Forbairt agus Todhchaí Raidió na Gaeltachta

Tá leithscéal faighte againn ón Seanadóir Joe O'Reilly agus ba mhaith liom é sin a thaifeadadh.

Inniu tá cur i láthair le déanamh ag RTÉ. Cuirim céad míle fáilte roimh na finnéithe: an tUasal Gearóid Mac Donncha, ceannaire gníomhach, Raidió na Gaeltachta; an tUasal Rónán Mac Con Iomaire, grúpcheannasaí Gaeilge; agus an tUasal Jim Jennings, stiúrthóir ábhair Raidió Teilifís Éireann. Thugamar cuireadh freisin do chomhairle Raidió na Gaeltachta agus bhí mé díreach chun céad míle fáilte a chur roimh Mícheál Mac Donnacha ach níl sé anseo, faraor. Níl a fhios agam go cruinn cén fáth. Fuaireamar leithscéal inniu.

Bhíomar go léir ag tnúth le ceisteanna a chur maidir leis an ról atá ag an gcomhairle. B'fhéidir go mbeidh sé ann lá éigin eile. Níl mé ag iarraidh tús a chur leis an gcruinniú le rud diúltach. Is iontach go bhfuil na finnéithe os ár gcomhair ach, de réir mar a thuigim, bhí an comhfhreagras go dtí seo i mBéarla. Tar éis an chruinnithe b'fhéidir go mbeidh muid in ann-----

Ar chuir muid comhfhreagras i mBéarla?

Níor chuir. Chuir muid an comhfhreagras i nGaeilge ach-----

Ba chóir dul straight chuig an gCoimisinéir Teanga má cuireadh freagra ar ais i mBéarla. Ná bac le haon chomhrá. Téigh straight chuig an gCoimisinéir Teanga. Tá sé go hiomlán in aghaidh an dlí. Caithfimid seasamh leis an dlí.

Ba mhaith liom é sin a rá faraor.

Tá sé go hiomlan in aghaidh an dlí.

Ní maith liom a bheith diúltach ach tá sé tábhachtach. Sin an chéad phointe.

An bhféadfainn ceist a chur?

An féidir stop a chur ar an Teachta?

Ar cuireadh cuireadh chuig ard-stiúrthóir RTÉ?

Níor cuireadh an uair seo.

Clerk to the Committee

Cuireadh cuireadh chuig Dee Forbes.

Bhí mise chun cuireadh a chur chuici mar is ise atá i gceannas, ní éinne eile.

Is féidir ceist a chur cén fáth nach bhfuil sí anseo.

B'fhéidir go gcuirfinn é ar an dtús. An bhfuair muid leithscéal uaithi?

An féidir é sin a mhíniú?

Mr. Jim Jennings

Gabh mo leithscéal.

Cén fáth nach bhfuil Dee Forbes anseo?

Sheolamar cuireadh chuig RTÉ agus go háirithe chuig Dee Forbes mar an duine atá i gceannas.

Mr. Jim Jennings

Tá brón orm. Níl mé in ann freagairt as Gaeilge. I am not fluent.

Tá Mr. Jennings ag déanamh go maith. Ba chóir dó leanúint ar aghaidh.

Mr. Jim Jennings

Tá brón orm. I do not want to-----

An féidir le Mr. Jennings an cheist a fhreagairt?

Mr. Jim Jennings

I do not want to embarrass anybody. The invitation went to the office of the director general. She asked me, as director of content, to appear in her place because I work more closely with Mr. Mac Donncha in Raidió na Gaeltachta. I know the committee will probably want to ask me other questions about content, which I will be quite happy to accommodate, but Ms Forbes asked me to appear at the committee. If the committee wants me to I can take any message with regard to any future engagements back to her but I did not have a conversation with her about-----

Is dócha-----

Is é an t-ábhar a bhfuil muid ag iarraidh é a phlé ná forbairt agus todhchaí Raidió na Gaeltachta. Ní shin an t-ábhar atá á chraoladh ag Raidió na Gaeltachta ach a fhorbairt agus a todhchaí. Tá córas aistriúcháin ann d'éinne nach dtuigeann an Ghaeilge. Baineann sé sin le ceadúnas, le cionroinnt an airgid, agus le forbairt an raidió. Is gá go mbeadh a sciar féin a bheith á dháileadh as na cistí poiblí don chraoladh sa Ghaeilge. Tá na craoltóirí in RTÉ Raidió na Gaeltachta gairmiúil.

Táimid san áit a bhfuilimid. Níl sí anseo. Cuireann sé díomá orm i ndáiríre because an uair dheireanach bhí sí gafa le rud eile agus thuigeamar ag an am nach féidir an dá thrá a fhreastal ach níl leithscéal tugtha aici maidir le cén fáth nach bhfuil sí anseo. B'fhéidir go dtiocfaimid ar ais chuige sin. Ag an bpointe seo tá rud le déanamh agam i gcónaí maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár cóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Sin é. Bígí cúramach. Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Cuirfimid tús leis an bpróiseas. Cé atá le caint?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Glacaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcoiste as an gcuireadh teacht os a gcomhair inniu chun RTÉ Raidió na Gaeltachta a phlé. In éineacht liom tá Jim Jennings, stiúrthóir ábhair atá ar bhord feidhmeannach RTÉ; agus Rónán Mac an Iomaire, grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ. Tá súil againn go mbeidh muid in ann na ceisteanna ar fad atá ag an gcoiste a fhreagairt eadrainn. Sula dtosaímid ag caint ar an treo ina mbeidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag dul amach anseo, tá sé tábhachtach go mbreathnódh muid siar beagán ar stair na heagraíochta agus ar an áit ina bhfuilimid faoi láthair.

Ceann de na héilimh ba mhó a bhí ag gluaiseacht cearta sibhialta na Gaeltachta i ndeireadh na 1960í agus tús na 1970í ná go mbunófaí stáisiúin raidió. Is as an ngluaiseacht sin a fáisceadh an tseirbhís atá againn inniu. Cuireadh tús leis an gcraoladh Dómhnach Cásca 1972 agus bhí sé de dhualgas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta seirbhís náisiúnta Gaeilge a chur ar fáil mar chuid den chraoltóir seirbhíse poiblí RTÉ. Tógadh foirgnimh ina raibh oifigí agus stiúideonna i gCasla i gConamara, sna Doirí Beaga i nDún na nGall, agus i mBaile na nGall i gContae Chiarraí agus craoladh ar feadh cúpla uair an chloig gach lá sna ceantair Ghaeltachta sin. Don chéad uair bhí Gaeilgeoirí, ina measc daoine nach raibh aon Bhéarla acu, in ann leas a bhaint as seirbhís raidió. Don chéad uair bhí Gaeilgeoirí ag éisteacht le canúintí eile go laethúil agus ag foghlaim faoi na ceantair Ghaeltachta, na cosúlachtaí a bhí eatarthu agus na dúshláin a bhí rompu. Go minic ba iad na dúshláin chéanna a bhí rompu uilig. Tá go leor ann a déarfadh go raibh bunú an raidió ar cheann de na tionscnaimh is tábhachtaí riamh ag aon rialtas ó thaobh na Gaeilge de, go háirithe ó thaobh inmharthanacht na Gaeltachta de. Is as sin a fáisceadh an tseirbhís atá againn inniu.

Cá bhfuil muid mar sin? Tá ceanncheathrú Raidió na Gaeltachta i gCasla i gConamara agus tá oifigí agus stiúideonna againn sna Doirí Beaga i nDún na nGall, i mBaile na nGall i gContae Chiarraí agus i nDomhnach Broc i gceanncheathrú RTÉ. Baineann muid úsáid as aonad craolta seachtrach, "An Ródaí", agus bíonn muid ag craoladh as ceantair éagsúla fud fad na tíre i rith na bliana ag ócáidí ar nós Comórtas Peile na Gaeltachta, Fleadh Cheoil na hÉireann, Scoil Samhraidh Willie Clancy agus go leor eile. Tá áiseanna stiúideo againn i mBaile Mhúirne i gCorcaigh, i Rinn Ó gCuanach i bPort Láirge, agus i Ráth Chairn i gContae na Mí. Nuair a thugtar an méid sin ar fad san áireamh léiríonn sé an fócas réigiúnach atá ag an stáisiún. Tá sé sin an-tábhachtach d'fhéiniúlacht na seirbhíse.

Céard a dhéanann muid? Tá Raidió na Gaeltachta ag craoladh 24 huair gach lá agus an stáisiún ar fáil ar FM, DAB, ar ardáin eile chomh maith le cainéil teilifíse agus, ár ndóigh, ar an Idirlíon ar fud an domhain. Cuirtear seirbhís chuimsitheach raidió ar fáil do phobal na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre agus thar lear chomh maith. Bíonn meascán ábhar á chraoladh - cláir cainte den chuid is mó le béim ar chúrsaí reatha agus nuachta, iris-chláir, spóirt agus ábhar luachmhar cartlainne atá againn. Tá ceol fíorthábhachtach sa sceideal agus réimse leathan againn do na héisteoirí, go h-áirid ó thaobh an cheoil thraidisiúnta de.

Maoinítear an stáisiún as an gceadúnas teilifíse, agus bíodh is go dtáinig meath ar an gcóras tacaíochta rí-thábhachtach sin, tá an tseirbhís ar a dícheall le sceideal a chur ar an aer ina bhfuil ábhar éagsúil ann agus atá ag freastal ar riachtanais an phobail, pobal labhartha na Gaeilge, atá ag athrú de shíor.

Ceann de na ceisteanna móra atá againn ná cé atá ag éisteacht linn agus cá bhfuil siad. Ceann de na dúshláin is mó a bhí ag Raidió na Gaeltachta le blianta ná nach raibh aon taighde nó eolas a thabharfadh léargas soiléir ar lucht éisteachta an stáisiúin ná ar mhianta na n-éisteoirí sin. Anois, don chéad uair i stair na seirbhíse, tá tús curtha le roinnt seachtainí le suirbhé éisteachta leanúnach, dírithe go sonrach ar sprioc lucht éisteachta na seirbhíse. Tá muid ag obair i bpáirt le Acadamh na hOllscolaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus le TG4 ar an suirbhé seo ar a dtugtar Fios Físe. Tá an suirbhé dírithe ar lucht labhartha na Gaeilge ar fud an oileáin agus beidh muid in ann an t-aiseolas a thiocfaidh ar ais a úsáid le fáil amach cé atá ag éisteacht, cá bhfuil siad agus céard a thaitníonn nó nach dtaitníonn leo.

Nuair a bhreathnaíonn muid ar an daonáireamh is deireanaí, a déanadh i 2016, tugtar le fios go bhfuil beagnach 185,000 duine ag labhairt na Gaeilge go laethúil nó go seachtainiúil agus is orthu siúd is mó atá muid ag iarraidh a bheith ag díriú. As an 185,000 sin bíonn beagnach 74,000 ag labhairt na Gaeilge go laethúil, 20,586 acu sa Ghaeltacht agus 53,217 acu taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá a fhios againn ar fad go bhfuil fás agus forbairt tagtha ar na meáin go ginearálta agus tá athrú an-mhór tagtha ar phobal na Gaeltachta agus ar phobal labhartha na Gaeilge. Caithfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta an dá rud sin a thógáil san áireamh in aon phleanáil atá muid ag déanamh amach anseo.

Cén straitéis craolta atá againn do na blianta atá amach romhainn? Dúshlán a bhíonn le sárú ag an tseirbhís ná go mbíonn súil ann go mbeidh RTÉ Raidió na Gaeltachta in ann freastal ar chuile dhuine beo a bhfuil Gaeilge acu agus gur cuma cén áit a bhfuil cónaí orthu, cén aois iad agus cé na suimeanna atá acu.

Is é an baol a bhaineann le bheith ag iarraidh freastal ar chuile dhuine beo ná nach bhfreastalaítear i gceart ar dhuine ar bith. Tá sé le feiceáil i gcraoltóireacht an Bhéarla sa mhéid agus go bhfuil na stáisiúin sin uilig ag díriú ar déimeagrafaic ar leith, réigiún éicint nó genre ceoil éicint. Is é an straitéis atá leagtha amach ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ó thaobh an chraoladh de ná bunluachanna na seirbhíse a chosaint a oiread agus is féidir. Sin iad nuacht agus cúrsaí reatha, cláir irise, spórt agus ceol. Díríonn muid ar na ceantair Ghaeltachta ar chláir ar nós "Iris Aniar", "Barrscéalta" agus "An Saol ó Dheas", agus ar ndóigh ar an nuacht áitiúil chomh maith, mar go bhfuil muid ann le tacaíocht agus seirbhís áitiúil a chur ar fáil do na ceantair sin. Ag an am céanna cuirtear na scéalta agus an t-ábhar sin i láthair ar bhealach atá oiriúnach do lucht éisteachta atá scaipthe níos leithne ná sin. Bíonn muid in ann díriú ar phobal labhartha na Gaeilge atá níos leithne ná pobal na Gaeltachta, i gcláir ar nós "Adhmhaidin", "Nuacht a hAon", "PléScéal", "Rónán Beo", "Bláthnaid Libh", "An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra", "Rogha na Seachtaine", na cláir cheoil agus go leor eile atá againn.

Is é an dúshlán atá amach romhainn sna blianta atá le teacht i dtaobh an sceidil seo ná an lucht éisteachta dílis atá ag RTÉ Raidió na Gaeltachta a choinneáil linn agus éisteoirí nua a mhealladh ag an am céanna, agus go bhfeicfidh siad uilig go bhfuil seirbhís thairbheach ar fáil dóibh i nGaeilge, go bhfuil rogha acu agus gur fiú dóibh a bheith ag éisteacht. Mar stáisiún, tá sé tábhachtach nach mbeadh faitíos orainn rudaí nua a thriail chun an méid sin a bhaint amach taobh istigh de na hacmhainní atá ar fáil dúinn.

Tá roinnt rudaí nua á thriail againn sa sceideal atá díreach tosaithe againn agus is dóigh linn go bhfuil an tseirbhís níos láidre dá bharr. Roinnt samplaí de na leasuithe sin ná cláir bheo níos luaithe ar an Satharn agus Domhnach le dhá chlár den scoth, tá "Nuacht a hAon" ar ais i lár an lae agus muid ag tabhairt faoi ar bhealach an-difriúil, feasacháin nuachta nua sa tráthnóna ag a 8 p.m. agus 10 p.m., tá roinnt láithreoirí nua ceoil tugtha isteach ar an aer, agus tá na píosaí is fearr a craoladh i rith na seachtaine tugtha le chéile in aon chlár amháin maidin Dé Sathairn le "Rogha na Seachtaine".

Leis an méid sin á dhéanamh tá dúshláin agus deiseanna amach roimh Raidió na Gaeltachta. Céard iad? I dtaobh na dúshláin atá amach romhainn, tá roinnt mhaith acu ann ach tá deiseanna ann a chuirfidh ar ár gcumas an tseirbhís a láidriú agus freastal níos fearr ar an bpobal. Beidh forbairt le déanamh i réimsí éagsúla ar nós tallann nua a fhorbairt, branda agus íomhá na seirbhíse, an méid a dhéanann muid ar líne agus sna meáin shóisialta, réimsí eile cláir, cur leis an leibhéal maoinithe atá ar fáil, tacú leis an earnáil léirithe neamhspleách, agus RTÉ Raidió na Gaeltachta a chur chun cinn agus a chosaint mar thearmann don Ghaeilge. Tá foireann chumasach agus fhuinniúil ag obair i Raidió na Gaeltachta a oibríonn go dian dícheallach ar son lucht éisteachta a bhraitheann go bhfuil úinéireacht aige ar an raidió agus le chéile is féidir le Raidió na Gaeltachta cur leis an méid atá á bhaint amach againn.

Tá athruithe radacacha ag tarlú in RTÉ trí chéile, agus é i gceist go leor eile a bhaint amach san am atá le teacht. Mar chuid den obair sin, beifear ag cothú agus ag cruthú deiseanna páirtnéireachta agus comhoibrithe taobh istigh den eagraíocht le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Leanfaidh an raidió ar aghaidh ag cur seirbhís d’ardchaighdeán ar fáil do phobal na Gaeilge agus é mar eiseamláir do chraoltóireacht na Gaeilge. Glacaim buíochas leis an gcoiste thar cheann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus RTÉ as an méid suime atá léirithe aige i dtodhchaí agus i ról na seirbhíse agus as ucht an deis a thabhairt dúinn teacht isteach agus é a phlé leis.

Gabhaim buíochas leis an Uasal Mac Donncha. An bhfuil aon duine eile ag iarraidh labhairt ag an bpointe seo? Tá ceist amháin agam agus ansin beidh deis ag an Teachta Ó Cuív. Maidir leis an bpíosa taighde atá luaite ag an Uasal Mac Donncha, an bhfuil spriocam i gceist chun é a chríochnú?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Ní rud é a bheith le críochnú. Is taighde leanúnach a bheidh ann. Is mór an deis dúinn a bheidh sa taighde sin. Le blianta fada ní raibh muidne in ann eolas a fháil ar bhonn leanúnach beag nó mór ach anois, mar go bhfuil muid ag obair i bpáirt le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus le TG4, beidh eolas ag teacht chugainn ar bhonn seachtainiúil agus míosúil. Beimid in ann scagadh a dhéanamh ar an eolas sin. Is iontach an uirlis a bheidh ann le haiseolas a fháil ón lucht éisteachta atá againn.

Beidh an t-aiseolas sin ag teacht ar ais go leanúnach.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Go díreach.

An mbeidh sé sin le fáil go poiblí?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Ag an bpointe seo níl aon chúis nach mbeadh. Níl muid ach ag an tús faoi láthair agus níl gach rud iomlan socraithe. Táimid fós ag iarraidh a dhéanamh amach céard iad na patrúin agus céard go díreach atá san aiseolas atá ag teacht ar ais.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Tá áthas orm go bhfuil siad anseo ach caithfidh mé a rá go bhfuil an-díomá orm nach bhfuil an té atá freagrach as an tseirbhís seo anseo tráthnóna - is í sin ard-stiúrthóir RTÉ. I dtosach báire, tugaim an-mholadh don fhoireann i Raidió na Gaeltachta. Tá siad thar a bheith proifisiúnta. Tá siad ag obair in aghaidh an tsrutha. Tá sé spéisiúil do mo leithéidse, a bhíonn deis acu corruair dul amach go RTÉ le haghaidh "Morning Ireland" mar shampla agus a bhíonn ar Raidió na Gaeltachta don chlár ceannann céanna, "Adhmaidin", breathnú ar na hacmhainní éagsúla a chuirtear ar fáil agus a mheasann RTÉ go bhfuil siad cothrom. Tá dream amháin ag iarraidh clár a chur i láthair le nuacht áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta - agus is minic a bhfuil an-chlúdach aige ar ghnothaí idirnáisiúnta - agus ag iarraidh é sin a dhéanamh i mionteanga. Déanann foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta éacht. Tá rud eile ann gur mhaith liom RTÉ Raidió na Gaeltachta a mholadh as agus is é sin an cothromas gnéis atá ann agus a bhí ann ó thaobh láithreoirí de. Go bhfios dom is é an t-aon stáisiúin raidió náisiúnta ar a mbíonn bean ag déanamh tráchtaireachta ar chluichí peile mar shampla. Is mná iad formhór na láithreoirí móra atá ag RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is eiseamláir iontach é don chuid eile den saol agus iad ag breathnú siar-----

Is eiseamláir i gcónaí na mná.

Is iad, go deimhin. Sin atá mé ag rá. Is eiseamláir é Raidió na Gaeltachta freisin. B'fhéidir go gcuirfinn roinnt cheisteanna sonracha. Cé mhéad a fhaigheann RTÉ go ginearálta ón gceadúnas? Níl mé ag caint ar aon rud a fhaightear ón sceim Sound and Vision nó ó aon scéim de chuid Údaras Craolacháin na hÉireann. Táim ag caint ar chnapshuim den cheadúnas. Is é an dara ceist ná, cé mhéad de sin a chaitear ar Raidió na Gaeltachta? Cé mhéad a caitheadh ar Raidió na Gaeltachta i mbliana agus cé mhéad a caitheadh air sa bhliain 2010?

Tá an-fháilte roimh an taighde atá á dhéanamh. Tá sé thar a bheith úsáideach. Is dóigh liom go bhfuil an taighde sin déanta go minic i gcomhthéacs chraoladh an Bhéarla. Tá rud amháin faighte amach blianta fada ó shin ó thaobh chraoladh an Bhéarla. Is é sin go bhfuil nósanna éisteachta éagsúla ag daoine óga le hais daoine nach bhfuil chomh hóg. Réitítear an fhadbh sin trí, mar shampla, dhá stáisiún Béarla a bheith ag RTÉ - 2FM agus RTÉ Radio 1 - mar tuigtear nach mar a chéile na nósanna éisteachta.

An bhfuil sé i gceist go mbeidh an deis atá ag RTÉ Béarla ag RTÉ Gaeilge, is é sin dhá chlár a chur ar fáil ag an am céanna, ceann amháin dírithe ar an gcinéal rud atá ar 2 FM agus ceann eile dírithe ar an gcineál rud atá ar RTÉ Radio 1, seachas mar atá i láthair na huaire? Tá Anocht FM ann. Nuair a bhí mise i m'Aire throid mise go mbeadh seirbhís chraolta cairte do dhaoine óga, ach goideann sé ó na daoine nach bhfuil chomh hóg nuair a déantar é mar sin agus, ag an am céanna, níl sé ar fáil nuair a bhíonn sé ó na daoine óga - is é sin i rith an lae nó am ar bith a dteastaíonn sé uathu. Céard iad na pleananna atá ag RTÉ sa todhchaí seirbhís a chur ar fáil d'aos óg na Gaeltachta agus na Gaeilge agus d'aos óg na tíre? Níl an fhadhb a bhíodh ann maidir le tonnta a bheith ar fáil ann go fóill. Tá sé sin leigheasta de bharr cúinsí éagsúla.

An bhféadfadh na finnéithe ceist an-bhunúsach eile a fhreagairt? An áiríonn RTÉ Raidió na Gaeltachta mar stáisiún agus seirbhís náisiúnta? Cuimhin ar an rud atá mé ag rá. An nglacann RTÉ leis gur seirbhís náisiúnta é ar nós RTÉ Radio 1 Béarla nó 2 FM Béarla?

Má aithníonn na finnéithe é sin, cén fáth nach bhfuil an pá agus na scálaí pá ceannann céanna ag na craoltóirí sin agus atá ag an máthairchomhlacht i mBaile Átha Cliath? Cén fáth nach bhfuil liúntas breise ann, de bharr productivity agus de bharr go bhfuil siad ag obair i miontheanga, rud a chuireann i bhfad níos mó antrom agus dua ar dhaoine? B'fhéidir gur leor é sin ag an bpointe seo.

Tá sé cheist curtha ag an Teachta. Is dócha go bhfuil nótaí tógtha ag na finnéithe.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Beidh orm beagáinín cúnamh a fháil ó mo chomhghleacaithe anseo. Is dóigh liom go dtagann thart ar €180 milliún in aghaidh na bliana ón gceadúnas.

Mr. Jim Jennings

I can check this. I think it is €181 million or €182 million. I can get back to the committee with the exact detail.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Iarradh freisin cé mhéad a chaitear ar Raidió na Gaeltachta. Caitheadh €11.576 milliún ar Raidió na Gaeltachta sa bhliain 2017. Níl an figiúr le haghaidh 2010 agam ó bharr mo chinn. Ba é €10.518 milliún an figiúr sa bhliain 2014. Is féidir liom an figiúr le haghaidh na bliana 2010 a fháil don choiste.

Tá an mhéid a thagann isteach ón gceadúnas ag dul suas an t-am uilig. Tá líon na dtithe sa tír ag dul suas. Níl éinne ag leagan tithe.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Níl an t-aistriúchán ag teacht tríd ar na cluasáin anseo.

Mr. Jim Jennings

Obviously, there has been no increase in the licence fee in recent years. The amount collected has increased by a small percentage in line with the increase in the population, which has meant that there are more-----

Mr. Jim Jennings

I can come back to the committee with the exact figures. We might be talking about a small increase of €500,000 or €750,000 in the context of an overall figure of €182 million.

If 40,000 private homes and 10,000 commercial properties are built next year, it would be expected that licences would be purchased in respect of at least 40,000 of those 50,000 properties.

Mr. Jim Jennings

We would like to think so. Obviously, evasion is one of the biggest issues we are contending with at the moment. The Joint Committee on Communications, Climate Action and Environment has done a lot of work on the issue of licence collection. It has sent a report on the matter to the Minister and to the Government with a recommendation. There is an evasion rate of approximately 16% at present. Then there is the issue of non-TV homes. The occupiers of approximately 110,000 homes - I can get the exact figure for the committee - say they have no televisions.

Mise san áireamh.

Mr. Jim Jennings

Obviously, they do not pay the licence fee because they do not have televisions. We need to consider what the licence fee is for. I would argue that it is not only for television but also for Raidió na Gaeltachta and the other radio stations.

Mr. Jim Jennings

The term "TV licence fee" is a kind of misnomer. I would argue that it is really a fee in support of public service broadcasting. That is a separate discussion.

Ba mhaith liom dul ar ais go dtí an chéad cheist. Níl na sonraí againn, de réir mar a thuigim. D'iarr an Teachta Ó Cuív cé mhéad a fhaigheann RTÉ raidió ón gceadúnas.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Cé mhéad a fhaigheann RTÉ raidió trí chéile?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Cé mhéad a fhaigheann RTÉ ar fad?

Cé mhéad a fhaigheann Raidió na Gaeltachta. Faigheann RTÉ €182 milliún, agus cuireann siad-----

Cé mhéad a fhaigheann Raidió na Gaeltachta ón €182 milliún sin?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Faigheann Raidió na Gaeltachta €11.5 milliún.

Go raibh maith agat.

Ar an ábhar sin, cad é an t-ioncam iomlán atá ag RTÉ? Nílim ag caint faoin gceadúnas amháin, ach freisin nuair a thugtar na fógraí san áireamh.

Mr. Jim Jennings

I think the total figure last year, or in the last annual report that was published, was €320 million or €321 million. It is in the annual report and I can get that for the joint committee. The commercial income is part of that, obviously. The commercial income would be approximately €120 million.

Caithfimid dul ar ais go dtí na ceisteanna a cuireadh roimhe seo.

Mr. Jim Jennings

These figures are published. I do not want to put anything on the record in case it is incorrect.

Tuigim. Is féidir é a cheartú.

Mr. Jim Jennings

I can come back to the committee.

Tá tú ceart go leor. Is féidir le Gearóid Mac Donncha dul ar aghaidh.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Tá roinnt mhaith oibre á dhéanamh againn maidir le daoine óga. Tá dhá chuid leis an bhfreagra seo. Breathnóidh mé i dtús báire ar an méid atá á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta agus beidh Rónán Mac Con Iomaire in ann teacht isteach ar ball beag chun cur síos a dhéanamh ar an méid atá á dhéanamh ag RTÉ.

Maidir le Raidió na Gaeltachta, is ceart a rá go bhfuil athrú mór tagtha ar na nósanna éisteachta atá ag daoine óga. Níl leath an oiread daoine óga ag éisteacht leis an raidió le hais agus mar a bhíodh fadó. Is í an straitéis atá againn ná go bhfuilimid ag iarraidh nasc a chruthú le daoine óga trí rudaí nua a thriail. Mar shampla de sin, beimid ag seoladh comórtas do na meánscoileanna an tseachtain seo chugainn. Beidh deis ag scoláirí meánscoile cur isteach ar chomórtas clár raidió a dhéanamh. Tiocfaidh léiritheoir gairmiúil isteach in éineacht leo agus iad ag iarraidh na cláir a chur le chéile. Craolfaimid na cláir amach sa bhliain nua. Leis an togra sin amháin, táimid ag cur eolais ar fáil go bhfuil Raidió na Gaeltachta ann. Táimid ag cur na gasúir sin ag déanamh cláir raidió trí Ghaeilge. Tá siad ag foghlaim scileanna raidió chomh maith. Táimid ag cruthú naisc leo. B'fhéidir nach bhfuil siad ag éisteacht le cuid de na hábhair atá againn faoi láthair, ach beidh a fhios acu amach anseo go bhfuilimid ann agus tiocfaidh siad ar ais chugainn. Tá daoine óga á mealladh againn ar bhealach atá indíreach.

Luadh an ceol a bhíonn á craoladh againn san oíche ar Anocht FM. Bíonn go leor daoine óga ag éisteacht leis an spórt atá againn, leis an gceol traidisiúnta atá againn agus leis an gceol tíre atá againn. B'fhéidir nach bhfuil cláir againn atá leagtha amach do ghasúir nó do dhaoine óga per se, ach ní sin le rá nach bhfuil siad ag éisteacht le cuid de na cláir atá againn ar an aer. Tá obair á dhéanamh freisin ó thaobh an dara stáisiún a luadh níos luaithe. Tá níos mó eolais ag Rónán Mac Con Iomaire faoi sin.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Aontaím leis an méid atá ráite ag an Teachta Ó Cuív maidir leis an deacracht a bhíonn ann nuair atá seirbhís amháin ag iarraidh freastal a dhéanamh ar chuile aoisghrúpa as chuile déimeagrafach. Labhair mé le craoltóirí i dTír na mBascach le gairid maidir leis an gcur chuige atá acu. Tá príomhstáisiún mar a bheadh Raidió na Gaeltachta acu sa tír sin, agus ansin tá stáisiún eile atá dírithe ar phobal níos óige le saghas béim éagsúil ar an gcineál Bascais a úsáideann daoine óga. Tá trialacha á dhéanamh ag BBC Radio Cymru sa Bhreatain Bheag faoi láthair. Tá siad ag déanamh saghas scoilteadh ar an minicíocht le freastal ar dhéimeagrafach éagsúla ag amanna éagsúla i gcaitheamh an lae. Tá saghas grúpa oibre curtha le chéile againn le RTÉ, Conradh na Gaeilge, Raidió Rí-Rá, TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus RTÉ 2FM le feiceáil eadrainn céard iad na hacmhainní agus na scileanna ar fad atá againn. Táimid ag breathnú ar an rud atá ann. Tá ardáin éagsúla seachas FM luaite ag an Teachta Ó Cuív, agus is é sin an cur chuige atá ag Raidió Rí-Rá i láthair na huaire. Má tá na hacmhainní ar fáil, is féidir linn tógáil ar sin agus seirbhísí a dhíríonn ar an bpobal níos óige a chur ar fáil dóibh.

Mar chuid den chur chuige atá ag RTÉ agus muid ag iarraidh freastal ar dhaoine óga agus ar chineálacha áirithe ceoil, sainspéiseanna agus aoisghrúpaí, caithfidh mé a rá go bhfuil forbairtí suntasacha déanta againn le RTÉ 2FM. Go traidisiúnta i gcaitheamh na mblianta, ní raibh mórán déileáil ag RTÉ 2FM ó thaobh na Gaeilge, ach le blianta beaga anuas tá an stáisiún sin ag cur go leor ábhair Gaeilge ar fáil agus ag taispeáint go leor tacaíochta don teanga. Mar shampla, tá clár dátheangach ar 2FM chuile Aoine. Úsáidtear Gaeilge ar an bpríomhchlár laethúil a chuireann Eoghan McDermott i láthair nuair atá sé i mbun idirphlé leis an té atá ag plé le cúrsaí nuachta. Tá albam le ceoltóirí móra le rá le leaganacha Gaeilge dá gcuid amhráin curtha ar fáil isteach i chuile scoil sa tír le gairid. Don chéad uair, is dócha, táthar ag craoladh amhráin i nGaeilge, bíodh gur amhráin iad le leithéidí Ed Sheeran nó amhráin lenár gcuid ceoltóirí comhaimseartha féin, ar nós IMLÉ nó Kneecap.

Tá 2FM ag déileáil leis an teanga níos mó ná mar a bhíodh roimhe seo. Déarfainn nach bhfuilimid teoranta ó thaobh an spáis amháin. Táimid ag iarraidh na nasc seo a oibriú amach. Táimid ag iarraidh bheith ag obair sa treo sin. Táimid ag déanamh rudaí i spásanna eile freisin ionas gur féidir linn freastal ar an óige i nGaeilge go comhaimseartha. Ba mhaith linn tairbhe a bhaint as an dea-thoil atá i measc an aoisghrúpa sin i leith na teanga.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Is fiú a luadh ar an bpointe sin an pháirtnéireacht a bhí idir Raidió na Gaeltachta agus 2FM píosa ó shin maidir le suíomh Idirlín, www.nos.ie. Mar chuid de ghradaim ceoil a bhí ag 2FM, shocraíomar ar aird a tharraingt ar ghrúpaí nua a bhí ag cumadh ceoil trí Ghaeilge agus a bhí ag dul ar stáitse do phobal na Gaeilge timpeall na tíre. Chuaigh muid i bpáirt le 2FM agus chraol muid an oíche gur bronnadh na ngradam beo ar Raidió na Gaeltachta. Bhí 2FM ag craoladh cuid den cheol a tháinig as an gcomórtas sin. Deis a bhí ann dúinn na hamhráin Ghaeilge atá á chumadh inniu ag daoine óga a bhfuil Gaeilge acu a chur amach ar an aer agus a bhrú isteach i dtreo 2FM le níos mó aird a tharraingt orthu. Is bealach amháin eile é sin ina bhfuilimid ag cur seirbhís ar fáil do dhaoine óga.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Ba mhaith liom rud eile a rá sula gcríochnóimid leis an bpointe sin. Luaigh Gearóid Mac Donncha an comhoibriú idir 2FM agus Raidió na Gaeltachta. Tá sé sin á chothú ar an aer freisin, mar shampla ar an gclár "Nead na Fuiseoige" le gairid. Nuair a bhí daoine ag cur isteach iarratais agus rudaí mar sin, is cuimhin liom gur tháinig iarratas isteach do chailín óg gur mór léi Ed Sheeran. Bhí an láithreoir in ann amhrán i nGaeilge le Ed Sheeran a chraoladh. Tháinig sé sin as obair 2FM. Is sampla é sin den fhorbairt atá á dhéanamh.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Bhí ceist eile ag an Teachta Ó Cuív maidir le cúrsaí pá i Raidió na Gaeltachta.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Le bheith soiléir faoi i dtús báire, áiríonn RTÉ Raidió na Gaeltachta mar stáisiún náisiúnta. Tá an ceart ag an Teachta nuair a deireann sé go bhfuil scála pá, nó grád ar leith, in Raidió na Gaeltachta nach bhfuil in aon seirbhís eile de chuid RTÉ. Is grád an chláir reachtaire atá i gceist agam. Chaithfinn a rá go soiléir go bhfuil gráid ar fud RTÉ atá go sonrach d'ardáin nó seirbhísí ar leith nach bhfuil in aon áit eile in RTÉ. Nuair a tháinig sé seo chun cinn os comhair an IRT de chuid RTÉ sa bhliain 2002, déanadh rialú ó thaobh an cheardchumainn agus Raidió na Gaeltachta. Cuireadh i bhfeidhm an rialú, a bhain le gráid agus le hardú pá. Taobh amuigh de sin, mar is eol don choiste, d'fhoilsigh Kieran Mulvey tuarascáil le gairid ar róil agus cúrsaí pá in RTÉ ó thaobh inscne de. Tháinig sé chun solais sa tuarascáil sin go bhfuil níos mó ná 160 grád ar fad in RTÉ, rud atá míshásúil mar nach bhfuil trédhearcacht ag baint leis. De réir na tuarascála, tá an iomarca gráid ann sa lá atá inniu ann. Tá tús curtha ag RTÉ leis an obair sin cheana féin. Táthar ag breathnú ar chuile grád san eagraíocht agus ag iarraidh córas níos simplí, a oibríonn trasna na heagraíochta ar fad, a fhorbairt seachas gráid ar leith a bheith sonrach do sheirbhísí ar leith mar atá in Raidió na Gaeltachta agus i seirbhísí eile de chuid RTÉ faoi láthair.

Iarraim ar an bhfinné soiléiriú a thabhairt dom ar an méid a bhí i gceist aige nuair a dhein sé tagairt ar ghrád faoi leith. Glacaim leis nach grád é a thugann breis airgid do lucht Raidió na Gaeltachta as ucht a dtáirgiúlacht. Sa chuid eile de RTÉ, tógann sé beirt nó triúr leis an rud céanna a dhéanann duine amháin i Raidió na Gaeltachta a dhéanamh. Tá sé sin le cloisteáil ar feadh uair an chloig ar maidin nuair a bhíonn "Adhmhaidin" ar siúl. Tuigim go bhfuil triúr i mbun an chláir sin, ach tá arm i gceist i gcás na boic amuigh i nDomhnach Broc. Dá bheimis chun an rud seo a mheas ar tháirgiúlacht, bheadh ollphá ar fad ag dul go dtí lucht Raidió na Gaeltachta. De réir mar a thuigim, in ionad sin is masla atá ann. An bhfuil an ceart agam go bhfuil lucht Raidió na Gaeltachta ag fáil pá níos ísle mar go mbreathnaítear orthu mar iriseoirí réigiúnacha?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Ní dhéarfainn go bhfuil an t-idirdhealú sin á dhéanamh go réigiúnach.

Tá, ó thaobh pá.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Tá an t-idirdhealú ann ó thaobh an grád - is é sin grád an chláir reachtaire atá luaite agam.

An bhfuil aon chritéir i gceist, seachas go bhfuil sé socraithe go bhfuil dream faoi leith, le pá níos ísle, i gceist? An bhfuil sé seo bunaithe ar aon chritéir neamhspleácha atá bunaithe ar fhíricí?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Níl mé cinnte an bhfuil mé in ann an cheist sin a fhreagairt. Creidim go dtéann an grád siar go dtí 1972, nuair a bunaíodh an tseirbhís. Mar a deirim, tá tús curtha le próiseas ina bhfuil athbhreithniú a dhéanamh ar na gráid ar fad san eagraíocht.

Mura mbeimid cúramach, beimid ag dul siar go Cromail. Caithfear bheith réasúnta - tá an saol athruithe go mór ó bhí 1972 ann. Chuir mé ceist amháin eile. Cén fáth nach bhfuil ceannaire buan ceaptha ar an stáisiún?

Is ceist bhreise í sin.

No. Chuir mé an cheist sin ag an tús.

Mr. Jim Jennings

Obviously, we have a ceannaire in position at the moment. When we appointed Gearóid Mac Donncha, we said we would undertake a review of the management structures within Raidió na Gaeltachta and within RTÉ. That review has been going on. We are getting towards the end of it. We are going to advertise the position of ceannaire. I think it will be advertised within the next two weeks. We needed to do work. A lot of restructuring is going on within the organisation. A number of jobs have still not been filled or advertised, including the job of head of television channels, which has been unfilled for the last year and a half or two years. Gearóid Mac Donncha has been doing the job very ably for the last year and a few months.

Ní bhaineann an cheist leis sin, i ndáiríre.

Mr. Jim Jennings

Okay.

Cén fáth an bhfuil ceannaire gníomhach i gceist? Is é sin an méid. Tá súil agam go bhfuil na cluasáin ag obair.

Mr. Jim Jennings

We decided we needed to look at the whole structure of the station. We asked Gearóid Mac Donncha to go in and have a look at it. That is why we did it as an interim-----

Okay. Go raibh maith agat. Glaoim ar an Teachta Tóibín.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Gabhaim míle buíochas leo as teacht isteach. Tagann seirbhís iontach ó Raidió na Gaeltachta lá i ndiaidh lae. Is é Raidió na Gaeltachta an t-aon fhoinse Ghaeilge atá ag go leor daoine atá ina gcónaí sa tír seo. Níl aon áit eile inar féidir leo cur i láthair a fháil mar gheall ar an saol bríomhar Gaelach atá ann. Níl aon dabht ach go ndéanann Raidió na Gaeltachta go leor obair iontach.

Briseann sé mo chroí nach dtagann Teachtaí Dála ó Fhine Gael agus ón Rialtas go dtí na cruinnithe seo chomh minic agus ba cheart dóibh chun éisteacht a thabhairt don mhéid a bhíonn le rá ag na finnéithe éagsúla. I mo thuairim, bheadh tionchar níos dearfaí acu ar Airí agus Airí Stáit dá mbeidís tar éis teacht anseo.

Tá mise tar éis cuairt a thabhairt ar go leor oifigí de chuid Raidió na Gaeltachta timpeall na tíre thar na blianta. Fiú go bhfuil seirbhís an-mhaith ag teacht ó gach oifig, is creatlach atá ann, i ndáiríre. Tá sé ráite ag na finnéithe go bhfuil 3% den ioncam atá ag RTÉ ag an bomaite ag dul isteach go dtí Raidió na Gaeltachta. Tá sé léirithe sna figiúirí atá leagtha amach acu inniu go bhfuil airgead fíor-íseal i gceist. Taispeánann sé sin cé chomh tábhachtach is a cheapann RTÉ go bhfuil Raidió na Gaeltachta agus an Ghaeilge i gcoitinne. Tá cláir cosúil le "Adhmhaidin" agus "Cormac ag a Cúig" in iomaíocht le cláir cosúil le "Drivetime" agus an clár atá ag Ivan Yates agus Matt Cooper. Níl na hacmhainní cuí ag cláir Raidió na Gaeltachta ar chor ar bith. Tuigim nach bhfuil ach triúr nó ceathrar ag obair ar "Cormac ag a Cúig", nó nach raibh go dtí seo. Tá duine amháin ar an maidhc, duine eile ag obair mar léiritheoir taobh thiar dó agus duine eile ag obair i ról teicneolaíoch, b'fhéidir.

Is creatlach é sin mar gheall ar seirbhís, má tá Raidió na Gaeltachta ag iarraidh seirbhís chuimsitheach a chur amach, seirbhís atá ar ardchaighdeán agus a mheallann daoine isteach ann. Tá go leor cláracha iontacha ann ach freisin tá go leor amanta go bhfuil fillers ann. Tá níos mó daoine ag labhairt Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht ag an bomaite ná atá ag labhairt Gaeilge sa Ghaeltacht agus nuair a thagann scéal suas faoi séarachas in iarthar na Gaillimhe, mar shampla, bíonn sé deacair dúinne éisteacht leis arís agus arís mar ní bhaineann sé le saol nó scéal na tíre.

Tá mé ag iarraidh a fháil amach cad é an fhoireann iomlán atá ag Raidió na Gaeltachta anois agus cén saghas comhréir atá aige i gcomparáid le RTÉ. An bhfuil Raidió na Gaeltachta ag cailleadh forine ó 2010 nó an bhfuil sé ag cur leis? Tá an scéal cloiste agamsa go bhfuil sé ag cailleadh foirne. Bhí Raidió na Gaeltachta i gcónaí i lár an aonaigh nuair a raibh rud éigin mór ag titim amach sa Ghaeltacht. Mar shampla, bhí ócáid mhór i nGaoth Dobhar le Liadh Ní Riada FPE agus bhí cúpla céad daoine ann agus an rud iomlán ar siúl trí Ghaeilge. Bhí ealaíontóirí agus ceoltóirí ann agus ba ocáid mhór í. Tá oifig ag Raidió na Gaeltachta cúpla céad troigh ón amharchlann i nGaoth Dobhar ach fós ní raibh an féidirtheacht ag Raidió na Gaeltachta duine a chur chuig an ócáid sin de bharr an easpa foirne atá aige ag an bomaite. Léiríonn sé sin an easpa suim atá ag an Rialtas seo mar gheall ar an nGaeilge.

Cé mhéad daoine atá ag éisteacht leis an stáisiún? Tá sé níos éasca a fháil amach faoin rún Fatima ná fáil amach faoi cá mhéad daoine atá ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta. Is léir go bhfuil Raidió na Gaeltachta ag fáil an t-eolas sin mar nuair a théann na comhlachtaí a dhéanann na suirbhéanna timpeall, faigheann Raidió na Gaeltachta an t-eolas sin.

Tagraím don phá míchothrom. Tá an tUasal Mac Donncha ag déanamh a jab ag freagairt na ceisteanna sa slí ina tá siad freagraithe aige ach i ndáiríre níl aon leithscéal le fáil mar gheall ar dhifear gráid. An bhfuilimid ag rá go bhfuil craolachán Gaeilge ar ghrád níos ísle ná craolachán Béarla? An bhfuil jab níos éasca ag "Adhmaidin" ná mar atá ag "Morning Ireland"? Nach bhfuil siad ag déanamh an rud céanna i ndáiríre? B'fhéidir go bhfuil sé níos deacra do Raidió na Gaeltachta mar go bhfuil an fhoireann i bhfad níos lú. Níl aon leithscéal ar chor ar bith de bharr sin. Bíonn daoine ag caint faoi míchothromas pá mar gheall ar inscne ach tá sé seo le feiceáil mar gheall ar theanga agus níl sé ceart ná cóir in aon slí.

Tagraím don fhreastal ar an aos óg. Tá a fhios agam go bhfuil Raidió na Gaeltachta ag caint faoi chursaí atá ag titim amach. Tá cúpla cláracha ann atá ag síniú amach a lámh chuig an aos óg gan dabht ach i ndáiríre níl go leor ann. Ba cheart go mbeadh Raidió na Gaeltachta 2 ann. Bhí sé sin geallta arís agus arís eile. Cén stádas atá leis an ngeall sin?

Cad faoi daoine i dTuaisceart na hÉireann? Cad é an tseirbhís atá curtha amach ag Raidió na Gaeltachta go dtí Tuaisceart na hÉireann agus an bhfuil sé ag déanamh aon obair sa Tuaisceart ag an bomaite mar gheall ar foghlaimeoirí na Gaeilge? Bhí mé ag rá go mbíonn Raidió na Gaeltachta giota beag ró-pharóisteach uaireanta. Tá sé tábhachtach díriú isteach ar na Gaeltachtaí gan dabht ach uaireanta bíonn Raidió na Gaeltachta erring ar thaobh raidió aitiúla in ionad raidió náisiúnta.

Níl go leor cláracha fáisnéise ar aon stáisiún raidió in Éirinn agus ba cheart go mbeadh i bhfad níos mó cláracha cosúil le "The History Show" atá ar RTÉ Raidió 1. Bíonn daoine ag éisteacht leis na cláracha sin gach uile seachtain. Ba cheart do Raidió na Gaeltachta tuilleadh a dhéanamh le nuacht idirnáisiúnta freisin.

Cé go bhfuil cáineadh déanta agam mar gheall ar an tseirbhís, níl mé ag cáineadh na ndaoine atá ag obair ann ar chor ar bith mar tá a fhios agam go bhfuil siad ag déanamh a ndícheall. Tá caighdeán iontach curtha amach acu agus tá seirbhís iontach tábhachtach agus luachmhar curtha amach ag Raidió na Gaeltachta mar gheall ar na líonraí Gaeilge thart timpeall na tíre. An rud atá do mo cháineadh ná an easpa achmhainní, airgeadais, foirne agus suime atá i gceist.

Is dócha go bhfuil seacht gceist ansin ar a laghad.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Déanfaidh mé iarracht orthu sin ar fad. Ar dtús báire, gabhaim buíochas don Teachta as na rudaí deasa a dúirt sé faoin tseirbhís. Táimid an-bhródúil as an méid a dhéanaimid. Tá an-fhoireann ag obair i Raidió na Gaeltachta. Tá siad fuinniúil, tá samhlaíocht acu agus níl cur síos ar an méid oibre a dhéanann siad chun na cláracha a dhéanaimid a chur i dtoll a chéile ar son an lucht éisteachta atá againn.

Tosnóidh mé leis an bpróiséas a luaigh an Teachta níos luaithe. Bhí an Teachta Ó Cuív ag caint níos luaithe faoin tseirbhís náisiúnta freisin. Táimid ag iarraidh an dá rud a dhéanamh ar bhealach. Is seirbhís náisiúnta muid ach ag an am céanna is ceann de na seirbhísí is tábhachtaí é Raidió na Gaeltachta sna ceantair Gaeltachta. Bunaíodh Raidió na Gaeltachta an chéad lá riamh le seirbhís a chur ar fáil do na pobail Ghaeltachta agus bhí an tseirbhís fíor-réigiúnach ag an am sin. Sin an áit ina bhfuil go leor den lucht éisteachta atá againn agus bheadh sé faillíoch orainn gan a bheith ag clúdach scéalta a bhaineann go sonrach leis na ceantair áirithe sin. Tá úinéireacht ag go leor de phobail na Gaeltachta ar an radio. Fiú agus mé ag rá "ar an radio", sin a deirtear i gConamara, i dTír Chonaill agus in áiteanna eile - "ar airigh tú ar an radio é?" - mar tá úinéireacht acu air. Mura gclúdóimid go leor de na scéalta áitiúla sin ar an radio táimid ag cailleadh cuid den lucht éisteachta atá ansin agus atá dílis chugainn an t-am ar fad. Is deacracht í agus is rud fíor-dhúshlánach é an chothromaíocht a fháil idir an dá rud. Ins an straitéis atá againn, dírímid ar an nuacht áitiúil agus ar na cláracha irise, ar nós "Iris Aniar", "Barrscéalta" agus "An Saol Ó Dheas". Taobh amuigh de na hamanta sin déanaimid iarracht dul ag caint le pobal atá níos leithne ná sin, daoine a bhfuil Gaeilge acu agus nach bhfuil aon bhaint acu le haon cheantar Gaeltachta ná aon suim acu ann. Tá samplaí ann ar nós an clár atá ag "Rónán Beo @3" mar shampla. Tá Rónán Mac Aodha Buí ann ó a 3 p.m. go dtí a 5 p.m. Déardaoin agus Dé hAoine. Is cuma cé as daoine nó cá bhfuil siad ina cónaí, bíodh siad thar lear fiú, cuireann daoine suim ins na hábhair atá aige. Más as na Doirí Beaga, Conamara nó Baile na nGall daoine, cuirfidh siad suim sa chlár chomh maith. Táimid ag iarraidh an dá thrá a fhreastal, rud nach bhfuil an-éasca a dhéanamh ach ní dóigh liom ach an oiread gur ceart dúinn a bheith leithscéalach faoi sin a dhéanamh mar tá na pobail Gaeltachta fíor-thábhachtach don tseirbhís atá againn mar sin an fáth go bhfuilimid ann.

Tá 84 duine ag obair do Raidió na Gaeltachta faoi láthair. Bhí sé níos airde. Thart ar 2008 bhí suas chuig 118 nó 120 againn. Tá an figiúr sin laghdaithe le roinnt blianta anuas. Chaill muid seachtar ar phacáistí iomarcaíochta i dtús na bliana seo agus tháinig laghdú ar an bhfoireann. Ó thaobh achmhainní de, tá go leor oibre déanta againn leis an sceideal atá againn faoi láthair agus ceann de na rudaí atá déanta againn ná go bhfuil cás déanta do na-----

Cé mhéad daoine atá ag obair ann?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Tá 84 ag obair don tseirbhís ar fad go náisiúnta.

An bhfuil an figiúr sin tar éis titim i gcomparáid le 2010 mar shampla?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Is dóigh liom go bhfuil.

An bhfuil a fhios ag an Uasal Mac Donncha cá mhéad?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Níl, caithfinn teacht ar ais leis an bhfigiúr sin ó 2010 ach d'imigh seachtar uainn-----

Mr. Gearóid Mac Donncha

I mbliana. I Mí na Samhna agus i Mí Aibreán seo caite agus d'imigh siad ar na pacáistí iomarcaíochta a bhí RTÉ ag tairiscint.

An bhfuil daoine ag teacht ina áit?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Níl éinne ag teacht in áit na ndaoine sin ach an rud-----

An bhfuil cosc fós ar Raidió na Gaeltachta daoine-----

Mr. Gearóid Mac Donncha

No. Sin an deilbh atá agam. Nuair a táimid in ann cás an-láidir a dhéanamh ó thaobh an sceidil atá againn agus forbairtí a táimid ag iarraidh a dhéanamh, tá féidearthachtaí ann. Cosúil le haon áit eile, déantar iarracht i gcónaí níos mó daoine a fháil agus níos mó achmhainní a chur ar fáil. Mar shampla, tá cead faighte againn duine eile a fhostú i gCasla i rannóg na nuachta mar gheall ar na forbairtí a táimid ag déanamh. Mar sin, cé gur imigh seachtar níos luaithe i mbliana, fós nuair a táimid in ann cás láidir a dhéanamh agus an sceideal atá againn a chur chun cinn, cuirtear achmhainní ar fáil. Níl aon bhloc eile ann. Cinnte tá RTÉ ag crapadh agus ag dúnadh síos beagáinín ó thaobh an méid achmhainní atá ann ach nuair atá deis ann, déantar é sin a thapú.

Mr. Jim Jennings

It is important to put that in the context of what is happening in the rest of the station also because the Deputy asked about what the impact was on the rest of the station. We have had two redundancy programmes in RTÉ over the last five years. I am not sure if anybody left Raidió na Gaeltachta under the previous one but we have lost nearly 450 people between the two redundancy programmes.

Out of how many.

Mr. Jim Jennings

Out of 2,300 originally. We went back to 1,900 and we are now down at 1,800 so we have cut our costs over that period by 24%. We have lost many people and that has a huge impact on our services. For example, I said at the Committee on Communications, Climate Action and Environment previously that our young people's programme spending has gone from €16 million in 2009 to €4 million last year. As a public service broadcaster, alongside what is happening with the Irish language, young people's programmes and drama, arts and culture, we have a huge gap in what our public service remit is and this is part of the case that has been made by the Broadcasting Authority of Ireland, BAI, ourselves and the Committee on Communications, Climate Action and Environment to the Minister on-----

Not only will the young people not be able to speak Irish but they will all have Peppa Pig accents.

Mr. Jim Jennings

It is a huge issue for us. We have said this to the Minister, to Government and to the BAI and the BAI has come out with a strong recommendation on funding recently. The Cabinet set up a group to look at this involving the Revenue Commissioners, the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht and our department to look at the license fee collection issue and it is due to report by the end of quarter one on what the Government will do on this. There is a strong recommendation from the Committee on Communications, Climate Action and Environment and from the BAI. We have put in a strategy document saying that should our funding issue change there are areas of priority, namely young people's programmes, arts, culture and drama and the Irish language.

How many are working in RTÉ currently?

Mr. Jim Jennings

It is 1,861 off the top of my head.

Is féidir linn leanacht ar aghaidh trí Ghaeilge.

Chaill Raidió na Gaeltachta beagnach 10% den fhoireann an bhliain seo. Dá mbeadh RTÉ ag cailleadh na méide céanna an bhliain seo bheadh sé ag cailleadh timpeall 150 duine. An é sin an rud a tharla an bhliain seo?

Mr. Jim Jennings

Yes.

Chaill sé 150 duine.

Mr. Jim Jennings

That is exactly what has happened and the director general who was at the Committee on Communication, Climate Action and Environment last week said that it was 150 in the first phase of this year and that she will be looking for another significant number of people next year to make cost cutting. It is impacting across all of our services. To be honest, it is not a place where any of us want to be. In our belief, a public service broadcaster is funded to do what it is mandated to do through the Broadcasting Act 2009, but I have said before that if that is not the case then there needs to be a dialogue and discussion on what the future shape of public service broadcasting will look like. Otherwise we will fast be reaching a point where we will no longer be able to provide some of the services that we currently do.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Bhí ceist eile ag an Teachta Tóibín mar gheall ar cá mhéad atá ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta agus le freagra gearr a thabhairt dó, níl a fhios againn go cinnte. Tá dhá chóras againn anois agus go dtí seo bhí córas amháin againn a rinne tomhas ar cé atá ag éisteacht. Tá mé ag caint ar an Joint National Listenership Research, JNLR. Is córas é sin a bhíonn ag na stáisiúin tráchtála agus cuardaíonn sé cá mhéad daoine atá ag éisteacht agus cén áit ina bhfuil siad ag éisteacht. Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag rá le fada nach n-oireann an córas don phatrún éisteachta atá ag Raidió na Gaeltachta mar go bhfuil go leor de na héisteoirí atá againn scaipthe ar chósta iarthair na hÉireann agus iad bailithe in áiteanna ar nós Conamara, Tír Chonaill agus Ciarraí sna ceantair Ghaeltachta. Ní thugann na JNLRs comhairle den chineál sin san áireamh. Ag breathnú ar na JNLRs, tá siad ag rá go bhfuil thart ar 1% de phobal éisteachta na tíre ag éisteacht linn agus oibríonn sé sin amach ag thart ar 90,000 nó 100,000 duine nó mar sin.

An féidir leis an Uasal Mac Donncha JNLR a mhíniú?

Mr. Jim Jennings

Joint National Listenership Research.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Tá sé cosúil leis an television audience measurement system a bheadh ag an teilifís. Bhíomar ag trácht níos luaithe ar Fios Físe. Táimid ag dul díreach anois go pobal na Gaeilge, na daoine atá ag labhairt na Gaeilge go laethúil agus go seachtainiúil. Sin an dream is mó a bhfuilimid ag díriú orthu ins an tír seo agus táimid ag súil as Fios Físe go dtiocfaidh eolas ar ais chugainn faoi na cineálacha Gaeilgeoirí atá ag éisteacht linn, cá bhfuil siad agus cé hiad féin. Is eolas é sin a bheadh an-fhiúntach go deo don tseirbhís a chuirimid ar fáil, go háirithe agus muid ag leagan amach sceideal ag iarraidh cláracha a dhéanamh amach.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Díreach ag teacht air sin agus ar na ceisteanna a bhí ag an Teachta Tóibín ó thaobh Raidió na Gaeltachta a bheith ró-réigiúnach, tá sé tábhachtach a rá go bhfuil an déimeagrafaic atá againn ó thaobh Fios Físe ag tabhairt san áireamh cainteoirí Gaeilge taobh istigh den Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht ar gach aon taobh den teorainn ionas go mbeimid in ann é sin a fheiceáil ar bhealach níos fearr. Is dócha go bhfuilimid ag tabhairt cainteoirí laethúla agus cainteoirí seachtainiúla san áireamh mar tá a fhios againn go bhfuil sé deacair uaireanta tuiscint cheart a fháil ar chumas Gaeilge sna ceisteanna a bhíonn san daonáireamh ach creidimid má tá duine ag caint Gaeilge ar bhonn seachtainiúil gur duine é nó í a d'fhéadfadh a bheith ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta. Tá sé tábhachtach freisin an pointe a dhéanamh nach staidéar ar éisteoirí Raidió na Gaeltachta é. Táimid ag iarraidh a fháil amach faoi céard gur féidir linn a dhéanamh leis na daoine nach mbíonn ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta chun iad a mhealladh mar éisteoirí freisin.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Bhí ceist faoi Thuaisceart na hÉireann agus céard a táimid ag déanamh. Tá sé luaite ag an Uasal Mac Con Iomaire go mbeidh siad páirteach i bhFios Físe so beidh méid áirithe eolas ag teacht anuas ó Thuaisceart Éireann ins an data a thiocfaidh as an suirbhé sin ach tagraím do céard a táimid ag déanamh go praiticiúil. Tá pobal an Tuaiscirt fíor-thábhachtach do Raidió na Gaeltachta agus déanaimid iarracht ar leith dul chomh fada leo. Ceann de na rudaí móra a dhéanaimid ná craoltaí seachtracha. Níl sé i bhfad ó bhímid i dTír Eoghain nó i nDoire Cholmcille. Bhímid i mBéal Feirste píosa ó shin chomh maith agus muid ag tabhairt cláracha na seirbhíse ó Thuaidh agus muid ag cur aithne ar phobal an Tuaiscirt agus Gaeilgeoirí an Tuaiscirt agus iad á cur ar an aer agus á dtarraingt isteach sa ghréasáin atá againn. Ceann eile de na rudaí a dhéanaimid ná go gcraolaimid an clár "Blas" a bhíonn againn tráthnóna Dé Sathairn ag a 6.30 p.m. Sin clár a chraoltar ar BBC Raidió Uladh agus sin deis do dhaoine atá ar fud na tíre a bheith ag éisteacht le pobal an Tuaiscirt freisin ar Raidió na Gaeltachta mar tugann sé ardán dóibh. Ceann de na rudaí is suntasaí a dhéanaimid i gcónaí ná go gclúdímid na toghcháin ó Thuaidh. Déanaimid infheistíocht mhór ansin agus cuirimid daoine chomh fada leis na hionaid chomhairimh ar fad. Déanaimid clúdach an-chuimsitheach ar na toghcháin sin agus arís táimid ag dul chuig pobal an Tuaiscirt agus á dtarraingt isteach ins an gcraoladh a dhéantar sna hamanta sin. Chomh maith leis sin tá cúrsaí spóirt ar ndóigh. Bímid ag freastal ar cluichí ó Thuaidh go minic so tá go leor ar siúl againn le pobal na Sé Chontae.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Ag teacht díreach leis sin ó thaobh an chraolta. Ó Chomhaontú Aoine an Chéasta tá multiplex in áit a fhágann go bhfuil agus go gcinntítear go bhfuil craoladh leanúnach, iomlán a dhéanamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, seachas b'fhéidir mar a bhí agus roimh teacht ar sheirbhísí ar líne bhíodh pócaí áirithe seachas a chéile ina bheadh daoine in ann teacht ar an tseirbhís.

Anois, is cinnte go bhfuil tú in ann teacht ar Raidió na Gaeltachta ar fud na Sé Chontae.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Luaigh an Teachta cláir faisnéise chomh maith. Ba bhreá linn go mbeadh níos mó acu againne. Bhí roinnt againn le tamall anuas agus tagann siad isteach ar bhealaí éagsúla. Tá scéim Fuaim agus Fís ag Údarás Craolacháin na hÉireann agus cuireann siad roinnt airgid ar fáil nuair a théann léiritheoir chomh fada leo ag iarraidh maoiniú a fháil chun sraitheanna a dhéanamh. Bhí sraith staire againn, níl sé i bhfad ó shin. Táimid go díreach ag coimisiúnú sraith staire eile a bheidh againn i dtús na bliana seo chugainn a bheidh ag déanamh comóradh ar go leor den mhéid a tharla i 1919.

Le freagra gearr a thabhairt, tá roinnt an-bheag againn. Ba mhaith linn go mbeadh tuilleadh againn agus is dóigh linn gur deis atá in ann dúinn amach anseo níos mó forbartha a dhéanamh ansin, chun dul ag caint leis an earnáil neamhspleách, chun caint le hÚdarás Craolacháin na hÉireann agus roinnt dóibh a choimisiúnú againn féin.

Luaigh an Teachta foghlaimeoirí chomh maith. Arís, tá deis anseo ann dúinn, cé nach bhfuil rud ar bith ar an aer againn faoi láthair, sa ré dhigiteach ina bhfuilimid, feictear dúinne gur b'shin an bealach is fearr gur féidir linn a bheith ag dul le freastal a dhéanamh ar na foghlaimeoirí. Seachas cláir ar an raidió ag a naoi a chlog ar maidin, is féidir rud éigin a chur ar fáil do dhaoine ar líne, a bheadh ar fáil dóibh nuair a theastaíonn sé uathu, agus gur cuma cén áit ina bhfuil siad. Tá obair le déanamh againn air sin, áfach, san am atá le teacht.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

B'shin ceann de na dúshláin atá againn, is dócha. Feicimid gur b'shin an dualgas atá orainn agus daoine a chumasú agus cúnamh oideachais a thabhairt dóibh ó thaobh na Gaeilge de. Mar a thagair an Teachta Ó Cuív dó níos luaithe ó thaobh gan a bheith in ann a bheith ag freastal ar chuile dhuine, feictear dúinn go mb’fhéidir nach é an bealach is fearr le freastal ó thaobh oideachais an t-oideachas sin a chur ar fáil ar an tseirbhís FM2.

Ceann de na rudaí, mar shampla, atáthar á dhéanamh faoi láthair ná go bhfuilimid ag féachaint chuig cartlann iomlán RTÉ Raidió na Gaeltachta a dhigitiú agus go mbeimid í a chur ar fáil don phobal, agus go mbeidh teacht ag an bpobal ar an gcartlann.

Táimid dá dhéanamh sin freisin le comhpháirtithe in institiúidí tríú leibhéal. Nuair atá an digitiú á dhéanamh againn táimid in ann ábhar a thógáil ón gcartlann, ní amháin ó thaobh RTÉ Raidió na Gaeltachta ach stuif eile atá déanta ag RTÉ thar na mblianta. Is féidir é sin a chur ar fáil i bhfoirm pacáistí oideachais ar líne. Is féidir linn cuireadh a thabhairt do phobal éisteachta nach n-aireodh iomlán compordach ó bheith ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta chun ábhar a chur ar fáil dóibh a thabharfaí isteach ar an gcraoladh iad, agus iad a tharraingt agus a mhealladh isteach ar an mbealach sin.

Mr. Gearóid Mac Donncha

An pointe deireanach gur luaigh an Teachta ná na hiriseoirí a chuireann an tseirbhís ar fáil a bheith ag freastal ar ócáidí. Is cinnte, tá teorainn leis an méid rudaí agus ócáidí gur féidir linn a dhéanamh agus a chlúdach ach déantar obair mhór ansin agus obair leanúnach ag iarraidh an oiread ócáidí a chlúdach agus gur féidir. Faoi láthair tá comhfhreagraí polaitíochta sa Teach seo againn a bhíonn ag freastal ar ardfheiseanna agus ar imeachtaí a bhíonn ag tarlú ó thaobh na polaitíochta de. Tá iriseoirí réigiúnacha againn atá ag obair ar na deasca áitiúla a bhíonn ag freastal ar na cruinnithe de chuid na gcomhairlí contae. Tá sé sin ag tarlú ar bhonn rialta sna contaetha Gaeltachta. Ó am go chéile chomh maith, cuirimid daoine amach ag ócáidí nach bhfuil luaite go dtí seo agam. Bíonn daoine ag freastal ar chluichí peile fud fad na tíre chuile dheireadh seachtaine. Déanaimid go leor leor craoltaí seachtracha nuair a théimid amach i measc an phobail. Mar shamplaí a thabhairt díobh sin, bhíomar i gColáiste Éanna i nGaillimh inné agus bhí an clár "An Saol ó Dheas" i mBaile Bhuirne Dé hAoine seo caite. Tá scaipeadh agus freastal á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta ar na ceantair. Tá sé suntasach agus é déanta taobh istigh de na hacmhainní teoranta atá againn.

Mr. Jim Jennings

I have one point to add to that, that we have been working with the newsroom as well to get a commitment where if there are journalists working in the newsroom who are Irish speakers, they are made available when they are covering stories to the programmes on Raidió na Gaeltachta as well. It will be important to try and do more of that. To think across our platform to get more cross-working with the newsroom, in particular.

An bhfuil aon pholasaí earcaíochta agaibh mar gheall ar chomhréir na Gaeilge in RTÉ?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Níl aon pholasaí earcaíochta ar leith ach go dtugtar san áireamh má tá an Ghaeilge mar bhuntáiste i róil ar leith.

Níl aon phróiseas nó rialacha nó chóras chun níos mó luacha a thabhairt do dhuine atá san áireamh le haghaidh post mar gheall ar an nGaeilge a bheith aige nó aici. Tá sé ag brath ar cibé duine atá taobh thiar den suíochán.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Úsáidimid freisin daoine atá taobh istigh den chóras ar an mbealach is éifeachtúla ó thaobh na Gaeilge agus an Bhéarla. Mar shampla, nuair a bhí cuairt le gairid thar lear ag an Uachtarán, iriseoir ó Nuacht RTÉ a d'fhreastail uirthi sin agus a chuir clúdach ar fáil ní amháin do nuacht RTÉ ach do chlár "Six One News" freisin. Nuair atá Gaeilge ag iriseoir sa rannóg Béarla go dtarlaíonn sé sin sa bhealach eile timpeall. Mar shampla, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó am go chéile gheofaí tuairiscí cúirte ón gcomhfhreagraí a bhíonn againne.

Aontaím go huile is go hiomlán libh ach nach mbeadh sé cliste an rud atá á iarraidh a dhéanamh sa Bhille leasaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla nó comhréir oifigiúil a chur isteach de 20% de gach duine atá ag teacht isteach in RTÉ, go mbeidh an stáisiún in ann feidhmiú go hiomlán i nGaeilge? Nach mbeadh é sin praiticiúil?

Mr. Jim Jennings

That is something I can certainly take back with me.

When the Deputy was talking about documentaries, what is interesting is that we have recently co-located our "Documentary on One" production team for Radio One, which is a multi-award winning documentary team, with our documentary team in television and they are working together across platforms doing content on radio, television and also creating for online. Listening to the conversation today, it should not be beyond the bounds of possibility that we start looking at whether we can produce Irish language versions of documentaries. It is something we see as we break down the silos. The organisation had been very siloed previously, where people in radio would not produce content for television. We see the manner in which media consumption is going these days which we all experience within our own lives, with what our children are doing and consuming, and we realise that those silos and barriers are now gone. We need to be very clever about how we produce our content and need to work more across platforms and look at more opportunities to create different types of content for all of our stations.

I think the Deputy is correct and I will take that back with me and talk to the documentary section about that.

An féidir leis an Teachta Tóibín an pointe a chríochnú, lena thoil? Is féidir leis teacht ar ais arís.

Tá sibh ag déanamh cláir faisnéise agus ag bailiú an taighde, an eolais agus an ábhair agus ní bheadh sé ró-dheacair duine eile, nó an duine céanna, a úsáid chun an clár a dhéanamh i nGaeilge freisin.

Mr. Jim Jennings

I absolutely agree with the Deputy.

Gabhaim buíochas leis an gcathaoirleach agus as an gcur i láthair agus as an eolas. Bhí an-chuid ann. Bhí cúpla ceist ullmhaithe agam agus tá roinnt de na freagraí tagtha cheana féin.

Ar an gcéad dul síos teastaíonn uaim go bhfuil sé soiléir go bhfuil ardmholadh tuillte ag Raidió na Gaeltachta. Tá an-mheas ag an dream sa bhaile agus ar fud na tíre ar an tseirbhís agus tá sé agaibhse go seolfaidh sibh an teachtaireacht sin ar ais ag an stáisiún.

Tosaím le díriú isteach ar dhá ábhar faoi leith. Má tá aon dul chun cinn á dhéanamh teastaítear a bheith cinnte i gcónaí gur féidir leis an duine é a thomhas agus go mbeidh a fhios ag an duine cé chomh maith nó chomh holc is atá rudaí ag dul. Tuigim go bhfuil an deacracht leis an Joint National Listenership Research, JNLR, leis na figiúirí agus nach bhfuil an t-eolas ann agus is maith an rud é go bhfuil an t-uirlis taighde Fios Físe á úsáid. An bhfuil costas breise ag baint leis sin chun an taighde sin a chur ar fáil i gcomparáid leis na stáisiúin tráchtála? An bhfuil Raidió na Gaeltachta chun eolas breise a fháil nó an bhfuil ualach mór nó cén saghas costas atá i gceist maidir leis sin? Ní fheadar an bhfuil sé i gceist ag an stáisiún díriú isteach ar mhuintir Ghaeltachta, muintir na Gaeilge nó ar an daonra ar fad nó cé orthu a bheidh an taighde seo á dhíriú? Tá a fhios agam gur luadh rud éigin mar gheall ar Ghaeilgeoirí amháin nó an bhfuil sé i gceist dul i dtreo daoine nach bhfuil an Ghaeilge acu chomh maith, agus féachaint an féidir iad siúd a mhealladh go dtí an stáisiún? Má chuimhnítear ar an tslí a bhí ag TG4 cheana féin, nuair a bhí na cluichí ceannais de chraobhacha na hÉireann acu agus, go tobann, síneadh amach an stáisiún os comhair slua ollmhór nach mbeadh aon Ghaeilge acu.

Tarraingaoídh i dtreo TG4 iad. An bhfuil aon rud mar sin in aigne ag Raidió na Gaeltachta nó an bhfuil sé ag díriú ar mhuintir na Gaolainne amháin?

Tagraím do na foirne. Braithim go bhfuil an nuacht an-tábhachtach, ach go háirithe an nuacht áitiúil agus go mbeadh an ceangail ag Raidió na Gaeltachta leis an nGaeltacht i gcónaí agus go mbeadh na scéalta áitiúla ann. Cén plean atá ag Raidió na Gaeltachta chun go mbeadh tuairisceoirí áitiúla ann? An é go mbeidh daoine ó Bhaile na Gall mar shampla, ag taisteal soir siar thar Chúige Mumhan nó an mbeidh daoine áitiúil ag Raidió na Gaeltachta i gceantar Múscraí, i gceantar na Rinne, ar Chléire agus in Uíbh Ráthach? Conas a n-oibreoidh sé chun a chinntiú go mbeadh an nuacht áitiúil agus an eolas áitiúla ar fáil?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Freagróidh mé an chéad cheist ó thaobh Fios Físe agus an taighde éisteachta. Tá costas breise i gceist. Tá sé suntasach san am atá ann leis an míniú atá tugtha ar chúrsaí airgeadais in RTÉ, go bhfuil an infheistíocht á déanamh i dtaighde leanúnach don chéad uair i stair Raidió na Gaeltachta, ach tá an costas á roinnt mar go bhfuilimid á déanamh mar chuid de chomhphairtíocht le TG4 agus tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag tabhairt faoi sin.

Sa taighde sin táimid ag díriú ar phobal na Gaeilge, bíodh siad sa Ghaeltacht nó taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá sampla de 500 duine mar chuid den taighde sin agus tá an scaipeadh déanta ar an 500 duine sin de réir bunadh déimeagrafaigh an daonáirimh ó thaobh cá bhfuil daoine a labhraíonn Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

Maidir le bheith ag freastal ar phobal éisteachta gan Ghaeilge, ó thaobh na taighde de, faighimid cuid den eolas sin ón JNLR. Freisin, tá painéal taighde lucht féachana agus lucht éisteachta inmhéanach ag RTÉ. Úsáidtear é le haghaidh ceisteanna a fhreagairt trasna na réimsí uilig agus táimid in ann mianta dream nach bhfuil Gaeilge acu a fháil trí sin. Tá sé éagsúil ó thaobh TG4, ach tá sé níos deacra geallúint a thabhairt ó thaobh daoine a mhealladh ó thaobh lucht éisteachta a chomhlíonadh ó thaobh cúrsaí raidió de. Leis an teilifís tá fotheidil agus físe ann. Tá ceol agus bealaí eile ina thimpeall ach fágfaidh mé é sin ag an Uasal Mac Donncha.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Tá roinnt oibre déanta againn ar chúrsaí ceoil. Is sin ceann de na háiteanna is mó gur féidir linn dul i bhfeidhm ar dhaoine nach bhfuil aon Ghaeilge acu, go háirithe leis an ceol traidisiúnta. Tá ceol tíre againn frieisin faoi láthair agus tá an-tóir air sin. Táimid ag forbairt an sceidil idir a 7 p.m. agus 9 p.m. san oíche mar shampla. Táimid ag iarraidh a bheith ag rá le daoine gur seo tobar an cheoil, má tá siad ag iarraidh éisteacht le ceol traidisiúnta, bí ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta idir a 7 p.m. agus 9 p.m. agus is cuma cé as iad agus is cuma mura bhfuil Gaeilge ná Béarla acu: má tá suim acu sa cheol tradisiúnta, d'fhéadfaidís éisteacht leis seo. Mar a dúirt an tUasal Mac Con Iomaire, tá sé níos deacra dul i bhfeidhm ar dhaoine amuigh ansin mar nach bhfuil pictiúir nó fotheidil againn. Nuair atá go leor de na cláracha teanga bhunaithe, tá sé deacair ar dhaoine a bheith ag éisteacht mura bhfuil Gaeilge acu ach táimid ag díriú ar chláracha ceoil le go mbeimid in ann é sin a dhéanamh. Is sampla an-mhaith eile é "An Taobh Tuathail" atá againn ó a 10 p.m. go meánoíche. Tá ceol nua-aoiseach, domhanda ann agus tá éisteacht leis an gclár sin ar fud an domhain. Tá go leor daoine ag éisteacht leis sin. Is samplaí iad sin de na bealaí a bhfuilimid ag iarraidh dul i ngleic le daoine nach bhfuil aon Gaeilge acu.

Maidir le cúrsaí foirne agus tuairisceoirí áitiúla-----

Sula bhfágann an tUasal Mac Donncha Fios Físe tá dhá cheist agam. An bhfuil eolas breise á bhailiú ag Raidió na Gaeltachta seachas mar a bheadh ón JNLR nó an bhfuil an taighde seo chun Raidió na Gaeltachta a chur ar chomhchéim leis an JNLR? An bhfuil Raidió na Gaeltachta ag bailiú an eolas sin ó Thuaidh chomh maith?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

I dtosach báire, sa phainéal sin de 500 agus an coibhneas déimeagrafaíochta, tá an dá thaobh den Teorainn tugtha san áireamh so táimid ag bailiú eolas ó Thuaidh.

Ó thaobh an eolais de, is é an deis atá againn le Fios Físe ná an bua a bhaineann le taighde sonrach a bheith againn. Tá an deis againn eolas a fháil maidir le héisteoirí dílse na gcláracha éagsúla atá ar Raidió na Gaeltachta agus ar thaitin siad leo nó nár thaitin siad leo. Ansin bíonn ceist shonrach le chuile shuirbhé, mar shampla, b'fhéidir go mbeadh ceist ar leith maidir le "Adhmhaidin" seachtain amháin agus seachtain eile b'fhéidir go mbeadh ceist ar leith maidir le clúdach spóirt ionas go bhfuilimid in ann pictiúr ginearálta a fháil ó thaobh minicíocht éisteachta. Is féidir linn a fháil amach an maith le daoine an rud atá siad ag éisteacht leis nó nach maith leo. Ansin nuair a táimid ag lorg freagraí ar cheisteanna shonracha, tá an deis againn é a úsáid ó thaobh eagarthóireacht agus forbairt an chláir freisin.

Ní hamháin go mbeidh Raidió na Gaeltachta ar chomhchéim leis na gcraoltóirí tráchtála ach beidh buntáiste i gceist.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Beidh. Tá buntáiste againn mar gheall go bhfuil an córas taighde á dhéanamh go sonrach dúinne agus do TG4 tríd Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Gheobhaimid an t-eolas cruinn atá uainn as.

Maidir leis an fhoireann agus na hiriseoirí agus an scéal áitiúil-----

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Ó bunaíodh an stáisiúin, tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag iarraidh go bhfuil daoine ag oibriú as na stúideoanna agus as na hoifigí atá againn i mBaile na nGall, i gConamara agus sna Doirí Beaga agus tá méid áirithe daoine ag obair i mBaile Átha Cliath freisin. Níor chleacht Raidió na Gaeltachta riamh tuairisceoirí a lonnú in aon cheann de na ceantair Gaeltachta nach raibh ag obair sna stúideo nó sna hoifigí atá againn. Tá roinnt saoririseoirí amuigh ansin a bhíonn ag soláthar ábhair dúinn agus tá siad scaipthe ar fud na tíre, ní hamháin sna ceantair Ghaeltachta ach tá go leor acu sa Rinn, i gCiarraí theas agus i Maigh Eo a bhíonn ag déanamh teagmháil go rialta leis an raidió agus a chuireann iriseoirí na seirbhíse ar an eolas faoi chéard atá ag tarlú ach chomh maith leis sin tá iriseoirí againn féin ag dul amach chuig na pobail sin chomh maith. Luaigh mé níos luaithe na cláracha irise a théann amach ag déanamh craoltaí seachtracha. Tá an-cheangal agus an-aithne ag iriseoirí Raidió na Gaeltachta ar na pobail áitiúla sin, cibé áit ina bhfuil siad sna ceantair Gaeltachta. Sin an modus operandi atá againn.

Is cosúil le go bhfuil network ann do iriseoirí ar fud na ceantair éagsúla.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Tá.

An bhfuil claontacht i dtreo an iriseora áitiúil leis an eolas áitiúil nó i dtreo duine a bheadh soir agus siar ar fud na tíre?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Tá meascán den dá rud ann-----

Tá costas sa bhreis ag baint le bheith-----

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Tá ar ndóigh.

-----ag rith mórthimpeall na tíre.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Tá agus is sin an fáth go ndeirim go bhfuil meascán den dá rud ann. Má tá saoririseoirí ina gcónaí i gceantar ar leith, tá buntáiste aige nó aici sa mhéad agus atá siad ansin ar an láthair agus tá deis acu teacht ar na scéalta agus labhairt leis na daoine go háitiúla. Agus sin ráite, bíonn na seomraí nuachta atá againne de shíor ar an bhfón ag caint le coistí éagsúla, Teachtaí Dála, Seanadóirí, daoine atá ar na comhairlí contae-----

Cé hiad na Teachtaí Dála?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

-----agus bíonn siad amuigh ag cuairtiú eolais an t-am ar fad. Is sin cuid den iriseoireacht. Tá go leor iriseoirí ag obair i mBaile Átha Cliath a bhíonn ag clúdach scéalta, bíodh siad i Liatroim nó i Luimneach. Níl aon rud neamhghnách leis sin agus is é sin a déanaimid i Raidió na Gaeltachta.

Míle buíochas. Tá ardmholadh tuillte ag na finnéithe agus cuireann sé iontas orm i gcónaí an bealach a n-éiríonn le Raidió na Gaeltachta teacht ar iriseoirí, tráchtairí nó gnáthdhaoine ar fud na tíre agus ar fud an domhain i gcónaí. Tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre taobh thiar den rud uilig.

Sa chomhthéacs sin, ní féidir a bheith sásta go bhfuil míchóthromaíocht i gceist ó thaobh scáileanna pá de.

Tá an dualgas orainn mar Theachtaí Dála é a ardú i mbealach éagsúla. Chuala mé an freagra gur rud stairiúil é ach ní thuigim cén chaoi gur féidir le daoine a bheith ag déanamh an obair ceannann céanna nó níos mó oibre ar scáileanna pá níos ísle. Cén fáth go bhfuil Raidió na Gaeltachta ag glacadh leis sin?

Tagraím don phlean gníomhaíochta agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Beidh an tAire Stáit nua ag teacht os ár gcomhair i gceann coicís agus cuirfimid tús leis seo. An raibh Raidió na Gaeltachta bainteach leis an bplean seo nó an raibh sé mar chuid den chomhairliú a tharla? Cad iad na rudaí is tábhachtaí ó thaobh an plean gníomhaíochta seo ó thaobh Raidió na Gaeltachta?

Tagraím don taighde. Is rud iontach é go bhfuil taighde á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh. An dtabharfaidh na finnéithe tuilleadh sonraí? Tuigim nach bhfuil aon spriocdháta agus gur rud leanúnach é, ach an bhfuil conradh seirbhíse i gceist? Cá fhad atá sé? An bhfuil airgead i gceist nó an bhfuil an ollscoil ag obair i gcomhpháirtíocht le Raidió na Gaeltachta? Má tá, is rud iontach é sin. Má tá airgead i gceist, tabhair na sonraí dom maidir leis sin.

Tagraím do cheannairí gníomhach. Nílim ag iarraidh a bheith pearsanta ach maidir leis an ról, cá fhad atá an ról gníomhach? B'fhéidir go bhfuil ceist nó dhó eile agam ach is dócha go bhfuil siad go léir curtha ag an bpointe seo.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Déanfaidh mé iarracht an méid ó thaobh cúrsaí pá agus róil comhionannas agus mar sin de a shoiléiriú chomh mór agus atá mé in ann. Glacaim leis an méid a dúirt an Teachta Ó Cuív níos luaithe nuair a chuaigh mé siar go 1972 ach caithfidh mé tosú ansin agus tiocfaimid chun cinn leis sin. Nuair a bunaíodh Raidió na Gaeltachta i 1972, cruthaíodh grád ar leith, grád an clár reachtaire. Sa lá atá inniu ann, le roinnt blianta anuas, tá gráid tagtha chun cinn i RTÉ ina bhfuil iriseoirí ildánach fostaithe agus tá RTÉ ag súil le go mbeidh siad ag déanamh níos mó ná aon ról amháin, ach le blianta fada i RTÉ ní bhíodh rudaí mar sin. Bheadh duine i mbun dualgas amháin go sonrach lena ról agus nuair a bunaíodh RTÉ Raidió na Gaeltachta, briseadh an nós sin mar d'fhág an grád an clár reachtaire go raibh na daoine a bhí fostaithe ildánach sa mhéid agus go raibh siad in ann a bheith ag obair trasna rudaí ar leith. Mar shampla, d'fhéadfadh duine a bheith i mbun iriseoireachta, láithreoireachta agus léiritheoireachta. Go dtí an lá atá inniu ann, níl comhionann an ról sin i RTÉ. Mar shampla, i rannóg raidió RTÉ, tá ról darbh ainm radio producer agus déanann an duine sin léiriúcháin agus léiriúcháin amháin. Tá presenter agus multimedia journalist agus níl comhionann na ngrád sin aon áit eile. Ó thaobh an pá agus an leibhéal de, tosaíonn an grád ag pointe comhionann nó beagán níos airde ná multimedia journalist, mar shampla, ach críochnaíonn sé ag leibhéal níos ísle freisin. Sin an cúlra atá leis sin.

Cad iad na figiúirí ar an leibhéal níos ísle?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Tá na figiúirí ag an gcomhchoiste ón uair dheireanach a raibh muid anseo. An bhfuil an Teachta ag iarraidh go léifidh mé amach na figiúirí ar an taifead anseo?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Tá bun an scála do chlár reachtaire €45,812 agus barr an scála €60,412.

Céard a bheadh ag-----

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Tá bun an scála do multimedia journalist €42,783 agus barr an scála €66,209.

Cad faoin gcomparáid idir láithreoir "Nuacht a hAon" ar Raidió na Gaeltachta agus "The Late Debate" ar RTÉ Raidió 1 nó the Saturday show ar RTÉ Raidió 1? Cén difríocht a bheadh sa phá?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Níl sé sin ann-----

An bhfuil na finnéithe in ann é a fháil?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

-----ach ó thaobh láithreoir Raidió na Gaeltachta, is é pá an clár reachtaire a bheadh i gceist.

Tá sé sin idir €45,812 agus €60,412 ach céard faoi láithreoir ar chlár ar comhionann ar RTÉ ar nós "Drivetime" nó "The Late Debate"?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Maidir leis an gceist sin, tá sé tábhachtach freisin go gcuimhneofaí go bhfuil RTÉ ag breathnú anois ar na gráid ar fad. Tá an tuairisc scríofa sin ag Kieran Mulvey. Tá os cionn 65 gráid ann. Anois breathnófar ar chlár reachtaire san áireamh ansin.

Dúireadh rud ar ball ansin-----

Gabh mo leithscéal, tábharfaidh mé neart ama don Teachta ach ba mhaith liom a rá nach mbaineann cúrsaí pá linn ar an gcoiste agus tuigim é sin, ach ó thaobh na Gaeilge de, má tá oibrithe ar leibhéal níos ísle ag déanamh obair na gcapall, baineann sé linn ó thaobh na Gaeilge de.

Mar Theachtaí Dála baineann sé linn freisin mar is muidne a chuireann ceadúnas ar fáil don airgead.

Cinnte, ach baineann sé linn ó thaobh na Gaeilge de. Is sin an fáth nár chuir mé isteach ar an Teachta agus na ceisteanna á chur, mé féin san áireamh, mar tá sé tábhachtach. Tá an t-uafás aighneachtaí faighte againn ag cur in iúl go bhfuil míchothromaíocht pá i gceist. Ag breathnú air sin, tá baol mór go bhfuil an Gaeilge thíos, in ainneoin an obair na gcapall a luaigh mé.

Is airgead vótáilte é a bhíonn ag RTÉ. Íoctar an ceadúnais isteach sa lárchiste agus vótálann an tOireachtas an t-airgead do RTÉ, BAI agus chuile dhream eile. Mar Theachta Dála tá an-spéis agam sa chothroime nó éagothroime atá i RTÉ agus i cén fáth go bhfuilimid ag tabhairt airgead do eagraíocht atá chomh éagrothrom. An mbeadh sé ceart go leor é a dhéanamh ar bhonn inscne? Bheadh sé ina réabadh liú. Bheadh sé ina rírá agus a ruaille buaille agus mar sin baineann sé linn mar Theachtaí Dála cinnte dearfach. Tá a fhios agam go mbíodh RTÉ á plé go minic ag an mbord Rialtas agus go minic ní raibh an oiread sin de dea-thoil tuillte ag an eagraíocht de bharr a mí-iompar.

Aontaím go huile agus go hiomlán leis an Teachta. Ní raibh mé ach ag cur i gcomhthéacs gur rud neamhghnách é dúinn a bheith ag caint faoi chúrsaí pá. Is sin an fáth. Tá sé thar a bheith tábhachtach ach chuir mé a lán ceisteanna eile chomh maith leis sin.

Tagraím don tuarascáil maidir leis na gráid agus an t-athbhreithniú atá i gceist atá le foilsiú. An bhfuil sí foilsithe?

Mr. Jim Jennings

No that work is ongoing. It arose out of Kieran Mulvey's report so an engagement is just about to start between RTÉ and the unions about all of these issues.

Cén uair a cuireadh tús leis an bpróiseas seo agus cén uair a bheidh sé críochnaithe?

Mr. Jim Jennings

The contract to review started about four or five months ago when Kieran Mulvey did it and he has reported back. That is being assessed by human resources, HR, in RTÉ at the moment. They are going through all of the issues that he has raised, and arising out of Kieran Mulvey's report was this issue of his comments on our grading system, the fact that there are too many and that there are discrepancies in it. He has asked RTÉ to look at that. Our director of HR has just started a process in tandem with the contract to review and look at those issues.

She is about to enter into discussions with the representative bodies in RTÉ on these issues.

Cuirim an cheist i gcónaí an bhfuil scála ama i gceist ó thaobh thús agus chríoch an phróisis seo.

Mr. Jim Jennings

I will try to find out for the Chairman and get back to the committee.

Gabhaim buíochas leis an Uasal Jennings agus rachaidh mé ar ais arís go dtí na ceisteanna.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Luaigh an Cathaoirleach ansin an taighde. Tá conradh seirbhíse 18 mhí idir RTÉ agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Síníodh an conradh le gairid idir uachtarán na hollscoile agus an príomstiúrthóir mar chuid de phacáiste comhpháirtíochta idir muid agus iad. Táimid agus TG4 ag íoc táillí leis an ollscoil ar mhaithe leis an taighde.

Tá scála ama i gceist i dtús báire. Tá conradh 18 mhí i gceist. Tar éis an taighde sin beidh aiseolas agus beidh sé sin le fáil go poiblí. Níl sé cinntithe fós, an bhfuil?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Shamhlóinn go mbeadh cuid den eolas ar fáil go poiblí. D’fhéadfadh cuid den eolas a mbeimid ag úsáid a bheith leochaileach ó thaobh cláir ar leith nó tuairimíocht i leith an chláir sin agus mar sin de.

Tuigim é sin ach dúirt sibh na focail “ar bhonn leanúnach”. I dtús báire, tá conradh agus tá scála ama i gceist. An bhfuil an tUasal Mac Con Iomaire in ann a rá cé mhéad airgead atá i gceist?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Tá an conradh ann. Tá an taighde ag tarlú ar bhonn leanúnach. Nuair a deirim “ar bhonn leanúnach”, bíonn torthaí taighde ann uair in aghaidh na míosa agus chuile dhá mhí do phíosaí níos suntasaí.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Is é an rud atá tábhachtach agus a léiríonn cé chomh leanúnach is atá sé seo ná go mbeidh ceisneoir ag dul amach ag na daoine agus a mbeidh ag breathnú air seo gach seachtain, gach maidin Dé Luain. Cuirfear liosta ceisteanna chomh fada leo agus déarfaidh siad cé na cláir a raibh siad ag éisteacht leo agus céard a cheap siad faoi na cláir sin. Maidir leis na ceisteanna a luaigh An tUasal Mac Con Iomaire níos luaithe, gheobhaimid breis eolais uathu faoi ní amháin an raibh siad nó nach raibh siad ag éisteacht, ach cén fáth an raibh siad ag éisteacht, agus céard a thaitin nó nár thaitin leo. Beidh léirmheastóireacht san eolas sin a bheidh ag teacht ar ais. Mar a deir mé, tá an suirbhé sin agus na ceisteanna sin ag dul amach chuile Dé Luain.

Tuigim é sin agus ceapaim go bhfuil se go maith agus aontaíonn gach Teachta Dála go bhfuil sé go maith. Ní raibh mé ag iarraidh ansin ach na sonraí a fháil amach agus an chaoi a dhéantar é. An bhfuil ceist eile?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Tá ceist eile maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus leis an straitéis gníomhaíochta.

An plean gníomhaíochta agus an straitéis.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

An plean gníomhaíochta ag éirí as an straitéis. Tá RTÉ luaite go sonrach sa straitéis. Ceann de na tagairtí atá ann ná do normalú. Is é an tuairim atá ann ná go ndéanfaí an Ghaeilge a normalú ar an mbealach a mbeadh sé á dhéanamh taobh istigh de Sheachtain na Gaeilge ach go ndéanfaí é seo don bhliain ar fad. Tá é seo ag tarlú agus tús curtha againn leis seo le tamall trasna beagnach gach ardán. Is iad na hardáin is mó a thabharfaí faoi deara ná na hardáin ina mbíodh sé le linn Sheachtain na Gaeilge, is iad sin RTÉ 1 agus RTÉ 2. Táimid á dhéanamh sna háiteanna nach mbeadh sé á dhéanamh san am atá caite ó thaobh na meán sóisialta agus mar sin de. B'fhéidir dá mbeifí ag suí síos agus ag breathnú ar "Eastenders" bhí sé chomh réidh agus chomh cóngarach is go gcuirfí i láthair i nGaeilge é is a bheadh sé i mBéarla.

Taobh istigh den phlean gníomhaíochta féin, d'oibríomar i gcomhar leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, go háirithe i leith tograí digiteacha i bhfianaise na n-ardán atá ag RTÉ. Feicimid, agus feiceann an Roinn freisin, go bhfuil buntáiste ar leith againn sa mhéid go dtarraingíonn ardáin dhigiteacha RTÉ lucht féachana, éisteachta nó léitheoireachta an-mhór. Táimid á n-úsáid sin mar dheis ábhair Ghaeilge a chur ar fáil do dhaoine nó a chur ar shúile daoine. Is é sampla díobh sin go bhfuil suíomh nua Gaeilge forbartha againn, chomh maith leis an nuacht, mar tá an clár sin ann. Ina theannta sin, tá RTÉ.ie Gaeilge againn. Ní hamháin go bhfuil sé sin ar an suíomh ach ma théitear isteach ar an aip newsnow, feicfear leathanach Gaeilge.

Tá an plean léite agam agus tá rudaí faoi leith luaite ó thaobh RTÉ de agus an plean gníomhaíochta seo. An bhfuil foireann bheag nó foireann oibre agaibh ag breathnú air seo? Tá a fhios agam nach bhfuil sé foilsithe ach le cúpla mí ach tá an straitéis foilsithe leis na blianta. Cé atá ag déanamh monatóireacht ar an ról atá agaibhse ó thaobh na straitéise de agus ó thaobh an phlean seo? Ní h-amháin sibhse ach gach dream a thagann os ár gcomhair, tá dualgas orthu agus tá rudaí iontacha scríofa i dtuarascálacha éagsúla, ach cé atá i mbun monatóireachta?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Ó thaobh na Gaeilge de, déarfainn go bhfuil dhá phróiseas monatóireachta ann dúinne go seachtrach. Tá próiseas ann ó thaobh an rialaitheora, is é sin Údarás Craolacháin na hÉireann, sa mhéid a dhéanaimid commitments agus go dtagann sé ar ais maidir leis sin. Chomh maith leis sin-----

An é sin an dream nach bhfuil os ár gcomhair inniu, an comhairle?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

No, is é sin Údarás Craolacháin na hÉireann nó BAI. Ina theannta sin cuirim tuairiscí bliantúla ar fáil don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ó thaobh an dul chun cinn atá á dhéanamh ar an méid atá leagtha amach againn agus go bhfuilimid ag rá go bhfuil á dhéanamh.

B'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais chuige mar ní raibh an BAI os ár gcomhair agus ní dócha go raibh a lán eolais aige faoi chúrsaí Gaeilge. Tiocfaidh mé ar ais go dtí an pointe sin agus go dtí na rudaí faoi leith atá luaite anseo. B'fhéidir nach raibh deis ag na finnéithe é a léamh. Tá rudaí faoi leith ó thaobh na meán agus cúrsaí teicneolaíochta anseo. An bhfuil tuilleadh ceisteanna ag an Teachta?

An bhfuil titim tagtha ar éisteacht 2FM?

Mr. Jim Jennings

No, there has been increase.

Taispeánann é sin go bhfuil gá agus éisteacht ann do raidió atá dírithe ar an déimeagrafach sin le hais mar atá ag RTÉ 1.

A Theachta, gabh mo leithscéal, rinne mise botún. Bhí an BAI os ár gcomhair, chun é sin a cheartú chomh sciobtha agus is féidir liom é a cheartú. Bhí doiléireacht i gceist ó thaobh monatóireacht ar chúrsaí Gaeilge. Bhí an rud go léir doiléir. Ba mhaith liom an taifead a cheartú. Gabh mo leithscéal.

Sa bhliain 2000, mhol coiste daoine óga sa Ghaeltacht go mbunófaí agus go mbeadh bealach raidió faoi leith do dhaoine óga. Ceapaim go bhfuil sé sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, mar cheann de na rudaí a leag an Rialtas roimhe lena dhéanamh. Tá na finnéithe ag rá go bhfuil siad ag smaoineamh agus ag breathnú air agus ag déanamh machnamh faoi. Feictear dom go bhfuil an saol bánaithe le hathbhreithnithe agus machnaimh agus mar sin de. Tá sé seo 18 mbliana a bheith ar gor.

Ón am a fógraíodh Raidió na Gaeltachta go mbunófaí é, cén fad a thóg sé? Is é sin an cheist. Bliain go leith nó dhá bhliain, an ea?

Mr. Gearóid Mac Donncha

An bhfuil an Teachta ag labhairt faoi 1972, an ea?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Caithfidh mé a rá nach bhfuil a fhios agamsa.

Déarfainn go bhfaighfear amach go raibh sé i bhfad níos éasca stáisiún raidió as an nua don éileamh seo a bhunú ná mar atá sé freastal ar aos óg na Gaeltachta, tráth a bhfuil brú ollmhór ar an teanga sa Ghaeltacht. Tá a fhios againn nach bhfuil na daoine óga ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta. Níl siad. Ní hé sin an cineál raidió a éisteann siad leis. Níl siad ag éisteacht le RTÉ Raidió 1 ach oiread ar fud na tíre. Ní thuigim cén fáth nár thug RTÉ, an mháthairchomhlacht, faoi seo. Ní féidir le Raidió na Gaeltachta é a dhéanamh. Ní ceist do Raidió na Gaeltachta í. An dream ab ea é chun é sin a dhéanamh ach RTÉ. Is aige siúd atá na tonnta, mar a déarfá, agus an t-airgead.

Smaoineofar air sin nuair a thiocfaidh iarratais, mar a thagann go féiltiúil, ó RTÉ go dtí an tOireachtas ag cuardach tuilleadh airgid. Is le haghaidh craoladh poiblí atá sé, ní le craoladh tráchtála. B'shin an fáth nár chuir mé an cheist ag an tús maidir leis an ioncam tráchtála. Bunáite an ruda atá ar bun ag RTÉ. Níl aon ghá le fordheontas. Tá sé á dhéanamh ag go leor craoltóirí ar fud na tíre gan aon fhordheontas. Is le craoladh poiblí atá an ceadúnas agus ní dhéanfar dearmad air sin.

Maidir le cúrsaí nuachta, rinneadh cinneadh fáil réidh leis an nuacht ag 1 a chlog. Athraíodh an cinneadh sin agus, dá bharr, tá an nuacht ar ais arís ag 1 a chlog ar Raidió na Gaeltachta. Cad a tharla? Cén fáth a rinneadh an cinneadh sin fáil réidh leis?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Go bunúsach, nuair a bhí na pacáistí iomarcaíochta ag teacht, d'imigh beirt as rannóg na nuachta a bhí againn i gCasla. Mar gheall air sin, b'éigean dúinn breathnú arís ar an láimhseáil atáimid ag déanamh ar chúrsaí nuachta agus an bealach a bhfuilimid ag cur foirne i dtreo na gclár. Mar sin tá athrú suntasach déanta againn ar an gcaoi a bhfuilimid ag tabhairt faoi "Nuacht a hAon" anois, sa mhéid is go bhfuil an léiritheoir ag obair i gCasla ach tá an láithreoir ag obair i mBaile Átha Cliath. Le cúrsaí teicneolaíochta mar atá, tá an deis againn é sin a dhéanamh. Is rud a chonaiceamar nuair a bhíomar ar cuairt ar BBC na Breataine Bige agus in áiteanna eile, go bhfuil siadsan ag déanamh cláir ach iad ag teacht ó dhá áit dhifriúla. Den chéad uair anois táimid ag déanamh é sin chomh maith agus ciallaíonn sé sin go bhfuilimid in ann daoine a bhí ag obair in áiteanna eile a threorú i dtreo "Nuacht a hAon". B'shin an fáth go bhfuil "Nuacht a hAon" tagtha ar ais ar an aer mar a bhíodh.

Tá ceist amháin agam maidir leis sin. I láthair na huaire, bíonn nuacht áitiúil don deisceart, don tuaisceart agus do Chonamara? Tá an cathú ann nuair atá nuacht an duine féin faighte, go mb'fhéidir leis nó léi éisteacht le stáisiún eile, mar tá a fhios ag an saol céard a dhéanann an duine sa charr anois ach brú ar na cnaipí. An mbeadh sé indéanta nó an bhféadfaí ar na tarchuradóirí ó dheas nuacht an deiscirt a chur amach ag an am céanna agus iad ag cur nuacht an iarthair amach? Freagraíonn é sin an cheist a bhí ag an Teachta Tóibín an dtoileofaí leagan náisiúnta a chur amach don chuid eile den tír. I ndáiríre níl mórán spéise ag pobal na Mí i mionfhadhbanna Chonamara, mar a dúirt an Teachta Tóibín, ach tá an-spéis go deo ag muintir Chonamara iontu. An mbeadh aon fhadhb theicniúil ann é sin a dhéanamh?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Dá mbeadh sé ar líne amháin bheadh sé an-éasca é sin a dhéanamh. Tá go leor trasnála thar a chéile ar an leagan amach atá ar na tarchuradóirí FM ar fud na tíre. B'shin an baol a bheadh ann, go mbeadh comhartha amháin ag cur as do chomhartha eile. Ní fhéadfaí scoilt ghlan a dhéanamh idir ceantair éagsúla.

Ní fear teicniúil mé ach chaithfí go bhfuil réiteach teicniúil air sin. Tá réiteach ar gach uile shórt na laethanta seo.

Sílim go bhfuil sé i bhfad níos fearr ar an gcaoi ina bhfuil sé. Táimid in ann na canúintí uile a chloisteáil ar aon nós. B'shin rud eile.

Ní bheifear ag éisteacht leis an gcanúint mura bhfuil an nuacht féin spéisiúil.

Tá de phribhléid agam a bheith anseo sa Chathaoir seo ag éisteacht le cuir i láthair le dhá bhliain go leith. Tá sé ráite go mion minic nach Bliain na Gaeilge i ndáiríre ach bliain na géarchéime atá i gceist. Nuair a chloisim scéalta go bhfuil deireadh curtha le clár nuachta, tá sé deacair glacadh leis sin agus an t-eolas uile atá againn ar an gcoiste gur bliain na géarchéime atá i gceist.

Is é an rud ceannann céanna atá ann maidir leis an gá réamhthaifeadadh a dhéanamh ar an nuacht mar go raibh an seomra ag teastáil ó RTÉ leis an nuacht i mBéarla a dhéanamh. Cén córas atá ag RTÉ? Táimid ag caint faoi dhúshláin, fhorbairt agus thodhchaí Raidió na Gaeltachta. Ar an ábhar sin cén sórt córais atá ann le haiseolas a fháil ón bhfoireann maidir le todhchaí na Gaeilge i bhfianaise na ndeacrachtaí atá ann, seachas cinntí a bheith á ndéanamh chun deireadh a chur le cláir atá thar a bheith tábhachtach, de bharr ciorruithe?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Fágfaidh mé faoin Uasal Mac Donncha aiseolas foirne a thabhairt faoi go bhfuil sé ag déileáil leis an bhfoireann ó lá go lá.

Ba mhaith liom beagáinín comhthéacs a chur timpeall ar an gcinneadh maidir le "Nuacht a hAon" atá tábhachtach, sa mhéid nach raibh sé i gceist riamh deireadh scun scan a chur leis an gclár. Is éard a tharlaítear ar RTÉ Radio na Gaeltachta le héascaíochtaí maidir le saoire agus gach uile shórt mar sin, go laghdaítear "Nuacht a hAon" ó uair a chloig go dtí leathuair. Tháinig na pacáistí iomarcaíochta seo i mí Aibreáin. Bhí sé i gceist againn, mar atá curtha agus á gcur ann faoi láthair ag an Uasal Mac Donncha mar cheannaire gníomhach, athruithe suntasacha a dhéanamh trasna an sceidil. Chinneamar ag an am sin gurbh fhearr, ó thaobh bheith in ann fócas a bheith againn ar na hathruithe sin a chur ann san fhómhar, an "Nuacht a hAon" gearr a thabhairt chun cinn ó thús an tsamhraidh go dtí tús mhí Aibreáin agus ansin breathnú ar chéard atá céard dhéanamh, seachas a bheith ag iarraidh teacht ar leigheas sealadach a tharraingeodh daoine amach ó áit amháin go dtí áit eile. Bheimis in ann oibriú amach ansin an áit ina rabhamar ag dul ó thaobh an sceideal nua seo a bheadh cláir bhreise ann agus mar sin de. B'shin cuid den chomhthéacs.

Maidir le haiseolas foirne-----

Gabhaim buíochas leis an Uasal Mac Con Iomaire as sin ach ní hé sin an teachtaireacht a tháinig trasna chugainn. Tá sé deacair ó thaobh na teachtaireachtaí a thagann trasna chugainn, ar nós deireadh a chur le réamhthaifeadadh a dhéanamh. An teachtaireacht a fhaighim féin go bhfuil tábhacht ag gabháil leis an nGaeilge, leis an ngéarchéim nó leis an ngá atá ann rud a chur i gcomhthéacs. Tá an cúlra tugtha ag an Uasal Mac Con Iomaire ar aon nós.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Maidir leis an aiseolas agus an deis atá ag an bhfoireann aiseolas ionchur nó tionchar a bheith acu ar an bpróiseas atá ar siúl-----

Ní ar an bpróiseas ach ó thaobh na Gaeilge de agus todhchaí na Gaeilge agus na bealaí dearfacha-----

Mr. Gearóid Mac Donncha

Bíonn siad ag cur leis an tseirbhís atá againn go laethúil agus ar bhonn níos leithne ná sin. Maidir leis na hathruithe atá déanta againn ar an sceideal, tá an próiseas seo ar siúl le sé nó ocht mí anuas. Bhí a fhios againn go raibh daoine ag fágáil ar phacáistí iomarcaíochta agus go mbeadh orainn breathnú ar an sceideal atá againn agus athruithe a dhéanamh. Ceann de na rudaí is tábhachtaí a rinneamar sa phróiseas sin ná go gcaithfeadh ionchur na foirne a bheith againn sna hathruithe agus sna leasuithe a bhí á ndéanamh. Bhí sé tábhachtach go mbeadh glór na foirne le cloisteáil ar dtús báire go bhfeicimis céard a cheap siad faoin gcraoladh atá againn, cé na háiteanna a bhféadfaimis feabhas a dhéanamh, agus gur cheart dúinn a athrú.

Rinneamar trí rud chun é sin a fháil. An chéad rud a rinneamar go raibh seisiún againn ins na réigiún ar fad leis an bhfoireann, áit ar dhéanadh seisiún brainstorming faoin sceideal atá againn agus faoi cé na hathruithe ar cheart dúinn a dhéanamh air. Rinneamar é sin i ngach réigiún. Chomh maith leis sin, ar fhaitíos nach raibh daoine sásta leis an deis a fuair siad sna seisiúin sin, chuireamar suirbhé ar líne le go bhfeadfaidís eolas a thabhairt dúinn ar an mbonn sin. An tríú rud a bhí ann ná go ndúradh le daoine gur rud é go raibh smaointe acu, dul isteach ag na bainisteoirí agus labhairt faoin sceideal agus faoi na leasuithe gur cheart a dhéanamh. B'shin trí bhealach a ndeachamar ag caint leis an bhfoireann faoi na hathruithe atáimid á ndéanamh. Nílim ag rá gur tháinig na hathruithe ar fad ón bhfoireann. Táim cinnte níor thaitin sé le go leor acu gurbh éigean dúinn an dara cuid den nuacht a bhaint den aer ar feadh dhá mhí. Tháinig go leor moltaí agus smaointe a bhí an-mhaith ón bhfoireann agus atá le feiceáil sa sceideal atá curtha ar an aer anois againn.

Chuamar go dtí an fhoireann, fuaireamar smaointe uathu. d'éisteamar leis an méid a bhí le rá acu agus tá an tionchar atá oibrithe acusan ar an sceideal atá againn anois le feiceáil ar na cláir agus ar na hathruithe atá déanta againn.

Tá ceist faoi rud amháin agam.

Ar fhreagair sibh maidir leis an ról gníomhach? D'iarr mé cá fhad a bheidh tú sa ról seo?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Tá sé i gceist agam an jab a fhógairt faoi cheann coicíse.

Tuigim an méid sin ach cá fhad atá an ról seo agat mar ról gníomhach?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Táimse i mo cheannaire gníomhach le thart ar 16 mhí.

Cé mhéad?

Mr. Gearóid Mac Donncha

Thart ar 16 mhí.

Go raibh míle maith agat. Beidh an cheist dheireanach anois againn.

Tá sainmhíniú nua inniu ar iomarcaíocht. An bhrí atá agam ar an bhfocal “iomarcaíocht” ná an iomarca a bheith ag duine. Is é sin go bhfuil breis foirne nach bhfuil ag teastáil. Is léir ón méid atá ráite againn nach raibh é sin fíor i Raidió na Gaeltachta. Dá dtarlódh sé i gcomhlacht príobháideach go ndearnadh daoine a leagan amach ar iomarcaíocht agus ansin i bhfíorbheagán ama go gcaithfí dul ar ais agus daoine a fhostú leis an jab a dhéanamh, thabharfaí cás cúirte in aghaidh an chomhlachta agus déarfaí, mar a thugann siad i mBéarla, gur constructive dismissal a bhí ann. Ní ghlacaim leis an rud seo faoin iomarcaíocht ar chor ar bith. Ní ceart go dtarlódh sé mar bhí sé le cur as do na seirbhísí.

Gabhaim buíochas leis na daoine ar fad atá i láthair. Is rud maith é go bhfuil sibh sásta teacht os ár gcomhair agus rudaí a phlé mar gan dabht tá Raidió na Gaeltachta mar chroílár den réiteach agus den Ghaeilge. Gan Raidió na Gaeltachta bheadh rudaí i bhfad níos measa. Táimid ag iarraidh, mar choiste, rudaí a thuiscint agus a bheith in ann páirt a ghlacadh sa réiteach. Tuigim go bhfuil fadhbanna tromchúiseacha i gceist. Go poiblí, ceapaim nach bhfuil tuiscint mhaith ag RTÉ. Déanann sé cinntí atá bunaithe ar airgead agus ní thuigeann sé cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge, ach níos mó ná sin, ní thuigeann sé an chosaint atá ag an nGaeilge faoin reachtaíocht. B'shin ábhar do lá eile. B'shin mo theachtaireacht mar Chathaoirleach. Bheadh sé cabhrach dá mbeadh an duine atá i gceannas ar RTÉ sásta teacht os ár gcomhair. Tuigim go bhfuil daoine gnóthach ach bheadh sé i bhfad níos fearr dá mba rud é go raibh sí anseo, ó thaobh an róil lárnaigh atá ag RTÉ ó thaobh na Gaeilge de faoin reachtaíocht, faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, faoin bplean gníomhaíochta agus níl a fhios agam cé mhéad doiciméad. Gabhaim buíochas leis na daoine go léir atá i láthair agus tá sé beagáinín déanach anois. Bhí sé ina chabhair mhór dúinn.

Beidh seisiún príobháideach anois againn anois chun cúpla rud a phlé.

Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ar 6.12 p.m. agus cuireadh ar athló é ar 6.16 p.m. go dtí 4 p.m. Dé Máirt, 6 Samhain 2018.