Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán debate -
Tuesday, 5 Dec 2017

Plean Forbartha don Ghaeltacht: Údarás na Gaeltachta

Tá failte roimh an ionadaíocht ó Údarás na Gaeltachta: Micheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach; Gearóid Breathnach, stiúrthóir seirbhísí corparáideacha; Siubhán Nic Grianna, bainisteoir phleanáil teanga; agus Tadhg Ó Conghaile, stiúrthóir forbartha réigiúnaí, pobail agus pleanála teanga. Táimid ag tnúth lena gcur i láthair.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil siad, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

An bhfuil an tUasal Ó hÉanaigh chun úsáid a bhaint as an gcur i láthair agus an ráiteas tosaigh?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Tá. B'fhéidir go rachfaidh mé tríd an gcur i láthair i dtús báire.

Ceart go leor.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Glacfaidh mé le pé ceisteanna atá ag comhaltaí ina dhiaidh sin. Is féidir liom é a dhéanamh ar pé bealach gur mhaith leis an gcoiste é a dhéanamh.

Go raibh míle maith agat as ucht an cur i láthair agus an ráiteas tosaigh a réiteach.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcoiste as ucht an deis seo a thabhairt dúinn teacht chun cainte inniu. Tá sé thar a bheith ábharach dúinne mar go bhfuilimid díreach réidh le tabhairt faoi straitéis nua trí bliana don tréimhse idir 2018 agus 2020. Beidh aidhmeanna agus spriocanna leagtha amach sa straitéis sin againn. Rachaimid tríd cur i láthair gairid a thabharfaidh blaiseadh don choiste ar an méid atá leagtha amach againn. Tá sé mar mhisean againn, agus muid ag obair ar an talamh, an Ghaeilge agus pobal Gaeltachta a chaomhnú. Déanaimid é sin trí fhostaíocht a chruthú agus, trí sin, an daonra áitiúil a chaomhnú. Tá sé i gceist trí sin go mbeidh pobal inmharthana Gaeltachta ar an talamh againn.

Bíonn Údarás na Gaeltachta ag déileáil le trí réimse ar leith. Tá misean eacnamaíoch againn le tacú le fiontraíocht agus le fostaíocht a chruthú. Tá misean cultúrtha againn le plé le seirbhísí teanga, pleanáil teanga agus na healaíona, srl. Tá misean sóisialta againn freisin. Táimid thar a bheith gníomhach ag plé le forbairt pobail, le comharchumainn agus le gníomhaíochtaí pobail eile. Ó thaobh fiontraíochta agus cruthú fostaíochta de, tá cur síos inár gcáipéis ar na cineáil earnálacha sna pobail tuaithe Gaeltachta ina bhfuilimid ag feidhmiú. Táimid ag déileáil le fiontair atá ag plé le heolaíochtaí beatha, muirshaothrú, feamainn, bia, seirbhísí tacaíochtaí gnó, an earnáil dhigiteach, fuinneamh inathnuaite, fiontar teangabhunaithe, turasóireacht chultúrtha agus fiontar sóisialta.

Léiríonn diagram sa chur i láthair atá os comhair an choiste go raibh, ag deireadh na bliana seo caite, 7,348 phost lánaimseartha agus 615 phost páirtaimseartha i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Le linn na bliana sin, bunaíodh 36 ghnó nua le 100 duine fostaithe iontu. Cruthaíodh 533 phost nua, le hinfheistíocht iomlán de €38 milliún, tríd na tograí nua go léir a ceadaíodh anuraidh. Taispeánann sé sin go dtagann méadú mór ar an infheistíocht a dhéanann an Stát tríd an infheistíocht phríobháideach a thagann isteach dá barr. Tá briseadh síos sa dhoiciméad ar an tslí ina bhfuil na postanna scaipthe tríd an Ghaeltacht sna réigiúin éagsúla.

Tá an tionchar eacnamaíoch atá ag an infheistíocht atá á déanamh ag an Stát sa Ghaeltacht fíorthábhachtach. An bhliain seo caite, bhí díolacháin de beagnach €1 billiún ag comhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. As an €926 milliún sin, bhí €628 milliún, nó 68% den díolachán iomlán, easpórtáilte. De réir na figiúirí, bhí caiteachas de €180 milliún ar phárolla sa Ghaeltacht anuraidh. Chomh maith leis sin, bhí €85 milliún in íocaíochtaí cánach don Stát agus €427 milliún in íocaíochtaí díreach isteach i ngeilleagar na tíre. Sílimid go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach sa léiriú go bhfuil aisíoc maith don Stát ón infheistíocht a dhéantar sa Ghaeltacht.

Cosúil le chuile cheantar tuaithe agus chuile cheantar atá scaite amach, tá dúshláin againn sa Ghaeltacht. Caithfimid tabhairt faoi easpa infreastruchtúr, b'fhéidir ó thaobh leathanbhanda, cúrsaí rochtain, an córas iompair agus fuinneamh. Tá fadhbanna ann maidir leis an ardchostas infheistíochta agus maoinithe ós rud é go bhfuilimid in áiteanna imeallacha. Tá sé de dhúshlán againn cinntiú go bhfuil daoine leis na scileanna cuí ar fáil do na earnálacha atáimid ag iarraidh a chur chun cinn. Tá dúshlán againn ó thaobh na Bhreatimeachta agus athruithe geopholaitiúla eile sna Stáit Aontaithe, srl. Cosúil le go leor dreamanna eile, tá srianta buiséid orainn le roinnt blianta anuas.

Tá gníomhaíochtaí teanga agus cultúrtha lárnach inár gcuid cuspóirí agus i gcur i bhfeidhm na straitéise 20 bliana don Ghaeilge. Feidhmíonn Údarás na Gaeltachta faoi scáth Acht na Gaeltachta. Táimid gníomhach i rudaí mar phleanáil teanga, fiontar pobail, an geilleagar sóisialta agus forbairt phobail. Bíonn an t-údarás ag déileáil le pobail i 26 limistéar pleanála agus ag cur tacaíochta ar fáil dóibh. Tá na pleananna sin ag teacht ar an talamh anois. Ó thaobh fiontar pobail, tá 30 eagraíocht phobail - idir chomharchumainn agus eagraíochtaí eile - ag fáil tacaíochta díreach uainn. Maidir leis an ngeilleagar sóisialta, táimid freagrach as scéimeanna fostaíochta sóisialta ina bhfuil 1,000 duine fostaithe iontu ar fud na Gaeltachtaí go léir. Ó thaobh forbairt phobail, tá 74 naíonra agus sé ionad cúram leanaí á reáchtáil sa Ghaeltacht ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta, le 1,400 leanbh iontu. Tá 44 club óige le 1,450 rannpháirtithe faoi scáth Óige na Gaeltachta.

Ba mhaith liom na spriocanna atá ag Údarás na Gaeltachta faoin straitéis nua sna blianta beaga amach romhainn a leagadh amach. Tá sé i gceist againn an leibhéal fostaíochta a ardú go dtí 8,000 post lánaimseartha ar an talamh faoin mbliain 2020. Ciallaíonn sé sin go mbeimid ag cruthú 500 post gach bliain, nó glanmhéadú de 200 post in aghaidh na bliana. Beimid ag tabhairt faoi tograí ar leith, cosúil leis an togra "diaspóra na Gaeltachta" leis na scileanna atá ag daoine ón nGaeltacht a mhealladh ar ais agus togra a bhaineann le brandaí Gaeltachta. Beimid ag déanamh uasghrádú ar mhaoin, agus an maoin atá á úsáid a ardú ó 70% go 90%. Braithfidh sé sin ar an infheistíocht chaipitil a bheimid in ann a dhéanamh sa mhaoin sin. Glacfaidh an t-údarás ról i gcur i bhfeidhm Leader, RDP, CEDRA agus cláracha eile. Coinneoidh muid ar aghaidh leis an gclár forbartha pobail.

Mar thogra straitéiseach, táimid ag forbairt 30 mol digiteach, nó digital hubs, ar fud na Gaeltachtaí éagsúla, na hoileáin san áireamh. Leanfaimid ar aghaidh leis na scéimeanna fostaíochta le 1,000 rannpháirtí. Coinneoidh muid ar aghaidh leis an athfhorbairt atá á déanamh ar pháirc ghnó Ghaoth Dobhair. Beimid ag tabhairt faoi thosaíocht fíorthábhachtach sna blianta beaga amach romhainn, sé sin, forbairt Pháirc na Mara i gCill Chiaráin mar thogra eiseamláireach ní hamháin go náisiúnta ach freisin go hidirnáisiúnta. Beimid ag díriú níos mó ná riamh ar an turasóireacht agus muid ag iarraidh an leas is fearr a bhaint as Slí an Atlantaigh Fhiáin agus as Oirthear Ársa na hÉireann.

Beimid freisin ag tabhairt faoi tograí straitéiseacha i gcomhar leis na comhairlí contae cosúil le Sliabh Liag, Teach Solais Fhánada, Ionad na nImirceach i gCarna agus eispéireas chósta na Sceilge. B'fhéidir go mbeimid ag tabhairt faoi 15 togra straitéiseach turasóireachta in iomlán tríd na Gaeltachtaí éagsúla sna trí bliana amach romhainn. Táimid ag cur an-bhéim ar fhiontraíocht an óige. Táimid ag obair le Junior Achievement Ireland. Tá 1,400 rannpháirtí i mbunscoileanna agus meánscoileanna ar fud na Gaeltachta ag glacadh páirte sa scéim fiontraithe óige. Is féidir leis na baill grianghraif de chuid de na tograí eile a fheiceáil ar an gcur i láthair, ina measc togra cáis as Baile Bhúirne a bhfuil ag baint clú amach dó féin. Tá infheistíocht mhór déanta ag Folláin Teoranta, atá ag dul ó neart go neart. Rinne Criostal na Rinne píosa deas don Uachtarán Trump le haghaidh Lá Fhéile Pádraig i mbliana.

Tá tosaíochtaí éagsúla fíorthábhachtach dúinn agus muid ag iarraidh an eacnamaíocht sa Ghaeltacht a chur ar bhonn nua-aimseartha. Mar shampla, tá infheistíocht déanta againn in Áisleann Ghaoth Dobhair, atá lonnaithe i seanmonarcha a bhíodh ag déanamh radaitheoirí. Tá mol digiteach ansin. Tá comhlachtaí ag feidhmiú agus ag cur seirbhísí ar fáil ar fud an domhain ón ionad sin. Táimid ag iarraidh é sin a fhás tríd na Gaeltachtaí ar fad. Tá eiseamláir an-mhaith ansin againn. Tá an chéad dá urlár líonta againn agus beimid ag iarraidh an infheistíocht chuí á déanamh sa tríú úrlár sa dá bhliain amach romhainn. Tá grianghraf sa cháipéis den tríú urlár atá fós le réiteach againn.

Tá comhlachtaí de chaighdeán domhanda againn ar fud na nGaeltachtaí. Táimid in ann tacú leo. Tá sé fíorthábhachtach dúinne go bhfuil foirgnimh oiriúnacha againn leis na comhlachtaí seo a mhealladh le teacht agus le fanacht san áit. Tá Mylan, atá lonnaithe i cúig ionad de chuid an údaráis in Indreabhán agus i gCasla, mar shampla an-mhaith sa chomhthéacs seo. Tá 300 duine ag obair i Mylan, atá ag fás agus ag díol ar fud an domhain. Tá comhlacht eile de chaighdeán domhanda, Proxy, ag fás agus ag méadú leo i monarcha dár gcuid sa Spidéal. Tá tograí lonnaithe againn i bPáirc Ghnó na Tulaí freisin.

Luafaidh mé an easpa infreastruchtúir ar ball. Tá gá ann córas eisilteach d'ardchaighdeán a chur isteach ansin ionas go mbeimid in ann na céadta poist atá ann i láthair na huaire a choinneáil agus tuilleadh poist a chruthú.

Ba mhaith liom Randox a lua mar shampla mhaith. Tá na scileanna is airde agus is féidir ó thaobh innealtóireachta, ICT agus eolaíocht beatha, srl., ag teastáil le haghaidh an togra de chaighdeán domhanda seo. Tá 120 duine ag obair ansin. Tá daoine ar fáil in áiteanna tuaithe ar nós an Chlochán Liath. Tá siad in ann feidhmiú chomh héifeachtach agus in aon áit eile ar domhain. Táimid ag iarraidh an cineál comhlacht seo a choinneáil agus a thabhairt chun cinn tríd na Gaeltachtaí go léir. Tá an togra "diaspóra na Gaeltachta", a luaigh mé níos luaithe, ag obair leis na comhlachtaí seo chun daoine a aithint. Is cuma cén áit sa domhain ina bhfuil siad imithe, is féidir iad a mhealladh ar ais.

Luaigh mé Páirc na Mara i gCill Chiaráin níos luaithe. Mar chuid den togra eiseamláireach seo, tá sé i gceist againn páirc nuálaíochta a bhaineann le hearnáil na mara agus acmhainní mara a chur ansin. Beidh an togra straitéiseach seo ag plé le nuálaíocht, taighde agus breis luacha ó thaobh éisc, feamainn, próitéin agus tairgí nua cógaisíochta bunaithe ar earnáil na mara. Chuir muid amach glaoch le haghaidh léirithe spéise a bhí le bheith ar ais an tseachtain seo caite. Táimid thar a bheith sásta leis an spéis atá léirithe ó chomhlachtaí le lonnú ansin. Táimid ag tabhairt faoin obair pleanála i láthair na huaire. Táimid ag súil go dtosnóidh an obair sin roimh deireadh na bliana seo chugainn.

Tá sé fíorthábhachtach dúinn, agus muid ag iarraidh bheith iomaíoch le háiteanna eile atá níos lárnaí, go mbeimid in ann teicneolaíochtaí nua a úsáid. Mar shampla, caithfimid a chinntiú go bhfuil leathanbhanda in úsáid. Ba cheart go mbeimid in ann rudaí ar nós remote working agus obair as an mbaile a chur i bhfeidhm agus cineál deiseanna fostaíochta eile a chothú in áiteanna tuaithe. Tá dul chun cinn á dhéanamh againn le GTeic, nó gréasán digiteach na Gaeltachta, sa chomhthéacs sin.

Mar atá luaite agam, beidh an t-údarás ag tacú le 30 mol digiteach a fhorbairt tríd na Gaeltachtaí éagsúla agus ar na hoiléain mara, na hoileáin Galltachta san áireamh. Tá sé i gceist nuálaíocht a chur chun cinn le fostaíocht a chruthú agus le cuidiú le daoine atá ag iarraidh lonnú ar ais abhaile. Cabhróidh sé seo leo fanacht ag obair lena gcuid comhlachtaí i mBaile Átha Cliath, Londain nó Bostún, ach a bheith in ann tairbhe a bhaint as an gcaighdéan maireachtála sa bhaile. Beidh deis acu oibriú ó na moil digiteach seo, ó Charraig Airt sa tuaisceart go dtí An Rinn sa deisceart. Beidh an mol sa Daingean á lainseáil go gairid. Lainseáileadh an mol i mBéal an Mhuirthead le gairid. Taispeánann léarscáil sa chur i láthair atá curtha os comhair an choiste na hionaid go léir. Beidh cuid de na moil seo lonnaithe ar na hoileáin mara freisin. Gabhaim buíochas arís leis an gcoiste as an deis an cur i láthair seo a dhéanamh.

Gabhaim buíochas leis an Uasal Ó hÉanaigh. Iarraim ar an Seanadóir Ó Clochartaigh tús a chur leis na ceisteanna.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Tréaslaím leis an Uasal Ó hÉanaigh as a cheapachán mar phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta. Bhí sé ráite ariamh go raibh an-teacht aniar ar mhuintir Iorras Aithneach. Tá sé sin léirithe ag an Uasal Ó hÉanaigh, agus bail ó Dhia air. Cuirim fáilte roimh an fhoireann ar fad atá i láthair. Is breá an rud é an fhís don údarás a fheiceáil. Le cúpla bliain anuas, b'fhéidir nach raibh sé chomh soiléir dúinn cén treo a bhí i gceist ag an údarás ó thaobh polasaí de, is dócha de bharr go raibh an t-údarás ag snámh in aghaidh easa i gcomhthéacs cúrsaí airgeadais, srl. B'fhéidir go raibh an t-údarás ag iarraidh an cloigeann a choinneáil ar barr uisce. Is breá é go bhfuil polasaithe an údaráis tarraingthe le chéile sa chur i láthair. Chuir lucht an údaráis an méid seo le chéile nuair a chas muid leo le déanaí.

Bíonn roinnt ceisteanna bunúsacha maidir le hÚdarás na Gaeltachta agus obair an údaráis á gcur orainn mar ionadaithe poiblí ó ám go ham. Tugaim faoi deara go bhfuil tascfhórsa bunaithe in Uíbh Ráthach agus tá sé sin go maith. Tá sé ráite le déanaí go dteastaíonn a leithéid i gCeantar na nOileán le fostaíocht a chothú sa cheantar sin. Cé go bhfuil forbairt ar siúl in Iorras Aithneach, tá tascfhórsa de chineál ag teastáil ann. B'fhéidir go mbeidh Páirc na Mara ag tús an tascfhórsa sin. Tá sé soiléir ó na figiúirí i dtaobh deprivation a chur Pobal amach le déanaí go bhfuil tascfhórsaí faoi leith ag teastáil sna ceantracha siar atá buailte ó thaobh fostaíocht de. Is léir nach bhfuil an contúirt fostaíochta chomh dona céanna i gceantracha Gaeltachta ar nós Baile Bhúirne agus Múscraí mar go bhfuil siad intíre agus níos gaire do na bailte móra. Céard iad na pleananna atá ann ó thaobh tascfhórsa i gCeantar na nOileán agus in Iorras Aithneach, mar shampla?

Tá géarchéim ann maidir le pleanáil teanga. Tá raic ann ó thaobh na bpleananna a cuireadh ar aghaidh ós rud é gur athraíodh na treoirlínte. Tá a fhios agam nárbh Údarás na Gaeltachta a leag síos na treoirlínte a bhaineann leis na pleananna. Tá conspóid ó thaobh an bhuiséid atá ar fáil, atá níos lú ná an buiséad a thuig daoine go mbeadh ar fáil. B'fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann labhairt linn faoin gcaoi inar láimhseáileadh an t-ábhar seo agus an phraiseach atá le glanadh suas acu dá bharr. Cén chaoi ina bhfuil sé i gceist acu teacht ar chomhréiteach leis na heagraíochtaí uilig?

Déanadh sceanairt damanta ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta thar na blianta. Sa bhliain 2006, bhí airgead caipitil de €26 milliún ar fáil. Chuaigh sé síos chomh fada le €5 milliún agus b'fhéidir go bhfuil sé méadaithe go dtí €6 milliún i láthair na huaire. Bhí sé ráite sa tuarascáil Indecon, a foilsíodh tamall de bhlianta ó shin, gur theastaigh €12 milliún breise in aghaidh na bliana le líon na fostaíochta sa Ghaeltacht a choinneáil ag an leibhéal ar a raibh sé. Ar ndóigh, tá rudaí athraithe beagáinín ó shin. An bhfuil na finnéithe in ann léargas a thabhairt dúinn sa chomhthéacs seo? Dá mbeadh breis airgead caipitil ann, cé mhéad breisluach a bheadh le fáil as? Céard iad na laincisí atá ar an údarás faoi láthair? Dá mbeadh an t-airgead caipitil seo ar fáil, cé mhéad poist bhreise a bheadh an t-údarás in ann a sholáthar?

Is léir go bhfuil na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe ag streachailt go mór. Tá sé suarach gur cuireadh €100,000 breise ar fáil dóibh sa bhuiséad. Tá an maoiniú sin á dháileadh amach ag an údarás, ach tá i bhfad níos mó ag teastáil ón Roinn ionas go mbeidh an t-údarás in ann tacaíocht a thabhairt do na comhlachtaí pobalbhunaithe, na comharchumainn agus na eagraíochtaí eile a bhfuil breis airgid de dhíth orthu. Ba mhaith liom a rá sa chomhthéacs seo go bhfuil sé soiléir, ón aithne atá agam orthu, go bhfuil sár-obair á déanamh ag lucht Chomhar Naíonraí na Gaeltachta. Bheadh imní orm go bhféadfaimid cuid de na comharchumainn agus na comhlachtaí a chailleadh, go háirithe iad siúd atá ar airgead íseal go leor. Rinne siad cur i láthair ar an ábhar seo i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo caite. Cén chaoi an bhfuil sé i gceist ag an údarás na grúpaí seo a shábháil?

Tá ceist phraiticiúil agam a thagann chun cinn agus muid ag breathnú ar pholasaithe. Céard iad na athruithe ar pholasaithe Rialtais a chuideodh leis an údarás an jab a dhéanamh níos fearr? Bhí clamhsán ann tríd na blianta ós rud é nárbh fhéidir leis an údarás maoiniú a thabhairt do dhaoine a bhíonn ag bunú gnóthaí bunaithe ar sheirbhísí. An bhfuil aon cosc eile cosúil leis sin fós ann, mar shampla, maidir le tógáil fhoirgneamh? An bhfuil aon pholasaithe eile gur mhaith le Údarás na Gaeltachta a chur i bhfeidhm, ach nach bhfuil cead ag an údarás a leithéid a dhéanamh i ndáiríre? Más féidir leis an gcoiste breathnú ar a leithéid de pholasaithe, déanfaimid iarracht moltaí a chur ar aghaidh chuig an Roinn chun leigheas a chur ar an scéal agus deis níos fearr a thabhairt don údarás. Gabhaim buíochas leis na finnéithe arís agus guím chuile rath orthu san obair atá rompu.

Níl i gceist ansin ach sé cheist. Bhí mé ag súil le deich gceist.

Is ceisteanna an-chrua iad. Beidh na freagraí fada.

Iarraim ar na finnéithe an sé cheist a fhreagairt.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

B'fhéidir go roinnfimid iad eadrainn. Táimid thar a bheith sásta leis an gcaoi ina bhfuil chuile dhream tagtha le chéile ar an tascfhórsa in Uíbh Ráthach. Tá siad sásta oibriú le chéile. Táimid ag súil go dtiocfaidh torthaí ón obair atá á déanamh acu. Sílim gur múnla maith é sin. Rinne muid lainseáil ar fhóram fiontraíochta i nGaeltacht na Mí an tseachtain seo caite. Tá an ceart ag an Seanadóir go bhfuilimid ag súil go mbeidh Páirc na Mara mar fhócas agus fiontar á chur le chéile in Iorras Aithneach. Táimid ag tabhairt cúnaimh do rudaí eile freisin. Táimid timpeall an bhoird le Foras na Mara, Bord Iascaigh Mhara, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Roinn na Gaeltachta, agus Roinn na mara i láthair na huaire le díriú ar an acmhainn mara. Tá fócas againn ar an acmhainn sin. Ní hé nach mbeimid ag iarraidh rudaí eile a chur chun cinn, ach tá deis ar leith ansin.

Luaigh mé Slí an Atlantaigh Fhiáin níos luaithe. Sa chomhthéacs sin, táimid ag obair ar thograí ar nós Teach an Phiarsaigh i Ros Muc agus Ionad Cuimhneacháin na nImirceach, atá ag teacht ar an talamh. Beimid ag déanamh athbhunú ar an eagraíocht chósta Chonamara le tacaíocht a thabhairt do thurasóireacht i gConamara theas, atá b'fhéidir tite siar le hais Conamara thuaidh le roinnt blianta anuas. Beimid ag breathnú ar na deiseanna i gCeantar na nOileán freisin. Táimid oscailte i gcónaí. Táimid ag iarraidh bheith ag obair i bpáirtnéireacht leis na heagrais eile. Tógfaimid aon deis a bheidh againn na heagrais a thabhairt le chéile le comhoibriú le fiontar a chur chun cinn in aon cheantar Gaeltachta. Táimid oscailte le bheith ag obair ar bhonn páirtnéireachta. Mar a dúirt mé, beimid ag breathnú air sin de réir a chéile agus diaidh ar ndiaidh.

Dúirt an Seanadóir go bhfuil sé ráite go bhfuil €12 milliún ag teastáil. Tá sé sin curtha os comhair na Roinne againn. Tá sé ráite go soiléir againn go dteastaíonn a leithéid de bhuiséad caipitil má táimid chun an méid atáimid ag iarraidh a bhaint amach inár straitéis a bhaint amach. Chuirfeadh €12 milliún ar ár gcumas tuilleadh fostaíochta a chruthú. Nuair atá comhlachtaí ag iarraidh infheistíocht a dhéanamh, caithfimid bheith cúramach gan foinse airgid nach bhfuil againn a cheadú. Tá mé sásta a rá nach bhfuilimid coinnithe siar chomh mór sin go dtí seo, ach tá go leor deiseanna ansin ó thaobh comhlachtaí agus earnálacha go bhféadfadh muid a chur chun cinn le tuilleadh airgid. Luaigh mé na foirgnimh go bhfuilimid ag iarraidh iad a thabhairt suas go caighdeán. Tá 70% dóibh in úsáid faoi láthair. Táimid ag iarraidh go mbeidh sé sin ag 90% faoi dheireadh tréimhse na straitéise seo. Tá sé daor na foirgnimh seo a chur in oiriúint, go mórmhór le haghaidh na tionscail nua. Agus é sin ráite, ós rud é go bhfuil na foirgnimh seo againn, tá buntáiste ar leith againn i gcomparáid le heagrais eile. Luaigh mé Mylan, Proxy, Randox agus comhlachtaí mar sin. Bhíomar in ann na comhlachtaí sin a fháil isteach mar gheall go raibh foirgnimh againn agus bhíomar in ann iad a thabhairt suas chun caighdeáin. Rinne na comhlachtaí sin infheistíocht thar a bheith suntasach sa Ghaeltacht, bunaithe ar an infheistíocht i bhfoirgnimh a rinne an t-údarás.

Céard é an figiúir a luaigh an tUasal Ó hÉanaigh?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Dúirt mé go bhfuil €12 mhilliún ag teastáil. Táimid ag iarraidh an sprioc sin a bhaint amach ionas go mbeidh dóthain airgid againn. Iarraim ar mo chomhghleacaí, Siubhán Nic Grianna, labhairt faoin bpleanáil teanga.

Ms Siubhán Nic Grianna

Freagróidh mé na ceisteanna maidir leis an bpróiseas pleanála teanga agus na pleananna teanga. Labhair an Seanadóir faoin "raic" maidir leis na treoirlínte. Is dócha gur áis tacaíochta a bhí sna treoirlínte do na coistí stiúrtha pleanála teanga a bhí ag cur na pleananna teanga le chéile. Tá an ceart ag an Seanadóir go raibh cúpla eagrán ann, ach is fiú a rá nár tháinig athrú ar na treoirlínte mar a bhí - déanadh iomlánú orthu. Cuireadh tuilleadh eolais ar fáil. Leagadh amach teimpléad dóibh lena chinntiú nach mbeadh daoine ag gearán go raibh sé deacair na pleananna a leagan amach. An aidhm a bhí leis na treoirlínte ná leagan amach céard iad na riachtanais a bhí le bheith san áireamh sna pleananna, ar nós cur síos ar staid reatha na Gaeilge agus anailís ar chúrsaí sochtheangeolaíoch sa cheantar, srl. Bhí sé soiléir sna treoirlínte go raibh gá ann díriú isteach ar na réimsí a bhí le tabhairt fúthu mar chuid den phlean teanga agus na bearta a bhí siad ag iarraidh a bhaint amach. Táimid fós ag déanamh uasdátú ar an eagrán is déanaí. Is dócha gur áis tacaíochta atá i gceist. Taobh istigh de sin, ní dhearnadh aon athrú ar na treoirlínte don chuid is mó.

Ba mhaith liom an Seanadóir a thabhairt suas chun dáta maidir leis an mbuiséad atá ar fáil. Tá 23 limistéar pleanála teanga ag ullmhú nó ag réiteach pleananna faoi láthair. Tá trí phlean faighte ag an Roinn, mar a sheasann sé faoi láthair, agus táimid ag súil go mbeidh sé phlean faoina bráid faoi dheireadh na bliana seo. Táimid ag obair ina threo sin. Aithníonn an t-údarás an plé ata ar siúl agus an mhíshástacht ata léirithe ag coistí stiúrtha pleanála teanga nach raibh an acmhainn iomlán curtha ar fáil do na pleananna a bhí curtha le chéile acu. Caithfimid a aithint go bhfuil ardú tagtha ar an mbuiséad atá curtha ar fáil don údarás le díriú isteach ar an bpróiseas pleanála teanga i dtaca le hullmhú na bpleananna agus feidhmiú na bpleananna ar an talamh. Táthar ag cur leis an mbuiséad sin de réir a cheile ó bhliain go bliain. Caithfimid bheith airdeallach fosta go mbeidh 26 phlean teanga le faomhadh agus le cur i bhfeidhm ar an talamh sna limistéir pleanála teanga. Anuas air sin, beidh trí phlean teanga sna bailte seirbhíse Gaeltachta. Is cinnte go mbeimid ag cuartú tuilleadh maoinithe agus táimid i gcónaí ag stocaireacht chuige sin.

Tá sé fógraithe ag an Roinn go mbeidh allúntas suas le €100,000 ar fáil le feidhmiú gach plean. Fáiltímid roimhe sin mar thús. Mar chuid den mhaoiniú a bheidh ar fáil, beidh sé de chúram ag na coistí stiúrtha pleanála teanga oifigigh phleanála teanga a fhostú le cuidiú leo na pleananna a chur i bhfeidhm ar an talamh. Beidh sé sin ina chuidiú mhór. Is dócha go mbeimid ag breathnú ar na scéimeanna atá faoi chúram an údaráis maidir leis an dóigh inar féidir linn tacú leis na pleananna teanga sin ar an talamh. Ar ndóigh, beimid ag caint le heagraíochtaí Stáit eile faoi fhreagrachtaí, seirbhísí tacaíochta agus, is dócha, maoiniú. Ar ndóigh, táimid ag maoiniú struchtúir taobh istigh den eagraíocht féin. Luaigh an tUasal Ó hÉanaigh Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus Muintearas níos luaithe. Beidh siad in ann go leor tacaíochta a chur ar fáil d'fheidhmiú na bpleananna ar an talamh.

Ar ndóigh, beidh an polasaí don oideachas Gaeltachta ina chuidiú mhór. Tá súil againn go mbeidh tionchar thar na bearta ag an bpolasaí sin ar chúrsaí Gaeilge ar an talamh. Fáiltímid roimh na hacmhainní atá curtha ar fáil don pholasaí sin, ach níl ann ach tús. Ba mhaith linn uilig go mbeadh níos mó maoinithe ar fáil. Beimid ag obair i gcomhar leis an Roinn agus ag stocaireacht le haghaidh tuilleadh acmhainní amach anseo. Is é an rud is tábhachtaí ná go gcaithfimid bogadh ar aghaidh leis an bpróiseas sin anois. Ba cheart dúinn bogadh ar aghaidh le feidhmiú na bpleananna. Aithnímid uilig ó na figiúirí ón daonáireamh go bhfuilimid in uair na cinniúna anois. Tá pleananna thar a bheith cuimsitheach curtha i gcion a chéile. Tá obair mhillteanach déanta le trí bliana anuas. Ní féidir luach a chur ar an bhfeasacht ó thaobh cúrsaí teanga atá ar fud na Gaeltachta le trí bliana anuas mar thairbhe ar an bpróiseas seo. Beimid ag iarraidh teacht i dtír ar cheist na hacmhainní agus bogadh ar aghaidh le feidhmiú an phróisis.

Tá dhá cheist fágtha.

Mr. Tadhg Ó Conghaile

Freagróidh mé an cheist maidir le cúrsaí comharchumainn. Anuraidh, fuair muid ardú de €250,000 ar an mbuiséad don bhliain seo agus chuir muid fáilte roimhe sin. Tá buiséad de €100,000 níos mó faighte i mbliana againn le freastal ar na comharchumainn an bhliain seo chugainn. Tá 30 comharchumann ag baint leas as sin.

An féidir leis an Uasal Ó Conghaile na figiúirí sin a thabhairt arís? Bhí siad beagáinín ró-sciobtha dom.

Mr. Tadhg Ó Conghaile

Ta brón orm, a Chathaoirligh. Dúirt mé gur tháinig ardú anuraidh de €250,000 ar an mbuiséad a bhí le dáileadh i measc na 30 eagraíochtaí pobail agus comharchumainn sa bhliain 2017. Tá ardú de €100,000 eile sa bhuiséad reatha don bhliain seo chugainn. Beimid ag caint leis na comharchumainn faoi sin. Le coicís anuas, táimid tar éis casadh go réigiúnach le chuile chomharchumann le cur síos a dhéanamh ar an bplean oibre atá le cur i bhfeidhm acu don bhliain amach romhainn agus ar an dul chun cinn atá déanta acu sa bhliain reatha. Tá sé sin tarlaithe i réigiún an iarthair, i réigiún an deiscirt agus i réigiún an tuaiscirt. Bhí an-cur agus cúiteamh ansin. Is dócha go raibh go leor smaointí i measc na comharchumainn.

Tá áthas orm a rá go bhfuil ardú de 40 duine tagtha ar an méid daoine atá fostaithe ar na cúrsaí scéimeanna fostaíochta sa bhliain reatha. Táimid ag bainistiú ceithre scéim ar son na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí: an scéim shóisialta tuaithe, an scéim fhostaíochta pobail, sé sin, an sean-scéim FÁS, an scéim Tús agus an scéim job initiative. Tá roinnt folúntas fós againn ar an scéim shóisialta tuaithe. Táimid ag earcú na ndaoine sin. Tá súil againn go mbeidh thart ar scór eile earcaithe againn go luath i mí Eanáir le cur ar an scéim sin. Beidh sé sin mar áis do na heagraíochtaí pobail agus na coistí pobail. Beidh siad in ann seirbhísí a fháil ó na daoine sin. Chomh maith leis sin, tá polasaí áirithe againn ó thaobh na scéimeanna oiliúna agus traenála. Tá uas-sciliú déanta ar na rannpháirtithe sna scéimeanna éagsúla agus tá ag éirí go maith leis sin. Mar eolas, tá 340 duine imithe ó na scéimeanna i mbliana. Bíonn ar cuid acu imeacht tar éis bliana. Tá 380 duine earcaithe le haghaidh na scéimeanna i mbliana. Tá cuid de na daoine bogtha isteach i bhfostaíocht. Táimid ag breathnú i gcónaí ar an bhfostaíocht atá á chruthú againn sna monarchana agus na áiteanna fostaíochta eile faoi na scéimeanna seo. Is é sin an aidhm atá againn.

D'iarr an Seanadóir an bhfuil athrú tagtha ar pholasaí an Rialtais. Is í an deacracht is mó atá tagtha chun solais ná nach bhfuil na rialacha maidir leis na scéimeanna feiliúnach, b'fhéidir, d'iarthar na hÉireann agus do na ceantair tuaithe. Nuair atá daoine críochnaithe ar na scéimeanna, caithfidh siad dul ar ais ar liúntais leasa shóisialaigh cé go mbeidís sásta fanacht ar na scéimeanna sin. Ceapaim gur chóir breathnú air sin. Níl sé chomh héasca post a fháil san iarthar is atá sé sna cathracha. Tá daoine sna ceantair seo nach bhfuil deis tiomána acu, mar shampla. B'fhéidir nach bhfuil aon charr acu. Fágann bus amháin Carna ag 7.15 gach maidin. Caithfear breathnú ar na scéimeanna seo uilig agus a rá an bhfuil siad feiliúnach le haghaidh iarthar na hÉireann, go háirithe na ceantair tuaithe. Beimid sásta cur i láthair a dhéanamh go dtí an Roinn maidir leis an gcaoi inar féidir tabhairt faoi sin. Tá sé pléite againn leis an Roinn cheana féin. Tá gá ann athbhreithniú a dhéanamh air. Is iad sin an dá rud mór atá le rá agam.

An bhfuil dáta leis an gcur i láthair sin?

Mr. Tadhg Ó Conghaile

Níl. Táimid ag iarraidh cruinniú a bheith againn leis an Roinn agus ár bpointí a chur trasna arís.

An bhfuil cóip de na figiúirí atá luaite ar fáil do na baill?

Mr. Tadhg Ó Conghaile

Tá.

Is féidir cóip a fháil. Go raibh míle maith agat. Bogfaimid ar aghaidh go dtí an Teachta Aindrias Ó Muimhneacháin.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair agus an eolas atá tugtha dúinn. Ba mhaith liom mo chomhghairdeas a chur in iúl don Uasal Ó hÉanaigh as a phost nua. Tá an-chuid eolais sa chur i láthair atá curtha os comhair an choiste. Teastaíonn uaim díriú isteach ar cúpla ábhar faoi leith. Luaigh muid na pleananna teanga-----

Dúirt na finnéithe go bhfuil €100,000 ar fáil i gcomhair gach plean. Beidh i bhfad níos mó á lorg le haghaidh roinnt de na pleananna. Tá pleananna áirithe go mór chun cinn. Tá siad á n-aontú leis an Roinn faoi láthair. Tá pleananna eile i gceantair éagsúla nach bhfuil ach ag tosnú faoi láthair. An bhfuil an t-údarás sásta go bhfuil go leor airgid á chur ar fáil? Conas a scaipfear an t-airgead sin amach idir na scéimeanna éagsúla nuair a bheidh siad á gcur i bhfeidhm? Tá an-chuid dea-thola ann i measc na grúpaí agus na pobail éagsúla atá ag cur na bpleananna seo le chéile. Teastaíonn uathu a chinntiú go n-oibreoidh siad ar mhaithe leis na pobail agus na glúinte atá romhainn. An bhfuil an t-údarás sásta go bhfuil dóthain airgid ar fáil? An bhfuil iarracht á dhéanamh chun tuilleadh airgid a chur ar fáil do na grúpaí éagsúla?

Nuair a chuirtear tacaíocht ar fáil i gcomhair comhlachtaí éagsúla, bíonn an teanga mar cheann de na hábhair is mó i measc na comhlachtaí i gcónaí. Caithfidh siad pleananna a aontú chun taispeáint go bhfuil siad chun an teanga a bhrú chun cinn. Cén sórt feedback a fhaigheann an t-údarás uathu? An dtéann an t-údarás ar ais go dtí na comhlachtaí le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt an tacaíocht chuí don teanga go háitiúil? Tá gá ann bheith cinnte go bhfuil sé seo ag tarlú sa chomhlacht.

Ba mhaith liom focal nó dhó a rá faoin mBreatimeacht. Tá an-chuid comhlachtaí a bheidh ag táirgiú. Nuair a thosnaíonn comhlachtaí ag easpórtáil, téann siad chuig ár gcuid comharsan go minic. Mar sin, tá comhlachtaí an údaráis faoi bhrú mór. An bhfuil plean faoi leith ag Údarás na Gaeltachta chun tacaíocht a thabhairt go dtí comhlachtaí an údaráis atá ag easpórtáil chuig an mBreatain? An bhfuil plean faoi leith ag an údarás chun comhlachtaí a mhealladh isteach agus, sa tslí sin, tairbhe a bhaint as an mBreatimeacht?

Tuigim go bhfuil sé i gceist ag an údarás an clár Leader a chur ar fáil i gcúpla ceantar, mo cheantar féin ina measc. An bhfuil sé ar fáil ar fud na tíre? Cé chomh forleathan is atá sé faoi láthair? An bhfuil airgead ar fáil tríd an gclár sin go fóill?

Tagann a lán daoine chugainn chun labhairt mar gheall ar phoist a bhunú, chomhlachtaí a fhorbairt agus dul chun cinn a dhéanamh ina gceantair féin. Go minic, bíonn comhlachtaí beaga in earnáil na seirbhíse á phlé acu. Cuireann sé isteach orthu nuair nach bhfuil an t-údarás in ann tacaíocht a sholáthar, go háirithe do chomhlachtaí beaga a chuireann seirbhísí áitiúla ar fáil. An bhfuil aon phlé ar bun idir an údarás agus an Roinn maidir le hathrú a dhéanamh sa chomhthéacs seo ionas go bhféadfaí tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine a theastaíonn uathu comhlachtaí beaga áitiúla a fhorbairt?

Tá an t-údarás gan bhord faoi láthair, ach beidh bord ag teacht sar i bhfad. Idir an dá linn, má tá comhlachtaí ag feitheamh le hiarratais a cheadú, cad é an phlean? Cad a tharlóidh má tá a leithéid de blockage ann? An bhfuil deontais á choimeád siar fad is atá an bord nua ag teacht i bhfeidhm?

Baineann an cheist dheireanach atá agam leis na himpleachtaí a bheidh ag an Flemish ruling ar an gcoinníoll teanga a bhíonn i bhfeidhm nuair atá forbairtí nua ag teacht chun cinn. Níl a fhios agam an bhfuil aon aighneachtaí á ndéanamh ag an údarás maidir le cead pleanála. Tá sé de cheart ag an údarás a leithéid a dhéanamh. An bhfuil aon phlean ag an údarás chun na hathruithe a thiocfaidh ón Flemish ruling a láimhseáil? An gcuireann an t-údarás aon aighneachtaí isteach ag lorg coinníoll teanga ar fhorbairtí? Má tá feirm gaoithe, nó tionscal mór dá leithéid, ag teacht chun cinn i gceantar Gaeltachta, an gceapann na finnéithe gur chóir go mbeadh an t-údarás ag cur isteach aighneachtaí ag lorg go mbeadh na forbairtí sin ag tabhairt tacaíochta do cheantair agus pobail Gaeltachta?

Tá sé nó seacht gceist curtha ag an Teachta.

An bhfuil measúnú déanta ag Údarás na Gaeltachta ar na pleananna teanga ó thaobh costais de? Tá a fhios againn go bhfuil tuilleadh airgid á lorg ag muintir Chois Fharraige i dtaobh an phlean teanga don cheantar sin. Tá figiúir luaite. An bhfuil measúnú déanta ag an údarás ar an méid airgid atá ag teastáil chun an bplean sin, mar shampla, a chur i bhfeidhm?

Ms Siubhán Nic Grianna

Tá. Tá sé mar chuid den phróiseas. Oibríonn an t-údarás i gcomhar leis na coistí stiúrtha pleanála teanga nuair atá siad ag cur na pleananna le chéile. Is í an treoir a tugadh do na coistí stiúrtha pleanála teanga ná na pleananna a chur le chéile bunaithe ar riachtanais agus mianta an cheantair agus an éileamh ó na pobail áitiúil. Is orthu sin atá na pleananna bunaithe. Baineann go leor de na costais atá ag teacht chun tosaigh le hacmhainní foirne. Tá sé ráite go mbeidh roinnt de na pleananna ag éileamh idir triúr agus suas le seisear fostaithe breise le tacú leo leis na pleananna a fheidhmiú ar an talamh. Ós rud é go bhfuil 26 limistéir pleanála teanga ann, chomh maith leis na bailte seirbhíse Gaeltachta, tá sé soiléir go gcaithfear soláthar a chur ar fáil do líon ard acmhainní foirne.

Sílim gur dúshlán ar leith a bheidh ansin. Caithfimid teacht ar bhealaí ina mbeimid in ann go leor don obair sin a dhéanamh go héifeachtach le chéile agus leis na heagraíochtaí atá á maoiniú ar an talamh ag an údarás. Tá sé tábhachtach go bhfuil struchtúir ar nós Comhar Naíonraí na Gaeltachta, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Muintearas, atá á maoiniú ag an Roinn agus a bhfuil ról óige acu, in ann tacú leis na pleananna chomh maith.

Aithnímid go gcaithfimid díriú isteach ar dhá spriocghrúpa faoi leith - an óige agus na tuismitheoirí atá ag tógáil a gclann le Gaeilge. Tá sé sin aitheanta. Léiríonn aon anailís ar na figiúirí a tháinig chun tosaigh sa daonáireamh gurb iad sin na spriocghrúpaí is tábhachtaí. Caithfimid díriú isteach ar an gcéad ghlúin eile mar is iadsan na tuismitheoirí a bheidh ann i gceann 20 bliain agus níos faide ar aghaidh. Caithfimid a chinntiú go mbeidh pé tacaíochtaí a bheidh ar fáil dírithe ar na haoisghrúpaí is óige agus ar na spriocanna áirithe sin.

Luadh Comhar Naíonraí na Gaeltachta i gcomhthéacs ceist na réamhscolaíochta. Tá níos lú ná leath de na naíonraí atá sa Ghaeltacht á reáchtáil trí mheán na Gaeilge. Caithfimid díriú isteach ar an gceist sin ag cur le líon na naíonraí Gaeilge. Ar an drochuair, níl aon athrú ar bhuiséad reatha an údaráis don bhliain 2018. Táimid ag iarraidh cur leis an líon seirbhísí luathoideachais atá ar fáil ar fud na Gaeltachta. Ar ndóigh, teastaíonn acmhainní breise dúinn le tabhairt faoi sin.

Bhí ceist eile ag an Teachta i dtaca leis na pleananna teanga sna cliaintchomhlachtaí. Aontaíonn muid plean teanga le gach cliaintchomhlacht. Don chuid is mó, tá na comhlachtaí báúil don teanga. Éiríonn linn dul i bhfeidhm orthu, ach bíonn sé thar a bheith deacair nuair atá siad ag plé le dúshláin laethúla i margaí ar fud an domhain. Sílim go bhfuil siad báúil don chuid is mó. Tá saghas teimpléid leagtha amach. Cuireann muid an-tacaíocht ar fáil dóibh ó thaobh comhairleoireachta, seirbhísí aistriúcháin agus ranganna Gaeilge. Sílim go n-éiríonn linn dul i bhfeidhm orthu de réir a chéile. Glacann sé sin go leor ama, ach den chuid is mó sílim go mbíonn tionchar dearfach againn ar an obair sin.

Ar mhaith leis an Uasal Ó hÉanaigh an cheist maidir le cúrsaí Breatimeachta a fhreagairt?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Tá aird ar leith ag Údarás na Gaeltachta ar an mBreatimeacht, go mórmhór in áiteanna i dTír Chonaill atá buailte ar an Teorainn. Mar a dúradh, tá impleachtaí an-mhóra ansin. Cuireann an t-údarás na tacaíochtaí céanna ar fáil do chomhlachtaí - ó thaobh scéimeanna a sholáthar agus comhairleoireacht a chur ar fáil - agus a chuireann Fiontraíocht Éireann ar fáil. Tá na scéimeanna céanna maidir leis an mBreatimeacht ar fáil do chomhlachtaí Gaeltachta atá ag brath ar easpórtáil go dtí an Bhreatain.

D'iarr an Teachta orainn an bhfuilimid ag iarraidh bheith ag mealladh comhlachtaí isteach. Táimid oscailte i gcomhair gnó an t-am ar fad. Táimid i gcónaí ag súil le comhlachtaí a mhealladh isteach. Nílim ag rá go bhfuil aon bhuntáistí ar leith faighte againn go dtí seo mar gheall ar an mBreatimeacht, ach táimid i gcónaí ag obair air. Caithfimid bheith cúramach ó lá go lá. Tá roinnt dár gcuid comhlachtaí ag brath go han-mhór ar margaí na Breataine. Tá ár gcuid feidhmeannaigh ag obair lámh in lámh leis na comhlachtaí sin le cinntiú go mbeidh siad in ann teacht tríd an deacracht seo. Le gairid, nuair a bhí infheistíocht fíor-mhór le déanamh ag comhlacht amháin atá ag easpórtáil 95% dá chuid tairgí go dtí an Bhreatain, tuar dóchais a bhí ann dúinn nuair a roghnaigh siad infheistíocht de €6 mhilliún a dhéanamh sa Ghaeltacht seachas sa Bhreatain. Taispeánann an tuar dóchais seo gur féidir linn ár iomaíochas a choinneáil, fiú leis na dúshláin go léir atá againn. Is é sin an saghas obair a bheimid ag leanacht ar aghaidh ag déanamh.

Labhair an Teachta faoi chúrsaí fuinnimh ar nós muilte gaoithe, srl. Má tá buntáiste don phobal in aon chineál togra a thagann isteach sa Ghaeltacht, is maith linn tacú leis fad is nach gcuireann sé as d'acmhainní eile. Uaireanta, cuireann forbairtí de chineál amháin as d'acmhainní eile agus caithfimid bheith cúramach faoi sin. Tá fuinneamh in-athnuaite lárnach agus muid ag dul chun cinn lenár straitéis, ní hamháin ó thaobh na gaoithe de. B'fhéidir go bhfuil an poitéinseal iomlán a bhaineann leis an ngaoth ar an talamh íslithe anois. Táimid ag breathnú ar rudaí ar nós fuinnimh ghaoithe ar mara. Tá na teicneolaíochtaí maidir leis sin ag forbairt. Táimid ag obair leis na heagrais éagsúla le breathnú ar na féidearthachtaí i gcomhair fuinnimh mhara, taoide, tonnta agus mar sin de. Táimid ag breathnú ar na féidearthachtaí i dtaobh rudaí mar fótavoltachas. Cuirfidh an straitéis trí bliana atá againn an-bhéim ar na féidearthachtaí i gcomhair forbairt inmharthana ó thaobh fuinnimh in-athnuaite.

Luadh an teacht atá ar na seirbhísí. Táimid ag obair faoi na srianta céanna ó thaobh tacaíochtaí Stáit agus atá na hoifigí fiontair áitiúla agus Fiontraíocht Éireann, srl. Níl an oiread sin solúbthachta againn i dtaobh seirbhísí, go mórmhór agus muid ag obair i gceantair iargúlta, agus gur mhaith linn ó am go chéile. B'fhéidir go bhfuilimid ag obair faoi na rialacha céanna in iarthar Chiarraí nó iarthar na Gaillimhe agus a bheadh daoine i mBaile Átha Cliath no i gcathair na Gaillimhe. Tá na rialacha céanna ag cur as dúinn. Táimid ag iarraidh bheith chomh solúbtha agus is féidir taobh istigh de na rialacha mar go bhfuil na forbairtí seo ag teastáil.

Tá muide freagrach as cur i bhfeidhm an clár Leader mar pháirtnéirí i ndá cheantar, ceann amháin i nGaeltacht Chorcaí beag le hais an Leader iomlán atá sa chontae. Sílim go bhfuil an múnla tábhachtach. Táimid freagrach as an gclár i dTír Chonaill freisin. Tá a fhios agam go bhfuil an-dul chun cinn á dhéanamh i dTír Chonaill agus go bhfuil tograí tagtha chun cinn agus réidh le ceadú. Tá siad imithe tríd an bpróiseas agus níl aon bhaol d'aon chineál orthu. Táimid thar a bheith sásta leis an gcaoi ina bhfuil Leader ag feidhmiú sna Gaeltachtaí. Tá súil againn go bhfaighfimid níos mó freagrachtaí ó thaobh Leader agus cláracha forbartha tuaithe eile amach anseo mar gur eagrais forbartha tuaithe muid. Tá súil againn go mbeimid in ann na cláracha sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach sna Gaeltachtaí.

Mr. Gearóid Breathnach

Bhí ceist ag an Teachta faoin gcéad chruinniú den bhord nua. Táimid fós ag súil go mbeidh bord againn roimh an Nollaig agus go mbeidh cruinniú den bhord ann roimh an Nollaig. Muna dtarlaíonn sé sin, níl aon bhaol ann go mbeidh aon togra nó aon infheistíocht caillte dá bharr. Beimid in ann dul ar aghaidh leis go luath san athbhliain. Ag an bpointe seo, táimid ag súil le bord nua a bheith fógraithe go luath agus go mbeidh an chéad chruinniú ann. Tá sraith tograí réidh againn le dul ag an gcruinniú sin cheana féin.

Bhain an cheist dheireanach a bhí ag an Teachta le coinníollacha teanga.

D'iarr mé mar gheall ar na forbairtí éagsúla - tithíocht, feirmeacha gaoithe agus tograí mara, srl. - a thagann isteach i gceantair Gaeltachta. Tá ról ag an údarás sa chóras pleanála maidir lena leithéid. Is léir go bhfuil an t-údarás tar éis iarratais a dhéanamh coinníollacha teanga a chur i bhfeidhm anseo is ansiúd. An bhfuil plean ann chun tairbhe a bhaint as forbairtí móra cosúil leis na feirmeacha gaoithe nó na rudaí amuigh san fharraige nuair atá siad ag dul tríd an gcóras pleanála, mar shampla trí coinníollacha a chur orthu le cinntiú go mbeidh siad ag tacú leis an nGaeilge agus leis an bpobal áitiúil?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Nuair a iarrann na comhairlí contae agus na húdaráis pleanála orainn ár gcuid tuairimí a nochtú faoi fhorbairtí suntasacha a bhíonn ag dul chun cinn sna ceantair Gaeltachta, cuireann muid aighneachtaí ar fáil. Bíonn ár gcuspóirí maidir leis an nGaeilge lárnach in aon rud a théann ar ais. Níl aon smacht againn ar an leibhéal buntáiste don phobal atá i gceist le haon feirm gaoithe nó aon fhorbairt fuinnimh eile. Is cinnte gur cleachtas maith a bheadh ann in aon fhorbairt suntasach mar sin atá bunaithe ar acmhainn nádúrtha go mbeadh buntáiste don phobal ann agus go mbeadh na húdaráis áitiúla in ann é sin a sníomh isteach ann. Táimid ag iarraidh go mbeidh áiteanna ar fud an iarthair mar Ros a' Mhíl mar lárionaid le haghaidh tionscail a bheidh ag fás amach ón gcósta amach anseo, ar nós an tionscal fuinnimh mara. Tá sé ráite agam go bhfuil acmhainní mara lárnach inár straitéis. Táimid ag caint sa chomhthéacs sin ní hamháin ar fheilméireacht éisc agus feamainn, ach freisin ar fhuinneamh mara. Is rud réasúnta nua atá ansin. Beimid ag iarraidh gach buntáiste a bhaint as seirbhísiú na tionscail éagsúla, mar shampla, nuair atá táirgeoirí ag táirgú táirgí i gcomhair an tionscail, srl. Bíonn muid ag iarraidh gach buntáiste a bhaint amach.

Ar an gceist chéanna, an bhfuil athbhreithniú á dheánamh i bhfianaise an Flemish ruling sna háiteanna ina bhfuil cionníollacha teanga i bhfeidhm? An bhfuil an t-údarás ag dul ar ais chuig na grúpaí in aon áit ina bhfuil coinníollacha teanga i bhfeidhm? An bhfuil aon phlean ann a leithéid a dhéanamh?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Níl aon ghníomhaíocht ar leith ar siúl againn faoi sin. Ba chóir dúinn breathnú air agus déanfaimid é sin.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Guím gach rath ar an Uasal Ó hÉanaigh ina phost nua. Gabhaim buíochas le foireann an údaráis as ucht na hoibre atá déanta acu ar an ábhar tábhachtach seo le blianta anuas. Nuair a d'fhéach mé ar na figiúirí maidir leis an leibhéal maoinithe atá ar fáil, d'fhoghlaim mé go bhfuil dul chun cinn de 66% tagtha ar bhuiséad IDA Ireland agus dul chun cinn de 42% tagtha ar bhuiséad Fiontraíocht Éireann ó bhí 2007 ann. Tá titim de 70% tagtha ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta sa tréimhse céanna. Tuigim go bhfuil sé deacair do na finnéithe ceisteanna polasaithe a fhreagairt. Caithfidh go bhfuil obair an údaráis srianta go leor mar gheall ar na nithe gur féidir le baill foirne an údaráis a dhéanamh sna ceantair ina bhfuil siad ag oibriú.

Léirigh daonáireamh na bliana seo caite go bhfuil laghduithe suntasacha i nDún na nGall agus i Maigh Eo. Bhí titim de 40% i go leor de na electoral districts sna ceantair Gaeltachta. Cad is féidir leis an údarás a dhéanamh leis an airgead atá aige? Cad ba cheart dúinn a dhéanamh? An cheart go mbeadh ceangal idir an údarás, IDA Ireland agus Fiontraíocht Éireann mar chomhlachtaí forbairt thionsclaíoch? An mbíonn Údarás na Gaeltachta, IDA Ireland agus Fiontraíocht Éireann ag obair i lámh a chéile? An dtugann na heagraíochtaí eile tacaíocht coincréiteach don údarás maidir le suíomhanna agus foirgnimh, srl.? Tá siad ag tógáil foirgnimh i Leitir Ceanainn agus in áiteanna eile ar fud na tíre. An bhfuil siad ag déanamh aon rud cosúil leis sin sa Ghaeltacht ag an mbomaite? An mbíonn IDA Ireland nó Fiontraíocht Éireann ag treorú site visits chuig an nGaeltacht tríd an údarás? Cé mhéad site visits atá faighte ag an nGaeltacht i mbliana?

Labhair na finnéithe faoi na pleananna teanga a bhíonn ag na comhlachtaí a thagann faoi chúram an údaráis. An féidir leo cúpla sampla de na pleananna teanga a bhíonn ag cliaintchomhlachtaí an údaráis a mhíniú dúinn? Cad atá de dhíth orthu a dhéanamh? Cad atá siad ag déanamh? Tá sé cloiste agam, agus b'fhéidir ag na baill eile, go dtarlaíonn rud éigin nuair atá an t-údarás ag cruthú comhlacht sa Ghaeltacht, fiú i nGaillimh. Tá daoine sa Ghaeltacht a théann go dtí cathair na Gaillimhe ag obair agus tá daoine ón gcathair a théann ag obair i bhfoirgnimh de chuid an údaráis. B'fhéidir go bhfuil pá íseal á íoc i gceann de na monarchana i nGaoth Dobhair. Tagann formhór na n-oibrithe sa mhonarchan sin as oirthear na hEorpa agus níl cuid mhór Gaeilge acu. Tá sé deacair a rá gur cheart don údarás na comhlachtaí sin a shéanú. Níl a leithéid de chur chuige á mholadh agam. Cad is féidir linn a dhéanamh le cinntiú go bhfuil na tograí seo i bhfad níos oiriúnaí don Ghaeltacht as seo amach?

Ba mhaith liom labhairt faoin easpa daonlathais atá ann. Uair amháin, bhí deis ag muintir na Gaeltachta a gcuid ionadaithe a thoghadh go dtí Údarás na Gaeltachta. I mo chuid taithí, bhí i bhfad níos mó cumarsáide nó teagmháil idir an údarás agus muintir na Gaeltachta - suas agus síos - ag an am sin ná mar atá i gceist i láthair na huaire. Níl an leibhéal céanna cumarsáide ann a thuilleadh. Iarraim ar na finnéithe labhairt faoi sin.

Dúirt an Uasal Ó Conghaile go raibh €250,000 sa bhreis ar fáil do na comharchumainn i mbliana. Iarraim air é a mhaitheamh dom má tá an figiúir sin mícheart. Measaim go gciallaíonn sé go bhfuil €8,000 sa bhreis in aghaidh na bliana ar fáil do gach comharchumann sa tír. Sílim go bhfuil na comharchumainn go léir ag fulaingt de thairbhe an méid oibre atá le déanamh acu agus de bharr go bhfuil teorainn de €100,000 ar an méid airgid atá ar fáil dóibh le haghaidh na pleananna teanga ar fud na tíre. Ní gá dom a rá go mbeidh breis oibre ar ghuaillí na gcomharchumainn as seo amach. Tá sé dochreidte go raibh teorainn de €100,000 ar na pleananna teanga agus go mbeidh srianta as seo amach ar obair na pleananna teanga agus ar an luach a bhaineann leis an bhfeasaíocht atá sna pleananna.

An dtagann na naíolanna timpeall na tíre faoi bhráid an údaráis, nó an dtagann siad faoi bhráid an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige? Níl aon dabht ná go bhfuil na naíolanna ag fulaingt ag an mbomaite. Go bhfios dom, níl aon dhualgas reachtúil orthu mar gheall ar an nGaeilge. Níl an Ghaeilge sa churaclam atá acu. Cad ba cheart dúinn a dhéanamh faoi sin?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Tá sé ráite againn go bhfuil sé de mhian againn an buiséad a mhéadú mar go bhfuilimid ag iarraidh go leor oibre a dhéanamh. Tá súil agam go bhfuilimid ag baint úsáide éifeachtaí as an mbuiséad atá againn i láthair na huaire. Tá an buiséad sin ag dul suas de réir a chéile. Tá súil agam go mbeimid in ann leanacht ar aghaidh ag baint úsáide éifeachtaí as lenár gcuid spriocanna a bhaint amach.

Tá an ról céanna againn sna ceantair Gaeltachta is atá ag IDA Ireland, Fiontraíocht Éireann agus na LEOs sna ceantair lasmuigh den Ghaeltacht. Bíonn Údarás na Gaeltachta ag déileáil le chuile shórt, ó chomhlachtaí móra le hinfheistíocht ó taobh amuigh den tír seo go dtí na micreaghnóthais. Is réimse leathan é sin. Is cinnte go bhfuilimid ag iarraidh an oiread comhoibrithe agus is féidir a bheith againn leis na heagrais sin. Tá comhoibriú maith eadrainn. Mar shampla, tá fáil ag ár gcuid cliant ar na scéimeanna go léir atá ag Fiontraíocht Éireann nach bhfuil againn. Mar sin, tagann airgead ó Fhiontraíocht Éireann tríd an údarás go dtí ár gcliantchomhlachtaí i gcásanna ábhartha agus faoi scéimeanna ábhartha ó thaobh taighde, forbairt agus rudaí éagsúla mar sin. Tá comhoibriú an-mhaith le IDA Ireland freisin. Bíonn Údarás na Gaeltachta ag déileáil le comhlachtaí lasmuigh den tír seo. Más gá, is féidir linn feidhmiú trí oifigí IDA Ireland thar sáile. De réir mar is gá, coinnímid i dteagmháil leo. D'fhéadfainn a rá go bhfuil an comhoibriú go maith. Ba mhaith linn tógáil ar an gcomhoibriú sin agus pé bealach gur féidir linn a ghlacadh le nasc níos láidre a bheith againn leis na comhlachtaí atá ag plé le fiontar agus mar sin de.

Maidir le ceist na cumarsáide, tuigfidh an choiste go n-oibreoimid le pé bord a chuirfidh an Rialtas ar fáil dúinn. Is féidir linn a rá go bhfuil cleachtadh againn ar bheith ag obair faoi chúinsí éagsúla. Aithnímid go bhfuil an-cheangal againn leis na pobal Gaeltachta tríd an mbord atá againn agus tríd na comhairlí contae atá ag déanamh ionadaíochta ar an mbord. Beimid ag oibriú leis an mbord beag beann ar an gcinneadh a dhéanann an Rialtas. Is iontach an acmhainn é dúinn go bhfuil bord againn atá tarraingthe as muintir na Gaeltachta, agus scileanna, taithí agus cúlraí éagsúla ag baill an bhoird.

Ní fhéadfainn a rá go bhfuil aon fhigiúir de site visits nó itineraries ar leith atá tagtha isteach le bliain anuas, b'fhéidir. Cuirim béim ar an méid atá ráite agam - go bhfuil comhoibriú maith eadrainn. Ba mhaith liom réigiún an iarthuaiscirt a lua sa chomhthéacs seo mar shampla. Táimid ag obair lámh in lámh le IDA Ireland agus muid ag iarraidh an cianoibriú, nó obair ón mbaile, a chur chun cinn. Tá straitéis aontaithe againn le comhlachtaí a bheidh in ann na cianoibrithe seo a thabhairt isteach. Fiú an tseachtain seo, táimid ag obair le IDA Ireland i dtaobh an comhlacht Pramerica, atá lonnaithe i Leitir Ceannain agus atá ag oscailt ionaid i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Táimid ag obair lámh in lámh le IDA Ireland air sin. Táimid ag teacht ar shocruithe faoin tacaíocht a chuirfidh muid ar fáil don ionad i nGaoth Dobhair.

Cathain an raibh an site visit deireanach ag an údarás?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Bíonn muid amuigh ag tochailt i gcónaí.

Níl aon socrú foirmeálta againn go gcaithfeadh aon eagras mar sin site visit a chur ar fáil dúinn. Bíonn muid féin i gcónaí amuigh ag tochailt, ag úsáid ár ndiaspóra agus ag úsáid pé teagmhálaithe gur féidir linn. Má bhíonn lead againn, faighimid comhoibriú an-mhaith ó oifigí an IDA thar sáile. Abair má théimid go Boston, tá an IDA agus a chuid oifigeach ansin sásta comhoibriú linn. Bhí cás ansin le mí anuas ina raibh muid ag déileáil le comhlachtaí amuigh i mBoston agus fuair muid an-tacaíocht ón IDA i dtaobh an teagmháil sin a dhéanamh. Caithfinn a rá go bhfuil an comhoibriú go maith.

Bhí cúpla ceist eile.

Ms Siubhán Nic Grianna

Le teacht ar ais go dtí an cheist faoi na pleananna teanga, cinnte tá template nó múnla againn. Táim in ann é sin a chur ar aghaidh chuig an gcoiste le go bhfeicfidh na baill é. Bíonn os cionn scór gníomhaíochtaí liostáilte. Tá siad dírithe den chuid is mó ar úsáid agus feiceálacht na Gaeilge sa chomhlacht. Níl aon phleananna teanga ag na comhlachtaí mar an gcéanna. Tá sé ag brath ar an chomhlacht féin, riachtanais an chomhlachta, an áit ina bhfuil sé lonnaithe, na fostaithe atá ag obair ann, agus na margaí ar a bhfuil sé ag díriú. An bhfuil sé ag plé le pobal na Gaeltachta? An bhfuil sé ag plé le pobal na tíre? B'fhéidir go bhfuil sé ag plé le daoine ar fud an domhain agus nach bhfuil an oiread sin plé acu le pobal na Gaeltachta. Tá na pleananna éagsúla ag brath ar riachtanais, ach tá múnla agus template leagtha amach.

I dtaca le hacmhainní agus araile, sílim gurb é an rud is tábhachtaí ná go bhfuil muid in ann na comhlachtaí seo a spreagadh. Ag dul siar, blianta ó shin bhí scéim faoi leith ag an údarás a thug aitheantas do na comhlachtaí a bhí ag déanamh a gcuid féin ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn taobh istigh den ghnó. Fiú sa réimse poiblíochta agus cumarsáide, chímid sampla dearfach thíos ansin i Múscraí - Folláin Teoranta. Éiríonn linn dul i bhfeidhm orthu sin agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh ó thaobh cúrsaí bolscaireachta agus margaíochta. Déanaimid cuid mhór. Cuirimid go leor tacaíochta ar fáil dóibh ó thaobh na suíomhanna Idirlíne atá acu, ábhair a aistriú agus mar sin de.

Ar an cheist eile i dtaca le teacht ar dhaoine, deireann na comhlachtaí féin linn go mbíonn sé thar a bheith deacair acu teacht ar dhaoine sa Ghaeltacht leis an saineolas, an oiliúint nó na cáilíochtaí cuí atá uathu sa lá atá inniu ann. Tá staid na fostaíochta athraithe go mór sa Ghaeltacht agus bíonn sé deacair acu in amanna. Tá muid dírithe air sin go háirithe agus chímid an fás mór atá tagtha ar an earnáil faisnéise. Cuirimid suim i ndéantúsaíocht agus mar sin de. Tá éileamh mór ann agus tá sé deacair an t-éileamh fostaíochta sin a shásamh san am i láthair.

Maidir leis an cheist a cuireadh faoi eachtrannaigh atá ag obair, chítear dúinn go bhfuil siad sin an-oscailte agus go nglacann siad an seans, oiread agus is féidir leo, an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá cuid acu ina gcónaí sa Ghaeltacht, tá siad ag tógáil a gclanna ansin agus tá siad ag iarraidh i ndáiríre dul i gcionn ar an teanga. Aithníonn siad go mór an tábhacht atá le Gaeilge a bheith acu.

Tá ceist agam mar gheall ar na pleananna teanga le haghaidh na bailte seirbhíse. An bhfuil aon cheann i gContae na Mí?

Ms Siubhán Nic Grianna

Tá an Uaimh agus Baile Átha Buí ina mbailte seirbhíse.

Ach níl aon phlean acu.

Ms Siubhán Nic Grianna

Níl go fóill. Go bunúsach, tá tús curtha leis an phróiseas i roinnt de na bailte a fhad agus a bhaineann sé leis na bailte atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Tá Daingean Uí Chúis ag ullmhú a phlean féin san am i láthair. Beimid ag súil go mbeifear ag déanamh fógra i dtaca le baile seirbhíse Gaeltachta an Chlochán Liath go luath agus, ina dhiaidh sin, i dtaca le Béal an Mhuirthead. Tá tús curtha le pleananna i Leitir Ceannain. Bhí cruinniú an tseachtain seo caite i dTrá Lí. Tá tús curtha leis an phróiseas i nDún Garbhán fosta. Tá roinnt oibre ar siúl. Tá sé sin faoi chúram Fhoras na Gaeilge mar a bhaineann sé leis na bailte seirbhíse Gaeltachta taobh amuigh den Ghaeltacht.

An dtagann na pleananna ó na bailte féin nó an dtéann Foras na Gaeilge chucu arna iarraidh?

Ms Siubhán Nic Grianna

Is é an cur chuige a bhíonn againn de ghnáth ná go reachtáltar cruinniú poiblí sna ceantair ionas go gcuirtear an pobal ar an eolas. Bímid ag súil ansin go dtiocfaidh grúpaí nó coistí chun tosaigh a bhfuil sásta tabhairt faoi phleanáil.

Bhí ceist eile ag an Teachta maidir le naíolanna.

Mr. Tadhg Ó Conghaile

Bhí ceist ag an Teachta maidir leis an ardú €250,000 a fuair muid anuraidh le haghaidh na gcomharchumann agus na n-eagraíochtaí pobail. Ar an gcéad dul síos, bunaíodh eagraíocht nua ar Inis Meáin ag deireadh na bliana seo caite agus bhí gá le maoiniú a chur le fáil do sin anuraidh agus rinne muid é sin. Ansin tugadh arduithe beaga do na heagraíochtaí eile. Níl na figiúirí cruinn os mo chomhair anseo ach is féidir liom iad a fháil don choiste más mian leis.

Ms Siubhán Nic Grianna

Maidir leis an cheist ó thaobh na naíolann, tá roinnt naíolann ann. Tá siad faoi chúram Chomhar Naíonraí na Gaeltachta agus Muintearas. Cinnte tá an ceart ag an Teachta go bhfuil na naíolanna ag teacht faoi bhrú mór ó thaobh chúrsaí airgeadais, mar is eol do na baill, ó thaobh líon foirne agus ó thaobh an ratio fostaí-leanbh, is cuma má tá siad sa Ghaeltacht nó taobh amuigh de. Aithnímid é sin. Dar linn is é an múnla is fearr a oibríonn ná nuair atá naíolann, naíonra agus seirbhisí réamhscoile agus iar-scoile ag feidhmiú san fhoirgneamh amháin. Ar ndóigh, cuidíonn sé sin leo cuid de na costais a láimhseáil ar bhealach níos éifeachtaí. Tá an ceart ag an Teachta. Tá sé thar a bheith deacair ag aon naíolann bheith ag feidhmiú de bharr na riachtanais atá ann ó thaobh acmhainní foirne de.

Ligfidh mé don Teachta teacht ar ais.

Mr. Gearóid Breathnach

Gabh mo leithscéal, a Chathaoirligh. Cuirtear ar moill an maoiniú do na naíolanna a fhaightear trí Pobal ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.

Mar gheall ar an saghas curaclam a bhíonn sa naíolann, an mbíonn dualgais ann? An bhfuil na hábhair a déileáileann siad leo sa Ghaeltacht dírithe i dtreo na Gaeilge? An bhfuil aon rud eagraithe ag an Rialtas faoi sin?

Ms Siubhán Nic Grianna

Luaigh mé Comhar Naíonraí na Gaeltachta. Bíonn an t-eagraíocht sin ag plé go rialta leis an Rialtas. Is é sin ceann de na pointe atá sé ag rá. Is dúshlán atá ann dá bhaill i gcónaí teacht ar ábhair trí Ghaeilge. Tá sár-obair déanta aige le blianta fada anuas. Ba iad a rinne aistriúchán ar na curaclaim. Bhí an pointe sin pléite againn le gairid, go gcaitheann na naíolanna a gcuid acmhainní foirne féin a chur ag aistriú ábhair. Tá dul chun cinn á dhéanamh acu ansin ach arís aithnítear é. Sílim go bhfuil an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag plé na ceiste sin leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige san am i láthair.

Tá roinnt ceisteanna agam. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair. Níl sé i bhfad ó shin ó bhí óige na Gaeltachta istigh anseo. Is léir go ndeachaigh siad go mór i bhfeidhm orainn. Táimid ag caint ar dhéagóirí na Gaeltachta. Mura sealbhú siadsan úsáid na teanga beidh sé deacair an Ghaeltacht a choinneáil ag imeacht. An bhfuil pleananna ag Údarás na Gaeltachta airgead a lorg le haghaidh fhorbairt seirbhísí don óige sa Ghaeltacht nó an mbeidh a chuid dóthain airgid aige féin leis sin a dhéanamh?

Gabh mo leithscéal. Tá fón ag cur isteach ar an gcóras. An fón an Teachta Ó Cuív é?

Ní dóigh liom é.

Mothaím go bhfuil mé ar ais sa rang.

Ar na comharchumainn agus na heagraíochtaí pobalbhunaithe, cuirim fáilte roimh an méadú. Tá sé fíor-bheag. Ní leor é. Ar an meán, cé mhéad a thugtar do chomharchumann nó d'eagraíocht pobalbhunaithe sa nGaeltacht? Cén chaoi a bhfuil sé sin i gcomparáid leis an airgead a thugtar do community development projects, CDP, mar shampla? Ag pointe amháin bhí siad ag €90,000 sa mbliain. Caithfimid cuimhniú go bhfuil an Stát anois ag caitheamh an oiread céanna agus a bhí á caitheamh in 2007. Tá an leithscéal go bhfuil an tobar tirim beagáinín caite faoi seo. Thart ar an am sin bhí muid ag tabhairt €90,000 dóibh. B'fhéidir go bhféadfadh na finnéithe eolas a thabhairt don choiste air sin.

Maidir le pleananna teanga, an bhfuil aon spriocanna fostaíochta Gaeilge nó fostaíochta teanga mar chuid de gach plean? Ag deireadh an lae, má bhreathnaítear air ó thaobh tuismitheoirí de, níl rud ar bith a tharraingeoidh iad i dtreo na teanga níos mó ná buntáiste dóibh féin. Tá daoine á dhéanamh. An bhfuil sé sin mar chuid lárnach? Is ceann de na spriocanna a bhí ag an údarás, agus a bhí leagtha amach, ná go gcaithfidh sé oiread fostaíochta teangalárnach a chur ar fáil as an iomlán ar fad a bhí sé ag cur ar fáil. Ní cuimhin liom an figiúr. An 30% nó rud éicint é? An bhfuil sé sin fós i bhfeidhm? An bhfuil sé mar chuid den phlean teanga i gcuile phobal go gcruthófar postanna aistriúcháin nó postanna in earnáil na físe, an earnáil craolacháin nó earnáil ar bith eile inar féidir postanna teanga a chruthú?

B'fhéidir go bhfuil sé seo clúdaithe cheana, ach an bhfuil iarratas déanta ag an údarás ar bhreis mhaoiniú le cur i bhfeidhm na pleananna teanga suas go €300,000 an plean in aghaidh na bliana?

Feictear dom mura bhfuil airgead ann, beidh na pleananna thar cionn, ach ní an plean atá réitithe a bheas á chur i bhfeidhm. Ní dóigh go bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm ar €100,000. Níl a fhios agam an Mr. Breathnach rúnaí ar an mbord, ach an bhfuil aon phlé déanta san údarás, agus an bhfuil aon phlé aige leis an Aire, faoi céard a tharlódh má cheaptar daoine ag an Aire do bhord an údaráis nach bhfuil inniúil a chuid gnó a dhéanamh go héifeachtach - táim ag caint ar é a dhéanamh go héifeachtach - trí mheán na Gaeilge? Beidh go leor obair theicniúil i gceist anseo. An bhfuil aon phlé déanta ag na finnéithe faoin chaoi ina láimhseálfadh a leithéid de fhéidearthacht? De réir mar a thuigim, is í an tAire a cheapann gach aon duine ar an mbord. Ainmníonn na húdaráis áitiúla daoine le cur ar an mbord ach is í an tAire a cheapann iad faoin Acht. Is drochchóras é ar ndóigh ach is é an córas atá ann. An bhfuil na finnéithe tar éis é sin a mhíniú don Aire chomh deacair agus a bheadh sé feidhmiú mar bhord mura mbeidh teanga an bhoird ag baill an bhoird? Bail ó Dhia uirthi. Tá jab mór aici. Is í atá freagrach, ní an tAire Stáit.

Déanaim comhghairdeas leis an bpríomhfheidhmeannach ar a phost nua. Tá sé i gceist 45,000 duine a bhrú isteach i gcathair na Gaillimhe. Cén fáth? Níl a fhios agam, ach is é sin atá leagtha amach. Beidh tionchar nach beag aige sin ar Chois Fharraige, ceann de na Gaeltachtaí is foirfe agus is láidre sa tír. Beidh brú ollmhór air. Cén plé a bhí ag an údarás leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil i dtaobh na ceiste sin agus i dtaobh an chreat náisiúnta pleanála? Níl móran ráite sa bplean maidir leis an nGaeltacht.

Ó thaobh cruthú fostaíochta de, go minic sa ndioscúrsa shílfear gurb é an t-aon sórt postanna foirfe ná postanna a thagann isteach ó thar sáile. Tá mé píosa fada ag obair sa nGaeltacht. Thosaigh mé in 1974. Chonaic mé infheistíocht dhíreach choigríche ag imirt. Tá roinnt acu ann le píosa fada. Má tá, tá go leor comhlachtaí eile dúchasacha atá tar éis an fód a sheasamh agus a fhás go mór céanna. An bhfoilsíonn an t-údarás liosta de líon na bhfostaithe atá ag chuile chomhlacht? Is é sin le rá, an bhfuil muid in ann a fheiceáil cé mhéad atá i gcomhlacht faoi leith as an méid jab a deireann an t-údarás atá aige san iomlán? An bhfuil muid in ann breathnú ar cé mhéad acu atá, mar shampla, i dtionscal na dteanga - Telegael, EO Teilifís agus iad siúd ar fad? Cé mhéad atá san earnáil acmhainní nadúrtha? Tosaíodh Arramara Teoranta mar chomhlacht dúchasach. Anois tá dream ón iasacht tagtha isteach i riar na háite ach go bunúsach is rud a bunaíodh sa Ghaeltacht é. Cé mhéad de na comhlachtaí a tháinig as an nua ón iasacht? Is dóigh liom dá mbeadh na figiúirí sin againn d'fheicfeadh muid cén t-obair is rathúla agus is tairbhí, go mórmhór sa bhfadtéarma.

Feictear domsa nuair a bheas leathanbhanda gigabit i gcuile theach agus i gcuile ghnó sa tír go dtiocfaidh fás an-sciobtha ar chineáil tionsclaíochta an-nua. Gach rud a tharlaíonn sa saol, scaití téann sé siar i gciorcal mór millteach. Céad bliain ó shin bhí daoine ag criteáil sa mbaile ag dul i monarchan agus mar sin de. Bhí obair bhaile á déanamh do mhonarchan. Anois, beidh na daoine is airde sa tír ag déanamh obair bhaile lena gcuid ríomhairí do ghnóthaí ar fud an domhain. An bhfuil aon phlé déanta san údarás ar na féidearthachtaí a bhaineann leis sin daoine le Gaeilge a mhealladh ar ais go dtí an Gaeltacht? D'fhéadfaidís gnó d'ardleibhéal a dhéanamh. Ní gá go bhfuil monarcha ann chun obair sa Gaeltacht nó leis an nGaeilge. D'fhéadfadh go mbeadh cuntasaíocht idirnáisiúnta a bheith ar bun. Tá comhlacht mar sin gar den áit ina bhfuil mé féin. Níl sé sa Ghaeltacht mar a tharlaíonn. Tá sé in ann seirbhísí cuntasaíochta a chur ar fáil i bhfad agus i ngar, ach caithfidh an leathanbhanda a bheith ar fáil. Athróidh an leathanbhanda chuile shórt. An bhfuil aon scrúdú déanta ag an údarás ar na féidearthachtaí a bhaineann leis sin agus na deiseanna a thabharfaidh sé do daoine a thabhairt abhaile? Ní bheadh na míbhuntáistí a bhí ann go dtí seo ann go fóill dá mbeadh gigabit ann. I ndáiríre, nach breá an rud é duine a bheith ag breathnú amach ar na gleannta seachas ar bhalla istigh i gcathair agus é nó í ag obair?

Bhí mé ag caint le daoine ó chomhlacht amháin de chuid an údaráis le seachtain anuas agus tá an gigabit acu. Dúirt siad nuair atá siad ag plé lena gcustaiméirí sa mBreatain Mhór, an fhadhb atá acu anois ná nach bhfuil an gigabit acu siúd. Is gearr a bhíonn rudaí ag athrú.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

B'fhéidir go dtosnóidh mé leis an gceist dheiridh ansin. Tá an cianoibriú, mar a thugaimid air, lárnach don straitéis trí bliana atá leagtha amach romhainn. Aontaím leis an Teachta gur féidir le daoine an caighdeán maireachtála sa Ghaeltacht a fháil agus a bheith ag déanamh obair do chomhlachtaí i Londain, Boston, Baile Átha Cliath nó fiú cathair na Gaillimhe. Tá dhá tionscnamh ar leith a bheidh ag tacú leis an duine. Is ceann amháin dóibh an tionscnamh diaspóra na Gaeltachta atá againn le daoine a mhealladh abhaile ní hamhain le haghaidh na jabanna i gcomhlachtaí mar Randox, ach le tabhairt faoin gcianoibriú.

Le tacú leis sin sa ghearrthéarma agus sa fhadtéarma táimid ag bunú sraith de mhoil digiteacha. Beidh na digital hubs seo mar acmhainní ag na daoine seo. Beidh spás oifige d'ardchaighdeán agus leathanbhanda d'ardchaighdeán ar fáil ar an bpointe acu. Fiú nuair a bheidh leathanbhanda i chuile theach, ní bheidh daoine ag iarraidh fanacht sa mbaile agus a bheith ag obair i gcónaí. Beidh an sóisialú i gceist agus mar seo beidh na moil digiteacha seo tábhachtach i gcónaí. Tá sé sin lárnach agus aontaím leis an Teachta gur b'in rud a bheidh an-tábhachtach don Ghaeltacht sa todhchaí agus go mbeadh buntáiste amuigh ansin againn mar gheall ar an gcultúr, an saol sóisialta, an caighdeán maireachtála atá againn sa Ghaeltacht, agus an sábhailteacht atá ag baint leis an áit le hais cathracha móra agus mar sin. Tá, agus beidh, muid ag cur béime air sin.

Aontaím leis an Teachta i dtaobh an foreign direct investment, FDIs, agus an infheistíocht ón iasacht. Tá comhlachtaí sunstasacha againn atá ina gcomhlachtaí FDI i láthair na huaire, ach bunaíodh iad sin mar tograí dúchasacha agus cheannaigh na hinfheisteoirí ó thar sáile isteach iontu. Is féidir leithéidí Mylan a thógáil mar shampla. Tá, bhí agus beidh muid ag leagan béime ar an bhfiontar dúchasach. Beimid in ann briseadh síos a thabhairt ar na hearnálacha éagsúla ina bhfuil an fhostaíocht. Nuair a bhailíonn muid na figiúirí fostaíochta gach bliain bíonn a fhios againn céard iad na réimsí ina bhfuil na postanna. Ar bharr mo cheann, má táthar ag iarraidh bheith ag labhairt ar an méid jabanna teangabhunaithe atá ann trí na Gaeltachtaí, tá figiúir de 2,000 againn nuair a thógtar na réimsí pobail, comharchumainn agus na tionscail teilfíse agus forbairt teanga san áireamh. Clúdaíonn sé seo rudaí ar nós EO Teilifís, Telegael agus mar sin de.

Mr. Tadhg Ó Conghaile

Sheol mé litir isteach go Clare McNamara, príomhoifigeach sa Roinn Leanaí agus Gnothaí Óige.

Chuir mé cóip den straitéis chuici agus d'iarr mé cruinniú léi. Tá mé ag fanacht le scéal ar ais uaithi. Tá súil againn go mbeidh an cruinniú sin againn roimh an Nollaig. Táimid ag iarraidh a fháil amach an bhfuil aon bhealach le maoiniú a fháil ón Roinn sin. Níl aon airgead breise curtha ar fáil don údarás le haghaidh an straitéis óige a chur i bhfeidhm ag an bpointe seo. Táimid ag cur maoiniú ar fáil do Mhuintearas lena ról óige a chur i bhfeidhm. Níl aon airgead breise againn ag an bpointe seo leis an straitéis óige a chur i bhfeidhm, ach táimid ag dul ag cuartú airgead. Is é sin an méid atá le rá agam faoi sin.

Bhí ceist eile ag an Teachta faoi na comhlachtaí pobalbhunaithe. I mbliana, tá €1.76 milliún íoctha amach againn le 30 eagraíocht phobail. Tá an-----

Mr. Tadhg Ó Conghaile

Tá €1.76 milliún dáilithe sa bhliain reatha idir na heagraíochtaí pobail agus na comharchumainn. Tá na 17 comharchumainn ar na hoileáin ag fáil níos mó deontais ná comharchumainn ar an mórthír mar gheall ar chostais. Beimid ag íoc €87,000 an ceann dóibh, go garbh.

Mr. Tadhg Ó Conghaile

Tá €87,000, go garbh, ar fáil dóibh. Tá cúpla comharchumann nach bhfuil ag feidhmiú ach ar thrí lá sa tseachtain agus beidh siad ag fáil €34,000. Tá formhór na gcomharchumann ag fáil os cionn €50,000. Tá an buiséad an-teoranta orainn. Táimid ag iarraidh é a roinnt chomh féaráilte agus atáimid in ann, bunaithe ar chláir oibre agus ar riachtanais na n-eagraíochtaí. Maidir leis na CDPs, táimid ag cur maoiniú ar fáil do dhá CDP faoi láthair - Pobal le Chéile agus CDP na Rosann, atá bunaithe i dTír Chonaill. I ndiaidh an athbhreithnithe a dheineadh ar an mbainistiú, cuireadh buiséad de €140,000, nó €70,000 an ceann, ar fáil don bhliain reatha.

Cad faoi na CDPs atá ag an Roinn féin?

Mr. Tadhg Ó Conghaile

Tá cuid acu ag fáil níos mó. Tá tuilleadh taighde á dhéanamh againn ar obair na CDPs go fóill. Tá sé ceangailte leis an méid daoine atá fostaithe ag gach CDP agus an clár oibre atá ag an CDP.

Bheadh sé os cionn €100,000 ar an meán.

Mr. Tadhg Ó Conghaile

B'fhéidir go mbeadh sé, i gcás cuid acu. Tá na buiséid ar fad le réiteach.

Tá na comharchumainn ar an morthír - ná bac leis na hoileáin mar is eisceachtaí iad - ag fáil €55,000 ar an meán.

Mr. Tadhg Ó Conghaile

Is ea, ar an meán.

Chomh maith leis sin, níl aon phinsean ag na bainisteoirí.

Mr. Tadhg Ó Conghaile

Mar a dúradh níos túisce, bhí níos mó á íoc nuair a bhí airgead breise againn, ach tá laghdú suntasach tagtha ar an mbuiséad forbartha ó 2006. Caithfimid ag dul ag triail é sin a dháileadh idir na heagraíochtaí. An rud nach bhfuil againn, ní féidir linn é a dháileadh.

Tá an ceart ag an bhfinné.

Ms Siubhán Nic Grianna

Díreoidh mé ar cheist na fostaíochta san earnáil Gaeilge. Le feidhmiú an phróiseas pleanála teanga, a bhfuil bunús reachtúil leis, is dócha go bhfuil níos mó deiseanna ná mar a bhí le fada i gcruthú fostaíochta san earnáil seo. De bharr an allúntais atá ar fáil, mar thús beidh suas le 30 post bainteach le feidhmiú an phróisis ar fud na Gaeltachta. I dtaca leis sin, tá sé leagtha síos mar sprioc sa pholasaí don oideachas Gaeltachta gur chóir cur le líon na seirbhísí luathoideachais ar fud na Gaeltachta. Tá éileamh ansin cheana féin. Beifear ag súil go gcuirfí leis an bhfostaíocht san earnáil áirithe sin. Táimid ag iarraidh díriú isteach air sin san am i láthair. Tá cúrsaí oiliúna á reáchtáil againn. Táimid ag cur maoiniú ar fáil do Mhuintearas le cúrsaí oiliúna a reáchtáil i nGaeltacht Thír Chonaill agus i nGaeltacht Chonamara san am i láthair sa dóigh is go mbeidh daoine oilte ar fáil le dul ag obair sa réimse luathoideachais. Tá níos mó fostaithe tar éis teacht chun cinn. Mar a luaigh an tUasal Ó Conghaile níos luaithe, caithfimid aird a thabhairt ar an réimse óige. Tá éileamh ar sholáthar ag teacht chun cinn sna pleananna uilig. Beifear ag súil go mbeidh tuilleadh fostaíochta ag teacht chun cinn amach anseo.

Tá cúpla ceist eile fós le freagairt.

Mr. Gearóid Breathnach

Freagróidh mé an cheist maidir le hinniúlacht sa Ghaeilge sa chóras measúnaithe atá ar bun ag an Roinn. Tá sé curtha in iúl dúinn, tar éis dúinn an cheist seo a phlé le feidhmeannaigh na Roinne, go bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge mar cheann de na príomhchritéir i rith an phróisis. Níl aon ról ag an údarás sa phróiseas sin.

Tuigim. Tá Aire nua ann. B'fhéidir nach bhfuil sí ar an eolas go bhfeidhmíonn bord an údaráis go hiomlán trí Ghaeilge. Is í sin an chaoi a bhíodh sé roimhe seo, pé scéal é. Ceapfar chuile dhuine go díreach ag an Aire. Glacaim leis go mbeidh Gaeilge ag na daoine a bheidh á n-ainmniú agus á gceapadh ag an Aire. Nuair a cuireadh córas aisteach ar bun le blianta beaga anuas, bhí sé de rogha ag daoine taobh amuigh den Ghaeltacht baill an bhoird a thoghadh. Ní raibh aon tuiscint ar an nGaeilge nó aon spéis sa Ghaeilge ag cuid de na daoine a tháinig ó na comhairlí contae faoin gcóras sin. An raibh aon phlé leis an Roinn go dtí seo faoi cé chomh neamhéifeachtach is atá sé go bhfuil daoine ag teacht tríd an gcóras sin nach bhfuil in ann feidhmiú trí Ghaeilge ar bhord an údaráis? Má leantar ar aghaidh ag cur daoine gan Ghaeilge ar bhord an údaráis, an bhfuil seans ann go n-iompóidh an bord ar an mBéarla?

Mr. Gearóid Breathnach

Ní raibh aon phlé ag feidhmeannaigh an údaráis leis an Roinn faoin gceist áirithe sin. Ní feictear dúinn go bhfuil ról ag feidhmeannaigh an údaráis ag plé na ceiste sin.

Tá sé mar ról lárnach ag an údarás an Ghaeilge a chur chun cinn.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Ní fheicim aon chúinse go deo nach mbeadh an t-udarás ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Mar eagraíocht, bíonn gach plé a bhíonn againn leis an mbord go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Ní thiocfaidh aon athrú ar sin in aon chúinsí.

Tá ceist nó dhó fós le freagairt.

Ms Siubhán Nic Grianna

D'iarr an Teachta orainn an bhfuil aon iarratas déanta againn ar mhaoiniú chuig an Roinn maidir leis an bpróiseas pleanála teanga. Tá iarratas déanta againn maidir le buiséad na bliana 2018 bunaithe ar an allúntas atá ar fáil. Táimid ag lorg beagnach €2 mhilliún don bhliain seo chugainn sa dóigh is go mbeimid in ann díriú isteach ar, agus tacú le, ullmhú agus feidhmiú an phróisis pleanála teanga.

An bhfuil an €2 mhilliún sin sa bhreis ar an méid a fógraíodh sa cháinaisnéis?

Ms Siubhán Nic Grianna

Níl. Tá sé mar chuid den éileamh atá againn don bhuiséad don bhliain seo chugainn. Tá sé mar chuid den iarratas ar an mbuiséad sin.

An mbaineann sé sin le 2018 nó 2019?

Ms Siubhán Nic Grianna

Le 2018.

Gabh mo leithscéal. Cé mhéad atá i gceist?

Ms Siubhán Nic Grianna

Beagnach €2 mhilliún. Baineann sé sin le cúram a thabhairt do chostais ullmhú agus feidhmiú na bpleananna.

An bhféadfainn soiléiriú a fháil? Tá soláthar áirithe sa cháinaisnéis.

Ms Siubhán Nic Grianna

De réir mar a thuigim, tá allúntas de €2.65 milliún á chur ar fáil-----

Don phleanáil teanga.

Ms Siubhán Nic Grianna

-----don straitéis 20 bliain. Tá an próiseas pleanála teanga mar chuid de sin.

Cén méadú atá ansin ón bhliain seo caite?

Ms Siubhán Nic Grianna

Cuireadh €1.25 milliún ar fáil anuraidh. Tá €2.65 milliún ar fáil don bhliain 2018. As an mbuiséad sin, tugann an Roinn cúram don mhaoiniú a bhíonn ar fáil d'Fhoras na Gaeilge agus do ghníomhaíochtaí Gaeilge eile.

Tá sé sin roinnte ar fud an oileáin.

Ms Siubhán Nic Grianna

Tá.

Tá an €1 mhilliún roinnte ar fud an Stáit.

Ms Siubhán Nic Grianna

Ní thuigim.

Tá €1 mhilliún, nó beagáinín lena chois, ar fáil.

Ms Siubhán Nic Grianna

Sin é. Ó €1.25 milliún suas go dtí €2.65 milliún-----

Beidh fás nádúrtha fiú ar an leibhéal airgid atá á thabhairt amach - an €1 mhilliún in aghaidh na bliana agus mar sin de - de réir mar a bhíonn i bhfad níos mó pleananna á réiteach ar fud na tíre.

Ms Siubhán Nic Grianna

Sin é.

Beidh méadú ollmhór ar an gcaiteachas iomlán gan aon athrú polasaí agus gan aon mhéadu ar an maoiniú a bheidh aon dream ag fáil.

Ms Siubhán Nic Grianna

Beidh méadú ollmhór ar an gcaiteachas.

An gceapann an t-údarás go mbeidh sé in ann €300,000 in aghaidh an ghrúpa a thabhairt do leithéidí-----

Ms Siubhán Nic Grianna

Beidh sé thar a bheith dúshlánach. Mar a dúirt mé, tá trí phlean ceadaithe san am i láthair. Tá súil againn go mbeidh suas le sé phlean faoi bhráid na Roinne roimh mí na Nollag. Anuas air sin, tá sé mar sprioc againn go mbeidh naoi bplean eile faoi bhráid na Roinne faoi dheireadh na bliana. Tá go leor acu sin ceadaithe. Bunaithe ar an soláthar atá ar fáil, beidh sé thar a bheith dúshlánach. Níl €300,000 á lorg le haghaidh gach plean. Braitheann sé ar na riachtanais atá sna pleananna. Ar ndóigh, tá cuid acu tosaithe agus tá €100,000 ar fáil dóibh sa chéad bhliain. Ar ndóigh, tiocfaidh fás ar an bhfigiúr sin thar thréimse na seacht mbliana. Ar an meán, táimid ag caint ar thart ar €200,000 sa bhliain. Baineann go leor den chostas sin leis na hacmhainní foirne atá de dhíth ar na ceanneagraíochtaí agus na comharchumainn le tacú le feidhmiú na bpleananna ar an talamh.

Glacaim leis-----

Gabh mo leithscéal, a Theachta. Tabharfaidh mé deis duit teacht ar ais. Is dócha go bhfuil ceist eile le freagairt maidir leis an mbrú atá ar cheantar Chois Fharraige. An bhfuil tú sásta leis na freagraí atá faighte aige go dtí seo?

D'iarr mé ceist faoin gcreatlach náisiúnta pleanála.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Tá aighneachtaí déanta againn mar eagraíocht fhorbartha go dtí an creatlach náisiúnta pleanála. Leis an fhírinne a rá, níor phléigh muid go sonrach le fás chathair na Gaillimhe.

Tá an aighneacht atá déanta againn bunaithe ar na riachtanais atá againn maidir le pobal inmharthana Gaeltachta, cruthú fostaíochta, cothú teanga agus forbairt acmhainní a chur chun cinn. Tá an aighneacht sin isteach ag an gcreat náisiúnta pleanála, an NPF. Táimid i gcomhrá leis na dreamanna ábhartha faoi sin i láthair na huaire.

Bhí mé ag caint go sonrach ar chúrsaí bhrú teanga ar imeall na Gaeltacht is mó sa tír.

Is féidir linn teacht ar ais air seo. Tá an clog ag teannadh orainn agus tá mé ag iarraidh deis a thabhairt do chuile dhuine. Tiocfaidh mé ar ais má tá an Teachta sásta fanacht. Glaoim ar an Teachta Ó Domhnaill - gabh mo leithscéal, an Seanadóir Ó Domhnaill.

Fuair mé ardú céime ansin.

An ardú céime atá i gceist?

Ar dtús báire, déanaim comhghairdeas leis an phríomhfheidhmeannach úr. Ba mhaith liom mo thacaíocht a chur in iúl dó faoi choinne an obair atá le déanamh aige amach anseo. Tá obair mhór roimhe. Tá bainistiú iontach déanta ag an údarás ar a bhuiséad in ainneoin go raibh titim shuntasach ar an bhuiseád sin thar tréimhse deacair don tír. Tháinig sé amach ar an taobh eile. Tá timpeall 7,300 duine ag obair i gcliantcomhlachtaí an údaráis. Is dea-scéal mór é sin. Ó thaobh Dhún na nGall de, tá a fhios agam go n-oibríonn an údaráis ar an taobh sin tíre. Ní bheadh suim ar bith ag an IDA nó Fiontraíocht Éireann na postanna céanna a chruthú sna ceantair sin. Tá an bhéim go huile agus go hiomlán ag an IDA agus Fiontraíocht Éireann ar na bailte móra agus ar lárcheantair na tíre fosta. Tá éacht iontach déanta ag an údarás ó thaobh cruthú fostaíochta sna ceantair sin.

Tá trí rud le rá agam. Tá lúcháir orm go bhfuil iarratas déanta ar mhaoiniú breise do na pleananna teanga. Tá obair iontach déanta i mo cheantar féin i gCloich Chionnaola leis an phlean a chur i bhfeidhm, ach teastaíonn airgead breise agus tá lúcháir orm go bhfuil an t-iarratas sin déanta. Tá sé tábhachtach go mbeidh an maoiniú anois ansin.

Ó thaobh na gcomhlachtaí pobalbhunaithe, tá ceist ag teacht aníos am i ndiaidh ama. D'ardaigh an Teachta Ó Cuív é seo. Níl na comhlachtaí sa Ghaeltacht ar an leibhéal céanna leis na comhlachtaí taobh amuigh de. Níl a fhios agam an bhfuil ceangal le Pobal nó leis an Roinn i dtaca leis an leibhéal maoinithe atá ar fáil. Is cosúil go bhfuil an t-údarás faoi bhrú ó thaobh an maoiniú atá ar fáil dó ón Roinn i dtaca leis seo agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé ag iarraidh an t-airgead atá aige a roinnt chomh leathan agus is féidir agus go bhfuil sé sin ag cruthú deacrachtaí. An bhfuil aon réiteach eile nó moladh a dtiocfadh linn a chur os comhair na Roinne mar choiste i dtaca leis an cheist seo? Tá coistí nó comhlachtaí pobalbhunaithe taobh amuigh den Ghaeltacht ar leibhéal maoinithe níos airde. Cuir i gcás €50,000 do choiste pobalbhunaithe. Nuair atá bainisteoir agus rúnaí nó rúnaí pártaimseartha íoctha amach as sin, is beag airgead atá fágtha. Tá a fhios agam go bhfuil obair iontach déanta acu. Níl a fhios agam an bhfuil aon mholtaí i dtaca leis sin.

Ó thaobh na spriocanna a bhaineann leis an ghníomhphlean náisiúnta, tá sé leagtha amach sa phlean atá foilsithe go bhfuil 1,500 post úr le bheith cruthaithe ag an údarás - 200 post glan sa bhliain idir seo agus 2020. Ó thaobh na píblíne faoi láthair, cá bhfuil an fócas ó thaobh na spriocanna sin a bhaint amach? Ó thaobh an mhaoinithe chaipitil don údarás, chím i gcur i láthair an phríomhfheidhmeannaigh go bhfuil ardú de €300,000 ar fáil an bhliain seo chugainn. Ag an am céanna, tá gá le thart ar €12 mhilliún chun na spriocanna sin a bhaint amach. An gcruthóidh sé sin deacrachtaí don údarás ó thaobh an ghanntanas airgid sin don mhaoiniú caipitil? Tá sé ceart go leor ag an Rialtas nó ag aon Aire spriocanna a leagadh amach, ach muna bhfuil siad chun an t-airgead a chur ar fáil do na heagrais, cosúil leis an údarás sa chás seo, beidh sé deacair iad a bhaint amach. Ó thaobh athfhorbairt Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, cad atá beartaithe? An bhfuil rud ar bith beartaithe?

Mar phointe deireanach, molaim an t-údarás as an obair atá ar bun aige ó thaobh an togra úr i dtaca le diaspóra na Gaeltachta. Tá a fhios againn go bhfuil go leor daoine ón iarthar ar imirce sna Stáit Aontaithe, san Astráil agus in áiteanna eile. B'fhéidir go bhfuil brionglóid acu teacht abhaile. Measaim gur togra fiúntach é seo. An bhfuil aon eolas faoin togra sin? Cad atá ar bun? Measaim gur fiú tabhairt faoi rud éigin den chineál seo. An bhfuil sé ceangailte isteach sa togra seo go rachadh an t-údarás go dtí cathracha éagsúla ar fud an domhain chun daoine a mhealladh? Cad atá i gceist leis an togra? Sin bun agus barr na gceisteanna.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Má thógaim an cheist sin faoi dhiaspóra na Gaeltachta, táimid ag cur an-bhéim ar an tionscnamh diaspóra. Tá scileanna ag teastáil uainn le haghaidh na gcomhlachtaí atá againn. Luaigh mé Randox agus Mylan. Má táimid ag iarraidh a bheith in ann na comhlachtaí a choinneáil san áit ag fás agus ag forbairt agus comhlachtaí nua a mhealladh, caithfimid a thaispeáint go bhfuil fáil againn ar na daoine. D'imigh go leor daoine le roinnt blianta anuas ach tagann staid ina saolta go dtiocfadh siad abhaile má bhíonn na cúinsí ceart. Táimid ag iarraidh iad a mhealladh abhaile, mar a dúirt mé níos luaithe leis an Teachta Ó Cuív, ní hamháin le haghaidh comhlachtaí atá ag fostú daoine, ach le gur féidir leo fanacht ag obair ag na comhlachtaí a bhfuil siad ag obair acu i lathair na huaire leis an gcianoibriú. Chomh maith leis sin, díreoidh muid gach tacaíocht do dhaoine a bheadh ag iarraidh a bhfiontair féin a thosnú.

Beimid ag cur an-bhéim ar thogra dhiospóra na Gaeltachta. Beimid ag úsáid na meán sóisialta nua agus na teicneolaíochtaí nua chun cumarsáid a dhéanamh agus a choinneáil le daoine ar fud an domhain. Tá sé i bhfad níos éasca ná mar a bhí sé fiú deich mbliana nó 15 bliana ó shin. Beimid ag úsáid na meán sin. Beidh na hardáin sin againn - LinkedIn, Twitter, Facebook agus na rudaí sin go léir. Beidh suíomh Idirlín a lainseáil go luath air seo. Chomh maith leis sin, tá an teagmháil fhisiciúil againn. Bíonn na Golden Bridges ann. Bíonn muid, mar údarás, páirteach ansin i nasc idir iarthuaisceart na hÉireann agus Massachusetts a chruthú. Faoi mhuintir Ghaeltacht Mhaigh Eo, tá teagmháil fhisiciúil againn le Cleveland. I dtaobh mhuintir Thír Chonaill, tá teagmháil fhisiciúil againn le Philadelphia agus mar sin. Beimid ag úsáid chuile bhealach gur féidir linn leis an teagmháil sin a dhéanamh, ach cinnte tá buntáistí móra ann ó thaobh na teicneolaíochta nua leis an teagmháil sin a dhéanamh agus a choinneáil.

I dtaobh Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, tá infheistíocht shuntasach déanta againn mar eagraíocht sna foirgnimh agus sa bhunstruchtúr ansin ó bhí an géarchéim ansin ceithre bliain ó shin. Nuair a tháinig an fóram fiontraíochta le chéile, dúirt muid go gcruthódh muid 300 post nua ar an eastát idir an t-am sin agus mí Márta. Is féidir liom a rá inniu go bhfuil 280 den 300 sin cruthaithe agus muid ag caint anseo anois. Ag seiceáil chomh maith ar an bhfostaíocht dhíreach ar an talamh, nuair a lainseáil an togra sin, bhí 360 duine fostaithe i gcomhlachtaí ar an eastát. Tá os cionn 500 i bhfostaíocht ar an talamh ansin inniu. Tá an dá mhiosúr sin ag dul sa treo ceart. Mar a dúirt mé, dhírígh muid air sin. Beidh muid ag díriú ar Pháirc na Mara anois agus ag díríú ar thosaíochtaí eile i nGaeltachtaí eile díreach mar a dhírigh muid air sin.

I dtaobh an ardaithe, cinnte tá dúshláin ann. Tá sé ráite go soiléir againn go bhféadfadh muid níos mó acmhainní a úsáid. Tuigeann muid go bhfuil cúinsí ann a chiallaíonn nach féidir linn ardú an-mhór a fháil thar óiche, ach táimid ag dul sa treo ceart. Tar éis a rá go bhfuil sé dúshlánach, táimid dírithe ar an úsáid is fearr agus is féidir linn a bhaint as na hacmhainní atá againn. De réir mar a fhaigheann muid tuilleadh acmhainní, bainfimid úsáid mhaith astu sin. Tá go leor féidearthachtaí ansin, ní hamháin dúshláin, chun forbairt a chur chun cinn ach na hacmhainní cuí a fháil thar tréimhse ama.

Mr. Gearóid Breathnach

Tá an ceart ag an Seanadóir go bhfuil, dar linn, €12 mhilliún ag teastáil chun na spriocanna a bhaint amach. Tá os cionn 500 post ceadaithe againn le dhá bhliain anuas. Cuirfidh sé sin leis an bpunann fostaíochta atá ann. Braitheann sé ar an fallout. Imíonn comhlachtai i gcónaí. Bíonn laghdú ar líon na gcomhlachtaí uaireanta. Caithfimid cur níos mó agus níos mó leis an méid fostaíochta. Táimid ar an imeall ó thaobh an bhuiséid de faoi láthair. Caithfimid é sin a bhainistiú ionas gur féidir linn a chinntiú go bhfuilimid ag feidhmiú go héifeachtach agus go cúramach faoin leibhéal maoinithe atá ar fáil dúinn. Muna fhaigheann muid an €12 mhilliún sin, beidh riosca ann nach mbaintear amach na spriocanna atá againn.

Tá an Seanadóir Ó Domhnaill ag iarraidh teacht isteach. Tá cúpla ceist agam freisin. Tiocfaidh mé ar ais go dtí an Teachta Ó Cuív. An bhfuil an Seanadóir sásta leis na freagraí atá faighte aige?

Bhí ceist agam maidir leis na comhlachtaí.

Mr. Tadhg Ó Conghaile

Aontáim leis an Seanadóir go bhfuil breis airgid ag teastáil ag na comhlachtaí pobalbhunaithe agus na CDPs.

Mr. Tadhg Ó Conghaile

Fáiltím roimh an ráiteas ón Seanadóir go rinne muid jab maith an earnáil seo a bhainistiú leis an mhéid a bhí againn. D'oibrigh muid féin agus na heagraíochtaí pobail an-crua le chéile. I ndáiríre, tá gá ann an buiséad a ardú má tá spriocanna éagsúla le baint amach. Muna dtagann ardú ar an mbuiséad, beidh imní orthu siúd atá páirteach sa réimse seo.

Go raibh maith agat.

An bhfuil aon cheist eile ag an Seanadóir?

Ba mhaith liom dhá cheist nár dhírigh muid orthu go fóill a ardú. Bhí oifigigh ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, atá ag plé leis na Ranna Stáit éagsúla, os ár gcomhair coicís ó shin. Bhí sé luaite sa straitéis 20 bliain go mbeadh ról cúlráideach ag an údarás i seirbhísí na Ranna Stáit nó na heagraíochtaí Stáit. Dúradh go mb'fhéidir go mbeadh cúloifig de chineál éigin faoi scáth Údarás na Gaeltachta in ann déileáil le custaiméirí, cliaint agus saoránaigh a ghlaonn ar an Roinn Sláinte nó Roinn éigin eile agus iad ag lorg seirbhíse trí mheán na Gaeilge. Níor chuala mé aon chaint ar an moladh seo le fada. Níl a fhios agam an bhfuil plé ar bith fós ar siúl faoi. An bhfuil deiseanna sa chomhthéacs seo? De réir an mhéid a chuala muid an lá faoi dheireadh, níl ag éirí ar chor ar bith leis na Ranna Stáit é seo a dhéanamh agus níl an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe á bhrú. Is dóigh liom go bhfuil spás ann don údarás brú a chur leis an ról seo a ghabháil, go háirithe ós rud é go bhfuil an moladh seo sa straitéis cheana féin. Dá mbeadh ról ag an údarás i seirbhísí gutháin agus teagmháil phobail a chur ar fáil, chruthódh sé fostaíocht sna ceantair Gaeltachta.

Ba mhaith liom an cheist eile atá agam a dhíriú ar an Uasal Ó Conghaile. Tá sé cloiste againn ó na saoistí ar fud na Gaeltachta go bhfuil an scéim JobPath ag cur as go mór ó thaobh cliaint agus rannpháirtithe a fháil do na scéimeanna fostaíochta pobail agus na scéimeanna eile. An í sin an taithí atá ag na finnéithe freisin? An bhfuil JobPath ag cur as do dhaoine? Tá cuid mhaith tuarascálacha foilsithe le déanaí a léiríonn go bhfuil fadhb le JobPath agus go bhfuil sé ag cruthú deacrachtaí ó thaobh na scéimeanna.

An bhfuil aon cheist sciobtha eile ag éinne eile?

Tá ceist agam don Uasal Breathnach. Foilsítear an leabhar is ansa liom, an fiscal monitor, uair sa mhí. Nuair a bhí mé ag breathnú ar an fiscal monitor is déanaí ar maidin, d'fhoglaim mé go bhfuil caiteachas na Roinne €5 mhilliún taobh thiar de sprioc. Go deimhin féin, níl ach €37 milliún caite ag an Roinn as €51 mhilliún de bhuiséad caipitil. Fágann sé sin €14 mhilliún de mhaoiniú caipitil le caitheamh laistigh de 20 lá. Ní bhíonn éinne ag obair i rith laethanta deireanacha na bliana. De réir mar a thuigim ó cheisteanna Dála le gairid, níl iomlán an airgid a tugadh ar aghaidh ó anuraidh caite ach oiread. An bhfuair an Roinn glaoch ag iarraidh cé mhéad atá le caitheamh go fónta as seo go deireadh na mbliana? An bhfuil €2 mhilliún nó €3 mhilliún le caitheamh i mbliana agus an bhliain seo chugainn, go háirithe nuair atá breis airgid á fáil don bhliain seo chugainn? An bhfuair an Roinn an glaoch a bhíodh á fháil sna blianta roimhe seo?

Teastaíonn uaim filleadh ar cheist an scéim Leader. Dúirt na finnéithe go bhfuil an scéim á cur i bhfeidhm ag an údarás i nGaeltacht Dhún na nGall agus go bhfuil siad sásta go bhfuil rudaí ag feidhmiú go maith ann. An bhfuil aon chúis faoi leith nach bhfuil aon rud tarlaithe - nach bhfuil deontais á scaoileadh, mar shampla - i gCorcaigh? Tuigim go bhfuil sé seo ar fad i bhfad níos lú agus nach bhfuil ach airgead beag i gceist i gceantar Mhúscraí.

Tá dhá cheist ón Seanadóir Ó Domhnaill fós le freagairt.

Mr. Tadhg Ó Conghaile

Maidir le JobPath-----

Is í sin an dara cheist. Bhí ceist eile.

Mr. Tadhg Ó Conghaile

Iarraim ar an gcoiste mé a cheartú má tá mé mícheart nuair a deirim gurb é an ról atá ag an údarás i dtaobh na straitéise ná an straitéis a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht agus gurb é an ról atá ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ná dul i bhfeidhm ar na Ranna Stáit eile lena sciar iadsan a dhéanamh. Is í sin an tuiscint atá agam ar an gceist seo, a bhíonn á plé againn i gcónaí. Bhí issues againn le Ranna Stáit eile maidir le obair a roinnt eadrainn féin, srl. Níl aon rud cloiste againn faoi sheirbhísí cúloifige nó an bhfuil siad ar fáil. Ardóidh muid an cheist sin leo. Má táimid in ann rud éigin a dhéanamh, beimid breá sásta é a dhéanamh.

Tá an ceart ag an Seanadóir go bhfuil an córas JobPath ag cur isteach go mór ar dhaoine sa Ghaeltacht. Tá an-imní ann faoin gcaoi ina bhfuil an córas ag feidhmiú. Go déanach aréir, fuair mé glaoch gutháin ó bhean atá ag obair mar chúramóir baile. Bhí uirthi dul isteach go dtí oifig i nGaillimh agus suí os comhair ríomhaire. Bhí uirthi an carr a pháirceáil ar feadh an lae. Fuair sí míleáiste de €24.94 don lá. Tá sí ag fáil €13 le haghaidh gach lá ar a mbíonn sí ag obair. Ní dhéanann sé aon chiall eacanamíochta, i ndáiríre. Tá go leor daoine atá ag déileáil leis an gcóras sin a bheadh ar fáil do phobal na Gaeltachta le dul agus a thriail a dhéanamh dá mbeadh sé leasaithe. Mar a dúirt me níos luaithe, ceapaim gur cheart go mbeadh leasú suntasach déanta ar an gcóras seo. Tabharfadh sé deis do dhaoine amuigh faoin dtuath atá dífhostaithe dul ar ais ag obair ar scéimeanna nó rud éigin eile. Bheadh sé maith don phobal. Cuirfeadh sé leis na daoine sna ceantair seo dá mbeidís in ann é seo a dhéanamh. Bheadh sé go maith ar chuile bhealach. Tá go leor deacrachtaí á gcruthú againn. Tá sé deacair ar na saoistí daoine a fháil le dul ar na scéimeanna seo mar gheall go bhfuil an córas chomh ceangailte. Más féidir leis an gcoiste aon rud a dhéanamh ar leibhéal pholasaí, bheadh sé sin go breá.

Tá dhá cheist eile le freagairt. Baineann ceann amháin le Leader. Chuir an Teachta Ó Cuív an cheist eile, a bhaineann leis an mhéid airgid atá fágtha.

Mr. Gearóid Breathnach

Tógfaidh mé an cheist ón Aire Ó Cuív.

Is "an Teachta Ó Cuív" é ag an bpointe seo. Tá súil aige go mbeidh sé ina Aire arís.

Mr. Gearóid Breathnach

Gabh mo leithscéal. Deirtear gur chóir ardú céime a thabhairt do dhaoine i gcónaí.

Níl sé críochnaithe mar Aire go fóill.

Mr. Gearóid Breathnach

Mar is eol don choiste, fuair an t-údarás €6.7 milliún sa bhuiséad caipitil i mbliana. Ceadaíodh €1.5 milliún breise dúinn i mí Iúil. Táimid ag súil le €500,000 eile anuas air sin anois. In iomlán, táimid ag súil ag an bpointe seo le €8.7 milliún sa bhuiséad caipitil.

Má fhaigheann an t-údarás an t-airgead seo, an mbeidh sé in ann é a chaitheamh?

Mr. Gearóid Breathnach

Ag an bpointe seo, ní bheadh an t-udarás in ann é a chaitheamh. Níl ach coicís fágtha sa bhliain. Ní féidir é a chaitheamh ag an bpointe seo.

Tá an t-údarás sásta, dá bhfaighfeadh sé €1 mhilliún eile, nach mbeadh sé caite roimh an Nollaig.

Mr. Gearóid Breathnach

Tá sé sin fíor de réir na pleananna. Ní féidir-----

Bhí ceist eile faoi Leader.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Tá an scéim Leader bunaithe ar dhaonra. Ós rud é go bhfuil an daonra i nGaeltacht Chorcaí chomh beag i gcomhthéacs an chontae ar fad, tá buiséad fíorbheag ansin. Bhí sé tábhachtach seasamh leis an bprionsabal go mbeadh an t-údarás freagrach as na ceantair Gaeltachta ó thaobh forbairt tuaithe de. Mar sin, bhí muid thar a bheith sásta gur tugadh Leader dúinn mar chúram. Tá an buiséad fíorbheag, áfach. Tá sciar an-shláintiúil den bhuiséad le haghaidh Chontae Dhún na nGall againn mar gheall go bhfuil an daonra i nGaeltacht Dhún na nGall réasúnta mór. Is í an laige is mó ó thaobh Ghaeltacht Chorcaí de ná go bhfuil an buiséad chomh beag sin.

An bhfuil aon chúis faoi leith nach bhfuil an t-airgead á chaitheamh nó nach bhfuil deontais á scaoileadh? Is léir go bhfuil an scéim ag obair don údarás i nDún na nGall. An bhfuil aon chúis faoi leith nach bhfuil Leader ag obair ó dheas?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Ní heol dom. Má tá aon fhadhb ann, gheobhaimid amach fúithi. Is páirtnéir muid i gcur i bhfeidhm an chláir, ach ag deireadh an lae tá an LCDC freagrach as na ceadanna.

Ag deireadh an lae, déanann muid an fiosrú, an phróiseáil agus an riarachán go léir agus ansin cuireann muid ar aghaidh ag an local community development committee, LCDC, contae é leis an chead deiridh. Is féidir liom seiceáil an bhfuil aon fhadhb ansin ach sin an córas atá ann. Ní dhéanann muid an cead deireanach. Dá ndéanfadh muid é, bheadh an bord atá againn freagrach as.

Tá cúpla ceisteanna agam féin i ndeireadh na dála. Tá ceist faoi Turas Nua agus Seetec curtha ag an Seanadóir. Dúirt Mr. Ó Conghaile go bhfuil deacrachtaí ar an talamh. Chuir mise cúpla ceisteanna parlaiminte air sin agus dúirt na freagraí a fuair mé ar ais nach raibh fadhbh ar bith ann. Tá a fhios againn go bhfuil fadhb ar an talamh, ach níl a fhios ag an Roinn de réir mar a thuigim. An bhfuil aighneacht curtha isteach ag an údarás don Roinn ag cur in iúl na deacrachtaí atá aige ar an talamh ó thaobh an chórais seo? Cuirfidh mé mo cheisteanna agus ansin is féidir leis na finnéithe freagraí a thabhairt.

Ó thaobh an chreata náisiúnta pleanála, tá sé ar an gclár oibre againn inniu. Bhí olc orainn nuair a léigh muid an rud trí Bhéarla, mar ní raibh Gaeilge ar fáil i dtús fiú go bhfuil sé le fáil anois. Tá alt beag bídeach, fiú ní leathanach, ó thaobh na Gaeilge de sa cháipéis seo atá thar a bheith tábhachtach. Is í an fhís don todhchaí. Níl ann ach alt beag bídeach. Níl a fhios ag na baill fós ach beidh an t-ábhar sin á phlé againn níos deireanaí. Dúirt Mr. Ó hÉanaigh go bhfuil aighneacht curtha isteach. An féidir leis soiléiriú a thabhairt ar an aighneacht sin? Cé chomh leathan is atá sé? Cheap mise, agus is dóigh gur cheap na baill eile, gur mhaslach an t-alt a bhí istigh ann. Bhí easpa tuisceana, easpa físe agus easpa chuile rud i gceist. Is é sin an dara cheist.

Baineann an tríú cheist leis an tuarascáil a d'fhoilsigh muidne ar an stráitéis óige don Ghaeltacht. De réir mar a thuigim, d'iarr an t-údaras ar Mhuintearas taighde a dhéanamh agus tuarascáil a scríobh. Rinneadh é sin. Tháinig Muintearas os ár gcomhair. Phléamar é go mion. Níl i gceist ach cúpla moltaí. Tá deich gcinn i gceist. Ní bhaineann siad go léir leis an údarás ach baineann cúpla ceann. An bhfuil sé léite ag na finnéithe? Cad atá beartaithe a dhéanamh, go háirithe ó thaobh an príomhmholadh, is é sin ionaid buail-isteach a chur ar fáil ar fud na ceantair? Tá sé sin tábhachtach. Ní mór dom an bheirt dhéagóir a tháinig os ár gcomhair a lua. Bhí siad iontach. Chuaigh siad go mór i bhfeidhm orainn, mar a dúirt an Teachta Éamon Ó Cuív agus na daoine eile. An rud a rith liom ná go raibh an céatadán de na déagóirí atá ag caint trí Ghaeilge eatarthu féin thar a bheith íseal. Tá dearmad déanta agam ar an bhfigiúr ach tá sé thar a bheith íseal.

Chuala mé Ms Nic Grianna agus Mr. Ó hÉanaigh ag rá go bhfuil an t-údarás ag díriú isteach ar na hóige. Cad atá i gceist aige ó thaobh na tuarascála seo? Tá moladh eile ann ó thaobh soláthar seirbhíse bus, mar níl siad in ann taisteal aon áit gan seirbhís bus. Is é sin an séú moladh. Ar a laghad an bhfreagróidh na finnéithe faoin tríú moladh ó thaobh ionad buail-isteach? Chuir sé díomá orm a chloisteáil nach bhfuil airgead ann. Ón méid atá feicthe againn, tá an Ghaeilge i mbaol. Tá a fhios againn é sin. Tá daonra ag laghdú an t-am go léir. Tá laghdú suntasach ón ndaonáireamh deireanach. Tá sé sin feicthe. Tá sé ródheireanach dul isteach sna figiúirí uilig ach maidir leis an óige tá cás práinneach ann.

Maidir leis na foirgnimh fholmha, tá cúpla ceisteanna agam. Tá moladh tuillte ag an údarás. Tá dul chun cinn déanta. Ón bhfigiúr is déanaí, tá 516 fhoirgneamh aige agus tá níos mó ná 100 folamh. Tá siad folamh ó 2008, 2009 agus 2010. Cloisim go bhfuil dul chun cinn, ach b'fhéidir gur cheart dul ar ais air sin. Tá a lán ceisteanna eile agam ach tá sé ródheireanach. Chun ceist amháin eile a chur, tá a fhios againn go bhfuil sé deacair gan a bheith in ísle brí anseo. I ndáiríre tá ardú meanma i gceist ón méid atá cloiste againn ó na finnéithe inniu ar leibhéal áirithe, ach ó na cuir i láthair uilig atá cloiste againn le beagnach dhá bhliain anuas tá a fhios agam go bhfuil an Ghaeilge i mbaol. Tá ról lárnach ag an údarás. Tá mé ag éisteacht. Níl a dhóthain airgid aige. Cad iad na haighneachtaí atá curtha isteach aige don Rialtas, nó d'aon Rialtas, a chuir in iúl dó nach féidir leanacht ar aghaidh mar seo? Tá spriocanna áirithe ag an údarás chun an Ghaeltacht a choinneáil beo, ach ní féidir í a choinneáil beo gan dóthain airgid. Cén cás atá déanta amach ag an údarás? Molaim an dea-obair atá déanta aige. Tá mé ag díriú isteach ar an ngéarchéim atá ann. Ní saineolaí me. Ní saineolaithe muidne ar an gcoiste, ach bhí saineolaithe os ár gcomhair ag cur in iúl chomh leochaileach is atá staid na Gaeltachta. Má bhí aon amhras, bhí sé soiléir an tseachtain seo caite nuair a tháinig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe os ár gcomhair agus gan focal Gaeilge le chloisteáil. Sin ceist do lá eile. Stopfaidh mé ansin. B'fhéidir go dtosnóidh muid le Turas Nua agus Seetec. Tá sé adhmhaithe ag na finnéithe go bhfuil fadhbanna ar an talamh. Cad atá á dhéanamh acu chun sin a chur os comhair-----

Mr. Tadhg Ó Conghaile

Rud atáimid ag déanamh faoi láthair ná go bhfuil muid ag bailiú eolais ó na saoistí faoi na deacrachtaí atá acu. Beidh muid ag cur litir go dtí an Roinn ag rá go bhfuil na deacrachtaí seo ann agus go bhfuil muid ag iarraidh cruinniú léi le dul i bhfeidhm air sin. Tá sé fíor-thábhachtach má tá daoine amuigh ansin agus iad dífhostaithe, agus ag fanacht ar deiseanna fostaíochta, go mbeadh siad in ann dul arís ar na scéimeanna. Ní bhaineann na scéimeanna le hioncam amháin. Déanaimid uas-sciliú ar na rannpháirtithe. Tugaimid scileanna breise dóibh. Má tá siad ag iarraidh traenáil faoi leith-----

Is dóigh go bhfuil muid go léir ar aon intinn faoi sin. Bhí an cheist faoin réiteach.

Mr. Tadhg Ó Conghaile

Is é an réiteach ná a bheith níos solúbtha ó thaobh na rialacha de.

Beidh sé sin déanta ag an údarás sa bhliain nua, an mbeidh? Roimh an Nollaig nó tar éis?

Mr. Tadhg Ó Conghaile

Let us say, roimh lár mí Eanair ar aon nós.

Beidh aighneacht nó litir curtha isteach.

Mr. Tadhg Ó Conghaile

Beidh mé ag cur litir go dtí an Roinn. Tá sé ardaithe cheana féin. Tá na fadhbanna sóisialta agus na fadhbanna eile pléite le daoine sinsearacha sa Roinn. Beidh muid ag cur litir chuig an Roinn ag rá go bhfuil muid ag iarraidh díriú isteach air sin agus ag iarraidh go mbeadh seans ag na daoine ansin sa Ghaeltacht atá ag deireadh a scéimeanna dul ar na scéimeanna arís.

Maidir leis an gceist faoin straitéis óige, is breá an cháipéis í sin agus cuirimid fáilte roimhe. Mar a dúirt mé níos túisce, chuir mé litir go dtí Clare McNamara, an príomhoifigeach sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, ag iarraidh cruinniú léi chun go bhfeicimid an mbeadh maoiniú ar fáil do sin. Níl aon maoiniú breise againn ag an bpointe le haghaidh na straitéise óige. Ní bhfuair muid aon airgead breise. Sílim go bhfuil ionad buail-isteach oscailte ar an gCeathrú Rua le gairid ach tá tuilleadh éilimh sa straitéis maidir le háiteanna eile. Tá costas ag baint le hiad a oscailt, a bhainistiú agus a riaradh. Ag an bpointe sin, níl an t-airgead sin againn. Is ceist mhaoinithe é.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Díreach i dtaobh foirgneamh, sílim go bhfuil céatadán an-ard den airgead caipitil atá faighte ón Roinn againn curtha i dtreo na bhfoirgneamh atá againn, mar a bhí muid ag rá. Tá gá le hiad a uasghrádú. Dúirt an Cathaoirleach go bhfuil os cionn 100 folamh. Tá dhá rud le rá air sin. Tá cuid acu i gceantair atá faoi fíor-mhíbhuntáiste agus tá sé dúshlánach infheistíocht áitiúil ná seachtrach a fháil isteach ann. Rud eile ná gurb aonaid iad cuid de na foirgnimh atá luaite. Má thugtar Aonad Eargail i nGaoth Dobhair mar shampla, tá sé cóirithe mar deich n-aonad ach is foirgneamh amháin é le deich n-aonad istigh ann. An rud eile ná go bhfuil dúshlán ann toisc go bhfuil sé leagtha síos againn, má fhaigheann muid na hacmhainní, go dtabharfaidh muid an leibhéal de fhoirgnimh in úsáid ó 70% go dtí 90%. Táimid ag iarraidh sin a dhéanamh agus sílimid gur féidir linn é sin a dhéanamh, ach is seanfhoirgnimh go leor acu seo atá ag dul siar go dtí na 1970í agus a bhí déanta le haghaidh seanmúnla tionscail.

Maidir leis na rudaí a luaigh muid níos luaithe a bhfuil muid ag díriú orthu i dtaobh na dtionscal nua, tá infheistíocht shuntasach ag teastáil, ach tá muid tosnaithe air sin. Tá sé déanta againn ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, i gCois Fharraige, i gCasla agus in áiteanna eile. Beimid ag iarraidh leanacht ar aghaidh leis sin. Mar a dúirt mé, is buntáiste dúinn go bhfuil na foirgnimh againn. Sin an fáth go bhfuil muid in ann go leor de na tionscail atá againn a mhealladh isteach. Beimid ag iarraidh iad sin a úsáid chomh mór agus is féidir. Táimid i gcónaí ag iarraidh tuilleadh maoinithe. Tá cás an-láidir déanta againn. Glacann ár Roinn féin go bhfuil sé réadúil go mbeadh muid ag lorg €12 mhilliún. Ní shíleann sé go bhfuil sé as bealach. Tuigeann sé go bhfuil ciall ag baint leis agus gur figiúr ciallmhar atá ann. Tá sé sin glactha leis ag ár Roinn féin. Bíonn muid ag breathnú air.

Luaigh mé Leader níos luaithe. Sin bealach atá againn le tuilleadh airgid a fháil isteach sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, an tseachtain seo caite bhí cruinniú againn leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail le feiceáil an bhféadfadh muide tarraingt ar chuid de na scéimeanna atá ag an Roinn sin le hiad a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht agus tuilleadh maoinithe a fháil isteach sa Ghaeltacht. Aon deis mar sin gur féidir linn a thapú, ba bhreá linn é.

Mar a bhí ráite níos luaithe, b'fhéidir gur cheart go mbeadh teagmháil níos mó againn leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta a bhfuil buiséad mór ann. Ba bhreá linn dá bhfeicfeadh an Roinn sin ciall i gcuid dá buiséad a chur isteach sna ceantair Ghaeltachta tríd Údarás na Gaeltachta. Thaispeáin mé níos luaithe an aisíoc atá ag an Stát. Níl muide ná muintir na Gaeltachta ag iarraidh aon rud ar aon rud. Sílim go bhfuil sé cruthaithe agus go gcoinneofar ag cruthú go mbíonn aisíoc ann ar aon infheistíocht a dhéanann an Stát sa Ghaeltacht agus ní hamháin ó thaobh pobail inmharthana shláintiúla ach ó thaobh aisíoc airgeadais don eacnamaíocht chomh maith.

Má tá aon deiseanna ann ar chor ar bith gur féidir linne tarraingt ar fhoinsí breise, beimid ag iarraidh iad a thapú aon bhealach gur féidir. Tá mé díomúch i dtaobh na haighneachta. Táimid i dteagmháil leis na dreamanna ábhartha. Bheinn an-diomúch mura mbeadh fágtha ach gurb é sin a bheadh sa cháipéis deiridh. Tá aighneacht shuntasach déanta againn agus tá cumarsáid ar siúl againn leis na daoine ábhartha. Is féidir linn an aighneacht sin a roinnt leis an gcoiste.

Glacfaimid leis sin. Tá vótáil ar siúl agus ní mór dúinn deireadh tobann a chur leis an gcruinniú. Tá a fhios agam go bhfuil díomá orthu ach gabhaim míle buíochas leis na finnéithe.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 7.12 p.m. go dtí 5 p.m. Dé Máirt, 23 Eanáir 2018.
Top
Share