Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán debate -
Tuesday, 25 Sep 2018

Obair Fulbright agus Cur Chun Cinn na Gaeilge sna Stáit Aontaithe

Fáilte romhaibh agus go raibh míle maith ag an Teachta Tóibín as suí isteach sa Chathaoir. Bhíomar i dtrioblóid inniu mar tá na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí gafa. Tá sé deacair dóibh agus tiocfaidh mé ar ais go dtí an t-ábhar sin i seisiún príobháideach ach níl sé éasca do na baill. Fuair mé leithscéal ón Teachta Aindrias Ó Muineacháin. De ghnáth, bíonn sé anseo, ach faraor géar níor éirigh leis agus mar a dúirt mé tá na baill eile faoi bhrú.

Táimid anseo chun plé a dhéanamh ar obair Fulbright agus chur chun cinn na Gaeilge sna Stáit Aontaithe le hionadaithe ón gCoimisiún Fulbright. Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh an Dr. Dara FitzGerald, stiúrthóir feidhmiúcháin, agus Paula Melvin, riarthóir dámhachtana Choimisiúin Fulbright. Beidh cur i láthair i gceist againn ar ball.

I dtús báire, maidir leis an Acht, ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár cóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Tosóimid le cur i láthair Paula Melvin agus tá fáilte roimpi. An bhfuil an bheirt agaibh le chéile nó cén chaoi an bhfuil sé beartaithe?

Ms Paula Melvin

Déarfaidh mé féin í.

Táim anseo chun labhairt leis an gcoiste ar obair Fulbright agus cur chun cinn na Gaeilge sna Stáit Aontaithe.

Bhunaigh an Seanadóir J. William Fulbright an clár sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1946 agus tugadh go hÉirinn é sa bhliain 1957. Is clár malartú cultúrtha agus oideachasúil atá i gceist leis seo agus bunaíodh in Éirinn é mar chomhaontú idir rialtais na Stát Aontaithe agus na tíre seo. Ó 2006 ar aghaidh, táimid ag seoladh suas go dtí naonúr chun an Ghaeilge a theagasc sna Stáit Aontaithe agus b'shin ceann de na fáthanna a bhfuil mé anseo inniu. Seolaimid FLTAanna nó foreign language teaching assistants ar fud na Stát Aontaithe ag teagasc na Gaeilge. I mbliana tá FLTAanna againne ag múineadh na teanga in ollscoileanna ó Montana go dtí Nua Eabhrac. Éiríonn go hiontach leis an gCoimisiún Fulbright pro rata toisc go mbíonn deis againn suas go dtí naonúr a sheoladh ag múineadh na teanga thall. Seolann Coimisiún Fulbright na hIodáile suas go dtí cúigear ag múineadh na hIodáilise ar fud na Stát Aontaithe go bliantúil.

Rud eisceachtúil eile a dhéanann ár FLTAanna ná go dtacaíonn siad le grúpaí Gaeilge ar an talamh. Nuair a eagraíonn grúpa deonach de chuid Conradh na Gaeilge nó Dhaltaí na Gaeilge immersion weekend nó deireadh seachtaine tumoideachais ar an talamh in áit ar nós Kansas nó cibé áit, déanaimid iarracht FLTA a chur ann chun tacú leo chun an Ghaeilge a mhúineadh ar an deireadh seachtaine sin. Tugtar leis seo deis don FLTA áit sa bhreis sna Stáit Aontaithe a fheiceáil, agus dar ndóigh is áis agus an-chúnamh do na grúpaí Gaeilge ar an talamh é sin. Tá cineál ciorcail i gceist, mar déanann cuid de na mic léinn a bhíonn sna ranganna sna hollscoileanna ag na FLTAanna freastal ar na deirí seachtaine tumoideachais seo. Bronntar summer Gaeltacht award orthu chun teacht chun na Gaeltachtaí in Éirinn, agus roghnaíonn siad cibé Gaeltacht gur mian leo chun barr feabhais a chur ar a gcuid Ghaeilge. Chuile bhliain tagann suas go dtí seachtar chun na Gaeltachta in Éirinn tríd an scoláireacht seo.

Go dtí seo, chuile rud a rinne mé trácht air sna Summer Gaeltacht Awards, na FLTAanna agus na deiridh seachtaine tumoideachais, is le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a thugaimid fúthu seo agus táimid iontach buíoch den Roinn. Murach iad, ní bheadh an clár FLTA chomh fairsing sin, agus gach seans nach mbeimis in ann na cláir eile a chur i bhfeidhm. Dar ndóigh, táimid luaite sa phlean straitéis 20 bliain don Ghaeilge tríd an bplean gníomhaíochta dá cuid.

Aníos ar na rudaí atá luaite agam, eagróimid ócáidí chun an Ghaeilge a chur cinn ar shlí níos ginearálta. Mar shampla, i mbliana, mar chuid de Bhliain na Gaeilge, d'eagraíomar ócáid i dTeach an Ardmhéara faoi Bhliain na Gaeilge sna Stáit Aontaithe. I measc na gcainteoirí a bhí linn ar an oíche labhair Reece Smyth, Chargé d'Affaires Ambasáid na Stát Aontaithe in Éirinn, mar gheall ar a thaithí ag foghlaim na Gaeilge anseo in Éirinn mar Mheiriceánach. I measc na gcainteoirí eile a bhí linn ar an oíche bhí an Dr. Máiread Nic Giolla Mhichíl agus an Dr. Teresa Lynn. Thug an Dr. Nic Giolla Mhichíl faoi Fulbright TechImpact i Notre Dame. Mar thoradh ar a cuid taighde le linn an scoláireacht Fulbright sin, d'fhill sí ar an tír seo agus tá sí tar éis an chéad chúrsa Gaeilge ar líne, Irish 101, a sheoladh. Rinne an Dr. Teresa Lynn a gradam Fulbright-Enterprise Ireland in Ollscoil Saint Louis i Missouri, áit ina dhearna sí taighde ar an nGaeilge maidir leis na meáin shóisialta. Mar seo, is léir nach stopann baint Fulbright leis an nGaeilge leis na gradaim Ghaeilge faoi leith. Is féidir dul ar ghnáthscoláireacht Fulbright agus tabhairt faoi thaighde sa Ghaeilge. Mar shampla, rinne mé féin máistreacht sa Ghaeilge in UCD. Bhí duine ar scoláireacht Fulbright i mo rang, Lisa Sladen, ag tabhairt faoi mháistreacht sa Ghaeilge.

Rud eile a dhéanaimid le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ná go ndáileann muid an maoiniú a fhaighimid ón Roinn le suas le sé institiúid tríú leibhéal sna Stáit Aontaithe chun an Ghaeilge a theagasc. Iarraimid ar an gcoiste tacaíocht a thabhairt dúinn ionas go féidir linn tuilleadh maoinithe a chur ar fáil ionas go bhféadfaimis cabhradh le tuilleadh áiteanna sna Stáit Aontaithe an Ghaeilge a theagasc. Molaimid go gcuirfimis straitéis le chéile ionas gur féidir linn, mar thúsphointe, méid áirithe beag airgid a thabhairt do na hinstitiúidí nua seo chun cabhradh leo agus ionas go mbeadh tionchar níos mó ag, agus go bhfaighimis níos mó as, an chuid mhaoinithe a chuirfimis ar fáil dóibh.

Faoi láthair múintear an Ghaeilge i suas le 60 institiúid tríú leibhéal sna Stáit Aontaithe agus Ceanada. Tá an-éileamh ann. Sampla eile den éileamh atá ann maidir leis an nGaeilge sna Stáit Aontaithe ná alumnus eile dár gcuid, Oisín Ó Doinn. Chuaigh sé go hollscoil i Minnesota mar foreign language teaching assistant, FLTA, ag teagasc na Gaeilge. D'fhill sé ar an tír seo agus ba dhuine de na daoine a d'aistrigh Duolingo é. Mar sin, is léir go gcuireann ár alumni go mór mór leis an gcaidreamh leis na Stáit Aontaithe agus le cur chun cinn na Gaeilge.

Tuigim go bhfuil mo chuid ama ag rith amach. Mar sin, fágfaidh mé an coiste le pointe amháin. Déanaimid an-chuid comhoibrithe le grúpaí eile, mar shampla, ritheamar an Cultúr Club in éineacht le Conradh na Gaeilge. Leis an tionscnamh seo, d'éascaíomar ocht gceardlann sna Stáit Aontaithe ó Pittsburgh go Knoxville. Thógamar pobal sa cheardlanna seo. Thacaíomar leis na grúpaí eile sna Stáit Aontaithe agus chuireamar áiseanna nua ar fáil dóibh chun an Gaeilge a theagasc. Chomhoibríomar le Conradh na Gaeilge agus na grúpaí eile chun an feachtas Trasna na dTonnta a bhunú. B'shin feachtas a bhunaíomar arú anuraidh chun cíbear-Ghaeltacht a chruthú ar líne. Cé nár bunaíodh é go dtí arú anuraidh, tá sé ar cheann de na haischlibeanna Gaeilge is mó úsáidte riamh ar Twitter. Ghlac daoine ó 80 tír agus 27 stáit éagsúla de chuid na Stát Aontaithe páirt ann.

Chun críoch a chur le mo chuid cainte, thar ceann an choimisiúin ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Bhí dea-chaidreamh againn léi i gcónaí. Is í a thacaigh agus a thug an maoiniú dúinn agus don Chonradh i leith an Chultúr Club, in éineacht leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht a bheith linn inniu agus le Eugene Ó Cruadhlaíoch agus an Cathaoirleach, an Teachta Connolly, as ucht cuireadh a thabhairt dúinn bheith os comhair an choiste inniu.

Cuirim fáilte mhór roimh na finnéithe.

Tá neart ama ag an Teachta.

Tá. B'fhéidir go bhfuil an iomarca. Gabhaim míle buíochas leis na finnéithe as teacht anseo. Guím gach rath ar an obair atá idir lámha acu. Tá sé go hiontach é a fheiceáil. Níl a fhios ag 99% de mhuintir na tíre faoin obair sin ar chor ar bith. Ní bheadh an staitistic sin, go bhfuil 60 institiúid ann i dtuaisceart Mheiriceá ina bhfuil an Ghaeilge á múineadh, ar eolas ag éinne. Tá sé de nós sa tír seo gan luach a thabhairt ar aon rud go dtí go dtugann daoine eile luach air. Tá a fhios ag na finnéithe faoi bhannaí ceol a "made it" nuair a chuaigh siad thar lear agus ansin tháinig siad ar ais chugainn. Caithfimid an t-eolas sin - go bhfuil an Ghaeilge beo i dtíortha eile thar timpeall na cruinne agus go bhfuil an t-éileamh ann - a scaipeadh níos forleithne sa tír seo.

Is cuimhin liom fear as na Stáit Aontaithe. Ceapaim gur Éamon an t-ainm a bhí air. Ba as an Chóiré a mháthair agus ba as Dún na nGall a athair. Throid sé in arm na Stát Aontaithe. D'fhoghlaim sé a chuid Gaeilge ar líne sular bhuail sé le héinne le Gaeilge. Bhí sé breá-líofa nuair a tháinig sé go dtí an tír seo ag an am. Bhí canúint dheas Dhún na nGall aige freisin. Is cuimhin liom nuair a bhí sé ar an gclár le Marian Finucane. D'fhiafraigh sí dó cén fáth go raibh sé in ann an Ghaeilge a fhoghlaim i sé mhí nó in aon bhliain nuair a thógann sé 13 bliana sa tír seo chun é sin a dhéanamh. Dúirt sé focal amháin - motivation. Bhí motivation mór aige de bharr go bhfuair a athair bás. Bhí sé ag iarraidh saghas ceangal a chruthú idir é féin agus a athair. Ba é an teanga an ceangal a bhí eatarthu ag an am sin. Ceapaim go gcuireann sé leis an motivation sin nuair a bhíonn a fhios ag daoine go bhfuil luach na teanga aitheanta ag daoine i dtíortha eile.

Tá cúpla ceist agam do na finnéithe. Cé mhéad airgid a thugann an Rialtas mar gheall ar an togra seo? Cad iad na foinsí airgid eile a bhíonn i gceist?

Ms Paula Melvin

An bhfuil an Dr. FitzGerald ag iarraidh é sin a ghlacadh? Faighimid maoiniú ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ó Roinn Stáit na Stát Aontaithe, agus ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. May I pass the question regarding the breakdown of our funding from the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, the Department of Foreign Affairs and Trade and the US Department of State to Dr. Dara FitzGerald?

Dr. Dara FitzGerald

An bhfreagróidh mé as Béarla?

Más maith le Dr. FitzGerald é sin a dhéanamh.

Dr. Dara FitzGerald

We did have a service level agreement, SLA, from 2014 to 2017. That laid out our approximate expended expenditures. It breaks down between expenditure on US institutions that are provided with different levels of supports and our foreign language teaching assistant, FLTA, programme. The Department is the primary sponsor for those. Many of our programmes have sponsors in order to get to the numbers we can manage. There is also a breakdown for the Gaeltacht awards. The actual numbers have varied during the three years for which I have been running the programme. Expenditure on the US institutions was €126,000 in the financial year 2015, €126,000 again in 2016, €82,880 in 2017 and then back up to €116,000 in 2018.

An é sin an t-iomlán ón trí fhoinse - na Stáit Aontaithe, Éire agus-----

Dr. Dara FitzGerald

They are the three categories on which we would spend in respect of Irish language activities.

And that comes out of funding from the Department here.

Dr. Dara FitzGerald

Yes.

Is it matched from the American side?

Dr. Dara FitzGerald

These are Irish language activities. The primary funding for the Fulbright Commission is actually for Fulbright programmes. The FLTA programme is a Fulbright programme. That funding is provided from the Department of State and the Department of Foreign Affairs and Trade. The commission uses it as needed to develop that programme. Ms Melvin said we have an allocation for nine FLTAs. Without the support of the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, we would not be able to support a programme as big as nine FLTAs.

Ceart go leor. Tá sé sin ar fheabhas ar fad. Cé mhéad daltaí a fhaigheann teagasc i nGaeilge sna Stáit Aontaithe de bharr sin?

Ms Paula Melvin

Is ceist mhillteanach í sin. Bheadh sé an-deacair an t-eolas sin a fháil toisc go bhfuil an méid sin grúpaí deonacha ar fud na Stát Aontaithe. Braitheann sé ar na figiúirí atá acu. Ansin tá an naonúr FLTAanna agus na hinstitiúidí ar fad. Ní bheadh tuairim chruinn againn maidir leis an líon sin.

An bhfuil na mílte de dhaltaí i gceist?

Ms Paula Melvin

Does Dr. FitzGerald think that thousands of students are learning the Irish language in the United States?

Dr. Dara FitzGerald

In terms of lectures attended or exams sat in the last couple of years we are talking about hundreds. There were 552, 491 and 407 in the last three years. That is based on the institutions that are funded through this programme but there can obviously be additional ones as well. Ms Melvin may have alluded to the fact that there are opportunities to build the programmes. Irish is quite a popular bespoke language for American students and probably less than 50% of them are from the diaspora.

Cé hiad na daoine a bhíonn ag freastal ar na léachtaí sin? Tá leath dóibh ón diaspora agus is gnáthdhaoine an leath eile.

Dr. Dara FitzGerald

We are probably talking about 40% to 45% from the diaspora in the broadest sense of the diaspora in America which is very broad and the rest are people who have no connection to Irish but they have picked it up because the culture and the language are interconnected.

Cén caighdeán atá i gceist? An bhfuil Dr. FitzGerald ag caint faoi foghlaimeoirí nua?

Ms Paula Melvin

Braitheann sé. Bhí sé mar ardú chroí agus anama domsa nuair a tháinig a lán daoine isteach inár n-oifig ar bhuail mé leo ag na summer Gaeltacht awards. Bhí cuid acu líofa agus cuid eile níos laige ach creidim go mbeadh cuid mhór gur chas mé leo in ann grád B1 a bhaint amach san ardteistiméireacht. Is gá a lua comh maith nach bhfuil na summer Gaeltacht awards ag fáil maoiniú ó Choimisiún Fulbright na hÉireann sna Stát Aontaithe mar ní gradam Fulbright go hoifigiúil atá i gceist leis na summer Gaeltacht awards. Is gradam Fulbright atá i gceist leis na FLTAanna ach ní do na foghlaimeoirí sin.

Tá sé sin suimiúil freisin. I slí amháin tá an Stát ag íocaint timpeall €120,000 sa bhliain air seo ach tá sé ag mealladh daoine ar ais go dtí an Ghaeltacht agus tá siadsan ag caitheamh airgead in Éirinn. An bhfuil aon tuairim ag na finnéithe cé mhéad airgead a chaitheann na daoine seo in Éirinn mar bíonn na meáin cumarsáide i gcónaí ag rá gur airgead amú é an t-airgead a chaitheann an Rialtas ar an nGaeilge? Seo slí amháin ina bhfuil airgead ag teacht go díreach ar ais chuig an tír, chuig áiteanna iargúlta agus tá sé sin ag déanamh neamhaird iomlán ar an luach cultúrtha atá i gceist don tír.

Ms Paula Melvin

Sin é go díreach. An éagsúlacht atá i gceist leis an summer Gaeltacht awards ná nach cuirtear na scoláirí seo i seomra ranga, cuirtear i bpobal iad agus leis an méid airgid a fhaigheann siad uainne íocann siad as lóistín agus na ranganna. Is gá dóibhsean íocaint as na heitiltí agus as maireachtáil ó lá go lá. We do not have hard facts based on how much is spent in the Gaeltacht per summer Gaeltacht award recipient.

Tá sé suimiúil go bhfuil siad ag caitheamh airgid ar aon nós. I gcúl mo cheann tá mé ag smaoineamh ar cad gur féidir linn a dhéanamh leis na daoine seo mar is acmhainn iad ar son na Gaeilge. Cad ba cheart dúinn a dhéanamh chun a gcuid taithí a chur le cur chun cinn na Gaeilge sa tír seo?

Ms Paula Melvin

Tá go leor ar siúl cheana féin. Tá roinnt dár FLTAanna ag tacú leis an tionscnamh de chuid Seachtain na Gaeilge, Comhrá '18. B'shin an curiarracht domhanda chun an comhrá is faide Gaeilge a chur chun cinn. Bhí mic léinn dár gcuid atá in Ollscoil Notre Dame mar shampla ag glacadh páirte - an FLTA agus na grúpaí sin. Tá an-chuid ar siúl ach beidh bhur gcabhair uainn chun é seo a phoiblú agus, mar a luaigh mé le linn mo chuid cainte, tá an-chuid deiseanna ann ach go háirithe, toisc go bhfuil gné riachtanach do an-chuid bunchéimithe gur gá dóibh tabhairt faoi ranganna teanga iasachta. Má tá an rogha ann staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, déanfaidh an-chuid daoine é sin. Mar sin, más féidir linn tuilleadh maoinithe a chur ar fáil ionas gur féidir an Ghaeilge a thabhairt chuig níos mó ollscoileanna sna Stáit Aontaithe bheadh sé sin iontach agus ba cheart dúinn tacú leis na craobhacha pobail de chuid daltaí Ghaeilge agus Conradh na Gaeilge atá ar an talamh mar tá an-chuid spéise sa Ghaeilge sna Stáit Aontaithe, mar a luaigh mé cheana. Fiú amháin inniu, tá alt ag trendáil in The Irish Times mar gheall ar Chultúr Club, conas páistí a thógáil le Gaeilge agus acmhainní atá ar fáil sna Stáit Aontaithe.

Tá níos mó airgid de dhíth ar an gCoimisiún Fulbright mar gheall ar na pleananna sin. Cé mhéad airgid atá i gceist?

Ms Paula Melvin

I will pass the question of the amount of funding to Dr. FitzGerald. On the amount of funding that we currently give to US institutes, braitheann sé ó institúid go hinstitúid. Tá cuid acu ag lorg maoinithe agus bronnaimid maoiniú orthu chun tacú le chomhdhálacha agus ansin tá áiteanna eile ina bhfuil muid ag tabhairt maoinithe dóibh chun íocaint as an bhfoireann a mhúineann Gaeilge. How much would we suggest for the amount of money we would like for institutions to provide new Irish language programming?

Dr. Dara FitzGerald

If we were to look at three institutions, because there will obviously be a limit to the outreach that is possible, we would be talking about €100,000 or less. That is to help someone on the ground in the States to set up. We did an initial analysis of what might be possible and €100,000 or less was what we came to. We hope that money would be able to get three universities which are on the cusp of being able to provide these programmes professionalised to a level where they could accept more funding akin to what we provide to the other institutions.

Cad é an próiseas atá ann chun múinteoirí a roghnú? An féidir linne ár n-ainmneacha a chur isteach mar shampla?

Ms Paula Melvin

Is féidir cinnte. Mar a luaigh mé ritear Fulbright i 180 tír ar fud na cruinne. Mar sin tá an fhoirm iarratais i mBéarla mar caithfidh ár gcomhghleacaithe san Institute of Education, IE, a bheith in ann í a léamh in Washington DC agus Nua Eabhrach. Déantar iarratas agus tá an próiseas le bheith mar FLTA ar oscailt faoi láthair agus dúnfaidh sé ag tús mhí na Samhna. Is féidir scríobh chugainn ag awards@fulbright.ie, freagróimid le foirm iarratais agus líontar amach an fhoirm de bharr na treoracha sonracha atá ann don tír seo. Ansin, déantar an gearrliosta thuas. Úsáidimid léachtóirí le Gaeilge agus daoine ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun gearrliosta a dhéanamh. Tugtar cuireadh do chuid de na daoine sin chun agallamh i mí Eanair, cuirfear faoi agallamh iad trí mheáin na Gaelainne, tá orthu rang a chur i láthair agus ceacht gearr Gaeilge a dhéanamh chun breathnú ar leibhéal scríobhneoireachta na Gaeilge atá acu. Ina dhiaidh sin roghnaítear naonúr chun dul thall ag teagasc na Gaeilge agus bíonn cúpla ionadaithe chomh maith.

Is deis iontach é le haghaidh duine óg atá ag iarraidh bliain a chaitheamh sna Stáit Aontaithe agus eisperéis iontach a bhaint amach ach tá fadhb sa tír seo i slí amháin. Níl a fhios fós ag daltaí go bhfuil éileamh mór ann ar dhaoine le Ghaeilge. Ní cheapann daoine go bhfuil slí bheatha ann ag baint leis an nGaeilge ach is a mhalairt atá fíor mar tá daoine le Gaeilge ar ardchaighdeán chomh gann sin go bhfuil sé deacair teacht orthu. Tá daoine de dhíth san Aontas Eorpach ag an mbomaite. Fiú i mo choiste féin bhí sé deacair teacht ar chathaoirleach le Ghaeilge agus i Ráth Chairn nuair a bhí mo pháistí ag freastal ar an naoíonra bhí sé uafásach deacair chun teacht ar dhaoine a bhí sásta obair ann. Caithfimid cumarsáid a dhéanamh leis na scoileanna timpeall na tíre, go háirithe na meánscoileanna agus a rá go bhfuil na deiseanna seo ann. Bheadh suim i bhfad níos mó ag páistí agus daltaí tuilleadh oibre a dhéanamh ar an nGaeilge chun na deiseanna sin a bhaint amach.

Ms Paula Melvin

Ceann de na poist is tábhachtaí i saol na Gaeilge ná comhordaitheoir seó bóthair Chonradh na Gaeilge. Sa tionscnamh sin téann ball fóirne nó beirt ó Chonradh na Gaeilge thall chuig na hinstitúidí oideachais, ach go háirithe na meánscoileanna, ag déanamh ceardlann mar gheall ar na deiseanna fostaíochta a bhaineann leis an Ghaeilge agus freastalaíonn siad ar na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht chomh maith chun labhairt leo mar gheall ar na deiseanna fostaíochta san Eoraip, díreach mar atá ráite ag an Teachta, mar is gá dúinn ár meonacha a athrú.

Bhí seastán againn ag Higher Options san RDS ar a raibh na mílte daltaí meánscoile a bhí ag tabhairt faoin ardteistiméireacht ag cur an-chuid cheisteanna, agus bhí muidne ag scaipeadh an ráitis gur féidir leo dul agus an Ghaeilge a mhúineadh sna Stáit Aontaithe. Tá moladh ag dul d'Fhoras na Gaeilge as ucht gairm na Gaeilge a chur chun cinn. Dar ndóigh, an rud atá i gceist leis ná nach mbaineann an Ghaeilge díreach leis an múinteoir. Tá na deiseanna seo le Fulbright le haghaidh dóibh san Eoraip cinnte. Molaim na grúpaí as an obair thábhachtach atá á déanamh acu chun an t-eolas a scaipeadh i measc an phobail.

Tá sárobair á déanamh acu i gConradh na Gaeilge gan dabht. Cad faoi na múinteoirí career guidance? An bhfuil siadsan ar an eolas faoi seo? Bíonn siad i dteagmháil leis na páistí lá i ndiaidh lae faoi na rudaí sin. An bhfuil an t-eolas seo ar fad acu, an bhfuil a fhios agat?

Ms Paula Melvin

Bhí seastán againn ag Higher Options agus ritheann comhghleacaithe liom cúrsa ar a dtugtar, Education, Your Say. An rud atá i gceist leis seo ná comhairle a thabhairt do career guidance counsellors maidir leis na deiseanna atá ann sna Stáit Aontaithe. Bíonn mo chomhghleacaithe i gcónaí ag cur na comhairle seo ar na guidance counsellors. Is cinnte gur féidir le saol na Gaeilge agus an coiste seo duine a mholadh chun a bheith ag plé go sonrach leis na career guidance counsellors. Aontaím leis an Teachta.

Go raibh míle maith agat. Is leor sin domsa.

Tá trí fhoinse airgid agaibh. An Scoláireacht Fulbright, Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Stát Aontaithe, an ea?

Ms Paula Melvin

Is é sin go díreach é. An rud atá i gceist leis ná Rialtas na Stát Aontaithe, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. De bhreis air sin, tá sponsored awards nó gradaim urraithe againn chomh maith. Má théann mac léinn ó na Stáit Aontaithe ag dul i mbun máistreachta in UCC mar shampla, tugann an ollscoil sin maoiniú ar fáil chomh maith. Tá sponsored awards againn le teagasc leis an Institute of International Education, IIE, agus le grúpaí eile chomh maith.

B'shin grúpaí ón taobh amuigh. Cad é an buiséad arís? Chuir an Teachta Tóibín an cheist.

Ms Paula Melvin

An é sin an buiséad iomlán?

An buiséad iomlán i gcomhair chuile bhliain.

Dr. Dara FitzGerald

Our total amount is about €1.4 million per annum.

In aghaidh na bliana.

Dr. Dara FitzGerald

That is across the year and depends on the awards taken up and sponsored as well.

Is é sin €1.4 milliún in aghaidh na bliana, chuile bhliain ach ní bhaineann sé le Gaeilge amháin, baineann sé le hábhair eile freisin, tuigim. Cé mhéad den bhuiséad sin a bhaineann leis an nGaeilge?

Ms Paula Melvin

The Irish language budget-----

Dr. Dara FitzGerald

We are saying roughly, although it varies each year, that it can be anything between €300,000 to €350,000, depending on the different years and the programme that is running.

Tá cúrsaí riaracháin i gceist, cúrsaí pá, agus ansin na daoine, na múinteoirí atá ag dul thar lear chun an Ghaeilge a mhúineadh, an ea?

Ms Paula Melvin

Anuas air sin déanaimid orientations agus traenáil. Cuirimid traenáil ar fáil do na Meiriceánaigh a thagann anseo: rinneamar orientations le linn na seachtaine seo caite. Rinneamar rang Gaeilge leo, mar a tharlaíonn sé. Maidir leis na hÉireannaigh atá ag dul go dtí na Stáit Aontaithe, dar ndóigh bíonn traenáil i gceist leis sin chomh maith. Go sonrach, bíonn seachtain sa bhreis de thraenáil leo leis na FLTAanna, sula dtéann siad amach ag múineadh na Gaeilge sna Stáit Aontaithe.

Maidir leis na múinteoirí seo, tá siad ag múineadh in Ollscoil Notre Dame, Indiana, Nua Eabhrac, agus i Montana. Is iad na hollscoileanna atá páirteach sa chóras seo, an ea?

Ms Paula Melvin

Is iad sin go díreach.

Cén chaoi a roghnaíodh na hollscoileanna? Cén chaoi ar tharla sé sin?

Dr. Dara FitzGerald

They select it. They applied through Fulbright in the US to say that they wanted to host an FLTA. The FLTA programme is broader than just an Irish language programme: it covers many foreign languages. Through the programme in the United States, the institutions can apply to say they want to host an FLTA.

Maidir leis an naonúr atá luaite, cá fhad atá an cúrsa?

Ms Paula Melvin

Tá an cúrsa deich mí ar fad. Anuas ar iad a bheith ag múineadh na Gaeilge san institiúid sin ar feadh deich mí don bhliain acadúil, tá deis acu tabhairt faoi ranganna nó cúrsaí a dhéanamh iad féin. Ní bhaineann siad céim amach ach is féidir leo cúrsa a dhéanamh as Fhraincis, nó san Iriseoireacht, nó a rogha rud, chomh maith.

Is féidir é sin a dhéanamh ag an am céanna.

Ms Paula Melvin

Ag an am céanna.

Cén caighdeán atá i gceist?

Ms Paula Melvin

Maidir le foghlaimeoirí na Gaeilge sna Stáit Aontaithe, tá cuid acu millteanach líofa. Téann cuid acu ar aghaidh chun máistreacht a dhéanamh sa Ghaeilge, nó tagann siad anseo chun máistreacht a dhéanamh sa Ghaeilge. Cuireann cuid acu an-iontas orm, nó cuireadh ag an tús nuair a thosaigh mé sa phost seo, agus cuid eile, tá siad níos laige.

Maidir le Bliain na Gaeilge sna Stáit Aontaithe, luadh ócáid anseo, tharla sé sin i mBaile Átha Cliath, nár tharla?

Ms Paula Melvin

Bhí sé, go díreach.

An raibh aon ócáid ar siúl sna Stáit Aontaithe nó an bhfuil aon rud beartaithe do Bhliain na Gaeilge?

Ms Paula Melvin

Ní dhearnamar aon rud sna Stáit Aontaithe go fóill le haghaidh Bhliain na Gaeilge, ach bhí ócáidí agus imeachtaí ar siúl. B'shin na cinn a bhí á lua ag Conradh na Gaeilge. Tá eagraíochtaí eile tar éis imeachtaí a eagrú sna Stáit Aontaithe do Bhliain na Gaeilge. Tá na grúpaí pobail a eagraíonn Daltaí na Gaeilge agus craobhacha de Chonradh na Gaeilge ag eagrú imeachtaí ar fud na Stát Aontaithe.

Gabh mo leithscéal nach raibh mé anseo ar ball ach bhí mé sa Dáil ag freastal ar cheisteanna Dála. Tarlaíonn sé go minic anseo go mbíonn orainn a bheith i dhá áit ag an am céanna.

An bhfuair an Teachta neart freagraí?

Fuair mé freagraí an-spéisiúil ag an deireadh. Bhíodh sin mar atá sé.

Ar an gcéad dul síos, tá fáilte roimh an grúpa Fulbright anseo. Tá áthas orm go bhfuil aitheantas á thabhairt don chlár seo. Nuair a thosaigh an Rialtas anseo ag tabhairt tacaíocht do dhaoine ag dul ní hamháin go Meiriceá ach ar fud an domhain, go dtí Ceanada agus an Bhreatain, Tokyo agus go dtí na hollscoileanna, cuireadh fáilte romhpu ag ollscoileanna faoi leith. Bhí leathchéad ollscoileanna ar fud an domhain i gceist. Tháinig Fulbright, ámh, ansin chugainn agus caithfidh mé a rá gur chuir sé go mór le stádas an chláir a bhí ar bun againn. Creidim féin go raibh sé go hiontach go rabhadar ag múineadh na Gaeilge thall, agus go raibh éileamh air. Bhí rud eile i gceist, b’fhéidir nach dtuigtear i gcónaí. Is é sin go bhféadfadh mic léinn a bhí ag déanamh staidéar ar an nGaeilge anseo, gaisce a dhéanamh lena gcairde go mbeadh deiseanna as an nGaeilge ar fud na cruinne, agus go mór mór i Meiriceá, nach mbeadh ag mic léinn eile. Ar ndóigh, bhí an lipéad Fulbright bainteach leis an dream a ndeachaigh anonn ar na scoláireachtaí Fulbright. Rud eile a bhí thar a bheith tarraingteach, bhí na mic léinn seo ag gabháil ag ollscoileanna iomráiteacha agus go raibh deis acu cúrsaí eile a dhéanamh gan aon chostas. Tá na táillí sna hollscoileanna i Meiriceá beagáinín ard sa ghnáth-bhealach. Arís, d'fhéadfadh duine bliain a chaitheamh i Meiriceá faoi lipéad Fulbright agus cúrsa a dhéanamh. Ollscoileanna maithe iad gach aon cheann acu. Sílim féin gur rud iontach é agus tá súil agam go leanfaidh sé ar aghaidh.

An bhfuil líon na n-ollscoileanna atá ag cur isteach air seo ag fanacht seasmhach nó an bhfuil sé ag titim nó ag méadú?

Ms Paula Melvin

Bhíomar i dteagmháil le déanaí le cúpla ollscoil nua a bhfuil spéis acu iarratas a dhéanamh. Mar a dúirt Dr FitzGerald níos túisce, déanann na hollscoileanna iad féin iarratas lenár gcomhghleacaithe san Institute of International Education i Nua Eabhrac chun FLTAanna a ghlacadh. Amach anseo tá súil againn go mbeidh níos mo i gceist. I mbliana, fiú amháin, tháinig ceann de na hollscoileanna sin isteach chun an dara FLTA a fháil. Ba bhreá linn dá mba rud é go rabhamar in ann níos mó FLTAanna a sheoladh ach tá teorainn nó cineál cuóta againn maidir leis an mó FLTAanna ab b'fhéidir le chuile thír a sheoladh.

Mar atá luaite agam cheana, tá deis ag Coimisiún Fulbright na hIodáile cúigear a sheoladh ag muintir na hIodáilise. Éiríonn go maith linn naonúr a chur thall, ach ba mhaith liom dá mbeimis in ann tacaíocht a thabhairt do níos mó ollscoileanna cláir Ghaeilge a chur ar fáil.

Más naonúr atá ceadaithe ag Fulbright a chur anonn, níl fadhb aige naoi n-ollscoil a fháil leis an naonúr sin a thógáil, an bhfuil?

Ms Paula Melvin

Níl aon fhadhb ann.

Tá sé sin go maith.

Tá rud eile a thug mé faoi deara nuair a thug mé cuairt ar chuid de na hollscoileanna. Bhí an-leas don tír seo go raibh duine dá gcuid féin istigh san ollscoil. D'oscail sé doirse eile. Cinnte, athraíodh beagáinín anonn an tír seo agus cruthaíodh cur chun cinn na tíre leis an iarraidh seo. Bheadh sé mícheart agam gan ollscoil amháin a lua atá tar éis gaisce a dhéanamh ar fad, agus is é sin Ollscoil Notre Dame, in Indiana agus ba é an tUasal Brian Ó Conchúir an stiúrthóir ansin. Tá ollfhigiúr ag déanamh staidéar ar an nGaeilge ansin, agus dar liom bhí os cionn céad duine ann. Is mór an méid é sin. Bheadh go leor ollscoileanna agus institiúidí ardléinn anseo in Éirinn a bheadh sásta leis an méid sin.

Tá an-obair ar bun. Níl mé ag rá nach bhfuil na finnéithe san áit céanna. Níl an t-eolas céanna agam ach, dearfach cinnte, le blianta fada anuas tá Notre Dame ag déanamh a chuid féin ar son na Gaeilge in Indiana.

An bhfuil an Teachta críochnaithe? Cuireann sé sin iontas orm. Gabhaim buíochas leis. Táimid beagnach críochnaithe. An féidir leis na finnéithe tuilleadh sonraí a thabhairt maidir leis an tumoideachas agus na deirí seachtaine atá luaite?

Ms Paula Melvin

Go háirithe le Daltaí na Gaeilge agus grúpaí eile ag obair sna Stáit Aontaithe, den chuid is mó is grúpaí deonacha atá iontu. Tá cibé post atá acu ann agus ansin tá daoine a oibríonn as a bpaisean féin. Eagraíonn siad deirí seachtaine tumoideachais ina múintear an Ghaeilge. Bíonn ceardlanna Gaeilge ann. B'fhéidir go mbeadh comhdhálacha agus léachtaí trí mheán na Gaeilge, ceardlanna damhsa, amhránaíocht ar an sean-nós, nó cibé rud eile ann freisin. Bíonn na grúpaí féin á n-eagrú sna Stáit Aontaithe. Tá méid áirithe airgid faighte againn ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun FLTAanna a sheoladh chuig na deirí seachtaine sin chun léachtaí a thabhairt, ceardlanna a reachtáil nó ranganna Gaeilge a mhúineadh. Is deis é don FLTA áit nua sna Stáit Aontaithe a fheiceáil. Seolaimid gach FLTA ar suas le trí immersion weekends nó deirí seachtaine tumoideachais in aghaidh na bliana.

Baineann an cur i láthair seo leis na Stáit Aontaithe. Níl Ceanada luaite.

Ms Paula Melvin

Tá na Stáit Aontaithe faoi chúram againn faoi chomhaontú idir Rialtas na Stát Aontaithe agus an tír seo. Tá an Ireland Canada University Foundation, ICUF, ann chun plé le Ceanada. Bímíd ag comhoibriú le ICUF ar thionscnaimh ar nós Trasna na dTonnta agus fiú amháin má bhíonn gradaim ar siúl againn sa Ghaeltacht - summer Gaeltacht awards - déanaimid comhoibriú le ICUF. Tuigim gur bunaíodh clár ICUF maidir leis na teagascóirí Gaeilge ar ár gclár le haghaidh na FLTAanna.

Is é an rud a tharlaíonn an rud céanna. Deirtear i mBéarla that copying is the best form of flattery agus níl aon amhras faoi sin. Ba é an rud a tharla nuair a chonaic ICUF céard a bhí ar bun ag Fulbright ná gur chuir sé iarratas ar chomhpháirtíocht chuige. Is é an rud a rinne Fulbright a bhfuil ar bun i gCeanada. Tá ag éirí thar cionn leis i gCeanada freisin ach ba é Fulbright a thosaigh é. Is iad na finnéithe na trailblazers mar a deirtear.

Ms Paula Melvin

Gabhaim buíochas leis an Teachta.

Ó 2006 táimid ag seoladh suas go naonúr teagascóir Gaeilge ach bhí Fulbright ag feidhmiú roimhe sin, an raibh?

Ms Paula Melvin

Bunaíodh clár Fulbright in Éirinn in 1957 ach in 2006 rinne iarstiúrthóir de chuid an Coimisiún Fulbright athsmaoineamh air. Chonaic sí go raibh FLTAanna ag dul ón nGearmáin, ón Iodáil agus ó tíortha eile agus spreag sé sin í chun smaoineamh ar cén fáth nach raibh Éire ag cur FLTAanna go dtí na Stáit Aontaithe. Thosaíomar go han-bheag. In 2006 chuireamar beirt ag teagasc na Gaeilge. Ansin bhí cúigear agus seisear. D'fhás ár gcuóta agus an líon a raibh cead againn a chur thall.

B'ollamh le Gaeilge m'athair agus bhí baint aige leis an gComhdháil Cheilteach. Bhí sé ag fáil scoláirí ceilteacha ar fud an domhain le dul ag an gComhdháil Cheilteach ó áiteanna éagsúla. Dúirt sé liom go raibh deis iontach sna hollscoileanna. Bhí sé féin tar éis dul go Harvard chun comhairle a chur air agus bhí sé tar éis dul go Toronto. Dúirt sé go mbeadh deis iontach ann dá gcaithfeadh an Rialtas beagáinín airgid chun daoine a chur thar sáile agus go mbeadh fáilte rompu istigh sna hollscoileanna. Dúirt sé go ndéanfadh sé an-leas don Ghaeilge. Thosaigh muid an clár. Bhí cúpla ollscoil á dhéanamh roimhe sin agus bhí b'fhéidir péire nó triúr ban, mar shampla, i gceist. Sílim féin go raibh suas le 40 nó 50 ar fud an domhain nuair a tháinig Fulbright isteach, ach is é an rud a thug Fulbright isteach ná stádas. Bhí sé ag oscailt doirse mar go raibh teagmhálaithe aige in ollscoileanna eile. Bhí Harvard, Boston College agus na usual suspects i gceist. Bhí an rud ar bun ar leibhéal réasúnta mór. Tá sé ar bun ar fud na cruinne. Tá áiteanna nach mbeifí ag súil leis ag fáil daoine as Éirinn, Uppsala mar shampla. Chuir Fulbright stádas nua ar fad ar an rud. Ba chailín a rinne é. Tá an ceart ag Paula Melvin. Rinne sí an t-uafás oibre leis seo a chur chun cinn agus lena dhíol le Rialtas na Stát Aontaithe. Níl aon cheist faoi sin.

Tá dhá cheist eile agam. An bhfuil aon Ghaeltacht fós sna Stáit Aontaithe cosúil le Ontario, Ceanada?

Ms Paula Melvin

Níl agus tá éad orm faoi sin. Tá súil agam go mbeadh amach anseo. Tá cineál cinn ag fás in Ollscoil Montana ach go háirithe. Tá an clár sin go háirithe ag fás agus ag fás.

Ó thaithí na bhfinnéithe, an bhfuil ceacht le foghlaim againn maidir le foghlaimeoirí atá ag foghlaim na Gaeilge anseo agus ag streachailt léi? Uaireanta bíonn dearcadh diúltach ag a leithéid de dhuine. An bhfuil ceacht le foghlaim ó thaithí na bhfinnéithe le daoine sna Stáit Aontaithe, ó na hollscoileanna uilig, agus ó na ceardlanna?

Ms Paula Melvin

Mar a dúirt an tUachtarán, Barack Obama, "Is féidir linn." Creidim go mórmhór go bhfuil meon i bhfad níos dearfaí sna Stáit Aontaithe, mar a dúirt an Cathaoirleach agus mar a raibh an Teachta Tóibín ag trácht air níos túisce. Rinne an Teachta Ó Cuív trácht ar an gcaoi a bhfuil stádas ag baint le Fulbright agus na Meiriceánaigh. Nuair a fheiceann Éireannaigh ach go háirithe go bhfuil daoine thar lear a bhfuil meas acu ar an nGaeilge - agus is ceann de na teangacha is sine ar fud na cruinne a bhfuil fós á labhairt inniu í - agus go bhfuil Meiriceánaigh ag foghlaim na Gaeilge, tugann sé spreagadh dóibh.

Gabhaim míle buíochas le Dr. FitzGerald.

Dr. Dara FitzGerald

I want to thank the committee for its kinds words in respect of Fulbright and the status it brings. I would also say, however, that the Irish language speakers who go to the United States have brought a massive status to the Fulbright FLTA programme. They are considered best of breed by the programme managers in the United States. Among all the languages they tend to harp back to the Irish language FLTAs. We can be very proud of that. It is a success in itself.

Iontach. De réir mar a thuigim tá an Dr. FitzGerald i mbun foghlama freisin. Tuigeann sé an Ghaeilge. He is learning the Irish.

Ms Paula Melvin

Seolfaidh mé chuig Montana é.

Gabhaim buíochas leis agus le Paula Melvin. Bhí sé sin thar a bheith suimiúil. Is dócha go ngabhfaidh siad mo leithscéal go raibh orthu fanacht ar tús. Tá an cruinniú curtha ar ceal. Beidh cruinniú eile againn i gceann coicíse.

Cuireadh an coiste ar athló ag 5.45 p.m. go dtí 4 p.m Dé Máirt, 23 Deireadh Fómhair 2018.
Top
Share