Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán debate -
Tuesday, 26 Mar 2019

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Os ár gcomhair inniu tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Gabhaim leithscéal leis na hionadaithe. Bhí siad anseo cúpla seachtain ó shin. Bhí an locht orainn. Ní raibh córam againn. Bhí sé drochmhúinte ach ní raibh aon éalú as an scéal. Tarlaíonn sé. I ndáiríre, b'shin an chéad uair a tharla sé. Gabhaim mo leithscéal faoi sin. Is iontach go bhfuil na hionadaithe ar ais agus nach bhfuil siad ró-fheargach linn.

Tá orm rud a léamh amach maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009 go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise seo acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina hainm, ina ainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Sin é mo chuid.

Ms Eilís O'Connell

Is mise an rúnaí cúnta atá freagrach as acmhainní daonna agus gnóthaí corparáideacha. I mo theannta tá Padraig McMahon, príomhoifigeach, ceann ár rannóige gnóthaí corparáideach, Guy Mahon, príomhoifigeach cúnta, an t-aonad um sheirbhísí do chustaiméirí, agus Deirdre Joyce, cigire ónar oifig i gCaisleán an Bharraigh.

Gabh mo leithscéal. An bhfuil leithscéal faighte againn ón Ard-Rúnaí? Tá. Ba mhaith liom é a chur ar an taifead go bhfuil leithscéal faighte againn.

Ms Eilís O'Connell

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as cead a thabhairt dúinn ceisteanna a fhreagairt i mBéarla. Cé go mbeidh mé ábalta an ráiteas tosaigh seo a léamh i nGaeilge, faraor, níl an caighdeán Gaeilge labhartha atá againn leordhóthanach chun bhur gcuid ceisteanna go léir a fhreagairt ná chun cur síos sásúil a dhéanamh ar obair na Roinne a cuid seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Gabhaimid buíochas leis an gcoiste as an deis seo a thabhairt dúinn casadh leis inniu. Bíonn suim againn i gcónaí sa Roinn feabhas a chur ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil agus is dóigh linn go mbeidh tuairimí an choiste seo luachmhar maidir leis sin. Tá mé cinnte go bhfuil a fhios ag an gcoiste faoin réimse leathan freagrachtaí atá leagtha ar an Roinn. Féachaimid leis na seirbhísí sin a chur ar fáil trí Ghaeilge nuair is féidir ach ar ndóigh, i bhfianaise na praiticiúlachta, mar fháil a bheith ar bhaill fhoirne a bhfuil an cumas cuí acu sa Ghaeilge chomh maith leis na scileanna riachtanacha a bheith acu le dul i mbun a gcuid ról, bíonn gá i gcónaí ár n-iarrachtaí a dhíriú ar na réimsí is mó ina bhfuil éileamh. Mar shampla, tá an fhoireann atá lonnaithe inár gcuid oifigí i gceantair Ghaeltachta, Ros an Mhíl agus an Daingean, ábalta réimse iomlán seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil. Ina theannta sin, tá trí phost, cigire talmhaíochta, sainithe chun seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil i Liatroim, Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Corcaigh agus Ciarraí, ach ar ndóigh is féidir leo dul chuig contaetha eile más gá.

Chun go mbeimid ábalta éilimh eile ar sheirbhísí trí Ghaeilge a shásamh, coinnímid liosta de na baill fhoirne atá sásta agus ábalta cuidiú le custaiméirí atá ag iarraidh seirbhís trí Ghaeilge. Tugtar ainmneacha na mball foirne ar an liosta seo atá ábalta an obair a bhaineann le sainréimsí gnó a chur i gcrích chomh maith le liosta de na baill fhoirne a bhfuil Gaeilge acu atá ábalta cuidiú sa chás is nach mbeadh ball foirne a bhfuil Gaeilge aige ag obair i réimse spéise an ghlaoiteora. Faoi láthair, tá 15 oifigeach ar an liosta sin agus tá an liosta sin ar fáil do na baill fhoirne eile ar fad ar fhaitíos go bhfaighidís glaoch i nGaeilge.

Ar an mbealach céanna, déanann an Roinn cinnte go bhfuil príomhcháipéisí agus eolas ar fáil i nGaeilge chomh maith le iad a bheith ar fáil i mBéarla. Tá cáipéisí mar ár ráiteas straitéise, tuarascáil bhliantúil agus, níos tábhachtaí fós, ár leabhar scéimeanna agus seirbhísí le fáil sa dá theanga.

Ba mhaith liom aird na gcomhaltaí a tharraingt ar ár gcuid preasráiteas. Táimid ag teannadh le foilsiú dátheangach 100% seachas an sprioc 20% a bhí leagtha amach. Shocraíomar an feabhas sin a dhéanamh mar go rabhamar ag iarraidh go mbeadh teachtaireachtaí tábhachtacha ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Bhíomar ábalta sin a dhéanamh áfach laistigh de na hacmhainní atá ar fáil dúinn agus is téama coitianta a bheidh sa teorainn sin. Cé go bhfuil suim ag an Roinn a cuid seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, tá srian orainn ó thaobh acmhainní, agus ní mór dúinn ár gcuid seirbhísí a chur ar fáil ar bhealach atá éifeachtach chomh maith le bheith éifeachtach ó thaobh costais de. Is éard is brí leis sin ná go gcuirimid na hacmhainní Gaeilge ar na réimsí ina bhfuil a fhios againn go bhfuil éileamh orthu in ord tosaíochta.

Ach an méid sin ráite, is dearcadh seachtrach luachmhar a bheidh i dtuairimí an choiste inniu dúinn. Tá sé thar a bheith tráthúil chomh maith, mar go mbeimid ag dréachtú an tríú scéim teanga faoi cheann cúpla mí agus beimid ábalta aon mholtaí a bhfaighimid inniu a bhreithniú go praiticiúil.

Mar a dúirt mé ar ball, tá Deirdre Joyce, duine de na cigirí talmhaíochta atá againn, anseo in éineacht linn. Is ball foirne í a théann i mbun cigireachtaí ar fheirmeacha agus dá bhrí sin tá sise ábalta seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil ar an bpointe boise do na custaiméirí. Dá mba mhaith leis an gcoiste, tá sí sásta cur síos a dhéanamh ar a bhfuil i gceist leis an bpost atá aici agus ceist ar bith atá ag na comhaltaí maidir le gnéithe praiticiúla na seirbhíse sin a fhreagairt.

Ba mhór an tairbhe dúinne réiteach don chur i láthair seo. Cé gur maith an rud é fios a bheith againn ar réimsí a bhfuil dul chun cinn déanta, bhí sé níos tábhachtaí fós eolas a fháil ar na réimsí ina bhféadfaimis déanamh níos fearr. Tuigim go mbeidh go leor ceisteanna ag na comhaltaí agus freagróidh mé féin agus mo chuid comhghleacaithe na ceisteanna seo chomh maith agus is féidir. Táim ag súil freisin go mbeidh moltaí ag an gcoiste agus geallaim go mbreithneofar na moltaí sin go cúramach nuair a bheifear i mbun pleanála ar scéim nua teanga na Roinne. Gabhaim buíochas leis na comhaltaí ar fad as éisteacht a thabhairt dúinn.

Tá ceist amháin agam agus mé ag fanacht ar cheisteanna ó na comhaltaí. Gabhaim míle buíochas as ucht an ceistneoir a fhreagairt agus as é a thabhairt chothrom chun dáta. Is é an rud a léimeann amach ná nach raibh an Roinn ábalta oifigeach dátheangach a shannadh chuig aonad na Gaeilge. Sa chéad cheistneoir a d'fhreagair an Roinn, dúradh go raibh sí chun duine a earcú. Bhíomar sásta leis sin ach níl duine earcaithe. Ní raibh an Roinn in ann duine a fháil. An féidir leis na finnéithe é sin a mhíniú?

Ms Eilís O'Connell

At the point in time at which the post was vacant, we were looking for a bilingual officer to fill it. It was not possible to get a bilingual person to fill that role through our recruitment partner, the Public Appointments Service. We did not want to leave that post vacant. We had to fill it.

Cén fáth go raibh an méid sin deacrachtaí ag an Roinn duine le Gaeilge a fháil? Bhí sé sainaitheanta go raibh oifigeach dátheangach ag teastáil.

Ms Eilís O'Connell

We were initially in a position to fill the post with someone who was bilingual. That person was offered another opportunity and moved to another role within the public service. When we approached our recruitment partners again to seek a second person to fill that role, it was not possible to get someone who was bilingual.

B'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais go dtí an pointe sin níos déanaí sa chruinniú. Tá an Teachta Ó Muimhneacháin ag iarraidh teacht isteach.

Gabhaim buíochas as an gcur i láthair agus as an eolas. Bhí deis agam léamh tríd an ráiteas tosaigh agus tá roinnt mhaith eolais ann. Tá cúpla ábhar gur mhaith liom a phlé leis an toscaireacht. Is é an líne thosaigh, an áit ina mbíonn an Roinn ag plé leis an bhfeirmeoir agus leis an bpobal, an áit is tábhachtaí daoine a bheith aici chun plé leo as Gaolainn. Feicim go bhfuil an fhoireann sin ag an Roinn i roinnt áiteanna.

Teastaíonn uaim díriú isteach ar an gcigireacht. Bíonn go leor cigireachtaí ar fheirmeacha. Bíonn na cigireachtaí saghas random de réir dealraimh, cé nach n-aontódh gach feirmeoir leis sin. Tagann sé sin aniar aduaidh ar an bhfeirmeoir ach ní thagann sé aniar aduaidh ar an Roinn. Bíonn deis aici ullmhú chuige. Mar sin, má tá a fhios ag an Roinn go bhfuil sí ag dul i dtreo ceantair, conas a chinntítear go mbeidh cigire le Gaolainn ar fáil? An ndéantar na cigireachtaí trí Ghaolainn? Nuair a chuirtear glaoch an lá roimhe chun labhairt leis an bhfeirmeoir, an gcuirtear an feirmeoir ar an eolas go bhfuil an rogha aige nó aici a ghnó a dhéanamh trí Ghaolainn? Tá a fhios agam go raibh cúigear feirmeora randomly selected i nGaeltacht Chorcaí ach níl a fhios agam go bhfuair siad an rogha sin. Conas a roghnaítear na háiteanna ina gcuirfear seirbhísí ar fáil trí Ghaolainn? An mbíonn an Roinn ag féachaint ar na foirmeacha iarratais? Conas a thomhaiseann sí an t-éileamh? Conas a lorgaítear cigirí chun a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn? An bhfuil siad ar fáil i ngach aon áit? An gcuireann sé sin moill ar an gcigireacht? Cad a tharlaíonn? An bhféadfaí é sin a mhíniú dom? Cuir i gcás feirmeoir i gCúil Aodha a bhfaighidh glaoch teileafóin tráthnóna mar gheall ar chigireacht amárach. Cad a tharlódh?

Ms Eilís O'Connell

There are three designated posts and the inspectors in those areas who can provide services through Irish have responsibility for a number of counties. Ms Joyce is one of those inspectors. With regard to the policy position, when an inspection is announced there is a relatively short window between the farmer being informed and the inspection.

Tá deis an-ghairid ag an bhfeirmeoir ach tá roinnt mhaith ama ag an Roinn chun ullmhú. Is amhlaidh go bhfuil an Roinn ag teacht aniar aduaidh ar an bhfeirmeoir so tá deis aici ullmhú chuige sin. Ní thagann sé aniar aduaidh ar an Roinn nuair a roghnaítear feirm.

Ms Deirdre Joyce

Tá mise ag obair i gCaisleán an Bharraigh agus bhí mé ag obair i nGaillimh roimhe sin so bhí mise ag obair sna Gaeltachtaí. Ó thaobh na praiticiúlachta de, rinne mé gach uile iarracht. Nuair a bhí mé ag dul amach go dtí feirm sa Ghaeltacht, labhair mé i nGaeilge agus mé ag déanamh an glaoch gutháin ar dtús chun insint don fheirmeoir go raibh Gaeilge agam. Ansin má bhí sé nó sí ag iarraidh an chigireacht uile a dhéanamh trí Ghaeilge, bhí mise sásta é sin a dhéanamh.

An é sin toisc go raibh eolas na háite ag an gcigire, nó an raibh an t-iarratas trí Ghaolainn, nó an rabhthas ag féachaint ar léarscáil ar a raibh sé soiléir go raibh an baile fearainn áirithe sa Ghaeltacht? Conas a bhíonn a fhios ag cigirí an t-éileamh a bheadh ann i gcomhair cigireachta as Gaolainn?

Mr. Guy Mahon

We do not measure demand specifically. Our focus is on having Irish-speaking staff in Gaeltacht areas. Moving slightly away from inspections, we have two offices in Gaeltacht areas, one in Ros an Mhíl and one in an Daingean. We have 13 staff members in those offices, ten of whom can conduct business fully in Irish. From a pragmatic point of view, our primary focus is on ensuring that staff based in offices in Gaeltacht areas can conduct business in Irish. We are happy that business can be conducted with our customers fully in Irish on a day-to-day basis in our fishery harbour centres in Ros an Mhíl and an Daingean. As I have said, ten of the staff can conduct business fully through Irish. The other three have good conversational Irish and some of them are undertaking further study.

To return to inspections, we have three designated agricultural officers to cover the western coast and they can go further afield. We are caught between providing service through Irish and EU regulations on providing the short notice period which the Deputy has mentioned. We may have to examine how we can satisfy the two competing demands.

Ní ghlacaim le short notice mar leithscéal in aon chor. Cé go dtagann sé aniar aduaidh ar an bhfeirmeoir, roghnaíonn an Roinn na feirmeacha agus, mar sin, tá réamheolas aici ar cá bhfuil na cigirí ag dul. Mar sin, ní ghlacaim leis go bhfuil short notice ann ó thaobh na Roinne. Tá ó thaobh an fheirmeora, ach ní ghlacaim leis go bhfuil sé amhlaidh ó thaobh na Roinne. Tá sé soiléir ón méid a dúirt Ms Joyce go bhfuil córas maith ag obair ina ceantar féin ach, i gCorcaigh nó i gCiarraí, nuair a thiocfaidh an glaoch teileafóin níos déanaí inniu i gcomhair cigireachta amárach, conas a bheidh a fhios ag an bhfeirmeoir i gCúil Aodha, i mBéal Átha an Ghaorthaidh, nó i gCiarraí go bhfuil seirbhís ar fáil trí Ghaolainn? An mbeidh cigire ag labhairt leis nó léi as Gaolainn? Conas a oibreodh an córas i gcomhair na gceantar eile? Tá sé soiléir go bhfuil sé ag obair go maith i gceantar Ms Joyce de réir an tslí a luadh. Is é sin an tslí gur chóir a bheith ann. An mbeadh an rud céanna ar fáil ar fud na tíre?

Mr. Guy Mahon

Ms Joyce and some of her colleagues proactively speak Irish to the farmer when making contact the day before, or whenever notice is given. I cannot categorically say what the position is throughout the country.

Ms Eilís O'Connell

With regard to formal requests for inspections to be conducted through Irish, there was one such request in 2017. There was also an official request for an oral hearing at an agriculture appeals office review to be conducted in Irish in 2017. Those are the only formal requests we have on record. The number is relatively small. Clearly a farmer could request an inspection to be conducted through Irish and we would facilitate that request if we could by sending one of the inspectors in the designated posts.

Nuair a dhéantar an glaoch an lá roimhe, an gcuirtear an feirmeoir ar an eolas go bhfuil an tseirbhís ar fáil trí Ghaolainn?

Ms Eilís O'Connell

I do not know.

B'fhéidir go mbeifear in ann eolas air sin a fháil níos déanaí, go háirithe mar gheall ar na ceantair Ghaeltachta eile. Conas a aithnítear go bhféadfaí go mbeidh éileamh ann? An bhféachtar ar an bhfoirm iarratas, an labhraítear leis an bhfeirmeoir, nó an bhfhéachtar ar an seoladh chun a fháil amach go bhfuil sé i gceantar Gaeltachta? Cad é an scéal? Fágfaidh mé an t-urlár le duine éigin eile. Fillfimid ar an gceist arís.

Ms Deirdre Joyce

Is é an rud a dhéanaim féin ná féachaint ar an seoladh toisc go bhfuil eolas agam ar an gceantar. Má tá feirmeoir ar Oileán Árann nó in áit mar sin, déanaim cinnte go bhfuil a fhios aige nó aici go bhfuil Gaeilge agam. Tugaim an tseirbhís sin dó nó di má tá sé á iarraidh. Is ceist eolais áitiúla ar mo cheantar féin í. Déanaim iarracht. Má chasaim le daoine in aon cheantar eile agus má thosaíonn siad ag caint Gaeilge nó má thagann sé amach go bhfuil Gaeilge acu i rith an scrúdú, táim lánsásta athrú go Gaeilge dóibh.

Tá an cheist sin bunaithe ar cé chomh réamhghníomhach is atá an Roinn ó thaobh na Gaeilge de.

Tá an t-eolas ag an Roinn roimh ré agus na cigirí ag dul amach ag plé le feirmeoirí go bhfuil ceantar ina Ghaeltacht. Ansin is í an cheist ná cé chomh gníomhach a bheidh an Roinn.

Tá daoine taobh amuigh den Ghaeltacht atá ag iarraidh a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge freisin. B'fhéidir go dtiocfaimid ar ais ar an gceist seo.

Ms Eilís O'Connell

We can get more information on that issue.

Cuirim fáilte roimh na hionadaithe ón Roinn. Tá lúcháir an domhain orm deis a bheith agam an t-ábhar seo a phlé leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara toisc go bhfuil go leor plé idir an Roinn agus na feirmeoirí agus na hiascairí. Is dóigh liom go bhfuil níos mó plé aici leis na feirmeoirí. An bhfuil aon fhigiúirí ar an éileamh ón phobal, ar fud na tíre agus sna Gaeltachtaí, ar sheirbhísí trí Ghaeilge ón Roinn? Dúradh sa chur i láthair gur ceist acmhainní é seo agus go gcuireann soláthar seirbhísí trí mheán na Gaeilge srian ar acmhainní na Roinne. Is féidir é sin a chasadh thart agus a rá gur ceist earcaíochta é. Má tá an Roinn dáiríre faoi sheirbhís a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge, ní ceist acmhainní ach ceist earcaíochta atá ann. Ní bheadh breis costais ar an Roinn dá n-earcódh sí daoine le Gaeilge mar bheadh na hoifigigh sin in ann an tseirbhís a chur ar fáil ar an ráta pá céanna. An míneoidh na hionadaithe é sin?

Ag leanúint ón phointe sin, cad iad na hiarrachtaí atá ar bun ag an Roinn le daoine a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu a earcú ag gach grád, ach go háirithe ag na leibhéil a bhíonn ag plé leis na feirmeoirí? Tá a fhios agam go bhfuil seirbhís trí mheán na Gaeilge ar fáil i nDún na nGall, mo chontae féin, má tá feirmeoirí ag iarraidh úsáid a bhaint as an tseirbhís sin, ach níl mé cinnte go bhfuil an duine sin lonnaithe sa district office in Raphoe. An dtiocfadh liom soiléiriú a fháil air sin? Tuigim go bhfuil an duine sin lonnaithe i gcontae nach bhfuil ceangailte le ceantar Gaeltachta. Ba mhaith liom soiléiriú air sin fosta.

Mr. Padraig McMahon

The first issue we have is recruitment. Our big problem with that is that we recruit specialised people with certain skills and to the extent that they have Irish is dependent a little bit on the outside of that because we cannot recruit somebody who has Irish and then train them into a specialised area such as a vet or an inspector. It is something that we look for but we do not necessarily have the choice. If we have a vacancy, we have to fill it, and if the appropriate people do not have Irish, it is unfortunate but the priority has to be to get the job done, to get the inspections done and to get the payments made. In the Gaeltacht areas, particularly in two fishery harbours, Irish is a requirement. We would not necessarily recruit somebody but we still have to keep the harbours open if it came down to not having somebody. In those areas we tend to be able to attract somebody.

It is not that we are against it. As we discovered in our Irish language section, we recruited an individual who was then attracted by the Houses of the Oireachtas. That is to be lauded, they are moving ahead and that is fine, but we could not actually get somebody who had Irish at that level. We even looked into getting somebody at a higher level from another Public Appointments Service recruitment campaign that would have been at administrative officer level, and we could not attract one of them to move to the office in Port Laoise. It is not that we are not trying or that we do not want it, it is just that we are restricted by what is available to us. We would certainly be interested in ways around that but the priority is having somebody with the skills to do the job and then, unfortunately, the Irish is desirable but not essential in the same way. That is not in any way to denigrate what this committee is about, but it is a bigger problem than just what we can do in the Department. However, if we can do something, we are certainly interested in doing it.

I cannot speak about Raphoe. Maybe one of my colleagues can address it.

Ms Eilís O'Connell

I am afraid I cannot either.

Mr. Padraig McMahon

We can find out.

Níl ach dhá oifig ag an Roinn i Ros an Mhíl agus Daingean Uí Chúis. Níl aon oifig ag an Roinn in aon cheantar Gaeltachta eile, an bhfuil?

Mr. Guy Mahon

There are two offices.

Tá trí bhailte seirbhíse a bheadh ag freastal ar ceantair Ghaeltachta, cur i gcás Cill Airne, Maigh Chromtha agus na bailte seirbhíse éagsúla atá aitheanta mar a bheith ag freastal ar cheantair Ghaeltachta. An bhfuil oifigigh Gaeilge sna hoifig sin ag an Roinn?

Mr. Padraig McMahon

No, as Ms Joyce was explaining, we service them through the inspectors who would have Irish and they have a geographical spread rather than being located in a particular office. That is how we meet the demands in those localities.

An rud atá tugtha faoi deara agam le daoine sa Ghaeltacht ná, má tá rogha idir péire duine go bhfuil Gaeilge ó dhúchas nó Gaeilge an-mhaith aige nó aici, agus duine le Béarla amháin, roghnóidh siad an duine le Gaeilge. Mura bhfuil rogha acu, pléifidh siad i mBéarla leis an duine le Béarla mar níl aon rogha acu. Seo taithí gach aon duine atá ag plé leis an nGaeltacht. Níl aon cheist ann ach má chuirtear rogha iomaíoch, ceart ar fáil, roghnóidh siad an Ghaeilge. Is é an rud nádúrtha le déanamh. Tá fadhb ollmhór ann, mar shampla, leis na daoine a thagann amach go dtí na feirmeoirí. Is Béarla ar fad atá acu. Tá roinnt daoine i mo Dháilcheantar gur fearr i bhfad an Ghaeilge atá acu ná an Béarla atá acu agus is feirmeoirí formhór acu sin.

Bhí cás amháin agam a léiríonn an fhadhb. Bhí an feirmeoir seo ag fáil litreacha ag rá go raibh sé ag sárú na rialacha nítrigin, an treoir nó directive ón Eoraip maidir le nítrigin darbh ainm the nitrates directive. Deirim an fhírinne leis na finnéithe nár thuig sé i nGaeilge ná i mBéarla í. Níl mórán Béarla aige go deimhin ach níor thuig sé i nGaeilge ná i mBéarla céard faoina raibh an rud seo. Ní raibh sé ag úsáid leasú talún agus níor thuig sé gur bhain sé le líon na mbeithíoch agus líon na gcaorach a bhí aige. Bhí go breá agus rinne sé achomharc in aghaidh an pionós mar bhí sé seo ag dul ar aghaidh ar feadh cúpla bliain sular tháinig sé chugam-----

Tá súil agam nach mbeidh an cheist ag dul ar aghaidh ar feadh cúpla bliain.

Tá tréimhse fada ann mar nuair nach dtuigtear cé chomh tromchúiseach is atá an cheist, tuigtear go bhfuil fuadar leis. Tháinig sé chugam agus rinne sé achomharc ar an mbunús nach raibh dóthain Béarla aige siúd lena thuiscint céard faoina raibh an cheist seo. Bhí sí casta ar aon chaoi. Níl a fhios agam ach déarfainn go bhfuil seans go bhfuil a fhios ag beirt de na baill agus an Cathaoirleach cén chaoi a n-oibríonn an nítrigin agus cé mhéad gur ionann caoirigh ó thaobh cur amach nítrigin agus bó nó beithíoch, tarbh agus go leor rud eile faoi bhun dhá bhliain agus mar sin de. Go dtí go bhfuair mise na figiúirí lá amháin ó Phort Laoise, ní raibh mise iomlán cruinn. An rud a tharla ansin ná rinne sé achomharc bunaithe ar an gceist nach raibh an Roinn féaráilte leis nuair a fuair sé gach eolas i mBéarla teicniúil chuige, agus mar a dúirt muid san achomharc, dá gcuirfí an rud ag oifigeach an Roinn a bhí ag an scoil ar feadh 14 bliana ag foghlaim na Gaeilge, i nGaeilge theicniúil, ní thuigfeadh sé nó sí é. Fós féin, bhí an Roinn ag súil go dtuigfeadh an duine seo i mBéarla fíortheicniúil céard a bhí i gceist. Leis an cheart a thabhairt don oifig achomharc, ghlac sí leis an achomharc. Tá an Cathaoirleach ag fiafraí céard faoin scéal.

Cá bhfuil an cheist?

Fan go bhfeicfidh tú an chuid eile den scéal. Tá eireaball eile leis an scéal seo. Tá an Roinn tar éis achomharc a dhéanamh in aghaidh an achomhairc. In ionad na Roinne a lámha a chur suas agus a rá go raibh sé seo thar a bheith mífhéaráilte, tá achomharc déanta aici in aghaidh cinneadh na hoifige achomharc féin. Ceist dhubh agus bán a bhí ann dar liom, go raibh a chearta bunúsach sáraithe uile. Mar a deirim, dá gcuirfí rud mar sin i nGaeilge ag formhór oifigigh na Roinne a bhí tar éis scolaíocht a fháil nach raibh an fear seo tar éis a fháil mar nach raibh aige ach an bhunscolaíocht, agus a chur i nGaeilge thar a bheith teicniúil é, déarfaidís nach dtuigeann siad é. Fós féin, tá an Roinn ag ceapadh go mba cheart dó siúd é a thuiscint.

An cheist atá agam ná, an léiríonn sé sin dearcadh tuisceana ceart i dtaobh na Gaeilge go bhfuil achomharc déanta ag an Roinn in aghaidh chinneadh na hoifige féin chun cothrom na Féinne a thaispeáint don fhear seo ar bhonn cearta teanga?

Mr. Padraig McMahon

I obviously do not know the details of any particular case but I can say that any correspondence we receive in Irish will be responded to in Irish. We have individuals who can speak Irish on the phone if people ring in looking for clarification. The appeals process itself can even take place through Irish if it is requested by the individual.

Scéal maith a bhí ann. Rinne an t-oifigeach achomharc an éisteacht i nGaeilge, bhronn sé an cinneadh air agus chuaigh an Roinn in aghaidh chinneadh an oifigigh sin agus tá sí ag déanamh achomhairc ar an achomharc.

Mr. Padraig McMahon

We also have to say that the appeals officer is independent of the Department and it is meant to be independent. I do not know what the particular case was, but the Department is entitled to appeal something if it feels it is important enough. It is an independent process, however, and it is not that the appeals officer is acting on behalf of the Department.

Sin an rud atá mé ag rá.

Lig dóibh críochnú.

Tá siad críochnaithe.

An bhfuil sibh críochnaithe?

Ms Eilís O'Connell

We would not consider an appeals decision to be indicative of the Department's attitude to anything. As Mr. McMahon said, the appeals officer is independent. The appeal itself and the subject matter of same would not have been related in any way to the language position. It would have been purely related to the European directive on nitrates.

Bhí duine ó m’oifig i láthair ag an achomharc.

Caithfimid a bheith cúramach. Is córas neamhspleách é an córas achomharc. Ní bhaineann sé leis an gcoiste ach amháin ó thaobh na Gaeilge de.

Is faoin nGaeilge a rinneadh an achomharc.

Ach nach bhfuil achomharc déanta in aghaidh an chinnidh ag an Roinn? Ní bhaineann sé sin leis an gcoiste-----

Baineann because tá an Roinn ag rá go dtugann sí cearta Gaeilge do dhaoine. Nuair a d'éirigh leis an duine seo a chearta Gaeilge a chosaint ag an oifig achomharc ag rá nár cuireadh in iúl don duine seo go béal, gan trácht ar an scríbhinn, mar leis na cigirí ar fad a tháinig amach, is trí Bhéarla a rinne siad déileáil leis. Nuair a tháinig sé chugam, rinne mé déileáil leis i nGaeilge agus bhí mé in ann an rud a mhíniú dó agus bhí mé in ann suí síos leis chun a fháil amach céard í an fhadhb. Bhí mé in ann breathnú air agus a mhíniú dó cé mhéad talamh a bhí aige agus mar sin cé mhéad stoc a bhí ceadaithe aige. Ansin bhí mé in ann insint dó líon an stoc a laghdú. Dá mbeadh an t-eolas sin aige ag an tús, ní bhéarfaí air. An cheist atá agam ná, nuair a théann duine ag an oifig achomharc ar chúinsí teanga, an mbeidh polasaí na Roinne ná achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh na hoifige neamhspleáiche achomhairc? Ghlac muidne le cinneadh na hoifige neamhspleáiche achomhairc.

Níl sé seo iomlán féaráilte don ghrúpa atá os ár gcomhair mar sin córas neamhspleách. Níl na sonraí agam agus ní dócha go bhfuil na sonraí ag na finnéithe. An bhfuil na sonraí agaibh ó thaobh an cás seo?

Ms Eilís O'Connell

No.

Níl. Tá an cheist curtha ag an Teachta, tá an pointe déanta aige agus sin an méid gur féidir-----

Ba mhaith liom rud amháin a shoiléiriú leis an gCathaoirleach, is é sin, níl mise ag ceistiú aon rud a rinne an oifig neamhspleách achomharc.

Tá a fhios agam.

Níl an oifig sin anseo ach as ucht an chinnidh thar a bheith cóir agus ceart a bheith déanta, tá mé ag ceistiú dearcadh na Roinne, mar nuair a rinneadh an cinneadh daonna, ceart, cothrom, féaráilte, chuaigh an Roinn in aghaidh an chinnidh agus rinne sí iarracht é a thiontú bun os cionn.

An bhfuil an próiseas seo fós beo? An bhfuil sé ag dul ar aghaidh?

Tar éis bliain go leith eile, tá sé fós beo agus b'fhéidir go mbreathnódh an Roinn ar an bpolasaí faoina bhfuil muid anseo, is é sin, déileáil le pobal na Gaeltachta, go mór mór iad siúd atá ar bheagán Béarla agus go mór mór go béal. Déanaim difríocht because tá go leor den Bhéarla a scríobhann an Roinn dothuigthe don ghnáthdhuine ach tá go leor den Ghaeilge a scríobhann an Roinn níos measa ná dothuigthe, b'fhiú do mo leithéid. Is go béal is mó atá an fhadhb nuair a thagann cigirí amach ag míniú scéil do dhuine atá faoi mhíbhuntáiste ó thaobh teanga de. Tá éagothroime á déanamh, so go rialta agus go féiltiúil ba cheart go mbeadh Gaeilge ag na cigirí a bhíonn ag dul amach go Conamara mar default agus ansin Béarla má roghnaíonn an custaiméir é.

Is féidir linn díriú isteach air sin. Níl fadhb ar bith agam díriú isteach air sin ó thaobh cúrsaí Gaeilge de agus cúrsaí teanga de. Ní bhaineann na sonraí linn ach baineann an pointe linn ó thaobh na Gaeilge de agus baineann sé leis an Roinn agus linne go mbeidh cigirí in ann a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

An pointe atá agamsa ná, nuair a rinne duine éigin iarracht a chearta ón taobh sin a chosaint, in ionad an Roinn a lámha a chur suas agus a rá go raibh éagóir uafásach déanta agus glacadh le breithiúnas an achomhairc, chuaigh sí ag dul ag troid in aghaidh an bhreithiúnais agus dúirt sí go raibh sí chun cigirí a chur amach le Béarla, agus dá dtroidfeadh duine an cás ar a shon féin, go dtroidfeadh an Roinn leis nó léi le gach cumhacht atá aici.

Ms Eilís O'Connell

I am not in a position to comment on the merits or otherwise of any particular appeal. We are not familiar with the individual case so I would not be in a position to-----

I am not asking Ms O'Connell to do so.

Cuirfidh mé stop leis seo. Go ginearálta-----

Go ginearálta, an cheart do chigirí-----

Mr. Guy Mahon

I will make a few general points about Gaeltacht areas. Some of them we mentioned-----

Go ginearálta ó thaobh oifigigh ón Roinn a bheith in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Sin an pointe ginearálta.

An pointe atá agam ná seo-----

Níl mé chun é a athrá.

Mr. Guy Mahon

I agree with what the Deputy is saying about Gaeltacht areas and the Department agrees. What we are giving priority to at present is being able to provide Irish language services in Gaeltacht areas. That is our pragmatic approach. As I was saying earlier, we have two offices in Gaeltacht areas. We have one office in Daingean Uí Chúis and one office in Ros an Mhíl. We have 13 staff there and ten of them can conduct business fully in Irish and three have conversational Irish.

On correspondence, if somebody writes to the Department in Irish, they will be responded to in Irish. If somebody rings the Department in Irish, we have a list of people who can conduct business as Gaeilge and we will facilitate that. On inspections, as we pointed out earlier, we have designated posts with Irish language speakers and we will do our very best. In many cases, as was mentioned earlier, when ringing a farmer in a Gaeltacht area, we proactively conduct the preliminary call as Gaeilge. We cannot categorically say it is done-----

I gceantar amháin déantar an comhrá as Gaolainn ar aon nós. Níl a fhios againn go dtarlaíonn sé sna ceantair eile. Tá a fhios againn go dtarlaíonn sé i gConamara.

Mr. Guy Mahon

We cannot categorically say it happens in every Gaeltacht areas but it is done in some cases. I am not saying it is done in every case------

An pointe atá mise ag déanamh ná seo. Déan dearmad ar Ros an Mhíl mar is calafort iascaigh é sin agus níl aon bhaint aige sin le talmhaíocht. Is le cúrsaí iascaigh amháin atá Ros an Mhíl. Tá sé sin iontach do na hiascairí ach níl maitheas ar bith ann do na feirmeoirí. Tá mise ag iarraidh díriú isteach ar na feirmeoirí faoi láthair mar tá i bhfad níos mó feirmeoirí i gConamara ná mar atá iascairí.

Deireann an tUasal Mahon go ndéanann an Roinn iarracht cigirí le Gaeilge a chur amach. Sa chás nach gcuireann an Roinn cigirí amach, má tá míthuiscint ann de bharr cúrsaí teanga, ba cheart go ndéarfadh an Roinn nach bhfuil sí in ann feidhmiú i gceart, ní an feirmeoir. Mar sin, sa chás sin, ba cheart go mbeadh an pionós ar an Roinn, ní ar an bhfeirmeoir, agus mar sin, sa chás sonrach a luaigh mé ach i gcás ginearálta freisin, mar is fasach atá sa rud seo ar fad ar nós breithiúnas ar bith, ba cheart don Roinn an milleán a ghlacadh mar nár chuir sí duine le Gaeilge amach agus ní nach ionadh gur éirigh an mhíthuiscint seo faoi céard a chiallaigh an rud seo ar fad mar bhí sé thar a bheith casta. Sa chás sin, ba cheart don Roinn géilleadh go raibh sí mícheart agus gan aon phionós a chur ar an duine seo. Cuirfidh mé mar seo é. Dá gcuirfí amach duine le Béarla amháin chuig feirmeoir sa Fhrainc nach raibh aon Bhéarla aige agus go gcuirfí pionós air dá bharr, an bhfuil an tUasal Mahon ag insint dom go ndéarfadh éinne sa Fhrainc go raibh rialacha an tAontas Eorpach á shárú ó tharla nach raibh aon Bhéarla ag an bhfeirmeoir agus nach raibh aon Fhraincis ag an gcigire? Níl aon rialacha ag baint leis.

Tá an pointe déanta ag an Teachta mar gheall ar chúrsaí ginearálta ina bhfuil an Roinn ag seoladh cigire amach gan an teanga agus tá míthuiscint ann. Tá an pointe déanta ag an Teachta agus aontaím leis sa mhéid is gur pointe ginearálta é, ach níl na sonraí agam nílim chun níos mó a rá faoi. Tiocfaidh mé ar ais chuig na finnéithe ach tá cúpla ceist agam féin.

Tá triúr oifigeach i gceist agus tá liosta. Chun an cheist a chur i gcomhthéacs, cén céatadán den fhoireann uile atá ag an Roinn atá i gceist ansin?

Tá cúpla ceist eile agam. Dúirt na hoifigigh nach bhfuil ach dhá oifig i gceist. Cén chaoi ina ndéanann siad cinneadh maidir le hoifig a lonnú in áit amháin seachas áit eile? Níl aon oifig i dTír Chonaill, mar shampla, nó in aon Ghaeltacht eile taobh amuigh de Chiarraí. Cén chaoi ina ndéantar an cinneadh sin? An bhfuil sé bunaithe ar éileamh?

Tá sé ráite ag na finnéithe go bhfuil an Roinn díreach chun tús a chur le scéim teanga nua. Tá an tOireachtas díreach chun fáil réidh le scéim teanga. Níl an locht ar na finnéithe. Táimid chun reachtaíocht nua a thógáil isteach chomh sciobtha agus is féidir. Nuair a tharlóidh sé sin, beidh deireadh leis an scéim atá ann faoi láthair agus beidh scéim nó caighdeán eile i gceist. Cén sórt machnaimh atá déanta ag na hoifigigh ar an reachtaíocht nua atá le teacht? Tá an t-ábhar seo pléite go mion minic os comhair an choiste seo. Le cúnamh Dé, beidh dualgas níos tromchúisí ar an Roinn ó thaobh na Gaeilge nuair a bheidh an córas nua in áit. Cén sórt machnaimh atá déanta? Cén sórt pleananna atá i gceist? Cén sórt idirghabhála atá déanta ag an Roinn ó thaobh na reachtaíochta nua atá le teacht?

Ba mhaith liom dul ar ais go dtí an t-oifigeach dátheangach agus an ceistneoir. D'aithin an Roinn go raibh oifigeach dátheangach ag teastáil. Ní thuigim cén fáth nach raibh an Roinn in ann a leithéid d'oifigeach a fháil. Nuair a bheidh an Bille nua achtaithe, beidh sé de dhualgas ar gach uile Roinn i ngach próiseas earcaíochta a chinntiú go bhfuil Gaeilge ag 20% den fhoireann nua a earcaítear. An dtuigeann na hoifigigh go mbeidh ar an Roinn dul i ngleic leis an dualgas sin? Nuair a bhí deacrachtaí ag an Roinn ó thaobh oifigeach Gaeilge a fháil, cad a tharla ina dhiaidh sin? Ar cuireadh an Roinn ar an eolas? Iarraim ar na finnéithe na ceisteanna atá curtha agam a fhreagairt. Ba mhaith liom go gcuirfidís an méid daoine le Gaeilge, agus an triúr oifigeach, i gcomhthéacs. Cé mhéad cigire atá ann?

Mr. Padraig McMahon

Is the Chair looking for the number of staff in the Department who have Irish?

No. Tá sé sin tugtha. Tá an liosta léite agam. Tá a fhios agam go bhfuil triúr ann. Cén céatadán den fhoireann atá i gceist?

Ms Eilís O'Connell

In terms of the Department as a whole-----

Ms Eilís O'Connell

The Department has 3,200 staff in locations throughout the country.

Right. Okay.

Ms Eilís O'Connell

A number of posts are designated as Irish language posts. Most of them are within the Gaeltacht areas. I referred earlier to the Department's offices in the Gaeltacht.

Tá dhá oifig-----

Ms Eilís O'Connell

There are offices in Ros an Mhíl and An Daingean.

Le bheith soiléir, is dhá oifig a bhaineann le hiascaireacht amháin atá i gceist. Níl éinne ainmnithe a bhaineann le cúrsaí feiliméireachta. Tá i bhfad níos mó feiliméirí ann ná mar atá iascairí ann.

Ms Eilís O'Connell

Three of the designated posts are the agricultural inspectors, one of whom is Ms Deirdre Joyce. She has two colleagues. Those are our three other designated posts for Irish speakers. The service offered by Ms Joyce and her colleagues, as inspectors, involves delivering inspections as Gaeilge in a number of counties.

Ó thaobh cúrsaí feirmeoireachta de.

Ms Eilís O'Connell

Yes. As a percentage of the overall number of staff, the number of staff dedicated to this area is small. However, we recently did a survey.

Chonaic mé é sin. Léirigh a lán daoine go bhfuil an-suim acu. Cén céatadán atá i gceist? An ghné is tairbhí a tháinig chun cinn ón suirbhé sin ná gur mhaith le 36% de na baill fhoirne bheith ábalta a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá sé níos éasca a rá go bhfuil an-suim i gcúrsaí Gaeilge ag 36% den fhoireann. Is rud dearfach é sin.

Ms Eilís O'Connell

That is it.

Cad atá le déanamh? An bhfuil an Roinn chun tógáil air sin? Tá 36% den fhoireann ag iarraidh rud éigin a dhéanamh maidir leis an gcumas Gaeilge atá acu. Cad atá ar siúl ag an Roinn maidir le sin? An bhfuil ranganna Gaeilge curtha ar fáil? An bhfuil tuilleadh oiliúna i gceist?

Ms Eilís O'Connell

The OneLearning shared service is available to staff. Irish language courses are available to those staff. According to the most recent figures available to me - I am not sure whether they relate to 2017 or 2018 - 26 staff availed of those training courses. I can check the figure.

Sa bhliain 2017, ghlac 26 ball foirne as 3,200 ball foirne san iomlán páirt sna cúrsaí seo.

Ms Eilís O'Connell

Yes.

An bhfuil an figiúr sin-----

Ms Eilís O'Connell

Undertaking Irish language courses-----

Ms Eilís O'Connell

Yes, it was in 2018.

Mr. Guy Mahon

Twenty-six staff availed of these Irish language courses in 2018.

Ms Eilís O'Connell

Of course, anyone who would like to avail of such courses would be facilitated by the Department.

Má dhéanann duine cúrsa Gaeilge, ní hionann é sin agus a rá go mbeidh Gaeilge acu, nó Gaeilge sách maith chun a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, go mór mór le cainteoirí dúchasacha, faoi rudaí teicniúla ar nós beithígh, bulláin, bodóga, moilt agus gach uile chineál caoirigh. An gcaitheann na daoine a dhéanann cúrsaí Gaeilge scrúdaithe a dhéanamh ag an deireadh a thaispeánfadh go bhfuil caighdeán sách ard Gaeilge acu le déileáil leis an bpobal trí Ghaeilge? Mura bhfuil sé sin ann, is rud deas é go bhfuil Gaeilge áirithe ag daoine ach ní Gaeilge fheidhmiúil í.

Is dócha go bhfuil-----

Tá ceist eile agam. An bhfuil a fhios againn cé mhéad den chigireacht sa Ghaeltacht a rinneadh trí mheán na Gaeilge anuraidh? Cé chomh minic a cuireadh cigirí le Gaeilge amach ionas go bhféadfaidís an chigireacht, agus an t-idirghabháil leis na feiliméirí, a dhéanamh trí mheán na Gaeilge? Is í sin an teist.

Ms Eilís O'Connell

While we have three agricultural inspectors who are in a position to provide services through Irish, I do not think we track the number-----

Tá triúr cigire le Gaeilge, ach cé mhéad cigire san iomlán atá ann?

Cá bhfuil siad ag dul? Mura bhfuil-----

Gabh mo leithscéal. Ba mhaith liom é seo a thuiscint. Tá triúr cigire le Gaeilge, ach cé mhéad cigire san iomlán atá ann?

Ms Eilís O'Connell

I am not sure how many inspectors in total do these types of duties.

An bhfuil 50 nó 100 cigire ann?

Ms Eilís O'Connell

The number would certainly be in the order of 100 or more.

Ms Eilís O'Connell

I do not have that figure off the top of my head.

Tuigim. B'fhéidir go mbeidh tú in ann teacht ar ais chugainn.

Ms Eilís O'Connell

I will indeed.

An bhfuil na cigirí le Gaeilge, atá chomh gann sin, ag feidhmiú an t-am uile ag plé le cainteoirí dúchasacha Gaeilge sa Ghaeltacht?

B'fhéidir go mbeidh Ms Joyce in ann an cheist sin a fhreagairt.

Ms Deirdre Joyce

Tá mé bunaithe i gCaisleán an Bharraigh faoi láthair, ach bhínn ag obair i nGaillimh. Nuair a bhí mé i nGaillimh, d'oibrigh mé trí Ghaeilge le feirmeoirí na Gaeltachta agus rinne mé gach uile iarracht déileáil leis na feirmeoirí i gConamara. Déanaim an rud céanna anois i Maigh Eo. Má chasaim le duine le Gaeilge thuas i mBéal an Mhuirthead nó pé áit mar sin, déanaim an chigireacht trí Ghaeilge.

Cuirtear gach cigire ag obair san áit ina ndeirtear leis nó léi a dul, agus tugtar cóid dó nó di. Má tharlaíonn go bhfuil Gaeilge ag duine, labhraíonn Ms Joyce Gaeilge leo agus an rud céanna i gcás an Bhéarla. Glacaim leis gurb é an Béarla atá i gceist i gcás 80%, 90% nó 95% de na daoine lena mbíonn sí ag déileáil i gContae Mhaigh Eo. Tá pócaí beaga de feilméirí le Gaeilge thart ar Choill an tSiáin agus Ceathrú Thaidhg. B'fhéidir go bhfuil beagáinín Gaeilge i measc na feilméirí san Eachléim. Tá fíorbheagán in Acaill. Is é sin an méid a bheadh ann. Glacaim leis go bhfuil formhór na hoibre atá á dhéanamh ag Ms Joyce i mBéarla. I gcás na Gaillimhe, is trí Ghaeilge a dhéanann 95% de na feilméirí ó na Forbacha nó ó Bhearna siar go Carna a gcuid gnó liomsa. Is é sin an méid atá mise in ann a rá. Tá Teachta eile anseo a bhíonn ag déileáil leo. Déanaim déileáil le go leor de na feilméirí sin. An bhfuil éinne ag rá le duine as an triúr le Gaeilge gur chóir dóibh dul amach chuig na daoine sin? Is í an Ghaeilge atá ag formhór an phobail feilméireachta ó Bhearna go Carna. Bheadh roinnt sa Dúiche Sheoigheach, i nDoire Bhó Riada agus in áiteanna mar sin. Tagann 90% den dream a thagann chugam, go mór mór na feilméirí a thagann chugam, ón stráice sin talamh. Tá go leor acu ann, ós rud é go bhfuil feirmeacha beaga acu, agus is Gaeilge atá acu. An bhfuil duine éigin ag an Roinn le Gaeilge le cur amach chuig na daoine sin? Má tá, ní fhaca mé riamh iad.

An bhfuil an Teachta Ó Muimhneacháin ag iarraidh teacht isteach?

Nuair a thosaímear, thuigeas go raibh dream i Ros an Mhíl agus dream i gCiarraí ag plé le cigireacht trí Ghaolainn. An é an scéal gur i Ros an Mhíl go bhfuil an triúr atá ag déanamh an chigireacht as Gaolainn anois? Cé a bheadh ar fáil chun cigireacht a dhéanamh as Gaolainn i gCúige Mumhan? An bhfuil aon duine ar fáil i gCúige Mumhan chun cigireacht a dhéanamh as Gaolainn? Mura bhfuil, ar sheoladh éinne as na ceantair eile go dtí Cúige Mumhan chun cigireacht a dhéanamh trí Ghaolainn aon am le cúpla bliain anuas? An raibh 100% den chigireacht déanta as Béarla, nó aon teanga eile, sa tréimhse sin?

Mr. Guy Mahon

I wish to clarify what I said about An Daingean and Ros an Mhíl. Those two offices are fishery harbour centres. Obviously, the staff in question are based at the harbours. This is completely separate from agricultural inspections. My point is that the Department physically has two offices within Gaeltacht locations. There are 13 staff based in those offices, ten of whom are fully functionally bilingual and three of whom are conversationally bilingual. That was the point I was making about the two fishery harbour centres. We have three agricultural inspectors, including Ms Joyce, who conduct inspections in Irish.

Ar cuireadh an triúr a bhíonn ag déanamh cigireachta trí Ghaolainn go dtí Cúige Mumhan nó Cúige Uladh le cúpla bliain anuas? Ar dhéanadh aon chigireacht trí Ghaolainn i gCúige Mumhan nó i gCúige Uladh le bliain nó dhó anuas?

Mr. Padraig McMahon

The three staff members in question are located in the Leitrim-Donegal, Mayo-Galway and Cork-Kerry geographical areas. They serve those areas. I do not know the exact locations where they are headquartered. The work is done within those areas. If we get a request for an inspection through Irish somewhere else, we get one of these staff members to travel to do that inspection. That is the plan.

Tá sé ráite ag an Uasal McMahon go dtarlaíonn sé seo má tá an t-éileamh ann. Roghnaíonn an Roinn na daoine ar a ndéantar an chigireacht. Bíonn a fhios ag lucht bainistíochta na Roinne má táthar ag dul i dtreo ceantar Gaeltachta. Bíonn an t-eolas sin ag an Roinn tamall maith roimh a mbíonn sé ag an bhfeirmeoir. An úsáideann an Roinn an t-eolas sin chun an tseirbhís seo a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta nó muintir na Gaolainne?

Ms Eilís O'Connell

That is a fair point. Under our next Irish language scheme, we will need to consider what services we will be directing and how we will be directing them. I would not be in a position to comment on the policy that governs how particular farmers are selected for inspections. This is certainly something we will need to bear in mind when we are considering our next scheme.

Mr. Padraig McMahon

The Deputy's point is certainly well made. Our approach has been quite blunt. We have put these inspectors in areas where there are Gaeltachtaí and Irish speakers on the basis of the statistical chance that they will then deal with someone who wants to receive these services through Irish. That is completely different from the targeted approach the Deputy is suggesting. We will have to look into how we do it. As I have said, the way we do it is very blunt. We ensure there is an inspector in an area where this requirement is most likely to be called on. That is how we are doing it at the moment with the resources we have. We will take the Deputy's point back to the Department.

Is mian liom dul i dtreo difriúil. Tá cuid den cheist seo curtha cheana féin. Tá aon tríú d'fhoireann na Roinne báúil don Ghaolainn, ach níl siad compordach a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaolainne nó níl sé ar a gcumas acu a leithéid a dhéanamh. Cad iad na céimeanna nó na roghanna atá ar fáil sa chomhthéacs seo? Cad atá déanta chun cabhrú leis na daoine sin. Tá sé luaite ag na finnéithe go bhfuil cúrsaí Gaolainne á ndéanamh ag 26 duine. An raibh orthu íoc as na cúrsaí sin? An bhfuil an Roinn ag moladh nó ag spreagadh do dhaoine dul i dtreo cúrsaí áirithe chun feabhas a chur ar a gcuid Gaolainne? Tá slua mór i gceist anseo. Tá thart ar 1,000 duine báúil don teanga, ach níl ach fíorbheagán - 26 duine - tar éis aon ghníomh a dhéanamh faoi go fóill.

Mr. Padraig McMahon

That is a fact. Generally speaking, people are not charged. There are courses within the Civil Service for which they can apply. It is easy to get on them. Managers will help staff to get on them. If people want to develop a professional level of Irish, they can take a course at masters level. Such courses are subject to the refund of fees arrangement, which is not as straightforward. We are going to examine this matter. We will discuss it with the training and development side of the office. It seems that many people are interested. There are two ways we can make the most of this. First, we can bring staff up to a level at which they can do their jobs through Irish. That is quite a high bar. Second, we are interested in bringing more staff up to a level at which they can deal with people through Irish in a conversational way. We have discovered that many people say they are interested, but then life gets in the way. Perhaps that is why we do not get the numbers. We are looking into this to see how we can make it a little more relevant and whether there is something we can do to encourage people. We got these statistics relatively recently. We are going to use them. We were surprised to learn that so many people are interested. We are going to put something in place.

An mbraitheann an tUasal McMahon go mb'fhéidir go bhfuil bac éigin sa chóras nuair atá an uimhir chomh híseal? Níl ach 26 duine as an 1,000 duine ar spéis leo an Ghaolainn gníomhach sa teanga. An dóigh leis an Uasal McMahon go bhfuil bac éigin sa chóras?

Mr. Padraig McMahon

We do not know for sure. I very much doubt it. I have seen Irish courses advertised reasonably regularly. We can ask if there is any hindrance. In a general sense, it would be great as part of the wider attempt to make the use of the language more attractive if people had some level of Irish, even if they were not necessarily able to carry out their duties through Irish. That is something we will be looking at because, as we have heard, a significant level of Irish is required to carry out the job to a high level through Irish. We would certainly be interested in moving people along. As part of our review of this area, we need to look at whether we are being too formal. We do not yet know whether that is the case. We will try to find out why there is a break between people saying they want to improve their Irish language skills and people ultimately going ahead and doing so. There is no obstacle. We are not aware of anybody being refused time off to do these courses. It is too early to give the committee any assurances in this regard. We are looking into the matter.

Ms Eilís O'Connell

Issues such as pressure of work and demand of services would arise in this context.

An bhfuil aon teastas ag dul leis na cúrsaí seo tar éis do dhaoine iad a dhéanamh?

Is dócha go bhfuil. Nach bhfuil teastas i gceist tar éis don chúrsa a bheith críochnaithe?

Mr. Padraig McMahon

I do not know. My understanding is that some of the courses are more participatory in nature, whereas others involve an examination at the end. I do not have any more details on that.

An bhfuil scrúdú caighdeánach Eorpach i gceist? Úsáidtear an scrúdú Eorpach do theangacha go forleathan trasna an Aontais Eorpaigh. Bunaithe air sin, is féidir a oibriú amach cé chomh feidhmiúil is atá duine trí theanga Eorpach ar bith. Is rud idirnáisiúnta é. Tá caighdeánú idirnáisiúnta á dhéanamh.

Gan é sin, ní mórán is fiú é ó thaobh seirbhísí a chur ar fáil don phobal. Nílimid ag caint faoi rud inmheánach don Roinn. Táimid ag caint faoi chustaiméirí atá i dteideal seirbhísí. Is é sin an rud atá á éileamh anseo tráthnóna inniu: seirbhísí, go mór mór dóibh siúd gurb í an Ghaeilge an chéad teanga agus an teanga is compordaí ina labhraíonn siad. Tá a leithéid ann, agus ní mar ornáidí atá an teanga ach mar uirlis. Mar a dúirt mé, dá mba rud é dá gcuirfí duine ar bith amach ag lucht labhartha na Fraincise agus gan ach rogha amháin aige nó aici, bheadh sé sin ina ruaille buaille agus ina rí rá sa Fhrainc. Glacaimid leis sin sa tír seo. Níl aon fhadhb. Cur duine éigin siar go Conamara agus bíodh an jab aige nó aici.

Baineann sé seo le chuile Roinn, ní hamháin leis an Roinn seo. De réir mar a thuigim, tá cúrsaí ar siúl le Gaelchultúr. Maidir leis na daoine atá faoi chaibidil ag an Roinn, an ndearna siad na cúrsaí atá á n-eagrú ag Gaelchultúr? Mínigh dúinn faoi na cúrsaí sin agus cá bhfuil siad á ndéanamh acu. Bhí de phribhléid agam teastas a bhronnadh ar na daoine ó na Ranna éagsúla a rinne sáriarracht le Gaelchultúr. Abair linn faoin méid sin.

Ms Eilís O'Connell

The OneLearning courses are aligned to Gaelchultúr and are available to Civil Service staff. One example I have here relates to intermediate level which is aligned to Gaelchultúr level 3 or 4. It is recommended for staff who can already communicate at a basic level in the Irish language and who wish to acquire greater proficiency. The duration of the course given to them is 30 hours, which one session per week over ten or 20 weeks. Entry to the course is subject to a language proficiency assessment provided by Gaelchultúr. The goal of the course is to develop participants' spoken and written abilities by improving their vocabulary and confidence to communicate and to provide a service through Irish. The learning objectives are that they would be able to converse confidently and reply to spoken enquiries in line with the level 3-level 4 certificate in professional Irish on the national framework of qualifications, NFQ, awarded by Gaelchultúr. The courses people are offered are aligned to that. We have an individual who is undertaking a Teastas Eorpach na Gaeilge, level 2 course in Irish, who is based in the fishery harbour centre sa Daingean.

Gabhaim buíochas leis an Uasal O'Connell.

Mr. Padraig McMahon

In 2018 on the recruitment side, we contacted Maynooth University which has agreed to provide Irish language proficiency testing where we are recruiting bilingual staff to ensure that they are sufficiently proficient in Irish to provide Irish language services to our customers.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe go léir. Bhí sé cabhrach agus tá siad ionraic, amach is amach. Gabhaim buíochas as freagraí an dá cheistneoir. Táimid ag iarraidh rudaí a chur i gcomhthéacs chun a shoiléiriú cén treo a bhfuilimid ag dul le chuile Roinn ó thaobh na Gaeilge de. B'shin an rud atá ar siúl againn. Is rud thar a bheith dearfach go bhfuil suim ag an méid sin daoine tuilleadh feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge. Ag an am céanna is scéal diúltach freisin, bunaithe ar shuirbhé, go ndúirt 64% de na baill fhoirne nach bhfuil cumas ar aon leibhéal acu. Tá scéal dearfach agus diúltach anseo.

Ba mhaith liom díriú isteach ar an scéal dearfach go bhfuil 36% den fhoireann ag iarraidh tuilleadh feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge agus a gcuid gnó trí Ghaeilge. Tá sé sin tábhachtach agus dearfach agus is é freagra na Roinne an rud is tábhachtaí ó thaobh an ruda sin anois. Cad iad na céimeanna atá le déanamh ag an Roinn? An mbeidh an Roinn ar ais an bhliain seo chugainn ag rá go bhfuil Gaeilge acu agus ar a laghad go bhfuil cúrsaí déanta ag na daoine sin?

Is é an chéad rud eile go bhfuil freagrachtaí tromchúiseacha ar an Roinn seo agus ar chuile Roinn ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an Bille atá le teacht. Chuir mé na ceisteanna níos luaithe ar an Roinn cén sórt machnaimh atá déanta aici ó thaobh an Bhille atá le teacht. Faraor, bhí moill ar an mBille maidir le Breatimeacht. Ba chóir go mbeadh sé mar reachtaíocht anois. Beidh de dhualgas, ó thaobh cúrsaí earcaíochta, go mbeidh Gaeilge ag 20% de chuile dhuine a earcófar amach anseo. Cén sórt oibre atá déanta ag an Roinn agus cén sórt teagmháil atá aici leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus na Gaeltachta chun é seo a chinntiú?

Mr. Padraig McMahon

Unfortunately, the simple answer is that we do not know the position on the 20% target. It comes back to the point we made earlier where we are recruiting personnel with professional qualifications and may not be in a position, if they do not have Irish-----

Gabh mo leithscéal.

Mr. Padraig McMahon

We are in that awkward position. That being said, if there is any obligation under any Act, we will have to meet it and be creative. Being honest, it is not that our recruits are interchangeable and that we can get the level of Irish that we might require. I do not know what the standard of this 20% is going to be. Will this standard be sufficient for staff to go out and deliver a service in a clear and comprehensive manner? These are our thoughts and it is not just we who are captured in that dilemma.

Maidir leis an dea-thoil atá ar an talamh ó thaobh na Gaeilge de, cad atá ar intinn ag an Roinn a dhéanamh faoi na daoine ar mhian leo an Ghaeilge a fhoghlaim?

Ms Eilís O'Connell

We will certainly be making clear to people, now that we have that feedback, that it is possible for them to avail of the training courses that are available through OneLearning that I referred to earlier.

An bhfuil ceist ag aon duine eile?

Ag deireadh an lae, ó thaobh na custaiméirí de, mar go bhfuil dhá theanga oifigiúla ann, ba cheart go mbeadh fíor-rogha, go mór mór ó bhéal, ag an gcustaméir chun déileáil le gnáthsheirbhísí an lae i nGaeilge i gceantair Ghaeltachta. Ní ceart go mbeadh aon cheist faoi sin. Aisteach go leor, nuair a chuaigh mé go Conamara den chéad uair ag plé leis na seanoifigí talmhaíochta, is mar sin a bhíodh sé. D'athraigh rudaí chun donais.

Más rud é go gcaithfidh sé é a dhéanamh, déanfar é. Caithfidh mé a rá go bhfaighim sé deacair mar tá a fhios agam ceárd a tharlaíonn. Níl mise ag caint faoi theoiric. Suím i m'oifig. Bíonn feirmeoirí ag teacht go rialta as chuile chearn le fadhbanna talmhaíochta. Bíonn na foirmeacha i mBéarla ach déanaimid an plé ar fad i nGaeilge. Dá bhfeicfí na nótaí a bhíonn déanta agam, bíonn siad ar fad déanta i nGaeilge agam, mar is é an nós atá agam má labhraíonn duine Gaeilge liom, labhraím Gaeilge leis nó léi, is cuma céard atá ar a dtuairim. Is leis an nGaeilge a úsáid an rogha atá acu siúd nuair a thagann siad isteach ann mar tá siad níos compordaí inti. Nuair a thagann an t-oifigeach amach - ní bhaineann sé seo leis an Roinn seo amháin - is é an t-aon Roinn ar féidir a bheith cinnte go mbeidh an Ghaeilge acu nuair a thagann an t-oifigeach amach uaithi ná an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Is é rud eile nach dtuigim faoin gcás seo uilig ná go dtuigtear domsa go bhfuil i bhfad níos mó daoine le Gaeilge ag iarraidh dul isteach san oifig sna Forbacha ná mar atá d'fholúntais ann. Ní hamháin gur féidir le hoifig iomlán na Roinne sna Forbacha a bheith ag feidhmiú trí Ghaeilge ach fuair mé eolas cothrom le dáta, go bhfuil scuaine daoine ag fanacht le dul isteach sa Roinn sin-----

Níl aon ateangaireacht ar fáil faoi láthair.

I will say it in English then.

Nóiméad amháin le do thoil. An bhfuil fadhb leis an ateangaireacht?

Ms Eilís O'Connell

We are not getting any translation at the moment.

I have no problem saying it in English.

Tá a fhios agam é sin ach is coiste Gaeilge é an coiste seo.

Níl aon fhadhb agam Béarla a labhairt. Is é sin an rogha a thugaim do mo chustaiméirí an t-am ar fad.

Níl mise ag tabhairt an rogha sin don Teachta.

Tá maidir le caidreamh. Ceist do bhall aon choiste aon teanga is maith leo a labhairt.

An bhfuil an finné in ann é a chloisteáil? Tá an tseirbhís ar ais. Go hiontach.

Is é an rud a bhí me á rá ná go mbím ag plé le go leor feirmeoirí i gConamara.

I nGaeltacht Chonamara is é an rogha a dhéanann siad i gcónaí ná an Ghaeilge a úsáid. Bíonn an chuid is mó den páipéarachas ón Roinn i mBéarla. Is é sin chuile chineál litreach faoin spéir. Labhraímid faoi na rudaí sin i nGaeilge agus míním céard atá ar na páipéir seo, i nGaeilge intuigthe, agus réitímid amach na fadhbanna sa bhealach sin. Nuair a thagann cigire na Roinne, níl aon rogha ach plé leis an duine sin i mBéarla. Sa chuid is mó, ní bhíonn an Ghaeilge ag cigire na Roinne a thagann amach. Is eisceacht a bheadh ann dá dtiocfadh cigire le Gaeilge amach. Is é an rud a chuireann iontas orm ná an fhadhb atá againn foireann a fháil. Bhí mé ag déanamh fiosrú beag le cúpla lá anuas agus glacaim leis nach bhfuil cáilíochtaí talmhaíochta ag na daoine seo ach is lucht fíorúcháin iad na státseirbhísigh seo ag leibhéil éagsúla, de réir mar a thuigim. Tá scuainí daoine ag fanacht ar phoist a fháil leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta sna Forbacha. San oifig sin tá gach aon duine feidhmiúil ar Ghaeilge a úsáid mar theanga inmheánach na Roinne agus leis an bpobal. Tá an obair ar fad déanta go hinmheánach sa Roinn sin i nGaeilge, na meamraim ar fad san áireamh. Ní hamháin go ndéanann siad plé leis an bpobal i nGaeilge ach go hinmheánach i nGaeilge freisin. Tá caighdeán ard Gaeilge ag teastáil le bheith ag obair sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta sna Forbacha agus tá an Roinn thar a bheith dian faoi sin. Ainneoin é sin is uile, níl fadhb acu riamh foireann den scoth a fháil ann. Ní thuigim cén fáth go bhfuil an oiread sin d'fhadhb ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara cúpla duine a chur ar fáil le Gaeilge chun freastal ar Chonamara, ar Thír Chonaill nó ar Chiarraí agus mar sin de.

Ms Eilís O'Connell

Where we have offices in the Gaeltacht areas, we are certainly in a position to recruit people with bilingual capabilities in those areas. The issue arises where we may have a requirement outside of the Gaeltacht areas such as we had recently in Portlaoise, where it can be more difficult to get someone with the Irish language.

In áit ar bith mar seo-----

Lig don fhinné freagra a thabhairt, a Theachta.

Táimid ag éalú ón gceist.

Is féidir leis an Teachta teacht ar ais ach, más é a thoil é, ba chóir dó ligean don Uasal O'Connell an cheist a fhreagairt.

Caithfidh mé dul suas anois mar tá mé sa Dáil anois.

Lean ar aghaidh mar sin.

Labhair mé le cigireacht, is iad sin na daoine a théann amach, ní i bPort Laoise.

A Theachta, lig don fhinné an cheist a fhreagairt, más é do thoil é, agus ligfidh mé ar ais thú.

Ms Eilís O'Connell

The other element is, as Mr. McMahon has said earlier, the Department has a wide range of grades, including very specialist grades such as agricultural or veterinary inspectors. These grades we recruit are not just standard Civil Service. That can add an additional complexity to it. Where we are looking for a very specific skill set and set of qualifications, adding an Irish language capability can add complexity to that recruitment process.

An bhfuil an Seanadóir O'Reilly ceart go leor?

Cén cháilíocht a theastaíonn ó chigire talmhaíochta a bheadh ag déanamh scrúdú ar an basic payment scheme, BPS, agus orthu siúd?

Ms Eilís O'Connell

It is an agricultural qualification that would be required.

An í céim sa talmhaíocht atá ag teastáil?

Ms Eilís O'Connell

Inspectors are required to hold a level 6 or 8 qualification in specific agriculture related specialties. This involves full-time attendance at an agricultural college or at a university. There are a number of courses throughout the country.

Mar bhuille scoir, a Chathaoirligh, má tá na cáilíochtaí sin ag teastáil, beidh mise ag moladh don choiste seo moladh d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chúrsa a chur ar fáil go speisialta chun daoine a thraenáil le go mbeidh na cáilíochtaí sin acu ó thaobh na Gaeilge.

Tiocfaimid ar ais go dtí na moltaí. Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Cuív. Glaoim ar an Seanadóir O'Reilly anois.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach.

I dtús báire ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Roinn agus mo leithscéal a ghabháil faoi go bhfuilim giota beag déanach de bharr go raibh mé ag freastal ar chruinniú eile. Dúirt an tUasal O'Connell sa ráiteas tosaigh dá cuid go bhfuil easpa acmhainní ag an Roinn agus go bhfuil sé sin lárnach agus gur deacracht faoi leith é sin don Roinn. Cén sórt easpa acmhainní é sin? Ní dóigh liom go mbeadh breis airgid riachtanach má tá na daoine agus an líofacht sa teanga ann. Ní dóigh liom go bhfuil breis airgid i gceist. Cén easpa atá ann?

Seans go bhfuil freagra na ceiste seo tugtha ag an Roinn do mo chomhghleacaí níos luaithe. Cé mhéad duine, i dtuairim na Roinne, a bheadh ag iarraidh seirbhís a fháil trí Ghaeilge, go háirithe sna Gaeltachtaí, ach fiú amháin taobh amuigh de na Gaeltachtaí freisin, nach bhfuil ábalta í a fháil inniu? Cérbh é an toradh praiticiúil den easpa sin?

Cén easpa atá ann? An easpa airgid nó daoine atá i gceist? Déarfainn go bhfuil líofacht ag cuid mhaith daoine sa Roinn agus má tá an méid atá sa ráiteas tosaigh fíor, cé mhéad duine atá ag fulaingt nó daoine nach bhfuil in ann seirbhís a fháil trí Ghaeilge? Is cosúil go bhfuil na freagraí sin tugtha níos luaithe.

Is ceist mhaith í sin agus níl freagraí na gceisteanna sin tugtha go fóill. An dtuigeann an Roinn na ceisteanna sin?

Mr. Padraig McMahon

What we mean by resources is people who have the ability to speak through Irish and to deliver the service.

Ní airgead atá i gceist.

Mr. Padraig McMahon

It is not money or numbers. It is having people who can carry out the job through Irish. As we heard earlier, this is a problem when we are trying to attract skilled people, particularly people like inspectors who will be out on farms.

We are not aware of huge numbers of people not being able to get service through Irish. We have acknowledged that this is something that we have to look at. Purely because we are not getting the complaints does not mean the people are not out there. The point was well made by some of the Senator's colleagues earlier that people are not expecting Irish so they use English. We cannot disagree with that and we will have to look into it to see what we can do about it.

Ní dóigh liom go mbeadh caighdeán ró-ard riachtanach chun dul i dteagmháil le feirmeoirí mar gheall ar a gcuid beithíoch agus a leithéid, agus ní ag maslú na feirmeoirí atáim mar is daoine iontach éirimiúil iad. Rugadh mise ar fheirm. Ní dóigh liom go mbeadh PhD sa Ghaeilge riachtanach. Is dóigh liom go ndéanfadh Gaeilge bhunúsach an chúis sa chás sin. An bhfuil a fhios ag ár bhfinnéithe cad atá i gceist agam?

Is a mhalairt a bhí á rá ag an Teachta Ó Cuív agus bhí cás faoi leith faoi chaibidil aige mar gheall ar an-----

An caighdeán, an ea?

-----téarmaíocht, agus an caighdeán agus na rudaí trí chéile.

Tá na scéimeanna seo á n-úsáid i go leor áiteanna. Tá cineál eolais agam ar na scéimeanna talmhaíochta agus na cártaí agus a leithéid. Tá siad bunúsach go leor, cheapfainn. Tá a fhios agam maidir leis an rud atá á rá ag mo chomhghleacaí go bhfuil caighdeán go mba chóir go mbeadh ann. Ní dóigh liom go bhfuil sé riachtanach go laethúil. An gceapann oifigigh na Roinne an méid sin? Nach mbeadh duine le Gaeilge bhunúsach ábalta dul ar fheirm agus i dteagmháil le feirmeoirí?

Ms Eilís O'Connell

A number of our staff identified that they would have a basic level of Irish but that they may not be sufficiently confident to conduct Irish at a level that they would feel is at an appropriate standard to conduct business with the clients of the Department.

B'shin an rud bunúsach nó is é an focal cuí nach bhfuil siad muiníneach go leor.

Is deacracht i ngach slí é sin.

Mr. Padraig McMahon

We have looked for volunteers in the office so that if anyone calls, we would have a list of people we can call on. In the course of that, we became aware that there are quite a few people who do this but who do not want to be put on a formal list to do so. We are aware that there are people who are quite happy to deal with calls coming in as Gaeilge. We have work to do to build up confidence because, as the Senator can see, we have people who are willing to try to use the cúpla focal but who feel that if they are on a list, a certain standard will be expected of them. There is a happy medium. We will try to work towards that.

Tá sé i gceist ag an Roinn iarracht a dhéanamh é sin a réiteach.

Mr. Padraig McMahon

We want to look into why people are not doing the courses. They are available and we are not aware of any particular obstacles to doing them.

Tá go leor cúrsaí ar siúl ach níl daoine ag teacht suas chun iad a dhéanamh.

Mr. Padraig McMahon

That is true. We will try to look at that to make Irish more popular or to make people feel safer in using it. As we said, encouraging people rather than telling them that they cannot use Irish at work if they do not reach a certain standard is not just an issue for our Department, but for all Departments

Tá focal scoir agam faoi sin. Nuair a bhí mise óg, fadó fadó, bhí cuid mhaith de státseirbhísigh ag tnúth le coicís a chaitheamh sa Ghaeltacht. Nuair a bhí mise óg, bhí mo chairde sa Státseirbhís ag rá liom go raibh coicís saor in aisce sa Ghaeltacht acu. Níl sé sin mar an gcéanna fosta. Níl an fonn céanna ann, an bhfuil?

Ms Eilís O'Connell

I am not aware of any such scheme.

Mr. Padraig McMahon

I know it existed in the past but I have not come across it in my 30 years of experience. I am aware that it did happen.

Sin chomh haosta is atáim.

Bhí sé cabhrach dúinn an rud a shoiléiriú. Is cinnte go bhfuil bearnaí ollmhóra sa Roinn, cosúil le chuile Roinn eile. Níl an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ina haonar. Bíonn frustrachas orm nuair a chloisim nach bhfuil an t-éileamh ann. Ní bhraitheann sé ar éileamh. Tá sé de cheart ag daoine seirbhísí a fháil trí Ghaeilge. Sin an chéad rud. Tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil sé sa Bhunreacht agus go bhfuil sé de cheart ag daoine seirbhísí a fháil trí Ghaeilge. Bunaithe air sin, ba chóir do chuile Roinn seirbhísí a chur ar fáil. Tuigim go raibh deacrachtaí ann ach is dóigh liom go bhfuil beagáinín easpa tuisceana ó thaobh na dualgais atá ar an Roinn, agus ar chuile Roinn eile, seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. B'fhéidir go bhfuil mé beagáinín ró-dhian ar an Roinn. Níl a fhios agam.

Ms Eilís O'Connell

The element that gives us some difficulty is that we do not routinely measure the amount of services provided through Irish without any particular intervention. For example, Ms Joyce and her colleagues routinely provide services through Irish but we do not measure the extent of those services. Similarly, we do not measure the extent of the interaction through Irish in our offices in the Gaeltacht, in Ros an Mhíl and An Daingean. It is difficult to quantify.

Níl sé deacair a thuiscint go bhfuil sé de dhualgas ar an Roinn, agus ar chuile Roinn, seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil mar cheart. Níl aon éiginnteacht ná doiléireacht faoi sin. Ag dul ar ais go dtí an cheist, cén chaoi a ndéanadh an cinneadh just dhá oifig sa Ghaeltacht a bheith ag an Roinn - i Ros an Mhíl agus sa Daingean? Cén chaoi ar piocadh an dá cheantar sin? An bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag an Roinn ar na ceantair eile?

Ms Eilís O'Connell

Those are the locations in which we have fishery harbour centres in Gaeltacht locations.

Sin an fáth.

Ms Eilís O'Connell

The reason those services are provided in Irish in those locations is that they happen to be located in the Gaeltacht. The Department's other offices are not so located.

Gabhaim míle buíochas le hEilís O'Connell, Padraig McMahon, Guy Mahon, agus Deirdre Joyce. Bhí sé cabhrach. Tá súil agam nach bhfuil siad ró-tuirseach tar éis an chruinnithe. Arís, gabh mo leithscéal mar gheall ar an uair dheireanach nuair nach raibh córam ann. Bhí an locht orainn.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ag 5.35 p.m. go dtí 4 p.m. Dé Máirt, an 9 Aibreán 2019.
Top
Share