Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán debate -
Tuesday, 27 Jun 2017

An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna

Táimid i seisiún poiblí. Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh na hoifigigh ón Roinn Oideachais agus Scileanna, go háirithe an tUasal Harold Hislop, an príomh-chigire, an tUasal Gary Ó Donnchadha, rúnaí ginearálta cúnta, agus Eibhlín Ní Scannláin, cigire iarbhunscoile.

Mar is eol do na finnéithe, bhí cur i láthair againn ó dhream múinteoirí agus cur siad in iúl go láidir cé chomh mí-shásta is atá siad maidir leis an gcinneadh deireadh a chur leis an scrúdú béil sa teastas sóisearach. Is é sin an fáth gur sheolamar cuireadh chuig na finnéithe inniu. Tá mé thar a bheith sásta go bhfuil siad anseo inniu. Leanfaidh muid ar aghaidh ach tá píosa oibre le déanamh anois maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, siad faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó le hoifigeach, ina ainm nó ina hainm ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Is ionann lá oibre agus an méid sin a léamh amach. Tá mé sásta nach bhfuil an dualgas orm é a léamh amach. Gabhaim buíochas leis an gcléireach.

Dr. Harold Hislop

An dtosnóidh mé?

Más é do thoil é.

Dr. Harold Hislop

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Fáiltíonn muidne agus an Roinn roimh an deis seo labhairt leis an gcomhchoiste faoi na sonraíochtaí nua do churaclam na Gaeilge sa tsraith shóisearach agus, go háirithe, ar an measúnú a dhéantar ar chumas labhartha na scoláirí.

Ba léir le fada ón aiseolas, ó thaighde, ó chigireacht agus ó dhaoine eile go raibh gá le hathbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an soláthar curaclaim don Ghaeilge sa tsraith shóisearach. Chruthaigh an t-athbhreithniú sin agus na forbairtí níos ginearálta thart timpeall ar an tsraith shóisearach deis chun tabhairt faoin obair athbhreithnithe sin ar bhonn córasach. Tabharfar isteach dhá shonracht nua churaclaim Gaeilge le haghaidh scoláirí a bheidh ag tosú sa tsraith shóisearach i Meán Fómhair: an Ghaeilge mar T1, nó teanga 1, le haghaidh scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge, agus an Ghaeilge mar T2, nó teanga 2, le haghaidh scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Is í seo an chéad uair a bheidh sonraíocht faoi leith ar fáil ag leibhéal na sraithe sóisearaí do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. Creideann an Roinn gur forbairt an-tábhachtach ar an soláthar curaclaim don Ghaeilge é dhá shonraíocht a bheith ar fáil don Ghaeilge sa tsraith shóisearach mar go dtugann sé seans níos fearr do scoileanna freastal ar riachtanais foghlama teanga na scoláirí.

Tugtar tús áite d'fhorbairt chumas labhartha na scoláirí sna torthaí foghlama atá leagtha amach sna sonraíochtaí don Ghaeilge. De réir na sonraíochtaí nua, déanfar cumas labhartha na scoláirí a mheas go foirmeálta i slite difriúla. Beidh ar gach dalta tabhairt faoi dhá mhéasúnú rang-bhunaithe. Ciallaíonn sé sin measúnú atá déanta taobh istigh den seomra ranga. I mBéarla, glaoitear classroom-based assessments, CBA, orthu. Beidh dhá cheann le déanamh ag an dalta. Beidh measúnú ar scileanna labhartha mar chuid de na measúnaithe seo. Beidh ceann amháin de na CBAs seo dírithe go hiomlán ar chumas labhartha an dalta. Beidh an cumas labhartha mar chuid den cheann eile. Déanfaidh múinteoirí cumas na scoláirí a mheas sna CBAs i ndiaidh próiseas moderation. Beidh sé sin ar siúl sa scoil.

Chomh maith leis sin, beidh ar gach dalta tabhairt faoi thasc measúnachta. Seo píosa oibre scríofa a chuirfear i gcrích sa scoil arís ach a bheidh marcáilte ag Coimisíun na Scrúduithe Stáit, an SEC. Sa tasc seo, beidh ar an scoláire machnamh a dhéanamh ar an méid a bhí le rá aige nó aici le linn an dara CBA ó bhéal - an CBA sin atá bunaithe go hiomlán ar chumas labhartha na scoláirí. Sa tríú pháirt den mheasúnú, déanfaidh gach dalta scrúdú deiridh scríofa a gceartóidh Coimisiún na Scrúdaithe Stáit é. Luíonn na socruithe seo le dea-chleachtas atá sa chóras anseo cheana féin agus i dtíortha eile. Déanann an cur chuige seo an measúnú a chomhtháthú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim. Tugann an measúnú rang-bhunaithe an measúnú go dtí suíomh na foghlama féin. Lonnaíonn sé an scoláire i gcroílár an phróisis teagaisc, foghlama agus measúnaithe. Aithnítear go forleathan gurbh í an tseomra ranga an áit is fearr chun scileanna mar scileanna teanga ó bhéal a mheas. Ina theannta sin, léiríonn taighde go mbíonn dea-thionchar ag aiseolas rialta an mhúinteora ar dul chun cinn an scoláire agus, go deimhin, ar ardú chaighdeáin.

Tháinig na sonraíochtaí seo ó phróiseas leathan comhairliúcháin ag céimeanna difriúla ó 2013 ar aghaidh. Tá taighde agus comhairliúchán leathan taobh thiar de na sonraíochtaí curaclaim. Tugadh seans do mhúinteoirí agus do scoláirí, chomh maith le saineolaithe ar chúrsaí teanga agus saineolaithe ar scileanna an mhúinteoireachta, a bheith páirteach sa phróiseas comhairliúcháin. Bhí baint mhór ag múinteoirí Gaeilge le forbairt na sonraíochtaí. Le linn an chomhairliúcháin, d'fhoilsigh an NCCA dréacht-sonraíocht in 2015 agus pléadh é le múinteoirí agus daoine eile. Dúradh go soiléir sa dréacht-sonraíocht a foilsíodh sa bhliain 2015 go dtabharfaí faoi mheasúnú ar chumas na scoláirí i labhairt na Gaeilge trí mheasúnú rang-bhunaithe, nó CBAs, in áit an scrúdú béil traidisiúnta a bhí ann. Mar sin, ní gan fógra a tháinig an t-athrú seo isteach. Bhí sé soiléir freisin sa dréacht-sonraíocht go ndéanfaí tuairisciú ar chumas labhartha an scoláire ar an teastas, nó an JCPA - an phróifíl a bhronnfar ar scoláirí tar éis dóibh an tsraith shóisearach a chríochnú - rud nach ndéantar faoi láthair. Ba é an chuspóir a bhí leis seo ná tábhacht an mheasúnaithe bhéil agus cumas an scoláire sna scileanna seo a léiriú agus a thuairisciú.

Creideann an Roinn go neartaíonn na socruithe nua measúnaithe béim ar fhorbairt chumas labhartha na scoláirí sa Ghaeilge. Soláthraíonn siad réimse d’imeachtaí measúnaithe in áit bheith ag brath ar scrúdú foirméalta amháin béil. Táthar ag súil go spreagfar scoláirí agus múinteoirí an bhéim a choimeád ar an gcumas labhartha i rith na dtrí bliana de chlár na sraithe sóisearaí.

Chomh maith leis sin, spreagann na socruithe forbairt cumais labhartha an scoláire thar réimse d’eispéiris teanga, mar shampla, plé ar na himeachtaí agus plé ar théacsanna liteartha. Tá sé seo go hiomlán éagsúil ón scrúdú béil traidisiúnta a bhí mar thoradh ar ráiteas a chur de ghlanmheabhair agus a chuir srian ar scileanna fíor-chumarsáide in áit gnáth-chomhrá a chur chun tosaigh.

Faoi na seansocruithe, bhí deis ag níos lú ná 40% de mhic léinn tabhairt faoin scrúdú sin. Anois, leis na socruithe nua, beidh seans ag gach scoláire pé scileanna labhartha atá acu a thaispeáint. Don chéad uair freisin, déanfar cumas labharta an scoláire sa teanga a mheas agus déanfar tuairisciú air go foirmeálta ar an JCPA. Léiríonn sé seo go hiomlán an luach a leagtar ar scileanna labhartha agus cumarsáide an scoláire. Don chéad uair riamh freisin, aithneofar sna socruithe measúnaithe leibhéil níos airde chumais a mbítear ag dúil leo ó chainteoirí dúchais agus uathu siúd atá ag foghlaim trí mheán na Gaeilge. Bronnfar grád cuí dá réir.

Aithníonn an Roinn go bhfuil forbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí, nó CPD mar a ghlaotar air go minic, ag teastáil ó mhúinteoirí mar gheall ar na hathruithe atá ag teacht ar theagasc agus ar fhoghlaim agus atá á gcur i bhfeidhm sa tsraith shóisearach. Aithníonn an Roinn freisin go bhfuil forbairt ghairmiúil agus am ag teastáil ó mhúinteoirí chun páirt a ghlacadh i gcomhphlé gairmiúil lena gcomhghleacaithe taobh istigh den scoil. Tá clár cuimsitheach de CPD á chur ar fáil agus tá tacaíochtaí eile á sholáthar chun tacú le cur i bhfeidhm na socruithe nua. Ina measc sin, tá am gairmiúil do mhúinteoirí taobh istigh de lá scoile.

Cuirfimid fáilte roimh cheisteanna an choiste agus déanfaimid ár ndícheall iad a fhreagairt, nó aon eolas nach bhfuil againn inniu a sholáthar tar éis an tseisiúin seo.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. An é an t-aon duine atá ag caint inniu?

Dr. Harold Hislop

Is mé, ach beidh mo chomhghleacaithe ag cabhrú liom i bhfreagairt na gceisteanna.

Bhí an finné ag léamh as doiciméad atá níos giorra ná an ceann a tugadh don choiste.

Dr. Harold Hislop

Is ea. Tá ceann níos giorra agam.

An féidir leis an gcoiste cóip a fháil de sin?

Dr. Harold Hislop

Is féidir cinnte. Cuirfidh mé cóip chuig-----

Is féidir é a dhéanamh anois.

Dr. Harold Hislop

-----Eugene Ó Cruadhlaoich, cléireach an choiste.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné.

Dr. Harold Hislop

Níl cóip leictreonach agam faoi láthair ach tá ceann ar pháipéar agam.

Is féidir cóip a dhéanamh de sin. Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Tógfaimid ceisteanna agus ansin freagraí, agus leanfaimid mar sin. Glaoim ar an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Tá céad fáilte roimh na finnéithe. Tá sé ráite againn cheana, ach ba mhaith liom a rá go poiblí arís an tiomantas atá ag na finnéithe féin go pearsanta do chur chun cinn na Gaeilge sa Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá sé le moladh go láidir agus táimid an-bhuíoch. Táimid ag iarraidh a oibriú chomh fada agus is féidir go gcuirtear i bhfeidhm an obair ina iomlán, go háirithe an polasaí oideachais Gaeltachta. Tá a fhios agam go raibh Dr. Harold Hislop lárnach i sin, chun a cheart a thabhairt dó. Ba cheart aitheantas a thabhairt dó i ndáiríre.

Dr. Harold Hislop

Go raibh maith agat.

Tá an cheist seo maidir leis an mbéalscrúdú ardaithe ag múinteoirí atá ag plé leis an gceird le fada an lá i gcomhthéacs scoileanna lán-Ghaeilge agus mar mhúinteoirí Gaeilge i scoileanna atá ag feidhmiú trí Bhéarla. Tá an-imní orthu siúd go bhfuiltear ag fáil réidh leis an mbéaltriail go bunúsach. Tá roinnt ceisteanna agam.

Tá caint go bhfuil an béalscrúdú lochtach mar atá. Is é seo ceann de na ceisteanna a tháinig aníos. Nach fearr an bhéaltriail a chóiriú seachas fáil réidh leis ar fad? Seachas go mbeadh daoine ag foghlaim rud éigin de ghlanmheabhair, ag dul isteach i scrúdú á rá de ghlanmheabhair agus ag iarraidh a bheith ag fáil roinnt marcanna air sin, táimid ag iarraidh go mbeadh tuiscint agus cumas labhartha Gaeilge maith ag na daltaí, cinnte. Ar bhreathnaigh an Roinn ar an gcomhthéacs sin ionas go bhféadfaí an bhéaltriail a chóiriú seachas fáil réidh leis ar fad?

Luadh freisin sna héisteachtaí a bhí againn nach droch-rud é a bheith ag foghlaim rudaí de ghlanmheabhair ó thaobh sealbhú teanga de. Tugadh samplaí de dhaoine a bhíonn ag foghlaim Fraincis, Gearmáinis agus mar sin de go bhfoghlaimíonn siad sliochtaí de ghlanmheabhair agus, leis sin, go dtagann an teanga leo chomh maith céanna. An bhfuil an Roinn i gcoinne rudaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair amach is amach nó an bhféadfadh sé a bheith mar chuid den fhoghlaim teanga a bhíonn ar bun?

Maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin, cén deis a bhí ag na múinteoirí agus scoileanna na moltaí a fheiceáil agus a gcuid tuairimí a thabhairt? Cén aischothú a bhí i gceist leis sin?

An bhfuil aon imní ar na finnéithe go bhfuil sé seo ag teacht salach ar an bpolasaí oideachais Gaeltachta atá seolta ag an Roinn, a luaigh mé níos túisce? An bhfuil imní orthu go bhfuil mar aidhm nó sprioc ginearálta cumas Gaeilge labhartha na bpáistí a shaibhriú sna scoileanna Gaeltachta agus go bhfuilimid ag dul i gcoinne seo mar go bhfuilimid ag imeacht ón mbéaltriail? An bhfuil siad ag teacht salach ar a chéile?

Tá an cheist chéanna agam maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Luaigh an dream a bhí os ár gcomhair coicís ó shin é sin. Tá sé i gceist go mbeadh pleananna forbartha pobail ó thaobh na Gaeilge de sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá na scoileanna lárnach ann, ach muna bhfuil cumas labhartha Gaeilge na bpáistí láidir, cén chaoi gur féidir leo bheith gníomhach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge? An eilifint mór sa seomra i gcónaí sna ceisteanna seo ná caighdeán Gaeilge na múinteoirí féin. Tá sé ráite, fiú sa tuairisc a luadh sna héisteachtaí agus sa staidéar a rinne an príomh-chigire in 2010 agus in 2012, nach raibh an tríú chuid de na múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta agus na Gaelscoileanna líofa go leor lena gcuid teagasc a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Má táimid ag baint tábhacht na Gaeilge labhartha ó na daltaí agus má théann na daltaí sin ar aghaidh le bheith mar mhúinteoirí amach anseo, nach bhfuilimid i ndáiríre ag taoscadh uisce as an tobar gan aon uisce nua ag teacht isteach ann? D'fhéadfaí go dtitfidh an caighdeán síos de réir a chéile mar go mbeidh droch-Ghaeilge ag na daltaí ag dul isteach san ollscoil, beidh caighdeán níos ísle acu nuair atá siad féin ag teagasc agus, dá bhrí sin, beidh an Ghaeilge ag dul i léig de réir a chéile. An bhfuil imní ar na finnéithe faoi sin? Nach gcuidíonn an scrúdú béil leis an gcumas cumarsáide labhartha sin?

Tá sé cheist ansin.

Dr. Harold Hislop

Ar a laghad.

No, sé cheist.

Dr. Harold Hislop

Is ea, sé cinn.

Tá mé ag feabhsú. Bhíodh deich gcinn agam go hiondúil.

Dr. Harold Hislop

Ceart go leor. Ar mhaith leis an gCathaoirleach go dtabharfainn fúthú?

Ba mhaith.

Dr. Harold Hislop

Liomsa um thráthnóna mar fhinné tá Gary Ó Donnchadha, rúnaí ginearálta cúnta sa Roinn. Tá cúraimí aige ar chúrsaí curaclaim sa Roinn. Freisin, liom um thráthnóna tá Eibhlín Ní Scannláin, cigire iarbhunscoile a bhí mar bhall den choiste a rinne an obair ag an NCCA. Bhí sí ansin mar bhall den Roinn Oideachais agus Scileanna ag an am.

Freagróidh mé na ceisteanna a d'ardaigh an Seanadóir. Gabhaim buíochas leis as ucht na ceisteanna. Bhain an chéad cheist a bhí aige le céard a bhí mí-cheart leis an seanchóras agus cén fáth nach rabhamar in ann feabhas a chur ar an seanchóras. Tá roinnt mhaith taighde déanta ar chonas cumas labhartha daltaí a mheas. Tá cuid mhaith tógtha le chéile ag an OECD, mar shampla. Caithfimid a chur san áireamh go bhfuil na daltaí seo timpeall 15 bliana d'aois. Níl siad ag deireadh a gcuid tréimhse sna scoileanna. Fanann an chuid is mó de scoláirí a dhéanann an teastas sóisearach ar scoil go dtí leibhéal na hardteistiméarachta. Ag an bpointe seo, leath-shlí ar an turas oideachais tríd an mhéanscoil, moltar an measúnú, an teagasc agus an fhoghlaim a choimeád go dlúth lena chéile. Más féidir é a dhéanamh go nádúrtha sa seomra ranga, is fearr é a dhéanamh sa tslí sin. Tá moltaí láidre mar sin foilsithe ag an OECD agus ag áiteanna eile. Tháinig an chomhairle sin chugainn ón NCCA. Níor bhain sé leis an nGaeilge amháin. Bhain sé leis na teangacha uilig, i ndáiríre. Cé go bhfuil socruithe speisialta déanta againn don Ghaeilge, tá CBAs le n-úsáid chun measúnú a dhéanamh ar chumas labhartha na ndaltaí sa bhFraincis, sa Spáinnis agus sna teangach eile. Beidh siadsan ag titim amach beag nó mór mar an gcéanna.

An rud is measa a tháinig ón taighde ar an seanchóras ná nár chothaigh sé gnáthteanga labhartha na ndaltaí go héifeachtach. Bhí tuairiscí scríofa ag an SEC agus ag an Roinn agus, fiú, bhí eolas faighte ag an NCCA. Bhí a lán brú ar dhaltaí sleachta a chur de ghlanmheabhair. Ní hamháin sin, chuirtí sraith de phictiúir os comhair na ndaltaí agus dhéanadh siad cur síos uirthi. Is minic a bhí an cur síos sin de ghlanmheabhair ag daltaí gan, i ndáiríre, tuiscint acu ar pé rud a bhí á rá acu agus ní raibh siad in ann gnáthchomhrá a dhéanamh leis an scrúdaitheoir nó le duine eile ar bith. Sa chás seo, is ar an múinteoir féin an measúnú ar an gcomhrá nádúrtha seo. Is é sin an múinteoir a bhfuil taithí aige nó aici ar na daltaí agus ar a ndul chun cinn. An chomhairle láidir a fuair an Roinn ón NCCA ná gur fearr córas mar sin a chur i bhfeidhm.

Tagann an dara cheist a bhí ag an Seanadóir as an rud sin agus rudaí a chur de ghlanmheabhair. An fiú é? Is fiú, cinnte. Ceapaim féin go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil rudaí éigin - dánta, amhráin agus araile - againn de ghlanmheabhair. Is minic a chuireamar, fiú mé féin nuair a bhíos mar mhac léinn, sleachta as píosa liteartha nó drámaí de ghlanmheabhair. Is maith an rud é sin. Cuireann sé le stór focal na ndaltaí gan dabht. Níl aon rud i gcoinne rudaí a chur de ghlanmheabhair agus níl aon rud ina choinne sa churaclam nua. Ag an am céanna, ní hionann gnáthchaint agus gnáthchomhrá agus sleachta a bheith de ghlanmheabhair ag duine. Is maith an rud é a bheith ábalta sleachta a rá de ghlanmheabhair. Bíonn party pieces ag daoine. Níl aon dabht ach go gcuireann siad le foclóirín an dalta. An rud is tábhachtaí, áfach, ná go mbeadh na daltaí in ann gnáthchomhrá a bheith acu eatarthu féin agus le daoine eile. Sin an rud atáimid ag iarraidh a spreagadh.

Sa tríú cheist a bhí ag an Seanadóir, luaigh sé an Polasaí don Oideachas Gaeltachta agus an cheist a bhí aige ná an raibh sé ag teacht salach ar an bpolasaí. Ní dóigh linn go bhfuil. Tiocfaidh mé ar ais ar an bpointe maidir le líon na múinteoirí a bhí páirteach sa phróiséas comhairliúcháin ach an rud is tábhachtaí a tháinig as an gcomhairliúchán leis na múinteoirí ná seo. Nuair a d'fhoilsigh an NCCA an chéad dréacht den churaclam nó den shonraíocht, bhí sé ar intinn sonraíocht amháin a bheith ann agus bheadh sé cosúil le mar atá sé anois. Bheadh Gaeilge ann agus sin deireadh leis ag ardleibhéal agus gnáthleibhéal. As an gcomhairliúchán, áfach, tháinig a lán tuairimí chuig an NCCA agus bhí múinteoirí ag rá nach leor curaclam amháin agus go raibh curaclam sa bhreis ag teastáil ó na scoileanna lán-Ghaeilge agus ó na scoileanna Gaeltachta. Rinne múinteoirí, go háirithe múinteoirí i nGaelcholáistí, argóint nach raibh leibhéal na Gaeilge agus an dúshlán sa siollabas ard go leor do na mic léinn a bhí Gaeilge ó dhúchas acu. D'éisteamar leis an gcomhairle sin. Tháinig an NCCA ar ais ag an Roinn, phléamar an cheist agus shocraigh an tAire ag an am iarraidh ar an NCCA dhá churaclam a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid mhúinteoirí.

Toisc go raibh an cinneadh sin déanta, bhí ar an NCCA dul ar ais go múinteoirí agus an dara babhta de chomhairliúchán a bheith acu. Bhí comhairliúchán ar an Idirlíon acu agus bhí comhairliúchán scríofa ann. Bhuail an chomhairle le grúpa múinteoirí, go háirithe grúpa múinteoirí ón nGaeltacht. Bhuail an chomhairle le scoláirí chomh maith. Scrúdaigh an chomhairle an rud a bhí ann ag an am agus é sin an dá dréachtshonraíocht. Luíonn sé sin leis an bpolasaí Gaeltachta. Ceann amháin de na tuairimí a fuaireamar féin sa Roinn nuair a bhí an Polasaí don Oideachas Gaeltachta á phlé ná nach raibh tuismitheoirí agus múinteoirí sa Ghaeltacht sásta leis an gcaighdeán Gaeilge a bhí sa seansiollabas. Bhí sé ró-íseal do lucht labhartha na Gaeilge. An rud a dúirt siad linn ná go bhfuil ardchaighdeán le baint amach sa Bhéarla ag mic léinn sa Ghalltacht nuair atá Béarla á staidéar acu. An cheist a bhí acu ná cén fáth nach bhfuil a leithéid ag titim amach i scoileanna Gaeltachta nuair atá an Ghaeilge ag na scoláirí.

Fáiltíonn an Roinn go bhfuil dhá shiollabas, nó dhá shonraíocht, ann. Chomh maith leis sin, bhí imní ar mhúinteoirí agus ar scoláirí sa Ghaeltacht nach bhfuair siad creidiúint ar an gcumas labhartha a bhí acu. Is minic a dúirt siad linn go raibh Gaeilge labhartha an-láidir ag gasúr éigin agus an cheist a bhí acu ná conas is féidir leis creidiúint a fháil dá bharr. Anois, toisc go bhfiul dhá shonraíocht, nó dhá churaclam, ann agus CBA de shaghas amháin á dhéanamh sna scoileanna Gaeltachta agus sna scoileanna lán-Ghaeilge, beidh an dalta sin in ann creidiúint a fháil ar leibhéal i bhfad níos airde. Ní hamháin go mbeidh an teist sin déanta ag an dalta ach beidh toradh na teiste sin nó toradh an scrúdaithe sin leagtha amach ar an teastas a bheidh ag an dalta ag deireadh na sraithe sóisearaí.

Chomh maith leis sin, luaigh an Seanadóir an straitéis 20 bliain agus cumas labhartha na ndaltaí. Caithfidh mé a rá go bhfuil tagairt ann don straitéis 20 bliain mar gheall ar an tsraith shóisearach. Ní raibh sé ar intinn scrúdú béil traidisiúnta a chur i bhfeidhm ag an leibhéal sin. Bhí sé sin glactha nuair a foilsíodh an straitéis 20 bliain. Sa bhreis, luaigh an Seanadóir cumas labhartha na múinteoirí. Tá an ceart aige go ndearnamar tagairt i dtuairisc an phríomhchigire go raibh fadhbanna ann le Gaeilge na múinteoirí. An trian sin de mhúinteoirí - tá sé níos mó na aon cheathrú agus beagnach aon trian - is i scoileanna i gcoitinne a bhíomar ag caint. Ní rabhamar ag caint go speisialta mar gheall ar na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge. Tá roinnt oibre ar siúl chun tabhairt faoin fhadhb sin mar níl aon dabht ach go bhfuil fadhb ann. Níl caighdeán Gaeilge na múinteoirí sa chóras ina iomláine sásúil. Sa Ghaeltacht, go háirithe, tá deacrachtaí ag príomhoidí agus ag boird múinteoirí a fháil. Phléamar an cheist seo cheana. Is féidir leo múinteoirí a fháil le heolaíocht nó stair nó tíreolas ach ní féidir leo múinteoirí a fháil leis na hábhair sin agus cumas acu sa teanga. Thógamar céimeanna i mbliana. Tá beirt léachtóirí sa bhreis le fostú in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chuaigh na daoine faoi agallamh chun na poist sin a líonadh an tseachtain seo caite. Bhí muid ag caint le muintir na hollscoile inné agus dúirt siad liom go bhfuil súil acu go bhfuil an ollscoil chun na poist a líonadh roimh Mheán Fómhair.

Fad is a bhí an tUasal Hislop ag caint leo, ar luaigh siad an folúntas atá ann don ollamh?

Dr. Harold Hislop

Ní dóigh liom go bhfuil folúntas ann ó thaobh an ollaimh le hoideachas.

Tiocfaidh mé ar ais ar an gceist.

Mr. Gary Ó Donnchadha

An t-ollamh le Gaeilge, an ea?

Ar ndúirt siad aon rud faoin uachtarán le Gaeilge?

Dr. Harold Hislop

No.

Lean ar aghaidh. Gabh mo leithscéal.

Dr. Harold Hislop

Bhain tús agus deireadh ár gcainte leis an scoil le hoideachas agus an cúrsa atá ann do mhúinteoirí ag an dara leibhéal le hábhair a mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Tá beirt léachtóirí sa bhreis le dul isteach ann ionas gur féidir leis an ollscoil níos mó scoláirí a ullmhú ansin. Tá na chéad chéimeanna tógtha againn freisin maidir le BEd trí mheán na Gaeilge a chur ar siúl. Bhí cruinnithe ag an Roinn an Aoine seo caite leis na hinstitiúidí oideachais ag an tríú leibhéal ionas gur féidir linn próiseas tendering a chur ar siúl chun an BEd a chur ar siúl agus chun iarchéim nó máistreacht sa tumoideachas a chur ar siúl chomh maith. Táimid ag sracadh ar aghaidh agus ag iarraidh an folúntas sin a líonadh agus an fhadhb sin a réiteach. Nílimid sásta fós le caighdeán Gaeilge na ngnáthmhúinteoirí sna meánscoileanna agus sna bunscoileanna agus, mar a luaigh mé cheana, tá obair le déanamh ag an gComhairle Mhúinteoireachta ar an bhfadhb sin.

Leanfaidh mé leis an bpointe áirithe sin. Tá an Roinn ag brath go mór sa gcóras nua ar na múinteoirí sna scoileanna a bheith ag déanamh an obair leanúnach leis na páistí ó thaobh na Gaeilge de. Cén chaoi a bpiocfaidh an córas atá ag an Roinn suas air má tá múinteoir le drochchaighdeán Gaeilge ann? Maidir le daltaí a théann ar aghaidh go dtí an tríú bliain agus múinteoir le caighdéan Gaeilge íseal acu, ní fheicfidh an Roinn é sin go dtí leibhéal na hardteiste mar ní bheidh aon scrúdú seachtrach béil déanta ag na daltaí. Nach mbeidh na daltaí sin faoi mhíbhuntáiste go dtí an ardteist? Ar a laghad ar bith, dá mbeadh an scrúdú cainte ann, d'fhéadfadh an cigire a bheith ann agus, má tá patrún ann go bhfuil go leor daltaí le chéile in aon rang amháin gan an cumas labhartha acu, bheadh an Roinn in ann a rá go bhfuil fadhb ann in áit éigin. Anois ní phiocfaidh an Roinn suas air sin go dtí leibhéal na hardteiste.

Dr. Harold Hislop

Taobh thiar den cheist, is dócha go nglacfar leis nach bhfuil an grád á thabhairt ag an múinteoir féin, ach ní mar sin atá. Caithfidh na múinteoirí sa scoil teacht le chéile agus cumas na ndaltaí a chur i gcomparáid le chéile, fiú le taifid, más féidir. Bheadh muid ag súil freisin go mbeadh an cumas labhartha, an cumas scríofa agus an cumas léitheoireachta go dlúth lena chéile agus go mbeadh siad ag dul ar aghaidh mar an gcéanna agus beidh measúnuithe ar siúl níos minice anois ná mar a bhí. Fuaireamar an t-eolas sin, b'fhéidir, ag leibhéal bliain a 3, ach beidh na measúnuithe ar siúl le linn na tríú bliana anois.

Ach is measúnuithe scríofa atá ann, nach ea?

Dr. Harold Hislop

Ní hamháin i scríbhinn.

Cén formáid de mheasúnuithe a bheidh i gceist?

Dr. Harold Hislop

Tá dhá CBAs ann. Tá CBA2 bunaithe go hiomlán ar obair ó bhéal. Tá sé cosúil le scrúdú béil i slí. Beidh ar an dalta comhrá nó cur i láthair a dhéanamh nó óráid a thabhairt agus araile. Comhrá nádúrtha a bheidh aige nó aici leis an múinteoir. Fiú i CBA1, baineann aon trian de le píosa oibre ó bhéal. Nílimid ag brath ar aon uair amháin chun an measúnú a dhéanamh. Tá an tasc scríofa bunaithe ar an bpíosa oibre atá déanta ó bhéal i CBA2 freisin.

Is iad na múinteoirí sa scoil a dhéanfaidh an measúnú.

Dr. Harold Hislop

S'ea. Glaotar "moderation" air i mBéarla. Beidh ar na múinteoirí suí síos lena chéile agus cruinniú moderation a bheith acu. An teideal oifigiúil atá air ná "subject learning, assessment and review meeting". Tá aistriúchán déanta air sin chomh maith. Is é fáth na gcruinnithe sin ná go mbeidh ar na múinteoirí suí síos agus an obair a thagann ó na daltaí a scrúdú. Abair go raibh an triúr againne inár múinteoirí. Bheadh cruinniú againn agus bheadh samplaí oibre as na ranganna atá ag an Uasal Ó Donnchadha, ag Iníon Uí Scannláin agus agamsa. Chaithfeadh muid iad go léir a chur ar an mbord agus a phlé. Má bhíonn ardchaighdeán bainte amach ag mic léinn Iníon Uí Scannláin, beidh ceist. Cén fáth nach bhfuil an caighdeán céanna á bhaint amach ag na mic léinn atá faoi mo chúramsa? Tiocfaidh an cheist sin suas go nádúrtha. Ón taobh eile de, is é sin an t-eolas atá faighte againn nuair atá córas mar seo ag obair, déanann sé sin feabhsú ar chur i láthair agus caighdeán múinteoireachta na n-oidí.

Mr. Gary Ó Donnchadha

Tá an-ghaol ar fad idir an phróiseas féin-mheastóireachta scoile agus an fás atá i gceist i dtaobh na scileanna a thabhairt do mhúinteoirí chun a ndaltaí féin a mheas ó thaobh chumas cainte nó cumas ó bhéal. Táimid ag iarraidh cultúr úrnua a bhunú sna scoileanna. Tá an-iarracht déanta ag an gcigireacht chun an cultúr sin a fhás. Nílimid ag fanúint i gcomhair seirbhísí seachtracha chun teacht chuig an scoil chun a rá nach bhfuil an caighdeán seo sách maith go leor. Táimid ag tacú le scoileanna chun an scil féin-mheastóireachta a bhunú lastigh den scoil féin agus chun, diaidh ar ndiaidh, na hábhair éagsúla a thógaint agus dírbhreathnú a dhéanamh ar conas mar atá caighdeán an oideachais agus caighdeán na foghlama ann. Ritheann sé sin leis an gcumas atá ann chun tacú le múinteoirí agus an bhéaltriail atá ar siúl á reáchtáil acu féin seachas a bheith ag lorg tacaíochta ón dtaobh amuigh.

Gabhaim mo bhuíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair. Tá an-chuid eolais ann, go háirithe maidir leis an tsraith ceisteanna dheireanach ansan ón Seanadóir.

Tá an t-ábhar seo tagtha chugamsa ó dhaltaí agus ó mhúinteoirí sa Ghaeltacht agus i nGaelscoileanna. Bhraith siad go raibh buntáiste nó scil faoi leith acu agus go raibh sé anois á chur ar leataobh agus go rabhadar á tharraingt anuas chuig leibhéal eile agus dumbing down ann agus deis a bhí acu á bhaint uathu ar fad. Díreoidh mé ar chúpla rud mar gheall ar an dréachtphlean a bhí ag an Roinn. Tuigim go raibh thart ar 40% de na marcanna ag dul i dtreo an scrúdú béil. Leis an bplean nua seo, cén luach nó céatadán a bheidh ag an bpíosa labhartha? Luadh go bhfuil measúnú nó tuairisc á dhéanamh ag an mac léinn féin sa CBA-----

Dr. Harold Hislop

Ní ag an mac léinn.

-----ar a agallamh nó ar a chur i láthair féin agus go scríobhfadh an dalta tuairisc air.

Dr. Harold Hislop

Míneoidh mé an scéal.

Is féidir leis an finné nóta a dhéanamh. Lean ar aghaidh, a Theachta.

An é sin rud scríofa dá bharr? An bhfuil an Ghaolainn á chur ar chomhchéim anois le gach teanga Eorpach eile? An bhfuil sí á tharraing go dtí an leibhéal céanna atá acusan? Cad ina thaobh nach bhfuil buntáiste nó stádas faoi leith ann i gcomhair na Gaolainne?

Luadh an straitéis do scoileanna Gaeltachta. Bhí an plean nó an straitéis sin á chur le chéile mórthimpeall an ama chéanna. Cén teagmháil a bhí idir na grúpaí a bhí ag ullmhú na straitéise agus a bhí ag déanamh an athbhreithnithe ar an teastas sóisearach?

An iad na daoine céanna nó an raibh aon teagmháil eatarthu? Feictear dom go bhfuil sé ag teacht salach air, agus go seolann sé an teachtaireacht mícheart ar fad amach, go bhfuil an scrúdú béil á bhaint as. Fágfaidh mé mar sin go fóill agus beidh mé ar ais le ceist eile.

Dr. Harold Hislop

Chun a bheith soiléir mar gheall ar an classroom based assessment, CBA, ní dhéanann an mac léinn measúnú ar a obair féin. Déanann an múinteoir measúnú ar obair an mhic léinn. Tá níos mó béime ar mheasúnú ar chumas labhartha an dalta sa chóras nua ná mar a bhí sa seancheann. Sa seancheann ní bhfuair an dalta ach marc amháin iomlán. Fuair sé A, B, C nó D. Ní raibh aon bhriseadh síos ann. Fuarthas an marc sin. Do dhaltaí a bhí ag freastal ar scoileanna ina raibh an scrúdú béil ar fáil, agus ní raibh sé ar fáil do leath na ndaltaí fiú, bhí 40% de na marcanna ag dul don scrúdú béil agus 60% don obair scríofa. Cuireadh le chéile iad, áfach, agus ní bhfuair an scoláire ach marc amháin. Sa chóras nua gheobhaidh an dalta trí mharc ar a laghad. Gheobhaidh sé marc ar an chéad CBA. Beidh sé scríofa ar an teastas. Gheobhaidh sé marc ar an dara CBA a bhaineann leis an obair ó bhéal amháin. Arís, beidh sé ar an teastas agus gheobhaidh sé marc ar a obair scríofa. Beidh trí mharc éagsúla á dtabhairt do gach uile dalta ó thaobh na Gaeilge de.

I scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga, feicfear an leibhéal ar an teastas - Gaeilge ag leibhéal an chéad teanga, T1. Beidh na spriocanna agus na cuspóirí i bhfad níos deacra do Ghaeilge T1. Maidir leis an dalta sa Ghaeltacht, in ionad A nó B nó C a fháil agus na marcanna agus an siollabas céanna á stáidéar i mBaile Átha Luain nó i gcroílár Chonamara, gheobhaidh an scoláire i gConamara teastas a deireann gur dalta é a rinne an Ghaeilge ag leibhéal T1 agus go bhfuair sé an grád seo do CBA 1, marc éagsúil do CBA2 agus marc eile don obair scríofa. Beidh cur síos i bhfad níos leithne ar chumas an dhalta don dalta féin, dá dtuismitheoirí agus do pé duine a bhreathnaíonn ar an teastas atá aige.

Cén briseadh síos atá ar na marcanna sin?

Dr. Harold Hislop

Glacann sé sin gur gá na marcanna a chur le chéile, agus ní chuirtear le chéile iad. Gheobhaidh an dalta trí mharc éagsúil agus ní dhéanfar aon addition, ná average, ná aon rud eile orthu. Beidh trí scores difriúla ag an dalta sin.

An bhfuil an chéad CBA ar chomhchéim leis an dara ceann agus leis an scrúdú scríofa?

Dr. Harold Hislop

Is measúnuithe difriúla ar fad iad. Tá na trí cheann scríofa-----

Ach nuair a bheidh an teastas os comhair-----

Dr. Harold Hislop

Níl aon weighting déanta go bhfuil CBA 1 níos tábhachtaí ná CBA 2 agus níl aon weighting curtha ar CBA 2 in aghaidh an pháipéir scríofa.

Mar sin, nuair a thagann teastas os comhair dhuine, beidh trí mharc agus bainfidh an t-úalú céanna leis an trí.

Dr. Harold Hislop

Is féidir le duine feiceáil gur éirigh le dalta go hiontach i CBA 1, nár éirigh leis i CBA 2 nuair a bhí an obair ó bhéal faoi scrúdú ach gur éirigh leis go hiontach san obair scríofa, nó a mhalairt. Tá sé féaráilte don dalta. Ní chuirfear le chéile iad. Tugann sé cur síos cuimsitheach ar chumas an dhalta. Sin an plean atá taobh thiar de. Bhí plean eile ann agus is cuid é den fáth a bhíonn an mhíthuiscint sin ag cuid de na múinteoirí nach raibh seans acu freastal ar an fhorbairt ghairmiúil. Níor fhreastal cuid mhaith de bhaill an ASTI ar an fhorbairt ghairmiúil a bhí ar siúl. Tá sean-mhíthuiscint acu mar, nuair a d'fhoilsigh an tAire, an Teachta Quinn, an chéad plean, bhí sé ar intinn aige go ngabhfadh 40% don obair scoilbhunaithe agus 60% don scrúdú. Cuireadh scrios ar sin agus níor glacadh leis na moltaí sin ar chor ar bith.

Bhí ceist agam nár chuireas, díreach ar an ábhar sin. An raibh aighneachtaí ann ar lorg iad é a athrú?

Dr. Harold Hislop

An raibh aighneachtaí ar lorg iad pé rud a athrú? Go gcuirfear le chéile iad?

An raibh aighneachtaí ag lorg athrú go gcuirfidh deireadh leis an 40% agus an 60%? Bhí deis ag grúpaí éagsúla suim a léiriú agus aighneachtaí a dhéanamh. Ar seoladh isteach aighneachtaí ag lorg an t-athrú sin?

Dr. Harold Hislop

Foilsíodh an chéad phlean, ar mhol sé go mbeadh an measúnú ar chumas labhartha na ndaltaí bunaithe sa scoil amháin, don chéad uair in 2013. In 2015 leagadh amach an scéim atá againn anois. Rinne comhairliúchán air ag an am. Is é sin an fáth go ndúrthas sin ag tús an tseisiúin seo. Bhí sé soiléir ó 2015 ar aghaidh go raibh sé ar intinn ag an NCCA an CBA a úsáid chun cumas labhartha na ndaltaí a mheas. Bhí cuid de na múinteoirí ina choinne toisc go raibh siad i gcoinne na socruithe iomlána don tsraith sóisearach. Ag an bpointe sin níor luaigh siad go raibh siad i gcoinne an tsocraithe sin.

Tháinig gearáin ó roinnt múinteoirí agus is dócha gur chuala an coiste uathu ag seisiúin roimhe seo. Maidir le cuid den mhéid a bhí le rá acu, bhí míthuiscint bhunúsach ann. Tá fadhbanna againn le múinteoirí nach dtuigeann an córas atá curtha i bhfeidhm. Glacaim cén fáth. Ní raibh seans acu freastal ar an bhforbairt ghairmiúil ar tugadh do chuid mhaith de na múinteoirí. Bhí plé an-láidir air seo le múinteoirí i gcoláistí lán-Ghaeilge agus le múinteoirí lasmuigh den Ghaeltacht i ngnáthscoileanna. Ba í an tuairim láidir a bhfuair an NCCA, agus sin an fáth gur thug sé an chomhairle dúinn, ná gur fearr an measúnú a bheith bunaithe sa scoil, scoilt a dhéanamh idir an obair scríofa agus an obair labhartha agus tuairisciú a dhéanamh ar an dá cheann agus iad scartha óna chéile. Ba í an argóint a bhí taobh thiar de ná go bhfuil sé níos féaráilte don pháiste seans a thabhairt dó a chumas sa teanga labhartha a thaispeáint agus a chumas san obair scríofa a thaispéaint.

Tá dhá cheist nár fhreagair Dr. Hislop. An bhfuil an Ghaolainn curtha ar chomhchéim leis na dteangacha eile? An bhfuil níos lú stádais ag baint léi? Mar gheall ar an straitéis i gcomhair na scoileanna Gaeltachta, an raibh an teagmháil sin nó comhoibriú eatarthu?

Chaill mé mo fhócas ar feadh cúpla nóiméad agus rinne mé dearmad ar na ceisteanna sin.

Dr. Harold Hislop

Scríobh an NCCA an curaclam ach bhí an t-aonad sa Roinn atá i mbun curaclaim lárnach sa phróiseas leis an junior cycle agus sa pholasaí um oideachas Gaeltachta. Bhí an dá dhream ag obair le chéile. Bhí an bheirt phríomhoifigeach céanna ag obair ann. Bhí na cigirí céanna ag obair leo. Bhí an díospóireacht idir an Roinn agus an NCCA mar gheall ar T1 agus T2 ag titim amach ag an am céanna agus a raibh na díospóireachtaí agus an comhairliúchán againn mar gheall ar an bpolasaí um oideachas Gaeltachta. Bhí Ms Ní Scannláin ar choiste an NCCA agus bhí sí ag obair sa Roinn freisin. Ní dóigh liom go raibh scoilt idir an dá dhream.

Maidir leis na teangacha, níl an Ghaeilge ar chomhchéim leis na teangacha eile ach a mhalairt. Anois tá dhá shiollabas, nó dhá shonraíocht, ann don Ghaeilge, rud nach bhfuil le fáil ag na teangacha eile ar chor ar bith. Níl sé ar chomhchéim ar chor ar bith.

An mbeidh na torthaí Gaolainne agus Fraincise nó Spáinnise le feiceáil ar an teastas díreach mar an gcéanna? An mbeidh siad leagtha amach sa trí-----

Dr. Harold Hislop

Beidh. An difríocht mhór atá ann ná go mbeidh an Ghaeilge ar leibhéal T1 nó T2 le feiceáil.

Gabhaim buíochas le Dr. Hislop as ucht a chur i láthair. Tá ceist agam ar an chomhairliúchán. Dúirt Dr. Hislop nach raibh deis ag cuid de na múinteoirí a bhí ceangailte leis an ASTI bheith ag an chomhairliúchán. An mbeidh sé féaráilte a rá go mbeidh mórchuid de mhúinteoirí scoileanna T1 - múinteoirí Gaeltachta - ceangailte leis an ASTI agus, mar sin, b'fhéidir nach raibh deis acu bheith lárnach sa phróiseas sin? Nílim féin cinnte. Is í sin an cheist. An bhfuil an briseadh síos ag Dr. Hislop? Tuigim féin, ó thaobh Dhún na nGall de, go bhfuil níos mó múinteoirí an cheantair sin faoin ASTI ná faoin TUI. B'fhéidir go bhfuil fadhb ansin nach bhfuilimid ag aithint.

Tuigim caidé atá i gceist anseo. Táthar ag dul de réir saineolais idirnáisiúnta. Rinne Dr. Hislop tagairt don OECD agus an obair taighde atá déanta acu. An é sin obair taighde ar mhionteangacha nó ar teangacha idirnáisiúnta cosúil leis an nGearmáinis agus an Frainicis, mar tá difríochtaí móra ann? Táimid ag caint ar mhionteanga anseo atá faoi bhrú ollmhór. Ba é sprioc an Rialtais go dtí seo, ó thaobh Acht na Gaeltachta 2012 agus an straitéise 20 bliain de, ná go mbeadh níos mó daoine ag labhairt na Gaeilge sa Stáit. Tá an sprioc chéanna ann ó Thuaidh agus tá go leor obair déanta uirthi fosta.

Ó thaobh an Stáit de, tá contúirt ann faoi choinne na marcanna a bhaineann le labhairt na Gaeilge sa teastas sóisearach a bhaint as an equation anseo, cineál ísliú stádais a thabairt di agus rudaí eile a thabairt isteach cosúil le scrúduithe ranga eile agus an 40%. Cé go raibh an bhéaltriail roghnach, bhí rogha ag na daltaí úsáid a bhaint as an 40% sin agus an Ghaeilge a úsáid mar theanga labhartha sa chóras oideachais. Is é an chontúirt atá leis seo ná go mbeifear ag baint na Gaeilge mar teanga labhartha amach as an chóras oideachais. Is cúlchéim é sin agus cuirfidh sé isteach ar spriocanna na straitéise 20 bliain don Ghaeilge. Tá go leor míshuaimhneas amuigh ansin i dtaca le chur chun cinn na straitéise. Sin ceist do lá éigin eile, ach ó thaobh sprioc na straitéise - an 250,000 duine a bheith ag labhairt na Gaeilge - agus ó thaobh na hoibre atá ar siúl ag na Gaelscoileanna, mar shampla, agus iad ag fás leo, tá sé i bhfad níos tábhachtaí mionteanga a choinneáil beo de bhrí í a labhairt agus an labhairt a bheith ann mar sprioc.

Tá cúpla ceist agam. An bhfuil an polasaí seo chun chur isteach ar an Ghaeilge labhartha sa Stáit go fádtéarmach? Tá a fhios agam go bhfuil an ardteist ann agus go bhfuil scrúdú cainte fós ansin ach is é an eagla i measc múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí ar labhair mé leo ná má thugann an Roinn é seo isteach sa teastas sóisearach, roimh i bhfad, tabharfar isteach san ardteist é fosta. Sin an eagla atá ann.

Ó thaobh na Gaeltachta de, tá an Ghaeltacht ag brath go mór ar na coláistí Gaeilge, go háirithe faoin am seo den bhliain. Má tá ísliú stádais tugtha don teanga labhartha sa chóras oideachais is cinnte go mbeidh níos lú daltaí ag freastal ar na coláistí Gaeilge i gConamara, i nDún na nGall agus sna háiteanna eile. Tá tionchar eacnamaíochta ansin fosta. Tá knock-on effects anseo. An bhfuil aon obair bhaile déanta ag an Roinn i dtaca leis na implications a bhaineann leis an pholasaí seo agus an tionchar a bheidh aige? Cén leibhéal idirbheartaíochta atá déanta idir an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ar an ábhar seo? An bhfuil aon réamhchaint déanta? An bhfuil aon mheasúnú déanta ar na himpleachtaí a bhaineann leis an pholasaí seo? Go minic nuair a bheirtear isteach polasaí úr, bíonn impleachtaí níos déanaí, mar shampla maidir leis na coláistí Gaeilge, an teanga labhartha agus mar sin de. Tá cúpla ceist ansin. Tuigim caidé atá i gceist ach táim neirbhíseach faoin pholasaí úr seo.

Dr. Harold Hislop

An rud is bunúsaí mar gheall ar an bpolasaí seo ná go mbeidh i bhfad níos mó béime ar chumas labharta an dalta ná mar a bhí. Is í an teachtaireacht is láidre atá á tabhairt ag an bhfoireann a chuireann an fhorbairt ghairmiúil air seo - junior cycle for teachers, JCT - ná an tábhacht a bhaineann le cumas labhartha na ndaltaí sa chóras nua. Tá sé chomh tábhachtach sin go bhfuil marc oscailte iomlán ag dul leis, rud nach raibh ann go dtí seo. Feicfidh gach uile dalta, ar an teastas atá ar fáil acu, conas ar éirigh leis nó léi sa Ghaeilge sa chumas labhartha agus sa chumas scríofa, rud nach bhfuil le fáil aige nó aici faoi láthair.

Glacaim leis go bhfuil impleachtaí ann, agus an impleacht agus an cuspóir atá leis ná chun cinntiú go bhfuil cumas labhartha na daltaí a fheabhsú. Bheidh sé an-tábhachtach an teachtaireacht sin a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta agus daoine lasmuigh di. Bheadh sé níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh cleachtadh a fháil ar úsáid na teanga i suíomhanna nádúrtha i slí gur féidir le duine comhrá nadúrtha a bheith aige nó aici le bean an tí nó muintir na Gaeltachta. Fiú má scrúdaítear an curaclam atá leagtha síos do scoileanna na Gaeltachta, cuirfear béim ar litríocht áitiúil, arís rud nach raibh sa seanchóras. Bhuail an Roinn le chéile chun obair na gcoláistí Gaeilge a phlé le déanaí, mar tá a fhios ag an gcoiste go n-iarrann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta go ndéanfar cigireacht ar na coláistí Gaeilge le linn gach samhraidh.

Bhí sé an-spéisiúil a bheith ag éisteacht le muintir na Gaeltachta ó Chomhairle Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS. Tá an t-éileamh ar na cúrsaí ag ardú agus tá an teachtaireacht ag dul thart timpeall gur gá béim a leagan ar fhoghlaim na teanga labhartha. Tá an polasaí seo agus an measúnú seo ag dul leis an bpolasaí sin. Níl sé ag dul i gcoinne an pholasaithe sin.

Is céim dhifriúil ar fad í an ardteist. Níl aon phlean ag an NCCA nó ag an Roinn aon athrú a dhéanamh ar an gcóras ag leibhéal na hardteistiméireachta. Rinneamar an t-athrú ag leibhéal na sraithe shóisearaí toisc go bhfuil sé níos áisiúla don leanbh ag an bpointe sin, agus é nó í 15 bliana d'aois, an measúnú seo ar an gcumas labhartha a dhéanamh taobh istigh den seomra ranga agus i suíomh atá i bhfad níos nádúrtha ná mar a bhí an seanscrúdú ó bhéal.

Tá sé ró-luath tionchar ar bith a fheiceáil ar na coláistí Gaeilge faoi láthair, ach tá teachtaireacht an-láidir á thabhairt againn do na scoileanna go bhfuil cumas labhartha na ndaltaí níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh. Táimid ag súil go gcuirfeadh sé seo le líon na ndaltaí atá ag freastal ar choláistí Gaeilge le linn an tsamhraidh.

Ó thaobh Roinn na Gaeltachta de agus an straitéis 20 bliain, bhí caint ar an scrúdú cainte agus araile déanta le Roinn na Gaeltachta nuair a bhí an stratéis 20 bliain á scríobh. Aithnítear in abairt ann "nach féidir ... measúnú labhartha sa tsraith shóisearach a dhéanamh ach i gcomhthéacs ... measúnaithe áitiúil a dhéanfadh múinteoirí ranga". Sin an polasaí atá ann agus sin an polasaí atá á chur i bhfeidhm againn.

Maidir leis an leibhéal idirbheartaíochta idir an Roinn Oideachais agus Scilleanna agus-----

Dr. Harold Hislop

Pléadh an cheist nuair a bhí an straitéis 20 bliain á cumadh.

Tá ceist bhreise agam. Táimid ag caint ar an teastas shóisearach anseo ach, i dtaca leis an ardteist go ginearálta, is é an sprioc atá ag daltaí ná na pointí is airde a fháil i ngach ábhar agus beidh siad ag iarraidh an deis sin a thapú fosta sa Ghaeilge. Ó thaobh na Gaeilge labhartha, bhí deis acu 40% de na marcanna a fháil as a bheith ag labhairt na Gaeilge. Anois tá sé sin laghdaithe. An bhfuil figiúr ann?

Dr. Harold Hislop

Níl figiúr.

Mar shampla, níl 100% ag dul don scrúdú ag deireadh na bliana.

Dr. Harold Hislop

Níl.

Caithfidh go bhfuil figiúr aontaithe. Nach bhfuil?

Dr. Harold Hislop

Níl.

Tá trí chuid den classroom based assessment-----

Dr. Harold Hislop

Tá trí phíosa ann - CBA1, CBA2 agus scrúdú scríofa - agus beidh trí mharc éagsúla ann.

An mbeidh siad ina dtrí chuid?

An bhfuil grád i gceist maidir le pas nó onóracha?

Dr. Harold Hislop

Tá ceithre grád ann do gach CBA: Thar barr, nó Eisceachtúil, nó "Exceptional"; Os cionn na n-ionchas, nó Above expectations; Ag teacht leis na hionchais, nó Meeting expectations; agus Ionchais le baint amach fós, nuair nach bhfuil an leibhéal sroichte ag an scoláire. Sa scrúdú scríofa, tá cúig grádanna ann: Gnóthaithe le Gradam; Gnóthaithe le hArdtuillteanas; Gnóthaithe le Tuillteanas; Gnóthaithe; agus Gnóthaithe go páirteach. Is féidir le hIníon Ní Scannláin iad a mhíniú, más gá.

Ms Eibhlín Ní Scannláin

An rud atá i gceist leo ná go mbeadh múinteoirí ábalta tuairiscíní a bhronnadh ar na scoláirí bunaithe ar na measúnachtaí rangbhunaithe a bheadh ar siúl acu. Mar atá luaite ag an bpríomhchigire ansan, tá ceithre leibhéal ann i gcás na measúnachtaí rangbhunaithe. Bainfidh na múinteoirí úsáid astu ag cruinnithe ag a dtabharfaidh siad samplaí den obair atá déanta ag na scoláirí atá acu féin. Tá taithí ag éinne a bhíonn ag plé le cúrsaí ag an tríú leibhéal agus le cuid de na cúrsaí eile ag an iarbhunleibhéal, fiú amháin, leis an gcur chuige sin. Tabharfaidh siad samplaí den obair ó na ceithre leibhéal sin leo chuig an gcruinniú sin. Beidh sna ráitis saghas tuairiscíní eile a dhéanfaidh cur síos ar an saghas oibre a bheadh le cur i láthair ag an scoláire chun aon cheann de na tuairiscíní seo a bhaint amach ar a chuid oibre. Sin é a bheidh i gceist ansin. Don dá mheasúnú rangbhunaithe a bheidh ar siúl, is ceann de na tuairiscí sin a bhronnfar ar an scoláire. Ansin, don scrúdú deiridh ina mbeidh an tasc measúnachta agus an scrúdú deiridh scríofa, agus ina mbeidh an cluaistuiscint mar chuid de mar atá faoi láthair, bronnfar grád chomh maith. Arís, beidh sé sin ag brath ar an ngradam. Beidh Gradam ag dul do 90% go 100%; Ardtuillteanas do 75% go 89%; Tuillteanas do 55% go 74%; agus Gnóthaithe do 40% go 54%. Téann sé síos as sin. Is iad na tuairiscíní sin a bheidh ar an teastas féin a bhronnfar ar an scoláire. Mar atá ráite, i gcás na Gaeilge, leagfar amach ann chomh maith an é sonraíocht T1 nó sonraíocht T2 a lean an scoláire.

Maidir leis an teastas féin, ní hamháin an dalta a bheidh á léamh. Beidh tuismitheoirí ag féachaint air agus ag déanamh measúnú iad féin. An raibh aon feedback ó na tuismitheoirí nó ó na heagraíochtaí tuismitheoirí? Cad a cheap siad faoi conas na torthaí a léiriú? An rabhadar sásta leis seo? Tá slat tomhais ar nós A, B agus C go breá éasca nó compórdach a fheiscint agus a mheas. An raibh aon feedback ó thuismitheoirí mar gheall ar an leagan amach sin?

Dr. Harold Hislop

Ní bhfuair an Roinn é ach fuair an NCCA é mar is é sin an chomhairle a rinne na dréachtaí. Pléadh iad ag coistí éagsúla den NCCA, áit ina bhfuil na tuismitheoirí ann mar bhaill. B'fhéidir gur mhaith leis an gcoiste na léiriúcháin a fheiceáil uair éigin. Is féidir linn na dréachtaí a thaispeáint don choiste, más maith leis an gcoiste iad a fheiceáil.

Bhí a lán daoine den tuairim gur saghas ullmhúcháin a bhí ann don ardteist an teastas sóisearach. Má bhíonn an teastas sóisearach agus na torthaí chomh difriúil sin leis an ardteist, an ullmhúchán atá ann a thuilleadh?

Mr. Gary Ó Donnchadha

Is dócha go bhfuil an dá rud ann. Cinnte, is ullmhúchán an-tábhachtach ar fad an teastas shóisearach don obair shinsearach a bheidh ar siúl agus scoláirí ag bogadh ar aghaidh chuig an ardteist. An rud tábhachtach atá ann ná gur ceiliúradh atá ann. Is ceiliúradh é ar na cumais éagsúla atá ag daltaí don trí bliana sin. Ní teastas teoranta atá i gceist anseo. Teastas an-tarraingteach é ar fad agus beidh próifíl leathan an pháiste á céiliúradh ann. Is cinnte go dtabharfar grádanna agus na marcanna a thabharfaidh SEC ach, chomh maith leis sin, beidh áit an-tábhachtach ag an dalta chun a chumas sna CBAs a fheiscint.

Tá an-mhachnamh go deo curtha isteach i leagan amach na próifíle sin ionas gur rud é a mbeidh daltaí bródúil as agus a chabhróidh leo. Ní bheidh a gcumas béil faoi cheilt laistigh de ghrád amháin, abair uimhir idir 60 agus 70. Beidh áit ann féin ag cumas cainte an pháiste, an dalta nó an scoláire. Beidh sé sin an-soiléir i leagan amach a bheidh tarraingteach. Beidh siad in ann a bheith bródúil as. Tá sé sin an-tábhachtach. Chomh maith le sin, beidh deis ann suim an scoláire féin agus obair bhreise an scoláire féin sa Ghaeilge agus in ábhair eile a cheiliúradh i bpainéil faoi leith ar an teastas nó an phróifíl. Líonfaidh múinteoirí an píosa sin isteach le stiúir ón NCCA chun an pictiúr leathan sin a thabhairt nach raibh ann leis an sean-chóras.

Ag caint faoi conas mar a ritheann sé sin le tuairimí tuismitheoirí agus tuilleadh, is é sin mar a theastaíonn tuismitheoirí go n-oibreodh an tréimhse sin den oideachas ón gcéad bhliain go dtí an tríú bhliain ionas go mbeadh fás ann, nach mbeadh an iomarca brú ann agus go mbeadh an seans ann don duine óg na láidreachtaí a aimsiú dó nó di féin agus iad sin a thabhairt ar aghaidh go dtí an ardleibhéal. Is gnó an-tábhachtach é ag an mbunleibhéal íseal sóisearach seo go n-aimseodh an duine óg féin na láidreachtaí atá aige nó aici agus go dtugadh sé nó sí iad sin ar aghaidh. Bíonn sé an-soiléir ón bpróifíl leathan chuimsitheach seo nach bhfuilimid ag déileáil le figiúirí amháin. Beidh descriptors uilig á n-úsáid chun cumas an dalta féin a cheiliúradh agus beidh píosaí curtha isteach ag an scoil maidir leis an gcaoi a ghlac an dalta páirt i ngníomhaíochtaí na scoile, cosúil le club Gaelach, club díospóireachta agus araile.

Tá cúpla ceist eile a ritheann liom. An bhfuil mé ceart sa tuiscint atá agam gur sa tríú bhliain a dhéanfar an measúnú ó thaobh na Gaeilge de? An bhfuil cúis éigin nach bhfuil sé sin ar bun thar an trí bliana? De réir mar a thuigim, tá na tascanna ranga ar fad sa tríú bliain chomh maith. Nach ionann sin agus cuid de na hábhair eile? An bhfuil na finnéithe in ann míniú a thabhairt ar sin?

An raibh costas cigireachta ag baint leis an scrúdú béil mar a bhí agus an raibh ar an Roinn cigirí a chur amach? Cén costas a bhain leis sin agus cén sábháil atá ann don Roinn Oideachais agus Scileanna nuair a bheidh an measúnú á dhéanamh sa scoil féin?

Dr. Harold Hislop

Is féidir linn na ceisteanna sin a fhreagairt. Tá an ceart ag an Seanadóir go ndéanfar CBA1 agus CBA2 sa tríú bliain. D'éirigh sé sin as na cainteanna a bhí idir an NCCA agus na múinteoirí roimh chur i bhfeidhm an tsiollabais. D'iarr roinnt mhúinteoirí ar an NCCA an féidir an CBA2, atá dírithe go hiomlán ar obair ó bhéal, a fhágáil go dtí deireadh na tríú bliana nó chomh gar agus is féidir go deireadh bhliain a trí, ionas gur féidir cumas labhartha na ndaltaí a fhorbairt ar feadh trí bliana in ionad é a dhéanamh, mar shampla, ag tús bliain a dó. Ghlac an NCCA leis an dearcadh sin agus chuir sé an chomhairle ar an Roinn gur fiú é sin a dhéanamh. Is difríocht amháin é sin idir an Ghaeilge agus an Béarla. Déantar CBA1 i mbliain a dó agus CBA2 i mbliain a trí sa Bhéarla. Ag éirí as ceisteanna agus as dúil na múinteoirí Gaeilge, déanadh an t-athrú sin. Ó thaobh chostas de, ní dhearnamar cigireacht ar na béaltrialacha ag leibhéal an teastais shóisirigh ar chor ar bith. Mar sin, níl aon sábháil airgid le fáil.

Dr. Harold Hislop

Ní raibh cigireacht á dhéanamh ag an SEC orthu ach oiread. Rinne siadsan a gcuid oibre ag leibhéal na hardteistiméireachta. Is múinteoirí amháin a rinne an scrúdú béil ag leibhéal an teastais shóisirigh. Arís, bhí cuid acu nach raibh sásta é a dhéanamh. Níor tharla sé do formhór na ndaltaí. Is athrú an-mhór é go mbeadh seans ag chuile dhalta a gcumas labhartha a thaispeáint agus go mbeadh sé ag an dteastas aige nó aici ag deireadh an lae.

Tá cúpla ceist agam féin. Is iontach go bhfuil na finnéithe anseo, ach tá rud éigin mícheart idir an teachtaireacht cheiliúrtha atá na finnéithe ag tabhairt inniu - is iontach an teachtaireacht í an Ghaeilge a cheiliúradh - agus an teachtaireacht a bhfuaireamar ó na múinteoirí.

Dr. Harold Hislop

Tá a fhios agam.

Tá rud éigin mícheart anseo. Dúirt sibh linn gur míthuiscint a bhí i gceist agus nár éirigh le na múinteoirí freastal ar na cúrsaí cearta. Ní dóigh liom gurb é sin an t-aon fáth. De réir mar a thuigim, dúirt na múinteoirí nach raibh comhairliúchán ceart i gceist, agus nuair a d'fhreastal siad ar chruinniú in Áth Luain, ní raibh sé ar an gclár oibre go mbeadh deireadh leis an scrúdú béil. Níl mise ag iarraidh dul isteach sna sonraí ach amháin le rá go ginearálta go dtagann an teachtaireacht a tháinig trasna ó na múinteoirí díreach salach ar an méid atá ráite ag na finnéithe inniu. Mar sin, tá lón machnaimh anseo, nach bhfuil? Tá lón machnaimh i gceist.

Dr. Harold Hislop

Tá.

Gabh mo leithscéal, tabharfaidh mé deis don fhinné. Tá sé deacair mo smaointe a chur le chéile. Is í sin an fhadhb dúinne anois. Cinnte, má théann muid ar ais go dtí na múinteoirí, déarfaidh siad linn nár tharla sé seo nó sin. Faraor, is é sin an rud atá tarlaithe. Is é an t-aon rud atá ag teastáil uainn ná ceiliúradh maidir leis an nGaeilge, ach ní hé sin an teachtaireacht a bhfuaireamar ó na múinteoirí. Sin rud amháin.

Thóg mé nóta ar leathanach a seacht den doiciméad. Bhí méadú suntasach ar líon na ndaltaí a rinne an scrúdú béil. D'ardaigh sé ó 26% go dtí 38%. Is rud iontach é sin. Bhí líon na ndaltaí á dhéanamh ag dul suas. Bhí an-suim acu sa scrúdú béil agus in é a dhéanamh. Is comhartha iontach é go raibh suim acu sa Ghaeilge.

Maidir leis an gcóras nua seo do na marcanna, "thar cinn", "eisceachtúil", agus araile, an mbaineann siad sin le na teangacha uilig, nó an mbaineann siad le mata chomh maith-----

Dr. Harold Hislop

Na hábhair ar fad.

Na hábhair ar fad. Go raibh maith agat. Fillfidh mé ar cheist a cuireadh maidir le mionteangacha. An bhfuil sé ceart breathnú ar Ghaeilge sa chaoi chéanna le na teangacha eile, go háirithe leis an stádas thar a bheith leochaileach atá aici sa tír seo, go háirithe sna scoileanna? Tá an cheist sin curtha cheana féin. Ba mhaith liom freagra a fháil uirthi arís. An bhfuil sé ceart breathnú uirthi sa chaoi chéanna?

Dr. Harold Hislop

B'fhéidir go dtógfaidh mise an ceann mar gheall ar-----

Gabh mo leithscéal. Tá ceist dheireanach agam maidir le hathbhreithniú. An mbeidh athbhreithniú i gceist leis an gcóras nua tar éis bliana, dhá bhliain nó trí bliana?

An mbeidh comhairliúchán i gceist? An bhfuil ciall cheannaithe againn anois maidir le córas comhairliúcháin ceart ionas nach mbeidh mí-thuiscint i gceist?

Dr. Harold Hislop

Tá brón orm gur chuir mé isteach ar an gCathaoirleach. Cheap mé go raibh sí críochnaithe leis an gceist. Níl aon dabht go bhfuil bearna eolais ann. Tá easpa eolais i measc mhúinteoirí mar gheall ar an nGaeilge. Níl an córas nua don Ghaeilge ach le teacht isteach i mí Mheán Fómhair. Níl sé tosnaithe sna scoileanna-----

Dr. Harold Hislop

Tosnóidh sé i mí Mheán Fómhair. Níor fhreastal níos mó ná leath de mhúinteoirí na tíre ar CPD ar bith a bhain leis an nGaeilge-----

Gabh mo leithscéal. Bhí na cúrsaí sin ar siúl tar éis don chinneadh a bheith déanta. An gearán a bhfuaireamar ná nach raibh comhairliúchán ar siúl roimh an gcinneadh, ní tar éis an chinnidh.

Dr. Harold Hislop

Tuigimse sin. Níl aon dabht go bhfuil mí-thuiscintí ann. Táimid ag bualadh le múinteoirí agus tá an mhí-thuiscint sin eatarthu. Ní thuigeann siad go mbeidh trí mharc ann. Ní bhfuair cuid mhaith de mhúinteoirí traenáil ar na pointí is bunúsaí den tsraith shóisearach toisc nár fhreastal siad ar an CPD ar feadh beagnach dhá bhliain go leith. D'fhreastal cuid acu ar an gcéad chuid den CPD ach ansin chuir an ASTI bac air agus níor fhreastal siad air. Tá bunphrionsabail ann, ar nós an bhéim atá ar an teanga labhartha, mar shampla, conas a n-oibríonn CBAs agus obair scríofa, agus go bhfuil trí mharc ann in ionad marc amháin. Níl an t-eolas bunúsach sin ag cuid mhaith de na múinteoirí. Tuigeann an JCT, nó an junior cycle for teachers, an t-ualach oibre a bheidh orthu an tuiscint sin a chothú i measc múinteoirí toisc go ndearna an ASTI cinneadh anois teacht isteach sa chóras agus é a chur i bhfeidhm.

Ó thaobh comhairliúcháin de, rinne an NCCA dhá bhabhta de chomharliúchán toisc gur athraíodh an plean ó shiollabas amháin go dhá shiollabas. Bhí dhá sheans ansin bheith páirteach sa chóras comhairliúcháin. Bhí sé ar líne, i bhfoirm scríbhinn, le fáil ag cruinnithe a d'eagraigh an NCCA agus i gcruinnithe a d'eagraigh COGG, muintir a bhaineann le cúrsaí Gaeilge, i gcomhairle leis an NCCA ar mhaithe le múinteoirí chomh maith. Ní raibh gach aon mhúinteoir ar aon intinn ag na comhairliúcháin. Ní bheinn ag súil lena leithéid. Bhí cúrsaí comhairliúcháin ann agus, cinnte, d'athraigh an NCCA agus an Roinn pointí an-mhóra dá bharr. Mar shampla, shocraíomar gan siollabas amháin a bheith againn, ach dhá cheann. Shocraíomar ar na CBAs a bheith i mbliain a trí in ionad bliain a dó agus a trí. D'athraigh siad freisin an bhéim ar an liosta litríochta atá ann. Tá i bhfad níos mó le léamh agus-----

So ag eascairt as an gcóras comhairliúcháin, bhí athruithe i gceist.

Dr. Harold Hislop

Bhí, agus athruithe bunúsacha.

Okay. An raibh sé i gceist ag an Roinn ag tús an phróisis seo deireadh a chur leis an scrúdú béil? Nuair a chuaigh an Roinn amach i mbun comhairliúcháin le na múinteoirí, an raibh sé ar an gclár oibre deireadh a chur leis an scrúdú béil?

Dr. Harold Hislop

Cuirfidh mé mar seo é. Ón gcéad lá, bhí sé scríofa sna dréachtanna go mbeadh an measúnú ar obair ó bhéal déanta taobh istigh de CBA sna scoileanna agus nach mbeadh ócáid amháin i gceist, ach níos mó ná sin. Bhí sé sin scríofa sna doiciméid in 2013 agus arís in 2015. Tá a fhios agam go ndúirt múinteoirí nach raibh sé scríofa sna doiciméid, ach bhí.

Ó mo thuiscint agus ón méid a chuala mise, ní raibh sé ar an gclár oibre ón tús, ní raibh an cinneadh sin déanta le cur os comhair na múinteoirí ón tús agus tharla sé áit éigin le linn an phróisis. Is é sin an chaoi nach raibh na múinteoirí ar an eolas.

Dr. Harold Hislop

Ní ghlacaim leis sin.

Ní ghlacann an Roinn leis sin.

Dr. Harold Hislop

No. Is féidir linn na doiciméid a thaispeáint don choiste.

Bhí ceist maidir leis an athbhreithniú freisin.

Dr. Harold Hislop

Tá sé i gceist gach ábhar a chur faoi athbhreithniú nuair atá scata de dhaltaí imithe tríd an gcóras. Tógfaidh sé sin trí bliana. Tá scata daltaí ag dul isteach sa chóras anois agus déanfar athbhreithniú ar an nGaeilge trí bliana amach anseo nuair atá an cúrsa trí bliana déanta ag an dream sin. Beidh fianaise le fáil ansin ar conas gur éirigh leo agus conas gur éirigh le measúnaithe éagsúla. An raibh ceist mar gheall ar an stádas agus an Ghaeilge?

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Luadh an Ghaeilge agus an féidir linn caitheamh léi mar a chaitheann muid le haon teanga eile. Mar atá ráite anseo cheana inniu, tá an Ghaeilge ar stádas níos airde toisc go bhfuil dhá shonraíocht éagsúla ar fad anois aici don gcéad uair ag leibhéal na sraithe sóisearaí. Iarrann ceann acu ar dhaltaí scoileanna T1 an bhfuil an Ghaeilge foghlamtha acu, an bhfuil siad á sealbhú agus á deimhniú, an bhfuil tuiscint acu uirthi, an bhfuil siad á saibhriú ina gcuid úsáide den teanga agus an bhfuil siad á n-ullmhú le bheith gníomhach ina gcuid pobal teanga féin. Tá an-bhéim ar sin sna sonraíochtaí.

Sa tsonraíocht T2 chomh maith, tá béim ar an bpobal teanga. B'fhéidir go mbeidh an pobal teanga sa chás sin teoranta go leor don mhúinteoir ranga. Sin i gcás scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla. Aithníonn an tsonraíocht do T1 go háirithe agus forbraíodh é i gcomhthéacs polasaí i bhfad níos leithne mar a bhaineann sé leis an dtír seo ná na sonraíochtaí do theangacha eile. Tugadh san áireamh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, Acht na Gaeltachta agus an polasaí don oideachas Gaeltachta. Tá sé mar aidhm dhaingin den tsonraíocht go gcabhróidh sé leis na scoláirí cabhrú lena bpobal teanga an teanga a chaomhnú agus a athbheochan chomh maith.

Maidir leis an measúnú, is iad na bunphrionsabail céanna a bhaineann le dea-chleachtais measúnaithe teanga, is cuma an mionteanga nó an teanga forleathan atá i gceist. Tá sé sin á chur i bhfeidhm againn i gcás na Gaolainne chomh maith.

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh teacht isteach? Ba mhaith liom soléiriú a fháil maidir leis an mbeirt léachtóir breise sa choláiste i dtaca leis an máistreacht agus an BA. Ansin beidh mé críochnaithe.

Fad is atá na finnéithe anseo, maidir le polasaithe, tá a fhios ag an bhfinné go bhfuil pleananna teanga á ullmhú ar fud na tíre. B'fhéidir nach bhfuil an finné ag iarraidh aon rud a rá, ach ba mhaith liom ceist a chur maidir le Gaillimh go háirithe. Sheol an tAire Stáit an plean teanga i Maigh Cuilinn i gContae na Gaillimhe le déanaí. As ceithre scoil, d'fhágadh trí cinn taobh amuigh den phlean teanga. Ní raibh siad ag iarraidh aon pháirt a ghlacadh ann. Níl i gceist sa phlean ach bunscoil amháin.

Dr. Harold Hislop

Taobh istigh den phleanáil teanga, an ea?

Dr. Harold Hislop

Ní raibh a fhios agam sin.

Buíochas le Dia, tá pleanáil teanga ann anois agus sheol an tAire Stáit é, ach ní raibh trí bhunscoil sa cheantar ag iarraidh dul isteach ann.

Dr. Harold Hislop

Ní raibh a fhios agam faoi sin. Ní féidir liom é a-----

Okay. Go teoiriciúil, is í seo an fhadhb maidir le pleanáil teanga, nach í? B'fhéidir nach mbaineann-----

Dr. Harold Hislop

Taobh istigh den pholasaí don tumoideachas Gaeltachta agus an scéim aitheantais do scoileanna Gaeltachta-----

Dr. Harold Hislop

Mar cheann amháin de na conditions nó pointí de sin, is gá don scoil a bheith páirteach sa phróiseas pleanála teanga. Fad is atáimid ag caint faoi, bhí léiriú spéise de bheith páirteach sa scéim aitheantais le cur isteach roimh dheireadh na míosa seo. Is é Dé hAoine an sprioclá anois. Go dtí seo ar aon nós, tá níos mó ná 80% de na bunscoileanna tar éis léiriú spéise a chur isteach agus-----

Sin 80% den fhigiúr iomlán.

Dr. Harold Hislop

S'ea, ó thaobh scoileanna sa Ghaeltacht. Tagann ceann nó dhó isteach gach lá. Is é an Aoine an spriocdháta. Tá léiriú spéise curtha isteach ag 95% de na meánscoileanna.

Bhíomar ag iarraidh an soláthar múinteoirí a threisiú. Ionas gur féidir le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh tuilleadh múinteoirí a chur tríd an gcúrsa, thug an Roinn cead don ollscoil beirt léachtóirí sa bhreis a fhostú. Cuireadh daoine faoi agallamh an tseachtain seo caite agus tá beirt le ceapadh.

Maidir leis an máistreacht-----

Dr. Harold Hislop

Tá próiséas tendering - tairisceana, b'fhéidir, an focal atá uaim - ar siúl. Caithfimid iarraidh ar na hinstitiúidí ardleibhéal ar mhaith leo BEd nó máistreacht a chur ar siúl. Beidh an cúrsa máistreachta ar fáil do mhúinteoirí agus príomhoidí atá ag gníomhú i scoileanna faoi láthair. Beidh an BEd ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh a bheith ina múinteoirí bunscoile.

Sin é, is dócha. Gabhaim buíochas leis an triúr finnéithe.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ag a 7.15 p.m. go dtí a 5 p.m. ar an Máirt, 11 Iúil 2017.
Top
Share