Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán debate -
Wednesday, 14 Nov 2018

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

Tá fadhb againn maidir leis an gcraolachán. Níl a fhios agam cén fáth.

Bíonn fadhb go rialta.

Bíonn fadhb agam maidir le córam i gcónaí ach is é seo an chéad uair a bhí fadhb agam maidir le cúrsaí craolacháin.

Ní raibh an fhadhb seo ann le déanaí ach bhí sí ann roimhe.

Ag coistí eile, an ea?

Ní hea, ag an gcoiste seo. B'fhéidir go bhfuil dhá sheomra ann anois ach le blianta ní raibh ach seomra coiste amháin ina raibh áiseanna chun aistriúchán a dhéanamh. Bhí fadhb roimhe seo.

Sin fadhb maidir le haistriúchán. Is fadhb í seo maidir le craolachán.

No, bhí fadhb leis an gcóras fuaime. Ba chóir go mbeadh sé ag obair. Cuireadh a lán airgid ann.

Ar a laghad feiceann Údarás na Gaeltachta chomh deacair is atá sé. Níl sé sin ar an taifead because níl aon taifead ann. Déanfaidh mé iarracht eile tús a chur leis an gcruinniú. An bhfuil an t-aonad craolacháin ag éisteacht? Táimid anseo. Tá dualgas orm a chur in iúl cén fáth go bhfuil an cruinniú chomh deireanach sin. I dtús báire bhíomar ag fanacht ar chóram. Tá a fhios agam go bhfuil Teachtaí agus Seanadóirí thar a bheith gnóthach agus go raibh vótáil ar siúl sa Seanad ag an am céanna. Sin cuid den fhadhb. Ba í an fhadhb eile ná go raibh deacrachtaí, agus ní thuigim cén fáth, leis an gcóras craolacháin. Níl a fhios agam an raibh an fhadhb ansin ó thaobh na Gaeilge de. B'fhéidir nach dtuigeann an t-aonad craolacháin í. Tá sé á rá domsa go bhfuil fadhb ó thaobh na Gaeilge de agus nach dtuigeann na daoine atá i gceannas ar an gcóras craolacháin an Ghaeilge. Ar a laghad tá tús curtha leis an gcruinniú anois agus tá córam againn.

Cuirim céad míle fáilte roimh Údarás na Gaeltachta. Is iontach go bhfuil a ionadaithe anseo chun cur i láthair á dhéanamh toisc go bhfuil obair an údaráis thar a bheith tábhachtach do na Gaeltachtaí uilig. Cuirim céad míle fáilte roimh Mícheál Ó hÉanaigh agus Siubhán Nic Grianna. Tá rud beag le déanamh agam maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh. Tá orm é a léamh amach más féidir leis na finnéithe a bheith foighneach.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár cóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Sin mo chuid. Is féidir leis an Uasal Ó hÉanaigh tús a chur leis a chur i láthair. Tá an ráiteas tosaigh againn go léir.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Táimid fíorbhuíoch as an deis seo a bheith againn cur síos a dhéanamh ar ár straitéis don tréimhse ó 2018 go 2020. Tá Údarás na Gaeltachta freagrach as forbairt eacnamúil sóisialta agus cultúrtha na réigiún Gaeltachta in Éirinn. Is é an príomhchuspóir atá againn ná go mbeadh muid ag caomhnú an daonra Gaeltachta agus ag cothú pobail labhartha Gaeilge sna ceantair sin. Lárnach i seo ná an obair a bhíonn ar siúl againn le fostaíocht a chruthú le cur ar chumas daoine fanacht sna pobail seo agus maireachtáil iontu. Clúdaíonn an straitéis atá á chur i bhfeidhm againn le beagnach bliain anuas an tréimhse ó 2018 go 2020. Tá dhá mhórthéama ag baint leis an straitéis sin. Baineann an chéad cheann, an ceann is tábhachtaí, leis an nGaeilge. Tá sé mar phríomhchuspóir againn tacú le, agus forbairt a dhéanamh ar, acmhainní teanga, pobail agus cultúrtha na Gaeltachta chun go mbeidh an Ghaeilge agus pobal na Gaeltachta á gcur chun cinn agus á dtreisiú chun pobal labhartha Gaeilge níos láidre a chothú. Is í an bhunaidhm ansin ná an Ghaeltacht a neartú agus a shaibhriú tríd an straitéis seo.

Baineann an mórthéama eile atá againn le nuálaíocht agus fiontraíocht. Táimid ag obair chun nuálaíocht agus fiontraíocht a chur chun cinn le go mbeadh eacnamaíocht fiontar-bhunaithe le deiseanna fiontraíochta agus fostaíochta á cruthú, eacnamaíocht a dhéanfaidh cumasú ar lucht saothair na Gaeltachta. San obair seo, táimid ag cur béim ar leith ar na hacmhainní nádúrtha saibhre atá sna ceantair Ghaeltachta. Feicimid go bhfuil iad seo fíorthábhachtach ó thaobh forbairt inbhunaithe nó inmharthanach a chruthú.

Táimid ag díriú anseo ar ár straitéis féin ach is ceart a rá go bhfuilimid ag obair i gcomhthéacs straitéisí agus pleananna eile atá i bhfeidhm ar bhonn náisiúnta. B'fhéidir gurb é an príomhcheann ná an gníomhphlean don Ghaeilge don tréimhse ó 2018 go 2022 atá mar chuid den straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Tá an Plean Gníomhaíochta Fostaíochta, the Action Plan for Jobs, ann ina bhfuil spriocanna ar leith leagtha síos dúinn ó thaobh cruthú fostaíochta. Tá sé mar a chéile leis an bPlean Gníomhaíochta d'Fhorbairt Tuaithe. Arís tá spriocanna leagtha síos dúinn ann. Tá rudaí eile ann ar nós Food Wise 2025; the national bioeconomy policy; Harnessing Our Ocean Wealth, plean atá fíorthábhachtach dúinn ó thaobh acmhainní mara de; agus Project Ireland 2040. Tar éis go bhfuil ár straitéis féin againn ina bhfuilimid ag díriú ar cheantair Ghaeltachta, tá sé an-ábhartha i gcomhthéacs na straitéisí náisiúnta seo chomh maith.

Maidir leis an obair atá ar siúl againn agus muid ag dul isteach sa tréimhse seo den straitéis nua, ag deireadh na bliana seo caite bhí 6,503 post lánaimseartha ar an talamh i ngnólachtaí a bhí tacaíocht faighte acu ó Údarás na Gaeltachta. Bhí 606 post páirtaimseartha sna gnólachtaí seo chomh maith. Ar an mapa atá ar an scáileán, feicfidh an coiste an chaoi ina bhfuil na jabanna scaipthe thar na réigiúin éagsúla: 2,193 i nDún na nGall; 648 i Maigh Eo; 2,933 i nGaeltacht na Gaillimhe; 688 i nGaeltacht Chiarraí; 684 i nGaeltacht Chorcaí; 138 i nGaeltacht Phort Láirge; agus 219 i nGaeltacht an Mhí. Tá sé tábhachtach a rá, agus muid ag caint ar acmhainní a chur ar fáil don Ghaeltacht, nach bhfuil aisíoc cultúrtha agus teanga amháin ag teacht ó obair Údarás na Gaeltachta, ach aisíoc ó thaobh an taoibh eacnamaíochta de. Tá an chuid is mó de na comhlachtaí - 70% acu - ag fostú deichniúr nó níos lú. Tá figiúr againn a fuair muid ón Roinn atá bunaithe ar ghníomhaíochtaí na bliana anuraidh sna comhlachtaí a fhostaíonn deichniúr nó os a chionn. Sna comhlachtaí sin in 2017 bhí díolachán de €844 milliún. Go suntasach-----

Ar dúirt an tUasal Ó hÉanaigh go bhfuil 70% de na comhlachtaí ag fostú níos lú ná deichniúr?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Dúirt. Is é sin an chuid is mó.

Agus tá sé anois ag caint faoin 30%.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Tá. Tagann €502 milliún, nó 60% den aschur iomlán, ó easpórtáil. Tá caiteachas de €425 milliún ag dul díreach isteach sa gheilleagar. Tá €101 milliún á íoc mar phárolla do na fostaithe sna gnólachtaí seo. Tugann na comhlachtaí sin €77 milliún as an bhfigiúr sin ar ais don Státchiste in íocaíochtaí cánach.

Ó thaobh an phleanáil teanga agus cur chun cinn na teanga, bímid ag obair ar bhonn leanúnach le Pobal agus lenár gcuid cliaintchomhlachtaí maidir leis an teanga a chur chun cinn agus maidir le pleananna teanga a chur i bhfeidhm. Le gairid anois táimid imithe i mbun próisis fhíordhúshlánaigh, is é sin próiseas foirmeálta pleanála teanga. Tá 26 limistéar pleanála teanga tríd na Gaeltachtaí éagsúla agus tá trí bhaile seirbhíse ann freisin. Ó thosaigh muid air seo ag tús tréimhse na straitéise seo, tá 13 phlean teanga ceadaithe agus réidh le feidhmiú. Tá ceathrar oifigeach pleanála teanga a bheidh fostaithe ar an talamh faoi cheann dheireadh na míosa seo. Tá próiseas earcaíochta ar siúl le haghaidh ceathrar oifigeach eile. Ag deireadh 2018 beidh 13 phlean teanga á gcur i bhfeidhm. Faoi dheireadh 2019 beidh 23 plean teanga, bunaithe ar na limistéir pleanála teanga pobail, agus baile seirbhíse amháin á gcur i bhfeidhm. Faoi cheann dheireadh 2020, beidh pleananna teanga á gcur i bhfeidhm sna 26 limistéar pleanála teanga agus sa trí bhaile seirbhíse atá aitheanta sa phróiseas seo.

Cén baile seirbhíse é sin?

Ms Siubhán Nic Grianna

Is iad sin an Clochán Liath agus Daingean Uí Chúis, agus beidh tús á chur leis an bpróiseas i mBéal an Mhuirthead.

Cén ceann a bheas réidh in 2019?

Ms Siubhán Nic Grianna

Daingean Uí Chúis.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Tá mapa ar an scáileán a thaispeánann an chaoi ina bhfuil na pleananna seo scaipthe amach agus na cinn atá ceadaithe, atá réidh le ceadú, agus mar sin de. Tá dul chun cinn maith á dhéanamh. Tá páirtíocht an-mhaith faighte ó na pobail éagsúla. Tá úinéireacht tógtha ag na pobail ar an bpróiseas pleanála teanga seo ag obair i gcomhar linn agus i gcomhar le dreamanna ábhartha eile. Tá sé fíorthábhachtach gur ghlac na pobail úinéireacht air seo ó thaobh iad a chur le chéile agus, anois, iad a chur i bhfeidhm.

San earnáil seo cuireann muid an-bhéim, trí na fochomhlachtaí atá againn, ar rudaí ar nós na healaíon. Tá Ealaín na Gaeltachta mar fhochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta. Tá sé an-ghníomhach i gcur chun cinn na healaíon trí na Gaeltachtaí go léir. Bhí an maoiniú bunlíne a bhí aige i mbliana ar €700,000. Bhí €350,000 de sin ag teacht ó Údarás na Gaeltachta agus €350,000 ón gComhairle Ealaíon. Tá €325,000 breise díreach curtha ar fáil ag an Roinn le go mbeidh Ealaín na Gaeltachta in ann díriú isteach ar na healaíona traidisiúnta - ceol, amhránaíocht, damhsa, agus mar sin - agus iad a chur chun cinn i measc na hóige sna pobail Ghaeltachta go léir.

Is fochomhlacht eile atá againn ná Muintearas teoranta, atá an-ghníomhach ó thaobh seirbhísí óige a chur ar fáil. Thug sé Óige na Gaeltachta ar chuid den chomhlacht sin. Tá sé gníomhach ó thaobh cúrsaí oiliúna, cúrsaí oideachais agus luathoideachais, agus cúrsaí forbartha pobail de. I mbliana chuir muid €605,000 ar fáil mar mhaoiniú le tacú leis an obair sin. Oibríonn muid i bpairtnéireacht le Comhar Naíonraí na Gaeltachta chomh maith. Tar éis nach bhfuil sé mar fhochomhlacht againn, tá sé mar phairtnéir againn. Chuir muid tacaíocht de €535,000 ar fáil dó i mbliana. Tá an Roinn tar éis €270,000 breise a chur ar fáil le go mbeidh sé in ann díriú níos mó ar chúrsaí luathoideachais. Tá 96 seirbhís luathoideachais á gcur ar fáil ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta i láthair na huaire atá ag freastal ar 1,200 páiste tríd na ceantair Ghaeltachta éagsúla. San earnáil seo chomh maith, tugann muid tacaíocht do 31 comharchumann Ghaeltachta agus do dhá chomhlacht forbartha pobail. An bhliain seo chugainn beimid ag cur tacaíocht de os cionn €2 milliún ar fáil do na comharchumainn seo le tacú leo ina gcuid imeachtaí agus ina gcuid reáchtála.

Táimid ag déanamh athbhreithniú ar ról na gcomharchumann i láthair na huaire mar tá siad lárnach dúinn agus muid ag cur ár straitéis chun cinn. Feicimid an ról lárnach atá ag cuid acu cheana féin agus a bheidh ag cuid eile ó thaobh gnéithe mar an phleanáil teanga, cur chun cinn na turasóireachta cultúrtha, cur chun cinn cuid de na moltaí digiteacha atá á fhorbairt againn agus cur chun cinn rudaí ar nós fuinneamh inathnuaite agus turasóireacht cultúrtha eile faoi na coláistí Gaeilge.

Sa réimse leathan seo bímid freagrach as reáchtáil scéimeanna fostaíochta de chineálacha éagsúla agus i láthair na huaire tá díreach os cionn 1,000 oibrí fostaithe ar scéimeanna faoi na Gaeltachtaí éagsúla faoi scáth Údarás na Gaeltachta.

Tagraím don eacnamaíocht. Tá cuspóirí dúshlánacha leagtha síos againn do thréimhse trí bliana an phlean seo. Ina measc sin, táimid ag rá go mbeimid ag cruthú 1,500 post nua sa trí bliana sin ag tosnú ag tús na bliana seo agus is dócha go bhfuilimid sásta a bheith in ann a rá, agus muid ag teacht chuig deireadh an chéad bhliain go bhfuilimid ag baint an chuspóra amach agus go mbeidh suas le tríú de na postanna sin ceadaithe againn ag deireadh na bliana seo.

Dúirt mé go raibh 7,500 post lán ama ar an talamh againn ag deireadh na bliana seo caite agus postanna iad sin atá ag feidhmiú ar an talamh. Tuigfidh an coiste go gcaillimid postanna sa ghnáthshlí agus go mbíonn postanna ag teacht agus ag imeacht ach go bhfuil sé fíorthábhachtach dúinn a bheith ag méadú na bunlíne. Mar sin táimid ag rá go mbeidh 8,000 post lán ama ar an talamh ag deireadh 2020. Is é sin méadú de 500 ón méid a bhí ann ag deireadh na bliana seo caite.

Mar a luaigh mé roimhe, beidh 29 plean teanga ullmhaithe agus á feidhmiú. Tá an easpórtáil fíorthábhachtach ó thaobh na heacnamaíochta de chomh maith. Tá sé dúshlánach ach feiceann an coiste an méid atá á easpórtáil cheana féin agus tá sé mar chuspóir againn é sin a mhéadú faoi 20% agus go mbeidh an 31ú eagrais phobail ag feidhmiú go héifeachtach agus go lárnach i gcur i bhfeidhm ár straitéis faoi cheann deireadh na tréimhse seo.

Tá roinnt tosaíochtaí straitéiseacha a táimid ag iarraidh a chur chun cinn fíorthábhachtach do na ceantracha Gaeltachta go léir. Mar shampla, tá ceann tábhachtach suite in iarthar Chonamara darbh ainm Páirc na Mara agus tá 20 acra talún ag an údarás ansin a táimid ag iarraidh a fhorbairt mar pháirc chun nuálaíocht agus breis luacha a chur chun cinn in earnáil na mara. Táimid ag tabhairt faoin obair sin i láthair na huaire. Beidh sé sin thar a bheith tábhachtach agus táimid ag súil go bhféadfadh suas le 300 post a bheith lonnaithe ar an bpáirc nuair atá sé forbartha ina iomláine.

Táimid ag obair air seo i gcomhpháirtíocht le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, Foras na Mara, Bord Iascaigh Mhara, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Teagasc agus Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin. Is cur chuige comhpháirtíocht atá anseo. Táimid i mbun na stáidéir ábhartha i láthair na huaire agus beimid ag iarraidh dul isteach ar masterplan iomlán don pháirc i lár na bliana seo chugainn. Beimid féin, ár gcomhpháirtithe agus an earnáil phríobháideach ag déanamh infheistíocht shuntasach ann. Beidh sé seo an-tábhachtach dúinn, ní hamháin i gceantar tearcfhorbartha mar atá in iarthar Chonamara ach beidh na gníomhaíochtaí atá ar siúl anseo tábhachtach go réigiúnach agus go náisiúnta. Tá an pháirc seo luaite i rudaí cosúil leis an National Policy Statement on the Bioeconomy, in Harnessing our Ocean Wealth and an Straitéis Náisiúnta Taighde agus Nuálaíochta Muirí 2017-2021.

Tosaíocht fhíorthábhachtach eile a táimid ag iarraidh a chur chun cinn ná gteic, gréasán digiteach na Gaeltachta, branda na Gaeltachta, diaspóra na Gaeltachta agus scéim bainistíochta turasóireachta. Rinne mé cur síos ansin ar Pháirc na Mara agus bheadh súil againn a bheith in ann tosú i mbun forbairt na páirce agus i mbun fostaíocht a chruthú faoi dheireadh na bliana seo chugainn má tá gach rud ag dul i gceart.

Maidir le gteic, nó gréasán digiteach na Gaeltachta. Aithnímid go bhfuil féidearthachtaí an-mhaith i gcomhar ceantracha tuaithe ach iad a bheith ceangailte le leathanbhanda agus fáil acu ar spás oifige maith. Tá muid chun 32 aonad a bhunadh ó Charrig Airt i dtuaisceart Tír Chonaill síos go dtí an Sean Phobal i bPort Láirge. Beidh na hoileáin mhara san áireamh. Beidh digital hubs nó moil dhigiteacha á fhorbairt againn sna ceantracha seo. Beidh siad seo fíorthábhachtach le go mbeimid in ann fiontraíocht agus nuálaíocht á chur chun cinn. Beidh fiontraithe agus daoine atá ag iarraidh tabhairt faoi ghnóthaí in ann é sin a dhéanamh sna ceantracha seo, gan a bheith faoi aon mhíbhuntáiste mar cinnteoimid go mbeidh spás oifige agus leathanbhanda den chaighdeán is airde acu.

Rud eile a bheidh tábhachtach dár gceantracha agus atá lárnach dár straitéis ná an rud ar a dtugtar an cianoibriú nó remote working uirthi. Tá sé aitheanta againn go bhfuil caighdeán maireachtála an-mhaith ó thaobh imshaol agus cultúr ar go leor bealaí ag na ceantracha Gaeltachta agus mar sin táimid ag iarraidh daoine a mhealladh abhaile lena chuid postanna. An rud atá ag tarlú anois ná má i gcás gteic @Gaoth Dobhair mar shampla, tá daoine ansin a bhí ag obair i Londain, in Osló, i nGlaschú agus i mBaile Átha Cliath atá in ann lonnú sa bhaile anois agus a bheith ag oibriú ó gteic @Gaoth Dobhair gan a bheith faoi aon mhíbhuntáiste. Fiú bhíomar i gteic an tseachtain seo caite agus bhí fear atá lonnaithe ansin i mbun chomhdháil lena chomhlacht in Osló agus bhí an leathanbhanda níos fearr i nGaoth Dobhair ná a bhí sé in Osló an lá sin. Táimid ag taispeáint gur féidir-----

Cá bhfuil Gaoth Dobhair arís?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

-----leis na ceantracha seo dul in iomaíocht le ceantracha eile tríd an teicneolaíocht nua seo. Tá cinn oscailte againn i nGaoth Dobhair, i mBéal an Mhuirthead, i gCarna, sa Cheathrú Rua, i nDaingean Uí Chúis agus i mBéal Átha an Ghaorthaidh roimh dheireadh na míosa seo agus táimid ag caint leis na hoileáin, le oileán Árainn Mhór, Inis Mór agus Oileán Chléire le cinn a bhunú ansin. Tá sé seo mar chuid lárnach dár straitéis agus is féidir torthaí maithe a bhaint as. Taispeánann cur i láthair cuid de na haonaid ar an mórthír agus cuid de na haonaid ar na hoileáin mhara. Táimid ag breathnú ar na hoileáin nach bhfuil sa Ghaeltacht chomh maith ar iarratas ón Roinn.

Aithnímid chomh maith go bhfuil an turasóireacht fíorthábhachtach chomh maith. Táimid ag obair i gcomhar le comhpháirtithe leis an leas is fearr gur féidir a bhaint as rudaí ar nós Slí an Atlantaigh Fhiáin mar áiseanna turasóireachta. Chuige sin, táimid ag obair lena leithéid comhairle Contae Dhún na nGall agus pobail ar fud na Gaeltachtaí éagsúla le togra straitéiseach a aithint agus a chur chun cinn.

Más ionad na n-imirceach i gCarna é, ionad an Phiarsaigh i Ros Muc, Ionad Árann ar Inis Mór nó teach solais Cheann Fhánada é, easnamh amháin a chonaic muid ná go bhfuil sé fíorthábhachtach ní hamháin go mbeadh buntáiste eacnamaíoch ó na tograí seo, ach go mbeadh buntáiste teanga agus cultúr freisin. Uaireanta, ní raibh muid in ann daoine a fháil leis na scileanna bainistíochta le dul i mbun na dtograí seo so tá scéim curtha in áit againn anois ina bhfuilimid ag forbairt bainisteoirí agus ag cur bainisteoirí in áit a bheidh á chumasú le go mbeidh na scileanna ar fad acu le dul i mbun bainistíochta ar na hionaid seo. Feicimid in áiteanna mar Fhánaid, áit ina bhfuil an togra á reáchtáil trí mheán na Gaeilge, ní hamháin go bhfuil tionchar an-mhaith eacnamaíoch aige ar an gceantar ach go bhfuil tionchar an-mhaith teanga agus cultúr ann agus táimid ag iarraidh go mbeidh sé sin amhlaidh i ngach ceantar.

Táimid ag obair leis an bpobal ar thograí chaipitil. Tá thart ar 14 togra chaipitil atá in áit nó a bheidh in áit ó Cheann Fhánada síos go dtí Port Láirge sna blianta beaga amach romhainn.

Rud eile atá fíorthábachtach dúinn agus lárnach dár straitéis ná an tionscnamh ar a dtugaimid Diaspóra na Gaeltachta air. Tá go leor daoine caillte ag na ceantracha Gaeltachta le deich mbliana anuas, go mórmhór nuair a tháinig an lagtrá agus tá go leor daoine atá ag éirí go han-mhaith leo ó thaobh oideachas de agus a fhágann ceantracha Gaeltachta agus atá ag obair in áiteanna eile. Táimid ag rá anois faoi na gteiceanna a luaigh mé agus faoi chomhlachtaí cosúil le Randox Teoranta, Mylan Teoranta agus Freudenburg Medical atá lonnaithe i gceantracha Gaeltachta, go bhfuil postanna ar ardchaighdeán le fáil ach tá sé fíorthábhachtach go mbeadh muid in ann na hoibrithe ar ardchaighdeán agus ar ardcháilíochtaí a fháil.

Is cuid dár straitéis é a bheith ag cumasú daoine óga agus a bheith ag oiliúint daoine óga ach chomh maith leis sin táimid ag iarraidh teacht ar chuid de mhuintir na Gaeltachta nó daoine a bhfuil luí acu leis an nGaeltacht a d'imigh thar sáile le blianta, leo siúd a mhealladh ar ais mar gheall ar an gcaighdeán maireachtála, an dúchas agus an luí atá acu leis an áit.

Tá a fhios againn go bhfuil saibhreas an-mhór amuigh ansin ó thaobh scileanna agus taithí de agus go bhfuil daoine ann a bhfuil infheistíocht á déanamh acu sna Gaeltachtaí chomh maith. Táimid ag tabhairt faoin tionscnamh seo le ceangail a dhéanamh leis na daoine seo agus le cinntiú go dtuigeann siad go mbeimid in ann tacú leo agus iad a éascú ar ais san áit chomh fada agus is féidir, má thagann siad ar ais. Aithnímid gur acmhainn an-mhór iad.

Rud eile atá fíorthábhachtach dúinn agus a d'aithin muid ná go bhfuil go leor rudaí maithe ag tarlú sna Gaeltachtaí go léir. Tá comhlachtaí den scoth atá ag oibriú ar chaighdeán domhanda ann ach go minic níl a fhios ag daoine go bhfuil siad ag feidhmiú as an nGaeltacht. Tá táirge turasóireachta agus cultúrtha ar chaighdeán domhanda againn agus tá go leor rudaí maithe ag tarlú, ach rud amháin a bhí in easnamh ná branda comónta a d'fhéadfadh muintir na Gaeltachta, tograí, comhlachtaí agus táirgí a úsáid le go n-aithneodh daoine go bhfuil an Gaeltacht fuinniúil, bríomhar agus go bhfuilimid réamhghníomhach. Táimid tar éis an bhranda seo a chur le chéile agus a úsáid agus tá glactha go han-mhaith leis ag ár gcuid comhlachtaí.

Rinneamar lainseáil air roinnt seachtaine ó shin agus bhí na comhlachtaí agus an pobal páirteach linn sa bhranda seo. Táimid thar a bheith sásta go bhfuil úinéireacht glactha ag na comhlachtaí agus an pobal air seo agus beimid ag iarraidh an branda seo a chur amach ar fud an domhain le tuilleadh bolscaireachta agus margaíochta dhearfach a dhéanamh don Ghaeltacht.

Tá coibhneasa fíorthábhachtach freisin agus táimid i gcónaí ag obair le dreamanna sa tír seo agus dreamanna thar lear. Tá daoine a bhí thall i dTír Chonaill linn le gairid ó na Scottish Chambers of Commerce Network, an tAire Trádála agus Infheistíochta agus Nuálaíochta na hAlban, Ivan McKee MSP, ina measc. Aithnímid go bhfuil an-cheangal againn i gcomhthéacs an diaspóra agus mar sin le háiteanna mar Albain. Aithnímid chomh maith go bhfuil go leor deiseanna chomhoibriú ann i gcomhthéacs an Bhreatimeachta so is sin ceann de na tionscnaimh a thosaigh muid agus beimid ag iarraidh tógáil ar an gceangal sin idir na ceantracha Gaeltachta agus Albain i measc áiteanna eile sna blianta amach romhainn.

Tá sé fíorthábhachtach dúinn go mbeadh na hacmhainní againn leis seo a chur i bhfeidhm. I láthair na huaire, tá 87 duine ag obair le hÚdarás na Gaeltachta, titim mhór ó dheich mbliana ó shin nuair a bhí timpeall 148 ag obair ar bhonn lánaimseartha. Tá foireann mhaith, réamhghníomhach againn agus táimid ag iarraidh teacht ón lagtrá le roinnt blianta mar is eol don choiste agus táimid an-sásta a rá go bhfuil méadú €1.5 milliún ag teacht ar ár mbuiséad caipitil don bhliain seo chugainn. Is é sin ardú ó €7 milliún i mbliana. Tá sé ráite go mbeimid ag dul i dtreo €12 milliún thar tréimhse blianta so is dul chun cinn maith é seo.

As an mbuiséad caipitil sin, cuireann sé ar ár gcumas deontaisí a chur ar fáil, scaireanna a infheistiú, infheistíocht a dhéanamh inár gcuid foirgnimh agus ligeann sé dúinn oiliúint agus cumasú a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta. An tarna rud ansin ná go bhfuil an buiséad reatha atá againn ardaithe beagán go €9.4 milliún don mbliain seo chugainn agus clúdaíonn sé sin rudaí ar nós na costais foirne agus costais pinsin atá againn. Tá sé fíorthábhachtach mar téann sciar an-mhór de sin go cothabháil na bhfoirgneamh. Tá stór maith foirgnimh againn sa Ghaeltacht agus tá siad an-tábhachtach chun daoine a mhealladh isteach ach tá siad sean ag an tráth seo agus go leor cothabháil ag teastáil agus tá an buiséad sin fíorthábhachtach ariamh fiú cothabháil bhunúsach a dhéanamh ar na foirgnimh agus na heastáit ghnó atá againn.

Ceannteidil fíorthábhachtach atá sa straitéis ná forbairt pobail agus cultúr. Luaigh mé an infheistíocht a dhéanann muid i 31 comharchumann, an dá thogra forbartha pobail agus sna fochomhlachtaí muintir agus ealaín na Gaeltachta. Cuirimid airgead i dtreo ár gcomhpháirtí Comhar Naíonraí na Gaeltachta freisin agus tá sé sin ardaithe go dtí €3.8 milliún don bhliain seo chugainn, méadú de €500,000 ón mbuiséad a bhí ar fáil don ghné sin i rith na bliana seo. Tá sé measta go mbeidh togra de €2.2 milliún i gcomhair an phróisis phleanála teanga. Is rud é sin atá leanúnach agus atá á thabhairt chun cinn agus muid ag dul i dtreo físe an phlean teanga agus an triall ar mhaithe le seirbhísí Gaeltachta ach tá buiséad ar leith a fhaighimid ón Roinn le haghaidh sin.

Tá mé thar a bheith buíoch don choiste as ucht an am agus an deis chun príomhghnéithe ár straitéis a chur os comhair an choiste.

Míle buíochas.

Gabhaim míle buíochas don Uasal Ó hÉanaigh as an méid a chuir sé faoinár mbráid. Tá sé go maith go bhfuil sé leagtha síos agus go bhfuil ardú éigin ag tarlú don mbuiséad mar tá dúshlán mór roimh an údarás agus tá éacht déanta aige go dtí seo thar na blianta go bhfuil sé fós ann fiú.

Is cuimhin liom tamall maith de bhlianta ó shin nuair a raibh mé ar scoil sa Ghaeltacht go raibh na seanfhoirgnimh ann - b'fhéidir gur fothracha iad anois - agus go bhfios dom tá roinnt acu fós in úsáid agus is tamall maith é ón uair a bhí mé ar an mbunscoil. Luaigh an tUasal Ó hÉanaigh ag an deireadh go raibh airgead ar fáil ón mbuiséad caipitil chun na foirgnimh atá ag an údarás a thabhairt suas chun dáta. Muna tharlaíonn sé sin, beidh an t-údarás thíos leis mar conas a bheidh an t-údarás in ann comhlachtaí a mhealladh chun lonnú sa Ghaeltacht nuair atá sé in iomaíocht le Baile Átha Cliath mar shampla? Sin áit ina bhfuil leathanbhanda atá in ainm agus a bheith den scoth agus tá na bóithre, an t-aerfort agus gach rud eile ann.

Luaigh an tUasal Ó hÉanaigh dhá dhream ansin, an diaspóra nó an coibhneas agus seachas sin comhlachtaí nach bhfuil aon cheangal acu le hÉirinn. Conas gur féidir iad sin a mhealladh isteach níos mó agus níos mó ach amháin trí chíos saor in aisce, earraí saor in aisce nó leictreachas saor in aisce a thabhairt dóibh amach anseo nó b'fhéidir na rudaí sin a thairiscint níos saoire ná áiteanna eile? Sin ceann de na dúshláin mhóra atá ann agus b'fhéidir nach féidir dul isteach go mion ann mar tá an t-údarás san iomaíocht ní hamháin leis an domhan mór ach leis na cathracha agus leis na comhlachtaí Stáit eile atá ag iarraidh dreamanna eile a mhealladh isteach.

I mo cheantar, tá an Digital Hub ann, mar shampla, le Gaeilgeoir i gceannas ann so ná déan dearmad dul i dteagmháil leis mar b'fhéidir go gcuirfidh sé roinnt postanna i dtreo an údaráis. An tUasal Fiach Mac Conghail, iar-Sheanadóir, atá i gceannas ann. Bhí sé ar scoil sa Ghaeltacht liom ar feadh tréimhse agus tá an-spéis aige ann so b'fhéidir go mbeidh sé in ann cuidiú, ach go háirithe leis an sórt oibre a luaigh an tUasal Ó hÉanaigh. Bhí spéis agam thar na blianta sa chianoibriú, nuair atá daoine ag obair sa bhaile ag úsáid leathanbhanda agus is féidir é sin a fhás. Sin ceann de na príomhrudaí. Muna bhfuil postanna sa Ghaeltacht, ní bheidh an pobal i gceart ann.

An rud eile a luaigh an tUasal Ó hÉanaigh ná Páirc na Mara agus an forbairt thograí fuinnimh. Feicimid ar fad na muilte gaoithe timpeall na tíre.

Níl mórán eolais agam faoi ach an bhfuil teacht againn anois ar an teicneolaíocht gur féidir linn fuinneamh a chothú as na tonnta agus as an bhfarraige níos mó nó an bhfuilimid fós ag feitheamh ar uasdátú na teicneolaíochta go dtí go mbeidh sé níos saoire? Má tharlaíonn sé sin, tá deis an-mhór againn sa chuid is mó de na ceantair Ghaeltachta atá san iarthar go mbeadh fuinneamh saor nó níos saoire ná atá sé sa chuid eile den tír á chothú againn. Measaim gur féidir linn na daoine a mhealladh ar ais, má tá poist ann agus saol iomlán difriúil acu ó shaol na cathrach acu. Bíonn daoine ag cur na ceiste sin ormsa anois is arís ormsa agus iad gafa ar liosta feithimh tithíochta sa chathair seo, is é sin, conas gur féidir leo bogadh siar nó an bhfuil áiteanna ann nó deiseanna ann dóibh.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Tá na foirgnimh fíorthábhachtach dúinn. Bhí an Teachta ag lua go dtugann sé buntáiste dúinn nuair atáimid in iomaíocht le háiteanna, leis an domhan mór agus lé réigiúin eile. Nuair atá na foirgnimh againn, tugann sé tús maith dúinn. Tá comhlacht Randox againn ar an gClochán Liath faoi go raibh foirgneamh againn, agus tá comhlacht de chaighdeán domhanda againn anois atá in ann an foirgneamh sin a ghlacadh agus dul i mbun oibre ansin go héasca. Faoi gur acmhainn an-mhór iad, is dúshlán an-mhór iad mar tá an stoc an-sean ag an tráth seo. Luaigh mé an chothabháil leanúnach. Bímid ag caitheamh €3 mhilliún dár n-airgead reatha sa bhliain ar chothabháil leanúnach chun na díonta agus na draenacha a choinneáil i gceart, na heastáit a choinneáil in ord agus gach rud mar sin.

Nuair a thagann togra chugainn agus nuair a bhímid ag iarraidh pacáiste a chur ar fáil, ní hé rud mór na deontais agus na scaireanna. Is é an rud mór ná a chinntiú go bhfuil na foirgnimh i gceart. Bíonn orainn na foirgnimh a thabhairt chun caighdeáin. Go minic, is foirgnimh iad sin a bhí déanta le haghaidh seantionscal agus tá na réimsí nua ag dul isteach iontu anois. Rudaí a bhí ansin le haghaidh seantionscail nó údair thionsclaíocha, tá siad anois ann le haghaidh na teicneolaíochtaí nua agus spás oifige ag teastáil, agus bíonn orainn infheistíocht mhór a dhéanamh. Téann cuid mhór dár mbuiséad caipitil bhliantúil leis sin. Is maith an rud é go bhfuil na foirgnimh sin againn agus tá sé lárnach dár straitéis le daoine a mhealladh isteach.

Chomh maith leis sin, bíonn daoine a thosaíonn ar scála beag sa Ghaeltacht ag fás isteach sna foirgnimh mhóra chomh maith. Tá samplaí maithe díobh sin againn de dhaoine a thosaíonn ar scála beag agus a fhásann agus a théann ar aghaidh.

Maidir le fuinneamh, amach anseo, má tá fuinneamh saor againn, tabharfaidh sé buntáiste dúinn. Níl aon amhras faoi sin. Má bhreathnaítear ar Pháirc na Mara, i nGaillimh, táimid ag díriú isteach agus ag iarraidh páirc ghlas a dhéanamh di. Táimid ag díriú i láthair na huaire ar theicneolaíocht fhótavoltach, mar tá teicneolaíochtaí ann anois a ligeann dúinn i bhfad níos mó fuinnimh a bhaint as an ngrian in Éirinn anois ná mar a bhí ag na seanteicneolaíochtaí. Táimid tosaithe cheana féin le togra píolótach ar Pháirc na Mara faoi bhonn fótavoltach. Táimid páirteach i dtaighde le hInstitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn maidir le fuinneamh tonnta agus tá súil againn togra píolótach a chur ar Chuan an Mhaoil Rua i gContae Dhún na nGall, go luath faoi chlár Eorpach.

I dtaobh na gaoithe táimid ag súil go mbeidh na teicneolaíochtaí ag teacht le go mbeidh na cineálacha muilte gaoithe atá i Muir na hÉireann i láthair na huaire a chur deich nó dhá mhíle dhéag amach ó chósta an iarthair agus go mbeimid in ann é sin a thabhairt i dtír. Tá a fhios agam go bhfuil na teicneolaíochtaí sin á bhforbairt i láthair na huaire. Tabharfaidh sé sin buntáiste dúinn.

I dtaobh na teicneolaíochtaí digiteacha-----

Ní bhfaighfear buntáiste mura bhfaighfear an fuinneamh saor uaidh.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Beimid ag iarraidh, nuair nach mbeidh cead againn deontais a thabhairt agus muid ag feidhmiú i gcomhthéacs na hEorpa, go mbeimid in ann a rá le daoine go bhfuil fuinneamh glas saor anseo ar fáil. Tá sé sin lárnach dár straitéis don todhchaí. Táimid ag smaoineamh chun cinn air sin. Díreach i dtaobh na mol digiteach, táimid ag fáil tacaíocht ó Fhiach Mac Conghail agus ag fáil comhairle uaidh. Tá sé breá sásta a chuid taithí agus eolas a roinnt linn, agus táimid i dteagmháil leis air sin. Tá sé sin thar a bheith cabhrach.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach, leis an bpríomhfheidhmeannach agus leis an Uasal Nic Grianna, an t-oifigeach cumarsáide. Tá lúcháir orm go bhfuil siad anseo agus tá cur i láthair maith chuimsitheach go leor déanta ansin acu ar na spriocanna atá ag an údarás agus ag an bplean straitéiseach.

Tá roinnt ceisteanna agam i dtaca leis an bplean. Má tá duine chun aon sprioc a bhaint amach, caithfear plean a bheith aige nó aici. Tá sé soiléir go bhfuil plean maith ag an údarás. Tá a fhios agam go raibh an t-údarás buailte go dona ó thaobh airgead de agus an cúnamh a bhí ar fáil ón Rialtas nuair a tharla an ghéarchéim. Tá biseach tagtha air sin, buíochas le Dia. Ag an am céanna nuair a amharctar agus nuair a dhéantar comparáid ar fhigiúirí IDA agus Fiontar Éireann ó 2007 go dtí 2017, tá ardú 22% ar bhuiséad an údaráis sa tréimhse sin, agus tá súil agam go bhfuil an uimhir sin cruinn agam. Sa tréimhse chéanna, tá ardú 66% ar bhuiséad an IDA, agus 45% ar bhuiséad Fiontar Éireann. An bhfuil comhartha ceiste ansin i dtaca leis an bhfigiúr sin? An bhféadfaí níos mó airgid a bheith ar fáil ag an údarás chun cur ar fáil i dtaobh deontas le comhlachtaí a mhealladh agus níos mó poist a chruthú i gceantair Ghaeltachta?

Ó thaobh an bhaic is mó le go ndéanfaí comhlachtaí a mhealladh faoi láthair, rud a rinne an Teachta Ó Snodaigh tagairt dó ansin, is é go bhfuil na ceantair Ghaeltachta i bhfad ó Bhaile Átha Cliath agus ó cheantair lár na tíre. Is bac é sin. An bhfuil an leathanbhanda, ar a bhfuil go leor plé déanta le roinnt blianta anuas, ag cruthú deacrachtaí i gceantair Ghaeltachta? Tá a fhios agam go bhfuil go leor oibre déanta ag an údarás maidir leis an leathanbhanda a chur ar fáil sna hionaid ghnó, ach ó thaobh daoine féinfhostaithe agus ag obair as baile, an bhfuil an tseirbhís leathanbhanda sin ag cruthú deacrachtaí sna ceantair Ghaeltachta chomh maith?

Cuirim fáilte láidir roimh an sprioc fhostaíochta de 1,500 sa bhreis suas go dtí 2020 agus go bhfuil an sprioc sin á baint amach ag an údarás. Tá an tríú cuid de na poist sin beagnach bainte amach i mbliana. Ó thaobh na sprice sin, an bhfuil an plean leagtha amach go sonrach i dtaca leis an áit a mbeidh na poist sin lonnaithe? Cén réigiún ina mbeidh siad? An mbeidh siad sa tuaisceart nó i gceantar na Gaillimhe, mar shampla? Cén cineál poist is mó atá á mealladh? Tá a fhios agam go mbraitheann sé sin ar na comhlachtaí a dhéanann teagmháil leis an údarás nó an sruthú atá ar fáil ag an údarás féin.

Ag an am céanna, an bhfuil sprioc earnála do phoist atá níos ardchaighdeánaí? Tá plé déanta agam faoi láthair le príomhfheidhmeannaigh comhlachtaí airgeadais atá lonnaithe i Londain agus tá siadsan ag iarraidh go láidir teacht go Baile Átha Cliath le bheith lonnaithe anseo, go háirithe leis an bhfadhb le Brexit faoi láthair. Cé go bhfuil an IDA ag cur tacaíocht mhaith ar fáil do na comhlachtaí seo á thaobh fiosrúcháin agus gach uile rud, is é an trioblóid mhór atá acu, faraor, agus is í an fhadhb is mó ná áit chónaithe do na fostaithe. Tá go leor de na comhlachtaí seo ag teacht le bainistíocht ag leibhéal ard a bheadh sásta teacht isteach agus a bheith ag fostú daoine sa bhreis anseo. An bhfuil aon teagmháil déanta ag an údarás leis na comhlachtaí sin agus an bhfuil deis ansin, i mbarúil an Uasail Uí hÉanaigh? An mbeadh an t-údarás in ann dul i dteagmháil le cuid de na comhlachtaí sin chun é sin a phlé amach?

Ó thaobh Brexit nó Breatimeacht, tá go leor plé air le lá nó dhó anuas. Cén tuairim atá ag an údarás maidir leis an tionchar a bheidh ag an Breatimeacht, go háirithe ó thaobh cúrsaí easpórtála isteach go dtí margadh Shasana?

An bhfuil aon chúnamh sa bhreis ar fáil do chomhlachtaí i dtaca le pleanáil a chur i bhfeidhm?

Ó thaobh an tionscnaimh gteic, Gréasán Digiteach na Gaeltachta, de, feicim sa léarscáil go bhfuil páirc ghnó Fháil Charraigh fágtha amuigh as an gteic. An bhfuil aon chúis leis seo? Tá comhlacht amháin, agus is fiú tagairt a dhéanamh dó, atá lonnaithe sa pháirc ghnó sin. Is é sin Kelsius Teoranta, a bhfuil 42 duine ag obair acu. Is dea-scéal mór é agus tá gradam Deloitte náisiúnta bainte amach acu le seachtain anuas mar cheann de na comhlachtaí teicneolaíochta is gasta fáis sa tír. Tá a fhios agam go bhfuil siad iontach sásta leis an gcúnamh atá siad ag fáil ón údarás ach ag an am céanna tá an pháirc ghnó ansin, tá monarcha ann agus mheasfainn gur cheart go mbeadh an pháirc ghnó sin clúdaithe sa léarscáil gteic.

Tá go leor ceisteanna ansin agus mura bhfuil deis ag na finnéithe inniu iad a fhreagairt, beidh mé breá sásta fanacht ar fhreagraí ón údarás ag am éigin eile. Gabhaim buíochas leis an údarás agus mar a dúirt mé go minic roimhe, gan an t-údarás i gceantair thuaithe agus ceantair Ghaeltachta, ní bheadh an tsuim ag IDA nó ag Fiontar Éireann na jabanna sin a chruthú. Cé go mbímid go minic ag tabhairt amach faoi chaighdeáin na jabanna sin, gan an t-údarás ní bheadh na jabanna sin ann ar chor ar bith mar nach mbeadh na comhlachtaí sásta a bheith ann. Táimid i gcónaí fíorbhródúil as an údarás agus as an obair atá ar bun aige.

Tá neart ceisteanna ann.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Tá sé ráite linn go mbeidh an buiséad ag dul chuig €12 milliún thar tréimhse de bhlianta agus go dtuigtear go bhfuil sé sin mar bhonnlíne a bheadh ag teastáil uainn lenar cuid spriocanna a bhaint amach. Táimid an méid airgid a fhaighimid a úsáid ach caithfidh mé a rá go bhfuilimid thar a bheith sásta go bhfuil méadú suntasach faighte againn i mbliana agus tabharfaidh sé sin deis an-mhaith dúinn ár gcuid oibre a chur i gcrích. Táimid thar a bheith sásta go bhfuilimid ag dul sa treo ceart. Táimid agus an Roinn aontaithe go bhfuil níos mó ag teastáil. Táimid uilig ag obair ar an leathanach céanna air sin.

I dtaobh an leathanbhanda, cosúil le ceantair thuaithe eile, is fadhb an-mhór atá ann. Níl sárú na faidhbe sin againne do na pobail uilig, ach an rud atáimid ag iarraidh a chinntiú trí na moltaí seo, agus glacaim le pointe an tSeanadóra faoi na crosbhealaí, ná nach bhfuil aon fháth nach mbeadh rud ar an sráidbhaile ansin más féidir linn teacht ar ionad, mar bheadh sé nádúrtha go bheidís ann mar chuid den slabhra. Táimid in ann a chinntiú go bhfuil ionad sna ceantair seo a mbeadh daoine cinnte go bhfaighidh siad an leathanbhanda ar bhonn éifeachtach saor agus go mbeidh siad cinnte go mbeidh an chumhacht acu le haon ghnó a theastaíonn uathu a dhéanamh. Ní hamháin ar mhaithe le leathanbhanda a bheadh daoine ag iarraidh na hionaid seo, mar má tá daoine ag obair leo féin sa bhaile, tá sé fíorthábhachtach ón taobh sóisialta de freisin. An rud atáimid ag feiceáil sna haonaid atá bunaithe againn ná go bhfuil sineirgí á gcruthú againn agus daoine ag fáil breisluacha as a bheith i dteagmháil lena chéile, is é sin daoine a bheadh ag obair sa bhaile leo féin seachas sin. Sílimid gur b'shin cuid den rud a bhfuilimid in ann a dhéanamh, fiú amháin ar na hoileáin mhara, lena chinntiú go mbeidh ionad ann a mbeidh teacht ar leathanbhanda éifeachtach agus saor.

Tá an Seanadóir ceart freisin go bhfuilimid ag iarraidh gach ceantar Gaeltachta a chur chun cinn. Go minic bímid in ann ceantair a dhíol níos fearr ná a chéile faoi go bhfuil na foirgnimh sin ann. Uaireanta bíonn géarchéim ann. Bhí géarchéim i bpáirc ghnó Ghaoth Dobhair le roinnt blianta mar gheall ar an mbealach ar dhruid comhlachtaí síos. Chuireamar béim air sin. Tá géarchéim anois in áiteanna ar nós iarthar Chonamara agus táimid ag cur béim ar Pháirc na Mara. Chomh maith leis sin, tá sé nádúrtha go mbeimis ag díriú ar chúrsaí mara in áit mar iarthar Chonamara. Tá buntáiste ag an gceantar sin, faoi go bhfuil sé bunaithe ar acmhainní nádúrtha. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid ag iarraidh an rud sin a dhéanamh ansin.

Táimid i gcónaí ag iarraidh comhlachtaí a mhealladh agus bíonn sé sin bunaithe, mar a dúirt mé, ar na hacmhainní atá in áit againn nó mianta na gcomhlachtaí. Má tá ceangal ag comhlacht le ceantar, b’fhéidir go mbeidh an bharúil acu dul go dtí Dún na nGall seachas Ciarraí nó vice versa. Leis an mbéim atá againn ar thurasóireacht na laethanta seo, tá gach uile cheantar ar an gcósta go mór mór - ní na ceantair ar an gcósta amháin ó thaobh ceantair Ghaeltachta - a bhfuil buntáistí acu sa chomhthéacs seo. Beimid in ann an turasóireacht a chur chun cinn i ngach áit. Braitheann sé go minic má thagann duine maith fuinniúil chun cinn, bímid in ann togra a bhunú timpeall ar an duine sin. Tá meascán d'fháthanna go dtarlaíonn rudaí in áiteanna éagsúla ach tá sé mar straitéis againne a chinntiú, chomh fada agus is féidir, go mbíonn agus go mbeidh forbairt chothrom ann. Is é sin an fáth maidir le ceantair thearcfhorbartha, ar nós iarthar Chonamara, go bhfuilimid ag tabhairt faoi phlean forbartha i gcomhar le pobal Iorras Aithneach agus Ros Muc ansin. Tá an plean sin á seoladh i gceann cúpla seachtain. Ní bhraithfeadh deisceart Chiarraí mar a chéile mar cheantar tearcfhorbartha. Chuireamar tascfhórsa le chéile. Táimid anois chun an bplean ón tascfhórsa sin a sheoladh agus dul i mbun na spriocanna atá leagtha amach ansin a chur i bhfeidhm. Bhunaíomar tascfhórsa i nGaeltacht na Mí anuraidh, agus beidh sé sin ag tuairisciú sa todhchaí. Sna ceantair a bhfuil tacaíocht ar leith ag teastáil uathu, cuirfimid an tacaíocht sin ar fáil.

Luaigh an Seanadóir an Breatimeacht. Is é an rud is measa againn i láthair na huaire agus dár gcuid comhlachtaí ná an éiginnteacht. Tá roinnt comhlachtaí againn i gceist leis seo. Luaigh mé an figiúr easpórtála a bhí ansin agus go raibh thart ar €500 milliún d'earraí á n-easpórtáil. Tá €140 milliún de sin á n-easpórtáil chuig an Ríocht Aontaithe ag comhlachtaí Gaeltachta. I roinnt comhlachtaí, i nDún na nGall agus in áiteanna eile, tá siad ag brath go mór ar an margadh sin. Tá éiginnteacht agus ceisteanna faoi. Táimid ag obair i gcomhar leis na comhlachtaí. Tá na comhlachtaí sin ag leanúint ar aghaidh, ag infheistiú sa Ghaeltacht agus ag tógáil tuilleadh oibrithe. Buntáiste amháin atá againne i gceantair Ghaeltachta ná go bhfuilimid i gcónaí ag plé le dúshláin. Ní bhíonn sé riamh éasca ag comhlachtaí sna ceantair imeallacha seo. Mar gheall go mbíonn oibrithe de scoth acu agus go mbíonn dílseacht do na comhlachtaí seo, tá siad in ann fáil thar go leor bac. D'ainneoin go bhfuil éiginnteacht ann, tá dearfacht ann chomh maith, agus táimid ag obair i gcomhar leis na comhlachtaí lena chinntiú, pé rud a thiocfaidh aníos, go mbeimid in ann oibriú tríd chomh maith agus is féidir.

Anois, glaoim ar an Teachta Pringle. Is féidir leis an Teachta an cheist seo a chur i mBéarla. Beidh na freagraí i nGaeilge dó.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus tá brón orm ach níl mórán Gaeilge agam. Ba mhaith liom an cheist a chur as Béarla, más féidir.

Two matters occur to me. The scéim forbartha bainistíochta turasóireachta and branda na Gaeltachta are very positive and interesting and I congratulate the Údarás on those initiatives which have potential for the future.

On Páirc na Mara, is it onshore? Could fish farms be developed, and is this something that the údarás has in mind for Páirc na Mara, to see how an onshore fish farm would work?

As to existing businesses in the Gaeltacht regions, what is the position of unionisation of these? Is it a policy of Údarás na Gaeltachta that businesses that come in should accept unions or would that be something that the údarás would promote for new businesses there?

Beidh na ceisteanna á bhfreagairt i nGaeilge agus is féidir leis an Teachta na cluasáin a úsáid. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Teachta Pringle. Níl sé ar an gcoiste seo ach tháinig sé isteach go speisialta chun cabhair a fháil mar tá suim aige san ábhar.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Maidir le ceist an Teachta faoi Pháirc na Mara, tá féidearthachtaí ansin ó bheith ag déanamh ongrowing ar thalamh, a chiallódh nach mbeadh an oiread sin tréimhse san fharraige ag na bradáin, má thógtar iad siúd mar shampla. Tá féidearthachtaí ar go leor bealaí ansin i dtaobh iasc, bradán agus feamainne.

I láthair na huaire táimid ag tabhairt faoi staidéar tionchar timpeallachta le feiceáil céard iad na rudaí gur féidir linne a chur sa pháirc nach gcuirfidh as don timpeallacht. Tá go leor moltaí againn agus féidearthachtaí agus is é an rud faoina bheith ag déanamh feirmeoireachta nó cuid den fheirmeoireacht ar an talamh go mb'fhéidir go gcloífeadh é sin go leor de na fadhbanna atá ann ó thaobh na mbradán a bheith ar an bhfarraige ar feadh tréimhse fhada. Táimid ag breathnú ar na féidearthachtaí uilig. Beidh an staidéar tionchar timpeallachta réidh sa chéad ceathrú den bhliain seo chugainn. Ag éirí as sin beimid ag déanamh an iarratais ar mháistirphlean i gcomhair na páirce ina iomláine agus beidh a fhios againn ansin céard iad na rudaí gur féidir linn a chur ann.

I dtaobh na gcomhlachtaí, níl aon riail leagtha síos againn agus ní féidir linn riail a leagan síos. Ach an oiread le haon eagras eile, bheadh ar chomhlachtaí ceardchumainn a aithint. Tá sé fíorthábhachtach againn agus tá sé leagtha síos go mbeadh na coinníollacha atá ag na hoibrithe sna comhlachtaí den chaighdeán is airde agus de réir reachtaíochta. Molaimid i gcónaí go mbeadh caidreamh maith idir na comhlachtaí agus na hoibrithe agus go bheidís ag obair i gcomhpháirtíocht lena chéile. Tá a dhóthain dúshlán ag comhlachtaí atá ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta gan a bheith ag tarraingt easaontais agus go bhfuil comhoibriú agus comhpháirtíocht thar a bheith tábhachtach. Tá roinnt samplaí le gairid gur ardaigh ceisteanna aníos ach tá mé an-sásta a rá go raibh cur chuige comhpháirtíochta á chur i bhfeidhm anois. Sílim go mbeidh gach rud socraithe chun sástachta gach uile thaobh.

Tá fáilte roimh an Uasal Ó hÉanaigh anseo.

Tá fáilte roimh an Teachta freisin.

Go raibh míle maith ag an gCathaoirleach. Níl mé ar an gcoiste seo ach freastalaím go rialta air.

Is é sin an rud.

Bíonn an-chomhoibriú ón gCathaoirleach agus faighimid eolas ar fad faoin gcoiste. Tá cúpla ceist agam.

Cloisim an t-údarás ag rá gurb é €12 milliún an t-éileamh atá aige ó thaobh caipitil de. Bhíodh sé ag caitheamh suas go dtí 2008 nó 2009 idir €20 milliún agus €30 milliún ar chaipiteal in aghaidh na bliana. An mbeadh airgead den chineál sin ar fáil i láthair na huaire? An mbeadh gnó ag an údarás dó agus an mbeadh sé in ann é a chaitheamh go tairbheach? Is é an cheist atá ann i ndáiríre ná an bhfuil an €12 milliún sin iarrtha ar an mbonn go gceapann an t-údarás gur sprioc réasúnach é nó gur ba sin an méid gur féidir leis a chaitheamh go tairbheach ar son phobal na Gaeltachta?

Ó thaobh airgead reatha le haghaidh seirbhísí a chur ar fáil, ar nós comharchumainn, eagraíochtaí pobail, pleanáil teanga agus mar sin de, cé mhéad airgead breise dáiríre a theastódh dá mbeadh gach rud ina cheart agus leis an jab atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a dhéanamh i gceart go huile is go hiomlán? An mbeimid ag caint ar €3 milliún, nó €4 milliún, nó €5 milliún bhreise in aghaidh na bliana? Cén cineál airgead a bheadh i gceist?

Is é mo bharúil ó thaobh cúrsaí forbartha go bhfuil an-deiseanna sa Ghaeltacht, nó in áit ar bith a bhfuil daoine sách solúbtha, aclaí agus bisiúil le deiseanna a thapú. Nuair a bhreathnaítear timpeall na Gaeltachta agus ar chuid de na comhlachtaí is bisiúla dá bhfuil ann, is comhlachtaí áitiúla iad agus atá i gceantair atá i bhfad ó bhaile.

An aontódh an príomhfheidhmeannach liom go bhfuil trí rud móra ag teastáil don tionsclaíocht? Mar a dúirt fear amháin liom le gairid a bhfuil siar i gceann de na háiteanna is faide siar i gConamara, tá dhá rud uathu: bóithre agus leathanbhanda. Cuirimse trí rud mar sin: bóithre, leathanbhanda agus pleanáil. Tá ceist amháin agamsa air sin. Ó thaobh na pleanála de, feicim gach uile áit a dtéim gur éirigh le daoine tionscal beag a bhunú ag an mbaile. Thosaigh sé ag méadú agus ag méadú agus ansin bhí sé an-deacair cead pleanála a fháil don mhéadú, fiú nach raibh sé ag cur isteach ar aon cheann de na comharsana.

An bhfuil gá lena chinntiú go bhfuil bóithre maithe ar fáil? Ba sin riachtanas ollmhór. Ní hé amháin an gréasán taobh istigh den Ghaeltacht, cé go bhfuil sé sin tábhachtach agus feicimid go mór mór i gConamara an dochar atá á dhéanamh, ach an ceangal le gréasán maith náisiúnta, mar shampla, i dTír Chonaill agus i gCiarraí. Is easnamh ollmhór é dar liom nach bhfuil na príomhbhóithre náisiúnta sna ceantair sin suas don chaighdeán, is é sin le rá le caighdeán gach príomhbhóthair náisiúnta den chead ghrád sa tír, nó national primary routes mar a thugann siad orthu i mBéarla. Ba cheart gur bóthar débhealach a bheadh i gceist. Níl a leithéid níos faide ná Muileann gCearr ag dul go dtí Tír Chonaill, nó má théann duine an bóthar eile, go Dún Dealgan agus trasna go hArd Mhacha. Má theann duine go Ciarraí, táthar ag déanamh go seoigh go dtí go dtiocfaidh an duine go dtí Áth Dara agus ansin stop agus siar ar aghaidh go Corca Dhuibhne nó Uíbh Ráthach. Tá an rud céanna i gceist ag teacht as Corcaigh. Níl mé ag caint ar bhóithre áitiúla amháin ach, faraor, ar an ngréasán náisiúnta. Táim féin ag obair i láthair na huaire le ceangal níos fearr a dhéanamh idir ceantar Uí Sheoigheach agus Tuaim, áit a bhfuil ceangal isteach sa mhótarbhealach ag dul soir go dtí na calafoirt, agus ag dul ó dheas.

Ar ndóigh maidir leis an leathanbhanda, aisteach go leor, cé go mbíonn daoine ag caitheamh anuas ar Eir, de bharr an ruda atá déanta aige, dóibh siúd a fuair an gigabit, tá sé chomh maith le rud ar bith atá ar bun ar domhan. Bhí mé ag éisteacht leis an ngleo anseo ar ball agus chuala mé duine ag rá go bhfuil leathanbhanda níos fearr ag córas áirithe ná mar atá thall i Sasana. Bhí an rud céanna i gceist le duine i dtionscal a raibh mise ag caint leis. Cé go bhfuil an fibre nó an snáithín ag obair agus dúirt sé go raibh sé ag obair thar cionn, ní raibh ach fadhb amháin ann. D’iarr mé air ansin ó mhaidin céard ab í an fhadhb? Dúirt sé gurb í an t-aon fhadhb a bhí ann ná nach raibh a leithéid ag custaiméirí an duine sin atá ar an taobh eile i Sasana. Nach breá an scéal é sin?

Tá an tseirbhís sin i spotaí i mbeagnach gach uile áit sa Ghaeltacht. Mura bhfuil, beidh sé ann nuair a bheidh Eir críochnaithe leis an 300,000 mar rinne sé é de réir na seanbhoscaí. Cé chomh mór is atá an t-easnamh leathanbhanda dár gcoinneáil siar, i gach uile phobal nach bhfuil sé ag daoine? an bhfuil aon am fágtha agam?

Go raibh maith ag an gCathaoirleach.

An bhfuil aon cheisteanna ag an Teachta?

Tá, ach caithfidh mé a mhíniú cén bunús atá leis an gceist. An bhfuil aon áireamh déanta ag an údarás ar an dream rúnda sin atá ag obair go ciúin leo sa bhaile? Feictear domsa nach fios d‘éinne sa tír cé mhéad duine atá ag obair ó bhaile anois, go páirtaimseartha nó go lánaimseartha, agus gan acu ach ceangal leathanbhanda agus ríomhaire. Feicim ailtirí, aistritheoirí agus daoine ag obair do chomhlachtaí móra. An bhfuil aon áireamh againn ar cé mhéad duine atá ann agus an bhfuil aon bhealach go bhféadfaí oibriú amach an bhfuil difríocht idir na ceantair a bhfuil an leathanbhanda an-tréan agus leathanbhanda lag agus cé mhéad post a bhféadfaí a chruthú? Ní bheadh ar an údarás mórán a dhéanamh le hiad a chruthú mar go deimhin féin níl na poist seo costasach lena chruthú. Choinneodh sé daoine sa bhaile agus gasúir sna scoileanna agus mar sin de.

An bhfuil aon phlé ag an údarás leis an ollscolaíocht lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht agus an bhfuil aon infheistíocht á dhéanamh inti? Mar shampla, in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge nó in aon institiúidí tríú leibhéal atá ag feidhmiú taobh istigh den Ghaeltacht, bhí sé ar bun. Creidim féin gur earnáil iontach, ó thaobh cruthú fostaíochta é nó í, ach go mb’fhéidir nach bhfuilimid ag déanamh na hinfheistíochta ann. Ba cheart go mbeadh comhpháirtíocht idir ollscoileanna, as a n-acmhainní féin, HEA - is maith an rud go bhfuil an tAire, an Teachta McHugh, iompaithe anonn ina Aire agus go mb’fhéidir go mbeadh sé báúil don smaoineamh seo - an t-údarás agus an Roinn, ar ndóigh.

Tá páirt lárnach ag an údarás agus ag an Roinn anseo.

Ba mhaith liom tuairimí na bhfinnéithe a fháil ar cheist fhéidearthachtaí na hollscolaíochta trí Ghaeilge, le béim ar na rudaí atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a aontaíodh ag an Rialtas, mar shampla, an seimeastar lán-Ghaeilge do na céimithe a bheadh ag déanamh staidéar ar an nGaeilge. Bhí tréimhse sa Ghaeltacht i gceist do na hábhair oidí agus mar sin de. Ní fios cén tionscadal atá i gceist ansin agus ní léir go bhfuil sé forbartha, go mórmhór ó thaobh múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta de, ó thaobh cleachtadh na Gaeilge de agus ó thaobh céimeanna le Gaeilge agus mar sin de.

Tagraím do thionscadail na meáin, nó clasamhairc, nó teilifíse, nó físeáin agus na healaíona cruthaitheacha ar fad. An bhfuil aon phlean ann borradh breise a chur ar an earnáil sin? Tá comhpháirtithe ann ar nós na Roinne Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil mar is léi atá an ceadúnas teilifíse agus is fúithi atá sé le rá cé mhéad airgead a fhaigheann TG4 mar shampla. Dá bhfaigheadh TG4 tuilleadh airgead, bheadh níos mó airgead ag an earnáil mar bheadh siad ag coimisiniú daoine agus thiocfadh fás níos mó uirthi. Cén plé atá na finnéithe ag déanamh leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta? Bhí sé seo ar fad luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Tagraím do acmhainní nádúrtha. Má bhreathnaím timpeall orm sa Ghaeltacht, tá a lán acmhainní nádúrtha ann. Tá comhlachtaí breátha den scoth ann atá inmharthanach, atá ann le fada an lá agus atá bunaithe ar acmhainní nádúrtha. Nílimid i ndeireadh na feide leis sin ar chor ar bith.

Seans gurb í an acmhainn dhaonna an acmhainn is tábhachtaí ar fad. Cé mhéad comhlacht fíor-rathúil atá ann ar fud an domhain, ó Facebook go Google, atá bunaithe ar choincheap a bhí i gcloigeann duine ag an tús? Tá go leor díobh sa Ghaeltacht freisin. Cé mhéad múinte agus oibrithe atá ann? Tá ceann i Ros Muc agus ceann i gCorr na Móna: tá siad ar fud na háite. Cé mhéad plé atá ar bun faoi cén chaoi gur féidir cur leis sin? Is dócha go bhfuil a dóthain ráite agam.

Tá ag an bpointe seo ach tiocfaidh an Teachta ar ais.

Lig do na finnéithe na ceisteanna a fhreagairt.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Leagfaimid na freagraí amach idir an bheirt againn.

An bhfuil liosta agaibh ionas go mbeidh sibh in ann díriú ar chuile cheann acu?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Tá. Tagraím don airgead caipitil atá gafa againn agus an figiúr sin de €12 milliún. Bheadh muid in ann níos mó ná sin a chaitheamh gan dabht. Bhí an €12 milliún sin bunaithe ar fhíor-riachtainais atá ann inniu. Ní raibh sé measta don mhéid go bhféadfaimis a chaitheamh amach anseo. Níl aon dabht ach go bhféadfaimis úsáid mhaith a bhaint as tuilleadh sna ceantracha Gaeltachta.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Bhí figiúr luaite ansin nach mbeadh as bealach mar tá obair an-mhór le déanamh againn ar ár gcuid foirgnimh. Tá go leor iarratais ag teacht chun cinn ó chomhlachtaí atá againn atá ag iarraidh méadú. Beidh go leor den fhostaíocht sa todhchaí bunaithe ar na comhlachtaí atá againn agus an méid gur féidir linn cabhrú leo chun méadú. Táimid ag iarraidh go leor de na hacmhainní nádúrtha a fhorbairt chomh maith. Is figiúr coimeádach é €12 milliún ach bheadh an-fháilte roimhe. Ní bheadh aon dímheas air ar aon bhealach, bheadh sé iontach dá mbeadh-----

Ach d'fhéadfadh jab an-mhaith a dhéanamh le €20 milliún.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Bheadh muid in ann an-úsáid a bhaint as sin go cinnte. Mar a dúirt an Teachta, bhí figiúirí níos mó ná sin againn roimhe seo agus luaigh sé go bhfuil go leor réimsí a d'fhéadfadh muid páirt níos mó a ghlacadh ann cosúil leis na féidearthachtaí a bhaineann leis an oideachas. Níl aon dabht faoi. Táimid ag iarraidh a bheith ag obair i gcomhar leis na hollscoileanna agus na hinstitiúidí teicneolaíochta maidir le cur i bhfeidhm na straitéise seo.

I láthair na huaire táimid ag cur airgead ar fáil do thograí shonracha do Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge, WIT, le cúrsa a reáchtáil le Nemeton agus do Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, GMIT, le cúrsa a reáchtáil do Europus. Tá roinnt cúrsaí sonracha bunaithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge atá bunaithe ar acmhainní dhúchais agus a leithéid.

Táimid i gcomhráite le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh anois le cinntiú go bhfuil comhpháirtíocht láidir eadrainn maidir le cur i bhfeidhm na straitéise seo mar is acmhainn iontach í an t-acadamh a bheith lonnaithe sna ceantracha Gaeltachta. Tá na hinstitiúidí eile atá ag obair linn ar nós Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, GMIT, Institiúid Teicneolaíochta Trá Lí agus WIT lárnach dúinn.

Má thagann an seimeastar Gaeilge isteach sna ceantracha Gaeltachta, beidh sé sin mar bhuntáiste an-mhór do cheantracha cosúil le Carna, An Cheathrú Rua agus Gaoth Dobhair. Beidh Coláiste na hOllscoile Corcaigh ag déanamh a mhacasamhail i gCiarraí. Ní hamháin go mbeidh buntáistí cultúrtha ann ach beidh buntáistí eacnamaíocha an-mhór ann ag na hamanna sa bhliain a bhíonn na scoláirí seo lonnaithe sna ceantracha seo. Táimid ag súil go mór le go mbeidh sé sin in ann teacht ar an talamh agus go mbeidh an t-acadamh in ann é sin a chur i bhfeidhm. D'fháilteodh muid roimhe. Táimid ag iarraidh comhpháirtíocht an-mhaith a bheith againn leis na hinstitiúidí sin agus táimid ag caint leo.

Tagraím don bhunstruchtúr. Tá an ceart ag an Teachta. Má thugaimid Tír Chonaill, tá feabhas iontach ag teacht ar na bóithre sa Ghaeltacht anois, an N56 mar shampla. Déanann sé difríocht an-mhór do na ceantracha Gaeltachta ach is é an fhadhb is mó atá ag Gaeltacht Thír Chonaill, i gcomónta leis an réigiún ar fad, ná an A5. B'shin míbhuntáiste an-mhór. Má théann duine isteach chuig comhlacht anois, an chéad rud a luafaidh siad ná leathanbhanda ach tá na bóithre fós tábhachtach. D'fhéadfadh na bóithre is fearr in Éirinn a bheith taobh istigh de Ghaeltacht Thír Chonaill ach gan an A5 agus an ceangal sin go Baile Átha Cliath agus an A6 leis an gceangal go Béal Feirste, táimid in áit na leathphingine agus faoi mhíbhuntáiste mór.

Tá sé amhlaidh i go leor ceantracha Gaeltachta eile nach bhfuil na príomhbhóithre a thugann duine chomh fada leis an gceantar ar chaighdeán maith. Tá an pobal faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le háiteanna eile sa tír.

Níl aon eolas fíorchruinn againn ar an méid chianoibrithe atá lonnaithe i gceantracha Gaeltachta faoi láthair ach táimid ag iarraidh teacht ar an eolas sin mar tá an cianoibriú mar chuid lárnach dár straitéis. Roimhe seo, bhíodh muid ag iarraidh na comhlachtaí a aistriú go dtí an Ghaeltacht. Anois, más féidir linn na hoibrithe a aistriú go dtí an Ghaeltacht, tá na buntáistí againn go bhfuil na daoine sin ag obair sna ceantracha seo, ag tógáil a gclanna agus á gcur iad ar scoil agus ag caitheamh a gcuid airgead sna ceantracha sin agus mar sin de. Táimid in ann na daoine sin a mhealladh mar gheall ar an gcaighdeán maith maireachtála atá againn sna ceantracha Gaeltachta. Chuige sin, táimid ag iarraidh a bheith cinnte go bhfuil na moil dhigiteach seo ag feidhmiú because even le daoine a bhfuil leathanbhanda maith sa bhaile acu, faigheann siad cabin fever scaití agus má bhíonn na háiteanna seo acu, b'fhéidir go mbeidh siad in ann casadh le daoine eile atá sa bhád céanna agus cuireann sé sin lena gcumas feidhmiú ar bhonn cianoibrithe. Tá sé sin lárnach dár straitéis.

Tagraím do acmhainní nádúrtha atá lárnach dár straitéis chomh maith. Tá tograí bunaithe ar an teanga, ar an gcultúr, ar thurasóireacht agus ar fhuinneamh in-athnuaite atá thar a bheith lárnach dár straitéis agus beimid ag cur an-bhéim orthu. Don mhéid airgead a bheidh ar fáil againn, beimid in ann breis luacha a bhaint amach ó thaobh na hacmhainní seo ach tá sé lárnach dár straitéis. Tógfaidh an tUasal Nic Grianna roinnt cheisteanna.

Ms Siubhán Nic Grianna

Luaigh an Teachta an earnáil chlosamhairc agus leanaimid orainn ag tabhairt tacaíocht do na cliaintchomhlachtaí a luaigh an tUasal Ó hÉanaigh níos luaithe. Táimid ag tacú le Nemeton i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Phort Láirge le cinntiú go bhfuil cumasú á dhéanamh ar phobal na Gaeltachta san earnáil sin agus go mbeidh daoine ar fáil le Gaeilge amach anseo le bheith ag obair ann agus ar ndóigh tá go leor cliaint eile againn san earnáil sin chomh maith.

I dtaca leis na healaíona cruthaitheacha, táimid ag obair go mór. D'éirigh linn buiséad ceadaithe breise a fháil dár gcomhchomhlacht, Ealaín na Gaeltachta teoranta, le tabhairt faoi dhíriú ar chlár forbartha sna healaíona dúchasacha a chur chun cinn i measc óige na Gaeltachta, rud a bhfuil gá leis. Tá tacaíocht á cur ar fáil i gcúpla ceantar faoi láthair ach táimid ag iarraidh a chinntiú go mbeidh sé seo á sheachadadh ar fud na gceantar Gaeltachta. Is í an óige na healaíontóirí a bheas againn amach anseo.

Mar eolas don choiste, táimid ag obair i bpáirtnéireacht le Foras na Gaeilge, le TG4, leis an gComhairle Ealaíon, agus leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ar straitéis a bheas le cur le chéile le díriú isteach ar fhorbairt na n-ealaíon Gaeilge agus Gaeltachta amach anseo. Beifear ag obair air sin agus ag forbairt na straitéise sna míonna amach romhainn. Is dul chun cinn suntasach é sin.

An é sin é? Is dóigh liom go raibh cúpla ceist eile. Cuirfidh mé cúpla ceist agus ansin tiocfaidh mé ar ais chuig an Teachta Ó Snodaigh.

Níl ach ceist amháin agam.

Ceist amháin.

Maidir leis na figiúirí i leith tionchar eacnamaíochta na gcliaintchomhlachtaí a bhfuil níos mó ná deichniúr fostaithe acu, an bhfuil figiúir ann maidir leis an méid cánach a íoctar don Stát ina iomláine ó na cliaintchomhlachtaí go léir, na cinn bheaga san áireamh?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Níl aon mheastachán air sin againn. Níl agam ach na figiúirí neamhspleácha a fuair muid ón Roinn. Mar a dúirt mé, tá an oiread sin gnólachtaí againn a fhostaíonn níos lú ná deichniúr. Is é sin an saghas cleachtaidh a dhéanann muid féin.

Más féidir leis an Uasal Ó hÉanaigh teacht ar an bhfigiúir nó meastachán a dhéanamh amach anseo, tabharfaidh sé deis dúinn argóint a dhéanamh go bhfuil loighic le hinfheistiú toisc go bhfaighfí an t-airgead ar ais mar go mbeidh daoine fostaithe. Chuideodh sé sin linn agus leis an Údarás an argóint a dhéanamh.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Cinnte. Is maith linn a thaispeáint go bhfuil luach á fháil ag an Stát ó thaobh cúrsaí teanga agus cultúir agus na spriocanna atá leagtha síos ag an Stát maidir leis sin. Tá sé tábhachtach go bhfeicfeadh daoine go bhfuil an t-aisíoc eacnamaíoch ann chomh maith. Cinnte, is rud é sin go bhféadfaimis díriú air.

Ceapaim go raibh ceist amháin eile ag an Teachta i dtaobh an mhéid a bhíonn á fháil againn do na comharchumainn agus don taobh sin den tí. Ba é an sprioc a bhí leagtha síos againn ná €2 milliún eile ar bharr an mhéid atá á fháil againn i láthair na huaire le go mbeadh muid in ann na tacaíochtaí atá ag teastáil ó na comharchumainn a chur ar fáil agus iad a chur ar a gcuid cos i gceart.

An ndúirt an tUasal Ó hÉanaigh €2 milliún breise?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Dúirt.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Tá cur i láthair soiléir tugtha acu. Tá an rud scríofa i mBéarla agus i nGaeilge. Gabhaim buíochas as sin. Tá sé úsáideach do na daoine atá ag streachailt. Is plean iontach é.

Maith dom go bhfuil mé beagáinín ciniciúil because tá an t-uafás pleananna feicthe agamsa. Tá sé léite agam agus tá níos mó suime agam ar chúrsaí monatóireachta agus an plean a chur i bhfeidhm. An féidir leis na finnéithe díriú isteach air sin? Cuirfidh mé na ceisteanna agus ansin is féidir leo freagairt. Tá na rialacha céanna i bhfeidhm domsa. Cén uair a fhoilseofar an straitéis? An mbeidh tuarascáil bhliantúil réidh le deireadh na bliana seo? An bhfuil tuarascáil roimhe seo maidir leis an gcoiste? An coiste stiúrtha nó coiste feidhmiúcháin é? Tá coiste faoi leith ann. Cé mhéad dul chun cinn atá déanta ón lá a d'fhoilsigh an straitéis seo? Sin rud amháin.

Ní mór dom a rá i dtús go bhfuil mé ag díriú isteach ar na rudaí a bhfuil mé buartha fúthu. Tá a fhios agam go bhfuil obair na gcapall á déanamh ag Údarás na Gaeltachta. Aontaím leis na Teachtaí eile; gan an t-údarás beidh na Gaeltachtaí uilig thíos. Tá na pointí á ndéanamh agamsa sa chomhthéacs sin.

Maidir leis na poist, tá an ról sin atá ag an údarás thar a bheith tábhachtach ach tá ról ag an leibhéal céanna, mar a dúirt an tUasal Ó hÉanaigh, aige ó thaobh cultúir, teanga agus pobal de. Cén chaoi a bhfuil an t-údarás ag dul i ngleic leis na dúshláin maidir le Béarla, mar shampla comhlachtaí ag teacht isteach agus iad a bheith ag obair go hiomlán trí Bhéarla? Cad iad na pleananna teanga atá ag an údarás? Cén chaoi a bhfuil sé i mbun monatóireachta? Sin rud amháin.

Maidir le Páirc na Mara, an féidir leis an údarás soiléiriú a thabhairt dúinn maidir le stádas an cheada pleanála? B'fhéidir go bhfuil míthuiscint agam ach níl cead pleanála faighte. Tá cead pleanála faighte maidir le hoifigí amháin. Ó mo thaithí ó bheith ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí, cé gur plean agus coincheap iontach é Páirc na Mara, nuair a thagann na boic mhóra isteach bíonn fadhbanna ann ó thaobh daonlathais, trédhearcachta, agus cúrsaí rialacháin. Tá sin feicthe go soiléir agam le dhá bhliain anuas. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ó thaobh na cúrsaí sin de.

Ó thaobh foirgnimh, tá a fhios ag na finnéithe go bhfuil neart ceisteanna curtha agam ó thaobh foirgnimh atá folamh. Tá dul chun cinn déanta. Faoi láthair tá 70 foirgneamh folamh, de réir mar a thuigim. Is áis iontach go bhfuil na foirgnimh ag an údarás agus go bhfuil dul chun cinn déanta ach tá 77 fós folamh. Tá neart talaimh ag an údarás freisin agus is iontach an rud é sin freisin ach tá mise ag breathnú ar acraí talamh ar fud na tíre nach bhfuil rud déanta orthu in 1980, 1997 nó mar sin de. B'fhéidir go bhfuil mé mícheart. Bhí sé de phribhléid ag an gcoiste seo taisteal ar fud na tíre go dtí na Gaeltachtaí uilig. Táimid díreach ar ais ó thuaisceart Mhaigh Eo. Ceapann na daoine ansin i nGaeltacht Cheathrú Thaidhg go bhfuil dearmad déanta orthu agus is dóigh liom go bhfuil an ceart acu. Sin sampla amháin. Cén chaoi a ndéantar cinneadh rud a bhunú in áit éigin, Acla nó Béal an Mhuirthead mar shampla, seachas i gCeathrú Thaidhg nó áit éigin eile? Cén chaoi a n-éiríonn an údarás an cinneadh sin a dhéanamh? Ón méid a chonaic an coiste, tá gá le tascfhórsa agus plean práinneach ó thaobh an cheantair sin ach go háirithe. Sheas sé amach i gcodarsnacht le haon cheantar eile.

Maidir le cúrsaí printíseachta, cad atá i gceist ag an údarás? An bhfuil na gnáthphrintíseachtaí i gceist chomh maith leis na rudaí nua? Maidir leis an diaspóra, arís is iontach dearfach an coincheap é. Cad atá i gceist go sonrach? Cad iad na spriocanna? Cad iad na hamscálaí? Cad mar gheall ar chúrsaí tithíochta? Tá sé go dona i nGaillimh. Tá sé beagáinín níos fearr sa chontae ach tá fadhb uafásach ann. B'fhéidir go n-inseoidh an tUasal Ó hÉanaigh rud dom faoi sin freisin. Tá ceisteanna eile agam ach tiocfaidh mé ar ais arís tar éis na dTeachtaí agus an tSeanadóra.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Arís roinnfimid na freagraí eadrainn. Maidir le tuairisciú ar an straitéis, thosaigh an straitéis seo i dtús na bliana seo. Bíonn tuarascáil bhliantúil againn chuile bhliain.

Tá an plean seo ar an bhfód beagnach bliain anois.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Tá. Beidh muid ag foilsiú tuarascáil bhliantúil. Beidh muid ag cur tuairisc ar fáil go luath sa bhliain nua maidir lenár gcuid gníomhaíochtaí. Beidh gníomhaíochtaí na heagraíochta, an fhostaíocht a cruthaíodh, agus mar sin de leagtha síos ansin. Beidh sé sin ar fáil go luath i mí Eanáir. Beidh sé á fhoilsiú. Bíonn key performance indicators, KPIs, leagtha síos againn timpeall na straitéise ar fad. Bíonn an Roinn ag déanamh monatóireachta leanúnaí linn ar na spriocanna atá leagtha síos.

Táim ag iarraidh a fháil amach cén sórt monatóireachta atá i gceist, cén chaoi is féidir linn breathnú air sin, agus céard iad na tomhais atá á n-úsáid.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Tá dhá thaobh ag an teach. Ón taobh eacnamúil de, is é an príomhsprioc atá leagtha síos ná an fhostaíocht atáimid ag cruthú leis an infheistíocht atáimid ag déanamh.

Beidh Siubhán Nic Grianna ag caint níos mó ar an bpleanáil teanga agus ar na spriocanna atá leagtha síos ansin againn. Bíonn monatóireacht á déanamh air sin agus ar an dul chun cinn atá le déanamh ag na cruinnithe. Aontaímid spriocanna i gcomhthéacs na straitéise leis an Roinn ag tús chuile bhliain. Ansin bíonn an mhonatóireacht á déanamh ar an gcaoi a bhfuilimid ag baint iad sin amach.

I dtaobh Pháirc na Mara, bhí iarratas pleanála ar spás oifige a chur in áit ansin againn le go bhféadfadh muid díriú isteach ar obair fhorbartha san áit. Fuair muid cead pleanála dó sin ó Chomhairle Contae na Gaillimhe. Tá sé faoi bhráid an Bhoird Pleanála i láthair na huaire. Táimid ag cur tuilleadh eolais ar fáil faoi sin. Maidir leis an mórphlean, tá staidéar tionchair timpeallachta ar siúl againn i láthair na huaire. Tá tograí ann a bhfuil féidearthachtaí leo. Chuardaigh muid léirithe spéise ó dhaoine éagsúla a bheadh ag iarraidh lonnú ar Pháirc na Mara. Fuair muid thart ar 18 léiriú spéise de chineálacha éagsúla. Tá cuid de na comhlachtaí fíorbheag agus tá cuid acu réasúnta mór. Tá cuid acu a bheadh muid féin á cur chun cinn i gcomhar lenár gcuid pairtnéirí a luaigh mé níos luaithe: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; Galway Mayo Institute of Technology; Foras na Mara; agus Bord Iascaigh Mhara.

Is é an rud atá i gceist ansin ná ionad taighde agus nuálaíochta le réimsí breisluacha ó thaobh earnáil na mara a chur chun cinn. Nuair a bheas an staidéar tionchair timpeallachta déanta beidh tuiscint mhaith againn ar céard iad na rudaí gur féidir iad a chur chun cinn ar Pháirc na Mara ar bhonn inmharthanach. Beidh an t-iarratas ar chead pleanála a bheas muid ag déanamh i gcomhair na páirce ag brath ar na rudaí a bhfuil sé taispeánta go bhfuil siad inmharthanach agus inghlactha. Tá sé fíorthábhachtach dúinne gur forbairt inmharthanach a bheas ansin. Tá deis an-mhaith againn anois leas a bhaint as an acmhainn mara. Mar a dúirt mé níos luaithe, beidh sé seo mar pháirc eiseamláireach ní amháin don Ghaeltacht, ach don tír agus fiú go hidirnáisiúnta. Táimid ag iarraidh an jab is fearr gur féidir a dhéanamh mar seo é an deis is fearr a bheas againn le fostaíocht inmharthanach a chruthú sa chuid sin de Chonamara. Caithfimid leas a bhaint as an acmhainn mara ar bhonn inmarthanach. Ní féidir le gach duine maireachtáil ar an turasóireacht. Beimid ag cur gnólachtaí eile chun cinn chomh mór agus is féidir linn ach seo é an duais mhór má dhéanann muid i gceart é. Táimid ag iarraidh é a dhéanamh i gceart más féidir linn ar chor ar bith.

I dtaobh foirgneamh agus talaimh, rinne sé ciall ag an am cuid den talamh a cheannaigh muid san am a chuaigh thart a cheannach ach níl mórán deiseanna forbartha orthu i láthair na huaire. Tá áiteanna ann nach bhfuil leath a dhóthain foirgneamh ann. Beidh deacrachtaí againn fiú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair go luath. Sin scéal maith. Is áit é ina raibh go leor foirgneamh folmha trí bliana ó shin. Tá roinnt foirgneamh suite in áiteanna ina bhfuil sé níos deacra infheistíocht a mhealladh isteach ná in áiteanna eile. Tuigimid é sin. Bíonn orainn tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh. B'fhéidir nach bhfuil roinnt den talamh a cheannaigh muid chomh húsáideach agus a ceapadh go mbeadh 20 nó 30 bliain ó shin. É sin ráite, tá na foirgnimh lárnach dár straitéis. B'fhéidir gurb é an fhadhb is mó atá againn ná nach bhfuil cuid dóibh ar chaighdeán maith i láthair na huaire. Táimid ag iarraidh é sin a chur ina cheart.

I dtaobh áiteanna mar Cheathrú Thaidhg, bhí réamh-mhonarcha amháin againn i gCeathrú Thaidhg. Is rud dearfach é go bhfuil sé sin lán. Ní chreidfeadh duine ar bith go bhfuil gnó atá ag fostú an méid sin daoine lonnaithe sa spota is iargúlta in Éirinn a bhfuil réamh-mhonarcha ann. Má thógtar ceantar Iorrais, tuigimid an chaoi a bhfuil sé ó thaobh Gaeltachta agus breac-Gaeltachta ansin. Níl aon dabht ach go bhfuil sé i bhfad níos éasca nuair atá lárnach mar Bhéal an Mhuirthead i gceist. Tá sé sách deacair rudaí a mhealladh go Béal an Mhuirthead ach, má táthar ag iarraidh infheistíocht ón taobh amuigh a mhealladh isteach, tá sé níos éasca é a dhéanamh i sráidbhaile mar sin seachas i gceantar tuaithe. Sin deacracht a bhíonn againn i gcónaí. Is dóigh liom gurb é an rud atá ann ná, más féidir linn jabanna a mhealladh isteach sa cheantar, go mbeadh siad ar fáil do mhuintir an cheantair ar fad. Cinnte, má bhíonn aon deis againn tionscnamh a chur chun cinn sna ceantair atá scoilte amach, glacaimid leis ach bímid ag brath ar thionscail áitiúla agus tionscail bheaga dhúchasacha den chuid is mó.

Tá béim nua ar thurasóireacht againn. Táimid ag obair ar thogra suntasach le pobal na hEachléime i dtaobh Ionad Deirbhile agus seanteach solais an Fhóid Dhuibh a fhorbairt. Tá súil againn go mbeidh muid in ann tógáil ar na buntáistí atá sna ceantair sin. Sílim go bhfuil eiseamláir ansin ó thaobh Choláiste Uisce agus an jab atá déanta aici i gCuan Eilí agus anois san Eachléim. I gcomhthéacs ár straitéise tuigimid go gcaithfimid a bheith ag brath ar na hacmhainní nádúrtha go mór seachas a bheith ag fáil infheistíocht ón taobh amuigh. Tá sé fíordheacair é a fháil isteach fiú sna háiteanna atá lárnach i gcomhthéacs Gaeltachta. Tá deacracht ann comhlachtaí a fháil amach go dtí ceantair imeallacha.

I dtaobh an diaspóra, táimid ag leagan spriocanna síos. Ag deireadh tréimhse na straitéise seo tá súil againn go dtaispéainfeadh muidne go bhfuil infheistíocht faighte isteach againn. Sin rud tábhachtach. Ó thosaigh muid air seo, ba é an príomhriachtanas a tháinig inár dtreo ná an riachtanas atá ag comhlachtaí le hoibrithe - daoine le scileanna agus le taithí. Luaigh mé Randox níos luaithe. Tá Randox anois lonnaithe in iarthar Thír Chonaill ach tá daoine leis an eolaíocht beatha, ICT agus innealtóireacht - daoine atá fíorcháilithe - ag teastáil. Tá daoine ón gcontae a bhfuil na cáilíochtaí sin acu ach b'éigean dóibh uilig imeacht. Is cuid den togra seo ná iad a mhealladh ar ais. Is buntáiste i gcuid de na ceantair atá againn nach bhfuil an ghéarchéim tithíochta chomh mór agus atá sé sna bailte móra. Ní fadhb é sin a dtáinig muid trasna air go dtí seo agus muid ag iarraidh daoine a mhealladh ar ais.

Tá go leor rudaí eile, agus tá a fhios agam go bhfuil an Rialtas ag breathnú orthu, i dtaobh éascaíocht a dhéanamh ar dhaoine a athraíonn abhaile, go mórmhór ón iasacht, i dtaobh ceadúnas agus mar sin. Bheadh sé fíorthábhachtach go ngabhfaidh i ngleic leis na fadhbanna sin leis an rud a éascú. I dtaobh na straitéise, is sprioc gearrthéarma tábhachtach dúinn a thaispeáint go gcuireann muid ar chumas leithéidí Randox, Mulan, Aran Biomedical agus Freudenberg fás agus nach raibh easpa daoine cáilithe acu i gcomhthéacs an tionscnaimh diaspóra.

I dtaobh printíseachtaí, bhí an earnáil sin lag ar feadh roinnt blianta ach táimid ag fáil ar ais. Beidh muid ag iarraidh béim a chur ar na printíseachtaí traidisiúnta le hais mar a bhí. Táimid ag obair le roinnt scoileanna. Tá go leor daoine ag dul go dtí an tríú leibhéal ach ní oireann an tríú leibhéal do chuile dhuine. Tá daoine atá i bhfad níos feiliúnaí-----

Tá a fhios againn é sin. Tá mé ag lorg sonraí i dtaobh an ruda.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Táimid ag obair le Pobascoil na Rosann i dTír Chonaill. Táimid ag iarraidh go mbeidh 20% de na daoine ansin ag dul i dtreo printíseachtaí. Is togra píolótach é sin. É sin ráite, rud eile atáimid ag iarraidh a dhéanamh ná na printíseachtaí nua-aimseartha, bunaithe ar mhúnla na Gearmáine, a chur chun cinn. Faoin múnla sin ní chaithfidh daoine a bheas ag obair ag Freudenberg ná Randox a bheith tar éis cúig ná sé bliana a chaitheamh sa choláiste. B'fhéidir leo teacht aníos trí phrintíseachtaí. Sin rud atáimid ag iarraidh a chur chun cinn ach tá deacrachtaí ann ó thaobh airgeadais ó na comhlachtaí dó sin i láthair na huaire. Níl sé éasca mar bíonn ar na comhlachtaí an costas sin a iompar agus níl aon tacaíocht cheart ar fáil. Má bhíonn, beidh muid in ann é sin a threisiú.

Ms Siubhán Nic Grianna

An féidir liom teacht isteach ansin i dtaca leis an phróiseas pleanála teanga? Mar a luadh níos luaithe, tá 26 limistéar pleanála teanga agus trí bhaile seirbhíse Gaeltachta.

Tá neart cloiste agam faoi sin. Táim ag díriú isteach ar na comhlachtaí a mheallann an tÚdarás isteach ach go háirithe. Cén chaoi a gcinntíonn sé go bhfuil an Ghaeilge á úsáid?

Cad iad na pleananna teanga, go háirithe ó thaobh na comhlachtaí agus na fostaithe sin?

Ms Siubhán Nic Grianna

Ceadaíonn an t-údarás pacáiste tacaíochta do aon chliant nó aon chomhlacht. Bíonn coinníollacha teanga ceangailte leis sin agus bíonn plean teanga aontaithe leis an gcomhlacht. Ar ndóigh, tá achan comhlacht éagsúil agus braitheann sé ar na riachtanais agus na daoine atá fostaithe acu ach bíonn na pleananna teanga sin bunaithe ar úsáid na Gaeilge, ar pholasaithe earcaíochta-----

Tuigim é sin agus roimhe seo bhí scéimeanna teanga go ginearálta. Tá a fhios againn faoi sin. Cad é an mhonatóireacht atá á déanamh ag Údarás na Gaeltachta chun é a chinntiú?

Ms Siubhán Nic Grianna

Tá triúr oifigeach teanga fostaithe ag an údarás a oibríonn go díreach leis na cliaintchomhlachtaí seo. Déantar nuashonrú ar na pleananna teanga de réir mar a théann an gnó ar aghaidh. Cuirtear tacaíocht ar fáil dóibh ó thaobh ranganna Gaeilge de agus ní hamháin sin ach tá eolas ar fáil dóibh i dtaca leis na fostaithe más mian leo freastal a dhéanamh ar na ranganna Gaeilge.

Don chuid is mó, tá na cliaintchomhlachtaí báúil agus déanann siad oiread agus is féidir leo. Cuirimid tacaíocht bhreise airgeadais ar fáil dóibh fiú, má tá siad ag aistriú ábhair le haghaidh suíomhanna idirlín, cuirimid béim faoi leith ar na comhlachtaí sin atá ag cur seirbhís dhíreach ar fáil don phobal. Tá siad sin thar a bheith tábhachtach mar go mbíonn siad ag plé go díreach leis an phobal. Fad agus a bhaineann sé le comhlachtaí eile, ní bheadh aon phlé acu leis an phobal ach bheadh siad ag fostú daoine ó na ceantair Ghaeltachta.

Is fiú a lua gur obair dhúshlánach é seo agus go mbíonn sé deacair ag na comhlachtaí teacht ar dhaoine a bhfuil na scileanna cuí acu agus ach go háirithe nuair a amharctar ar na réimsí nua atá ag teacht chun tosaigh agus na hearnálacha nua ar nós cógaseolaíocht, feistis leighis, déantús nideoige agus mar sin de, tá ardscileanna de dhíth le haghaidh sin agus bíonn sé deacair acu teacht ar dhaoine. Tá an t-údarás ag tacú leis sin ar achan bealach. Déanaimid riarú ar an scéim clár na gcomhlachtaí trí na scoileanna Gaeltachta. Sin an clár junior achievement. Tá clár science, technology, engineering and mathematics, STEM, againn agus táimid ag cothú ceangal díreach leis na páistí sna scoileanna agus leis na cliaintchomhlachtaí atá againn. Is dócha go bhfuil an ceangal sin cothaithe leo agus nuair a théann siad tríd chúrsaí tríú leibhéal amach anseo, feicfidh siad go bhfuil post ansin i cliaintchomhlachtaí Gaeltachta dóibh.

Caithfidh mé a rá go bhfuilimid ag déanamh dul chun cinn. Déantar monatóireacht ar bhonn rialta agus don chuid is mó, tá na cliaintchomhlachtaí báúil dó, oiread agus is féidir leo.

Tá na ceisteanna a d'ardaigh an Cathaoirleach ceart agus cóir. B'fhéidir gur féidir linne roinnt monatóireacht a dhéanamh amach anseo le cinntiú go dtiocfaidh an t-údarás os ár gcomhair uair sa bhliain ionas go mbeadh an réimse ceisteanna seo ann arís agus go mbeidh an t-údarás in ann a rá go bhfuil ag éirí leis agus go mbeidh sé ag cur obair inár dtreo chomh maith mar tá dhá thaobh ann. Tá an t-údarás ag lorg go mbeadh muidne ag socrú breis airgid agus breis acmhainní, athruithe dlíthe agus a leithéid agus is féidir é sin a dhéanamh ar bhonn pearsanta but uaireanta bíonn sé níos fearr nuair a thagann an t-údarás os ár gcomhair chun a rá go bhfuil ag éirí leis i réimse éigin mar léiríonn sé sin don choiste agus don saol go bhfuil ag éirí leis agus go bhfuil gá le breis airgid ionas gur féidir linn an chéad céim eile a thógáil. Tá a fhios agam gur tharla sé roimhe ach b'fhéidir go bhféadfaimis é seo a dhéanamh ar bhonn rialta agus dáta a aithint chun achoimre a dhéanamh.

Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun cúpla ceist a chur. Tagraím do chúrsaí monatóireachta. Bhí tuarascáil le bheith réitithe chuile ráithe so cé mhéad tuarascáil monatóireachta atá déanta ag an údarás ón uair a fhoilsíodh an plean seo?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Bímid ag tuairisciú chuile ráithe chuig an Roinn.

An bhfuil sé i scríbhinn?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Bíonn cruinnithe monatóireachta againn agus-----

So níl tuarascáil scríofa ach amháin an tuarascáil bhliantúil.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Níl.

So bhí míthuiscint ar mo thaobh.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Leis an scéal ceart a fháil, bímid ag obair ar bhonn bliantúil agus ar bhonn deich gcruinniú boird agus mar sin agus ag leagan síos gurb iad na spriocanna fhostaíochta na key performance indicators ó thaobh-----

Is coincheap iontach é ach tá mé ag díriú isteach mar le dhá bhliain anuas tá an-chuid eagraíochtaí agus muintir acadúla tar éis teacht os ár gcomhair ag cur in iúl go bhfuil géarchéim sna Gaeltachtaí. Thíos ag an Oireachtas fiú, rinne an Seanadóir Ó Céidigh tuarascáil faoi seo. Tá a fhios againn é ó chuile fhoinse. Ritheann ceist liom i gcónaí. An ndearna IDA Ireland nó Fiontraíocht Éireann taighde riamh ag déanamh comparáid idir an ról atá ag an Údarás, leis an uafás dualgas atá air, agus an méid airgid a fhaigheann sé i gcomparáid leis an dá eagraíocht sin?

Tá tagairt anseo do anailís breise a dhéanamh chun teacht ar bhunlíne maidir le líon reatha na gcainteoirí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Cad atá i gceist? An bhfuil an anailís bhreise sin tosaithe? Tá sé luaite faoi bhuntáscairí feidhmíochta: go mbeidh anailís bhreise á déanamh chun teacht ar bhunlíne maidir le líon reatha na gcainteoirí Ghaeilge sa Ghaeltacht, ionas gur féidir gníomhú chun é seo a mhéadú go 25% faoi 2030. Tá sé sin leagtha síos so cad atá i gceist leis an anailís sin?

Tagraím d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chuir an Teachta Ó Cuív tús leis seo ach faoi láthair, de réir mar a thuigim é, tá céim i ndámh na ndán trí Ghaolainn i nGaillimh ach is rud iontach é sin go bhfuil an Ghaeilge agus ábhair eile ann leis an gcéim uilig trí Ghaeilge. Cé mhéad scoláire atá ann? De réir mar a thuigim, tá breis agus 100. I mbliain áirithe, bliain uimhir a trí, beidh ar na scoláirí seimeastar iomlán a chaitheamh sa Ghaeltacht agus is rud iontach é sin leis na buntáistí a luaigh na finnéithe. Cad é ról an údaráis ón taobh seo go sonrach? An bhfuil sé ag cur airgead isteach nó cén ról a fheiceann sé ann?

Tagraím do na comhlachtaí. Is rud thar a bheith tábhachtach é go mbeadh fostaíocht ann mar ní bheadh aon teanga gan fhostaíocht. Bhí mé i láthair ag seoladh branda Gaeltacht na hÉireann. Tá ardmholadh tuillte ag an t-údarás as sin ach ag an am céanna bhí cuid de na hagallaimh trí Bhéarla. Tarlaíonn sé sin agus tharla sé inniu go raibh cuid de na himeachtaí i mBéarla, ach easnamh a bhí ann nuair nach ndearna aon duine sna hagallaimh sin aon soiléiriú faoin scéim atá ar siúl acu sa chomhlacht, cé go raibh siad ag labhairt i mBéarla.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Tagraím d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Mar a dúirt mé, tá muidne ag iarraidh go mbeimid ag obair i gcomhpháirtíocht leis an ollscoil i réimse Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge-----

Tuigim é sin. Tá sé sin ráite ach sonraigh ó thaobh na céime seo.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Is dócha gur mhaith leis an ollscoil go mbeadh muid in ann a bheith páirteach ach i láthair na huaire níl an buiséad againn aon tacaíocht ar leith a thabhairt don scéim sin. Dá dtiocfadh sé san am a bheadh ár mbuiséad ag méadú, bheadh sé mar sprioc againn agus ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go mbeadh muid páirteach. Táimid thar a bheith sásta a bheith páirteach ach i láthair na huaire, ar an drochuair, ní bheadh muid in ann.

Nach bhfuil an dualgas sin ar an údarás ó thaobh oideachas de agus ó thaobh phobal na ceantair de freisin? Nach bhfuil dualgas tromchúiseach air? Ní féidir a rá nach bhfuil dóthain airgid aige faoi rud mar sin.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Tá mian againn agus ba mhaith linn a bheith páirteach ann ach is dócha gur iad na príomhdhualgaisí atá againn ná a bheith ag díriú ar fhostaíocht a chruthú agus ar an bpleanáil teanga mar phróiseas-----

Is fostaíocht agus pleanáil teanga é seo agus tá sé i gcroílár na Gaeltachta. Beidh siad ag caitheamh seimeastar i gcroílár na Gaeltachta. Sin fostaíocht do na mná tí agus fostaíocht faoi leith.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Cinnte agus tá réamhchainteanna ar siúl againn leis an ollscoil faoi seo i láthair na huaire. Ba mhaith leis an ollscoil go mbeadh muid páirteach agus ba mhaith linn a bheith páirteach ach ag an am céanna, tá roinnt mhaith oibre le déanamh sula bhféadfadh muid an dúshlán sin a ghlacadh orainn féin i gcomhthéacs an bhuiséid atá againn i láthair na huaire ach aithnímid go bhfuil buntáistí ann agus beimid ag tabhairt gach tacaíocht gur féidir linn ach ní fhéadfainn a rá ag an am seo go bhféadfaí a bheith ag brath orainn airgead a chur ar fáil dó.

Bheadh sé sin ina dhúshlán ró-mhór i láthair na huaire.

Ms Siubhán Nic Grianna

I dtaca leis an rud a bhí á rá faoin monatóireacht, tá go leor den chlár oibre a bunaíodh - rinne an príomhfheidhmeannach cur síos air - á cheangal isteach leis a bplean gníomhaíochta cúig bliana den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Mar is eol don choiste tá sé sin go léir ceangailte le spriocanna le bheith bainte amach thar tréimhse cúig bliana. Tá coiste stiúrtha bunaithe le monatóireacht rialta a dhéanamh air sin agus tá coiste comhairleach bunaithe freisin agus ar ndóigh beidh orainn a bheith ag tuairisciú, agus tuairisc scríofa a bheidh i gceist ansin, i dtaca leis an bplean gníomhaíochta sin agus leis na bearta a bhfuil an t-údarás ceangailte leo. Tá beagnach dhá scór beart a bhfuil an t-údarás ceangailte isteach leis. Baineann siad go léir le clár oibre an údaráis, fad agus a bhaineann siad le cruthú fostaíochta chomh maith le pleanáil teanga.

Tá dhá bhliain le teacht, 2019 agus 2020.

Ms Siubhán Nic Grianna

B'shin straitéis an údaráis. B'shin plean trí bliana.

Tuigim é sin. Beidh dhá thuarascáil i gceist ón údarás, tuarascáil 2019 agus 2020 agus trí, b'fhéidir. Beimid in ann a fheiceáil go soiléir céard iad na cuspóirí agus an méid atá bainte amach ag an údarás. Beidh sé sin soiléir i mí Eanáir. Tá sé sin go hiontach.

Céard faoi líon na gcainteoirí Gaeilge?

Ms Siubhán Nic Grianna

Is é an bealach a dhéantar é sin a thomhas ná de réir an daonáirimh. Is é sin an tomhas is fearr atá againn.

An dóigh libh go mbeadh anailís bhreise á dhéanamh ag an údarás faoi líon na gcainteoirí Gaeilge?

Ms Siubhán Nic Grianna

Déantar anailís bhreise trí na pleananna teanga chomh maith. Thar tréimhse seacht mbliana na bpleananna teanga, déantar athbhreithniú ar gach plean teanga i mbliain a trí. Beimid ag amharc isteach ar anailís bhreise a dhéanamh sna limistéir pleananna teanga mar chuid den athbhreithniú a bheidh a dhéanamh ar fheidhmiú an phlean teanga i ngach aon limistéar pleanála teanga sa tríú bliain.

Is iontach an cur i láthair ach tá sé ráite go soiléir go bhfuil anailís bhreise i gceist agaibh maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge atá ann. Is slat tomhais thar a bheith tábhachtach é. Cén chaoi ar féidir a rá go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an údarás?

Maidir leis an dara rud faoin mbuiséad, ní féidir glacadh nach bhfuil a dhóthain mar is céim iontach é i nGaillimh, agus is céim dul chun cinn, go bhfuil céim trí Ghaeilge agus go mbeidh seimeastar den chéad uair riamh lonnaithe i lár na Gaeltachta, i dTír Chonaill agus i gConamara. Ceapaim gur deis iontach a bheadh ann don údarás bhur ndualgais a chomhlíonadh ar chuile leibhéal, ó thaobh na teanga de, ó thaobh cúrsaí fostaíochta, chomh maith leis na rudaí eile atá á déanamh acu.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Maidir lenár ndualgais a chomhlíonadh go bhfuilimid in ann a chruthú agus go mbeimid ag cruthú leis an tuarascáil bhliana go mbeimid in ann an úsáid is fear a bhaint as na hacmhainní atá againn. Ba mhaith linn a bheith lárnach i dtosaíocht mar sin ach caithfimid féin an tacaíocht a fháil chun go mbeimid in ann an tacaíocht a chur ar fáil.

An mbeidh an t-údarás á rá sin leis an Rialtas agus ag dul ar ais chuig an Roinn agus ag rá gur deis iontach é agus nílimid in ann é a thapú? An mbeidh é sin á déanamh acu?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Is dócha go bhfuil Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag déanamh an cháis ar na riachtanais atá acu. Bheimis ag súil go n-aithneodh daoine go bhfuil ról lárnach againn mar níl aon dabht faoi agus tá sé ráite go soiléir againn leis an ollscoil go bhfeicimid an t-acadamh mar bhunchloch lárnach dár straitéis dul chun cinn agus go bhfuil sé mar acmhainn iontach a bheith ann. Níl aon dabht faoi má bhíonn na hacmhainní curtha ar fáil dúinne go mbeimid breá sásta comhoibriú mar a rinneamar san am a chuaigh thart nuair a bhí acmhainní againn. Bhí comhpháirtíocht agus dlúthcheangail ó thaobh acmhainní a chur ar fáil d'Acadamh na hOllscolaíochta. Táimid ag cur beagán ar fáil i láthair na huaire taobh istigh de na hacmhainní atá againn. Táimid an-oscailte a bheith lárnach sa phróiseas seo a dhul chun cinn, más féidir linn teacht ar na hacmhainní.

Mar fhocal scoir, nach bhfuil baol mór ann go bhfuil an t-údarás ag dul treo amháin maidir le cúrsaí nuálaíochta agus fiontraíochta agus tá gá leis sin, agus ag cur béim ar an saghas fostaíochta sin, ach gan an bhéim chéanna a chur sa treo eile ó thaobh oideachais agus cúrsaí fostaíochta atá inmharthana i gcroílár na Gaeltachta?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Maidir le cúrsaí oiliúna is féidir leis an Uasal Nic Grianna labhairt faoi sin. Tá sé tábhachtach a rá nuair atáimid ag breathnú ar acmhainní nádúrtha a fhorbairt go bhfuil an cultúr agus tograí teanga-bhunaithe lárnach dó sin. Aithnímid go bhfuil acmhainn den chéad scoth againn, acmhainn dhomhanda ó thaobh cúrsaí teanga de. Is sampla an-ábhartha a bheidh ansin nuair a fheicfidh an coiste na torthaí go luath sa turasóireacht chultúrtha. Táimid ag obair le dreamanna le tograí turasóireachta a chur chun cinn a bheidh bunaithe ar an teanga agus ar an dúchas má thugann Ionad na nImirceach i gCarna, nó Ionad na nOileán a bheidh á fhorbairt i Leitir Mealláin, agus Ionad Árann. Tá sé sin fíorthábhachtach.

Tá, gan dabht.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Ní dhéanfaimid ar aon bhealach dearmad. Táimid ann faoi go bhfuil an Ghaeltacht ann. Is daoine Gaeltachta muidne atá ag iarraidh an Ghaeltacht a chur chun cinn. An rud deireanach a dhéanfaimid mar eagraíocht ná dearmad a dhéanamh ar an gcuspóir sin agus tá an Ghaeilge agus an Ghaeltacht lárnach i ngach rud a dhéanaimid gach lá.

Ms Siubhán Nic Grianna

Tá sé tábhachtach a rá fosta, a Chathaoirligh, nuair a chuirtear san áireamh go mbeidh 26 phlean teanga atá go hiomlán bunaithe ar mhianta an phobail, agus go bhfuil eagraíocht ón earnáil ag tacú leis na pobail chun na pleananna sin a fheidhmiú ar an talamh. Táimid i spás agus in áit i bhfad níos láidre anois ná mar a bhí le fada chun tacú leis na pobail sin an Ghaeilge a chothú agus a shealbhú do na glúine atá amach rompu. Luaim ansin na tacaíochtaí breise atá ceadaithe, ar nós Comhar Naíonraí na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta, agus a bheidh á gceadú don óige amach anseo, atá ag cur tacaíochta anois isteach atá dírithe go hiomlán ar shealbhú agus ar shaibhriú na teanga. Tá an infheistíocht shuntasach atá á déanamh anois ag an Stát sa teanga go díreach sna pobail féin i bhfad níos láidre.

Gabhaim buíochas mór leis an Uasal Ó hÉanaigh agus an Uasal Nic Grianna agus leis na comhaltaí den choiste atá anseo. Tá an cruinniú ar ceal go dtí an 20 lá den mhí seo, tráth a mbeidh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige os ár gcomhair.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ag 7.17 p.m. go dtí 4.15 p.m. Dé Máirt, 20 Samhain 2018.
Top
Share