Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán debate -
Tuesday, 26 Sep 2017

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

Gabh mo leithscéal. Táimid déanach ag tosnú inniu agus tá an locht go huile is go hiomlán ormsa. Cuirim céad míle fáilte roimh na hionadaithe ó TG4. Táimid thar a bheith sásta gur ghlac siad leis an gcuireadh agus go bhfuil siad anseo. Gabhaim mo bhuíochas leis an Uasal Alan Esslemont, ardstiúrthóir, Lís Ní Dhálaigh, stiúrthóir margaíochta agus forbartha, agus Pádhraic Ó Ciardha, leas-cheannasaí. Tá leithscéal faighte againn ó na Teachtaí Fergus O'Dowd agus Pat The Cope Gallagher agus an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh. De ghnáth bíonn siad anseo ach tá sé deacair go leor freastal ar chuile rud. Beidh píosa oibre againn anois maidir leis an Acht.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil siad, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Mar a deirim i gcónaí, bígí cúramach le bhur gcuid focal. Sin an teachtaireacht.

Mr. Alan Esslemont

Táimid an-bhuíoch an deis a fháil labhairt anseo. Tá roinnt rudaí curtha ar aghaidh go dtí an coiste againn, ina measc ráiteas tosaigh agus léaráid a bhaineann le craoltóireacht. Glacann muid go bhfuil sé sin léite ag an gcoiste. Freisin, bhí roinnt eolais faoi fhotheidil in TG4. Freisin chuir mé ar aghaidh cur i láthair a bheidh mé á úsáid inniu. Tá roinnt léaráidí ann. Beidh mé ag iarraidh roinnt rudaí a mhíniú don choiste agus b'fhéidir go mbeidh na léaráidí úsáideach.

Tá mise sa bpost seo le bliain anuas beagnach. Roimhe sin bhí mé ag obair le BBC Alba in Albain agus roimhe sin bhí mé le TnaG, mar a bhí ag an am. Ag teacht isteach ag an obair, chonacthas dom go raibh sé tábhachtach breathnú ar céard a bhí daoine ag rá fúinn agus cén tuairim a bhí ag daoine. Anuraidh bhí roinnt tuairiscí ón Broadcasting Authority of Ireland, BAI, ar TG4 agus tá siadsan léirithe ar an dara sleamhnán. Rud amháin a bhí ann ná é seo: "A key question for policymakers and for BAI is what role TG4 is to play in the Irish broadcasting market." Bhí ceist ansin, cén fáth go díreach TG4? Feictear dom go bhfuil sé tábhachtach go ndíreoidh muid air sin. Ceann de na freagraí ná is craoltóir-foilsitheoir muid agus tá ról againn san aeráid chraoltóireachta in Éirinn atá difriúil le ról gach craoltóir eile. An dara rud a tháinig amach as na tuairiscí ná "an increase in funding is required if its audience share is not to continue on its downward trend". Tá dhá rud ansin. Tá an BAI ag rá le roinnt blianta gur theastaigh tuilleadh infheistíochta ag TG4 agus freisin go raibh titim sa sciar lucht féachana a bhí ag TG4 le roinnt blianta. Dúradh freisin go raibh sé tábhachtach that "the focus should be on targeting to maintain their market share". Arís, fócas ag teacht ansin ón BAI. Tá tuairisc dhifriúil eile ann atá an-tábhachtach. Nuair atá an BAI ag labhairt leis an lucht féachana, cén sórt freagra a bhí siad ag fáil ón lucht féachana? An rud a tháinig ar ais ná go raibh "the potential to improve in relation to compelling and entertaining programming that people simply want to watch" ag TG4. Domsa bhí go leor leor markers ansin ar an gcaoi gur cheart dúinn dul.

Ar an gceathrú sleamhnán, tá léaráid leis an acrainm GAFA - Google, Apple, Facebook, Amazon - air. Ceapann muid go bhfuil TG4 óg ach, má bhreathnaíonn muid ar na comhlachtaí sin uilig agus na hathruithe ar an earnáil, tháinig athrú mór sa deich mbliana théis do TG4 teacht ar an aer. Tá muid níos sine ná Amazon, Google, Facebook agus YouTube agus anois ní féidir a bheith ag craoltóireacht gan a bheith ag cuimhneamh ar an acrainm GAFA.

Tá roinnt eolais ar sleamhnán 5 faoi connectivity. Tuigeann an coiste go bhfuil connectivity ag an duine óg tríd an bhfón. Sin athrú mór ar an aeráid a bhaineann le TG4.

Ar sleamhnán 6, tá eolas faoi na meáin shóisialta agus go háirid an tábhacht a bhaineann le Facebook. Caithfimid cuimhneamh gur comhlacht í Facebook a bhfuil a cheannáras Eorpach lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Arís, maidir le craoltóireacht, ní féidir gan a bheith ag breathnú ar na meáin shóisialta.

Is léir ó shleamhnán 7 go bhfuil an-tábhacht fós le live TV. Ó thaobh daoine ag breathnú ar fhiseáin, fós an rud is tábhachtaí ná an teilifís. An dara rud is tábhachtaí ná an teilifís atá á thaifead ar bhosca ar nós Skybox nó Virgin box etc. Ina dhiaidh sin, tá video on demand. Tá an saol ag athrú ach tá an-tábhacht fós leis an teilifís líneach.

Maidir leis an gcéad sleamhnán eile, tá sé an-suimiúil go bhfuil fás ag teacht ar an rud a dtugann muid short form video air. Tá daoine tosaithe ag breathnú ar míreanna beaga de dhá nó trí nóiméad. Tá an chuid is mó acu sa tír seo i mBéarla mar a bhfuil sa gcuid den domhan atá ag feidhmiú trí Bhéarla. Tá obair le déanamh air sin mar chuid den straitéis.

Ar shleamhnán 9, léiríonn muid i ndáiríre go bhfuil ar a laghad cúig aoisghrúpa difriúla den lucht féachana ann. Má bhreathnaíonn muid ar na daoine atá os cionn 55 bliain d'aois, ar éigean go bhfuil an patrún féachana athraithe le cúig bliana. Má bhreathnaíonn muid ar an aoisghrúpa is óga, téann páistí díreach go tablets nuair atá siad ag cuartú content. Tá teilifís bheo fós an-tábhachtach do dhaoine idir 12 agus 17 bliain d'aois ach tá an-suim acu i short form videos. Feicfidh an coiste go bhfuil difríocht an-mhór sna demographics. Is féidir beagnach a rá go bhféachann daoine atá os cionn 35 bliain d'aois ar theilifís líneach faoi láthair. Maidir le daoine atá faoi 35 bliain d'aois, caithfidh muid teacht ar bhealach le freastal ar an lucht féachana sin.

Ar shleamhnán 10 níl ann ach uasdátú ar cén chaoi a raibh TG4 in 2016. An-láidir leis an gcroí-lucht féachana agus é sin daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá. Bíonn 92% acu ag breathnú air gach seachtain. Tá beagnach 500,000 duine ag breathnú ar TG4 in Éirinn gach lá. Níl aon mheán Gaeilge in aice leis nó cosúil leis. Le go leor de na meáin Ghaeilge, tá muid ag caint ar 10,000 duine. Le TG4, tá muid ag caint ar beagnach 500,000 duine.

Cén scála ama atá i gceist ansin? Tá siad ag breathnú ar TG4, ach an nóiméad amháin nó uair an chloig atá i gceist ansin?

Mr. Alan Esslemont

Le haghaidh na haimsire sin, is nóiméad amháin atá i gceist. Bíonn nóiméad amháin, trí nóiméad agus 15 nóiméad i gceist. Is féidir linn briseadh síos a thabhairt don choiste. Tá sé an-tábhachtach go bhfuil an leibhéal awareness sin ann, áfach. Is é nóiméad amháin an tslat tomhais atá ag an BAI le haghaidh muide agus le haghaidh RTE agus TV3. Sin an fáth go bhfuil muid ag obair mar sin.

Den chéad uair ó bhí 2009 ann, tháinig méadú ar sciar náisiúnta TG4 in 2016. Mar atá 2017 ag dul ar aghaidh, tá muid an-dóchasach gur féidir linn an méadú sin a choinneáil ag imeacht. Má tharlaíonn sé dhá bhliain i ndiaidh a chéile, is é a bheadh i gceist ná gurb é an chéad uair a tharla méadú dhá bhliain as a chéile ó bhí 2004-05 ann.

Maidir le haimsiú náisiúnta seachtainiúil sa bPoblacht, bíonn beagnach leath den tír uilig ag breathnú ar TG4 ag am éigin i gcaitheamh na seachtaine. Arís, níl aon mheán Gaeilge cosúil leis. Cé go bhfuil na céadta cainéal ar fáil do dhaoine in Éirinn, tá muid anois sa seachtú háit i measc na gcainéal is mó féachana. Mar gheall ar an obair atá muid ag déanamh leis na meáin shóisialta, tháinig méadú de bheagnach 40% ar an méid daoine atá ag breathnú ar sheinnteoir TG4 ar an Idirlíon.

Tá an chéad sleamhnán eile casta. Tá mé an-sásta am a chaitheamh air á mhíniú. An straitéis atá ag TG4 ná straitéis twin pole. Théis 20 bliain is féidir linn a rá go bhfuil an úsáid a bhaineann daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá nó gach seachtain as TG4 go hiomlán difriúil ón úsáid a bhaineann an chuid is mó de na daoine - is cuma beagáinín Gaeilge a bheith acu nó gan Gaeilge a bheith acu chor ar bith. I ndáiríre, tá muid ag breathnú ar dhá phota: pota amháin le 200,000 duine - sin daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá nó gach seachtain - agus pota eile le 4 milliún duine.

An rud is tábhachtaí do na daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá nó gach seachtain ná an nuacht, drámaíocht agus siamsaíocht. Ar bhealach, úsáideann daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá TG4 mar a úsáideann an chuid is mó den náisiún seo RTÉ1 nó mar a úsáideann na Sasanaigh BBC1. Má tá muid ag cuartú uimhreacha móra náisiúnta, tagann daoine go dtí muid ach tiocfaidh siad le haghaidh seánraí atá restrictive. Tiocfaidh siad le haghaidh spórt náisiúnta, mar a chonaic muid Dé Domhnaigh, le haghaidh ceol náisiúnta, mar a chonaic muid ag an bhfleadh, agus le haghaidh faisnéise náisiúnta. Níl aon taxi driver anois i mBaile Átha Cliath nach deir liom, "You have great documentaries." Níl aon dabht faoi. Sin na réimsí náisiúnta má tá muid ag cuartú uimhreacha náisiúnta.

Nuair a thosaigh TnaG, chraol muid, mar a deirim, straight down the middle. Níor éirigh leis an straitéis sin. Is é atá á rá againn leis an straitéis twin pole ná go gcaitheann muid cuid den am freastal ar an 200,000 agus cuid den am caitheann muid dul amach agus an doras a oscailt le haghaidh an 4 mhilliún. Go dtí seo i mbliana, tá ag éirí leis.

Tá muid ag réiteach straitéis nua le haghaidh an BAI. Tosóidh an straitéis nua seo i mí Eanáir an bhliain seo chugainn. Tá sé bunaithe ar trí bhunphrionsabal: fás, comhpháirtíocht agus cothrom na Féinne. Maidir le fás, tá sé i gceist againn méadú a chur ar an lucht féachana náisiúnta. Tá sé i gceist againn cur le heacnamaíocht chruthaitheach na hÉireann agus cabhrú le hidirnáisiúnú na hearnála léirithe. Tá sé i gceist againn cur le stádas agus normalú na Gaeilge freisin.

Maidir le comhpháirtíocht, níl an t-airgead atá ag an gcuid is mó de chraoltóirí againn ach is féidir linn an branda agus na hacmhainní atá againn a úsáid má oibríonn muid mar chomhpháirtí. Cuirim san áireamh ansin a bheith ag obair mar chomhpháirtí le RTÉ, leis an BBC agus leis an BAI agus, mar a chonaic muid Dé Domhnaigh, mar chomhpháirtí leis an Ladies Gaelic Football Association, LGFA, leis an GAA agus le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Is féidir linn oibriú mar chomhpháirtí an-mhaith.

Maidir le cothrom na Féinne nó solidarity, cuirim san áireamh ansin an croí-lucht féachana - an 200,000 duine a labhraíonn Gaeilge. Níl ann ach méid áirid beag ach caithfear cothrom na Féinne a thabhairt do na pobail a roghnaíonn Gaeilge a labhairt agus a labhraíonn Gaeilge sa mbaile lena dteaghlaigh. Caitheann muid freisin tacú le comhionannas inscne. Creidim go bhfuil an obair atá muid ag déanamh le spórt na mban thar a bheith tábhachtach. Caithfidh muid cur le tallann nua. Go leor den tallann nua Béarla a fheiceann muid ar RTÉ, thosaigh siad in áit amháin agus is í sin TG4.

Caitheann muid cuimhneamh ar an crash. Déanann daoine dearmad air. Chaith mise an chuid is mó den am sin thall in Albain. Tá muid tar éis dul i gcleachtadh ar an crash agus, de réir a chéile, rudaí ag teacht ar ais. D'fhág an crash rian ar go leor den struchtúr, áfach, agus scaití déanann muid dearmad air sin. Bhí fás agus bhí straitéis maidir le fás idir, cuir i gcás, 2001 agus 2007 san earnáil agus sa chraoltóireacht, ach tá sé sin briste as a chéile agus caithfear cuimhneamh air sin.

Ag am áirid san 1880í, díreach ag dul leis an globalisation flow, na spóirt is láidre a bhí i gCill Chainnigh ná cricket agus, ina dhiaidh sin, tennis. Dá mbeadh daoine ag dul leis an globalisation flow ag an am sin, ní bheadh an GAA againn inniu agus ní bheadh laethanta mar a bhí Dé Domhnaigh againn. Ní bheadh ceol Éireannach ann nó ní bheadh sé chomh láidir is atá sé. Ag pointe áirid, ní féidir just dul leis an globalisation flow. Caithfear infheistíocht a dhéanamh sa rud dúchasach. Mar a deirim, rinne an GAA, Conradh na Gaeilge agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann infheistíocht sa rud dúchasach. Théis an crash, ná déan dearmad gur briseadh rudaí agus gur fiú ag an am seo infheistíocht a dhéanamh arís sa rud dúchasach.

Sa phlean cúig bliana atá muid ag déanamh don BAI, tá muid ag rá gur chóir dúinn tabhairt faoi deara go raibh crash eacnamaíochta ann. Mar gheall ar an crash, bhí ar TG4 fócas a chur ar chostais agus, de réir a chéile, tháinig production focus in áit audience focus isteach sa bhealach oibre a bhí againn. Tá €6 mhilliún níos lú againn ná mar a bhí againn roimh an crash agus tá muid den tuairim, agus tá sé sa tuarascáil de chuid an BAI, go bhfuil deis ann ag an bpointe seo, i mí Eanáir 2018, tosaigh air sin arís. Níl muid ag cuartú ach restoration den €6 mhilliún. Cuirfidh muid an t-airgead sin isteach san earnáil agus cuirfidh muid fás ar an eacnamaíocht chruthaitheach.

Tá deis cabhrú le léiritheoirí Gaeilge ní hamháin fás trí Ghaeilge ach fás go hidirnáisiúnta. Le bliain na Gaeilge an bhliain seo chugainn, tá deis ann don chomhoibriú idir muidne, RTÉ agus Creative Ireland tús a chur arís leis an móiminteam atá caillte beagáinín ag an nGaeilge. Caithfidh muid cuimhneamh go raibh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ag fás agus ag fás agus go raibh tionchar ag an crash air sin. Is féidir móiminteam a chur leis arís agus is féidir ról a bheith ag TG4 ansin.

Tá dhá rogha ag an bpointe seo. Is féidir linn stad a chur leis an síor-titim agus is féidir linn fás arís nó tá rogha eile ann.

Is féidir linn fás arís. Faoi dheireadh thiar thall, mura dtiocfaidh infheistíocht nua isteach i TG4, tá baol an-mhór go leanfaidh an síor-thitim seo, go leanfaidh sé agus go leanfaidh sé agus nach mbeidh an tionchar céanna ag infheistíocht atá ag dul isteach i TG4 agus ba cheart. Tá baol ann freisin go dtitfidh sé isteach sa rud a dtugaim an "digital jungle" air, i measc na céadta de chainéil nach bhfuil daoine ag breathnú orthu go rialta. Táimid ag iarraidh ar an gcoiste tacú leis an iarratas atá againn agus leis an straitéis. Dar linn, tá an t-aiseolas ón BAI an-láidir go fóill. Iarraimid ar an gcoiste tacú le hinfheistíocht i TG4 - infheistíocht nach dtéann níos faide ná restoration, suim de €6 milliún thairis na cúig bliana atá romhainn. Sin an t-iarratas atá againn. Creidimid gur féidir linn athrú ó bhun a dhéanamh. Chonaic an coiste an comhoibriú idir TG4 agus peil na mban agus an tionchar gur féidir a bheith aige sin ar sochaí na hÉireann. Chonaic an coiste "Fleadh TV" agus an tionchar gur féidir le TG4 imirt ar sochaí na hÉireann. Is féidir linn i bhfad níos mó a dhéanamh ach teastaíonn an infheistíocht a chaill muid a fháil ar ais.

Ar mhaith le héinne eile labhairt ar an bpointe sin?

Mr. Pádhraic Ó Ciardha

B'fhéidir go bhféadfainn focal amháin a chur leis sin agus is é seo é, díreach ar imeachtaí an Domhnaigh i bPáirc an Chrócaigh, caithfear cuimhneamh ar dhá rud. Nuair a imríodh cluiche ceannais na hÉireann i bpeil na mban sa mbliain 1992 - thug muid an fhoireann jubilee amach ar an bpáirc an lá cheana - bhí 3,200 duine i láthair ag an gcluiche ceannais. Bhí 46,000 i láthair Dé Domhnaigh seo caite. Sin an chéad rud. Is é an dara rud ná go raibh chuile nóiméad den chraoladh iontach teilifíse sin léirithe ag comhlacht atá lonnaithe in áit nach raibh cáil na teilifíse air roimh 1995, sin sa Rinn i bPort Láirge. Tá an comhlacht sin ag léiriú cláir teilifíse dúinn, do chainéil eile sa tír seo agus do chainéil eile thar lear. Tá gnólachtaí eile ar fad ar bun aige chomh maith leis an méid cláir atá sé ag déanamh. Ní tharlaíonn sé sin gan dhá rud: tacaíocht agus samhlaíocht. Chonaic na baill iad féin an méid a tharla ansin Dé Domhnaigh seo caite.

D'aimsigh TG4 bearna sa mhargadh roinnt blianta ó shin. Ní raibh an spórt iontach dúchasach atá againn ag fáil cothrom na Féinne ó na craoltóirí eile ná na meáin eile. Chreid muid ann agus cheannaigh muid na cearta ar choinníol go mbeadh comhpháirtíocht againn leo, ní hamháin na cearta craolta, ach go mbeadh muid mar urra ar an gcomhlacht. Bhíomar ag iarraidh cineál nua caidrimh a bhunú. D'fhás muid le chéile. Tá urraí eile ag Cumann Peil Gaelach na mBan le haghaidh comórtas eile. Ní fheicimid é sin mar iomaíocht. Feicimid é sin mar dheis chomhoibrithe. Ba thoradh iontach í an Domhnach, cé go raibh tuairim eile ag daoine, b'fhéidir, ar thoradh an cluiche féin.

Toradh iontach ar fad.

Mr. Pádhraic Ó Ciardha

Bheadh daoine eile ar tuairim eile. Léirigh imeachtaí uile an Domhnaigh, idir daoine a bhí i láthair sa staid agus daoine a bhí ag féachaint ar an teilifís, na céadta míle acu, céard is féidir a bhaint amach leis an dá rud sin: acmhainní agus fís. Tá an fhís againn. Ba mhaith linn go dtabharfaí na hacmhainní dúinn.

Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil mar beidh orm imeacht i gceann cúpla nóiméad le páirt a ghlacadh i ndíospóireacht. Tacaím go hiomlán leis an éileamh ar níos mó maoinithe. Is fíor a rá go bhfuil gá leis. Mar a dúirt na finnéithe, tá formhór den phobal ar aon fhocal ó thaobh caighdeán iontach na gclár faisnéise, stair, spóirt ach go háirithe, agus dramaíochta. Tá léargas maith tugtha ar an aistriú ó thaobh daoine níos óige agus ar an tslí ina mbreathnaíonn siad ar na meáin - físeanna gairid agus cláir taifeadta den chuid is mó. Ar an gcéad dul síos díreoidh mé ar na físeáin gairid. An bhfuil mórán oibre déanta go fóill ag TG4 faoi conas go bhféadfadh sé dul i ngleic leis sin? An bhfuil straitéis ó thaobh cláir do leanaí agus an saghas sin de rud? Cad atá i gceist?

Mr. Alan Esslemont

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tá straitéis ann. Go pearsanta, tá cúigear gasúr agam féin idir 20 agus 30. Feictear go bhfuil siad ag úsáid na meáin i mbealach go hiomlán difriúil. Tá Ms Ní Dhálaigh i gceannas ar an straitéis a bhaineann leis seo agus b'fhéidir go n-iarrfainn uirthi labhairt faoi.

Ms Lís Ní Dhálaigh

Ó thaobh stuif do dhaoine óga agus leanaí, tá cuid mhaith ar bun againn cheana féin dóibh sin. Araon leis na cláir atá ar an teilifís, tá seinnteoir faoi leith do pháistí - seinnteoir Cúla 4. Táthar ábalta féachaint ar chláir do leanaí am ar bith den lá. Cláir do leanaí bunscoile agus réamhscoile atá i gceist. Ina theannta sin, tá roinnt obair déanta againn ó thaobh ábhair a chruthú i gcomhair fhoghlaim na teanga. Tá roinn aipeanna sa tsraith "Cúla Caint" tugtha amach le cabhrú le leanaí a bhíonn ag foghlaim na teanga. Táimid ag déanamh go leor oibre ó thaobh ábhar YouTube do pháistí níos óige freisin. Is tríd YouTube a bhíonn siad ag féachaint ar go leor den ábhar níos giorra. Tá sé sin ann cheana féin i gcás leanaí níos óige.

I gcás lucht féachana níos sine, daoine idir 15 agus na luath 20í nó mar sin, táimid i mbun ardán nua meán sóisialta a thosú don lucht féachana sin faoi láthair. Is macasamhail rud atá i mbun ag an BBC thall san Albain darb ainm BBC The Social é. Is ardán é ina gcuirfimid ábhair dár gcuid féin ar fáil, ach is spás é le haghaidh user-generated content freisin. Beidh an lucht féachana sin in ann ábhar a chur ar fáil air chomh maith. Tá sé sin ar bun againn faoi láthair agus tá súil agam go mbeidh toradh na hoibre sin le feiscint go luath an bhliain seo chugainn.

An bhfuil na apps sin agus an roinnt den content sin ar fáil sa Tuaisceart freisin?

Ms Lís Ní Dhálaigh

Tá. Tá an t-ábhar ar fad atá againn ar fáil ar fud na cruinne. Táthar ábalta teacht ar an ábhar seo áit ar bith ar domhan. Maidir le cuid de na cláir atá ag an seinnteoir atá againn, más cláir iad a bhí ceannaithe ag an mhargadh idirnáisiúnta, b'fhéidir go bhfuil srianta áirithe orthu siúd. Tá siad ar fáil sa 32 Chontae, agus tá cuid acu ar fáil áit ar bith ar domhan, ach tá srian faoi leith ar chuid acu más ceannaithe ar an mhargadh idirnáisiúnta atá siad.

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom tréaslú le TG4 as ucht 20 bliain a bheith slánaithe agus as an obair atá curtha i gcrích. Tiocfaidh mé ar cheist an airgid ar ball. Is dóigh liom go bhfuil go leor polasaithe ag an Stát a bhfuil tionchar acu ar TG4. Tá sé thar a bheith spéisiúil go luann na finnéithe an 2 milliún nó níos mó a deir sa daonáireamh go bhfuil Gaeilge acu mar go minic, nuair a bhímid ag caint ar mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna, cuirtear ceisteanna faoi cén mhaith é úsáid na Gaeilge tar éis na scoile. Níl ach 200,000 duine nó mar sin ann a labhraíonn í go seachtainiúil. Déantar dearmad go bhfuil an 2 milliún sin, go mórmhór, ag breathnú ar rudaí leithéid í TG4 spórt agus mar sin de. Tugann siad cuid mhaith den tráchtaireacht agus rudaí den chineál sin leo, ach b'fhéidir nach dtabharfaidís leo an nuacht. Mar sin, tá na polasaithe ar fad fite fuaite trína chéile. Murach go raibh an polasaí sin ann ó bunaíodh an Stát, ní bheadh an tobar sin mar a chéile. Bheadh an Ghaeilge ina teanga strainséartha uilig do na daoine nach bhfuil ag labhairt na Gaeilge chuile lá.

Ba mhaith liom dhá rud a rá sa gcomhthéacs sin. Bhí an straitéis 20 bliain bunaithe ar líon na gcainteoirí Gaeilge laethúil a mhéadú, ach bhí sé dírithe freisin ar líon na ndaoine a deireann go bhfuil Gaeilge acu a mhéadú trí feabhas mór a chur sa gcóras oideachais. Feictear domsa go bhfuil rath leithéid í TG4 ag brath go mór ar chur i bhfeidhm na straitéise ar an gcaoi sin. Ag dul ar aghaidh le TG4 agus ag glacadh leis an teoiric atá ag na finnéithe, creidim féin go bhfuil sé mar bhuncheart seirbhís chuimsitheach teilifíse a bheith ar fáil i nGaeilge dóibh siúd a labhraíonn an Ghaeilge, go seachtainiúil nó go laethúil, agus go gcaithfear díriú ar an dream sin ó tharla gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil. Is leor é sin mar réasún. Ní cheart gur ceist costais a bheadh ann. Agus é sin ráite, tá go leor den dream sin freisin i measc an dreama a bhreathnaíonn ar na cláir eile Gaeilge. Ní minic a bhreathnaím ar teilifís, ach má bhím sa mbaile agus má thosaím ag breathnú ar na cainéil, tá go leor de na cláir d'ardchaighdeán. Cinnte go bhfuil an nuacht agus rudaí mar sin d'ardchaighdeán, ach chomh maith leis sin tá cláir eile ar a bhfuil i bhfad níos mó daoine ná sin ag breathnú orthu den chaighdeán céanna. Tá an-spéis agam mar shampla sa bpeil agus i bpeil na mban le blianta fada.

Breathnaím ar na cluichí sin nuair a bhíonn deis agam. Tá TG4 ag freastal ar dhá phobal - pobal an 200,000 móide san áireamh - agus ba cheart breathnú air mar sin. Bheadh daoine ann nach dtuigfidís an cúram - níl mé ag rá TG4 - agus a déarfadh "is cuma faoin 200,000, ba cheart do TG4 díriú ar an mhargadh mór". Dar liom, tá sé de cheart an nuacht, cúrsaí reatha agus mar sin de a fháil trí Ghaeilge.

B'fhéidir go bhféadfadh na finnéithe ceist amháin a fhreagairt. Má thógaimid an lá ó 8 a.m. go 12 meánoíche, nó an gnáthlá teilifíse, mar bíonn go leor rudaí éagsúla tar éis meánoíche suas go dtí 7 a.m. nó 8 a.m. ar maidin, cé mhéad den am sin a bhfuil dírithe ar an 200,000 faoi láthair agus cé mhéad ar an 4 milliún? Cé mhéad rudaí Béarla a cheannaítear isteach le ham a líonadh atá ann? Tuigim cén fáth go ndéantar é sin. Bhí mé i bhfabhar an pholasaí sin. Cé mhéad atá sa tríú haicme? Níl mé ag caint ar "Euronews" and whatever a bhíonn ar bun ó mheánoíche go dtí 6 a.m. Tá mé ag caint ar an ghnátham ina mbíonn daoine ag breathnú ar an teilifís.

Mr. Alan Esslemont

Níl na figiúirí beachta agam ach-----

An bhfuil tuairim ag an Uasal Esslemont? An ceathrú é nó mar sin?

Mr. Alan Esslemont

I gcaitheamh an lae, tá an sceideal tugtha beagnach go hiomlán do pháistí. Faoin am seo, tá a fhios againn gur páistí le Gaeilge atá ann. Is croílucht féachana atá ag breathnú i gcaitheamh an lae. Na huimhreacha atá againn i gcaitheamh an lae go náisiúnta, tá siad-----

Ní sin an t-eolas a bhí uaim. Má fheictear ar an tréimhse idir luath-maidin agus ardtráthnóna, cé mhéad de sin gur stuif atá déanta do TG4 é agus cé mhéad de sin gur stuif Béarla a ceannaíodh isteach leis an am a líonadh é? Sampla de sin ná the westerns agus na rudaí sin.

Mr. Alan Esslemont

In daytime, baineann an cuid is mó le páistí. Is croí-lucht féachana iad. I primetime táimid ag breathnú ar-----

Ms Lís Ní Dhálaigh

Braitheann sé ar an oíche. Bíonn scannáin againn trí oíche sa tseachtain agus oícheanta eile b'fhéidir go mbeadh spórt beo ar siúl. Tá sé sin go hiomlán dírithe ar ár gcroílucht féachana agus ar an lucht féachana eile.

Bíonn rudaí dátheangacha ag TG4. Cé mhéad de sin atá i nGaeilge agus cé mhéad de sin atá i mBéarla amháin, rudaí a cheannaíonn TG4 go tráchtúil le ham a líonadh? Cé mhéad maoinithe breise a caithfidh a bheith ag TG4 le go bhféadfadh sé an lá a líonadh le stuif atá déanta do TG4 a cheannaítear ar mhaithe le craoladh den 4 milliún duine sin? Cláir i nGaeilge atá i gceist agam, rudaí ar nós na documentaries ina mbíonn giotaí Béarla agus giotaí Gaeilge san áireamh. Cé mhéad a chosnódh sé?

Mr. Alan Esslemont

Maidir leis an chuid is mó den ábhar Béarla, níl ann ach na scannáin agus roinnt sraitheanna. Osclaíonn sé sin doras do dhaoine nach gcuimhníonn ar an nGaeilge ar chor ar bith ach a bhfuil a fhios acu go bhfuil roinnt rudaí ansin acu as Béarla. An rogha eile ná an chaoi ina n-oibríonn S4C. Oibríonn S4C ar rud a dtugaim straitéis "single pole" air. Tá sé ag díriú go hiomlán, dar leis féin, ar dhaoine a labhraíonn Breatnais. Má bhreathnaítear ar na huimhreacha féachana, áfach, ní thagann daoine gan Breatnaise in aice le S4C. Maidir le daoine le Breatnais, cainteoirí líofa Breatnaise, is é an aimsiú seachtainiúil de chainteoirí líofa Breatnaise ag S4C faoi bhun 30%. Tá TG4 ag 92%. Tá baol ann nuair a dhúntar doras, go háirithe sa tsochaí seo. Tá an tsochaí seo athraithe go hiomlán, tá go leor daoine tagtha sa tsochaí nach bhfuil aon chomhrá Gaelach acu, ach b'fhéidir go dtiocfaidís chugainn mar gheall ar "Breaking Bad" agus ansin go bhfaighidís amach rud eile. Feictear domsa go léiríonn an straitéis atá ag S4C baol an-mhór do straitéis TG4.

Is cuimhin liom daoine ag rá go mbreathnaíonn siad ar na westerns nuair a bhíonn siad ar TG4. Tá sé sin thar cionn agus tuigim gur rud dearfach é. Tharla rud greannmhar dom lá amháin. Bhí mé ar Nuacht TG4. Mar a tharla, bhí mé ag caint le haontachtóir láidir sa Tuaisceart an lá dár gcionn agus dúirt sé gur chonaic sé mé ar an teilifís an oíche roimhe. Dúirt mé nach raibh sé in ann mé a fheiceáil ar an teilifís. Ní raibh mé ar aon teilifís inné ach ar TG4. Dúirt sé gur chonaic sé mé ar TG4. Chas mé leis i ndiaidh sin agus chuir mé ceist air, cén fáth a raibh sé ag breathnú ar TG4? Dúirt sé go mbíonn sé ag breathnú ar na westerns. So tuigim an rud atá Mr. Esslemont ag rá go pointe, ach an bhfuil aon chruthúnas ann, má thosaíonn an dream gan Gaeilge ar bith ag breathnú ar rudaí mar sin, go dtosaíonn siad ag breathnú ar chláir dhátheangacha? An dtosaíonn siad ag breathnú ar-----

Mr. Alan Esslemont

Tá an cruthúnas ann. Níl aon dabht faoi. Is féidir linn na figiúirí a léiriú.

Bheadh an-spéis agam ann.

Mr. Alan Esslemont

Maidir leis an sampla atá tugtha ag an Teachta, tá sé sin díreach an rud atá tábhachtach. Tá sé an-tábhachtach go dtiocfaidh méadú ar an nGaeilge, cuir i gcás sa Tuaisceart, ní mar chomhartha ar aon náisiúntacht ach mar theanga, agus go bhfeicfidh daoine nach bhfuil aon bhaol ansin agus gur féidir leis an Gaeilge déileáil le go leor rudaí. Ach caithfear an doras a fhágáil ar oscailt. Fuair muid é sin amach go minic in Albain. Tuigeann an Teachta an cás in Albain, áit a bhfuil ar éigean 60,000 cainteoir dúchais agus ansin níl aon duine i ndiaidh sin.

Níl 4 milliún ann.

Mr. Alan Esslemont

Má fhágtar an doras ar oscailt, má fheiceann daoine ar fud an náisiún agus ar fud an oileán go bhfuil TG4 úsáideach dóibh, beidh siad níos báúla leis an teanga. Déarfaidh siad go bhfuil TG4 úsáideach dóibh agus go bhfuil an Ghaeilge úsáideach dóibh, cé nach iad na cláir Gaeilge is mó a bhfuil siad ag breathnú orthu. Baineann baol an-láidir le sampla S4C.

Tabharfaidh muid deis do dhaoine eile agus tiocfaidh mé ar ais chuig an Teachta.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus gabhaim buíochas leo. Tá cúpla ceist agam. Gabh mo leithscéal nár thuig mé sleamhnán 17 den chur i láthair. An bhféadfadh na finnéithe é sin a mhíniú dúinn beagáinín? Is é sin an sleamhnán dar teidil "Ag cur stad le síor-thitim agus fás arís". Cad iad na figiúirí sin? Céard a léiríonn siad?

Mr. Alan Esslemont

Baineann na figiúirí sin leis an sciar. Tá an Seanadóir ag breathnú ar sleamhnán ar a bhfuil bar charts oráiste agus gorm. Léiríonn siad an sciar den lucht féachana náisiúnta a bhí ag TG4. As na céad blianta, le TnaG, bhí an sciar sin an-íseal. D'athraigh sé beagnach ar an bpointe gur athraigh muid go TG4 agus mhéadaigh sé ar feadh roinnt blianta. Mar a tharla le go leor de na public service broadcasters, tá titim tar éis teacht ar sin. An cheist a bhí ag an BAI orainn ná cén áit a dtagann stad leis an titim, nó an gcaithfidh an titim dul ar aghaidh agus ar aghaidh.

Go bunúsach, i 2005 bhí sciar 3.2% den daonra iomlán ag breathnú ar TG4.

Mr. Alan Esslemont

Bhí.

Bhí gar don fhigiúir sin i gcás craoltóireacht ag an príomham, nó primetime mar a deireann Mr. Esslemont.

Mr. Alan Esslemont

Go díreach.

Cad é an príomhfáth go raibh an titim sin ann ó 3.2% go 1.8%? Céard a tharla?

Mr. Alan Esslemont

Tharla sé le go leor de na public service broadcasters. Tharla an rud céanna leis an BBC agus le RTÉ. Tháinig iomaíocht isteach agus tháinig méadú mór ar na cainéil. Ar bhealach, an scéal-----

Ba iomaíocht ó chainéil eile phríobháideacha é sin.

Mr. Alan Esslemont

Níl an scéal le TG4 chomh difriúil sin ó na cainéil eile. Cuireadh an cheist orainn an gciallaíonn sé sin go gcaithfidh an titim sin leanúint go zero. Is ceist an-tábhachtach í agus ceist go gcaithfimid díriú uirthi. In 2016 d'éirigh linn méadú a bhaint amach den chéad uair ó 2005 mar gheall ar infheistíocht bhreise de €1 milliún a bhfuair muid ón Rialtas i gcomhair 2016. I mbliana, breathnaíonn sé go mbeidh muid ag méadú arís mar gheall, go pointe, ar roinnt rudaí atá déanta againn leis an sceideal. Tugaim "sweating the assets" air. Ní féidir leanúint leis sin. Ag pointe áirithe tosófar ag dó ola agus titfidh an engine uilig as a chéile. Sin an fáth go bhfuil muid inár gcás le haghaidh infheistíochta.

An bhféadfainn ceist eile a chur le cead an Chathaoirligh? I dtosach báire, tréaslaím le TG4. Is duine mise a bhaineann an-taitneamh as. Táim an-tógtha leis an éagsúlacht atá le fáil ar TG4. Fan liom leis an gceist seo. Amanta breathnaím ar "Ceol Tíre". Is cuimhin liom laethanta m'óige féin ina bhfeicfí Brendan Shine nó daoine den leithéid sin ar RTÉ1 nuair nach raibh ach an dá chainéal ann. Feictear rudaí anois ar TG4. Tá éacht déanta maidir le cúrsaí spóirt agus tuigim an pointe a dhéanann na finnéithe faoi dhaoine a mhealladh trí rudaí le radharc leathan ar an daonra agus mar sin de. Feictear dom go bhfuil go leor bealaí inar féidir idirdhealú a dhéanamh idir TG4 agus na cainéil eile.

Is duine mise a bheadh ag tabhairt amach faoi na meáin agus faoin gcaoi ina mbíonn siad amanta claonta ar cheisteanna tromchúiseacha mo linne. Feictear ar chláir nuachta TG4 go bhfuil beagáinín níos mó meas ar an éagsúlacht atá sa tír ó thaobh an dearcadh a bhíonn ag daoine ar cheisteanna áirithe. Ní ghabhfaidh mé níos faide leis sin. An bhfuil sé d'aon ghnó go bhfuil cláir ar nós "Ceol Tíre" ann agus go bhfuil súil ar an taobh sin tíre á dhéanamh ag TG4? An bhfuil na finnéithe in ann aon rud a rá liom faoi sin? An bhfuil TG4 ag lorg daonra ar leith nó sciar ar leith den daonra? Cén sórt staidéir atá déanta ag TG4 le go bhfeicimid an saghas output sin?

Mr. Alan Esslemont

Maidir leis an lucht féachana agus na comhlachtaí iontacha atá againn sa réigiún, táimid lonnaithe sa réigiún agus feictear go dtugaimid súil ar an saol sin níos fearr. Is é Pádhraic Ó Ciardha, an fear atá in aice liom, a chum an mana "súil eile". B'fhéidir go mbeidh sé in ann an sórt positioning a dhéanaimid maidir le hábhar a mhíniú.

Mr. Pádhraic Ó Ciardha

Tá rud amháin an-simplí faoi seo. Mar a dúirt an t-ardstiúrthóir ag an tús, murab ionann agus craoltóirí eile, is eagras an-bheag é TG4. Is é sin le rá go mbeadh an seans céanna go gcasfadh na daoine a dhéanann cláir dúinn linn ag an stáisiún peitril nó ag an mhargadh agus go gcasfadh siad linn ag cruinnithe móra comhlachta. Maraon leis an bhfoilsitheoir craoltóireachta, tá na comhlachtaí neamhspleácha sin lonnaithe sa bpobal. Tá suimeanna éagsúla ag an bpobal. Níl chuile duine in ann dul go dtí an Ceoláras Náisiúnta chuile oíche. Níl chuile duine ag iarraidh bheith ag éisteacht le rac-cheol. Faightear amach go bhfuil snáitheanna eile sa mbréidín iontach seo atá againn mar shochaí. Tá daoine ann ar mhaith leo ceol tíre. Le scór bliain anuas ní raibh sé faiseanta é sin a rá in áiteanna poiblí. Tá an t-éileamh sin ann. Níl ar dhuine ach breathnú ar aon halla damhsa i lár an tráthnóna. Bíonn daoine ag damhsa agus iad ag ól cupáin tae.

An té nach bhfuil láidir, caithfidh sé bheith glic. Tugtar faoi deara go bhfuil éileamh ar na rudaí seo. Ní féidir le haon chraoltóir seirbhíse poiblí freastal ar an bpobal mura bhfuil sé nó sí ar an eolas faoi mianta an phobail. Ní bheadh sé nó sí ag comhlíonadh a chuid dualgais mar is ceart. Tá sé sin fíor faoi pheil na mban agus tá sé fíor faoi "Ceol Tíre". Tá sé fíor faoin gceol traidisiúnta freisin. Nuair a bhí mise i mo fhear óg ba é an bealach a dtiocfadh ceoltóir traidisiúnta ar an teilifís ná go dtabharfadh go Bhaile Átha Cliath é. Cuirfeadh smideadh air, cuirfeadh isteach i stiúideo é faoi shoilse gléigeala. Scanródh an saol as an bhfear bocht nó as an mbean bhocht. D'fhág sé sin go raibh sé stromptha. Roghnaigh muid bealach níos simplí. Thug muid an ceamara amach go dtí an ceoltóir. Má bhí sé ag casadh sa teach tábhairne, sa bhaile nó sa tséipeal, thaifeadadh ansin é. Níl mé ag rá go bhfuil sé doiligh na rudaí seo a oibriú amach ach caithfear go mbeadh misneach ag an gcraoltóir. Nuair atáthar beag, tá deis ann rudaí a dhéanamh ar bhealach nuálach. Ní éiríonn le gach rud ach baintear triail as rudaí. Tá riosca i gceart. Muna n-éirítear, tugtar faoi rud éigin eile. Mar a dúirt an t-ardstiúrthóir, dírímid ar spórt den uile chineál agus ceol den uile chineál - traidisiúnta, clasaiceach agus tíre. Is scéalaithe iad muintir na hÉireann le 3,000 bliain. Níl sa teilifís ach scéalaí de chineál eile.

Is cuimhin liom fear a bhí aithne agam air amuigh san Airgintín. Rinne mé obair dheonach leis tráth. Ní mhaireann sé anois. An tAthair Liam Ó hAodha an t-ainm a bhí air. Bhí obair iontach ar siúl aige ansin. Bhí dhá Cheshire Homes aige san Airgintín. Bhí dinnéar i dTeach Laighin againn ag ceiliúradh tar éis na blianta a bheith caite aige ag obair agus mar sin de. Bhailíomar cúpla punt dó ar an oíche freisin. Ar an ócáid sin is cuimhin liom go raibh clár faisnéise a rinne TG4 faoi - nó a rinne comhlacht éigin do TG4 faoi - ann agus thaispeánamar é anseo do na 140 nó 150 duine a tháinig isteach. Bhí mé an-tógtha leis. Is é sin an sórt rud a dhéanann TG4. Bheadh cainéal eile ag fanacht ar an "angle", mar a dhéarfá. I am generalising, mar a deirtear, ach fair play do TG4 go bhfaca sé an scéal. Bhí Gaeilge ag an bhfear agus bhí suim mhór aige inti, dar ndóigh. Chabhraigh sé sin go mór leis an scéal. B'shin an chéad uair gur tuigeadh dom go raibh bearna sa mhargadh agus go raibh TG4 ag iarraidh é a líonadh. Sin a cheap mé ag an am ar aon nós, so fair play do TG4. Go n-éirí leis lena chuid oibre.

Níl ach cúpla ceist agam. Gabhaim buíochas as an chur i láthair. Tá an-chuid eolas ann. Ó bheith ag éisteacht leis na ceisteanna eile, tá freagra faighte agam ar chuid de na ceisteanna a bhí agam. Teastaím díriú isteach, ar feadh nóiméad amháin, ar an dá ghrúpa sin - an dá mhargadh - an 200,000 leis an Ghaolainn agus an 4 milliún. An rud a thuigim ná go bhfeiceann TG4 go bhfuil an fás is mó le fáil sa 4 milliún agus go bhfuil sé ag díriú orthu. Cén áit a mbraitheann na finnéithe go bhfuil an fás i ndán do TG4? Conas a bheadh a fhios acu? Cá bhfuil an cut-off point nuair a bhraithfidís "gosh, táimid imithe i bhfad ró-fhada ón Ghaeilgeoir go dtí an dream eile"?

Ceann de na spriocanna a bhí ar leathanach 1 den tuairisc Indecon ná an sciar margaidh atá ag TG4 a choimeád. Tá an-chuid luaite ansin maidir le peil na mban agus spórt. Tá suim agam díriú isteach ar an sciar margaidh a bhí ag TG4 leis an "Seó Spóirt". Tá an scéal tagtha chugam ó angles éagsúla go raibh go leor daoine míshásta nuair a stopadh leis sin. An bhfuil TG4 ag teacht salach ar an sprioc sin nuair atá a leithéid de chlár sin á chaitheamh uaidh? Conas a thiocfaí ar a leithéid de chinneadh chun rud a bhí ag éirí chomh maith leis sin ar feadh na blianta a chur ar leataobh? Tá sé soiléir go bhfuil bearna ann, fiú mar a luaigh na finnéithe, do seó anailíse ar an Aoine roimh cluiche pheil na mban ag an deireadh seachtaine - agus anailís an-informed a bheith ann. Conas a thiocfaí ar a leithéid de chinneadh? Nach bhfuil sé sin ag teacht salach ar an bplean chun sciar margaidh a choimeád?

Tá éileamh ansin chomh maith ar bhreis acmhainní agus breis airgid chun dul chun cinn. Cad go díreach a dhéanfadh TG4 leis dá bhfaigheadh sé é? Cad é an plean? Cad atá i ndán?

Mr. Alan Esslemont

Maidir leis an straitéis twin pole, níl aon dabht ach go bhfuil an dá dhream i dteannas a chéile. Tá slat tomhais éigin ann - Fios Físe. Tá a fhios againn go díreach cén sórt rudaí a bhfuil daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá nó gach seachtain ag breathnú air.

Mar a deirim, breathnaíonn siad - uimhir a haon - ar "Nuacht TG4" agus - uimhir a dó - ar "Ros na Rún". Is léir ó na TAM ratings gur ar éigean go bhfuil "Nuacht TG4" le feiceáil. Níl "Ros na Rún" chomh láidir le roinnt de na cláracha eile go náisiúnta. Caithfimid glacadh leis an straitéis twin pole. Chonaic mé nár éirigh leis an straitéis "straight-down-the-middle" a bhí ag TG4. Ba cheart glacadh leis go mbeidh an seans seo ann agus go gcaithfear cothromaíocht a choinneáil. Ní aontaím leis an méid atá ráite ag an Teachta faoin straitéis nua atá ag TG4. Is cinnte go bhfuilimid ag iarraidh fás a chur ar an sciar náisiúnta. Is ar éigean gur féidir linn fás a chur ar an sciar lucht labhartha na Gaeilge, ach táimid ag iarraidh go mbeidís ní ba sásta agus ní ba sásta fós. Déanfar iarracht an dá pole sin a choinneáil ina seasamh i gcaitheamh na cúig bliana atá romhainn. Beidh siad in aghaidh a chéile cuid den am, ach ní mar sin a bheidh i gcónaí. Is cinnte go raibh an dá chuid - an croí-lucht féachana agus an lucht féachana náisiúnta - ag breathnú Dé Domhnaigh seo caite, mar shampla. Beidh roinnt rudaí eile á dhéanamh againn freisin.

Cén slat tomhais atá ag Alan Esslemont? Conas a bheidh a fhios aige go bhfuil ag éirí leis? Conas a gheobhaidh sé amach go bhfuil sé claonta i dtreo dream amháin nó an dream eile? Conas a chinnteoidh sé go bhfuil freastal á dhéanamh ag TG4 ar mhuintir na Gaeilge?

Mr. Alan Esslemont

Is fear mór taighde mé. Tá painéal Fios Físe curtha ar bun idir TG4 agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Táimid an-sásta go bhfuil RTÉ tagtha i gcomhpháirtíocht linn faoi dheireadh. Beidh RTÉ in ann a rá don chéad uair cén tuairim atá ag an gcroí-lucht éisteachta i dtaobh Raidió na Gaeltachta. Go dtí seo, ní raibh acu ach national ratings. Tugann an painéal sin an-eolas dúinn ar na tuairimí atá ag daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá nó gach seachtain. Ní hamháin go leagann siad amach cé mhéad a bhreathnaíonn siad ar TG4, ach bíonn deis acu freisin a gcuid tuairimí a thabhairt ar rudaí an-luachmhara. Táimid ag oibriú leis na TAM ratings chomh maith ionas go mbeidh a fhios againn go díreach conas mar atá ag éirí linn go náisiúnta. Feictear dom go bhfuil tuairimí an-láidir ag chuile dhuine sa seomra seo faoin teilifís. Tá sé sin an-tábhachtach, ach is é an seó an rud is tábhachtaí. Tá ard-mheas agam ar thaighde lucht féachana.

Rinne mé an cinneadh deireadh a chur leis an gclár "Seó Spóirt". Ar an mbealach céanna leis an méid a bhí le rá ag Pádhraic Ó Ciardha faoinár gcláracha ceoil traidisiúnta, táimid ag iarraidh bheith amuigh ar an láthair. B'fhearr liom bheith amuigh ar an láthair ná istigh ar an couch le fir den chuid is mó. Mar a dúirt mé go poiblí ag ócáid lá breithe TG4, tá mé ag iarraidh go mbeadh "Nuacht TG4" ag breathnú chomh maith le nuacht BBC, nuacht RTÉ agus nuacht TV3. Ní dóigh liom go bhfuil sé sásúil go ndéantar "Nuacht TG4" faoi láthair istigh i gcúinne beag i stiúideo beag. Is é "Nuacht TG4" an flagship don chroí-lucht féachana ós rud é gurb é an clár is mó ar a mbreathnaíonn an grúpa sin. Faoi láthair, tá athrú á dhéanamh againn ar an stiúideo mór i mBaile na hAbhann. Tá sé i gceist againn go mbeidh cuma ar an stiúideo mar stiúideo mór nuachta. Tá clár an-suntasach nuachta againn i "Nuacht TG4". Feictear dom go bhfuil "súil eile" TG4 le feiceáil i "Nuacht TG4". Caithfimid an comhthéacs ceart proifisiúnta a chur ar fáil do "Nuacht TG4". Mar is léir don choiste, táimid ag leanacht le cláracha spóirt. Craolfar clár álainn faoin bPáirc Uí Chaoimh nua i gCorcaigh ar TG4 Dé Céadaoin. Is fiú go mór breathnú ar an gclár, atá mar shampla den chineál infheistíochta i gcláracha spóirt atá á dhéanamh againn. Tuigtear dom go bhfuil an chaoi ina ndéanann TG4 taifeadadh ar rudaí mar chuid den "súil eile". Nílimid sásta díreach daoine a chur isteach i stiúideonna. Is fearr linn dul amach chuig na daoine, cibé cén áit ina bhfuil siad. Feictear dom go bhfuil sé sin mar cheann de na rudaí gur mhaith linn a dhéanamh.

Bogfaidh mé ar aghaidh go dtí an tríú cheist.

Sula dtéann Alan Esslemont ar aghaidh ón ábhar sin, ba mhaith liom díriú arís ar an sciar den mhargadh atá ag cláracha éagsúla TG4. Tá sé soiléir go raibh lucht leanúna mór ag "Seó Spóirt", mar shampla. Is dócha go gcaillfear a leithéid de bharr an chinnidh atá déanta. An raibh anailís nó taighde déanta ar an gcinneadh sin?

Mr. Alan Esslemont

Le hais cláracha eile spóirt ar TG4, clár iontach a bhí ann. Molaim na daoine a rinne an cur i láthair agus na léiritheoirí. Ní raibh lucht féachana mór ag an gclár, ach ní hé sin an fáth gur stop muid é. I mbliana, nuair a bhí go leor díospóireachta faoin gclár, níor tháinig méadú ar líon na mbreathnóirí - chuaigh sé an bealach eile. Tá daoine ag iarraidh breathnú ar chláracha spóirt TG4. Nuair atá cluichí á gcraoladh againn, cuireann muid na láithreoirí amuigh ar an bpáirc. Feictear go leor daoine ar stáisiúin eile istigh i stiúideonna. Is cuma má tá sé ag cur báistí nó má tá sneachta ann, cuireann TG4 a gcuid daoine amuigh ar an bpáirc. Táimid ag iarraidh bheith i lár an aicsin. Feictear dom gurb é sin stíl "súil eile" TG4. Is léir gurb é sin an rud atá an lucht féachana ag iarraidh.

Mr. Pádhraic Ó Ciardha

Fad is atá an t-ardstiúrthóir ag tarraingt anáil, ba mhaith liom freagra a thabhairt ar an gceist a cuireadh faoi chúrsaí maoinithe. Sílim go bhfuil rud amháin eile tábhachtach le rá faoin aiseolas ón lucht féachana. Ní dóigh liom go bhfuil aon institiúid Ghaeilge a bunaíodh le mo linn a mbraitheann an pobal oiread úinéareachta air is a mbraitheann siad ar TG4. Tá tuairim maidir le TG4 ag chuile dhuine a bhfuil blaiseadh den teanga aige nó aici. Bíonn dea-thuairimí acu go minic, ach déanann siad cáineadh uaireanta. Buaileann an fón s'againne go minic nuair a ghlaonn an pobal orainn. Seolann siad ríomhphoist chugainn agus bíonn siad i dteagmháil linn ar na meáin shóisialta. Deireann said "ní maith liom é sin", "is maith liom é sin", "cén fáth go bhfuil an fear sin ar an teilifís?" nó "ní maith liom an bhean sin ag caint ar an teilifís". Tá méar ar chuisle ag craoltóir beag mar TG4. Cé go bhfuil na córais ar nós Nielsen agus TAM úsáideach, dá mbeimid ag dul ar strae - cinnte, dá mbeadh an chothromaíocht ag imeacht ó phobal na Gaeilge - is maith linn a cheapadh go mbeadh a fhios againn faoi sula mbeadh aon saineolaí tar éis é a rá linn. Sílim go bhfuil sé seo tábhachtach. Is rud é seo atá i seilbh an phobail. Is le gean agus le mórtas a fhaigheann siad locht air go minic, agus is le gean agus le mórtas a mholann siad é freisin.

Bhuail mé le Páidí agus Breandán san Applegreen inniu agus iad ar a mbealach go Béal Feirste. Caithfidh mé breathnú orthu anocht.

Mr. Alan Esslemont

Maidir le maoiniú, tá plean cuimsitheach déanta againn. Is dóigh liom gur féidir linn eolas faoin bplean a scaipeadh. Tá preface déanta againn atá éasca a thuiscint. Bainfidh an plean leis an BAI agus muid ag dul ar aghaidh, i ndáiríre. Tá an plean cuimsitheach seo bunaithe ar ár gcuid bunphrionsabail agus objectives. Tá sé bunaithe go hiomlán ar an straitéis twin pole a choinneáil i gcothromaíocht ionas gur féidir linn fás agus gur féidir linn cur leis an sástacht atá ag daoine le Gaeilge. Níl sé éasca bheith ag iarraidh do chuid gasúir a thógáil le Gaeilge. Tá sé tábhachtach dúinn go bhfeicfidh na daoine sin go bhfuil rud inchreidte ar bun againn. Is léir ón aiseolas a fuair muid go dtí seo ó na comhairleoirí atá ag plé leis an BAI go bhfuil siad an-sásta leis an bplean. Tá an leagan deiridh beagnach réidh le cur amach go dtí na comhairleoirí. Is dóigh liom go dtarlóidh sé sin an tseachtain seo chugainn. Tá sé éasca an cheist maidir le maoiniú a fhreagairt. Tá restoration de €6 mhilliún thar cúig bliana á lorg againn, agus é front-loaded idir €4 mhilliún sa chéad bhliain, €2 mhilliún sa dara bliain agus ansin dul le boilsciú sna blianta eile. Tá €6 mhilliún á lorg, mar gheall gur restoration atá ann, ach d'fhéadfadh sé athrú de réir an chumais atá ag TG4 rudaí nua a dhéanamh.

Tá €6 mhilliún san iomlán i gceist.

Mr. Alan Esslemont

Tá €6 mhilliún thar cúig bliana á lorg - €4 mhilliún i dtús báire, €2 mhilliún ina dhiaidh sin, agus ansin boilsciú.

Tiocfaidh mé chuig an Seanadóir Ó Donnghaile ós rud é go bhfuil sé ag fanacht go foighneach.

Gabhaim mo leithscéal mar go raibh mé gafa ag cruinniú eile thuas staighre. Gabhaim leithscéal fosta ar son mo chomhghleacaí, an Seanadóir Ó Clochartaigh, nach bhfuil in ann freastal ar an gcruinniú seo. Tá sé leis an rúnaí ón Chatalóin.

Ba mhaith liom i dtús báire cúpla pointe gairid a dhéanamh faoi TG4. Is é ceann de na buntáistí is mó a théann le TG4, i gcomparáid le seirbhísí meáin agus teilifíse áirithe eile, ná go n-oibríonn sé ar bhonn náisiúnta. Tá mé ag caint faoin tseirbhís a thugann TG4 do Ghaeilge ar fud na tíre agus faoin meon agus an dearcadh atá ag an stáisiún. Nuair a bhreathnaímid ar "Nuacht TG4", is féidir linn Áine Ní Ghallchóir a fheiceáil ag seasamh taobh amuigh de Chaisleán Stormont nó Halla na Cathrach i mBéal Feirste. Sílim go bhfuil sé sin thar a bheith tábhachtach, go háirithe ag an bpointe seo nuair atá an nasc nó an daingniú Thuaidh-Theas atá feicthe againn le blianta beaga anuas faoi bhagairt ag an Breatimeacht.

D'fhéadfainn a lán rudaí deasa - plámás, b'fhéidir - a rá faoi TG4, go háirithe i dtaobh na cláir faisnéise ar TG4. Tá an tseirbhís a chuireann TG4 ar fáil do Ghaeil óg thar a bheith tábhachtach freisin. Tá sé ar an leibhéal céanna leis an stuif a chloisimid ó Choláiste Lurgan agus an Dream Dearg. Tá an bhrí sin chomh soiléir i measc Gaeil óga na tíre. Tá seans ann go bhfuil an cheist atá agam ó thaobh na Breatimeachta míchothrom. An bhfuil taighde nó pleanáil ar bith déanta ag TG4 maidir leis an tionchar a bheidh ag an mBreatimeacht ar sheirbhísí craoltóireachta don oileán ina iomláine? An bhfuil seans ar bith ann go mbeidh drochthionchar ag an mBreatimeacht ar an tseirbhís? Faoi láthair, is é an t-aon dóigh gur féidir linn TG4 a fháil, agus RTÉ, don chuid is mó, ná ar bhonn digiteach. Beidh impleachtaí ag an mBreatimeacht amuigh ansin.

B'fhéidir gur féidir leis na hoifigigh ó TG4 amharc ar cheist eile sa chomhthéacs seo. Cé go bhfuil seirbhís den chéad scoth á chur ar fáil ag TG4 tríd an teilifís, tá fadhbanna ag baint leis an tseirbhís ar-líne, nó an cineál iPlayer atá ag TG4. Nuair atá daoine sna Sé Chontae ag iarraidh dul siar chun sult a bhaint as na cláracha teilifíse den chéad scoth atá craolta ag TG4, deirtear leo nach bhfuil an tseirbhís ar fáil sa tír nó rud éigin millteanach mar sin. Dúirt mo chara liom le déanaí gur dhein sé iarracht clár páistí a chur ar a táibléad nuair a bhí a leanbh ag cur isteach air maidin Sathairn amháin, ach ar an drochuair ní raibh sé in ann é sin a dhéanamh tríd an tseirbhís Idirlín.

Mr. Alan Esslemont

Mar Bhriotanach, tá a fhios agam go mbeidh impleachtaí móra ag an mBreatimeacht don todhchaí. Caithfimid iad a oibriú amach. Níl sé soiléir go fóill cén sórt Breatimeacht a bheidh i gceist. Leagfaidh mé amach an straitéis a bheidh ag TG4 ag dul ar aghaidh. Tugann muid "TG4 gach áit" air. Tá baol ann leis an saol digiteach seo, go háirithe i gcás daoine nach bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach den tsochaí acu, go dtarlóidh "personalisation out" don teanga. Tá an aimsiú sa Tuaisceart i bhfad níos lú ná mar atá sé sa Dheisceart. Tá obair le déanamh ansin. Táimid ag labhairt le RTÉ faoi láthair. Ba mhaith linn bheith i ngach áit ina bhfuil daoine ag breathnú ar fís. Chomh maith leis an ardán atá againn trí sheinnteoir TG4, ba mhaith linn go mbeadh spás "branded" ag TG4 ar sheinnteoir RTÉ. Ar an mbealach céanna, mar a thuigfidh an Seanadóir, nuair atá daoine ag lorg video on demand, VOD, sa Tuaisceart, go hiondúil déanann siad iarracht breathnú ar an BBC iPlayer. Tá spás "branded" ag BBC Alba, nach seirbhís de chuid an BBC é go hiomlán, ar an BBC iPlayer. Tá spás "branded" ag S4C, nach seirbhís de chuid an BBC é ar chor ar bith, ar an BBC iPlayer. Feictear domsa gur cheart go mbeadh spás "branded" ar fáil do TG4 le haghaidh roinnt ábhair.

Tá obair le déanamh maidir le héascaíocht freisin. Bhí mé i mBéal Feirste go minic ó thosaigh mé sa phost seo chun buaileadh le comhlachtaí éagsúla ar nós Northern Ireland Screen. Nuair a bhí mé ag fanacht in óstáin difriúla, bhí go leor deacrachtaí agam teacht ar TG4. Feictear liom go bhfuil obair le déanamh ansin, obair atá parked, go pointe, faoi láthair. B'fhéidir go dtugann an Breatimeacht deis dúinn breathnú ar an gceist seo agus oibriú amach an bhfuil an tseirbhís chéanna de chuid TG4 atá ar fáil sna Fiche-sé Chontae ar fáil, nó ar fáil go héasca, sna Sé Chontae. Bheadh an-fhonn orm an cheist sin a phlé. Tá caidreamh láidir idir muidne agus an BBC ar aon nós. Táimid ag comhoibriú ar go leor bealaí. Ba mhaith liom go bhféadfaimís leanacht leis an gcomhoibriú leis an BBC. Tugann an BBC deis dúinn freastal ar an diaspóra sa Bhreatain freisin. Is cuma céard a tharlóidh leis an mBreatimeacht, beidh diaspóra sa Bhreatain fós. Tá sé mar chuid den dualgas atá ag TG4 freastal ar an diaspóra sin. B'fhéidir go bhfuil rud éigin le rá ag Ms Ní Dhálaigh faoi na hábhair seo.

Ms Lís Ní Dhálaigh

Go bunúsach, tá cearta Tríocha-dó Chontae againn i dtaobh aon chlár atá ar TG4. Is cuma má tá an clár ceannaithe nó déanta againn féin. Tá sé de cheart againn na cláracha ar fad atá againn a chraoladh ar fud na Tríocha-dó Chontae. Bíonn fadhb ann nuair a deireann IP address an breathnóir go bhfuil sé nó sí cláraithe sa Bhreatain, más maith leat. Aithníonn nó ceapann an ríomhaire go bhfuil an duine sin sa Bhreatain. Tá bealach againn timpeall ar sin. Is féidir le daoine íoslódáil a dhéanamh ar an aip atá againn ar iOS. Má tá location services ar siúl acu ar an aip sin, ní bheidh fadhb acu. Níl aip Android againn faoi láthair, ach táimid ag obair air. Tá súil againn go mbeidh a leithéid d'aip ar fáil go luath an bhliain seo chugainn. Tá dhá rud i gceist go bunúsach. Ar an gcéad dul síos, caithfidh daoine atá ar an ríomhaire a chinntiú go bhfuil an IP address atá acu cláraithe in Éirinn, ionas go n-aithneofar go bhfuil siad in Éirinn. Ar an dara dul síos, caithfidh úsáideoirí an aip a chinntiú go bhfuil location services ar siúl acu, ionas go n-aithneofar go huathoibríoch go bhfuil siad i mBéal Feirste, i gCiarraí nó i Loch Garman seachas sa bhFrainc.

Mr. Pádhraic Ó Ciardha

Tá sé tábhachtach rud amháin eile a rá maidir leis an mBreatimeacht. Baineann sé le ceann den dá thogra is tábhachtaí a lean as an gComhaontú; sé sin, an ciste craoltóireachta Gaeilge sa Tuaisceart. Baineann ár gcomhlachtaí an-leas as sin. Táimid suite de nach bhfuil aon bhaol go dtiocfaidh deireadh leis an gciste sin. Táimid ag súil go dtacóidh chuile pháirtí polaitíochta leis sin. Mar a tharlaíonn sé, tá TG4 ar fáil ar Freeview sa Tuaisceart. Is maith liom a rá go n-íocann Rialtas na Ríocht Aontaithe as an táille tarchur a bhaineann leis sin. Is cuid é sin den Chomhaontú. Níl aon bhaint aige leis an mBreatimeacht.

Tá sé seo tábhachtach mar go bhfuil tábhacht na seirbhíse craoltóireachta luaite sa Chomhaontú. Léiríonn sé an chodarsnacht ollmhór atá i gceist. Níl a fhios agam cé a bheidh freagrach as an gceist seo. Caithfidh duine i mBéal Feirste an IP address a athrú le breathnú ar TG4. Tuigim go bhfuil an t-ábhar seo thar a bheith ciotach. Ar an dóigh chéanna, cuireann Sky bac ar sheirbhísí RTÉ sna Sé Chontae. Tá sé seo thar a bheith ciotach mar ábhar. Sílim go raibh an méid a dúradh faoin spás brandála an-spéisiúil. D'fhéadfaimis dul i mbun stocaireachta leis an BBC fá dtaobh de. Bheinn breá sásta dul i dteagmháil leis an BBC ó Thuaidh maidir leis sin. Níor smaoinigh mé ar na hóstáin go dtí seo. Nuair a fhanaim in óstáin anseo i mBaile Átha Cliath, bíonn TG4 ar fáil iontu don chuid is mó. B'fhéidir go dtugann an aip slí isteach do dhaoine. An bhfuil an réiteach trí location services a úsáid fógartha ag TG4 trí Twitter, Facebook agus a leithéid?

Ms Lís Ní Dhálaigh

Tá leathanach eolais ar an suíomh faoi na ceisteanna is coitianta a cuirtear. Dheineamar fógraíocht air nuair a seoladh an ghné sin den aip.

Mar fhocal scoir, b'fhéidir gur fiú smaoineamh faoi rud éigin cineál dírithe ar sin a fhógairt trí na platforms atá ag TG4 ionas nach mbeidh ar dhaoine an t-eolas seo a aimsiú. Ba cheart do TG4 rá le daoine go bhfuil a fhios acu gur fadhb é seo agus an dóigh chun é a réiteach a thaispeáint.

An bhfuil amscála ag TG4 don aip faoi choinne Android?

Ms Lís Ní Dhálaigh

Tá súil againn go mbeidh sé réidh le seoladh faoi mí an Mhárta seo chugainn. Tá obair ar bun air faoi láthair.

Iontach maith. Gabhaim buíochas leis an fhinné.

Tiocfaidh mé ar ais. Tá ceisteanna eile ann. Tosóidh mé leis an Teachta Ó Cuív ach luaigh na finnéithe méadú ar an lucht féachana i 2016. I dtuairim na finnéithe, cad ba chúis leis sin? Cad atá déanta acu atá difriúil ó na blianta eile? Sin rud amháin.

Maidir leis an ráiteas tosaigh, atá léite agam, tá sé ráite ann gur "Infheistíonn TG4 os cionn €20m sa mbliain i gcláir nua Gaeilge ón earnáil neamhspleách léiriúcháin". Ba mhaith liom tuilleadh eolais faoi sin. An gcuirfidh na finnéithe an figiúr sin i gcomhthéacs? Ní féidir an figiúr sin a thuiscint gan é a bheith i gcomhthéacs maidir leis an bhuiséad iomlán. An bhfuil gá le tuilleadh infheistíochta san earnáil sin? Cén chaoi a n-oibríonn sé?

Maidir leis an mbord, ar a bhfuil Siún Ní Raghallaigh mar chathaoirleach, an bhfuil bord iomlán ann? An bhfuil aon fholúntas? An bhfuil spás ansin don earnáil neamhspleách léiriúcháin? An bhfuil ionadaithe ón earnáil sin ann?

Maidir le RTÉ agus TG4, is iontach an rud go bhfuil na finnéithe os ár gcomhair agus gur tháinig RTÉ os ár gcomhair freisin. Fuaireamar ráiteas mór ó Rónán Mac Con Iomaire. Dúirt sé go raibh RTÉ ag féachaint ar thógáil tuilleadh ar a chur chuige i leith na Gaeilge agus go raibh RTÉ "i mbun comhráite le TG4 maidir le cur chuige nua, suntasach agus dearfach". An dtabharfaidh na finnéithe soiléiriú níos mó ar sin, go háirithe maidir leis an dualgas atá ar RTÉ uair a chloig i rith an lae a sholáthar? An féidir leo briseadh síos a thabhairt ar an uair a chloig sin? Cén sórt cláir atá ann? An bhfuil nuacht san áireamh san uair a chloig? Taobh amuigh den nuacht, cad atá i gceist?

Is rud maith é go bhfuil RTÉ ag féachaint ar bhealaí "go mbeimid in RTÉ in ann tabhairt faoinár ndualgais uair an chloig in aghaidh an lae a sholáthar ... ar bhealach a bheidh níos tairbhí do TG4". An féidir leis na finnéithe soiléiriú a thabhairt ar sin? Nach bhfuil sé tairbheach faoi láthair? Cad atá ag tarlú maidir leis sin? Luaigh Mr. Esslemont restoration de €6 milliún ach ansin luaigh sé dhá bhliain, €4 milliún, €2 milliún agus mar sin de. An féidir leis é sin a shoiléiriú freisin? An bhfuil tréimhse ama níos faide i gceist?

Mr. Alan Esslemont

Ar an restoration, thairis cúig bliana beidh €6 mhilliún i gceist. Athraíonn sé thar na blianta. In 2018 táimid ag cuardach €4 milliún, i 2019 táimid ag cuardach €2 mhilliún agus ansin leanfaimid leis an leibhéal boilscithe. Maidir le RTÉ agus an BBC, tá comhpháirtíocht an-tábhachtach dúinn agus don Ghaeilge.

RTÉ agus TG4?

Mr. Alan Esslemont

RTÉ agus TG4, agus TG4 agus an BBC freisin. Tugann an dá chraoltóir sin lucht féachana mór nach mbeadh ag Channel 4 nó TG4. Bíonn plé an-mhaith agus an-láidir againn le Mr. Mac Con Iomaire agus le Dee Forbes faoin gcaoi inar féidir linn ardán RTÉ a úsáid leis an rud is mó a bhfuil suim againn ann - an t-ábhar Gaeilge - a chur ar aghaidh go dtí an leibhéal náisiúnta. Tá sé sin i gcónaí an-tábhachtach don Ghaeilge. Cuirimid sain-seirbhís ar fáil atá lán le Gaeilge ach níl an sciar againn. Táimid sa seachtú háit. Má bhreathnaítear ar an triantán sin, céard atá sa chéad áit? Is RTÉ1 atá ann. Is é an straitéis atá ag Mr. Con Iomaire ná an Ghaeilge a chur ar fáil ar RTÉ1 agus ar a player. Táimid ag obair le chéile ar straitéis ina mbeidh spásanna branded ag TG4 ar RTÉ1. Cuir i gcás an nuacht a bhíonn ann ag 5.45 p.m. Tugtar "Nuacht RTÉ" air ach i ndeireadh na dála is "Nuacht TG4" atá ann. Táimid ag dul i dtreo aontú le RTÉ go bhfeicfear "Nuacht TG4" ar RTÉ nuair a chuirtear RTÉ1 ar siúl ag 5.45 p.m. Tugann sé fuinneog don rud atáimid ag iarraidh a dhéanamh. Ag dul siar, bhíodh BBC2 ag cur rudaí ar BBC1 a bhí branded BBC2, just go bhfeicfeadh daoine rudaí nach raibh feicthe acu. Is é an bealach is fearr le hoibriú ar mhaithe leis an Ghaeilge ná an tsuim atá againn in ábhar Gaeilge, agus an t-ardán a thugann RTE dúinn an t-ábhar sin a chur ar fáil, a úsáid anois is arís. Tá sé sin tábhachtach dúinne.

Maidir le méadú ar an lucht féachana as an phlean, bhí an lucht féachana tite ó 3.2% síos go 1.7%. Sa phlean cúig bliana tá sé i gceist againn é sin a mhéadú go 2.2%. Níl sé éasca nuair atá iomaíocht ann méadú mar sin a chur ar fáil. Tá folúntais ar an mbord. B'fhéidir gur mhaith le Mr. Ó Ciardha labhairt faoi sin.

Mr. Pádhraic Ó Ciardha

An chéad rud atá le rá, agus ar a laghad beirt abhcóide os mo chomhair amach, ná gurb é an tAire a cheapann an bord. Níl aon ról ag TG4 i roghnú an bhoird. Tá na forálacha maidir le ceapachán an bhoird, a leagann síos na tréithe agus cáilíochtaí a theastaíonn, san Acht Craolacháin. Go bhfios dom, tá trí fholúntas ar an bhord faoi láthair. Tá an sprioclá d'iarratais thart agus tá pé eagras a dhéanann na rudaí sin - publicjobs.ie is dóigh liom - ag meas na n-iarratas sin. Faoi mar atá ag na craoltóirí seirbhíse poiblí uile, tá an t-ardstiúrthóir ina bhall den bhord. Tá ionadaithe ó fhoireann TG4 tofa agus ag feidhmiú ar an mbord freisin. Tá cead ag aon saoránach cur isteach ar an bhfolúntas. Níl a fhios agam an bhfuil iarrthóirí istigh ón earnáil. Tá a fhios agam ó chraoltóirí eile go mbíonn deacrachtaí uaireanta ann nuair a cheaptar léiritheoir le bheith ar bhord craoltóra a bhfuil sé nó sí i mbun gnó leis. Bíonn an té sin taobh amuigh den doras níos minice ná a bhíonn sé nó sí taobh istigh. Níl aon ról againn i roghnú an bhoird. Tá bord iontach againn.

Gabh mo leithscéal, bhí cúpla ceist eile maidir leis sin.

Ms Lís Ní Dhálaigh

Maidir leis an earnáil neamhspleách agus an €20 milliún atá caite againn leis an earnáil sin, bíonn babhtaí coimisiúnaithe againn ina bhfógraítear an cineál ábhair atáimid ag cuardach. Cuireann comhlachtaí neamhspleácha isteach orthu siúd. Roghnaítear comhlachtaí neamhspleácha ansin. Bhí babhta coimisiúnaithe againn le deireanas agus tá deich gcomhlacht ceaptha le hábhar a sholáthar dúinn thar an chéad €4 milliún eile atá romhainn amach. Tá siad lonnaithe in áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Maraon leis sin bíonn babhtaí coimisiúnaithe le haghaidh ábhar spóirt ag dul amach go tender chomh maith. Tá comhlacht i bPort Láirge i mbun na hoibre sin faoi láthair. Bíonn babhtaí coimisiúnaithe ó thaobh an sobaldráma, "Ros na Rún", againn chomh maith. Cuirtear é sin amach go tairiscint gach aon cúpla bliain.

Tuigim é sin ach ba í an cheist a chuir mé ná é sin a chur i gcomhthéacs.

Mr. Alan Esslemont

Reáchtálaimid an stáisiún le 80 duine. Is í sin an fhoireann uilig atá ag TG4. Déanfaimid margaíocht ar an stáisiún agus ceannaímid cearta don stáisiún le gur féidir linn cláir a chur ar fáil.

Mr. Pádhraic Ó Ciardha

Íocfaimid táillí arda tarchuir freisin. Níl an córas craoltóireachta timpeall na tíre saor in aisce.

Bhí mé ag iarraidh go mbeadh an fhigiúir sin curtha i gcomhthéacs an mbuiséad atá ag TG4.

Mr. Pádhraic Ó Ciardha

Sin atá mé ag rá. Tá €32 milliún de bhuiséad againn agus €20 milliún dó caite, mar a mhínigh Lís Ní Dhálaigh, ar na hábhair agus tá na costais tuarastail agus tarchurtha-----

Tá sé sin ceart go leor. Bhí mé ag iarraidh é a chur i gcomhthéacs.

Mr. Alan Esslemont

Is méadú an-suntasach é. Chuirfeadh muid an €6 mhilliún atá muid á lorg amach go dtí an earnáil neamhspleách agus méadú an-suntasach a bheadh ann. Mar a mhínigh an tUasal Ó Ciardha agus Iníon Uí Dhálaigh, is comhlachtaí an-mhaith agus an-láidir iad na comhlachtaí a oibríonn do TG4. Tá cuid acu ag feidhmiú ag leibhéal idirnáisiúnta. Bheadh an €6 mhilliún bhreise ag dul isteach san earnáil neamhspleách agus go leor dó sna réigiúin. Tá clusters anois thart ar Ghaillimh agus thart ar Phort Láirge. Is iad sin na clusters is tábhachtaí taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Gan infheistíocht ó TG4, ar éigean go mbeadh aon tionscadal teilifíse taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.

Ar shleamhnán 9, tá tagairt do na céatadán a bhreathnaíonn ar ábhair nach teilifís bheo iad. An bhfuil aon taighde déanta ar céard a bhfuil siad ag breathnú air? Ní fheicim aon difríocht idir taifead a dhéanamh ar rud éicint ar TG4 agus breathnú air ar mo am féin agus breathnú air beo. Is é an cás céanna é. B'fhéidir nach bhfuil a fhios ag TG4 é, ach is é TG4 atá ag déanamh an craolacháin. Mar sin, an bhfuil aon eolas ag na hionadaithe céard a bhfuil na daoine ag breathnú air nuair atá siad ag breathnú ar short form videos nó teilifís thaifeadta? An bhféadfaí tuilleadh a dhéanamh le cuid den mhargadh sin a fháil?

Tá an domhandú ag tarlú ach tá rudaí ag éirí níos áitiúla ag an am céanna. Níl aon dream níos fearr a chuaigh i ngleic leis an bhfadhb sin ná muintir an GAA i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Tá daoine ag breathnú ar spórt idirnáisiúnta agus sacar agus mar sin de, ach ainneoin sin uilig agus an domhandú sin, ní raibh an Cumann Lúthchleas Gael riamh chomh láidir is atá sé i measc an phobail meánaicmeach i ndeisceart na cathrach seo. Nuair a bhí mise ag fás aníos ann, is culchie a bhí i nduine má bhí sé nó sí ag breathnú air. Ní leor fáil réidh le sacar nó rugbaí nó whatever leis é sin a dhéanamh. Bhí orthu rud a chur ar an margadh a bhí áitiúil agus fuaireadar amach a bhí ann. Bhí sé sin le feiceáil Dé Domhnaigh seo caite agus tá sé le feiceáil an t-am ar fad leis an tinreamh atá ag na cluichí Gaelacha. Bhí orthu rud a chur ar fáil a bhféadfadh dul in iomaíocht. Chomh maith leis sin, tá spéis ag daoine breathnú ar a bpobal féin agus ar dhaoine a bhfuil aithne acu orthu. Tá go leor rudaí daonna i gceist anseo.

Is é sin an fáth go bhfuil an spéis sin agam. Céard a bhfuil daoine ag breathnú air? An bhféadfaimid níos mó ábhair dhúchasacha a chur ar fáil dóibh ar na meáin nua seo ar fad? Is gearr in Éirinn nach mbeidh deis ag éinne mar fibre a bheidh i ngach uile theach ach ní dhéanfaidh sé aon difríocht. Má tá an duine ag suí sa mbaile, beidh sé i bhfad níos fearr, ach ní hé an bealach a scaipeann TG4 an scéal ach céard a bhfuil daoine ag breathnú air atá tábhachtach. Creidim féin fós go bhfuil an-spéis ann.

Is cuimhin liom ag fás aníos go mbíodh go leor daoine ar an gcósta thoir ag éisteacht leis an BBC. Ansin tháinig na stáisiún ar fad in Éirinn. Is beag duine a éisteann le raidió nach bhfuil á chraoladh as Éirinn anois. Bhí an áitiúlú sin i gceist. Anois tá daoine ag éisteacht le raidió áitiúil, rud nach raibh ann ag an am. Tá spéis agam sa cheist seo. Cá bhfuil muid ag dul?

Is dóigh go n-éiríonn an cheist eile maidir le hairgead. Tá an saol ag athrú ar t-am ar fad. Tá aipeanna ag teacht. Bhí na hionadaithe ag caint ar Android agus a leithéid. An bhfuil airgead ag teastáil le go mbeidh TG4 in ann bogadh chomh sciobtha agus dream ar bith eile go dtí na deiseanna nua craoltóireachta seo? Bhí na hionadaithe ag caint ar aoisghrúpaí agus mar sin de, ach tá chuile aoisghrúpa ag úsáid iPads agus chuile chineál rud. Ná bíodh muid ag ceapadh gurb é an dream óg amháin. Tá chuile dhuine ag breathnú ar rudaí taifeadta. B'fhéidir go bhfuil cabhair uainn, ach tá formhór an phobail á dhéanamh. Dá éascaí a imíonn na rudaí sin lena n-aimsiú, is mó go bhfuil daoine ag baint úsáid as. An bhfuil gá infheistiú?

Beidh áthas ar an gCathaoirleach a chloisteáil gurb í seo mo cheist deiridh. Tá TG4 ag déanamh an jab ar €32 milliún. Bail ó Dhia ar an stáisiún. Nuair a fheicim an t-airgead atá á fháil ag RTÉ1 - nílim ag caint ar gach rud ar fad amuigh ansin mar tá rudaí ar nós na ceolfhoirne siansach ann - caithfidh TG4 an lá uilig a líonadh ach an oiread leo féin, agus tá an lá chomh fada ag TG4 agus atá acu siúd. Caithfidh mé a rá go bhfuil éacht á dhéanamh ag TG4. Ceapaim féin go bhfuil TG4 ag iarraidh fíorbheagáin. Faigheann TG4 €4.245 mhilliún as an gceadúnas agus as an airgead a íocann an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí ar an saorcheadúnas dóibh siúd a bhfuil saorcheadúnas acu. Feictear dom go bhfuil sé sin scannalach, mar is é sin an ciste atá ag méadú gan aon iarratas. Chuile uair a thógtar teach nó áras nó rud ar bith sa tír seo, agus beidh borradh faoi sin le cúnamh Dé go luath, beidh airgead ó cheadúnas breise ag dul go RTÉ. Is í an fhigiúir atá i gceist ná 92%. Beidh TG4 fós agus na lámha amach aige ag an Státchiste.

An mb'fhearr le TG4, agus an mbeadh sé níos fearr do TG4 go fadtéarmach, an rud a bhí mise ag moladh le fada, sé sin, go gcuirfí airgead an Státchiste, an €28 milliún nó cibé rud atá TG4 ag fáil, airgead an cheadúnais agus airgead na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí in aon phota amháin agus go mbeadh céatadán dó sin le fáil ag TG4, agus chuile uair a thógtaí teach, go bhfaigheadh TG4 a sciar féin dó chomh maith le RTÉ agus leis an gcoiste craolacháin? Nuair a thagann an drochuair, ní ghearrfainn an ceadúnas ariamh. Murach gur tháinig mise i gcabhair trí airgead a chur ar fáil as an gceadúnas ag an am, bheadh sé níos measa. Sin ceist fhíorbhunúsach pholasaí. An ndéanfadh sé an jab níos éasca ó thaobh bolscaireachta de? Is bolscaireacht de chineál eile é go bhfaightear airgead chuile uair a thógtar áitreabh, ach bíonn líon an áitribh ag dul suas thar am ar aon chaoi.

Tréaslaím saothair TG4 leis na hionadaithe, ach ceapaim féin, má táimid ag caint ar public service broadcasting, rud a labhraíonn RTÉ go minic, agus an beagán atá TG4 ag fáil don chraoladh, féadfaí go leor den rud atá ar RTÉ a fháil áit ar bith ar domhan. Má tá craoltóir náisiúnta ann, is TG4 é agus ní RTÉ, ach sin scéal eile.

Tá sé 7 p.m. agus táimid inár suí le fada. An bhfuil ceist ag aon duine eile ag an bpointe seo? Níl. Ag dul ar ais go dtí an cheist a chuir mé, agus b'fhéidir nár thuig na hionadaithe é, maidir leis an uair an chloig in aghaidh an lae agus an dualgas ag RTÉ é a sholáthar, an féidir soiléiriú a thabhairt dom chomh maith le freagraí cheisteanna an Teachta Ó Cuív? Tá sé ráite go soiléir go bhfuil TG4 i mbun comhráite le RTÉ. An bhfuil tréimhse ama i gceist? An mbeidh tús agus deireadh leis an bpróiseas sin agus na moltaí a thiocfaidh as? Dúirt Rónán Mac Con Iomaire linn go mbeadh sé thar a bheith sásta teacht os ár gcomhair arís in éindí leis na hionadaithe ó TG4 maidir leis na moltaí sin agus tairbhe an phróisis sin. Tá mé cinnte go mbeidh TG4 sásta é sin a dhéanamh freisin.

Mr. Alan Esslemont

Ó bunaíodh an stáisiún, agus fiú nuair a bhí sé faoi RTÉ, aontaíodh an mechanism seo uair an chloig sa lá a chur ar fáil atá bunaithe ar an mechanism atá sa mBreatain Bheag. Cuireann BBC deich n-uaire an chloig sa tseachtain ar fáil do Sianel Pedwar Cymru, S4C. Sin an áit a bhfuair muid an múnla. B'fhéidir gan an múnla ar éigean go mbeadh muid in ann teacht ar an aer. Gach bliain ó bhí 1996 ann, suíonn muid síos le RTÉ agus aontaíonn muid céard a bheidh san uair an chloig sin.

As an uair an chloig sin sa lá, ó thosaigh muid bhí - grosso modo - leathuair an chloig de nuacht agus rudaí eile mar shiamsaíocht ansin. Bhí go leor cartúin i gceist freisin. Má bhreathnaítear ar an mhéid airgid a chur an BBC isteach an uair an chloig, bhí difríocht ann i gcónaí ó 1996 i gcomparáid leis an méid a fuair muid ó RTÉ. Tá comhoibriú an-mhaith ansin. Tá an t-imlíne le haghaidh an uair an chloig don bhliain seo chugainn aontaithe. Bhí cruinniú agam le Rónán Mac Con Iomaire ar maidin. Idir seo agus lár mí na Samhna, déanfar plé ar na mionsonraí ar na cláracha a chuirfidh siad ar fáil. I mbliana, d'éirigh linn méadú a chur ar na cláracha siamsaíochta atáimid ag fáil ó RTÉ. Tá mé an-sásta leis sin ós rud é go bhfuil an-tóir ag daoine ar chláracha siamsaíochta. D'éirigh linn laghdú a chur ar na cartúin ceannaithe. Is dóigh liom go bhfuil RTÉ ag déanamh a dhíchill. B'fhearr linn go mbeadh i bhfad níos mó airgid á chaitheamh ar chláracha Gaeilge do TG4 agus do RTÉ. Níl aon dabht faoi sin. Is mó airgid a fhaigheann muid do cláracha Gaeilge, is amhlaidh gur is láidre a bheidh TG4 agus RTÉ maidir leis an nGaeilge. Tá mé an-sásta leis an dul chun cinn atá á dhéanamh againn le Dee Forbes agus le Rónán Mac Con Iomaire.

Mr. Pádhraic Ó Ciardha

Maidir leis an modh maoinithe, b'fhéidir go bhfuil sé tábhachtach a rá gur cheist don Aire í cén meicníocht a úsáidtear le maoiniú poiblí a-----

Is don Oireachtas atá sé.

Mr. Pádhraic Ó Ciardha

Is ea. Déanann an tAire é le toil an Oireachtais. Tá go leor cruinnithe agus go leor seimineáir faoin cheist seo reáchtáilte le bliain anuas. Is ceist Eorpach agus domhanda í an bealach is fearr le maoiniú a dhéanamh. Is é an rud is tábhachtaí dúinn mar chraoltóir, ag an bpointe seo inár stair, ná go mbeadh maoiniú sásúil ilbhliana ar fáil dúinn. Sílim go bhfuil ceist na hilbhliana an-tábhachtach. Muna bhfuil tuairim éigin againn ar cé mhéad airgid atá i ndán dúinn amach anseo, ní bheimid in ann pleanáil ó bhliain go bliain agus beimid ag maireachtáil ón lámh go dtí an béal. Tá siad ann a deir go dtiocfaidh an lá nuair nach mbeidh a leithéid de rud ann agus ceadúnas teilifíse. Tá chuile dhuine sa seomra seo in ann teacht ar chuile sheirbhís chraolacháin dá bhfuil ar fáil gan teilifís a bheith ina sheilbh nó ina seilbh. Muna bhfuil teilifís ag duine, níl aon riachtanas air nó uirthi ceadúnas a íoc. Tá bealaí eile le teacht ar na seirbhísí craolacháin. Le lomchlár na fírinne a insint leis an gcoiste, sílim go bhfuil maoiniú sásúil níos tábhachtaí ná an mheicníocht faoi láthair.

Bhí mise ar bhord an Rialtais. Is cuma an mbeidh an ceadúnas atá ann mar chuid den cháin mhaoine áitiúil, de na rátaí nó de cibé cén rud a chruthófar. I dtír ar nós na tíre seo, má táimid ag iarraidh ár bhféiniúlacht féin a chosaint, creidim go mbeidh orainn mar Stát infheistíocht a dhéanamh. D'fhéadfaimis an t-airgead a fháil as cáin ioncaim, ach ní fheicim é sin ag tarlú. Ceapaim go dtarlóidh sé ar bhealach éigin eile. Cuirfidh mé figiúirí air. Má thógtar thart ar 50,000 áitreabh in aon bhliain, áiteanna gnó ina measc, agus dá mbeadh táille de €200 an ceann i gceist - tuigim go bhfuil sé beagáinín níos lú na sin - d'fhéadfaí €10 milliún a bhailiú. Dá mbeadh 10% de sin ag dul go TG4, mar shampla, bheadh €1 milliún i gceist. Ní bheadh ar TG4 an tsuim sin a iarraidh ó RTE fad is atá an ceadúnas ann. Ní fheicim córas éigin de cheadúnas ag imeacht go ceann i bhfad. B'fhéidir gur táille tí a bheidh ann. Mar a deirtear, "been there, done that, seen that". Creidim go bhfuil buntáiste mór leis sin, seachas bheith ag plé leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chuile bhliain maidir le ceist an bhoilscithe sular féidir tosú breis airgid a lorg. Is é seo an t-am leis an athrú a dhéanamh. Beidh borradh mór ar thógáil as seo go ceann cúig, sé nó seacht mbliana. Is é an t-am nuair atáimid in íochtar an t-am le fáil isteach ar an roundabout sin. Dá mbeadh Baill an Oireachtais ag troid ar a shon sin, an mbeadh TG4 in aghaidh a leithéid de chur chuige? An bhfuil aon mhórchúis nach bhfeileadh sé?

Mr. Alan Esslemont

Táimid neodrach ar fhoinse an mhaoinithe i gcónaí. Tá plean réadúil airgeadais leagtha amach againn le haghaidh an stáisiúin. Tá fís againn don stáisiún agus d'ár lucht féachana in Éirinn. Bíonn muid neodrach ar an gceist sin i gcónaí. Tá an cheist a d'ardaigh Pádhraic Ó Ciardha ardaithe againn ó thosaigh TG4. Níl sé éasca stáisiún teilifíse a phleanáil nuair atáimid ag dul ó bhliain go bliain. D'iarr Údarás Craolacháin na hÉireann orainn plean cúig bliana a chur ar fáil. Bheadh sé an-mhaith dá mbeadh a fhios againn go bhfuil buiséad le haghaidh cúig bliana aontaithe. Iarradh ceist maidir leis an nGaeilge i mBaile Átha Cliath. Is as Maigh Eo mo bhean. Ba mhaith liom an t-athrú atá tagtha ar staid na Gaeilge i mBaile Átha Cliath a mholadh. Tá rud éigin ag borradh. Tá iníon linn ag obair i nGaelscoil anseo. Táimid ag fáil scéalta uaithi. Bhí mé amuigh ar an bpáirc leis na cailíní Dé Domhnaigh seo caite. Chroith mé lámh leo agus dúirt mé "good luck - go n-éirí libh". Chas chuile Baile Átha Cliathach liom agus dúirt sí "go raibh maith agat". Tá rud suntasach ag tarlú i sochaí Bhaile Átha Cliath, a bhaineann le Cumann Lúthchleas Gael agus leis an nGaeilge, a thugann an-dóchas dom do thodhchaí na Gaeilge.

Thiocfainn leis sin, dála an scéil. Tá an-tionchar ag na Gaelscoileanna ar a bhfuil ag tarlú sa pheil agus san iomáint chomh maith le chuile ní eile. Caithfidh mé rud éigin eile a rá ó thaobh an airgid de. Is cuimhin liom nuair a bhunaíodh TG4 don chéad uair. Dúirt rúnaí na Roinne liom go raibh an stáisiún le bunú agus mhínigh sé an scéal dom. Nuair a d'iarr mé cén chaoi a raibh sé i gceist an stáisiún a airgeadú, dúirt sé liom go raibh sé le déanamh díreach ón Státchiste. Is cuimhin liom a rá leis an lá sin gur dearmad a bhí ann. Déarfadh éinne a bhí ag troid leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe nó an Roinn Airgeadais bliain i ndiaidh bliana - ag fanacht socair, mar a déarfá - go mb'fhearr leo go ndéanfaí an gnó seo ar mhodh éagsúil eile. Déarfaidís go bhfuil an t-ádh leis an dream atá ag brath ar an gceadúnas nach bhfuil siad ag brath ar an gcóras sin. Níor athraigh aon rud m'intinn ó shin.

Rinne mé dearmad ceist a chur maidir le fotheidil. An bhfuil polasaí TG4 maidir le fotheidil bunaithe ar airgead nó easpa airgid, nó ar an gcaoi is fearr leis an nGaeilge a chur chun cinn? Dá mbeadh níos mó airgid ag TG4, an mbeadh níos mó úsáide á bhaint as fotheidil? Is léir dom ó mo thaithí féin ag streachailt leis an nGaeilge, agus ón méid a deireann daoine liom, go bhfuil gá le tuilleadh fotheidil roghnach. Iarraim ar na finnéithe soiléiriú a thabhairt dom maidir leis an gceist sin.

Mr. Pádhraic Ó Ciardha

Is ceist an-chasta é. Baineann sé leis an straitéis agus na luchtanna féachana difriúla atá againn, foghlaimeoirí ina measc. Iarraim ar Lís Ní Dhálaigh focal nó dhó a rá faoin ábhar seo.

Ms Lís Ní Dhálaigh

Ba mhaith linn nach mbeadh an doras dúnta ar éinne a fhéachann ar TG4. Ba cheart go mbeadh gach éinne - ina measc foghlaimeoirí agus daoine ar bheagán Gaeilge - in ann an méid atá ag tarlú a thuiscint agus a leanúint. B'fhearr le cuid den lucht féachana gan aon fhotheidil a bheith le feiscint. Is féidir na fotheidil a mhúchadh ar an player nó an aip atá againn agus féachaint ar an gclár ceal fotheidil. Chomh maith leis sin, tá fotheidil Ghaeilge ar fáil ar roinnt ábhair, go mórmhór ábhair na ndaoine óga. Míneoidh mé an smaoineamh atá taobh thiar de sin. Nuair atá tuismitheoirí ag féachaint ar chláracha in éineacht lena ngasúir, cabhraíonn na fotheidil leo an caint a thuiscint. Tá meascán de réiteach againn, ag brath ar cén saghas clár atá i gceist.

Mr. Pádhraic Ó Ciardha

Chomh maith leis sin, tá dualgas reachtúil orainn freastal ar dhaoine atá bodhar. Ceann de na rudaí a bhaineann le seirbhís phoiblí ná an iliomad aicme sa phobal atá i dteideal seirbhís a fháil a sholáthar. Nuair atáimid beo ar bheagán acmhainní, ní féidir linn freastal ar gach duine sa chaoi a theastódh uainn. Dá mbeadh tuilleadh acmhainní againn, bheadh sé ar ár gcumas tuilleadh fotheidil a dhéanamh sa dá theanga, ach go háirithe i nGaeilge.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe arís. Tá sé déanach san oíche. Bhí an díospóireacht thar a bheith suimiúil. Bhaineamar taitneamh as an méid a bhí le rá agus d'fhoghlaimíomar an t-uafás freisin.

Tá súil agam go mbeidh na hionadaithe ar ais os ár gcomhair, in éindí b'fhéidir le hionadaithe ó RTÉ. B'fhéidir go mbeadh sé sin níos tairbhí dúinn.

Mr. Alan Esslemont

Beidh fáilte roimh aon Teachta atá i mBaile na hAbhann teacht ag caint linn go bhfeicfeadh sé nó sí céard atá ag tarlú sa stáisiún agus san earnáil sa réigiún. Tá sé an-suntasach.

Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ar 7.10 p.m. agus cuireadh ar athló é ar 7.30 p.m. go dtí 5 p.m. Dé Máirt, 10 Deireadh Fómhair
Top
Share