Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán debate -
Wednesday, 7 Mar 2018

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

Táimid ar ais arís ag leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas agus ár ngrinnscrúdú réamhtheachtach ar Bhille na Teangacha Oifigiúla agus ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh na hionadaithe ó Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge, agus go háirithe Roibeard Ó hEartáin, Orla McMorrow agus Emmet Ó Fatharta. Gabhaim buíochas leo. Gabh mo leithscéal mar táimid go léir faoi bhrú inniu. Is rud neamhghnách é ach beidh mé ag dul ar ais go dtí an Dáil agus beidh an Teachta Dála Aindrias Moynihan sa Chathaoir ansin. Gabh mo leithscéal faoi sin agus gabhaim buíochas don Seanadóir.

Maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh, tá rud le léamh amach agam. Bím i gcónaí ag lorg an focal i nGaeilge ar mouthful ach is mouthful an rud seo. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009 go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl sibh i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise agaibh. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár cóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. So, má tá focal ag na finnéithe ar mouthful, ba mhaith liom é a chloisteáil.

Tá ráitis tosaí ag na finnéithe an bhfuil? Tá. An bhfuil cóipeanna ar fáil?

Mr. Roibeard Ó hEartáin

Gabhaim buíochas don choiste as an gcuireadh. Ba dheas liom a rá díreach ag an tús gur gréasán tacaíochta agus urlabhraithe iad do oifigí forbartha Gaeilge san earnáil phoiblí agus eile, is ea Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge agus mar chuid dár ndualgas, tacaímid lenár n-eagraíochtaí féin san earnáil phoiblí chun seirbhísí custaiméir a sholáthar trí mheán na Gaeilge. De réir ár scéimeanna Gaeilge agus de réir forálacha rialachán agus Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tacaíonn an gréasán lena chéile, tríd eolas a roinnt, taithí a mhalartú agus cur chuige comónta a phlé agus a aontú ar mhaithe le dea-chleachtas, éifeacht agus luach airgid. Sin an fáth go bhfuil an cumann seo curtha ar bun agus fágfaidh mé faoi Orla McMorrow tosnú ar an ráiteas tosaigh.

Ms Orla McMorrow

Chuireamar isteach aighneacht agus táimid chun pointí a shoiléiriú i dtaobh na ndréacht-ceannteideal agus tá na cinn atáimid chun díriú orthu - Uimh. 3, 4 agus 5 - sa dréacht a chuireamar chuig an gcoiste.

Maidir le Uimh. 3, d'fhéadfaí an chéad alt i gceannteideal 9 a léamh mar 20% de earcaigh nua do na hoifigí lonnaithe sa Ghaeltacht, go háirithe sa leagan Béarla den téacs. Moltar seo a leasú le 100% de earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge i ngach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ionas gur féidir leis na hoifigigh sin feidhmiú trí mheán na Gaeilge.

Maidir le Uimh. 4, d’fhéadfaí an bhrí a bhaint as nach mbainfeadh an córas earcaíochta nua de 20% leis na comhlachtaí poiblí ach le comórtais earcaíochta atá eagraithe ag Public Appointments Service, PAS, amháin. Moltar seo a leasú le agus arna riar ag gach comhlachta poiblí a chur i bpointí a haon go dtí a trí.

Níl aon tréimhse ama luaite leis an nóta míniúcháin, rud a fhágann go bhféadfaí Lá Philib an Chleite a bheith mar an spriocdháta chun an cuspóir seo a bhaint amach. Moltar seo a leasú le céatadán earcaíochta faoi leith a leagadh síos don earnáil phoiblí le teacht i bhfeidhm ó dháta faoi leith.

Mr. Roibeard Ó hEartáin

I dtaobh ansin, ag dul ar aghaidh tríd an aighneacht ansin, is dócha gurb é an polasaí earcaíochta an rud is mó a chíonn muidne mar chumann, agus an rud is tábhachtaí ar fad atá ann ó thaobh seirbhísí Gaeilge a fhorbairt san earnáil phoiblí. Muna bhfuil Gaeilge ag oifigigh tá sé fíor-dheacair seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil agus ar an mbonn sin táimid ag moladh san aighneacht go gcuirfí polasaí earcaíochta nua in áit sa tSeirbhís Ceapacháin Phoiblí, agus sna comhlachtaí poiblí, ina mbeidh Gaeilge labhartha líofa ag 30% d'fhostaithe nua. Tabhair faoi deara gur 20% atá molta ag Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Táimid féin ag moladh 30% agus go mbainfidh sé sin le daoine ag feidhmiú ag an líne thosaigh san earnáil phoiblí ionas mar is é sin an chéad phointe teagmhála leis an bpobal agus go bhfanfaidh sé sin i bhfeidhm go dtí go mbeidh suas le 20% den fhoireann chuí in ann seirbhísí a sholáthar go compordach trí mheán na Gaeilge.

Ar mhaithe leis na seirbhísí trí Ghaeilge a thairiscint don phobal, moltar go mbeidh dátheangachas feidhmiúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag baill foirne sna poist seo a leanas: oifigigh ag grád a trí, a ceathair agus a cúig sna húdaráis áitiúla agus a gcomhionainn i ngach comhlacht poiblí eile, a sholáthraíonn seirbhísí custaiméara ag an líne thosaigh ar nós cuntar poiblí agus malartán; oifigigh eile san earnáil phoiblí a bhíonn ag plé go rialta leis an bpobal, ar nós oifigigh forbartha Gaeilge, oifigigh phreasa, oifigigh seirbhísí custaiméara agus leabharlannaithe; agus i gcás oifigigh a bheith lonnaithe nó ag obair go rialta sa Ghaeltacht, beimid ag moladh go mbeadh Gaeilge acu ar fad maraon leis an mBéarla dar ndóigh, ina measc oifigigh riaracháin, innealtóirí áitiúla, oifigigh áitiúla i gcomhlachtaí poiblí ina measc An Post, An Garda Síochána, An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, na húdaráis áitiúla agus oifigigh áitiúla i ngach comhlacht poiblí eile.

Ghlac Deputy Aindrias Moynihan ról mar Chathaoirleach.

Mr. Emmet Ó Fatharta

Tiocfaidh mise suas ar an chéad phointe eile, is é sin caighdeán Gaeilge ag daoine agus iad á n-earcú isteach sa tseirbhís phoiblí. An rud atá molta againn anseo ná go mbeadh ar a laghad pas le gradam i labhairt na Gaeilge ag leibhéal Teastas Eorpach Gaeilge, TEG, B2 ag daoine agus iad ag teacht amach, ionas go bhféadfaidís plé a bheith acu ina iomláine le custaiméirí, bíodh siad ina custaiméirí Gaeltachta nó daoine le Gaeilge agus iad ag cuartú seirbhís i nGaeilge agus nach mbeadh orthu iompar ar an mBéarla, le go dtuigfí iad agus ina theannta sin, má tá oifigigh chun a bheith ag plé le comhfhreagras nó aon ábhar scríofa den chineál sin, bíodh sé ina rud á chur amach nó bíodh sé ina fhreagairt ar aon chomhfhreagras tagtha isteach chun na hoifige, go mbeadh pas ar a laghad i scríobh na Gaeilge ag TEG B2, ag an leibhéal sin.

Más féidir liom, leanfaidh mé ar aghaidh chuig an bpointe mar gheall ar choinníoll conartha. Tá samplaí feicthe againn thar na blianta mar gheall ar rudaí a bhíonn á reáchtáil thar cheann nó á reáchtáil ag comhlachtaí príobháideacha do na húdaráis áitiúil nó na Ranna Rialtais, sa státseirbhís, nach gcoinníonn leis na coinníollacha teanga atá ar an Roinn nó an bunchomhlacht sin de réir na scéimeanna teanga agus de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla. Bheadh uainn díreach soláthar iomlán a bheith ann go mbeadh coinníoll curtha isteach sa reachtaíocht nua a thabharfaidh le fios go gcaithfí aon obair atá déanta thar cheann Ranna Rialtais nó oifigí Rialtais nó údaráis áitiúil nó aon dream eile den tseirbhís phoiblí cloí leis na coinníollacha céanna atá orthu agus na dualgais céanna atá orthu faoin reachtaíocht sin ionas go mbeadh seirbhís foriomlán á fháil ag an bpobal ón airgead a bhíonn á chaitheamh ag gach Roinn agus gach comhlacht poiblí.

Ms Orla McMorrow

Tá mé ag breathnú ar na rialacháin chomharthaíochta agus molaimid go mbeadh lámhleabhar na gcomharthaí tráchta curtha faoi bhonn rialacháin chomharthaíochta Acht na dTeangacha Oifigiúla. Molaimid sin toisc faoi láthair tá an dá rud ag teacht salach ar a chéile agus cruthaíonn sé deacrachtaí. Mar atá sé faoi láthair, níl sé chomh soiléir do dhaoine cén rialacháin gur chóir go mbeidís ag faire orthu. Chífidh an coiste go mbeadh sé i bhfad níos fearr go mbeadh idirdhealú déanta faoin dátheangacht agus úsáid dathchódaithe seachas cló iodálach mar atá scríofa sa lámhleabhar do chomharthaí tráchta. Bheadh soiléiriú déanta ag baint úsáid as dathanna chun go ndéanfar idirdhealú idir an téacs Gaeilge agus Béarla.

Mr. Roibeard Ó hEartáin

An pointe deireanach den aighneacht a thagann anseo ná maidir le ról na n-oifigeach forbartha Gaeilge féin. I láthair na huaire, tá cuid mhaith de na hoifigigh forbartha Gaeilge ag feidhmiú go maith ag leibhéal áirithe sóisearach sna heagraíochtaí mórthimpeall na tíre. Tá sé seo ag cothú deacrachtaí leanúnacha sa mhéid agus go bhfuilimid ag teacht an-déanach go dtí aon chinntí atá á thógaint i dtaobh polasaithe nó i dtaobh straitéisí. Bíonn na polasaithe nó na straitéisí curtha in áit agus ansin, ag deireadh an lae nó ag deireadh na seachtaine, tagann scéal chomh fada linn agus tugtar faoi deara nach bhfuil an straitéis nó an polasaí ag teacht le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. De bharr go bhfuil muidne mar oifigigh ag feidhmiú ag leibhéal chomh sóisearach sin, nílimid ag an leibhéal atá ag teastáil le gur féidir na pointí seo a ardú ag an am cuí. Moltar obair an oifigigh forbartha Gaeilge a aithint mar phost sainiúil ag leibhéal sinsearach san eagraíocht lena chinntiú go n-áireofaí an Ghaeilge i ngach gné d'fheidhmiú na heagraíochta sin.

Tá eireaball eile leis an scéal seo sa mhéid is go bhfuil roinnt de na hoifigigh forbartha Gaeilge nach bhfuil Gaeilge acu ar an gcéad dul síos, rud a chothaíonn fíordheacrachtaí dóibh féin. Anuas ar sin b'fhéidir go mbeadh cúpla jab le déanamh acu laistigh den eagraíocht. Má tá dhá nó trí jab éagsúil le déanamh ag duine, b'fhéidir go dtógfaidh an ceann eile tús áite. Tá na deacrachtaí seo ann go leanúnach. Sin an fáth go bhfuil an moladh sin déanta againn. Sin an ráiteas tosaigh a Chathaoirligh agus fáiltímid ar aon cheisteanna.

Vice Chairman

Tosaímid leis an Teachta Tóibín.

Ar dtús, cuirim míle fáilte roimh na finnéithe as ucht teacht anseo inniu agus an saineolas sin a thabhairt dúinne. Is deis iontach é an Bille seo, i ndáiríre, go leor rudaí a dhéanamh ar son an Ghaeilge agus ar son na Gaeltachta. Tá suim agam sa ráiteas deireanach a thug an finné dúinne mar gheall ar na hoifigigh Gaeilge. An bhfuil sé ag caint fúthu siúd atá ag obair sna comhairlí contae?

Mr. Roibeard Ó hEartáin

Tá muidne ionadaíocht ar an earnáil phoiblí i gcoitinne. Tá na húdaráis áitiúil san áireamh ansin ach tá na seirbhísí sláinte san áireamh chomh maith, araon leis na seirbhísí cosanta, seirbhísí oideachais, coláistí tríú leibhéal agus na Ranna Stát. Tá réimse an-leathan agus tá na hoifigigh forbartha Gaeilge in an-chuid áiteanna faoi láthair. Go ginearálta táimid ar fad thart ar an leibhéal céanna inár n-eagraíochtaí féin ach is rud a chím atá ag cothú na deacrachtaí céanna dúinn féin ar bhonn leanúnach.

Tá brón orm nach raibh mé in ann freastal ag an tús mar bhí mé ag labhairt sa Dáil mar gheall ar chúrsaí feamainne, amach ó chósta thiar na tíre seo. Cé mhéad duine atá ag obair mar oifigigh Ghaeilge sna seirbhísí poiblí ag an bomaite?

Mr. Roibeard Ó hEartáin

Is ceist í sin nach féidir linn a fhreagairt mar níl teacht againn ar an eolas sin, ach tá os cionn 40 oifigeach forbartha Gaeilge cláraithe leis an gcumann seo.

Sin parliamentary question dúinne chun an t-eolas sin a fháil amach. Dúirt an finné freisin go bhfuil go leor díobh ag obair agus nach bhfuil Gaeilge acu.

Mr. Roibeard Ó hEartáin

Tagaimid le chéile uair sa bhliain, bíonn comhdháil bliaintiúl againn, bíonn an doras oscailte go gach oifigeach forbartha Gaeilge atá ag obair san earnáil phoiblí, agus fáiltímid roimh gach éinne teacht. Go hiondúil bíonn trí cinn de cheardlann againn ar maidin agus bíonn ceann amháin acu siúd trí Bhéarla chun freastal orthu siúd nach bhfuil an Ghaeilge acu. Cuireann sé laincisí ar an eagraíocht féin nuair atá oifigeach acu nach bhfuil an dátheangachas ar a gcumas acu, gan trácht ar an dúshlán agus na deacrachtaí a chothaíonn sé don oifigeach féin a bheith ag déileáil leis an gceist seo ar bhonn leanúnach.

Cinnte. Tá mise lán i bhfabhar an Bille seo, go huile agus go hiomlán, agus táimid ag iarraidh leasaithe a dhéanamh dó maidir le cúrsaí earcaíochta agus cúrsaí comharthaí bóithre freisin mar tá siadsan ró lag nó níl siad ann. An rud a bheadh an Rialtas nó daoine sna Ranna ag rá ná nach mbeidh daoine le fáil le dóthain Gaeilge le gur féidir leo a phost a dhéanamh go hiomlán i gceart. Beidh siad ag díriú ar an bhfadhb atá ann leis na hoifigigh Gaeilge, fiú na hoifigigh Gaeilge atá ag obair san earnáil seo, agus is dream beag atá iontu i ndáiríre nuair a chuirtear iad i gcomparáid le cé chomh mór is atá an seirbhís phoiblí. Cad ba chúis nach bhfuil Gaeilge ag na daoine sin? An bhfuil fadhb ann mar gheall ar chúrsaí earcaíochta? Tá daoine sa seirbhís phoiblí le Gaeilge iontach ach níl siad ag iarraidh dul isteach i bpoist atá teoranta ar an Ghaeilge mar ceapann siad go gcuireann sé sin srian ar fhorbairt a chuid gairm os a comhair. Má tá sé sin fíor, cad is féidir linne a dhéanamh nó cad ba cheart dúinne a chur isteach sa Bhille seo chun stop a chur leis sin?

Ms Orla McMorrow

Ón aighneacht atá curtha isteach againn féin, an rud is fearr go bhféadfaí a dhéanamh ná go gcuirfear deis nó foráil ar chomhlachtaí go mbeadh Gaeilge líofa ag ar a laghad 30% de earcaigh nua, agus an líofacht sin go dtí an caighdeán atá luaite againn, B2 sa scríobh. Feictear dúinn go bhfuil an-chuid Gaelscoileanna ar fud na tíre, sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht, agus caithfidh go bhfuil Gaeilgeoirí ann. Caithfear breathnú air. Má tá Gaeilge ag duine is cinnte go bhfuil Béarla aige nó aici. Níl deacracht mar gheall ar na teangacha. Is é an deacracht ná daoine a tharraingt isteach sa chóras.

Aontaím go huile agus go hiomlán mar gheall ar an rud seo. Tá mé saghas ag bheith mar devil's advocate ag an bpointe seo mar caithfidh go mbeimis ag déanamh imscrúdú ceart ar an rud. Nuair a deireann an finné gur cheart go mbeadh Gaeilge ag 30% de na daoine nua a thagann isteach gach bliain agus go mbeidís in ann a chuid dualgais a dhéanamh as Gaeilge, cé mhéad duine atá istigh san fhigiúr sin? An bhfuil a fhios ag an bhfinné cad é 30% de na daoine nua atá ag teacht isteach gach bliain sa seirbhís?

Mr. Roibeard Ó hEartáin

Níl an figiúr sin againn ach is 30% de na hoifigigh nua ar an líne thosaigh atá á mholadh againne, go dtí go mbeimid ag an leibhéal de 20% laistigh den eagraíocht chuí sin. An cúis go bhfuilimid á moladh sin ná, mar is eol dúinn, táimid deich mbliana isteach anois sa tréimhse a thug an staidéar cuimsitheach ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá deich mbliana de sin caite. Chífimid ar fad an cúlú atá ag tarlú sna Gaeltachtaí ó thuaidh, ó dheas agus san iarthar ar bhonn leanúnach. Creidimid go bhfuil sé tábhachtach luas a chur leis an bpróiseas, agus má thosnaímid ag 20%, tógfaidh sé i bhfad Éireann níos faide teacht suas go dtí an pointe go bhfuilimid ag soláthar seirbhísí ag an gcuntar poiblí. Tá fócas againn ar an gcuntar poiblí - grád III, IV agus V - agus tá sé á chur againn ar na hoifigigh atá sna Gaeltachtaí féin. Sin an áit a bhfuil an fócas againne.

Chun an cheist a fhreagairt maidir le daoine a bheadh amhrasach faoi bheith teanntaithe i bpost, is fadhb an-mhór é seo laistigh de na heagraíochtaí. Tá sé ag teacht aníos ag cruinnithe a bhíonn againne bliain i ndiaidh bliana. Tá daoine a bhfuil Gaeilge acu, b'fhéidir, a bhfuil lán sásta oibriú ag an gcuntar poiblí ach a bhfuil eagla orthu go bhfágfaí ann ag an gcuntar poiblí iad i jab a bhfuil ró-dhúshlánach, b'fhéidir, nó ró-dheacair dóibh.

É sin nó b'fhéidir nach bhfuil sé dúshlánach a dhóthain. An rud ann ná nach mbeidh siad in ann bogadh ar dheis nó ar chlé, suas nó síos, de bharr go bhfuil Gaeilge acu agus go bhfuil a laghad sin daoine le Gaeilge sa chóras. Caithfidh an córas aghaidh a thabhairt ar an gceist seo. Má fhéachtar ar an obair a rinne an Garda Síochána roinnt blianta ó shin, bhí próiseas earcaíochta acu siúd agus bhíodar ag cuardach - más buan mo chuimhne ach níl na fíricí anseo agam - 11% agus fuaireadar 30% de na daoine a bhí uathu. Leathnaíodar é sin amach thar thréimhse trí bliana. Tá an t-eolas sin ann. Bheadh sé ag an oifigeach Gaeilge atá ag plé leis an Gharda. Chuir sé iontas orm féin gur tháinig an méid sin daoine chun cinn, agus arís, mar a dúirt Orla McMorrow ansin, féach ar an bhfás atá tagtha ar Ghaelscolaíocht agus líon na ndaoine atá ag teacht tríd an gcóras sin, agus féach ar an bhfás atá ag teacht ar fhéile an Oireachtais le 10,000 duine ag teacht ann go bliantúil. Tá na daoine ann agus níl ach slí amháin chun é sin a dheimhniú, agus b'shin an próiseas earcaíochta sin a thosú le daoine a earcú le Gaeilge.

Caithfidh mé a rá chun a bheith soiléir go n-aontaím go huile is go hiomlán leis an bhfinné gur cheart go mbeadh an Rialtas nó an Stát sásta an tseirbhís a chur ar fáil do haon duine, sa Ghaeltacht ar a laghad, atá ag iarraidh a gcuid gnó a dhéanamh as Gaeilge. Ba cheart ach níl sé ar fáil. Is é sin an cuspóir atá agamsa gan dabht é sin a dhéanamh. Aontaím leis an bhfinné freisin go bhfuil go leor daoine sa Státseirbhís le Gaeilge agus go bhfuil faitíos orthu dul isteach i ról a bhaineann leis an nGaeilge mar go gceapann siad go mbeidh siad mar shaghas i ngaiste éigin agus go mbeidh siad fágtha isteach sa ról sin gan a bheith solúbtha agus iad ag dul tríd an gcóras i gceart ina shaol nó ina saol. Chaithfí go mbeadh an meon sin athraithe go huile is go hiomlán sa Státseirbhís. Tá sé sin suimiúil. B'shin mo cheist ag an mbomaite seo.

Glacaim leis gurb é an bunús a bhí le ceann de na leasuithe atá molta ná go bhfuil na finnéithe ag iarraidh go gclúdófar anseo an tseirbhís phoiblí i gcoitinne seachas an Státseirbhís amháin.

Ms Orla McMorrow

Chomh maith leis sin, ní gá do chomhlachtaí poiblí earcaíocht a dhéanamh tríd an gcóras sin. Déanann an-chuid de na comhlachtaí poiblí a gcuid earcaíochta lasmuigh den chóras sin. Déanann roinnt díobh iad a earcú, go háirithe i gcomhair na ngrád a bhfuil muidne ag faire orthu - na gráid is ísle sa chóras, grád a trí, a ceathair, a cúig - gan dul trí chóras na Seirbhíse Um Cheapacháin Phoiblí, PAS. B'shin an fáth gur chuir mé isteach é.

Maidir le ceannteideal 10, fanann na scéimeanna i bhfeidhm ar aon chaoi go dtí go dtagann scéim eile ina háit. Má chinneann an Rialtas reachtaíocht nua a thabhairt isteach, agus cur chuige éagsúil a bheith aige, fanann na scéimeanna ar fad ann go dtí go dtiocfaidh a mhalairt ann. Ní gá dóibh tada a dhéanamh. Ní gá síneadh a chur leis mar fanann an scéim ann go dtí go dtagann an chéad scéim eile isteach. Bhí faitíos ormsa nuair a bhí mé ag tabhairt isteach na reachtaíochta in 2003 go dtiocfadh scéimeanna in éag mura mbeadh an Roinn in ann teacht ar chomhaontú leis na comhlachtaí poiblí sách sciobtha. Chuireamar foráil ann sa chás nach dtiocfadh scéim nua ann go bhfanfadh an seanscéim i bhfeidhm go dtí go dtiocfadh scéim nua.

Mr. Emmet Ó Fatharta

Is dóigh gurb é an pointe a bhí á dhéanamh ansin ná más rud é go bhfuil an trí bliana istigh agus go bhfuil an Roinn ag lorg an chéad scéim eile ó chomhlachtaí poiblí, abraimis, dá mba rud é go raibh an reachtaíocht nua agus na caighdeáin nua ag teacht i bhfeidhm sé mhí níos déanaí, nach mbeadh pointe scéim úr-----

Níl. Fanann an scéim ann go ndéantar leasú ar Acht 2003 agus go dtagann an scéim nua i bhfeidhm. Leanfaidh sé sin. Níl aon mholadh ann go ndéanfar aon athrú air sin. Ba cheart go bhfanfadh na scéimeanna ann mar tá róil ag na scéimeanna. Ní ceart deireadh a chur leis sin ar fad. An rud a bhí i gceist a dhéanamh, dála an scéil, nuair a bhí mise i m'Aire agus sinn tar éis na chéad scéimeanna a chur i bhfeidhm ná, sa dara céim de na scéimeanna, cineál scéime caighdeánaigh A, B nó C a leagadh síos do eagraíochtaí áirithe. Is é an rud céanna atá i gceist leis an reachtaíocht seo. Dá mba rud é go raibh duine ag plé, mar shampla, le Comhairle Contae Chiarraí nó Comhairle Chontae na Gaillimhe nó mar sin de, bheadh sé nó sí ag plé le scéim A agus bheadh dualgais i bhfad níos leithne agus i bhfad níos troime orthu ná mar a bheadh dá mbeadh an duine sin ag plé leis an Radiological Protection Agency nó rud éigin. Níor cuireadh é sin riamh i bhfeidhm. Ní dheachthas ar aghaidh leis. Leis é sin a chur i bhfeidhm agus déanamh cinnte de go nglacfar leis, agus is é sin an fáth go bhfuilim i bhfabhar an dlí a athrú, caithfear meamram Rialtais a thabhairt isteach á aontú cad iad na heagraíochtaí a bheadh faoi scéim A, B nó C. Bheadh cinneadh an Rialtais ann leis sin, agus chaithfeadh na fo-eagraíochtaí de chuile Roinn Stáit glacadh leis sin, mar go mbeadh an tAire tar éis glacadh leis. Ní dóigh liom go bhfuil an toil sin sa Rialtas, agus mar sin tá mé i bhfabhar go ndéanfar ar an mbealach atá dá bheartú. Bhí sé indéanta ar an mbealach eile, mar shampla, leis an Rialtas ina raibh mise mar chuid de, agus gheofaí tríd an Rialtas é. Tá mé go mór i bhfabhar go ndéanfar é ar an mbealach atá dá bheartú.

Bhí caint inné againn faoi úsáid na Gaeilge istigh sna comhairlí contae nó, mar shampla, i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, HSE. Déarfainn go n-admhódh na Teachtaí Dála anseo go bhfuil muidne ar nós an phobail. Is é sin, má tá aithne againn ar dhuine éigin sa tseirbhís atá in ann a ghnóthaí nó a gnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge, déanfaimid ár ngnóthaí trí Ghaeilge leis nó léi ar son an phobail. Mura bhfuil, déanfaimid trí Bhéarla iad. Tá comhairle contae áirithe i mo dháilcheantar, agus má ghlaoitear uirthi ar an bhfón, faighfear freagra má táthar ag iarraidh seirbhíse trí Ghaeilge, brú a haon, má táthar ag iarraidh seirbhíse trí Bhéarla, brú a dó. Lá amháin, mar amadán, bhrúigh mise a haon, agus tháinig guth taifeadta ar ais chugam á rá gur oth leo nach raibh an duine le seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge ar fáil faoi láthair agus go dtiocfar ar ais chugam. Bhí mise ag iarraidh freagra ar an gceist áirithe ar an toirt, so chuir mé síos an fón, bhrúigh mé a dó an dara huair agus d'iarr mé an bhféadfaí mé a chur tríd go dtí an rannóg phleanála, rud a rinneadh agus áit a rinne mé mo ghnóthaí trí Bhéarla. Ní raibh mise sásta fanacht dhá lá nó trí lá go dtí go nglaofadh an duine le Gaeilge ar ais orm. Níl an milleán ar an duine amháin le Gaeilge san áit. Ní fhéadfaidís a bheith ina shuí nó ina suí cois teileafóin an lá uilig le freagra a thabhairt ar Éamon Ó Cuív. Mar sin féin, is é sin an rud atá ag tarlú chuile áit. Níl oifigeach Gaeilge ann agus bíonn daoine ag plé le Béarla sa rannóg tithíochta agus rannóga eile toisc nár cuireadh frontline staff ann.

An dara rud, agus tháinig mé isteach ag deireadh an chomhrá, ó thaobh istigh den chóras de, mura bhfuil go leor Gaeilgeoirí ann, beidh faitíos ar na Gaeilgeoirí go sáinneofar i jabanna go brách iad mar gurb iad an duine le Gaeilge. Chomh maith leis sin, beidh faitíos orthu go landálfaidh siad ag déanamh aistriúcháin agus chuile ní beo agus ag tógáil glaonna gutháin ó dhaoine eile ar fad mura bhfuil gréasán ceart daoine istigh sna heagraíochtaí. Bheadh an-spéis agamsa tuairimí na bhfinnéithe a fháil maidir leis sin, mar is dóigh liomsa go bhfuil go leor daoine le Gaeilge nach dteastaíonn uathu a bheith luaite le Gaeilge ar fhaitíos go sáinneofar iad ó thaobh dul chun cinn agus go gcuirfear dualgais orthu. Feicfimid é á tarlú sa Teach seo, aon duine a bhfuil in ann é seo nó é siúd a aistriú. Fuair mé an tuairim ó na finnéithe gur sin an fhadhb atá ann, go bhfuil faitíos ar sheirbhísigh phoiblí go sáinneofar iad, go gcuirfear lipéad orthu agus go ndéarfar gurb é nó gurb í seo an duine le Gaeilge. Bheadh post mar EO sa Státseirbhís, nó cibé cineál gráid é sin sa tseirbhís phoiblí, ag an duine sin agus bheadh sé nó sí ró-luachmhar lena chur nó lena cur chun tosaigh.

Ms Orla McMorrow

Is fíor, cinnte, é sin. Tá an ceart go hiomlán agat. Bíonn eagla ar dhaoine a rá go bhfuil Gaeilge acu nó a ligean orthu go bhfuil flúirse Gaeilge acu, toisc go bhfuil an eagla sin ann. Tá an dá rud fíor, tá daoine ann go bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus tá siad an-sásta tabhairt faoi ranganna Gaeilge agus feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. An t-aon bhealach ar féidir teacht thar an bhfadhb seo ná daoine a bhreith isteach ón tús atá líofa sa Ghaeilge ach nach mbeadh orainn córas oiliúna a chur ar fáil dóibh agus má tá barraíocht daoine le Gaeilge ann ní bheidh fadhb ann bogadh ar aghaidh nó bogadh ó Roinn go Roinn agus, b’fhéidir, ardú céime a bhaint amach. Ní bheidh an sceon sin ar dhaoine. I láthair na huaire an rud atá ag tarlú le deich mbliana nó 15 bliana anuas ná go bhfuil daoine a raibh Gaeilge acu ag fágáil an chórais. B'fhéidir go bhfuil siad imithe ar scor nó bogtha go dtí áit éigin eile. Níl na daoine ag teacht isteach ar an líon céanna a bhfuil Gaeilge acu. Tá laghdú ag teacht an t-am uilig maidir le daoine atá líofa sa teanga. Is é an rud is mó atá mar bhac ar oifigeach forbartha Gaeilge ná go bhfuilimid ag iarraidh Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm. Tá suim againn na rialacháin agus gach rud eile a chur i bhfeidhm ach táimid ag treabhadh inár n-aonar toisc nach bhfuil go leor earcaíocht nó daoine á n-earcú le Gaeilge.

Caithfidh mé a rá go dtagaim leat go hiomlán. Is é mo bharúilse, cloisim caint ar ranganna Gaeilge, agus bhíodh plé agamsa go hindíreach le Gaeleagras mar Aire na Gaeltachta agus ba mhaith ann é ar mhaithe le Gaeilge chúirtéiseach a fhoghlaim. Is beag acu a ndeachaigh isteach ag plé le Gaeleagras ar bheagán Gaeilge agus a tháinig amach líofa a bhféadfaí gnóthaí laethúla a dhéanamh trí Ghaeilge. Bhí siad in ann beannú duit ar an bhfón agus rudaí mar sin ach ní raibh siad in ann gnóthaí an lae a dhéanamh. Bhí roinnt daoine eile agus bhí aithne agam orthu, bail ó Dhia orthu, agus bhídís in ann dul go dtí an Ghaeltacht agus tá aithne agam ar dhaoine as an nGaeltacht a ndeachaigh abhaile ar feadh coicíse chun Gaeilge a fhoghlaim agus bhí sé sin thar cionn ar fad, agus b'iontach an deis saoire, agus cén dochar é sin ach oiread?

Go praiticiúil, agus 99% de na hearcaigh ag teacht isteach an dorais, caithfidh a dhéanamh cinnte trí theastas neamhspleách a ghnóthú, go bhfuil dóthain Gaeilge ag an duine le gnóthaí an lae, gnáthghnóthaí oifigiúla a dhéanamh trí mheán na Gaeilge nó nach bhfuil.

Tá córas Cheanada thar a bheith spéisiúil mar tá trí leibhéal i gceist acu siúd, duine a bhféadfadh feidhmiú mar chainteoir dúchais na Fraincise, is é sin daoine a bhfuil Gaeilge iomlán chumasach oibre acu, nó sa Fhraincis sa chás acu siúd. An dara leibhéal ná daoine a bhféadfadh roinnt obair a dhéanamh sa Ghaeilge agus ansin tá tríú leibhéal, is é sin abair go raibh áit ann agus go raibh gá roimh a gnó, duine éigin nach mbeadh an oiread sin plé acu leis an bpobal ach go mbeadh an cúpla focal acu agus tá siad an-righin faoi seo, agus ní hiad an státseirbhís a shocraíonn é seo. Tá sé seo ar fad déanta taobh amuigh den státseirbhís ag dream atá údaraithe, mar a bheadh lucht na gceadúnas tiomána, leis na ceadúnais seo a eisiúint, agus mar sin coinníonn siad na caighdeáin. Tá nós in Éirinn, mura bhfuiltear in ann dóthain daoine a fháil - feicimid é seo le múinteoirí scoile - go bhfuil an caighdeán Gaeilge laghdaithe ó thaobh na múinteoirí thar na blianta. An gceapann sibh go mbeidh sé tábhachtach, má táimid ag caint ar 20% nó cibé cé mhéad faoin gcéad, go mbeidh teastas iomlán neamhspleách lena bhaint amach i gceist, seachas an státchóras a bheith ag déanamh teist orthu féin, agus ag déanamh cinnte do mhuintir na n-uimhreacha go mbeadh na caighdeáin ag na daoine nó nach mbeadh?

Mr. Emmet Ó Fatharta

Tá sé sin an-tábhachtach. Bhí sé luaite againn ag pointe amháin mar gheall ar chaighdeán Gaeilge: b'shin an teideal atá ann sa cháipéis air sin. An píosa a bhí luaite ná de réir an mhúnla Teastas Eorpacha na Gaeilge, TEG, go mbeadh pas le gradam ag leibhéal B2 i labhairt na Gaeilge agus pas i scríobh na Gaeilge ag leibhéal B2 ag daoine a bheadh ag dul isteach ag plé le Gaeilge labhartha agus Gaeilge scríofa. Le cur leis sin, ó mo thaithí féin, rinne mé comórtas cúpla bliain ó shin don phost ina bhfuilim faoi láthair, agus go ndearnadh rud cineál ar an gcaoi sin, go raibh na hagallaimh agus na tástálacha sícíméadracha á reáchtáil mar is gnách faoi chúram na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí. Ansin ina dhiaidh bhí an sruth Gaeilge á dhéanamh, is dócha mar bhreiseán don chomórtas, agus mar chuid de sin, bhí tástáil sa bhreis sa scríobh agus sa labhairt agus bhí sé sin faoi chúram lucht na hollscoile Mhá Nuad, an dream atá i bhfeighil ar na gnáthscrúduithe TEG. Shíl mé go raibh fiúntas leis sin agus go bhféadfaí a bheith ag brath air go raibh caighdeáin arda ag na daoine a bhí ag teacht amach as.

Ba cheart dó sin a bheith scríofa sa reachtaíocht lena dhéanamh cinnte nach mbeidh ísliú caighdeán ann. Mar a deirim----

Mr. Emmet Ó Fatharta

Is dóigh linn gur tábhachtach é nach mbeadh socruithe á ndéanamh de réir a chéile, de réir an chomórtais, ach go mbeadh múnla leagtha síos agus bunsprioc leagtha síos.

Mar a deirim, leis an gceadúnas tiomána, tá sé neamhspleách go hiomlán agus tá sé scríofa sa dlí. Dá dteastófaí 300 tiománaí ón Stát, ní féidir leat teastais tiomána a bhronnadh ar dhaoine.

Mr. Roibeard Ó hEartáin

Dá bhféadfainn cur leis sin, maidir le córas TEG, is rud neamhspleách é, dar ndóigh, rud a bhaineann le Teastas Eorpach na Gaeilge. Baineann sé leis an Eoraip, baineann sé le caighdeán nó foghlaim atá leagtha síos i 25 nó 26 cinn de theangacha éagsúla trasna na hEorpa. Tá sé neamhspleách sa mhéid is go gcuireann Ollscoil na hÉireann Mhá Nuad na scrúdúcháin ar fáil agus déantar athbhreithniú ar na scrúdúcháin a dhéanann Ollscoil Mhá Nuad ansin, is dóigh liom, ag Ollscoil Oxford, lena dheimhniú go bhfuil siad ag cloí leis na caighdeáin áirithe atá leagtha síos. Tá siad neamhspleách go maith agus tarlaíonn siad ar bhonn bliantúil agus sa mhéid sin is féidir le duine éigin tabhairt faoin scrúdú réasúnta éasca i gcaitheamh aon bhliain. Tá gné eile is dóigh liom atá fíorthábhachtach a bhaineann leis seo ar fad. Má dhéantar duine éigin a earcú isteach san earnáil phoiblí, a bhfuil an dá theanga líofa acu, tá sé fíorthábhachtach go mbeidh sé sin luaite sa chonradh atá acu, go bhfuil freagracht orthu seirbhísí a sholáthar trí mheán an Bhéarla agus trí mheán na Gaeilge. Tá sé sin fíorthábhachtach go ndéanfaí an pointe sin don fhostaí nua, don earcach nua, agus ansin nuair atá an duine tagtha isteach laistigh den chóras, tá réimse leathan cearta agus deiseanna eile gur gá cur in áit, ar mhaithe le go mbeadh deis ag an duine sin dul in airde sa chóras le go bhfeicfí ar an nGaeilge mar scil sa bhreis, go mbeidh buntáiste áirithe ag baint leis sin sa tslí chéanna is a bheadh ag ceardaí, dá mbeadh scil bhreise ag an gceardaí, ag an siúinéir, go mbeadh sé nó sí ábalta rud éigin sa bhreis a dhéanamh, go n-aithneofaí é sin laistigh den chóras. Tá na cearta sin fíorthábhachtach.

Gan trácht air, má tá duine éigin ag dul faoi agallaimh laistigh dá eagraíocht nó dá heagraíocht féin agus ag lorg ardú céime, tá sé tábhachtach go mbeadh deis ag an duine sin an Ghaeilge a úsáid nuair atá siad ag dul tríd an agallamh sin agus go mbeadh duine éigin, ar a laghad duine amháin, ar an mbord agallaimh laistigh den eagraíocht a mbeadh Gaeilge acu, chun an deis sin a thabhairt dóibh.

Tá réimse leathan rudaí eile ag teastáil nuair a thagann an duine dátheangach, nuair a dhéantar duine dátheangach a earcú isteach san eagraíocht. Is gá rudaí eile a chur in áit laistigh de na heagraíochtaí agus is gá, b’fhéidir, féachaint air sin ó thaobh na reachtaíochta de.

Is dóigh liom - bhí muid ag déanamh plé faoi seo inné - go bhfuil sé tábhachtach go n-aithneofaí na daoine a bhfuil Gaeilge acu, go bhfuil siad chomh cáilithe céanna i mBéarla le dream ar bith eile. Is é sin le rá go bhfuil cumas dátheangach acu siúd. Níl ach cumas aon teanga amháin ag an duine eile.

Mar sin, tá siad comhcháilithe le duine ar bith eile ó thaobh seirbhís a chur ar fáil trí Bhéarla, ach go bhfuil rud breise acu, is é sin go bhfuil siad in ann seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ní ceart go gcuirfidís seirbhís ar fáil trí Ghaeilge agus nach mbainfeadh an Béarla leo. Ar ndóigh, tá Béarla chomh maith céanna acu agus a bheadh ag duine ar bith eile sa tír. Sílim go bhfuil sé lárnach sa scéal seo ar fad go bhfeictear ar an nGaeilge mar cháilíocht bhreise seachas mar cháilíocht mhalartach.

Vice Chairman

An bhfuil aon cheist eile?

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na finnéithe as ucht teacht isteach.

Tá súil agam go n-éireoidh go geal leo ina gcuid oibre. Más féidir liom aon rud a dhéanamh dóibh istigh anseo, bheinn buíoch é a dhéanamh.

Nuair a bhí mé mar Aire, cheap mé go mbeimis in iomaíocht i dtaobh poist.

Fuair an Teachta dhá ardú céime inniu, ar aon nós.

Fuair. Rinne mé go maith. B'fhéidir go mbeimid istigh le Sinn Féin.

B'fhéidir. Tá mise oscailte le haghaidh sin.

Vice Chairman

N'fheadar. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as bheith i láthair inniu, cuir i láthair a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt. Tá cúpla ceist agam. Tá mé ag lorg soiléiriú ar chúpla ábhar. Tuigim go bhfuil thart ar 40 ball ag an gcumann faoi láthair. An bhfuil oifigigh Gaeilge in eagrais eile nach bhfuil cláraithe leis an gcumann, nó an é sin an uimhir iomlán?

Mr. Roibeard Ó hEartáin

Is cinnte go bhfuil oifigigh Gaeilge in eagraíochtaí eile nach bhfuil aon eolas againn fúthu, agus nach bhfuil aon eolas acu siúd fúinne. Cuireadh an grúpa seo ar bun nuair a tháinig an reachtaíocht isteach. Cuireadh an cumann ar bun in 2004 nó 2005 mar shaghas fóram tacaíochta. Dar ndóigh, tá an rud céanna á dhéanamh ag oifigigh faoi leith in an-chuid réimsí den earnáil phoiblí. Níl aon slí againn le teagmháil dhíreach a dhéanamh leo, seachas an fón a phiocadh suas agus glaoch a chur ar gach aon eagraíocht agus ceist a chur.

Vice Chairman

Mar sin, níl sé srianta go 40 ball nó oifigeach.

Ms Orla McMorrow

Níl.

Vice Chairman

Tá roinnt daoine eile ann.

Ms Orla McMorrow

Ba thrí thimpiste, ar bhealach, a tháinig muid le chéile. Bhíomar ag bualadh le chéile agus chuireamar aithne ar a chéile de réir a chéile. Cuireadh an cumann ar bun sa dóigh sin. Níl aon chumhacht againn. Is cumann tacaíochta dúinn féin muid. Ní bheadh aithne ná eolas againn ar chuile dhuine atá ag feidhmiú sa phost seo mura dtiocfaidís chugainn nó mura mbuailfimis leo.

Vice Chairman

Ba mhaith liom soiléiriú a fháil maidir leis an sprioc de 30% atá molta. An mbeadh sé sin ag tosnú láithreach? An leanfadh sé go dtí go mbeidh an Ghaeilge ag 20% de baill foirne sna heagrais ar fad, nó i ngach eagras ina aonar?

Mr. Roibeard Ó hEartáin

Is dócha go dtosnódh sé ar pé spriocdháta a bheidh leagtha síos mar thúsphointe. Tá sé ráite sa nóta míniúcháin a bhaineann leis an ndréacht-Bhille gur cheart dáta tosaigh a chur isteach. Táimid ag moladh go dtosnóidh an earcaíocht ar dháta a bhfuil chomh luath agus is féidir. Tá sé i gceist againn go líonfar 30% de fholúntais le haghaidh daoine ar ghráid 3, 4 agus 5 a bhíonn ag plé le custaiméirí ag an gcuntar poiblí, in aon chomhlacht phoiblí faoi leith, faoin gcóras seo. Má tá deichniúr á n-earcú, is dóigh linn gur cheart triúr a earcú atá líofa sa Ghaeilge agus sa Bhéarla agus seachtar a earcú atá líofa sa Bhéarla amháin. Sa chaoi sin, bheadh 100% dóibh siúd a thagann tríd an bpróiseas earcaithe fós in ann seirbhís a sholáthar trí mheán an Bhéarla agus, ag an am céanna, bheadh 30% dóibh in ann seirbhís a sholáthar trí mheán na Gaeilge.

Vice Chairman

Cad faoi na gráid éagsúla eile?

Mr. Roibeard Ó hEartáin

Níl aon mholadh á dhéanamh againn i dtaobh na gráid sin ag an bpointe seo. Dé réir mar a thuigim, tá figiúr de 20% á mholadh ag an Roinn do na gráid eile.

Vice Chairman

An leanfadh an ráta 30% earcaíochta go dtí go mbeadh 20% den fhoireann san eagras sin le Gaeilge, nó go dtí go mbeadh 20% den fhoireann i ngach eagras le Gaeilge?

Mr. Roibeard Ó hEartáin

I ngach eagras.

Vice Chairman

Luadh nach bhfuil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí á úsáid i gcomhair gráid éagsúla. An bhfuil gráid faoi leith aitheanta nach bhfuil faoi chúram na seirbhíse? Conas is féidir a chinntiú go bhfuil na daoine atá ag teacht tríd an dá chainéal san áireamh i gcomhthéacs na spriocanna seo?

Mr. Roibeard Ó hEartáin

Tá moladh déanta againn a dhéanann iarracht é sin a chinntiú. Tá sé molta i gceannteideal 9, sa chéad mhír, gur chóir "comórtas ar leithligh do chainteoirí Gaeilge a reáchtáil do gach feachtas earcaíochta sa tseirbhís phoiblí do ghráid seirbhíse ginearálta arna riar ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí". Táimid ag moladh gur cheart na focail "agus arna riar ag gach comhlacht poiblí" a chur le sin. Chinnteodh sé sin go bhféadfaí an dá ghrúpa a bheadh ag teacht isteach in aon eagraíocht faoi leith a scagadh agus a bheith cinnte go bhfuil daoine le Gaeilge ag teacht tríd. Tá sé tábhachtach freisin a rá gur cheart go dtiocfadh an ráta earcaíochta ar chomhchéim, ar a laghad, leis an ráta scor. Níl aon dabht ach go bhfuil an-chuid daoine le Gaeilge tar éis imeacht ón earnáil phoiblí le tamall de bhlianta. Bhí Gaeilge an-bhreá ar fad acu. Níor tháinig cuid acu tríd an gcóras Gaelscolaíochta. B'fhéidir go raibh múinteoir maith Gaeilge acu sa bhunscoil agus thugadar an Ghaeilge leo. Tá siad imithe amach as na heagraíochtaí anois agus tá na heagraíochtaí níos laige ó thaobh an dátheangachas dá bharr.

Vice Chairman

Teastaíonn uainn go léir an reachtaíocht is láidre agus is féidir a chur le chéile. Tá má an-bhuíoch do na finnéithe as an eolas atá tugtha dúinn agus as an deis na hábhair seo a phlé leo. Gabhaim buíochas freisin leis na Teachtaí agus na Seanadóirí as páirt a ghlacadh sa chuid seo den chruinniú. Is féidir leis na finnéithe fanacht anseo, más mian leo, le haghaidh an chéad chur i láthair eile ón ghrúpa Misneach.

Cuirim fáilte roimh an Dr. Kerron Ó Luain atá anseo thar ceann Misneach. Caithfidh mé ráiteas faoi leith a chur in iúl dó sula dtosóidh sé. Tá a ráiteas tosaigh ar fáil. Ba mhaith liom é a chur ar a aird go bhfuil sé, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann sé don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dó ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann sé dá tabhairt, níl sé i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise aige. Ordaítear dó nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo.

Fiafraítear dó cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom é a chur ar an eolas freisin go ndéanfar an ráiteas atá curtha faoi bhráid an choiste aige a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Níl ansin ach rud dlíthiúil.

Dr. Kerron Ó Luain

Tuigim.

Vice Chairman

Is féidir linn leanúint ar aghaidh.

Dr. Kerron Ó Luain

Formalities. An féidir liom mo ráiteas tosaigh a léamh anois?

Vice Chairman

Le do thoil.

Dr. Kerron Ó Luain

Ba mhaith linn i Misneach ár mbuíochas a ghabháil leis an gcoiste as cuireadh a thabhairt dúinn labhairt inniu. Tá an-mheas ag Misneach ar an obair atá á dhéanamh ag an gcoiste chun easpa chúram an Stáit i leith na Gaeilge a fhiosrú. Molann muid bhur gcuid iarrachtaí go nuige seo. Is grúpa ón mbun aníos é Misneach a ghníomhaíonn chun athneartú na Gaeilge a thiomáint agus todhchaí na teanga a chinntiú trí bheith ag obair le cosmhuintir na Gaeltachta agus na tíre i gcoitinne.

Creideann Misneach go maireann an Ghaeilge in Éirinn i dtrí chomhthéacs éagsúla: sa Ghaeltacht, san iar-Ghaeltacht sna Fiche-sé Chontae agus san iar-Ghaeltacht sna Sé Chontae. Tá riachtanais éagsúla sna limistéir dhifriúla seo, ach braitheann todhchaí na Gaeilge mar theanga bheo áit ar bith ar na croíphobail sa Ghaeltacht a thabhairt slán ón tsáinn ina bhfuil siad. Dar linn go mbraitheann athneartú na Gaeilge go hiomlán ar shlánú na Gaeltachta. Mar is eol dúinn uilig, áfach, tá géarchéim theangeolaíoch sa Ghaeltacht inniu. Ní mhairfidh an Ghaeilge i bhfad eile mar phríomhtheanga phobail áit ar bith mura ndéantar gníomh radacach gan mhoill. Ní féidir aghaidh a thabhairt ar an gcruachás teanga seo gan aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna eacnamaíochta, sóisialta agus polaitiúla atá ag bagairt ar na pobail seo.

Tuigeann muid go bhfuil an coiste seo ag plé le leasú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá géarghá lena leasú gan dabht, rud atá ar an mhéar fhada ag an Stát le rófhada anois. Rinne craobh Bhaile Átha Cliath de Mhisneach moltaí don phróiseas comhairliúcháin phoiblí. Ag deireadh an lae, creideann Misneach go bhfuil comhthuiscint fhairsing i measc phobal na Gaeilge faoina bhfuil ag teastáil leis an Acht sin a fheabhsú. Is é sin cur i bhfeidhm mholtaí an Choimisinéara Teanga ina n-iomláine, gan cheist. Dá dtabharfaí brí reachtúil don mhéid atá iarrtha ag an gCoimisinéir Teanga, níl aon dabht ach go gcuirfeadh sé go mór le cearta teanga sa tír seo. Mura bhfuil an Stát sásta an méid seo a dhéanamh gan mhoill, is ceap magaidh a bheidh sna pleananna teanga atá á n-ullmhú ag pobail Ghaeltachta ar fud na tíre faoi láthair.

Cé go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Acht teanga láidir ann, creideann Misneach go bhfuil sé i bhfad níos tábhachtaí arís go rachaimid i ngleic go dáiríre leis na dúshláin reatha atá roimh an nGaeltacht agus go n-aithneofaí go hoscailte go bhfuil gá le hathrú ó bhonn ar chur chuige an Stáit i leith na Gaeltachta. Cé gur fiú an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an oileáin mar chuid de phróiseas an díchoilínithe, léiríonn an taighde go gceapann formhór mhuintir na hÉireann go mbeidh an Ghaeilge básaithe mar ghnáth-theanga má chailltear an Ghaeltacht. Is cailleadh é sin nach bhfuil i bhfad uainn mura ndéantar infheistíocht mhór sna pobail sin gan mhoill. Dar leis an saineolaí ar pholasaí teanga, an tOllamh Colin Williams, a bhí ag obair in Ollscoil Cardiff, teastaíonn féinriail pholaitiúil agus neamhspleáchas eacnamaíochta chun go mairfidh pobal mionteanga beo. Ar ndóigh, scrios polasaithe na déine iad seo i gcás na Gaeltachta le blianta beaga anuas.

Lochtach dá raibh sé, ba chéim mhór ar chúl é deireadh le toghchán Údarás na Gaeltachta, a thug ionadaíocht dhaonlathach de chineál éigean do mhuintir na Gaeltachta. Scriosadh feidhmiúlacht na heagraíochta sin freisin nuair a gearradh 75% dá mbuiséad, agus gearradh buiséad na Roinne Gaeltachta go cnámh freisin. Ní shin le rá go raibh rath an-mhór ar pholasaithe an údaráis fiú agus airgead acu. Mar is eol do chách, chuir go leor dá bhforbairtí le galldú na Gaeltachta le 30 bliain anuas agus imíonn a gcliantchomhlachtaí thar sáile chomh luath is a bhíonn an deontas caite. In ionad cur chuige infheistíocht dhíreach eachtrach an údaráis, molann Misneach comharchumainn oibre a bhunú ar fud na Gaeltachta ionas go mbeadh comhlachtaí i seilbh iomlán a n-oibrithe agus go mbeidís ag teacht le riachtanais a gceantar chun fostaíocht a chruthú agus deiseanna chun saol níos fearr a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta, agus go dtarlódh sé seo go hiomlán trí Ghaeilge.

Tuigeann Misneach gur labhair go leor saineolaithe eile leis an gcoiste seo cheana. Ní fios cé mhéad tuarascáil a scríobhadh faoi shábháil na Gaeltachta ó bunaíodh an Stát. Ní hea nach bhfuil moltaí ann - an fhadhb atá ann ná go ndéantar neamhaird orthu agus leantar ar aghaidh le polasaithe faillíocha a bhfuil an teangadhíothú mar thoradh orthu. Cé go bhfuilimid buíoch as an gcuireadh a bheith anseo inniu, caithfidh Misneach ceist amháin a chur. Cén mhaitheas atá ann bheith ag éisteacht linn, nó le haon ghrúpa eile, mura gcuirtear na moltaí agus na polasaithe seo ar fad i bhfeidhm i ndeireadh na dála? Ní comhairliúchán é mura ndéantar gníomh dá bharr. Tá Misneach agus pobal na Gaeilge ar fad tinn tuirseach den easpa tacaíochta agus den easpa gnímh ón Stát. Táimid tinn den easpa tacaíochta don phleanáil teanga, don Ghaeloideachas, do bhád Thoraí, do chearta feamainne agus do bhunchearta mhuintir an oileáin seo ar gach bealach.

Tuigeann Misneach go bhfuil greim ag an Roinn Airgeadais ar na Ranna Stáit is ar na heagraíochtaí poiblí eile ar fad agus go bhfuil sé an-deacair dá bharr maoiniú cuí a fháil leis an obair seo a dhéanamh. Dar linn, níl ansin ach léiriú ar an ngá atá ann córas eile a chur i bhfeidhm a chuireann riachtanais chosmhuintir na tíre chun cinn, na Gaeil san áireamh, in áit a bheith ag sodar i ndiaidh lucht an rachmais mar atá faoi láthair. Tá troid le cur. Bua nó bás – fúinne atá sé.

Vice Chairman

Gabhaim buíochas leis an Uasal Ó Luain as an gcur i láthair. Táimid dírithe ar an mBille atá ag teacht chun tosaigh.

Dr. Kerron Ó Luain

Tuigeann muid é sin.

Vice Chairman

Beidh deis againn labhairt ar ábhair éagsúla amach anseo. Táimid dírithe ar an mBille ach go háirithe.

Tuigim cárbh as a bhfuil na finnéithe ag teacht. Tá mé tar éis breathnú ar an liosta mór rudaí atá ar an gcéad dá leathanach eile. Baineann an dúshlán atá romhainn leis an mhéid gur féidir linn a bhaint amach. Tá mé ag plé le ceist na Gaeilge ón uair ar fhág mé an scoil. Níor mhaith liom a rá cé chomh fada ó shin is atá sé sin. D'oibrigh mé i gcomharchumann Gaeltachta. Molaim an dearcadh atá ag lucht Misneach - is beag locht atá ar an méid atá ráite ag an Uasal Ó Luain - ach caithfidh mé a rá nach féidir cuid de na rudaí atá leagtha amach acu a bhaint amach i láthair na huaire. Tá sé de dhualgas ar bhaill an choiste seo tomhas a dhéanamh ar céard is féidir linn a bhaint amach ag an bpointe seo go praiticiúil tríd an gcóras. Luaigh an tUasal Ó Luain an Roinn Airgeadais, agus is cinnte go mbíonn fadhbanna ansin go minic. Tá fadhb sa Státchóras.

Má tá Baill an Oireachtais, atá tofa ag an bpobal, macánta sa Teach seo, admhóidh siad go bhfuil ceithre ghrúpa anseo: iad siúd nach bhfuil meas dá laghad acu ar an nGaeilge, iad siúd atá cineál báúil, iad siúd atá báúil fad is nach bhfuil Gaeilgeoirí ag lorg a gcuid cearta leis an teanga a úsáid mar theanga oibre, agus iad siúd a bhfuil an Ghaeilge mar chuid de shaol pearsanta laethúil a gclann a úsáideann an Ghaeilge chuile lá, mar shampla ina saol oibre. Tuigeann na daoine sa tríú ghrúpa an Ghaeilge mar chúpla focal i bPáirc an Chrócaigh, ach ní thuigeann siad go ndéanann daoine a gcuid gnó trí Ghaeilge.

Mar shampla, bíonn an-iontas orthu go ndéanaim an oiread sin d'obair mo Dháilcheantar trí mheán na Gaeilge. Tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag an bhfoireann atá agam i m'oifig Dháilcheantar ós rud é go mbíonn mo thoghthóirí ag déileáil linn i nGaeilge faoi chártaí leighis, fadhbanna deontais beithígh agus mar sin de. Tá cleachtadh ag daoine sna cheithre ghrúpa ar chúrsaí den chineál sin, ach is mionlach beag é an dream sin sa Dáil. Dá bhrí sin, tá go leor leibhéil sa chóras atá míthuisceanach ar céard atá ag teastáil.

Dar liom, taispeánann na comharthaí bóithre an síceolaíocht a bhaineann leis seo. Níor mhaith le formhór de mhuintir na hÉireann go mbainfí an Ghaeilge de na comharthaí bóithre. Is léir go bhfuil sé míréalaíoch bheith ag ceapadh go bhfuil amharc níos fearr ag Gaeilgeoirí ná mar atá ag Béarlóirí mar go bhfuil siad in ann litreacha níos lú a léamh ar chomharthaí bóithre. Caithfidh go bhfuil orthu dul go Specsavers. Dar le formhór na ndaoine, níl sa Ghaeilge ar na comharthaí ach ornáideachas, seachas rud ar a mbreathnaíonn daoine nuair atá siad ag iarraidh bheith cinnte cá bhfuil siad ag dul. Is dóigh liom go dtaispeánann sé sin cé chomh casta is atá an cheist seo. Nuair a bheimid réidh leis seo, is ar éigean go mbeidh gach rud atá molta ag an Uasal Ó Luain curtha i bhfeidhm, ach tá súil agam go mbeidh cuid mhaith de curtha i bhfeidhm. Tá sé sin ráite agam ar bhealach fhada. Má tá ar an gcoiste glacadh le níos lú, tá gach seans ann go dtarlóidh sé sin de bharr go mbeidh rogha ann idir glacadh leis an mhéid atá ar fáil agus gan rud ar bith a fháil. Má fhaigheann muid rud, is féidir tógáil ar sin . Ba mhaith liom go dtuigfeadh an tUasal Ó Luain é sin ionas nach mbeadh díomá air mura mbainfimid amach chuile rud ar an liosta uaillmhianach seo in aon gheab amháin.

Ghlac Deputy Catherine Connolly ról mar Chathaoirleach.

Dr. Kerron Ó Luain

Tuigim é sin agus aontaím go bhfuil leibhéil áirithe i gceist. Mar a luaigh an Teachta, go minic is teanga shiombalach í an Ghaeilge, faraoir. Mura mbímid uaillmhianach, ní bhainfimid mórán amach. Is fearr bheith uaillmhianach agus an méid a chuirtear ar fáil a bhaint amach, ná níos lú a iarraidh agus níos lú a fháil.

Tuigim é sin go maith. Caithfear an t-iomlán a iarraidh. Tá súil agam go dtuigeann an tUasal Ó Luain go bhfuil seans ann nach mbeimid in ann chuile rud a sheachadadh.

Dr. Kerron Ó Luain

Tuigim é sin.

Caithim a rá i dtús báire nach bhfreastalaíonn baill ó Fhine Gael nó ó Pháirtí an Lucht Oibre ar ár gcruinnithe go rialta. Ceapaim gur drochrud é nach bhfuil siad anseo inniu agus muid ag plé leis an mBille is tábhachtaí le fada a bhaineann leis an nGaeilge. Ní maith liom aird a tharraingt ar an bhfadhb seo de ghnáth ós rud é go dtuigim go mbíonn dualgais at gach Teachta agus ar gach Seanadóir uaireanta agus ní bhíonn siad in ann bheith i láthair, ach ba cheart go mbeadh-----

Níl aon bhall de chuid Páirtí an Lucht Oibre ar an gcoiste seo.

Admhaím go bhfuil an ceart ag an gCathaoirleach faoi sin. Is féidir le haon Teachta Dála nó aon Seanadóir san Oireachtas-----

Is féidir, ach le bheith féaráilte, níl siad ina mbaill

Níl siad ina mbaill, ach is féidir le haon Teacht nó Seanadóir freastal ar chruinnithe Oireachtais.

Tá an ceart agat.

Is trua é nach bhfuil níos mó daoine anseo ó na páirtithe eile anseo. Is é sin an méid atá á rá agam. Tá Seachtain na Gaeilge ar siúl agus táimid ag díriú ar Bhille an-mhór. Ba cheart go mbeadh na páirtithe eile dírithe isteach ar an obair atá ar bun ag an gcoiste iontach tábhachtach seo.

Ba mhaith liom mo mhíle buíochas a ghabháil leis an Uasal Ó Luain as ucht teacht isteach. Guím gach rath ar Misneach. Is iontach an rud é go bhfuil an eagraíocht ann agus go bhfuil sé gníomhach, láidir agus bríomhar. Níl aon rud mícheart le bheith uaillmhianach agus molaim an tUasal Ó Luain as an uaillmhian atá léirithe aige. Is í an fhadhb atá againn sa tír seo, agus an rud is deacra, ná nach bhfuil dóthain tuisceana nó dóthain suime san ábhar seo. Is í sin an fhadhb is mó a fheicim san áit seo, go háirithe leis an Rialtas. Aontaím leis an gcuid is mó den mhéid atá ráite ag an Uasal Ó Luain. Tá cuid mhór de na moltaí atá leagtha amach aige clúdaithe sa reachtaíocht ar aon nós. Ceapaim go bhfuil an Bille 80% láidir, ach tá laigí ann agus ba cheart cur leis ar an gcúis sin.

Aontaím go huile is go hiomlán leis an mhéid a bhí le rá ag an Uasal Ó Luain maidir leis an nGaeltacht. Mura bhfuil an Ghaeilge sa Ghaeltacht mar theanga pobail laethúil, beidh an Ghaeilge marbh i slí uafásach. Ní hionann teanga phobail agus líonra teanga ar chor ar bith. Ní bhíonn an saibhreas ann agus ní bhíonn an fhorbairt nádúrtha ann ach oiread. Caithfimid go huile is go hiomlán díriú isteach ar dhaonlathas in Údarás na Gaeltachta, mar a dúirt an tUasal Ó Luain. Caithfimid díriú isteach ar gheilleagar na Gaeltachta. Mura bhfuil geilleagar na Gaeltachta ag obair i gceart, titfidh sé i bponc. Dar leis an Rialtas féin, tá líon na gcainteoirí laethúla sa tír seo tar éis dul i laghad de bharr nach bhfuil geilleagar na Gaeltachta sách láidir le deich mbliana anuas. Molaim go hard an obair atá déanta ag Misneach - maith sibh.

Gabhaim buíochas leis an Uasal Ó Luain as an gcur i láthair. Tá liosta an-mhór leagtha amach aige.

Gabh mo leithscéal, a Theachta. Ba mhaith liom an mhéid a bhí le rá ag an Teachta Tóibín a chur i gcomhthéacs. Bhí cúigear nó seisear anseo inniu. Is maith an rud é go raibh leath den choiste anseo inniu. Tá mé ag iarraidh bheith féaráilte le Páirtí an Lucht Oibre. Is ball mé den Choiste um Chuntais Phoiblí agus beidh deacrachtaí agam leis an gcoiste seo nuair a bheidh mé ag an gcruinniú den choiste sin amárach. Tá deacrachtaí nach mbaineann leis an nGaeilge ag chuile choiste. Bhí an Teachta Ó Cuív agus an Seanadóir Ó Domhnaill anseo. Bhí cúigear nó seisear anseo. Tá na fadhbanna seo ag chuile choiste sa Dáil. De ghnáth, feidhmíonn an coiste seo go breá. Bíonn tromlach na mball i láthair ag am éigin. Mar a tharlaíonn, tá trí chruinniú againn an tseachtain seo. De ghnáth, bíonn cruinniú againn chuile choicís. Beidh cruinniú eile againn amárach. Ina theannta sin, bhí ráitis ar an nGaeilge ar siúl sa Dáil inné díreach ag an am nuair a bhí cruinniú den choiste seo ar siúl. Is fadhb eile í sin. Bhí ar na daoine a bhí anseo inné rith amach go dtí an Dáil chun páirt a ghlacadh sa díospóireacht sin. Tá mé ag iarraidh bheith féaráilte. Ní bhaineann an fhadhb seo leis an nGaeilge. Baineann sí le cruinnithe na gcoistí go ginearálta.

Níl mé ag iarraidh bheith i mbun díospóireachta leis an gCathaoirleach mar gheall ar an ábhar seo.

No. Okay.

Caithfidh mé a rá go bhfuil páirtí éigin níos láidre ná na páirtithe eile i dtaobh freastal ar an gcoiste seo.

B'fhéidir. Tá sé mar an gcéanna ar chuile choiste. Is é sin an t-aon rud.

Níl an patrún díreach mar an gcéanna.

Tá, i mo thaithí.

Tá taithí dhifriúil ag gach éinne.

Is é sin an rud. Tá coistí éagsúla i gceist. Chuir mé isteach ar an Teachta Ó Muimhneacháin agus gabhaim mo leithscéal leis.

Tá sé sin go breá. Gabhaim buíochas leis an Uasal Ó Luain as a chur i láthair. Tá liosta mór forleathan ann. Teastaíonn uaim díriú isteach ar roinnt ábhair faoi leith. Bhí plé againn le grúpaí eile, go háirithe maidir le hearcaíocht. N'fheadar an bhfuil tuairim ag Misneach maidir leis an líon daoine gur chóir dúinn a earcú. Cé chomh tapa agus ba chóir dúinn é sin a dhéanamh? Níl amchlár faoi leith luaite go sonrach ag an Uasal Ó Luain ina ráiteas.

Dr. Kerron Ó Luain

Níl.

N'fheadar ar phléigh Misneach ceist an amchláir. An bhfuil tuairim ag an Uasal Ó Luain?

Dr. Kerron Ó Luain

Caithfidh mé a admháil nár phléigh muid go mion é. Chonaic muid gur mhol dream amháin go mbeadh 20% d'earcaíocht i dtaobh Ranna Stáit agus comhlachtaí Stáit dírithe ar an nGaeilge. Tá figiúr de 30% molta inniu. Dar linn, ba chóir go gcloífeadh sé leis an mhéid daoine atá ag maíomh go bhfuil Gaeilge acu ionas go mbeadh fáil ag na daoine sin ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Dá bhrí sin, is dóigh linn gur cheart go mbeadh thart ar 39% d'oibrithe sna heagraíochtaí agus comhlachtaí Stáit cumasach ar an nGaeilge. Luíonn sé lenár bhfealsúnacht gur chóir dúinn bheith uaillmhianach i dtaobh na cúrsaí seo. Más rud é go bhfuil sprioc de 39% nó 40% i gceist, b'fhéidir go sroichfimid 20%. Má chuirimid sprioc de 20% os ár gcomhair, seans go sroichfimid 10%.

An bhfuil tuairim ag Misneach maidir leis an tréimhse ama a bheidh i gceist? Tuigim nach bhfuil an cheist seo pléite go mion ag Misneach.

Dr. Kerron Ó Luain

Is dóigh linn go mbeadh tréimhse ceithre bliana réadúil.

Tá a fhios agam gur mhol an conradh inné gur cheart 20% a bhaint amach mar sprioc faoi 2020. B'fhéidir go luíonn sé le ciall go mbeadh ceithre bliana i gceist don sprioc 40%.

Ba mhaith liom ceist a chur faoin tslí ina bhfuil na scéimeanna éagsúla atá ann faoi láthair ag feidhmiú agus an tslí ina mbeidís á shíneadh amach go dtí dreamanna agus conraitheoirí cosúil le Dublinbikes. Cén sórt tuairim a bheadh ag Misneach mar gheall ar an gceist sin? Ar chóir feabhsuithe ar leith a dhéanamh?

Dr. Kerron Ó Luain

Cinnte. Tá níos mó samplaí ann ná sampla Dublinbikes a luaigh an Teachta. Léiríomar le déanaí nach bhfuil Gaeilge ar fáil sa tseirbhís sin. Déarfainn go mbaineann sé seo leis fadhb níos leithne, an próiseas tender atá ann le tamall anuas mar thoradh ar an gcineál príobháidiú a rinneadh ar go leor comhlachtaí. Tá baint ag an gceist seo le hainmneacha na comhlachtaí Stáit. Ba chomhlacht poiblí le hainm Gaelach é Telecom Éireann, ach fuair an príobháidiú réidh leis. Eir is ainm dó anois agus é faoi úinéireacht ag billiúnaí Francach. Níl Eir ag soláthar córas leathanbhanda don tuath go ginearálta, an Ghaeltacht san áireamh. Is dóigh linn go n-eascraíonn na fadhbanna seo ar fad, ina measc na hainmneacha agus úsáid na Gaeilge i gcomhlachtaí atá faoi scáth comhlachtaí Stáit, as an bpríobháidiú a rinneadh ar na comhlachtaí sin i dtosach báire.

Caithfidh mé a admháil go bhfuil mé claonta nuair a deirim go n-aontaím go láidir leis an Dr. Ó Luain i dtaobh tábhacht agus ról lárnach na Gaeltachta. An bhfuil moltaí nó tuairimí faoi leith ag Misneach mar gheall ar threisiú na Gaeltachta?

Dr. Kerron Ó Luain

Tá sé molta againn gur cheart aitheantas oifigiúil a thabhairt do lucht labhartha na Gaeilge mar mhionlach bundúchasach. Bhronnadh sé sin cearta breise ar lucht na Gaeltachta, go háirithe ó thaobh acmhainní nádúrtha a choimeád. Tá a fhios agam go bhfuil fadhb ann leis an bhfeamainn faoi láthair. Tá aighneas i gConamara maidir le húinéireacht na feamainne. An leis na áitreabhóirí a bhí á thógáil isteach ar feadh na cianta é, nó an le comhlacht Ceanadach é? Táimid ag rá gur chóir na cearta sin a bhronnadh ionas go mbeadh breis cearta bundúchasacha i gceist dá bharr, mar shampla, faoi na Náisiúin Aontaithe. Tá sé i gceist againn go mbeadh daoine in ann dul chuig institiúid níos airde ná an tAontas Eorpach nó Stát na hÉireann leis na cearta sin a iarraidh agus a éileamh.

Tá na hábhair go léir a theastaigh uaim a chlúdach clúdaithe agam.

An bhfuil an Teachta Tóibín críochnaithe?

An bhfuil aon rud eile gur mhian leis an Dr. Ó Luain a rá?

Dr. Kerron Ó Luain

Ba mhaith liom cúpla pointe sciobtha a dhéanamh. Tá a fhios againn go bhfuil go leor moltaí uaillmhianacha istigh sa chur i láthair atá déanta againn. Ba mhaith liom cúpla moladh, a bhaineann le feachtais reatha lena bhfuilimid ag plé, a phiocadh amach.

Molann Uimh. 6 - níl a fhios agam an bhfuil na huimhreacha cearta agam mar sheol mé liosta leasaithe isteach - go ndeimhneofar go bhfuil sé de cheart ag aon duine a rogha de na teangacha oifigiúla a labhairt sa láthair oibre, más le duine toilteanach atáthar ag caint. Bhí agóid againn bliain nó dhó ó shin maidir le cás Chormaic Uí Bhruic a briseadh as a phost i gcathair Chorcaí. Bhí cás eile le AA Ireland le déanaí nuair nár cheadaíodh d'fhostaí labhairt i nGaeilge le Dáithí Mac Cárthaigh nuair a ghlaoigh sé isteach. Ba mhaith linn go ndíreofar ar an bpointe seo ionas go mbeidh sé de cheart ag éinne atá fostaithe le comhlacht an Ghaeilge a labhairt le duine eile sa chomhlacht sin, fad is nach mbíonn sé ag teacht salach ar an gcineál cumarsáide idir dhaoine eile. Níl sé i gceist go mbeadh sé ag cur isteach ar éinne. Má tá daoine toilteanach an Ghaeilge a labhairt, cén fáth nach mbeadh cead acu é sin a dhéanamh?

Tá sé molta againn in Uimh. 9 gur chóir é a dheimhniú go bhfuil sé de cheart ag daoine déileáil leis na cúirteanna go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Dé réir na Bunreachta, is teanga oifigiúil í an Ghaeilge. Tá tuiscint ann dá bharr sin gur chead í a úsáid sna cúirteanna. Tá cás Dhiarmaid Uí Chadhla ag dul tríd na cúirteanna faoi láthair. Sa Chúirt Dúiche i gCorcaigh, cuireadh bac air agus diúltaíodh dó a chás a reáchtáil trí Ghaeilge. Tá sé imithe chuig na hArd-Chúirte anois. Creideann muidne go bhfuil gá ann béim a leagadh ar an gceist seo chomh maith.

Tá mé tar éis cur síos a dhéanamh ar Uimh. 10, a mholann gur cheart aitheantas oifigiúil a thabhairt do lucht labhartha na Gaeilge. Tá sé molta againn in Uimh. 24 go mbeidh rogha Gaeilge ar gach uaithmheaisín leictreonach. Bhíomar ag feachtasaíocht ar son an moladh sin an bhliain seo caite. Tá sé náireach nach bhfuil aon dualgas reachtúil ar Bhanc na hÉireann rogha dhátheangach a chur ar fáil. Nuair a bhí mé ar an Mór-Roinn le déanaí, chonaic mé go raibh deich rogha teanga ar na scáileáin. Níl ciall ar bith leis an gcur chuige atá á nglacadh anseo. Níl i gceist ach leisce. Dar ndóigh, tá dualgas morálta ar Bhanc na hÉireann freastal lena chuid custaiméirí. Rinne muidne tarrtháil ar na bainc, ach anois tá siad tar éis an rogha Gaeilge a bhaint dúinn. Níl aon dualgas orthu ina thaobh. Ba mhaith linn béim a leagadh ar sin.

Ba mhaith liom béim a chur ar na foirmeacha leictreonacha á úsáideann comhlachtaí ar nós aerlínte agus comhlachtaí gutháin. Tá a fhios agam go bhfuil an reachtaíocht teoranta agus nach dtéann a scáth níos faide ná na comhlachtaí Stáit. B'fhéidir gur chóir go mbeadh sé de cheart ag daoine ainmneacha Gaeilge a úsáid i bhfoirmeacha leictreonacha nuair atá siad ag clárú le comhlachtaí iompair agus comhlachtaí cumarsáide. Arís, tá leisce orthu rudaí den chineál seo a dhéanamh. Conas nach bhfuil siad in ann a gcuid córais theicneolaíocha a shocrú ionas go mbeidís in ann fada a ghlacadh in ainm duine? Más féidir rud éigin a dhéanamh faoi sin sa reachtaíocht, beidh sé go maith. Tá mé ag iarraidh béim a leagadh ar na cúrsaí atá ardaithe agam agus lena mbíonn Misneach ag plé.

Gabhaim buíochas leis an Dr. Ó Luain as ucht a chuid oibre. Tá a fhios agam nach bhfuil sé seo éasca. Tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre curtha isteach ag Misneach agus ag Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge. Tá mé buíoch gur dhírigh siad isteach ar an dréacht-reachtaíocht. Uaireanta ní dhíríonn daoine a thagann os ár gcomhair ar na hábhair a bhíonn idir lámha ag an choiste. Tuigim go bhfuil sé éasca easpa misnigh a bheith againn. Tá a fhios againn go bhfuil an Ghaeilge i sáinn. Tá sé molta Acht nua a chur le chéile. Táimid ag úsáid an fuinneamh atá againn gan mhoill eile a chur ar an gcóras ionas go mbeidh dréacht-Bhille ar ais ar bhord an Rialtais agus foilsithe i mbliana. Tá a fhios againn go mbeidh gá ann fós beart a dhéanamh tar éis an Achta.

Dr. Kerron Ó Luain

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh.

Gabhaim buíochas leat féin as do chuid oibre.

Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ar 6.30 p.m. agus cuireadh ar athló é ar 6.50 p.m. go dtí 5 p.m., Déardaoin, 8 Márta 2018.
Top
Share