Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán debate -
Tuesday, 13 Jun 2017

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile

Tá tús curtha leis an gcruinniú. Gabhaim buíochas leis an Seanadóir a tháinig isteach chun cabhair a thabhairt dúinn. Ós rud é go bhfuil an cruinniú tosaithe anois, is féidir leis fágáil más mian leis. Níl mé ag iarraidh é a choinneáil. Tosóimid leis an gcur i láthair. Ina dhiaidh sin, beidh cruinniú príobháideach againn maidir leis na mionsonraí. Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh Máire Clár Nic Mhathúna, atá mar phríomhoide ar Choláiste Phobail Cholmcille i gContae Dhún na nGall. Ní féidir liom "Dún na nGall" a rá nuair atá mé ag caint le dlúthchara atá agam. Deireann sí "Tír Chonaill" i gcónaí.

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Tá "Tír Chonaill" níos fearr.

Cuirim fáilte freisin roimh Orla Ní Cheallaigh, atá mar mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Pobail Ráth Chairn; agus roimh Mícheál Ó Súilleabháin, atá mar mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Beaufort san Uaimh i gContae na Mí. Beidh siad ag labhairt freisin. Cuirim céad míle fáilte rompu. Iarraim anois ar chléireach an choiste ráiteas maidir le pribhléid a léamh. Tá sé beagáinín deacair é a léamh amach. Baineann sé leis an gá atá ann bheith cúramach leis an méid a bheidh le rá againn.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráiteas tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó le hoifigeach, ina ainm nó ina hainm ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Tá leithscéal faighte ón Teachta Peadar Tóibín, a bhíonn anseo de ghnáth, ón Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh agus ón Seanadóir Joe O'Reilly. Is gá bheith féaráilte agus a rá go mbíonn siad anseo de ghnáth le haghaidh chuile chruinniú. Is lá neamhghnách é an lá inniu ós rud é go bhfuil rudaí cinniúnacha ar siúl ar fud an Oireachtais. Iarraim ar Mháire Clár Nic Mhathúna a ráiteas a thabhairt anois.

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcoiste as ucht cuireadh a thabhairt dúinn teacht anseo agus an ábhar imní seo a phlé. Labhróidh mé ar feadh cúpla bomaite faoin tábhacht a bhaineann leis an scrúdú cainte agus muid ag iarraidh an polasaí don oideachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm. Ina dhiaidh sin, pléifidh mo chomhghleacaithe mar a rachaidh an tsonraíocht i bhfeidhm ar fhoghlaim, ar bhuanú agus ar labhairt na Gaeilge sna scoileanna.

Is ionann Gaeltacht agus áit ina labhraítear Gaeilge. Tá sé de dhualgas againn na ceantair seo a chaomhnú, a chothú agus a choinneáil ag dul. Don chuid is mó, is ceantair iargúlta scoite iad ina mbíonn dífhostaíocht agus an imirce mar ábhar buartha don phobal. Tá rud amháin acu - saibhreas teangan agus cultúir. Is féidir leis na pobail Gaeltachta bheith bródúil astu féin de thairbhe sin. Dar leis na saineolaithe, ar an drochuair beidh an Ghaeilge ar shiúl as na ceantracha seo taobh istigh de deich mbliana. Creidim go bhfuil tréimhse ocht mbliana i gceist i gcásanna áirithe. Caillfear an tsaibhreas sin - na canúintí éagsúla, an stór focal agus an léargas - ach ní bhfaighimid ar ais go bráth é. De réir daonáirimh-----

Gabh mo leithscéal. An bhfuil an finné ag léamh as doiciméad difriúil?

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Ní dóigh liom go bhfuil an cháipéis a sheolamar chuig an choiste inné os mo chomhair anois. Tá nótaí eile agam inniu.

Tá leagan nua á thabhairt dúinn anois.

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Tá.

Ceart go leor. Bhí mé ag iarraidh gach rud a thuiscint. An bhfuil cóipeanna den ráiteas nua ar fáil?

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Tá cóip amháin agam.

Ms Orla Ní Cheallaigh

Tá cóip agam freisin.

B'fhéidir go mbeimid in ann é a thógáil agus cóipeanna a fháil do chuile dhuine.

Ms Orla Ní Cheallaigh

Tá sé garbh go maith.

Is dócha go bhuil cóipeanna ag teastáil ó chuile dhuine.

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

De réir daonaireamh na bliana 2016, tá laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí dúchais, ach amháin i bPort Láirge agus i gcathair na Gaillimhe. Teastaíonn gníomh anois. Ba cheart dúinn iarracht a dhéanamh an saibhreas seo Gaeilge a shábháil agus a chaomhnú. Tá iarrachtaí déanta, mar shampla in Acht na Gaeltachta 2012, leis an bpleanáil teanga agus an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur chun cinn agus tá iarrachtaí eile ar bun anois leis an bpolasaí don oideachas Gaeltachta. Muna bhfuil daoine óga ag labhairt na teanga go laethúil, is beag toradh a bheidh ar na hiarrachtaí seo uilig. Is ag an am seo, agus muid ag iarraidh labhairt na teangan a spreagadh agus a thabhairt le fios do dhaoine óga go bhfuil tábhacht agus fiúntas ag baint leis an teanga labhartha, a socraíodh gan scrúdú cainte a bheith mar chuid den teastas sóisearach níos mó.

De réir staitisticí ón bPríomh-Oifig Staidrimh sa bhliain 2011, dúirt an tríú cuid de dhaoine óga sa Ghaeltacht idir deich mbliana agus naoi mbliana déag d'aois nach raibh Gaeilge acu - sin gan trácht ar na daoine atá ar nós "is cuma liom" fá dtaobh den teanga. Muna bhfuil buntáiste ar bith le baint as labhairt na Gaeilge, cad chuige a d'fhoghlaimeoidís í? Dúradh i dtuarascáil an phríomhchigire a bhain leis na blianta idir 2010 agus 2012 nach raibh an tríú cuid de na múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta agus sna Gaelscoileanna líofa go leor lena gcuid teagaisc a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Cé a chuideoidh leis na scoláirí sna scoileanna sin dearcadh dearfach a bheith acu faoin teanga, gan trácht ar a gcuid Gaeilge a fheabhsú, muna bhfuil dóthain Gaeilge ag a gcuid múinteoirí? B'fhéidir go n-imeoidh cuid de na scoláirí sin go dtí na coláistí tríú leibhéal le haghaidh oiliúnt mhúinteora. An mbeidh Gaeilge líofa acu, agus iad tar éis teacht trí chóras nach leagtar béim ar labhairt na teangan ann? Is é sin an todhchaí atá os ár gcomhair nuair a bheidh múinteoirí agus tuismitheoirí den chineál seo againn amach anseo. Muna bhfuil an Ghaeilge acusan, agus léargas ar thábhacht na Gaeilge, ní mhairfidh sí sa Ghaeltacht mar theanga labhartha.

Tá go leor le moladh sa tsonraíocht don teastas sóisearach, ach creidim go mbeidh drochthionchar ag an gcinneadh seo gan scrúdú cainte ar bith a bheith ann.

Cuirfidh sé isteach ar an obair a bheidh ar siúl ag coistí pleanála teanga agus ar na scoileanna a bheidh ag iarraidh an pholasaí don oideachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm. Caithfimid deiseanna a chur ar fáil do na scoláirí cumarsáid fhírinneach nádúrtha a bheith acu le pobal na scoile, cinnte, ach leis an phobal a bhfuil siad mar pháirt de chomh maith. Is minice ag caint iad, is líofa a bheidh siad. Beatha teanga í a labhairt.

Tá sé i gceist achomharc a dhéanamh i gceann trí bliana. Beidh sé ró-mhall an t-am sin. Creidim gur chóir do scrúdú cainte a bheith mar chuid den scrúdú Gaeilge. Mura bhfuiltear sásta leis sin, cad tuige nach gcoinnítear an scrúdú roghnach mar atá san am atá i láthair? Is é an rud ba mhaith liomsa agus a chreidim go gcuideodh leis an nGaeilge a láidriú ná go mbeadh 50% de na marcanna ag dul don teanga labhartha ag an leibhéal sin i scoileanna ina bhfuil na scoláirí ag foghlaim trí mheán na Gaeilge. Ba chóir é a chur ar thriail go bhfeicimid agus achomharc a dhéanamh faoi cheann trí bliana nó mar sin de.

Má tá toradh fiúntach le bheith ar na hiarrachtaí seo uilig an Ghaeilge a chaomhnú, a chothú agus a chur chun cinn, tá mór-ghníomh suntasach cróga ag teastáil anois díreach. An t-am deireanach a rinneadh cinneadh cróga faoin nGaeilge, bunaíodh Gaeltacht na Mí in 1935. Ba mhaith an cinneadh é sin.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Leanfaimid ar aghaidh. Fad is atáimid ag fanacht, tá deis ann do cheisteanna. Tiocfaidh mé ar ais go dtí na finnéithe eile. Tá an finné ag moladh go mbeidh 50% de na marcanna ag dul go dtí scrúdú-----

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Agus muid ag iarraidh polasaí don oideachas Gaeltachta a chur i gcrích, táim ag moladh go mbeadh 50% ag dul do scrúdú cainte, cibé leagan amach a bheadh air sin, ag leibhéal an teastais shóisirigh sna scoileanna Gaeltachta agus na Gaelscoileanna. Spreagadh sé na daoine óga chun Gaeilge a labhairt. Déarfainn go mbeidh toradh fiúntach air sin agus go gcuideodh sé go mór leis na coistí pleanála teanga atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn.

Faoin stádas faoi láthair, tá cinneadh déanta fáil réidh leis-----

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Tá cinneadh déanta fáil réidh leis.

-----ar feadh trí bliana agus ansin beidh achomharc i gceist.

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Beidh, ach mar atá a fhios ag an gCathaoirleach féin-----

Tá mé díreach ag iarraidh é a shoiléiriú agus muid ag fanacht ar cheisteanna.

Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ar phointe amháin ansin. Luaigh an finné 50% de na Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. An mbeadh rud difriúil ansin i gcóir na scoileanna eile ar fud na tíre? An bhfuil an moladh dírithe ina iomlán ar na Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta?

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Tá mé féin agus Orla Ní Cheallaigh ag déileáil le scoileanna Gaeltachta agus tá Micheál Ó Suilleabháin ag déileáil le scoileanna Béarla. Tá idirdhealú déanta. Is iad scoileanna T1, mar a thugtar orthu, na scoileanna a bheidh ag foghlaim trí mheán na Gaeilge. Is iad scoileanna T2 na gnáth-scoileanna Bhéarla. Tá mise ag moladh do na scoileanna T1, san áit a bhfuilimid ag iarraidh an Ghaeilge a chaomhnú sa Ghaeltacht sula mbeidh sé ró-mhall, gur cheart rud iontach a dhéanamh go ceann tamaill gairid. Má chuireann muid ar shiúl an scrúdú cainte, ní thiocfaidh sé ar ais.

Faoi láthair, an bhfuil an rud céanna á mholadh do scoileanna T1 agus T2, nach mbeidh aon bhéaltriail?

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Go bunúsach, is é an rud céanna atá molta. Tá leagan amach difriúil ann agus ní bheidh an oiread oibre le déanamh ag scoileanna T2. Beidh measúnú rang-bhunaithe sna scoileanna T1 agus beidh orthu níos mó léitheoireachta a dhéanamh. Beidh rudaí bunaithe air sin. I scoileanna T2, ní bheidh an oiread céanna réamh-ullmhúcháin le déanamh, cuirim i gcás.

Ach go sonrach don bhéaltriail, tá an rud céanna á mholadh nach mbeadh béaltriail ann do scoileanna T1 agus T2.

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Go díreach.

Maidir leis an scrúdú scríofa i nGaeilge, cén difear a bheidh ann idir T1 agus T2?

Mr. Micheál Ó Suilleabháin

Tá an difear sa mhéad litríochta a dhéantar sna trí bliana sin. Beidh dráma sa mbreis agus úrscéal sa mbreis le déanamh ag scoileanna T1.

Ms Orla Ní Cheallaigh

Is féidir liomsa cur i láthair a dhéanamh don choiste ar an sean-chóras agus an córas nua anois, más maith leis an gcoiste.

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht an deis seo a bheith agam labhairt. As Coill an Bhaile i gContae Mhaigh Eo mise. Táim ag cur fúm anois le 14 bliana i nGaeltacht na Mí i Ráth Chairn. Tuigeann an coiste féin gur áit speisialta agus spéisiúil atá i gceist le Ráth Chairn toisc gur oileán Gaeilge í mórthimpeallaithe ag an mBéarla. Tá an-tábhacht ag baint leis an teanga ann agus go háirithe sa scoil bheag ina bhfuil mise ag obair inti, scoil T1, nó scoil ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga teagaisc inti.

Mar a sheasann sé faoi láthair sa teastas sóisearach, tá 100% ar pháipéar scríofa nó tá 60% ar pháipéar scríofa agus 40% ar scrúdú béil. Tá an t-uafás scoileanna ag roghnú an scrúdú béil a dhéanamh toisc go mbaineann sé leis an ardteist freisin, le 40% atá i gceist leis ag an leibhéal sin. Bhí roinnt fadhbanna ag cuid de na scoileanna in ASTI mar go raibh sé i gcoinne a gcuid prionsabal. B'fhéidir nach raibh sé ar siúl sna scoileanna sin, ach thug go leor scoileanna faoin mbéaltriail roghnach agus d'éirigh go maith leo. Éireoidh go maith le scoláirí i scoil Ghaeltachta ar aon nós, ach inseoidh Mícheál Ó Súilleabháin don choiste tuilleadh faoi scoileanna Béarla ar ball.

An plean nua atá socraithe ag an JCT ná-----

Céard é an JCT?

Ms Orla Ní Cheallaigh

Is é sin an junior cycle nó an tsraith shóisearach. Beidh sé ag teacht isteach don Ghaeilge in 2017. Mar chuid de sin, ní bheidh scrúdú cainte ann níos mó, dar leo. Beidh 90% bunaithe ar pháipéar scríofa, le cluastuiscint istigh ann. An freagra atáthar ag tabhairt mar chúis nach mbeidh scrúdú cainte ann ná go mbeidh measúnú rang-bhunaithe, MRB, ann, is é sin internal class assessment. Tharla an rud céanna sa Bhéarla i mbliana. An rud atá i gceist ná go roghnaíonn dalta ábhar a thaitníonn leo, mar shampla, Eminem nó Manchester United. Déanann siad cur i láthair os comhair an ranga ar an topaic sin. Tá cead acu teicneolaíocht a úsáid. Tá cead acu leathanaigh nó nótaí a bheith os a gcomhair amach. Ansin, ceartaíonn an múinteoir iad faoi chomhairle. Labhraíonn an múinteoir le múinteoirí eile sa scoil sin nó i scoil eile. Ní grád é an grád a fhaigeann an dalta, ach focla. Is féidir leo iad seo a fháil sa teastas sóisearach sa triú bhliain. Tuairiscíní a ghlaoitear orthu: "Thar barr ar fad", "os cionn na n-ionchas" - expectations cé, níl a fhios agam - "ag teacht leis na hionchais", nó "ionchais le baint amach fós". Beidh an measúnú seo sa rang sa dara agus sa tríú bhliain. Is é sin an measúnú a bheidh ann - na focla sin ar an bpáipéar.

Ní thuigim é sin mé fhéin.

Ms Orla Ní Cheallaigh

Tá sé deacair le tuiscint.

Níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil mé in ann é a thuiscint. Cén chúis atá le na focail?

Ms Orla Ní Cheallaigh

Ní bheidh aon ghrád ann. Ní bheidh A, B, C, D nó aon rud mar sin. Má dhéanann mise cur i láthair iontach-----

Ar Eminem.

Ms Orla Ní Cheallaigh

Ar Eminem nó ar Manchester United nó cibé cén rud, seans go bhfaigheadh mé "thar barr ar fad". Sin a bheidh ar an bpáipear.

Okay. Sin iad na focail.

Ms Orla Ní Cheallaigh

Nó b'fhéidir go bhfaigheadh mé "ionchais le baint amach fós" munar éirigh go maith liom nó má tá obair le déanamh agam fós tar éis dom an toradh a fháil sa tríú bliain. Mar a dúirt mé, níl aon mharc ansin - tá focla. Beidh ar na daltaí tasc a scríobh bunaithe ar an gcur i láthair agus é a sheoladh go dtí an Roinn. Is fiú 10% é sin agus beidh sé scríofa. Tá 10% bunaithe ar an méid atá scríofa faoin gcur i láthair agus tá 90% bunaithe ar an bpáipéar scríofa. Curtha le chéile, domsa, tá 100% den scrúdú sa bhfoirm scríofa.

Bhí ceist ansin ar ball ag an Teachta Pat The Cope Gallagher, nó ag duine de na baill. An cheist ná an difear-----

An é an múinteoir a dhéanfaidh an tuairisc maidir leis an 10% nó an é an dalta féin a dhéanfaidh an tuairisc?

Ms Orla Ní Cheallaigh

Bheinn ag súil gurb é an dalta a dhéanfadh é, ach ní bheadh a fhios ag duine - an dalta atá ceaptha é a dhéanamh. Ó thaobh na gcuraclam, tá siad cosúil lena chéile sa dá scoil - sa scoil T1 agus sa scoil T2 - ach beidh líon na n-ábhar níos lú sna scoileanna Béarla. Mar shampla, má tá cúig dhán le déanamh sna scoileanna Béarla, beidh deich ndán le déanamh sna scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta. Níl fadhb againn leis sin. Déanann sé sin ciall. Beidh níos mó filíochta nó amhrán ag na scoileanna Gaeltachta agus níos mó próis, úrscéalta agus drámaíochta. Tá rud breise. Sna scoileanna Gaeltachta beidh litríocht bhéil nó litríocht áitiúil ann chomh maith. Níl a fhios againn cén leagan amach a bheidh ar an scrúdú. Tá sé cosúil leis an gceann Béarla i mbliana. Níl aon rialacha faoi leith.

Deir siad gurb é an snáithe cumarsáide príomhsnáithe na sonraíochta. Deir sé sa tsonraíocht go mbeidh scoláire sa scoil T1 in ann cumarsáid phearsanta agus idirphearsanta fhiúntach a dhéanamh lena chomhscoláirí agus le húsáideoirí eile an phobail teanga. Mura dtugtar aitheantas don chaint, níl seans ar bith go dtarlódh sé seo. Creidimse agus na múinteoirí Gaeilge ar fad eile a labhair mé leo gur botún atá anseo. Níl an scrúdú cainte gan locht. Tuigeann muid go mbíonn daltaí ag foghlaim rudaí de ghlanmheabhair. I mo scoil féin, áfach, díríonn na daltaí isteach, agus tá Gaeilge mhaith acu, ar an teanga, ar an ngramadach agus ar an bhfoghraíocht. Thaitin an chumarsáid leo agus bhain siad sult as. Is iomaí cainteoir dúchais le togha na Gaeilge nach bhfuil go maith ag scríobh, agus a mhalairt. Ba cheart creidiúint a thabhairt do na ceithre scileanna ar fad seachas trí cinn.

Cá bhfuil tobar na teanga? Is sa nGaeltacht atá sé. Gan scrúdú cainte, ní bheidh daltaí ag freastal ar an nGaeltacht mar ní fheicfidh a dtuismitheoirí gur fiú é. Is mór an méid airgid é €1,000. Cén fáth go gcuirfeadh tuismitheoir a dhalta ag an nGaeltacht le Gaeilge a fhoghlaim mura bhfuil aon bhéim air sa scrúdú?

Is rud breise é seo, rud difriúil, ach laghdóidh sé sin ioncam mhuintir na Gaeltachta freisin mar tiocfaidh laghdú ar líon na ndaltaí a bhíonn ag freastal. Tá tuismitheoirí inniu, chun a bheith réalaíoch faoi, ag díriú ar phointí agus ar ghrádanna. Is féidir linn a bheith idéalaíoch agus a rá go mbeidh an chumarsáid ar siúl sna ranganna. Beidh, cinnte, ag roinnt múinteoirí, agus ní bheidh ag múinteoirí eile. Tuige go gcuirfeadh siad béim ar an gcumarsáid ar fad nuair nach bhfuil aitheantas ar bith ag dul dó? Ag snámh in aghaidh easa a bheidh na múinteoirí uilig agus an scrúdú cainte seo imithe.

Mr. Micheál Ó Suilleabháin

Is as Ráth Chairn dom féin. Tá mé ag múineadh san Uaimh i gContae na Mí i gColáiste Beaufort. Is scoil DEIS í agus is scoil í a bhíonn ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla. Is scoil T2 í. Is í an Ghaeilge an dara teanga, mar a déarfá, sa scoil. Anuas air sin, tá 27 teanga á labhairt sa scoil go laethúil mar is scoil ilchultúrtha í. Tá mise ag obair ansin anois le trí bliana. Mar a deir Iníon Uí Cheallaigh, tá sé ráite gurb é an snáithe cumarsáide an snáithe is tabhachtaí sa rud seo agus go gcuirfidh na daltaí feabhas ar a gcuid scileanna cumarsáide trí bheith ag úsáid teanga a bhaineann lena saol féin agus leis an saol i gcoitinne. Gheobhaidh siad taithí ar a bheith ag cur faisnéise i láthair ar a son féin nó ar son grúpa trí mheán na Gaeilge. Sin rud a fheictear domsa a shásaíonn an scrúdú cainte mar atá anois. Bíonn na gasúir in ann iad féin a chur in iúl agus labhairt fúthu féin, a theaghlaigh agus na rudaí ina ngarthimpeallacht. Beidh sé an-deacair, áfach, iad a chur os comhair a bpiaraí ag déanamh cur i láthair i dteanga nach bhfuil siad compórdach inti. Tá Béarla líofa ag formhór na tíre ach ní shin an cás leis an nGaeilge. Feictear dom go mbeadh náire, imní agus gnóthachtáil íseal sna scoileanna T2. Céard is fiú é ach, abair, ceann de na habairtí sin ag deireadh na lae? Sin a gheobhaidh siad: thar barr ar fad, os cionn na n-ionchas, ag teacht leis an ionchas, agus ionchas le baint amach fós.

Maidir leis an mbéaltriail roghnach atá ar siúl faoi láthair, déanann muide i gcónaí é sa scoil seo againne. Tháinig feabhas ar thorthaí na ndaltaí agus suim agus grá don teanga dá bharr. Is iomaí duine a labhraíonn go maith ach nach bhfuil chomh cumasach sin ar pháipéar. Feicim é sin go láidir i mo scoil féin, go mór mar gheall gur scoil ilteangach í. Tá an cás sin ann agus níor mhaith liom go laghdódh sé sin. Cuireann sé ar a suaimhneas iad don ardteist, áit a bheidh 40% ag dul don scrúdú cainte arís, chomh maith. Mar sin, is iontach an rud é a bheith ann. Beidh deacrachtaí againn mar beidh na daltaí ag plé agus ag cur is ag cúiteamh ar ghearrscéalta, filíocht agus drámaíocht agus, mar shampla, topaicí an-sainiúil a bhaineann leo, ach ní a ngarthimpeallacht, mar a déarfá.

Beidh foghlaim de ghlanmheabhair i gceist leis an rud nua seo chomh maith leis an seanrud a bhíodh ann. Feictear domsa, áfach, nach drochrud é sin le teanga a shealbhú. Dá gcasfainn le Francach nó le Gearmánach, bheinn in ann m'ainm nó cúpla rud a rá mar gheall gur fhoghlaim mé de ghlanmheabhair iad nuair a bhí mé féin sa scoil. Feicim é seo go minic i mo scoilse. Beidh siad ag iarraidh a bheith ag imeacht ón teanga. Beidh siad ag cuartú díolúine nach mbeadh orthu é a dhéanamh. Tá mé ag ceapadh go gcuirfidh sé seo leis an gcraic sin agus leis an méid sin.

Dá mbeinnse ag tógáil tí amárach agus fadhb agam leis an doras chun tosaigh, ní bhainfinn amach an doras uilig ach chuirfinn feabhas ar an doras mar gheall go bhfuil fiúntas ag baint leis an doras sin. Feicim go bhfuil an scrúdú cainte mar sin. Tá fadhbanna beaga ag baint leis, ach ní shílfinnse sin go gcaithfear é a chaitheamh amach uilig. Is botún ollmhór é dar linne an scrúdú cainte a fhágáil ar lár agus impímid ar an gcoiste smaoineamh go cúramach ar an méid atá ráite ag an triúr againn inniu.

Cérbh as a tháinig an smaoineamh seo? Ní luíonn sé le ciall ar chor ar bith. Tá mise den bharúil go bhfuil an Roinn ag iarraidh deireadh a chur leis na coláistí samhraidh. Goidé a mbeidh tuismitheoirí ag cur na páistí go dtí na coláistí samhraidh munar fiú é do mharcanna ag deireadh an lae? An gceapann na finnéithe go bhfuil an cluiche thart anois nó an bhfuil sé ró-mhall chun rud éigin a dhéanamh fá dtaobh de? Muna bhfuil, bheinn sásta, agus tá súil agam go mbeadh mo chomhghleacaithe agus iad siúd go léir atá anseo sásta, rud éigin a dhéanamh go práinneach fá dtaobh de seo.

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Tá an rud socraithe agus le tosach i Meán Fómhair ach, ar an taobh eile dó, níor thosaigh sé go fóill. Níl fiú leagan amach cinnte déanta fá dtaobh den dóigh a rachaidh muid. Tá seans beag - b'fhéidir roinnt seachtainí - againn. Mar a dúirt mé, sílim gur cheart cineál eisceacht a dhéanamh go ceann tamaill bhig agus ansin ath-amharc a dhéanamh ina dhiaidh sin seachas deireadh a chur leis an rud anois agus a bheith buartha arís.

Ms Orla Ní Cheallaigh

Am ar bith a rinne muid gearán maidir leis an JCT nó an teastas sóisearach nua leis an NCCA, an freagra a bhfuair muid i gcónaí ar ais ná go bhfuil sé sínithe ag an Aire. An féidir é sin a athrú? Sin an cheist atá againne. Má tá sé sínithe ag an Aire, an féidir dul siar air sin?

Sin ceist.

An raibh Ms Nic Mhathúna ag iarraidh teacht isteach?

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

B'fhéidir nach raibh cineál drochsmaointiú i gceist faoin Ghaeilge. Tá sonraíocht an Bhéarla réidh agus á cur i bhfeidhm san am atá i láthair, agus b'fhéidir go bhfacthas do dhaoine gurb ionann an Ghaeilge i scoil Ghaeltachta nó i nGaelscoil - a teanga féin - agus Béarla i scoil Bhéarla. Ar an drochuair, níl an stádas céanna ag an Ghaeilge agus atá ag an Bhéarla. Tá an Ghaeilge leochaileach agus tá an Béarla láidir thart fá dtaobh dúinn uilig. B'fhéidir nach raibh i gceist leis sin ach gur iarr siad aistriúchán ar an sonraíocht Bhéarla go Gaeilge agus gur sin an dóigh ar tharla sé. Ar ndóigh, ní raibh riamh scrúdú cainte Béarla, cé gur cheart dó a bheith agus go leor teangacha eile ag teacht isteach sa tír anois.

Ar tháinig sé seo aniar aduaidh ar na finnéithe? An raibh plé ar bith ann?

Ms Orla Ní Cheallaigh

Sin ceist an-mhaith. Seo an chaoi a chur mise aithne ar bharr an chláir. I mBaile Átha Luain, tógadh múinteoirí ó na scoileanna T1 le chéile agus iarradh ár dtuairimí orainn. Cuireadh ag suí ag boird éagsúla muid-----

Cén dáta? An bhliain seo nó an bhliain seo caite?

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Mí Eanáir, b'fhéidir-----

An bhliain seo? I mbliana?

Ms Orla Ní Cheallaigh

Beimid in ann an dáta cruinn a fháil. Tógadh le chéile muid agus pléadh an curaclam nua ar fad. Mhol muid rudaí éagsúla: go mbeadh tuilleadh litríocht bhéil iontach agus go mbeadh deiseanna acu rudaí áitiúla agus amhráin a thabhairt isteach. Iarradh orainn aon deacracht a bhí againn a chur in iúl. Chuir muid in iúl nach raibh muid sásta nach raibh scrúdú cainte ann. Tugadh le fios dúinn i ndáiríre, mura bhfuil an dul amú orainn, gan a bheith buartha faoi sin agus go mbeadh sé ann agus go raibh siad díreach ag iarraidh díriú ar an gcuraclam scríofa. Bhí siad ag cuartú tuairimí i dtaobh na léitheoireachta agus i dtaobh an ghearrscannáin agus rudaí mar sin. I ndáiríre, níor dúradh an lá sin é ar chor ar bith cén leagan amach a bheadh ar na scrúduithe.

Ansin bhí cruinniú eile againn go háitiúil. Abair, chuaigh múinteoirí ó Chontae na Mí go Baile Átha Cliath b'fhéidir dhá mhí ina dhiaidh sin. Tugadh an 90% seo amach deich nóiméad roimh am lóin agus m'anam nach raibh am lóin ag na múinteoirí. Bhí chuile dhuine le ceangal. Bhí deacrachtaí ag an mbeirt a bhí ag cur an cúrsa i láthair mar níor thuig na múinteoirí sa seomra go bhféadfadh sé seo a bheith ag tarlú. Bhí idir iontas, baineadh siar agus díoma ar chuile dhuine. Tá mise ag caint ar scoileanna T1 a bhí ansin an lá sin. Bhí an tUasal Ó Suilleabháin ag ceann do mhúinteoirí i scoileanna Béarla, nó scoileanna T2.

Mr. Micheál Ó Suilleabháin

Mar a chéile, bhí alltacht ar na múinteoirí uilig a bhí ann. Ní fhéadfainn labhairt ar a son uilig ach ní raibh siad sásta ar chor ar bith. Táimid ag brath ar an gcuid sin den scrúdú le suim a chruthú sna daltaí, go mbeadh siad dírithe agus fócas acu, agus leis na marcanna a fháil. Tá 40% ag dul don rud seo. Tugann sé an-deis dóibh. Bhí na múinteoirí uilig ar aon intinn faoi sin an lá sin san áit a raibh mise.

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Bhí cineál tréimhse comhairliúcháin ann agus d'fhéadfadh múinteoirí a mearbhall a chur in iúl don choiste agus mar sin dó. Sa dréachtshonraíocht, áfach, bhí 40% ag dul don scrúdú cainte. Bhí deacrachtaí ag dul a bheith ann mar bhí sé sin ag dul a bheith déanta sa scoil seachas taobh amuigh den scoil, ach bhí siad ag leagan amach go mbeadh 40%-----

Bhí tréimhse comhairliúcháin i gceist.

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Bhí tréimhse comhairliúcháin i gceist-----

Maidir leis an tréimhse comhairliúcháin sin, bhí an scrúdú béil fós-----

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Bhí agus 40%-----

-----mar chuid den chóras. Mar sin, nuair a chur sibhse aighneachtaí isteach, ní raibh sibh buartha ag an am sin.

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Níor smaointigh muid air. Ghlac muid leis go mbeadh an méid sin ann.

Tá cúpla ceist agam. Ar an gcéad dul síos, b'fhéidir nach bhfuilim ag leanúint an stuif seo an méid is atá daoine eile. Más buan mo chuimhne, áfach, tá siad tar éis an méid marcanna atá ann don bhéaltriail san ardteist a mhéadú. Mar sin, tá sé seo ag dul in aghaidh an srutha beagáinín agus ní thuigim cad ina thaobh gur tharla sé sin.

Tuigim an méid atá á rá ag na finnéithe faoin measúnú rangbhunaithe. Tá siad ag teacht ar ais i gcónaí dó. Ar thug siad na cúiseanna gur thaitin an MRB leo in ionad na béaltrialach? Feicim freisin go raibh an béaltriail lena bheith sa tsonraíocht. An raibh eagraíochtaí, an Roinn nó aon duine eile ag déanamh aighneachtaí sa tslí gur tháinig athrú ar an scéal sin? B'fhéidir go mbaineann an cheist seo beagáinín le hábhar eile, ach conas a oibríonn an béaltriail don ardteist faoi láthair? An bhfuil rudaí le foghlaim ón ardteist a bhféadfaí a chur i bhfeidhm sa teastas sóisearach? Má bhainfear an béaltriail den teastas sóisearach, d'fhéadfaí a rá go mbeidh impleachtaí aige sin don ardteist.

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Dúirt siad gur foghlaim de ghlanmheabhair a bhí sa scrúdú cainte mar a bhí sé, gur fhoghlaim na scoláirí ceist agus freagra agus mar sin de, gur thit sé amach in suíomh saorga nach raibh nádúrtha agus gur bhfearr i bhfad go mbeadh measúnú á dhéanamh thar tréimhse níos faide ná sin. Ach leis an measúnú rangbhunaithe seo, is cur i láthair, dráma, agallamh beirte nó ceisteanna a fhreagairt nó rud éigin atá ann agus beidh sé cleachtaithe agus ceartaithe ag na múinteoirí díreach mar a bheadh an seanscrúdú cainte. Sin a dúirt siad. Seachas marcanna a bhronnadh ar an ócáid deich nóiméad seo, bheadh measúnú thar thréimhse níos faide ná sin. Ag deireadh an lae, áfach, déarfaidh siad leat "iontach maith ar fad", "go measartha" nó "sásúil". Ní insíonn sé sin rud ar bith faoin líofacht nó faoin chaighdeán atá bainte amach ag an scoláire.

Ms Orla Ní Cheallaigh

Sin rud eile. Tá an tuairim sin anois ann nár cheart tada a fhoghlaim de ghlanmheabhair. I ndáiríre, ní aontaím leis. D'fhoghlaim muid uilig rudaí de ghlanmheabhair. D'fhoghlaim mise contaetha na hÉireann san ord a raibh siad sa mbunscoil i rang a ceathar agus tá siad fós agam. Níl aon dochar le rudaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Tá siad ag iarraidh go mbeadh tuilleadh fiosrúcháin - tuigim é sin agus aontaím leis sin - ach bhí daltaí ag foghlaim de ghlanmheabhair, agus tá, don scrúdú cainte sa teastas sóisearach agus san ardteist. Don ardteist ar fad, tá daltaí ag foghlaim rudaí de ghlanmheabhair. Sin an córas atá againn faoi láthair. Mar a dúirt mé ar ball, b'fhearr liom go bhfoghlaimeoidh siad de ghlanmheabhair "Seán is ainm dom. Tá mé 13 bliana d'aois. Tá cónaí orm i gcathair na Gaillimhe" seachas "Rugadh agus tógadh Eminem i Missouri sa bhliain 1972. D'fhreastail sé air...". Ní dhéanann sé ciall ar bith.

San ardteist, éiríonn go maith leis na daltaí ó scoileanna Gaeltachta sa scrúdú cainte. Sna scoileanna Béarla, tá roinnt dalta ábalta 20 sraith pictiúir atá ann a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Fair play dóibh. Cuid eile, tá siad in ann abairtí bunúsacha a chur le chéile. Tríd is tríd, áfach, is fearr leo i bhfad an scrúdú cainte ná an scrúdú scríofa. Tugann sé deis. Ag deireadh an lae, caithfimid a bheith in ann an teanga a labhairt. Mar sin, ní thuigeann muid cén fáth gur baineadh an scrúdú seo. Ní dóigh liom go ndearnadh plé ceart ar bith. Ní dóigh liom gur chuardaigh siad taighde nó tuairimí cearta. Dúradh liom go raibh suirbhé ar an suíomh agus bhí duine in ann dul isteach agus é a dhéanamh, ach ní raibh a fhios agam go raibh an suíomh ann, ná bac leis an suirbhé. Dúradh rudaí eile. Mar shampla, "I mo scoilse, níor éirígh ach le méid áirithe daltaí na grádanna seo a bhaint amach." Tá chuile scoil difriúil, áfach. Níl staitisticí nó treoracha cearta ann. I ndáiríre, ní chreidim go bhfuil siad ag iarraidh é seo a dhéanamh.

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Tá sé amhlaidh do na teangacha uilig anois. Ní bheidh scrúdú cainte Fraincise, Spáinnise, Iodáilise, Gearmáinise nó ceann ar bith acu ann. An pointe atá agam ná go bhfuil tréimhse ceithre nó cúig bliana againn leis an Ghaeilge a chaomhnú sa Ghaeltacht. Bhí an scrúdú cainte ina chuidiú mhór. Chonacthas go raibh tábhacht ag baint leis an teanga labhartha. Tá mise ag iarraidh go bhféadfadh an coiste b'fhéidir moladh don Aire agus don Roinn Oideachais agus Scileanna gur cheart eisceacht a dhéanamh don Ghaeilge, fiú go ceann tréimhse gairid, b'fhéidir trí bliana, go bhfeicfimid an ndéanfaidh sé difear ar bith do labhairt na teanga. An gcuideodh sé leis na coistí pleanála teanga? An gcuideodh sé leis na scoileanna agus muid ag iarraidh polasaí don oideachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm?

Gabhaim mo bhuíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair. Bhí cúpla ceist ullmhaithe agam. Ón bplé a bhí ansan, tá cúpla acu freagartha ag na finnéithe cheana féin. Táimid go léir ar aon aigne gur céim mhór chun deiridh atá ann. Ba chóir go mbeadh an scrúdú béil ann. Feicim go mbeadh an Ghaeltacht, an teanga agus na daltaí thíos leis dá mba rud é go mbrúfar ar aghaidh leis. Luadh an tslí, b'fhéidir, nach mbeadh an tsuim chéanna ag daoine teacht go dtí an Ghaeltacht i gcomhair an teanga a fhoghlaim. Mura mbíonn an t-agallamh ann, tógfaidh sé béim ón teanga labhartha.

An saghas ullmhúcháin é do na daltaí? An raibh an t-agallamh a bhí ann don teastas sóisearach an-chosúil leis an ceann a bheadh ann don ardteist? Shamhlóinn gur ullmhúchán an-mhaith don ardteist é.

Ms Orla Ní Cheallaigh

Cinnte.

Chomh maith leis sin, bheadh na daltaí a bhfuil claonadh i dtreo teanga acu nó grá acu don Ghaolainn níos srianta ná éinne eile. Luaigh an finné go mbeidh na teangacha eile gan scrúdú béil chomh maith. An bhfuil an leagan amach céanna, nó an teimpléad céanna, ar an scrúdú Gaolainne anois agus ar scrúduithe na teangacha eile Eorpacha? An é an scrúdú béil amháin atá difriúil?

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Sin go díreach é. Tá sé díreach cosúil leis an Bhéarla.

Maidir leis an athbhreithniú trí bliana, an bhfuil an tréimhse ama sin socraithe go cinnte nó an féidir athbhreithniú a dhéanamh laistigh de bhliain nó laistigh de chúpla seachtain? An féidir é sin a bhrostú ar aghaidh? An bhfuil an cinneadh atá déanta cruinn agus críochnaitheach nó an feidir le hAire difriúil dearcadh níos ciallmhaire a thógáil?

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Tá an leagan amach ceannann céanna anois ag an scrúdú Béarla, Gaeilge, Fraincis agus Spáinnis. Ceapaim, mar a dúirt mé, gur tháinig níos mó sonraíochta ar an Bhéarla agus ansin go bhfuil an Roinn ag déanamh aithris ar na teangacha uilig ar an cheann Béarla, ach ní hionann cás na Gaeilge agus cás an Bhéarla. Ní oibreoidh sé.

An bhfuil sé cosúil leis an scrúdú a bheadh ann i gcomhair Spáinnise agus Gearmáinise?

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Arís, beidh scrúduithe nua do na nuatheangacha ag teacht isteach ag tús na bliana seo chugainn. Beidh an tsraith shóisearach nua ag teacht isteach agus ní bheidh scrúdú cainte acu sin a thuilleadh.

Seachas an scrúdú béil, an bhfuil an leagan céanna ar an Ghaolainn agus ar an Spáinnis nó ar an Ghearmáinis?

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

An leagan amach ceannann céanna. B'fhéidir go mbeidh athruithe san ábhar ach beidh an leagan amach ceannan céanna ann, le 90% de na marcanna ag dul don scrúdú scríofa agus 10% do mheasúnú sa scoil.

Mar sin tá stádas na Gaolainne íslithe go mór go dtí----

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Tá.

-----gnáth rud eile.

Mr. Micheál Ó Suilleabháin

Maidir leis an ardteist agus an scrúdú cainte, tá sé an-chosúil leis an scrúdú cainte sa teastas sóisearach mar atá faoi láthair. Tá sraith pictiúr, ról-ghlacadh agus gnáthchaint faoin dalta féin agus faoina gharthimpeallacht ann. Is an-ullmhúchán é don ardteist. Cabhraíonn sé sin go mór sa scoil atá againn. Cabhraíonn sé go mór linn.

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Bhí pointe amháin agam fadúda sin. Ceapaim ar bhealach go bhfuil an scrúdú cainte ag an teastas sóisearach rud beag níos dúshlánaí ná ó bhí 2012 ann. Mar a dúirt an Teachta féin, tháinig ardú ar na marcanna go dtí 40% ach anois caithfidh daltaí ceisteanna a chur. Roimhe sin, cuireadh ceisteanna orthu agus thug siad freagraí ach anois tugtar pictiúir dóibh agus caithfidh siad féin ceisteanna a chur ar an scrúdaitheoir, rud nach raibh á dhéanamh roimhe seo. Tá sé cineál amaideach go mbeadh duine ag foghlaim teanga ach má chuirtear ceist ar bith air - cá háit a bhfuil seo, cad é an t-ainm atá ar siúd - cha dtioc leis sin a fháil. Ní raibh sin á dhéanamh ag leibhéal na hardteiste ach, taobh amuigh de sin, bíonn an leagan amach ceannan céanna orthu agus tá sé ina chuidiú mhór don té a rinne scrúdú béil ag teastas sóisearach chun ceann a dhéanamh san ardteist.

Ms Orla Ní Cheallaigh

Tá pointe deireanach agam maidir leis na measúnaithe rangbhunaithe atáimid ag breathnú orthu in áit scrúdú cainte, níl aon locht ann orthu mar ghné cainte. Ceapaim gur iontach an rud é go mbeadh scoláirí meánscoile in ann seasamh os comhair ranga agus rud a chur i láthair, mar sin a bheas ar bun acu nuair a théann siad ag an ollscoil ar aon nós. Ceapaim go bhfuil taithí iontach ansin. Molaim an píosa sin ach ní cheapaim gur cheart go dtiocfadh sé sin in áit an scrúdú cainte. D'fhéadfadh sé a bheith mar ghné den scrúdú Nollag nó den scrúdú samhraidh-----

Rud sa bhreis.

Ms Orla Ní Cheallaigh

Rud sa bhreis. Ní obair mhór é. Déantar iad a thaifead sa scoil, marcáiltear iad sa scoil agus tugtar abairtí bunaithe orthu.

Tiocfaidh mé ar ais arís. Ligfidh mé don Seanadóir teacht isteach.

Céard faoin athbhreithniú?

Gabh mo leithscéal, rinne mé dearmad ar an athbhreithniú.

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Arís, tugadh an sonraíocht dúinn agus nuair a d'aistrigh muid é d'iarr muid é a chur siar bliain eile chun go mbeadh níos mó plé faoin rud. Fuair muid an freagra gur fait accompli atá ann. Tá sé déanta, socraithe, sínithe agus is féidir achomharc a bheith ann i gceann trí bliana. Ba é sin mise a chur ó dhóras, seachas rud ar bith i scríbhinn.

Go raibh maith agat a Chathaoirligh. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an chur i láthair cuimsitheach a rinne siad. Cad is fiú an scrúdú cainte san ardteist, 25% nó 40%?

Ms Orla Ní Cheallaigh

40%.

40%, beagnach leath na marcanna. Má théann sé seo tríd, cuirfidh sé go leor de na coláistí samhraidh i mbaol. Níl aon dabht faoi sin. Bíonn na scoláirí a fhreastalaíonn ar na coláistí Gaeilge idir naoi nó deich mbliana d'aois agus, b'fhéidir, 15 nó 16. Tá sé seo chun deacrachtaí móra a chruthú. Is í an cheist mhór ná an bhfuil sé ró-mhall rud ar bith a dhéanamh faoi seo anois. Bheinnse den tuairim gur chóir don choiste seo moladh a dhéanamh ag an Aire ar a laghad an cinneadh a chur siar bliain, más féidir é sin a dhéanamh, chun níos mó plé a bheith ann ar an ábhar seo. Tá an cinneadh seo chun teacht salach ar spriocanna na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus ar obair an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Ba cheist mhaith í don Aire Oideachais agus Scileanna cén leibhéal plé a bhí aige leis an Aire Stáit le freagracht as an Ghaeltacht. Bheadh sé suimiúil freagra na ceiste sin a fháil amach. Measaim nach bhfuil ciall ar bith leis seo. Cá bhfuil an Roinn ag teacht as ar an ábhár seo? An mbeidh na ceardchumainn ag cur brú anseo? An bhfuil aon réasún ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i dtaca leis an chinneadh seo ach amháin streamlining a dhéanamh air leis na hábhair eile?

Ms Orla Ní Cheallaigh

Ní dhéarfadh an Roinn féin gur streamlining atá i gceist, ach is é an scéal atá faighte ar ais ag Ms Nic Mhathúna ná go bhfuil an Roinn ag iarraidh fáil réidh leis an rud réamh-ullmhaithe. Ach is rud réamh-ullmhaithe atá á chur ina áit so ní dhéanann sé ciall ar bith. Dúirt an Seanadóir dhá rud eile ansin. Maidir leis an scrúdú cainte san ardteist agus an 40%, dúirt mise é sin ag an gcruinniú a bhí againn go deireanach. Níl aon leanúnachas idir seo anois agus an 40% san ardteist. An freagra a bhfuair mé ná go dtiocfaidh athrú air sin freisin.

Is í sin an chontúirt mhór leis seo.

Ms Orla Ní Cheallaigh

Má thagann athrú air sin, tá an Ghaeltacht arís i dtrioblóid. Bhí pointe amháin eile ansin.

Tá fón ag cur isteach ar an gcóras.

An bhfuil seirbhís ar bith anseo?

Ms Orla Ní Cheallaigh

Is é sin an fáth.

Tá fón áit éigin ag cur isteach ar an gcóras. Níl mé ag breathnú ar aon duine.

An féidir liom teacht isteach ar feadh bomaite?

Gabh mo leithscéal.

An féidir liomsa teacht isteach ar feadh bomaite sula n-imím?

Is féidir.

Tá na finnéithe ag rá anois go bhfuil an Roinn ag rá nach mbeidh scrúdú béil ar bith faoin teastas sóisearach agus go mbeidh scrúdú béil faoin ardteist. Ní luíonn sé sin le ciall ar chor ar bith. Aontaím leis an Seanadóir Ó Domhnaill. Molaim gur cheart dúinne a mholadh inniu go dtabharfar an tAire isteach - cibé Aire a bheas ann tar éis an Rialtas agus an Taoiseach nua a thoghadh - chun an cheist seo a phlé linne. Ní luíonn sé le ciall. Chuaigh na finnéithe go dtí an cruinniú in Áth Luain an t-am sin. Bhí an die cast faoin am sin. Bhí siad ag iarraidh cur ina luí orthu go raibh deis acu a moltaí a chur os comhair na daoine sin.

Bhí an Cathoirleach, mé féin agus daoine eile sa Dáil nuair a chuir muid síos rún fadúda Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, OÉG, an t-am sin. Anois deireann an Roinn nár gá don chéad uachtarán eile OÉG Gaeilge a bheith aige nó uirthi. Sin an meon atá sa Roinn. Phléigh mé an cheist seo le déanaí. Ní ceist í sin don Roinn, is ceist í sin don choláiste. Labhair muid go léir i nGaeilge. Cé a labhair i mBéarla? An tAire féin. Tá sé iontach deacair d'Aire mar sin a bheith ábalta teacht isteach agus a bheith i gcoinne seo. Molaim gur cheart an tAire a thabhairt isteach anseo go luath.

Bhí mé ag caint leis an Teachta Ó Laoghaire anseo. Ní dóigh liomsa go mbeidh am againne Private Members' business a chur síos roimh an 13ú den mhí seo chugainn. Ar ndóigh, má chuirtear síos Private Members' business tar éis na díospóireachta, sin sin.

Is féidir cuireadh a thabhairt don Ard-Rúnaí agus don Aire. Tá an tArd-Rúnaí tábhachtach freisin. Pléifimid é sin tar éis an chur i láthair, ach nílim ag easaontú. Tá sé ag teastáil chomh sciobtha agus is féidir.

Ag an am céanna, ba chóir cuireadh a thabhairt d'oifigigh ó Roinn na Gaeltachta chomh maith. Níl joined-up thinking ar bith ann idir na Ranna.

Ms Orla Ní Cheallaigh

Tuigim go bhfuilimid faoi bhrú ama, ach ag an am céanna, is cúrsa trí bliana atá i gceist leis an teastas sóisearach. Ní bheadh an MRB nó an scrúdú cainte i gceist go dtí an tríú bhliain, nó tá an MRB anois i gceist sa dara bhliain. Ar bhealach, tugann sé sin bliain bhreise dúinn ina bhféadfadh an Roinn teimpléad nua a chur amach - b'fhéidir go bhfuil sé áibhéileach - le rá gur chúrsa trí bliana atá i gceist.

An mbeidh scrúdú béil i gceist an bhliain seo chugainn maidir leis an teastas sóisearach atá tosaithe?

Ms Orla Ní Cheallaigh

Beidh.

Sin an rud. Tá cycle nó rothar i gceist. Nuair a bheidh an rothar sin - ní hé rothar an focal-----

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

An rud atá ann ná nach mbeidh measúnú ar bith sa chéad bhliain. Fiú do na daoine atá ag dul isteach sa scoil anois, beidh bliain iomlán sula mbíonn aon mheasúnú le déanamh ar a gcuid cainte. Tugann sé sin rud beag ama dúinn.

Le dul ar ais go dtí an rud a chur i gcrích, tá sé soiléir nach raibh muidne ar an eolas mar choiste Gaeilge. Tá múinteoirí ó trí scoil anseo. Sin an méid. Tá siad ag rá go bhfuil na múinteoirí Gaeilge uilig den tuairim chéanna. An bhfuil siad? Cá bhfuil na hionadaithe? An bhfuil na finnéithe anseo ar a son féin nó-----

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Chuir mise ríomhphostanna chuig polaiteoir ar bith a dtiocfadh liom seoladh r-phost ar fháil dóibh. Labhair mé le duine ar bith a dtiocfadh liom. Chuir mé ríomhphost chuig príomhoidí ag iarraidh orthusan litir a chur ar aghaidh chuig an Roinn ag rá nach raibh siad sásta. Idir an dá linn, bhí Ms Ní Cheallaigh gnóthach síos sa tír ag caint le múinteoirí Gaeilge.

Ms Orla Ní Cheallaigh

Agus príomhoidí. Bhí ball den TUI, sílim, i mBaile Átha Cliath chun aighneacht a chur isteach freisin. Is dóigh go bhfuil siad á chur ag an gComhairle Múinteoireachta nó an JCT, an tsraith shóisearach. Bhí sé mar mhisneach ag Ms Nic Mhathúna an scéal a thabhairt anseo inniu mar nach bhfuaireamar aon chomfhreagras féaráilte nó ceart ar ais ó aon ghrúpa eile, an National Council for Curriculum and Assessment, NCCA, ina measc.

An bhfuil an Roinn chun teacht ar ais chugainn le rá go bhfuil sé seo go léir pléite agus gur aontaigh na ceardchumainn leis?

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Tá, ach an deacracht atá ann ná nár tugadh seans do na múinteoirí. Nuair a bhí an tréimhse comhairliúcháin ann, bhí 40% ag dul don scrúdú cainte. B'é sin an seans. Níor chuireamar aighneacht ar bith isteach mar gur ghlac muid leis go mbeadh sin amhlaidh agus go mbeadh taobh praiticiúil le teanga.

An féidir leis na finnéithe na sonraí sin a thabhairt dúinne maidir leis an tréimhse sin?

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Is féidir.

Ar dhein aon dream aighneacht a chur isteach chun an 40% sin a bhaint amach? An bhfuil a fhios ag na finnéithe mar gheall ar aon dream a chur aighneacht isteach?

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Tá a fhios agam go raibh deacrachtaí leis na ceardchumainn go pointe maidir le cé a dhéanfadh an obair agus cé a chuirfeadh scrúdú ar scoláirí, ach bíonn scrúduithe roghnacha ag dul ar aghaidh i rith an ama. Mar sin, tá mé cinnte gur féidir teacht ar réiteach éigin faoi sin freisin. Go bhfios domsa níor-----

An sábháil airgid atá i gceist?

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Sílim go bhfuil sé ag teacht leis na teangacha uilig a dhéanamh mar an gcéanna. Sílim gur leag siad sonraíocht síos don Bhéarla agus níor smaoinigh siad níos faide ná sin. Níl a fhios agam.

Ms Orla Ní Cheallaigh

Sna scoileanna ina raibh an teastas sóisearach roghnach agus an béaltriail ar siúl iontu, ní raibh íocaíocht i gceist. Bhí múinteoirí á dhéanamh le múinteoirí eile sa scoil. Ní dóigh liom gur sábháil airgid a bhí i gceist. Ar an lá gur dúradh linne gur 90% scríofa agus 10% ar an MRB a bheadh ann, nuair a chuir muid ár ngerran in iúl go poiblí, dúradh linn go raibh sé ró-mhall agus go raibh sé sínithe ag an Aire. Bhí an dochar déanta agus ní raibh muid in ann tada a dhéanamh faoi. Sin a dúradh linn.

An bhfuil cead ag ball ar bith den choiste seo rún a rith le hiarraidh ar an Aire gan leanúint ar aghaidh le seo go dtí ar a laghad an bhliain seo chugainn? Níl sé sin le rá go mbeidh mise i bhfábhar seo sa mbliain 2018, ach tugadh sé deis an cheist seo a chíoradh agus a phlé má fhágtar mar atá sé. Níor tugadh go leor ama. Mar a dúirt an Cathaoirleach, ní raibh mórán eolais againne fá dtaobh de seo go dtí le déanaí. Ní cheart é sin a dhéanamh. An bhfuil an ceart againne an rún sin a rith agus scríobh chuig an Aire?

Is féidir.

Cuirimse leis an rún sin. Rún praiticiúil agus ciallmhar atá ann.

Is féidir. Cuirfimid deireadh leis an gcur i láthair ar dtús agus ansin pléifimid é.

Glacfaidh mé le haon rún ansin. An bhfuil aon cheist eile? Gabhaim buíochas le na finnéithe. Tá a fhios agam go bhfuil turas fada ag Máire Clár Nic Mhathúna agus tá sí ag dul ar ais anocht. Gabhaim buíochas le hOrla Ní Cheallaigh agus Micheál Ó Suilleabháin freisin. Ní rabhamar ar an eolas ach táimid anois. Pléifimid é agus déanfaimid cinneadh maidir le cén saghas moladh le déanamh.

B'fhéidir go bhfaighidh muid na sonraí. Má tá níos mó eolais de dhíth orainn, iarraim ar na finnéithe é a chur chugainn.

Ar a laghad tabharfaimid deis don Aire agus don Ard-Rúnaí teacht os ár gcomhair chomh sciobtha agus is féidir. An bhfuil aon rud eile le rá ag na finnéithe?

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Gabhaim buíochas leis an gcoiste arís as an gcuireadh a thabhairt dúinn agus aird a thabhairt orainn. Ní raibh mé ag iarraidh teacht anseo agus labhairt go poiblí, ach chonacthas domsa gurbh éigin dom é a dhéanamh.

Ní bhfaighidh Ms Nic Mhathúna marcanna ar bith; gheobhaidh sí just "sár-mhaith".

Ms Máire Clár Nic Mhathúna

Nó "Ag teacht le hionchais".

Gabhaim buíochas leis na finnéithe.

The joint committee suspended at 6.06 p.m., resumed in private session at 6.08 p.m. and adjourned at 6.19 p.m. until 5 p.m. on Tuesday, 27 June.
Top
Share