoine a fhostú, áfach, agus foireann a chur ar fáil le cuir leis an obair atá ar bun acu. An bhfuil sé i gceist ag an Rialtas maoiniú breise a sholáthar?. Seachas bheith ag seanmóireacht trí ráiteas mór fada a dhéanamh, tá mé tar éis riar maith ceisteanna a chur. B'fhéidir go mbeidh riar maith freagraí le fáil ón Aire Stáit.

D'iarr an Seanadóir orm an bhfuil mé ag breathnú ar na blianta amach romhainn i gcomhthéacs an ardú atá ag teastáil sa bhuiséad. Pléadh na pleananna teanga ag an gcoiste bainistíochta laistigh den Roinn. Tá an coiste sin, an tAire sinsearach agus an Ard-Runaí nua ar an eolas faoi na rudaí a gcaithfimid a dhéanamh maidir le hAcht na Gaeltachta. Tá dualgais ar mo Roinn ó thaobh na bpleananna sin agus na costais a bhaineann leo. Pléadh na hábhair seo ag an gcoiste idir-rannach leis an Taoiseach agus le feidhmeannaigh ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá próiseas ann le chuile dhuine a chur ar an eolas go gcaithfimid dul i dtreo áirithe. Tá dualgas dlíthiúil orainn na pleananna seo a chur i bhfeidhm. Tá airgead ag teastáil chun é sin a dhéanamh. Tá gach éinne ar an eolas faoi sin.

Tá buiséad caipitil an údaráis pléite againn freisin. Táimid ag iarraidh dul i dtreo €12 mhilliún mar bhuiséad caipitil. Nuair a thagann breis airgid ar fáil laistigh den Roinn, beimid in ann breis airgid a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta. Bhíomar in ann é sin a dhéanamh i rith na bliana 2016 agus beimid in ann an méid ón bhliain sin a choimeád i mbliana. Fuaireamar €2.4 milliún sa bhreis sna Meastacháin Athbhreithnithe ag deireadh na bliana seo caite. Táimid ag dul sa treo sin. Táimid ag breathnú go fadtéarmach ar na rudaí sin.

Aontaím leis an Seanadóir go bhfuil an-obair á dhéanamh ag na naíonraí agus na naíolanna. Bhí mé sásta cuidiú leo arís an tseachtain seo caite. Bhí cruinniú ar maidin ag Aodhán Mac Cormaic agus Seán Mac Eoin le feidhmeannaigh ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige faoin bplean gníomhaíochta don luathoideachas. Tá na hábhair seo á bplé againn. Tá a fhios agam go bhfuil faitíos ar chuid de na comharchumainn maidir le ceist an phá, rud atá á phlé againn le oifigigh ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.

Dúirt mé go raibh fadhb ag PAS maidir leis an bpost mar phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta a líonadh. Tá a fhios agam de thoradh an ráitis a d'eisigh PAS nach bhfuil dóthain ama acu an próiseas earcaíochta don phríomhfheidhmeannach a dhéanamh. Rinne PAS an obair sin anuraidh nuair a bhí stiúrthóir Gaeilge á earcú. Bhí PAS in ann an obair cuí a dhéanamh ag an am sin, ach ní féidir leo é a dhéanamh faoi láthair ós rud é go bhfuil siad faoi bhrú.

D'iarr an Seanadóir orm cén céatadán de dhaoine le Gaeilge gur chóir go mbeadh i gceist sa phróiseas earcaíochta. Tuigim go bhfuil figiúr de 20% luaite ag Conradh na Gaeilge. B'fhéidir go mbeimid in ann breathnú ar a leithéid de sprioc nó aidhm. Leagfar na rudaí seo síos sna rialacháin in éineacht le Acht na dTeangacha Oifigiúla. An mbeidh dóthain daoine le Gaeilge líofa ar fáil? Is ceist eile í sin.

Mar is eol don Teachta, is í príomhaidhm Údarás na Gaeltachta ná fostaíocht a chruthú, mar shampla in earnáil na mara, earnáil na turasóireachta agus earnáil an bhia. In earnáil na Gaeilge, tá ról ag an údarás i scéimeanna Ranna ar nós scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Meallann an t-údarás go leor turasóirí go dtí an Ghaeltacht gach bliain. Tá na príomhearnáil ina bhfuil an t-údarás ag obair agus ag tabhairt tacaíochta don Ghaeltacht luaite agam. Tá a fhios agam go raibh pleananna anuraidh chun rudaí a athrú in Údarás na Gaeltachta i gcomhthéacs na Gaeilge.

Tá ról tábhachtach acu faoi láthair maidir leis na pleananna Gaeilge. Tá siad ag déanamh na hoibre sin. Taobh amuigh den Ghaeltacht, tá ról ag Foras na Gaeilge agus ba cheart obair tras-Teorann a fhágáil don fhoras. Tá an foras ag déanamh jab maith. Arís, bhíomar in ann breis airgid a chur ar fáil d'Fhoras na Gaeilge i mbliana. Ó thaobh-----

Ar an gceist sin, i gcead don Aire Stáit, luaigh sé go bhfuil an foras ag déanamh obair mhaith ó thaobh na Gaeilge de agus mar sin de. Ach, luaigh sé níos túisce nach bhfuil aon phlean teanga tagtha os a chomhair fós.

Cén moill atá ansin? Mar shampla, tá an plean do bhreis airgid déanta le míonna anuas. Tá sé curtha chuig an údarás. Cén fáth nach bhfuil sé feicthe ag an Aire? Cén fáth an bhfuiltear ag tarraingt na gcos air?

Níl aon mhoill. Bhí córas leagtha síos do na pleananna go mbeadh tréimhse dhá bhliain ann chun iad a ullmhú. Mar fhreagra ar cheist níos luaithe, dúirt mé gur iarr an chuid is mó de na heagraíochtaí ormsa breis ama a thabhairt dóibh chun na pleananna a ullmhú. Nílim cinnte cé mhéad ceann atá faighte ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair. Tá a fhios agam go bhfuil plean do Chois Fharraige acu, ach níor tháinig sé os mo chomhair fós.

An cheist ná, cén fáth? Bhí muide ag cur i láthair in Indreabhán míonna ó shin ina dúradh go raibh sé réidh agus curtha chuig Údarás na Gaeltachta. Cén fáth an bhfuil moill air san údarás?

Nílim cinnte. Tá Údarás na Gaeltachta ag dul trí phróiseas athbhreithnithe ar an bplean. Tá a fhios agam go bhfuil siad ag obair ar rudaí eile. Rinne siad a lán oibre maidir le cruinnithe poiblí i gcathair na Gaillimhe agus an tEachréidh freisin. Thosaigh na próisis ag deireadh mí Aibreáin do Chnoc na Cathrach agus iarthar na Gaillimhe, agus do Bhaile Chláir na Gaillimhe, Eanach Dhúin agus Carn Mór. Sílim nach bhfuil moill orthu, seachas go bhfuil siad ag déanamh an obair agus-----

An bhfuil sé ráite ag an údarás leis an Aire Stáit cén uair a bheidh sé le fáil aige?

No. Caithfidh mé a rá nach bhfuil mé ar an eolas sin.

An bhfuil an tAire Stáit ag dul le ceist a chur orthu?

Tá an Roinn ag súil go mbeidh 13 foilsithe agus ceadaithe agamsa i mbliana.

An bhfuil na freagraí go léir faighte?

No. Níl mé críochnaithe fós.

Maidir le RTE, tá grúpa ceannasaíochta Gaeilge ceaptha ag RTE le cúpla bliain anuas. Tá plean Gaeilge acu don chéad uair. Tá tograí nua ann freisin ar nós aip Gaeilge atá forbartha acu. Tá Rónán Mac Con Iomaire mar ghrúpcheannasaí Gaeilge agus tá oifigeach digiteach Gaeilge ceaptha le déanaí freisin. Maidir le fostaíocht, nílim ar an eolas faoi-----

Tá sé fógraithe ag RTE go bhfuil 200 duine le scaoileadh ar iomarcaíocht. Bheadh imní ar dhaoine go mbeidh daoine ag imeacht as an gcóras ar fad. An bhfuil baol ann-----

Scéim deoneach atá ann.

Is scéim deonach í, ach d'fhéadfadh baol a bheith ann ó thaobh na Gaeilge de. An bhfuil an tAire Stáit ag cur brú go gcoinneofar na postanna Gaeilge? An bhfuil an Roinn ag coinneáil brú ar an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil ionas nach dtitfidh líon na ndaoine atá ag plé le cúrsaí Gaeilge in RTE?

Níl ról agamsa i sin ach tá mé ag súil go mbeidh na seirbhísí-----

Tá sé luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ó thaobh chúrsaí cumarsáide.

Tá ról agamsa ó thaobh na seirbhísí ach caithfidh mé a rá nach bhfuil mé ar an eolas faoi sin. Beidh mé sásta labhairt leo-----

Tá sé luaite go sonrach sa straitéis go mbeadh RTE agus TG4 ag brú na Gaeilge ó thaobh seirbhísí de. Bheifí ag súil go mbeadh an brú sin ag teacht ó Roinn an Aire Stáit ar RTE agus an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil go ndéanfaí caomhnú ar na postanna.

Tá sé tábhachtach go bhfuil na seirbhísí curtha ar fáil, ach níl ról agamsa i bhfostaíocht RTE. Tá sé sa straitéis go gcaithfidh RTE seirbhísí a chur ar fáil. Luaigh mé cuid acu san óráid ag tús an chruinnithe seo. Pléifear leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil é go dtí go bhfeicfimid an bhfuil aon smaointe acu faoi.

Maidir le tairiscint farantóireachta do na hoileáin, beidh mé ag dul i gcomhairle leis na comharchumainn go gearr. Níl dáta socraithe agam, ach i mí an Mheithimh beimid ag dul amach ag casadh leis na comharchumainn ar na trí oileán chun na rudaí seo a phlé. Tá a fhios agam go bhfuil smaointe difriúla ann maidir leis na trí oileán a chur le chéile nó Inis Oírr agus Inis Meáin a choinneáil le chéile agus tairiscint eile a fháil do Inis Mór. Caithfimid na rudaí seo a phlé maidir le céard go díreach é public service obligation, PSO, agus cén difríocht a dhéanann PSO i gcomparáid le conradh taobh amuigh de PSO. Táimid chun an cruinniú sin a shocrú chomh luath agus gur féidir. Beidh mé sásta cuireadh a thabhairt do na baill áitiúla den Dáilcheantar dul in éineacht liom.

Maidir le céibh Inis Oírr, d'iarr mé ar oifigí mo Roinne dul i gcomhairle le Comhairle Contae na Gaillimhe. Bhí cruinniú acu an tseachtain seo caite. Bhí Sorcha de Brúch agus Aodhán Mac Cormaic i láthair le Michael Timmins, stiúrthóir seirbhíse na mbóithre agus mara, agus Ciaran Wynne, innealtóir, freisin. Tá sé i gceist anois go ndéanfar an togra seo a bhrú ar aghaidh. Tá roinnt oibre le déanamh anois i dtaobh suirbhéanna agus costas an togra a mheas. Tá mé ag súil go mbeidh dul chun cinn déanta go luath. Tá Comhairle Contae na Gaillimhe ag fanacht ar mheastúcháin costais ó chomhlacht RPS. Beidh muidne ansin ag íoc as an gcostas sin. Níl an t-eolas sin faighte agam fós. Níl sé faighte ag an gcomhairle contae fiú amháin, ach labhair mé le Ciaran Wynne an tseachtain seo caite. Táimid ag fanacht ar RPS. Beimid in ann brú ar aghaidh ansin. Táimid ag súil go mbeimid réidh le dul amach agus tairiscintí a fháil roimh dheireadh na bliana seo. Is é sin an aidhm atá agam. Táimid ag brú ar aghaidh leis.

D'iarr an Seanadóir orm an bhfuil mé i bhfábhar scéimeanna na mbóithre áise i bprionsabal. Táim i bhfábhar breis airgid a fháil agus é a chaitheamh chun seirbhísí a chur ar fáil agus a fheabhsú sa Ghaeltacht agus chun infreastruchtúr a fheabhsú sa Ghaeltacht. Tá a lán rudaí ar a mbeidh muid in ann breis airgid a chaitheamh, cosúil le bóithre, céibheanna, ionaid agus rudaí eile. I bprionsabal, táim ina bhfábhar ach, mar a dúirt mé níos luaithe, níl breis airgid ar fáil d'aon rud seachas na rudaí atá luaite sna Meastúcháin. Má tá aon bhreis airgid ar fáil i rith na bliana, beidh muid sásta roinnt a fháil do rannóg na Gaeltachta agus-----

An bhfuil aon soiléiriú faighte ón Roinn Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe nach dtabharfaidh siad airgead le caitheamh ar a leithéidí sin agus gur rudaí Gaeilge agus rudaí teanga amháin a-----

Má tá breis airgid ar fáil taobh istigh den Roinn, beidh orainn cead a fháil ón Roinn Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe. Beimid ag breathnú ar na rudaí sin go luath. Pléadh é seo ag an gcruinniú meastúcháin an tseachtain seo caite. Beimid anois in ann breathnú ar na scéimeanna. Mar shampla, más rud é go mbeidh breis airgid ar fáil ó scéimeanna LEADER, beimid in ann breathnú ar áiteanna le bheith cinnte go mbeidh sé caite.

Maidir le Tuismitheoirí na Gaeltachta, chas mé leo. Tá an Seanadóir i gceart go bhfuil ionad álainn acu sa Cheathrú Rua. Tá a fhios agam go raibh plean acu chun daoine a fhostú agus rudaí mar sin. Táimid ag breathnú faoi láthair ar an iarratas sin. Níl mé chun gealltanas a thabhairt ag an am seo. Táimid ag breathnú air. Tá a fhios agam gur chas feidhmeannaigh mo Roinne leo freisin.

Maidir leis an gcéad cheist a d'iarr an Seanadóir orm faoi na pleananna don 80 eagraíocht, tá dul chun cinn déanta. Tá liosta agam anseo. Mar shampla, bhí breis airgid ar fáil do na limistéir pleanála teanga agus na bailte seirbhíse Gaeltachta, don tacaíocht do lár-ionad Gaeilge ar fud an oileáin, d'áit foghlama ar líne agus chun líonraí Gaeilge a fhorbairt.

Táimid ag dul an treo ceart le breis acmhainní d'Údarás na Gaeltachta agus do Fhoras na Gaeilge. Tá níos mó le déanamh, ach táimid ag dul sa treo ceart.

Tá a fhios agam go bhfuil an Teachta Ó Muineacháin ag iarraidh teacht ar ais isteach. Ba mhaith liom cúpla ceist a chur ar dtús mé féin.

Fáiltím go bhfuil sé deimhnithe ag an Aire Stáit go mbeidh cruinniú le muintir Árann agus na Teachtaí Dála agus Seanadóirí áitiúla. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach. Is céim chun cinn í. Níor tharla sé sin roimhe seo. Is é sin an gearán a tháinig suas go min minic go raibh cruinnithe ann ach nach rabhamar go léir sa seomra céanna. Is dul chun cinn é sin.

Maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, cad go díreach atá ar siúl ag Seán Ó Leidhinn maidir le plean gníomhaíochta? Nílim ag iarraidh an duine pearsanta a lua, ach luaigh an tAire Stáit é. An athbhreithniú atá i gceist ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge? Cad atá ar siúl go díreach leis an bplean gníomhaíochta seo?

Beidh siad ag déanamh dhá rud. An rud a phléigh mé leis an Teachta Ó Muíneacháin maidir le soiléiriú a dhéanamh ar na rudaí atá bainte amach-----

Measúnú ar an méid atá bainte amach.

Is ea, ionas go mbeidh sé níos soiléire don choiste, do na meáin agus do chuile dhuine. Má thagann sé amach nach bhfuil ach 10% déanta, is é sin an figiúr. Teastaíonn figiúr agus soiléiriú ar an bhfreagra. B'fhéidir go bhfuil 30% bainte amach. Is é sin an chéad rud.

Is é an dara rud atá siad ag breathnú ar ná na rudaí a bheidh muid in ann a chur i bhfeidhm sa tréimhse suas go 2022. Is iad sin na rudaí a bheidh muid ag breathnú ar, in éineacht leis na buiséid a theastaíonn chun na rudaí sin a chur i bhfeidhm.

An mbeidh sé sin críochnaithe roimh an samhradh?

Is í sin an aidhm.

Tá a fhios agam go bhfuil an ionad nua don pholasaí oideachais don Ghaeltacht bunaithe. An bhfuil an fhoireann uilig istigh ann?

Cá bhfuil sé sin lonnaithe arís?

Tá cuid acu in Áth Luain agus cuid acu i nGaillimh.

Cuireann muid go léir fáilte mhór roimh an bpolasaí. An rud a chloisim go minic ná go bhfuil easpa acmhainní agus easpa múinteoirí breise ag an bpointe seo le cabhair a thabhairt chun an bpolasaí a chur i gcrích. An féidir leis an Aire Stáit soiléiriú a thabhairt ar sin?

Sílim gur cheist í don Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá a fhios agam gur scríobh an Roinn sin chuig chuile scoil b'fhéidir coicís ó shin chun iad a chur ar an eolas go bhfuil an rogha acu anois dul i dtreo scoil lán-Ghaeilge agus go bhfuil spriocdháta ann de 15 Meitheamh.

Tá dualgas mór ar an scoil teacht suas leis an bplean. An bhfuil acmhainní breise ar fáil ag an bpointe seo?

Tá buiséad €1 mhilliún ag an Roinn Oideachais agus Scileanna in 2017. Dúirt siad go mbeidh breis acmhainní ar fáil ó Eanáir 2018. Tá a fhios agam go bhfuil cuid de na múinteoirí ag iarraidh soiléiriú cén acmhainní a bheidh ar fáil go díreach sula ndéanann siad cinneadh. B'fhéidir go bhfuil ciall le sin freisin. Is ceist í sin don Roinn Oideachais agus Scileanna. Ón eolas atá agamsa, tá cinneadh le déanamh ag na scoileanna. Beidh acmhainní ar fáil ansin ó Eanáir 2018.

An cheist dheireanach atá agam ag an bpointe seo faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge-----

Freisin ar an ábhar sin, tá dhá phost breise tugtha do Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, chun oiliúint a chur ar mhúinteoirí.

An bhfuil athrú intinne i gceist maidir leis an gcéad uachtarán eile?

No. Níl aon dualgas agamsa ar sin.

Gabh mo leithscéal. Chuir mé isteach ar an Aire Stáit. Ní saineolaí mé, ach tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge léite agam i mBéarla agus i nGaeilge. D'eascair sé as an mBunreacht i ndáiríre agus ó ráitis maidir leis an nGaeilge in 2006. Bhí 13 sprioc i gceist. Ag an am sin, bhí géarchéim ann. Tá géarchéim i bhfad níos measa ann anois, in ainneoin an dul chun cinn. An nglacann an Roinn leis go bhfuil géarchéim i gceist maidir leis an nGaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht? Tá an t-eolas uilig faighte againn ó na saineolaithe. An nglacann an Roinn leis go bhfuil géarchéim i gceist? Nílimid anseo chun cluiche a imirt nó aon rud mar sin. Bhí cruinnithe againn ó mí Mheán Fómhair. Bhí chuile chur i láthair ó cheann cheann na tíre ag cur in iúl go bhfuil géarchéim i gceist. Tá obair na gcapall á dhéanamh ag na comharchumainn agus na cosmhuintir ar an talamh, ach an rud atá ag teacht trasna an t-am go léir na an easpa ceannaireachta ón Rialtas. Sa chomhthéacs sin, tá an t-uafás cuirí tugtha ag an gcoiste do Airí éagsúla agus don Taoiseach teacht os ár gcomhair leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a phlé chun obair as lámha a chéile agus gan a bheith ag gearán. Níl sé tarlaithe. Is é an tAire Stáit an chéad Aire a tháinig os ár gcomhair. Táimid thar a bheith sásta go bhfuil sé os ár gcomhair agus sásta fanacht linn chun na ceisteanna a fhreagairt. An gcreideann an Roinn go bhfuil géarchéim i gceist maidir leis an nGaeilge, in ainneoin an polasaí oideachais don Ghaeltacht and so on?

No, ní aontaím. Tá an Rialtas i bhfábhar na Gaeilge. Tá an fhoireann nua anseo sa Roinn-----

Níl mé ag cur lochta ar an Aire Stáit. Is ceist ghinearálta í. Tá a fhios againn ó na saineolaithe uilig go bhfuil géarchéim i gceist maidir leis an nGaeilge. Táimid tagtha go dtí an pointe muna ndéanann muid rudaí anois ar leibhéal áirid-----

Ní aontaím go bhfuil géarchéim ann. Tá deacrachtaí ann agus tá sé sin soiléir. Ach, tá na pleananna agus an fhoireann againn chun dul ar aghaidh, an straitéis a chur i bhfeidhm agus Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú agus a fhoilsiú ar an bpróiseas earcaíochta. Tá an-obair déanta ag an stiúrthóir don Ghaeilge atá ag dul thart agus ag casadh le feidhmeannaigh ó chuile Roinn chun na rudaí seo a phlé. Caithfimid a bheith dearfach faoi sin. Bhí siad sásta casadh linn. Mar a luaigh mé leis an gCathaoirleach, rinne an coiste seo réamh-obair ar sin nuair a chuir sé an questionnaire go chuile Roinn faoin bpróiseas earcaíochta agus feidhmeannaigh i chuile Roinn. Is rud maith é sin agus déanfaidh sé difríocht.

Ag tús an chruinnithe i bhfreagra ar cheist Theachta Tóibín, luaigh mé go gcaithfimid a bheith dearfach faoi na daoine óga atá in ann Gaeilge a labhairt agus faoin méid Gaelscoileanna atá trasna na tíre. Táimid ag tacú leo. Bíonn fadhbanna ó thaobh spáis de agus bíonn deacrachtaí ag daoine dul isteach iontu, ach táimid ag tacú leo. B'fhéidir go gcaithfimid níos mó a dhéanamh. Caithfimid a bheith dearfach faoin obair atá déanta inár nDáilcheantar féin ó thaobh an infreastruchtúir oideachais de. Tá a fhios agam go raibh ról ag chuile polaiteoir sa Dáilcheantar i gcur i bhfeidhm a leithéid den Ghaelscoil nua in Órán Mór, Gaelscoil de hÍde, Gaelscoil Mhic Amhlaidh agus Coláiste na Coiribe. Tá infreastruchtúr deas nua ag na páistí chun Gaeilge a fhoghlaim ann. Freisin, don chéad uair riamh tá plean oideachais don Ghaeltacht againn. Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag cur an polasaí sin i bhfeidhm. Beidh deacrachtaí ann, go mórmhór ar imeall na Gaeltachta agus i mo cheantar féin, agus beidh cinneadh le déanamh i Maigh Cuilinn, Bearna, Baile Chláir na Gaillimhe agus áiteanna mar sin ar an bpolasaí sin a chur i bhfeidhm agus dul i dtreo oideachais lán-Ghaeilge.

Mar shampla, ó thaobh na Gaeltachta, tá 56,000 gasúr ag dul chuig an Ghaeltacht gach bliain agus táimid ag tacú leo. Déanann sin rud tábhachtach ó thaobh na Gaeilge agus ó thaobh gheilleagar na gceantar, toisc go dtacaímid leis na mná tí. Tá pleananna againn. Tá infheistíocht agus breis acmhainní curtha ar fáil. Tá na pleananna teanga fíor-tábhachtach agus táimid ag leanúint ar aghaidh leo. Mar is eol don choiste, tá níos mó le déanamh. Beidh orainn breis acmhainní a fháil chuile bhliain as seo amach freisin chun na rudaí sin a chur i bhfeidhm.

Teastaíonn uaim díriú isteach ar scéim na mbóithre áise an athuair. Tá dianphlé déanta uirthi arís agus arís eile. Is é seo an píosa is tábhachtaí de chóras bóithre na tíre. Déileáileann an scéim leis an chéad cúpla slat a tiománann daoine ar maidin agus píosa deireanach don bhóthar ar a mbíonn daoine ag taisteal ag deireadh an lae. Is píosaí bóthair iad ar a mbíonn daoine i gcónaí. Tá geallúint sa chlár Rialtais go gcuirfí airgead ar fáil i gcomhar an local improvement scheme, LIS. Sin iad na bóithre céanna ar fud na tíre. An féidir leis an Aire Stáit an uirlis nó geallúint sin a úsáid, nuair a théann sé i dtreo an Aire Airgeadais, chun cinntiú go gcuirfí airgead ar fáil i gcomhar scéim na mbóithre áise agus na bóithre áitiúla sna ceantair Gaeltachta? Tá an gealltanas sin sa chlár Rialtais.

Mar gheall ar na pleananna a bheidh na scoileanna ag cur le chéile, tá pobail na scoileanna éagsúla ar fud na tíre go léir ag díriú isteach ar chinneadh a dhéanamh chun dul sa tóir orthu agus conas a gcuirfidh siad i bhfeidhm iad. Ceann de na rudaí atá le feiscint ná go bhfuil múinteoirí breise le cur ar fáil chun na pleananna seo a chur i gcrích. Cathain a bheidh na múinteoirí sin á gcur ar fáil? Tógfaidh sé thart ar bhliain sula gcuirfí na pleananna le chéile. An bhfuil sé i gceist go mbeadh na múinteoirí sin ar fáil in 2018 nó 2019? Cathain a bheidh siad ar fáil? Beidh thart ar 30 dóibh ann. Conas a scaipfí na múinteoirí sin i measc na scoileanna go léir a bheidh á lorg? Táim cinnte go mbeidh roinnt mhaith de na scoileanna sa tóir orthu. Conas a scaipfí na múinteoirí sin i measc na scoileanna go léir?

Tiocfaidh mise isteach ag an phointe sin agus beidh deireadh leis na ceisteanna ansin. Tá beagáinín díomá orm nach n-aithnítear an ghéarchéim maidir leis an Ghaeilge. Tugaim moladh don Roinn ó thaobh an dul chun cinn atá déanta, ach nuair a bhreathnaítear ar an tráchtaireacht a tháinig os ár gcomhair ón Choimisinéir Teanga, tá súil agam go bhfuil sé léite ag chuile bhall den Roinn. Níl aon dabht go bhfuil géarchéim anseo.

Tá moltaí áirithe déanta ag an Choimisinéir. I measc na moltaí tá trí mhórmholtaí. Ba mhaith liom tuairim an Aire Stáit ar cad atá le déanamh aige maidir leis an trí phríomhmholtaí a chloisteáil. Ceann amháin de na moltaí ná go mbeadh "polasaí nua earcaíochta a fheidhmiú ina sonrófar íosmhéid foirne le Gaeilge d'eagraíochtaí stáit". Téann sé ar aghaidh agus deireann sé go bhfuil gá le "monatóireacht neamhspleách", taobh amuigh den Rialtas, "a dhéanamh ar fheidhmiú an pholasaí earcaíochta le tuairisciú rialta chuig Coiste Oireachtais". Leanann sé ar aghaidh le moladh "go dtosófaí ag éabhlóidiú ó chóras scéimeanna teanga chuig córas rialachán." Tuigim go nglacann an tAire Stáit le sin.

Is é an tríú mholadh ná "go bhforbrófaí plean cuimsitheach do sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge, bunaithe ar thaighde gairmiúil." Is iad sin trí mhórmhóltaí i measc moltaí eile. Is é seo an dara tráchtaireacht riamh ó bunaíodh oifig an Choimisinéara. Níor tháinig an Comisinéir os ár gcomhair gan machnamh a dhéanamh. Is é seo an t-aon tráchtaireacht ar an teanga. An bhfreagróidh an tAire Stáit na ceisteanna a chuir an Teachta Ó Muimhneacháin agus, ar an leibhéal ginearálta sin, cad é freagra na Roinne don Tuarascáil seo ón Choimisinéir Teanga?

Maidir le ceist an Teachta Ó Muimhneacháin ó thaobh na mbóithre áise, i dtús báire beimid ag plé leithdháileadh aon airgead breise go luath i mbliana. Mar shampla, beidh airgead Leader i gceist. Más rud é go bhfuil sé ar fáil, beimid ag breathnú laistigh don Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ina hiomlán agus beimid ag smaoineamh ar scéimeanna leithéidí scéim na mbóithre áise nó scéim éigin maidir le bóithre. Níl cinneadh déanta ar sin go fóill. Ó thaobh na chéad bliana eile, beimid ag iarraidh airgid. Tá an ceart ag an Teachta go bhfuil ráiteas sa chlár Rialtais go mbeidh breis airgid don LIS. Beimid ag iarraidh breis airgid d'infreastruchtúr sa Ghaeltacht. Beidh bóithre laistigh de sin freisin. Beimid ag déanamh é sin.

Ó thaobh phleananna oideachais agus na múinteoirí breise, níl sé sin leagtha amach go fóill. Is ceist don Roinn Oideachais agus Scileanna go príomha í. Tá a fhios agam go bhfuil cúig bliana ag na scoileanna chun an athrú seo a dhéanamh. Nílim cinnte. B'fhéidir go bhfuil níos mó dul chun cinn déanta i rith na coicíse ná mar atá ar eolas agam faoi láthair. B'fhéidir gur ceist í sin don Roinn. Níl a fhios agam an raibh an Roinn Oideachais agus Scileanna os comhair an Choiste chun na rudaí seo a phlé. B'fhéidir gur smaoineamh é sin. Tá a fhios agam go mbeidh níos mó acmhainní ar fáil ó 2018. Nílim cinnte an bhfuil an cinneadh déanta go fóill maidir le breis múinteoirí agus acmhainní.

Ó thaobh cheisteanna an Chathaoirligh, casaim go minic leis an Choimisinéir Teanga, go hoifigiúil agus taobh amuigh do chruinnithe foirmiúla freisin. Pléitear na rudaí seo. Táimid ar aon intinn maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus, mar is eol don choiste, táimid go léir ag obair le chéile chun brú ar aghaidh leis na rudaí seo. Tá an taighde a rinne an Coimisinéir Teanga fíor-tábhachtach. Chuir mé fáilte roimh an obair a rinne sé nuair a fhoilsíodh é. Phléigh m'oifigigh é leis an Choimisinéir cheana féin. Ní bheidh mé ina aghaidh. Beidh mé ag caint leis arís go gairid chun é seo a bhrú chun cinn.

Ó thaobh an chórais earcaíochta, beidh sé seo á chlúdach agam sa Bhille nua. Pléadh an tábhacht a bhaineann le hathrú a dhéanamh ar an phróiseas earcaíochta leis an choiste. Tá an-obair déanta, mar a dúirt mé, ag feidhmeannaigh mo Roinn le feidhmeannaigh ó chuile Roinn eile, chun an rud seo a bhrú ar aghaidh. Táimid go léir ar an leathanach céanna ó thaobh an tábhacht a bhaineann le seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil.

An bhfuil aon tuairim ag an Aire Stáit maidir le cúrsaí monatóireachta neamhspláiche?

Scéim monatóireachta ar earcaíocht, is it?

Ar chuile rud.

Táimid ag breathnú ar sin. Tá a fhios againn go bhfuil sé sin luaite ag an Choimisinéir agus táimid ag breathnú air.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit, Aodhán Mac Cormaic Uasal, Sorcha de Brúch Uasal agus Micheál Ó Conaire Uasal. Rinne mé dearmad fáilte a chur roimh Sarah, ball nua den fhoireann. Tá fáilte roimpi. Beidh sos beag againn fhad is atá an tAire Stáit ag fágáil an seomra.

Sitting suspended at 5.20 p.m. and resumed in private session at 5.21 p.m.
The joint committee adjourned at 5.25 p.m. until 5 p.m. on Tuesday, 30 May 2017.
End of Take
Top
Share