Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán debate -
Tuesday, 11 Jul 2017

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

Cuirim fáilte roimh an toscaireacht ó RTE. Tá rud le léamh amach ag an chléireach maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh 2009. Is dócha go bhfuil an-taithí ag an toscaireacht ar an Acht.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, siad faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó le hoifigeach, ina ainm nó ina hainm ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Os ár gcomhair tá Joe Reddington Uasal, leas-phríomheagarthóir nuachta, Rónán Mac Con Iomaire Uasal, grúpcheannasaí Gaeilge, agus Gearóid Mac Donncha Uasal, leas-cheannaire, Raidió na Gaeltachta. Cuirim fáilte rompu. Tá daoine ag teacht agus ag imeacht. Níl siad drochmhúinte ach tá brú orthu maidir le cruinnithe eile. Sin an fhadhb i gcónaí. Tá siad sa Dáil freisin. Tá sé deacair an dá thrá a fhreastal.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus an coiste as an gcuireadh teacht os a chomhair. Tá athruithe suntasacha curtha i gcrích ag RTÉ le dhá bhliain anuas ó thaobh ár gcur chuige i leith na Gaeilge, agus é mar fheidhm againn go mbeadh an Ghaeilge fite fuaite i ngach a dhéanann muid, seachas í bheith fágtha go príomha faoi chúram ár gcuid seirbhísí Gaeilge amháin.

Sular seoladh plean mheáin Ghaeilge RTÉ in 2015, ní raibh polasaí Gaeilge ag RTÉ. An rud a deineadh, nó nár deineadh, i leith na Gaeilge, tharla sé ar bhonn seirbhísí tiomanta Gaeilge, agus ba mhinic gur tharla sé ar bhonn ad hoc. Le polasaí comhtháite anois, agus plean leis an bpolasaí sin a chur i bhfeidhm, níl seo amhlaidh níos mó. Is cur chuige nua i leith na Gaeilge in RTÉ atá i gceist leis an bplean meáin Ghaeilge - cur chuige trína bhféachtar leis an obair a dhéantar trí Ghaeilge a thabhairt amach thar thairseach rannóga gnó faoi leith agus í a bheith níos forleithne, seachas í a fhágáil mar chúram orthu siúd atá fostaithe i seirbhísí Gaeilge RTÉ amháin.

Tá an plean á chur i bhfeidhm agus tá muid airdeallach ar na míreanna éagsúla reachtaíochta a leagann amach dualgais RTÉ i leith na Gaeilge: an tAcht Craolacháin 2009, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus ar ndóigh, cé nach Acht atá i gceist, straitéis 20 bliain an Rialtais don Ghaeilge. Féachann muid, inár gcur chuige nua, le haghaidh a thabhairt ar níos mó ná dualgais reachtaíochta amháin. Ní hamháin gur cuid d'oidhreacht agus de chultúr na tíre an teanga, is gnáthchuid den saol laethúil í ag na mílte daoine in Éirinn. Is cuid lárnach den dualgas a leagtar ar RTÉ léiriú a thabhairt ar shaol na hÉireann trí sheirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Feiceann muid sin ní mar dhualgas a chaithfear a chomhlíonadh ach mar dheis atá le tapú.

Tá an Ghaeilge ar cheann de na tréithe sainiúla a bhaineann le RTÉ. Tá sí ar cheann de na gnéithe a idirdhealaíonn RTÉ ó na seirbhísí a bhfuil muid in iomaíocht leo maidir le lucht féachana agus éisteachta, ní hamháin i measc seirbhísí tráchtála raidió agus teilifíse in Éirinn féin, ach i measc na scórtha branda ilnáisiúnta atá i mbun iomaíochta le meáin chumarsáide na hÉireann.

Deis eile í an Ghaeilge ó thaobh meon dearfach a chothú i leith an bhranda, go háirithe i measc na n-aoisghrúpaí óga is tábhachtaí, chomh maith le luach breise tráchtála a chruthú, mar is léir ó thaighde atá déanta ag leithéidí Millward Brown, Ipsos MRBI, Forfás agus eile.

Cé go bhfuil beagnach 100 gníomh sa bplean, tá an sprioc foriomlán níos suntasaí ná na gníomhartha aonaracha, sé sin go mbeadh an Ghaeilge fite fuaite go nádúrtha i ngach a dhéanann RTÉ, agus gur gnáthrud a bheadh ann in Éirinn an Ghaeilge a chloisteáil ar na tonnta náisiúnta agus ar sheirbhísí seachas díreach RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4 amháin. I measc na ngníomhartha is mó a bhfuil aird an phobail tarraingthe acu go dtí seo, tá an rogha tráchtaireachta in dhá theanga ar chluichí Chumann Lúthchleas Gael, CLG, agus cluichí sacair chraobhacha na hEorpa, an t-ardú atá tagtha ar úsáid na Gaeilge i bhfógraí leanúnachais ar RTÉ One agus RTE2, agus an úsáid rialta a bhaintear as an nGaeilge ar chuntais meán shóisialta RTÉ.

I measc na ngníomhartha eile atá imithe i bhfeidhm go dearfach ar an bpobal ó seoladh an plean tá úsáid an leagan Gaeilge de logainmneacha Gaeltachta ar fheasacháin nuachta Béarla, feasacháin nuachta Gaeilge ar Radio One á gcraoladh anois ar bhuille na huaire seachas ag amanna eile ar an gclog, suíomh Idirlín faoi leith cruthaithe don Ghaeilge, agus táirgí nua digiteacha ar nós An Seinnteoir Raidió agus aipeanna agus suíomhanna Idirlín Gaeilge Saorview.

Fuair leagan Gaeilge d’amhrán Ed Sheeran, Thinking Out Loud, a sheol 2fm agus Conradh na Gaeilge mar chuid d’albam lán-Ghaeilge, clúdach domhanda. Lean an fócas ar dhaoine óga nuair a d’fhorbair muid cúrsa i nGaeilge sna meáin atá reachtáilte dhá bhliain as a chéile anois, a bhí dírithe ar dhaltaí idirbhliana ar fud na tíre, agus a bhí lonnaithe i nGaeltacht Chonamara agus eagraithe i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh. Go deimhin, tá 2fm mar chuid lárnach den idirghníomhaíocht leis an bpobal níos óige, le cláracha agus brandáil dátheangach mar chuid de chur chuige nua na seirbhíse.

Tá muid tar éis cur leis an méid Gaeilge a bhíonn againn ar an teilifís freisin, ag úsáid meascán de chláir ón earnáil neamhspleách, chomh maith le hábhar atá cruthaithe ag ár rannóg inmheánach teilifíse Gaeilge, agus méadú de 25% ar an méid Gaeilge a chraol muid le bliain anuas. Tá sé tábhachtach a thabhairt le fios go bhfuil tionchar mór ag na cláracha sin. Meallann cláracha Gaeilge ar RTÉ lucht féachana de breis agus 200,000 duine ar bhonn rialta, agus le cois 300,000 duine ó am go chéile, figiúirí suntasacha i bhfianaise an athrú atá tagtha ar nósanna féachana teilifíse sa lá atá inniu ann. Tá cinneadh tógtha againn freisin cláracha Gaeilge a bhogadh amach as amanna sceidealaithe traidisiúnta nuair a oireann sin. Is sampla de seo é an tsraith a bhí againn le gairid, "GAA Nua", a chraol muid ar RTE2 tar éis "The Sunday Game", rud a bheadh neamhghnách san am atá caite.

Sa gcéad bhliain den phlean gnímh, chraol muid os cionn 118 uair an chloig de theilifís Ghaeilge ar RTÉ One agus RTE2, thug muid faoi bheagnach 1,000 fógra leanúnachais as Gaeilge, chraol muid 140 uair an chloig de theilifís do leanaí i nGaeilge ar RTEjr, agus sheol muid amach os cionn 10,000 tvuít i nGaeilge ar fud ár gcuntais éagsúla.

Go deimhin, is cuid lárnach de phlean Gaeilge RTÉ é an cur chuige digiteach, agus tá muid ag obair go dlúth leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ó thaobh ghnéithe den phlean a bheith ag teacht le spriocanna digiteacha straitéis 20 bliain an Rialtais don Ghaeilge. In ionad bheith ag cruthú seirbhísí ar líne i nGaeilge a bheadh scoite amach ónár gcuid táirgí digiteacha eile, tá muid ag baint triail as cur chuige nua - an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh. Mar shampla, nuair a sheol muid seirbhís nuachta Gaeilge ar líne, chuir muid isteach í i gceann de mhór-sheirbhísí nuachta ar líne na hÉireann, News Now, seachas suíomh nó aip ar leith a fhorbairt di. Tá toradh ar sin. Tugadh cuairt ar leathanaigh nuachta ar News Now 3.5 milliún uair le linn na chéad bhliana den phlean mhéain Gaeilge a bheith in áit.

Tá an cur chuige céanna againn i dtaobh na meán sóisialta de. In ionad cuntas ar leith Gaeilge a chruthú ar Twitter, dhírigh muid ina ionad sin ar an bpríomhchuntas atá ag RTÉ agus ar an mbeagnach 500,000 leantóir atá againn. I gcaitheamh an lae, meascann muid na tvuíteanna i mBéarla le tvuíteanna i nGaeilge, le go mbeadh sé ina rud nádúrtha anois teacht ar tvuít i nGaeilge ar d’amlíne Twitter.

Gabh mo leithscéal. An bhfuil an córas aistriúcháin ag cur isteach ar an Uasal Mac Con Iomaire? Tá sé ag cur isteach orm. An bhfuil sé ag feidhmiú?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Tá sé múchta anseo againn.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Nílim in ann é a chloisteáil. Tá an volume curtha síos ar fad anseo.

Clerk to the Committee

Ba chóir don Uasal Mac Con Iomaire é a tharraingt amach.

Go raibh míle maith agat. Gabh mo leithscéal. Ar mhiste leis an Uasal Mac Con Iomaire leanúint ar aghaidh?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Mar a bhí mé ag rá ó thaobh ábhair Gaeilge a meascadh le hábhair Béarla sna meáin shóisialta, tá an rud céanna déanta againn le cuntais meán sóisialta eile agus tá an t-aiseolas atá faighte go dtí seo againn thar a bheith dearfach. Tagann sé i dtír ar an dearfacht i leith na teanga a fheiceann muid go háirithe i measc an leath is óige den daonra. Ní fheictear é mar idirghabhálachas ná tada dá shórt ó thaobh RTÉ de, agus ina bhealach féin, déanann sé an Ghaeilge a normalú trí tvuíteanna i nGaeilge ó RTÉ a bheith ag teacht aníos ar amlíne an duine, fiú muna bhfuil sé nó sí ag leanúint cuntais i nGaeilge. Is cuid laethúil í an Ghaeilge i saol an duine sin anois ar bhealach nach raibh amhlaidh roimhe seo.

Tá suíomh Idirlín nua Gaeilge seolta le gairid againn mar chuid de RTÉ.ie, ach seachas bheith ag dul chomh fada le RTÉ.ie/gaeilge, agus chuige sin amháin chun teacht ar ábhar Gaeilge ar líne, tá an fhealsúnacht a bhaineann leis an "fite fuaite" sin curtha i bhfeidhm ansin freisin againn. Tá ábhar ón suíomh Gaeilge foilsithe i rannáin ábhartha eile ar RTÉ.ie. Mar shampla, i measc na n-altanna i mBéarla ar RTÉ Culture nó RTÉ Lifestyle, tiocfar anois ar altanna i nGaeilge measctha tríothu. Díreach an tseachtain seo caite, sheol muid sraith nua podchraoltaí, "Beo ar Éigin". Is rud úrnua é seo don Ghaeilge mar gur podchraoltaí digiteacha amháin iad, seachas iad bheith craolta ar an raidió roimhré. Táimid ag iarraidh a bheith ag teacht i dtír ar na hathruithe faoi nósanna éisteachta.

Ag úsáid mo ról mar ghrúpcheannasaí Gaeilge, tá muid tar éis cur lenár n-idirghníomhaíocht le pobal labhartha na Gaeilge agus le heagrais Ghaeilge. Feiceann muid an tábhacht a bhaineann le bheith ag gníomhú i gcomhar le páirtithe leasmhara seachtracha, agus tá muid ag obair go dlúth le heagrais Ghaeilge agus le hinstitiúidí oideachais. Tá muid ag obair le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh maidir le hionad barr feabhais i dtraenáil na meán a fhorbairt, chun todhchaí an tionscail trí Ghaeilge a chinntiú. Is dúshlán é do chraoltóireacht na Gaeilge daoine cumasacha a bhfuil tuiscint sna meáin agus líofacht sa teanga acu a fhorbairt, agus is rud é sin a bhfuil uainn a chinntiú don am atá amach romhainn, i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh agus le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Dúshlán eile atá againn is ea ár gcuid lucht éisteachta agus lucht féachana Gaeilge a aithint agus idirdhealú a dhéanamh idir riachtanais éagsúla na ngrúpaí sin, le gur féidir linn freastal orthu ar an mbealach is fearr.

Chuige sin, táimid ag obair i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh agus le TG4 maidir le togra taighde lucht éisteachta, ionas gur féidir linn teacht a bheith againn ar na sonraí a bhaineann le riachtanais lucht éisteachta agus lucht féachana Gaeilge dár gcuid seirbhísí craolta agus seirbhísí ar líne, ag freastal go sonrach freisin ar riachtanais sonraí éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bhí easnamh ann sa chomhthéacs sin go dtí seo.

Sa mhullach ar dhúshláin ar nós lucht éisteachta agus forbairt foirne, tá dúshláin shuntasacha againn mar eagraíocht mheáin sheirbhíse poiblí a bhaineann le maoiniú agus le bunchloch airgeadais a chinntiú don todhchaí. Go dtí seo, cuireadh plean mheáin Ghaeilge RTÉ i bhfeidhm ar bhealach thar a bheith éifeachtach ó thaobh costais de. Baineadh go leor tograí amach trí úsáid a bhaint as acmhainní atá againn cheana féin agus trí thabhairt faoi chomhpháirtíochtaí. Tá sé léirithe go soiléir ag RTÉ ó seoladh ár bplean Gaeilge go bhfuilimid in ann tionchar suntasach a bheith againn ar an nGaeilge, ar normalú na teanga i sochaí na hÉireann agus ar thodhchaí na teanga mar theanga bheo. Agus é sin á thabhairt san áireamh, creideann muid go bhféadfadh muid tionchar níos mó fós a bheith againn ar an teanga ach na hacmhainní cuí a bheith againn. Sampla de chomhcheangal éifeachtach idir ábhar s'againne agus comhpháirtíocht is ea togra atá ar bun againn i gcomhar le hOllscoil Uladh maidir le táirge digiteach a chruthú ag úsáid an ábhar atá againn cheana chun Gaeilge líofa a chur ar chluasa éisteoirí raidió nach bhfuil líofa, agus sin a úsáid mar chuireadh chun éisteachta lenár gcuid príomhsheirbhísí Gaeilge. Táimid ag obair leo freisin ar thogra neamhghnách a bhaineann le fotheidil ar raidió. Táimid ag obair ar leagan nua Gaeilge den RTÉ Player, chomh maith le lár-ionad a chruthú ar an RTÉ Player d’ábhair i nGaeilge. Tá muid ag obair ar thogra eile a fhágfaidh go mbeifear in ann an chéad leagan eile de Saorview ar do theilifís a fháil go hiomlán trí Ghaeilge.

Déanann RTÉ níos mó ná €24 milliún in aghaidh na bliana a infheistiú i seirbhísí agus in ábhar clár Gaeilge. Tá dhá ghné lenár gcur chuige, mar a luaigh mé ar ball beag. Déanann muid soláthar ar chroí-sheirbhísí Gaeilge ar nós RTÉ Raidió na Gaeltachta, nuacht, cláracha Gaeilge agus www.rte.ie/gaeilge, chomh maith lena chinntiú go bhfuil an Ghaeilge fite fuaite trínár gcuid seirbhísí éagsúla. Táimid ag féachaint ar thógáil tuilleadh ar ár gcur chuige i leith na Gaeilge. Táimid i mbun comhráite le TG4 maidir le cur chuige nua, suntasach agus dearfach. Fágfaidh an caidreamh nua seo go mbeimid in RTÉ in ann tabhairt faoinár ndualgais uair an chloig in aghaidh an lae a sholáthar, de réir an Acht Craolacháin, ar bhealach a bheidh níos tairbhí do TG4. Tá muid ag féachaint ar bhealaí freisin inar féidir linn cuidiú cur le feiceálacht TG4, ag úsáid ár gcuid ardán craolta agus ar líne. Feiceann muid seo mar dheis shuntasach an Ghaeilge a chur chun cinn tuilleadh, trí bheith ag obair níos gaire dá chéile. D’fháilteodh muid roimh an deis filleadh ar an gcomhchoiste seo, i gcomhar le TG4, san am atá amach romhainn nuair atá an comhoibriú feabhsaithe seo forbartha agus aontaithe ina iomláine.

Beidh fáilte romhaibh ar ais.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Go raibh maith agat.

Caithfidh mé a rá go bhfuil suntas tugtha agam le bliain anuas do na hathruithe beaga atá luaite ag an Uasal Mac Con Iomaire. B'fhéidir go mbíonn muid ag súil le hathruithe móra uaireanta, ach tá sé go deas ar bhealach na rudaí beaga fite fuaite a fheiceáil freisin. Níl ann ach Cormac Ó hEadhra ó am go chéile ag cur fáilte roimh daoine i nGaeilge ar chlár Seán O'Rourke ag a deich a chlog ar maidin. Is maith an rud é sin agus ba cheart go mbeadh a leithéid níos normalaithe tríd an tseirbhís uilig. Agus é sin ráite, ba mhaith linn mar Ghaeilgeoirí tuilleadh a fheiceáil ó thaobh na Gaeilge de. Molaim an obair atá ar bun agus molaim go gcuirfear leis. Cé mhéad duine in RTÉ ar fad, go ginearálta mar eagraíocht, atá inniúil sa Ghaeilge? Cé mhéad duine atá ar údarás RTÉ a bhfuil Gaeilge líofa acu agus a bheadh in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge? Cé mhéad duine atá san ardbhainistíocht ag an bpointe seo a bhfuil Gaeilge líofa acu agus a bheadh in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge?

Is ábhar imní é go bhfuil ráfla ann go n-úsáidfear sciar mhaith den airgead a thiocfaidh ón stráice mór talún átá á dhíol amuigh i nDomhnach Broc le scaoileadh le 250 duine as RTÉ. Tá amhras ann go mbeidh cuid mhaith Gaeilgeoirí ag iarraidh bealach a dhéanamh amach an doras agus pacáiste ina bpócaí acu. An mbeidh aon chosaint ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge sa chomhthéacs sin? An mbeidh céatadán leagtha síos chun teorainneacha a chur ar líon na ndaoine sna rannóga éagsúla a ligfear dóibh imeacht? Nuair a bhí daoine ag imeacht as an HSE, mar shampla, d'imigh cuid den dream is tábhachtaí a bhí ag teastáil sa tseirbhís - na dochtúirí agus na banaltraí ar an túslíne - seachas an dream nach mbeadh an oiread sin gá leo ar an taobh bainistíochta. An bhfuil aon bhealach ag RTÉ cosaint a dhéanamh ar na seirbhísí Gaeilge i dtreo is nach gcaillfear an tallann agus an cumas atá bailithe le chéile san eagraíocht? Ní chóir go n-imeodh daoine as Raidió na Gaeltachta nó as Nuacht TG4. Ní cheart go mbeadh aon maolú ar ardchaighdeán na gcláracha atá curtha i láthair trí mheán na Gaeilge. Conas is féidir le RTÉ é sin a chosaint?

Cé mhéad folúntais atá i Raidió na Gaeltachta, seirbhís a bhfuil an-mheas againn ar fad air? Tugann Raidió na Gaeltachta léargas an-mhaith ón iarthar - ach ar bhealach náisiúnta - ar chúrsaí nuachta a bheadh éagsúil, b'fhéidir, do Dhomhnach Broc. Tuigim go bhfuil riar mhaith folúntas san fhoireann i láthair na huaire. Cé mheád folúntais atá i gceist? Cén pleananna atá ag RTÉ leis an bhfolúntas atá i gceannasaíocht Raidió na Gaeltachta i láthair na huaire a líonadh? An bhfuil daoine le n-imeacht ar scor as seo go ceann bliana? Má tá, cá bhfágfaidh sé sin RTÉ ó thaobh na seirbhíse de?

Bhíomar ag caint faoi chothromaíocht ó thaobh na Gaeilge agus an Bhéarla de. Luaigh an tUasal Mac Con Iomaire an aip News Now. Is deas an rud é an nuacht a fheiceáil ar a leithéid de sheirbhís. An bhfuil údar ar bith nach bhfuil "nuacht" in aice le "news" ar an aip sin? Ba cheart go mbeadh an stádas céanna i gceist ar an aip. Mholfainn gur cheart go mbeadh na naisc le haghaidh "news" agus "nuacht" le chéile agus tús áite acu ar leithéidí "sport", "lifestyle" agus na rudaí eile síos an líne. Bheadh sé soiléir ansin go bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt don Ghaeilge sa chomhthéacs seo. I gcomparáid leis na seirbhísí digiteacha Béarla in RTÉ, cé mhéad duine atá ag obair sna seirbhísí digiteacha Gaeilge sa chraoltóir? Ó am go chéile, tugaim faoi deara go mbíonn an aip tanaí ó thaobh nuachta ag an deireadh seachtaine. B'fhéidir nach bhfuil daoine ag obair sa chuid Gaeilge den tseirbhís seacht lá sa tseachtain, nó nach bhfuil na huaireanta céanna i gceist. Cén fáth an bhfuil an t-easnamh seo feiceálach? Conas is féidir é a réiteach?

Tá athruithe móra tagtha ar Nuacht TG4 le riar blianta anuas. Lena gceart a thabhairt dóibh siúd atá bainteach leis, cuireann siad an-seirbhís ar fáil. Tá ardmholadh ag dul go dtí an fhoireann ar fad. Is fiú a rá go bhfuil na hiriseoirí lena chasann muid anseo sna Tithe ar ardchaighdeán agus thar a bheith cumasach. Tá an-mholadh ag dul leo. An bhfuil líon na bhfoirne i Nuacht TG4 imithe síos le cúig bliana anuas? Céard é an laghdú foirne a tháinig le cúig bliana anuas? Ar tharla an rud céanna ó thaobh na nuachta Béarla? An bhfuil líon na bhfoirne in oifig na nuachta Béarla imithe síos ar an gcaoi céanna nó an bhfuil sé imithe suas? An féidir leis na finnéithe comparáid a dhéanamh? An bhfuil an t-aschur nuachta méadaithe nó laghdaithe le cúig bliana anuas? Céard iad na pleananna forbartha atá i gceist do Nuacht TG4, go háirithe, agus do Raidió na Gaeltachta? Fágfaidh mé an méid sin leis na finnéithe faoi láthair. Is minic a gcuireann an Cathaoirleach srian orm nuair a thagaim go dtí mo dheichiú ceist.

Níor chuir mé aon srian ar an Seanadóir.

Níor chuir, fós. De ghnáth buaileann tú an cloigín nuair a thagaim go dtí an deichiú ceist.

Tá deich gceist ar a laghad curtha ag an Seanadóir.

Deich gceist go díreach.

Is féidir leis an Seanadóir teacht ar ais.

Go raibh míle maith agat.

Tá súil agam go dtabharfar freagra ar gach ceist.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

B'fhéidir go mbeidh an tUasal Reddington agus an tUasal Mac Donncha in ann cuid de na ceisteanna a bhaineann go sonrach le Raidió na Gaeltachta agus le Nuacht RTÉ a fhreagairt.

D'iarr an Seanadóir orainn cé mhéad daoine in RTÉ a bhfuil Gaeilge acu. Nuair a rinne muid suirbhé ar an bhfoireann, thug siad le fios go bhfuil líofacht sa teanga ag 23% acu, go bhfuil Gaeilge bhunúsach ag 45% acu agus go bhfuil 16% dóibh ag leibhéal comhrá. Ní fhéadfainn a rá go cruinn cé mhéad duine ar údarás nó bord RTÉ a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Tá tuiscint na Gaeilge ag roinnt den bhainistíocht shinsearach ar an mbord bainistíochta. Déarfainn go bhfuil Gaeilge líofa ag duine amháin ar an mbord sin.

Cé mhéad duine a bheadh san ardbhainistíocht?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Tá athrú struchtúir ann i láthair na huaire. Seachtar a bhí ann, ach tá athruithe róil ann faoi láthair. Tá roinnt folúntais ann nach bhfuil líonta.

Duine amháin as seachtar a bheadh líofa.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Déarfainn nach mbeadh sé sin míchruinn.

An bhfuil aon duine agaibhse ar an mbord sin?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

No. Ós rud é go bhfreagraím don phríomhstiúrthóir, tá inchur agam go díreach leis an bpríomhstiúrthóir.

Tá sé sin ceart go leor, ach níl aon duine agaibhse ar an mbord bainistíochta.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Nílimid ar an mbord bainistíochta.

Is é sin an bord is tabhachtaí.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Is ea.

Tiocfaidh mé ar ais chuig an bpointe sin.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Chuir an Seanadóir ceist orm faoin gcosaint ar sheirbhísí Gaeilge atá i gceist i gcomhthéacs pacáistí iomarcaíochta, srl. Ba cheart dom a rá i dtosach báire go bhfuil saghas míchinnteacht ann ó thaobh cé mhéad duine a chuireann isteach ar iomarcaíocht agus na réimsí ina gcuireann daoine isteach air. Mar a thuigim, nuair a bheidh na pacáistí iomarcaíochta ann, tá sé i gceist go ndéanfar an iomarcaíocht a dháileadh amach go cothrom trasna na rannóg uilig, sa chaoi nach mbeidh aon sheirbhís ar leith níos buailte ná aon sheirbhís eile. Níl aon cheist faoi ach go bhfuil RTÉ ar tí dul tríd athruithe suntasacha. Tá sé tugtha le fios go mbeidh an t-eagraíocht níos lú. Mar a dúirt an Seanadóir, tuigtear go bhfuil tuairim is 250 post le himeacht. Beidh roinnt daoine á n-earcú, ach ní mórán é.

An mbeidh cineál cúóta trasna an bhoird i gceist ó thaobh na rannóg éagsula?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Is é sin an tuiscint atá agam. Tá sé i gceist go mbeidh cothromaíocht trasna na heagraíochta sa chomhthéacs seo. Iarraim ar an tUasal Mac Donncha focal nó dhó a rá faoi na folúntais i Raidió na Gaeltachta.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Luaigh an Seanadóir post an cheannaire i dtús báire. Tá an struchtúr bainistíochta reatha ag feidhmiú i Raidió na Gaeltachta ó bhí 2002 ann. Ós rud é go bhfuil an saol athraithe chomh mór ó shin - an saol go ginearálta, saol na Gaeilge, cúrsaí teicniúla, earnáil an raidió, srl. - táimid ag breathnú ar an struchtúr bainistíochta atá againn faoi láthair le go bhfeicfimid an bhfuil sé chomh héifeachtach agus gur féidir leis a bheith agus gur cheart dó a bheith. Mar sin, tá coiste bunaithe idir bhainistíocht Raidió na Gaeltachta agus na bainisteoirí atá ag feidhmiú in raidió RTÉ. Táimid ag breathnú ar na háiteanna is mó ina bhfuil cúnamh ag teastáil agus ina gcaithfear athruithe a dhéanamh, bunaithe ar an athbhreithniú ar an struchtúr bainistíochta atá againn. Tá súil agam go dtiocfaidh roinnt athruithe ansin, ach níl mé cinnte fós céard go díreach a bheidh ann. Sula mbeidh an próiseas sin tagtha chun críche, beidh deis ag an mbainistíocht, ag an bhfoireann agus ag daoine eile a bhfuil suim acu sa ról a gcuid a rá agus tionchar a imirt ar an bpróiseas. Is ina dhiaidh sin go bhfógrófar é agus go gceapfar ceannaire arís.

Cén scála ama atá i gceist leis an bpróiseas sin?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Níl scála ama luaite leis ag an bpointe seo, ach táimid ag súil go mbeidh sé déanta as seo go ceann ceithre nó cúig mhí. Tá sé i gceist cinnte go mbeidh ceannaire ag feidhmiú roimh an Nollaig. Tá mé ag feidhmiú mar cheannaire gníomhach faoi láthair. Ní hé nach bhfuil ceannaire ag Raidió na Gaeltachta.

Ó thaobh na bhfolúntas i Raidió na Gaeltachta, beidh beirt - duine atá ag obair go lánaimseartha agus duine eile atá ag obair go páirtaimseartha - ag éirí as a bpoist as seo go deireadh na bliana seo. Tá sé i gceist againn iarratas a dhéanamh go dtiocfadh daoine i gcomharbacht ar na fostaithe sin. Beidh an cinneadh sin bunaithe ar an gcás gnó a bheidh le scríobh againn. Is dócha go mbeidh orainn cruthúnas a thabhairt go dteastaíonn duine éigin in áit an té atá ag imeacht.

An bhfuil an tUasal Mac Donncha dóchasach faoi sin, ag tógáil san áireamh go bhfuil 250 duine le leagan amach san eagraíocht ar fad?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Nuair a d'imigh beirt ó Bhaile na nGall le bliain anuas, tháinig beirt eile ina n-áit siúd. D'éirigh linn sa dá chás deireanacha a bhí againn. Bheinn dóchasach.

Mr. Joe Reddington

Labhróidh mé faoi chúrsaí nuachta. Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as ucht an moladh a thug sé d'fhoireann na nuachta timpeall an Oireachtais agus in áiteanna eile. Níl mé 100% cinnte cén bhealach ina ndéantar an dáileadh ar ord na n-earnálacha éagsúla taobh istigh den aip News Now. Más mian leis an Seanadóir go bhfaighinn an t-eolas sin, is féidir liom an cheist a fhiosrú agus na sonraithe a chur faoi bhráid an choiste. Déanfaidh mé nóta de go bhfuil sé ráite ag an Seanadóir go dteastaíonn uaidh go mbeadh an táb "nuacht" in aice leis an táb "news" i mBéarla.

Chuir an Seanadóir ceist orainn faoin fhreastal atá ann ag an deireadh seachtaine. Ba mhaith liom a rá go bhfuil an tseirbhís seo á sholáthar seacht lá na seachtaine, ach faoi láthair tá sé ar fáil ó Luan go hAoine de cheal acmhainní daonna leis an obair a dhéanamh. Nuair a deirim "acmhainní daonna", tá mé ag caint ar iriseoirí. Ba mhaith liom amach anseo go mbeimid in ann cur leis na hacmhainní sin ionas go bhféadfaimid freastal ceart a dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus nuacht a chur ar líne chucu seacht lá in aghaidh na seachtaine. Sa chaoi ina bhfuil rudaí faoi láthair, níl sé sin indéanta. Bíonn muid ag breathnú síoraí seasta ar bhealaí le rudaí a dhéanamh taobh istigh de na hacmhainní atá againn.

Ó thaobh líon na foirne de, tá 37 duine inár bhfoireann sa tseirbhís nuachta, a chuireann nuacht ar fáil do TG4 agus RTÉ. Sa bhliain 2009, bhí 43 nó 44 ball foirne againn. Tá seisear nó seachtar imithe as an tseirbhís san achar sin. Is ionann sin agus níos mó ná aon séú den fhoireann. San achar céanna - ó 2009 go dtí timpeall 2012 - d'fhág cúpla céad duine RTÉ ar phacáistí iomarcaíochta.

An mbeadh laghdú dá réir tarlaithe in RTÉ News, mar shampla?

Mr. Joe Reddington

Cheapfainn go mbeidís i gcomhréir lena chéile. San am céanna, chuir muid tús le hatheagar ar chúrsaí nuachta. Tá ár gcomhghleacaithe i Raidió na Gaeltachta ag léiriú na bhfeasacháin nuachta Gaeilge ar Radio 1, 2FM agus Lyric FM faoi láthair le inchur ó iriseoirí na nuachta. Tá tús curtha leis an tseirbhís ar líne. Le gairid, tá sé sin scaipthe amach agus leathnaithe amach go dtí na meáin shóisialta. Táimid láidir go maith anois ar Facebook agus Twitter, go háirithe. Tá an dream óg sna háiteanna sin. Mar a deir an seanfhocal, téigh ag iascaireacht san áit ina bhfuil an t-iasc. Caithfimid dul go dtí an áit ina bhfuil an t-aos óg. Tá an fhorbairt sin déanta againn san achar céanna. Ar ndóigh, ba mhaith linn tuilleadh oibre den sórt seo a dhéanamh. Caithfimid breathnú ar an riar acmhainní agus an fhoireann iriseoireachta atá againn leis sin a dhéanamh.

Is dócha go bhfuil ceisteanna eile ag an Seanadóir.

An féidir liom teacht ar ais le cúpla ceann eile?

Is féidir.

Go raibh maith agat. Bhí éisteachtaí againn le Raidió na Life, Raidió Fáilte agus Raidió Rí-Rá anseo cheana. An bhfuil aon bhealaí ina bhféadfaí comhoibriú níos mó a bheith ann idir Raidió na Gaeltachta agus na craoltóirí sin? Tuigtear dom go bhfuil cuóta soláthair leagtha síos ag Údarás Craolacháin na hÉireann do Raidió na Gaeltachta sa chomhthéacs seo. An bhféadfadh Raidió na Gaeltachta agus na stáisiúin raidió Gaeilge eile socruithe a dhéanamh ó thaobh chláracha comhléirithe a dhéanamh i gcomhar a chéile? Sílim go dtabharfadh a leithéid de shocrú tacaíocht do na craoltóirí eile maidir le traenáil. B'fhéidir go mbeidís in ann roinnt maoiniú a fháil ar bhonn leanúnach le haghaidh na cláracha seo a dhéanamh agus a chraoladh ar a gcuid seirbhísí féin.

Bhí caint ar feadh tamaill faoi chónascadh idir Nuacht TG4 agus Nuacht Raidió na Gaeltachta. An bhfuil sé sin caite san aer ar fad anois? Bhí smaointí ann go gcuirfí an dá sheomra nuachta i gcomhar le chéile. Céard a tharla do na comhráití sin? An bhfuil an idirbheartaíocht sin críochnaithe?

Tuigtear dom go bhfuil RTÉ luaite go sonrach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Cé mhéad idirphlé a bhíonn idir RTÉ agus an Roinn atá freagrach as an straitéis? Tá sé luaite nach mbíonn cruinnithe rialta eatarthu, ó thaobh feidhmiú na straitéise ach go háirithe. Níl a fhios agam an bhfuil sé sin ceart nó cóir. Cén dul chun cinn atá á dhéanamh leis na spriocanna sonracha atá leagtha síos do RTÉ? An bhfuil aon athrú déanta ar an gcur chuige a bhí i gceist? Dúirt an tUasal Mac Con Iomaire go bhfuil comhráití ar bun maidir leis an gcomhoibriú idir RTÉ agus TG4. An mbeadh sé in ann rud nó dhó eile a rá faoi sin? Cén treo atá i gceist sa phróiseas sin? Cad atá i gceist i bprionsabal?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Ba mhaith liom an cheist maidir le comhoibriú le seirbhísí eile a fhreagairt i dtús báire. Mar a dúirt mé i mo ráiteas tosaigh, ó cuireadh tús le plean lán-Ghaeilge RTÉ táimid ag tabhairt faoi chomhpháirtíocht le seirbhísí agus páirtithe eile ar bhealach nach ndearna muid cheana mar eagraíocht. Mar shampla, tá aip an Seinnteoir Raidió forbartha againn i gcomhar le Roinn na Gaeltachta agus an IBI. Mar chuid de sin, táimid ag tabhairt ardáin do sheirbhísí raidió Gaeilge uile-oileáin. Tá Raidió Fáilte, Raidió Rí-Rá, Raidió na Life agus Raidió na Gaeltachta ar an seinnteoir sin, ar a bhfuil an t-idirghníomhaíocht ar fad i nGaeilge. Tá seirbhísí éagsúla Béarla an Radio Player go léir le fáil ar an Seinnteoir Raidió freisin. Ina theannta sin, bhíomar i mbun plé le Raidió Rí-Rá agus thairg muid dóibh go dtabharfar ardán FM dóibh. Mar shampla, tá clár de chuid Raidió Rí-Rá ar Raidió na Gaeltachta ó naoi a chlog go dtí deich a chlog ceithre oíche sa tseachtain. Tá comhpháirtíocht againn le Raidió na Life mar chuid den phlean gnímh. Tá comhaontú anois eadrainn ábhair áirithe a roinnt le chéile. Tá struchtúr comhaontaithe ansin go mbeimid ar bhonn leanúnach ag babhtáil ábhair lena chéile. Tá intinn oscailte againn i dtaobh a leithéid d'idirghníomhaíocht, go háirithe nuair atá airgead poiblí i gceist faoin scéim fís agus fuaime a eagraíonn Údarás Craolacháin na hÉireann agus nuair atá sé chun tairbhe leithéidí Raidió Rí-Rá, Raidió na Life, Raidió Fáilte agus Raidió na dTreabh, atá tagtha ar an saol le déanaí agus lena bhfuilimid ag plé ó thaobh bheith ar an Seinnteoir Raidió freisin, chomh maith le Raidió na Gaeltachta.

Ó thaobh na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, tá teagmháil leanúnach agam leis an Roinn. Bhí dhá chruinniú agam le dhá mhí leis an Roinn chomh maith le teagmháil ar ríomhphost maidir le spriocanna éagsúla a bhain le cúrsaí digiteacha agus ansin sprioc nó gníomh a bhain leis an móriomlán ó thaobh an méid atá leagtha amach do RTÉ sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ó thaobh normalú na Gaeilge, cúrsaí oideachais agus mar sin de.

Ó thaobh ár gcuid comhráití le TG4, tá go leor i gceist leis sin i láthair na huaire. Tá sé fós á phlé. Is pacáiste móriomlán é. Ceann de na rudaí atá ann, mar shampla, ná go mbeimid ag obair i gcomhar le TG4 agus le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ó thaobh chóras monatóireachta lucht éisteachta agus lucht féachana, ag tógáil ar an scéim atá ar bun cheana féin idir an Acadamh agus TG4. Freisin, tá, mar atá a fhios ag an gcoiste, dualgas reachtúil ar RTÉ uair an chloig in aghaidh an lae a sholáthar do TG4. Táimid tar éis go leor plé a dhéanamh le TG4 ar an gcur chuige sin le tamall anuas le gur féidir linn é a chur ar fáil ar bhealach atá níos sásúla do TG4, go háirithe agus ardstiúrthóir nua ar TG4 agus treonna eagarthóireachta nua tógtha ar bord ag an tseirbhís.

Ní maith liom dul isteach in iomarca sonraí agus muid fós á phlé ach, taobh amuigh de sin, táimid ag breathnú, mar a thagair mé dó, ar bhealaí gur féidir linn ardán sa bhreis a thabhairt do TG4 ag úsáid na hardáin atá againn féin, más ardáin chraolta iad nó ardáin dhigiteacha.

Ó thaobh an cleamhnais idir Nuacht TG4 agus-----

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Cén chaoi go bhféadfainn dearmad a dhéanamh air sin? Bhí próiseas atheagair nuachta ansin, a thagair an tUasal Joe Reddington dó, atá ag feidhmiú go maith. As sin, tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag cur na feasacháin raidió ar fáil ar Radio 1, 2FM agus Lyric FM. Tá curtha le stádas na bhfeasachán sin ar bhealach nach raibh ann. Tá siad anois á gcraoladh ar bhuille na huaire agus tá siad ar chomhchéim leis na feasacháin i mBéarla. As sin, mar gheall ar an athrú ó thaobh úsáid acmhainní, is féidir seirbhís dhigiteach nuachta a chur ar fáil, rud nach raibh ann go dtí seo. Níl sé i gceist có-nascadh thairis sin ach táimid ag breathnú i gcónaí ar bhealaí gur féidir linn oibriú go dlúth le chéile agus na hacmhainní atá againn a chur ag obair ar an mbealach is fearr.

Díreach mar cheist scoir, tá ceist mhór agam. Ba cheart í a bheith curtha ar dtús. An bhfuil an dream atá ag soláthar seirbhísí nuachta i nGaeilge nó pé rud é in RTÉ ar an bpá céanna leis an dream a dhéanann an rud céanna i mBéarla?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Braitheann sé sin ar an ról atá ann. Má tá duine ag obair mar iriseoir i rannóg na nuachta, tá chuile sheans go bhfuil sé nó sí ar scála iriseoir ilmheáin. Tá an scála iriseoir ilmheáin mar a chéile trasna na rannóg nuachta ar fad.

Beag beann ar chúrsaí teanga, tá na tuarastail chéanna á n-íoc.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Tá na tuarastail céanna á n-íoc má tá an ról céanna sonrach ag an duine. B'fhéidir go bhfuil an Seanadóir ag tagairt dó seo ó thaobh RTÉ Raidió na Gaeltachta, ach tá grád ar leith ag RTÉ Raidió na Gaeltachta nach bhfuil ionann ann dó i seirbhísí eile raidió RTÉ. Is é sin clár reachtaire.

Ní bheadh an té atá ag plé le "Adhmhaidin" ar an scála céanna leis an té atá ag plé le "Morning Ireland", mar shampla.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Braitheann sé ar an ról. D'fhéadfadh sé go mbeadh an té a bheadh ag plé le "Adhmhaidin" a bheith ar scála níos airde ná an té a bheadh ag plé le clár eile. Braitheann sé ar an ról. Tá rólanna éagsúla, mar shampla, in RTÉ. Ba é ceann de na buanna nuair a bunaíodh RTÉ Raidió na Gaeltachta gur cruthaíodh an grád "clár reachtaire" a d'fhág gur saghas fostaí ar leith atá ann a bhfuil scileanna ar leith aige nó aici sa mhéad go bhfuil an clár reachtaire in ann tabhairt faoi, más ann, cúrsaí nuachta, cúrsaí léiriúcháin nó cúrsaí láithriú. Níl a chomhionann sin in RTÉ. In RTÉ, is dócha go bhfuil sé níos daingne ó thaobh rólanna atá ann. Bheadh ról ann ó thaobh, mar shampla, iriseoirí ilmheáin, láithreoirí agus léiritheoirí.

Ba mhaith liom breathnú air seo mar chéim tosaigh agus go dtiocfadh na finnéithe ar ais os ár gcomhair. Fáiltím roimh an gcur i láthair atá thar a bheith dearfach. B'fhéidir go mbaineann sé sin le mo chúlra féin i saol eile, áfach. Bhíomar ag súil le díospóireacht ar na dualgais atá ar RTÉ faoin reachtaíocht agus an bhfuil na dualgais sin á gcomhlíonadh ag RTÉ. Sin an rud atá suim agam agus ag an gcoiste ann. Sin a bhí i gceist leis an gcuireadh a sheolamar.

Fáiltím go bhfuil sé mar aidhm an Ghaeilge a bheith fite fuaite i ngach rud a dhéanann RTÉ seachas í a bheith fágtha go príomha faoi chúram sheirbhísí Gaeilge amháin. Cuirim céad míle fáilte roimh an triúr finnéithe ach níl siad ar an bhord bainistíochta. Mar sin, nach bhfuil saghas imeallú déanta ó thaobh an chuiridh de go bhfuil na daoine atá bainteach leis an nGaeilge seolta os ár gcomhair seachas na daoine atá an freagracht orthu na dualgais a chomhlíonadh agus na cinntí a dhéanamh? Nach bhfuil saghas imeallú i gceist?

Tá an plean ar an bhfód anois le dhá bhliain anuas. Cé mhéad spriocanna atá bainte amach ag RTÉ?

Ag dul ar ais go dtí na dualgais, tá mé ag breathnú ar an Acht Craolacháin, go háirithe alt 114(3)(a). Tá dualgas ar RTÉ "réimse cuimsitheach clár Gaeilge agus Béarla a chur ar fáil a fhreagróidh d'éagsúlacht chultúir oileán na hÉireann". Táim cinnte go bhfuil sé seo de ghlanmheabhair ag na finnéithe. Tá dualgais tromchúiseacha ar RTÉ. Tá an méid a dúradh thar a bheith dearfach agus fáiltím na hathruithe, ach cá bhfuil RTÉ ag cur in iúl dúinn go bhfuil sé ag comhlíonadh a dhualgais faoin reachtaíocht?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Má thosaíonn muid leis an gceist maidir le himeallú, níl imeallú déanta. Mar an duine is sinsearaí san eagraíocht a bhfuil cúram na Gaeilge air ar bhonn tras-eagraíochta, táimse i láthair. Caithfimid a thabhairt san áireamh go bhfuair RTÉ dhá chuireadh ag dhá choiste a bhí ag feidhmiú ag an am céanna tráthnóna inniu.

Tá daoine eile ó RTÉ san fhoirgneamh ach tá siad ag freastal ar chruinniú eile.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Tá.

Mar sin, bhí deacracht ag an lucht bainistíochta ó thaobh dhá chruinniú a bheith ann. An raibh?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Bhí dhá chruinniú ag tarlú ag an am céanna.

Tá toscaireacht eile os comhair coiste eile.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Tá. Ó thaobh na dara ceiste agus an méid spriocanna a bhaineadh amach sa bplean, ag dul le bliain a 1 atá críochnaithe i mí Mheán Fómhair, baineadh amach 96% de na spriocanna. Is é sin, baineadh amach chuile ghníomh a bhí leagtha amach seachas dhá ghníomh. Baineann ceann de na gníomhartha nár baineadh amach le córas taighde lucht éisteachta. Táimid ina bhun sin anois agus tá súil againn go mbeimid ag cur tús leis sin an mhí seo atá ag teacht. Baineann an dara ceann nár baineadh amach le formáidí teilifíse a fhorbairt. Táimid ag obair air sin i láthair na huaire. Taobh amuigh de sin, baineadh na gníomhartha eile ar fad ar fad amach.

Bhí 100 gníomh i gceist. An raibh?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Tá 100 gníomh ann amach thar cúig bliana. Ní chuimhin liom go díreach cé mhéad gníomh a bhí i mbliain a 1 ach tá a fhios agam go raibh 96%----

Sin 96% den figiúir a bhí ann le haghaidh na bliana sin. B'fhéidir deich gcinn a bhí ann.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Bhí dhá ghníomh ann nár bhain muid amach.

As cé mhéad?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Níl an figiúr díreach agam. Bheinn in ann teacht ar ais-----

Tá sé sin tábhachtach.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Is éard a dhéarfainn ná gur bhain muid amach mórán iomlán na ngníomhartha ar fad a bhí leagtha amach dúinn i mbliain a 1.

Bhain an triú cheist leis an reachtaíocht agus dualgas réimse cuimsitheach clár Gaeilge agus Béarla a chur ar fáil. Dhéanfadh muid an cás go bhfuilimid ag comhlíonadh na reachtaíochta. Táimid ag comhlíonadh an reachtaíocht tríd an tseirbhís atá againn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta sa tslí go bhfuil réimse cuimsitheach clár ann atá ag tabhairt san aíreamh na réimsí agus na seánraí éagsúla atá leagtha amach in alt 114 den Acht Craolacháin.

An bhfuil míthuiscint ann ar mo pháirtse? Tá RTÉ ag comhlíonadh a dhualgais faoin reachtaíocht mar tá Raidió na Gaeltachta ann.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Ní hamháin-----

Ag fágáil Raidió na Gaeltachta agus TG4 as an áireamh, cad iad na dualgais faoin reachtaíocht atá ar na stáisiúin uilig in RTÉ ar nós RTÉ 1, 2FM agus Lyric FM agus an bhfuil na dualgais sin á gcomhlíonadh?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Tá na dualgais leagtha amach in alt 114 den Acht. Sula rachainn ar aghaidh níos faide maidir leis na dualgais eile taobh amuigh de RTÉ Raidió na Gaeltachta déarfainn, agus é mar dhlúthchuid de RTÉ agus de sheirbhís Gaeilge RTÉ, go mbeadh sé deacair agam RTÉ Raidió na Gaeltachta a fhágáil as an áireamh sa mbealach atáimid ag comhlíonadh an Achta. É sin ráite, ar theilifís craolann muid réimse leathan ó thaobh spóirt, nuachta, ábhair fhíorasach agus shiamsaíochta agus ábhair do leanaí agus go bhfuil siad sin ar RTÉ 1 agus RTÉ 2 chomh maith le cláir do dhaoine óga ar RTÉ junior. Táimid ag tabhairt an Ghaeilge san áireamh sna seirbhísí éagsúla atá ann.

Is dócha go mbeadh an pointe le déanamh againn ag an tráth seo, agus plean gnímh Gaeilge RTÉ tugtha againn, go bhfuilimid ag féachaint freisin chun breathnú níos leithne ná díreach ar an dualgas reachtúil atá curtha orainn agus ábhair eile a thabhairt isteach san áireamh agus muid ag breathnú ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ó thaobh normalú agus mar sin de.

Ní mór dom a rá nach bhfuil mé sásta go bhfuil sé soiléir dom go bhfuil a dhualgais á gcomhlíonadh ag RTÉ. Nílim ag cur an locht ar na finnéithe ach ba mhaith liom a fheiceáil ar pháipéar na dualgais atá ar RTÉ, cad atá déanta agus cad nach bhfuil déanta agus an buiséad atá ag RTÉ chun an plean Gaeilge a chur chun cinn. An bhfuil sé sin ag na finnéithe?

Dúirt an tUasal Mac Con Iomaire go gcaithfimid Raidió na Gaeltachta a chur san áireamh. De réir mar a thuigim, tá dualgas faoi leith ag RTÉ, taobh amuigh de Raidió na Gaeltachta, faoin reachtaíocht. Ba chóir go mbeadh sé sin soiléir. Ba chóir go mbeadh baill den bhainistíocht shinsearach a dhéanann na cinntí os ár gcomhair, b'fhéidir, an chéad uair eile. Ba chóir go mbeadh sé seo soiléir. Le bliain anuas, bhí a lán cur i láthair againn ó eagraíochtaí éagsúla agus daoine mór le rá faoi stádas na Gaeilge. Tá ról faoi leith ag RTÉ. Tá ról reachtaíochta agus ról siombalach ag RTÉ agus ról ó thaobh cultúir de. Ba chóir go mbeadh sé leagtha amach anseo os ár gcomhair ionas go mbeimid in ann a fheiceáil an bhfuil RTÉ ag comhlíonadh an róil sin.

Ar tháinig RTÉ riamh faoi scrúdú an Choimisinéara Teanga? An ndearnadh gearán riamh? An ndearna sé nó sí aon scrúdú? Ní raibh aon "sí" i gceist go dtí seo, faraor, ach an ndearna an oifig sin aon scrúdú ar RTÉ ó thaobh na reachtaíochta de?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Ó thaobh na ndualgas, leagan amach buiséid agus mar sin de, in 2016 chaith RTÉ €24.212 milliún ar ábhair Gaeilge. Chraol RTÉ 180 uair an chloig de chláir Ghaeilge ar RTÉ 1 agus RTÉ 2. Chraol RTÉ breis agus 140 uair an chloig de chláir Ghaeilge do leanaí ar RTÉ junior. Bhí 8,760 uair an chloig craolta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus bhí, ag fágáil Raidió na Gaeltachta as an áireamh, os cionn 600 feasachán nuachta.

Ó thaobh an tseirbhís ar líne, d'fhéach 3.5 milliún duine ar leathanaigh nuachta ar RTÉ.ie agus ar RTÉ News Now. D'fhéach 2.3 milliún duine ar ábhair chláir teilifíse a bhí soláthartha go sonrach ag an rannóg inmheánach cláir in RTÉ.

Maidir le scrúduithe ón gCoimisinéir Teanga, tagann gearáin isteach ó am go chéile. Láimhseálann mise na gearáin sin. D'fhéadfadh sé go mbainfeadh siad le cúrsaí comharthaíochta. Tagann gearáin ó am go chéile maidir le logainmneacha Gaeltachta. Cuireann sinn na gearáin sin faoi bhráid na daoine cuí agus, mar shampla, má tharla sé ar fhoilseachán ar líne, cuirtear ina cheart láithreach é.

Tá ceist agam faoin mbuiséad, go háirid, maidir leis an bplean a sheoladh dhá bhliain ó shin. Cé mhéad airgid atá i gceist? Cad é an buiséad atá ag RTÉ don phlean sin?

Ní raibh mé ag iarraidh a fháil amach faoi ghearáin do RTÉ ach gearáin i dtreo Oifig an Choimisinéara Teanga. An ndearna sé aon scrúdú?

Maidir leis na rudaí atá á rá ag an bhfinné, is iontach na rudaí sin. Tá siad dearfach amach is amach, ach ní féidir iad a thuiscint gan chomhthéacs. Níl mé in ann cad atá i gceist le 180 uair an chloig a thuiscint mar níl comhthéacs ann. Sin an rud. An chéad uair eile, ba mhaith liom go mbeadh comhthéacs ann ionas go mbeimid in ann a thuiscint an rud maith atá ann nó an bhfuil rud le déanamh.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

An buiséad atá tagairt déanta agam dó, sin an buiséad iomlán atá ann ó thaobh ábhair Gaeilge RTÉ. Níl buiséad ar leith ann maidir leis an bplean. Tá sé déanta taobh istigh de na hacmhainní atá againn don Ghaeilge cheana féin.

Níl buiséad faoi leith maidir leis an bplean. Tá plean faoi leith chun an Ghaeilge a chur chun cinn ach níl buiséad faoi leith ann.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Níl.

Dúirt an tUasal Mac Con Iomaire go gcaitheann RTÉ €24 milliún ar an nGaeilge. An bhfuil an ceart agam?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Tá sé sin ceart.

Cé mhéad a chaitheann RTÉ go hiomlán?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Do 2015 bhí €179 milliún in ioncam ón gceadúnas teilifíse agus tháinig €155 milliún isteach ar bhonn tráchtála.

Timpeall €400 milliún.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Thart ar €334 milliún.

Cé mhéad a bhí ann ón gceadúnas?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Bhí €179 milliún ann ón gceadúnas.

Mar sin, timpeall 15% ó thaobh an cheadúnais de. An ea?

Mr. Joe Reddington

Tháinig níos mó ná leath den ioncam-----

Gabh mo leithscéal-----

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Má thuigim i gceart é, is í an cheist ná cad é an céatadán den ioncam ón gceadúnas atá á chaitheamh ar chúrsaí Gaeilge.

Sea. Is €24 milliún roinnte ar a €179 milliún atá i gceist. Sin timpeall 15%.

Formhór na rudaí atá ar bun ag RTÉ, ba cheart go n-íocfadh sé astu féin. Tá cláir cúrsaí reatha, spóirt agus chuile shórt ar TV3 agus tá sé ag íoc as féin gan aon ioncam ó cheadúnas. Breathnaíonn sé domsa go bhfuil airgead an-bheag á chaitheamh ar an nGaeilge. Ag glacadh leis go bhfuil formhór na ngnóthaí atá ar bun ag RTÉ féin-cruthaithe, cé mhéad dó sin a chaitheann RTÉ ar Raidió na Gaeltachta?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

€11.543 milliún----

Ní bhacfaimid leis na poncanna. Mar sin, €13 milliún a chaitheadh. Baineann Raidió na Gaeltachta le pobal na Gaeltachta. Go príomha, is stáisiún raidió do phobal na Gaeltachta é Raidió na Gaeltachta. Caitheann RTÉ €13 milliún ar an gcuid eile den tír ó thaobh na Gaeilge de.

Ó thaobh na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta de, tuigtear dom go bhfuil na daoine ag obair sa raidió ar scála pá níos lú ná na daoine atá ag obair sna jabanna comhionanna in RTÉ i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Níl grád comhionann in RTÉ i nDomhnach Broc le grád an chláir reachtaire in RTÉ Raidió na Gaeltachta.

An bhfuil an tUasal Mac Con Iomaire ag rá go mba cheart go mbeadh an clár reachtaire ag fáil i bhfad níos mó? Tuigtear dom go bhfaigheann siad níos lú.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Braitheann sé ar cén comparáid a dhéantar le cén áit ar an ngrád. Mar shampla, má dhéantar comparáid idir grád an iriseora ilmheána agus grád an chláir reachtaire, beidh ráta tosaigh níos airde ag an gclár reachtaire agus téitear go dtí barr na scála níos sciobtha, ach ní théann sé chomh hard le scála an iriseora ilmheána.

Ar miste leis an Uasal Mac Con Iomaire sampla a thabhairt dúinn? Cad é an difríocht pá idir duine a léann an nuacht ar Raidió na Gaeltachta agus duine a léann an nuacht ar RTÉ Radio 1?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Níl mé cinnte faoin ngrád áirithe sin ach ó thaobh chlár reachtaire de, tosaíonn an grád ag léibhéal atá níos airde ná grád iriseora ilmheáin a bheadh in RTÉ ach críochnaíonn sé ag leibhéal níos ísle, cé go mbaintear amach an grád cúig bliana níos sciobtha ar an meán.

Céard iad clár reachtairí?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Is grád é an clár reachtaire a chruthaíodh nuair a bunaíodh an tseirbhís go bhféadfadh an fostaí áirithe sin bheith ag plé le cúrsaí iriseoireachta, cúrsaí láithriú agus cúrsaí gearradh.

Tá siad i bhfad níos ildánaí ná an leithéid eile.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Tá siad níos ildánaí, yes.

Bheifí ag súil go dtosóidís níos airde agus go gcríochnóidís níos airde. Is dóigh go mbíonn b'fhéidir triúr nó ceathrar ag plé le "Adhmhaidin" - duine na gcnaipí, duine léiriú agus duine ag cur i láthair. Níl a fhios agam cé mhéad a bheadh ag obair ar "Morning Ireland". Bhí i bhfad níos mó ná triúr ná ceathrar aon uair a bhí mise ann. Bhí daoine ag titim ar a chéile ann. Ar smaoiníodh riamh ar dhaoine a thabhairt ó Dhomhnach Broc siar go Raidió na Gaeltachta le múineadh dóibh conas a bheith chomh éifeachtach agus atá Raidió na Gaeltachta le sárchláir a chur amach ar bheagán acmhainní? Tá productivity i bhfad níos airde i Raidió na Gaeltachta ná mar atá ina mhacasamhail in RTÉ, nach bhfuil?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Bíonn an fhoireann ar chláir Raidió na Gaeltachta níos lú ná na foirne a bhíonn ar chláir comhionann ar Radio 1 don chuid is mó. Tá productivity, táirgiúlacht agus éifeachtúileacht ar leith ag baint le ról an chlár reachtaire agus le fostaithe Raidió na Gaeltachta.

Cén fáth nach gcuirtear a mhacasamhail sin i bhfeidhm in RTÉ chun airgead a shabháil as an dtáille ceadúnais? Bheadh i bhfad níos mó airgid ag RTÉ le caitheamh ar chúrsaí cultúrtha, Gaeilge agus Gaeltachta.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Glacaim leis an bpointe.

B'fhéidir go gcuirfidh an tUasal Mac Con Iomaire é sin in iúl don ardcheannasaí mar is léir go bhfuil siad dall air in RTÉ le mo chuimhne. Tá dearcadh amháin acu in RTÉ go mbíonn rudaí sách maith nuair atáthar taobh thiar den tSionnain ach nach bheadh a leithéid sách maith thuas i nDomhnach Broc. Is airgead an cháiníocóra atáimid ag caint air anseo. Cuireann sé iontas orm go nglactar lena leithéid agus go nglacann na ceardchumainn leis. Bheadh tairgiúlacht i bhfad níos airde ar chuile bealach ag daoine go bhfuiltear ag súil leo multitasking a dhéanamh. Tá sé níos deacra dóthain daoine a fháil do chláir Gaeilge toisc go bhfuil an líon daoine le Gaeilge níos teoranta agus tá an meánphá fós níos ísle. Tá scoth na gclár á chur amach ag Raidió na Gaeltachta. Nuair a bunaíodh TG4 agus nuair a tháinig tairgiúlacht i gceist ansin, bhí ar RTÉ athrú faoi dheireadh agus gan a bheith ag cur triúr nó ceathrar amach ag déanamh jab gur féidir le beirt a dhéanamh. Tá sé in am dúiseacht ó thaobh tairgiúlachta de. Más féidir é a dhéanamh taobh istigh den státchóras in áit amháin is féidir é a dhéanamh taobh istigh den státchóras in áit eile agus cláir d'ardchaighdeán a sholáthar don phobal.

Tá pointe an Teachta déanta go maith aige.

Tá súil agam go bhfuil. Tá sé in am é a dhéanamh.

Tá an tUasal Mac Con Iomaire ag glacadh leis an bpointe sin agus ag rá go bhfuil an ceart ag an Teachta. An bhfuil ceist eile?

An mbeadh an ceart agam go bhfuil sé faoin Rialtas athrú suntasach a chur ar dhearcadh RTÉ i leith na Gaeilge? An gcaithfimid é a dhéanamh go reachtúil? An bhfuil an ceart agam nach dtiocfaidh aon athrú ar an gcultúr taobh istigh muna bhfuil sé leagtha síos i reachtaíocht? Tá an tUasal Mac Con Iomaire ann scaitheamh anois. Tháinig sé aniar. An bhfuil an ceart agamsa má táimid ag iarraidh athrú is go reachtúil a chaithfear é a dhéanamh? Níl an toil taobh istigh de RTÉ aon rud suntasach a dhéanamh do phobal labhartha na Gaeilge.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Déarfainn go bhfuil athrú suntasach ar an meon agus ar an gcur chuige i leith na Gaeilge in RTÉ le dhá bhliain anuas ó seoladh a phlean Gaeilge. Ó thaobh an glacadh atá leis an nGaeilge a bheith mar chuid de chuile rud a dhéanaimid ar fud na seirbhíse, déarfainn go bhfuil an glacadh sin ann. Déarfainn go bhfuil an meon ina leith ann freisin.

Ag éirí as an athrú meoin seo, cé mhéad uaireanta breise chraoltóireacht Gaeilge atá ar fáil? Ní fheicim an Ghaeilge trí chláir seachas i rith Seachtain na Gaeilge. Cé mhéad Gaeilge breise atá trí chláir RTÉ?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Tá ardú suntasach ar an méid Gaeilge. Tá an ceart ag an Teachta go raibh tráth ann, mar shampla ó thaobh leanúnachais idir chláir, nach mbeadh Gaeilge le cloisteáil ach le linn Sheachtain na Gaeilge. Tá sé sin athraithe. Sa chéad bhliain den phlean bhí beagnach 1,000 fógra leanúnachais i nGaeilge ar na seirbhísí Béarla. Níor bhain siad le cur i láthair ar chraoltaí i nGaeilge amháin. D'fhéadfaí sé gur "Eastenders" nó "Fair City" a bhí i gceist, ach go bhfuil an cur chuige agus an glacadh leis, mar shampla-----

Is é sin trí cinn in aghaidh an lae.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Is ea, ach deirimid é sin sa chomhthéacs nach raibh sé ag tarlú ar chor ar bith roimhe.

Caithfidh go bhfuil mé ag éisteacht le RTÉ ag na hamanna míchearta mar níor chuala mé iad. An é sin trasna na seirbhísí ar fad?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Sin RTÉ 1 agus RTÉ 2.

Raidió agus teilifís.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Teilifís amháin.

Céard faoi raidió?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Níl córas leanúnachais ar an raidió per se seachas ag deireadh na hoíche. Ní bhíonn struchtúr leanúnachais ar Radio 1 mar a bhíonn ar an teilifís. Is ceist structúrtha agus ceist chur chuige é.

Tá sé sin spéisiúil. Ceapaim go bhfuil sé in am athrú iomlán a dhéanamh ar an gcaoi ina n-íoctar an táille ceadúnais do RTÉ mar ní dóigh liom go bhfuil muid ag fáil a luach dubh, bán ná riabhach ná go raibh le tamall fada anuas.

Nílim ag cur na ceiste sin.

Níl ach ceist amháin agam mar tá gach ceist curtha faoin tráth seo anois. Luaigh an tUasal Mac Con Iomaire nach raibh aon bhuiséad faoi leith i gcomhair an phlean Gaolainne. Ar lorgaíodh buiséad agus diúltaíodh é? Conas a tháinig sé i gcrích nach mbeadh aon bhuiséad ann?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Bhraith an cur chuige a bhí againn ar an sáinn airgid ina bhfuil an eagraíocht, agus ina raibh an eagraíocht ag an am. D'fhéach muid ar na gníomhartha éagsúla a bhí ann agus chonaic muid cén chaoi go bhféadfaimid iad a dhéanamh taobh amuigh de na hacmhainní a bhí againn cheana féin, nó le comhpháirtíochtaí seachtracha. Ar an mbealach sin a dhéantar é.

Mar sin, dá mba rud é go raibh aon chostas le gníomh níor cuireadh sa phlean é.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Nuair a deirim nár leagadh buiséad ar leith ní shin le rá nach bhfuil costais sa mbreis ann. Mar shampla, tá sé tógtha ag an rannóg spóirt air féin buiséad a chur ar fáil le haghaidh na seirbhíse tráchtaireachta dátheangacha. Thóg 2FM air féin buiséad a chur ar fáil don chart show dátheangach atá aige. Tógtar buiséid as buiséid seirbhísí éagsúla taobh istigh den eagraíocht seachas buiséad ar leith a bheith curtha ar leataobh le dáileadh amach.

Níl aon cheist eile agam.

Ag teacht ar ais ag líon na gcláir, luaigh an tUasal Mac Con Iomaire figiúr de 118 uair sa mbliain. Sin beagán bídeach le cois dhá uair an chloig sa tseachtain. An bhfuil sprioc i gceist leis sin a mhéadú le go mbeadh níos mó ann? Thar tréimhse an phlean, ceithre nó cúig bliana, an bhfuil sé i gceist, mar shampla, é a ardú go dtí deich n-uaire nó 15 uair sa tseachtain? An bhfuil spriocanna den chineál sin ann chun go mbeidh muid ag dul chun cinn seachas ag fanacht mar atá ó thaobh an tsoláthair de?

Tá dualgas ar RTÉ céatadán áirithe clár a cheannach ón earnáil neamhspleách. Taobh istigh den chéatadán áirithe sin an bhfuil céatadán leagtha síos ó thaobh na Gaeilge de? An bhfuil sé i gceist é sin a mhéadú sa gcaoi go mbeadh níos mó clár atá déanta go neamhspleách le feiceáil ar RTÉ? Céard é an scéal ó thaobh Raidió na Gaeltachta? Glacaim leis go bhfuil an laincis chéanna air faoin méid áirithe clár a cheannach ón earnáil neamhspleách. Cé mhéad atá i gceist leis sin? Cén chaoi a dtugtar faoi sin? An bhfuil ról áirithe do na staisiúin raidió a luadh níos túisce, Raidió na Life, Raidió Rí-Rá agus araile, cur isteach ar na sraitheanna clár sin a bheadh RTÉ ag cuardach ó réimsí éagsúla?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Níl sprioc shonrach leagtha amach ó thaobh ardú ar uaireanta an chloig de. Tá sprioc leagtha amach go mbeadh ardú leanúnach ag teacht air. Tá sé sin ag tarlú bliain i ndiaidh bliana. Tá ardú tagtha chuile bhliain. Tá na harduithe beag ach de réir a chéile ó thaobh uaireanta an chloig.

Cé mhéad uaireanta a bheadh an tUasal Mac Con Iomaire ag súil leis i mbliana? Bhí 118 anuraidh. An bhfuil sé chun dul suas go 250 uair i mbliana nó an mbeidh sé níos lú?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Ag tabhairt san áireamh go bhfuilimid ag cur leis an tráchtaireacht Gaeilge ar chúrsaí peile agus iománaíochta - beimid ag clúdach ceithre chluiche eile leis i mbliana - agus ag tabhairt san áireamh go bhfuil níos mó clár againn ón earnáil neamhspleách ná mar a bhí san am atá caite, beidh ardú ag teacht ar an méid uaireanta roimh dheireadh na bliana. Nílim in ann figiúr cruinn a thabhairt don Seanadóir ach beidh mé in ann teacht ar ais ag an gcoiste le figiúr cruinn nuair a bheidh sé sin agam go díreach.

Ó thaobh an céatadán a fhaighimid ón earnáil neamhspleách de, tá céatadán leagtha amach don eagraíocht go reachtúil. Níl céatadán leagtha amach don Ghaeilge cé go bhfuil comhaontú ó thaobh an córas Independent Radio Production, IRP, i leith chúrsaí raidió. Ní raibh sé de nós ag RTÉ san am roimhe seo mórán tairbhe a bhaint as scéimeanna ina bhféadfaí maoiniú a dhéanamh ar chláir neamhspleácha, nó scéim an Irish Language Broadcasting Fund, ILBF, ó Thuaidh, nó an scéim fís agus fuaim, ach tá sé sin athraithe. Tá tiomantas faighte againn ó na seirbhísí teilifíse go ndéanfar sceidealú ar chláir i nGaeilge a thagann isteach tríd na scéimeanna seo. Tá toradh de sin le feiceáil. Mar shampla bhí sraith Harry McGee le gairid ar chomhrialtais, sraith Dara Ó Cinnéide le gairid a bhí dírithe sa Ghaeltacht ó thaobh chúrsaí peile, agus tá sraith ag teacht aníos go gairid ag Dan O'Brien ar chúrsaí Chogadh na Talún agus mar sin de. Táimid ag baint tairbhe as na córais sin mar gheall go bhfuil tiomantas ann an sceidealú a dhéanamh, rud nach raibh ag tarlú roimhe seo.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Ó thaobh Raidió na Gaeltachta tá an scéim IRP ann. Is cúis den scéim seo agus an reachtaíocht a ghabhann leis gur cuireadh airgead ar leataobh go gcaithfear é a chaitheamh ar an earnáil neamhspleách. Tá thart ar 6% den airgead sin socraithe le caitheamh ar an nGaeilge agus ar chláir ar Raidió na Gaeltachta. Is shampla de seo é "Bláthnaidh Libh", clár a bhíonn againn ar an Satharn. Tagann an clár sin ón earnáil neamhspleách. Is é sin sampla den airgead atá á chaitheamh ar an earnáil neamhspleách agus de chlár atá á chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Taobh amuigh dó sin tá an scéim fís agus fuaim, ar chuala an coiste trácht air níos luaithe, agus scéimeanna de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann, BAI. Tá roinnt coimisiún sabháilte againn d'iarrthóirí neamhspleácha agus iad i gcomhpháirt linn agus ag fáil airgid ón BAI le gur féidir leo a gcláir a dhéanamh. Ar mhaithe leis an scéim sin tá "Tuatha Dé Danann" atá á chraoladh faoi láthair. Tá cúpla sraith againn ar Raidió na Gaeltachta a thagann as an gciste sin.

Bhí muid ag caint faoi na gráid níos túisce. B'fhéidir go gcuirfidh RTÉ eolas faoi na gráid ar fáil don choiste le tuilleadh stáidéir a dhéanamh air. B'fhéidir go mbeadh sé sin cabhrach.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Sin grádanna pá a bhí-----

Gráid pá do chlár reachtaire agus don té a bhíonn ag obair in RTÉ chun go bhféadfaimis iad a chur i gcomparáid lena chéile.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Maidir leis an scála sin, deineadh athbhreithniú air in 2002. De ghnáth bíonn ar an cheardchumann teacht chuig RTÉ agus cás a dhéanamh go ndéanfaí athbhreithniú ar scálaí. Ag an am shíl bainistíocht an cheardchumainn go raibh ardú cuí. Chuaigh an próiseas tríd an gCúirt Oibreachais agus ag an bpointe sin ardaíodh an scála. Is é an scála sin a bhí i bhfeidhm ó shin.

Chuir rud a dúirt an tUasal Mac Con Iomaire cineál iontais orm. Dúirt sé go bhfuil brú airgid ar RTÉ. Is dóigh liom go mbeadh sé, agus go bhfuil sé, an-deacair ag an ngnáthphobal é sin a thuiscint maidir le heagraíocht atá in ann na céadta míle euro a íoc i dtuarastal le daoine in aghaidh na bliana - dhá oiread phá an Taoisigh mar shampla. I gcásanna b'fhéidir go bhfuil trí oiread phá an Taoisigh á íoc le daoine le suí ansin ag caint isteach i micreafón. Tá eagrais eile sa tír ag craoladh agus faigheann siad lucht féachana agus lucht éisteachta ollmhór. Ní gá dóibh an cineal pá sin a íoc. An bhfuil aon mhíniú ar cén chaoi gur féidir a rá ar lámh amháin go gcaithfear na céadta míle a íoc le daoine agus ar an taobh eile den scéal a bheith ag déanamh an béal bocht maidir le cúrsaí airgid? B'fhéidir go bhfuil míniú ag an Uasal Mac Con Iomaire ar an scéal sin.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Ó thaobh na cúrsaí pá a rinne an Teachta tagairt dóibh, níl ach 1% de bhuiséad iomlán RTÉ i gceist agus tá laghdú de 40% tagtha ar na léibhéil phá sin le blianta beaga anuas. Luaigh an Teachta seirbhísí craoltóireachta eile. Taitneoidís le daoine éigin agus ní thaitneoidís le daoine eile. Is cosúil gurb iad na tuarastail seo na rátaí iomaíochta sa tír seo. Má thógtar an deichniúr is mó íoctha i gcóras craoltóireachta na hÉireann tá cúigear acu ag obair do RTÉ. Tá seirbhísí eile ag íoc ardphá le talainn freisin. Ní raibh ioncam tráchtála agus figiúirí á thabhairt isteach.

Tá vótáil ar siúl. Tá na finnéithe sábháilte, is féidir leo éalú ón seomra. Bhí ceist dheireanach agam maidir leis an 118 uair. An bhfuil athchraoltaí i gceist maidir leis na huaire sin?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Bheadh athchraoltaí san áireamh. Ní bheadh líon ard athchraoltaí ann, ach bheadh athchraoltaí san áireamh.

Gabh mo leithscéal. Tá críoch tobann don chruinniú. Go raibh míle maith agaibh. Bhí sé thar a bheith spéisiúil agus, mar a dúirt mé, is an chéad chéim í. Ba mhaith linn na finnéithe a bheith os ár gcomhair arís le baill den bhainistíocht shinsearach. B'fhéidir go seolfaidh na finnéithe na sonraí a bhí á lorg againn chugainn.

Top
Share