Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán debate -
Tuesday, 9 Apr 2019

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Oideachais agus Scileanna

Gabhaim buíochas leis na baill uilig atá anseo, idir Theachtaí agus Seanadóirí. Os ár gcomhair inniu tá an Roinn Oideachais agus Scileanna. Táimid ag tnúth leis an gcur i láthair. Cuirim fáilte roimh na hionadaithe go léir, ina measc: an tUasal Gavan O'Leary, rúnaí cúnta; an tUasal David Gordon, príomhoifigeach acmhainní daonna; an tUasal Treasa Kirk, príomhchigire cúnta agus ceannasaí ar an aonad um oideachas Gaeltachta; an tUasal Christine Tiernan, príomhoifigeach; an tUasal Siobhán Cullen, príomhoifigeach cúnta; agus an tUasal Aoife Mitchell, oifigeach riaracháin.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009 go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise seo acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina hainm, ina ainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Sin mo chuid ag an bpointe seo. An bhfuil an tUasal Kirk ag déanamh an ráitis tosaigh nó an tUasal O'Leary?

Mr. Gavan O'Leary

Déanfaidh mise é.

Gabhaim buíochas leis an Uasal O'Leary. Gabhaim buíochas leis freisin as cóip a chur chuig an gcoiste roimh ré.

Mr. Gavan O'Leary

Mar a dúirt an Cathaoirleach, is rúnaí cúnta sa Roinn Oideachais agus Scileanna mise le freagracht as seirbhísí corparáideacha. In éineacht liom inniu tá David Gordon, an príomhoifigeach a bhaineann le hacmhainní daonna; Christine Tiernan, príomhoifigeach; Siobhán Cullen, príomhoifigeach cúnta; Aoife Mitchell, oifigeach riaracháin i rannóg na seirbhísí corparáideacha; agus Dr. Treasa Kirk, príomhchigire cúnta agus ceannasaí ar an aonad um oideachas Gaeltachta.

Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as cuireadh a thabhairt don Roinn labhairt leis faoi na cuspóirí agus na bearta atá á gcur i bhfeidhm ag an Roinn chun seirbhísí a sholáthar as Gaeilge agus go dátheangach. Beidh an comhchoiste ar an eolas faoi obair na Roinne agus faoin tábhacht a bhaineann le hearnáil an oideachais agus na hoiliúna sa tír agus beidh an ceistneoir a chuireamar faoi bhráid an choiste roimh ré feicthe ag na baill. Le déanaí, d’fhoilsigh an Roinn a ráiteas straitéise trí bliana agus plean gníomhaíochta do 2019 a thugann cur síos ar na bearta atá le déanamh i rith na bliana 2019 chun ár gcuid oibre a chur chun cinn. Sa ráiteas straitéise - a dtugtar Cumasú air - leagtar amach ár bhfís don chóras oideachais agus oiliúna atá forchéimnitheach agus cothrom agus a bhfuil sé de chumas aige saolta a athrú chun feabhais.

Agus a straitéisí á gcur i bhfeidhm, tá an Roinn tiomanta do sheirbhís a sholáthar don phobal sa dá theanga oifigiúla agus tá raon de bhearta ar bun, lena n-áirítear polasaithe oideachais, polasaithe earcaíochta agus deiseanna oiliúna chun cuidiú le seirbhísí leanúnacha trí Ghaeilge a sholáthar don phobal. Cuirtear seirbhísí riaracháin trí Ghaeilge ar fáil i gcomhréir leis na forálacha sa reachtaíocht ábhartha lena n-áirítear Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus an tAcht Oideachais 1998, agus na tiomantais i scéim Gaeilge reatha na Roinne, a cuireadh ar bun i mí Dheireadh Fómhair 2016. Is iad na hearnálacha bunscoile agus iarbhunscoile an bonn custaiméirí is mó atá ag an Roinn do sheirbhísí i nGaeilge, go háirithe na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ina ndéantar an teagasc trí mheán na Gaeilge.

Maidir le cúrsaí earcaíochta agus ár bhfoireann riaracháin, tríd an bpróiseas pleanála foirne, nó ar iarratas ó aonaid ghnó, aithníonn rannóga acmhainní daonna na Roinne réimsí ina bhfuil gá le foireann a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu. Mar a bheidh ar eolas ag an gcomhchoiste, aithníonn an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí iarrthóirí le scileanna Gaeilge. Sa bhliain 2017, earcaíodh oifigeach riaracháin ó shruth Gaeilge na seirbhíse sin chun obair a dhéanamh laistigh de na seirbhísí corparáideacha. Ina theannta sin, rinne an Roinn socrú chun baill foirne le líofacht sa Ghaeilge a ghlacadh ar iasacht nó a aistriú ó Ranna eile chun folúntais a líonadh ag leibhéil eile. Líonadh ceithre phost ar an dóigh seo agus ceapadh na baill foirne chuig an aonad um oideachas Gaeltachta agus oifig an Aire. Mar thoradh ar ráta athraithe suntasach agus rialta foirne mar gheall ar shoghluaisteacht, arduithe céime agus araile, admhaíonn an Roinn, amhail Ranna Rialtais eile, nach féidir i gcónaí baill foirne le líofacht sa Ghaeilge a choimeád. Tá sé ar intinn ag an Roinn suirbhé scileanna nua a dhéanamh i gcomhthéacs na chéad scéime Gaeilge eile de chuid na Roinne i rith 2019 chun ár n-eolas a nuashonrú maidir le líon na mball foirne a chuireann seirbhís ar fáil nó atá sásta seirbhísí a sholáthar as Gaeilge.

Maidir leis an gcigireacht, cáilíocht riachtanach do na cigirí bunscoile go léir is ea go bhfuil sé de chumas acu cumarsáid éifeachtach a dhéanamh as Gaeilge agus cumas teangeolaíochta a dhóthain acu chun meastóireachtaí a dhéanamh i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. Le bheith incháilithe ar an gcigireacht, ní mór d’iarrthóirí an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a shásamh go bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu. Cé nach bhfuil an cumas le cigireachtaí a dhéanamh as Gaeilge ina riachtanas do phost mar chigire iarbhunscoile ach amháin do chigire iarbhunscoile Gaeilge is eol don chigireacht go bhfuil gá le líon imleor de chigirí iarbhunscoile a bheith ann a bhfuil an inniúlacht imleor acu le cigireachtaí a dhéanamh in iarbhunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus bíonn marcanna breise ar fáil d’iarrthóirí atá ábalta ardleibhéal inniúlachta sa Ghaeilge a léiriú.

Maidir lénár síceolaithe, tugtar sonraí maidir leis an líon cigirí agus síceolaithe a sholáthraíonn seirbhís trí Ghaeilge faoi láthair sa cheistneoir a ghabhann leis an ráiteas seo. Fuair tromlach na síceolaithe sa tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais, SNSO nó NEPS as Béarla, cáilíocht ar dtús mar bhunmhúinteoirí agus tá inniúlacht sa Ghaeilge acu.

Ó thaobh oiliúna de, d’fhonn soláthar seirbhíse trí Ghaeilge a chur chun cinn, cuirtear baill foirne, lena n-áirítear baill foirne nuacheaptha, ar an eolas go hiomlán faoina gceanglais Gaeilge faoi reachtaíocht ábhartha, na tiomantais sa scéim Gaeilge, na córais atá ar bun chun cuidiú le comhlíonadh ceanglas agus na deiseanna oiliúna atá ar fáil chun feabhas a chur ar inniúlacht sa Ghaeilge. Áirítear leo seo scéim um aisíoc táillí na Roinne agus cúrsaí á gcur ar fáil ag soláthraithe trí OneLearning, an tseirbhís roinnte a bhaineann leis an Státseirbhís ina hiomlán, nó Gaelchultúr. Ó 2017 go 2019, thug thart ar 60 baill foirne riaracháin faoi staidéar ar an nGaeilge. Tá baitsiléir ealaíon, dioplóma agus cúrsaí ar leibhéil éagsúla ar fáil ó Ghaelchultúr.

Maidir leis an gcigireacht, ó 2017 i leith cuirtear clár foghlama cumaisc sa Ghaeilge ar fáil do na cigirí bunscoile go léir agus cigirí iarbhunscoile agus luathbhlianta a bhfuil spéis acu ann. Bhí an bhéim sa chlár foghlama cumaisc in 2017-2018 ar an nGaeilge labhartha. D’fhreastal cigirí ar thrí seisiún lae chun feabhas a chur ar chruinneas labhartha i rith an ama seo. In 2019, tá clár foghlama cumaisc á chur i bhfeidhm maidir le tuairiscí cigireachta a scríobh trí mheán na Gaeilge. Ní mór do na cigirí bunscoile go léir freastal air. Tá an chéad cheann de na seisiúin seo ann i mí Aibreáin.

Táthar ag súil go ndéanfaidh na cigirí bunscoile nua go léir agus na cigirí iarbhunscoile Gaeilge láithreach na cigireachtaí sna scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus sna scoileanna Gaeltachta a choimeád agus a mhéadú ar roinnt bealaí lena n-áirítear páirt a ghlacadh sa soláthar reatha de chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht.

Cuireann an SNSO oiliúint ar fáil lena chinntiú gur féidir seirbhís síceolaíochta oideachais a sholáthar trí Ghaeilge nuair is gá. Cuirtear clár Gaeilge ceithre lá ar fáil do shíceolaithe, le cúnamh ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG. Sa chlár, ar a bhfreastalaíonn idir 15 agus 20 de bhaill foirne SNSO in aghaidh na bliana, tá comhpháirt teanga ginearálta agus comhpháirt teanga teicniúla atá in oiriúint do riachtanais sheirbhís síceolaíochta oideachais.

Maidir le scéim Gaeilge na Roinne, thosaigh an Roinn a tríú scéim teanga faoin Acht i mí Dheireadh Fómhair 2016. Sa tríú scéim teanga déantar forbairt agus daingniú ar na tiomantais a rinneadh sna scéimeanna roimhe agus tá tiomantais inti amhail na nithe seo a leanas: freagróimid as Gaeilge do chomhfhreagas as Gaeilge; freagróimid as Gaeilge do ghlaoiteoirí atá ag iarraidh labhairt as Gaeilge, más féidir, nó déanfaimid tairiscint glaoch a chur ar ais laistigh de lá oibre amháin ag ball foirne atá ábalta plé le fiosruithe as Gaeilge; foilseoimid foilseacháin chorparáideacha, tuairiscí cigireachta do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge, idir bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna, agus preasráitis a fhógraíonn scéimeanna nua nó athruithe polasaí as Gaeilge agus as Béarla; foilsítear eolas statach ar shuíomh gréasáin na Roinne as Gaeilge agus as Béarla; déanfaimid deimhin de, más mian le daoine a ngnó a dhéanamh as Gaeilge, gur féidir leo é sin a dhéanamh; cinnteofar go gcuirfear seirbhísí ar fáil i gcomhréir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus ár scéimeanna Gaeilge; oibreofar an líne Ghaelach; agus tabharfar eolas don fhoireann maidir le riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus maidir lena bhfreagrachtaí faoi scéim Ghaeilge na Roinne. Sholáthraigh an Roinn a seirbhís aistriúcháin féin don Ghaeilge chun tacú le cur i bhfeidhm na dtiomantas seo.

Tacaíonn an scéim le prionsabail na seirbhíse den scoth do chustaiméirí agus lenár gcairt do chustaiméirí. Tá sí ceaptha lena chinntiú go dtabharfar aghaidh iomlán ar na ceanglais ábhartha go léir atá ar an Roinn Oideachais agus Scileanna ar bhonn céimneach, tríd an scéim seo agus scéimeanna amach anseo. Forbraíodh í laistigh de chomhthéacs polasaí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Cuirtear san áireamh inti an sainordú ar leith atá ag an Roinn maidir le tacú le leathnú agus fás ar úsáid na Gaeilge sa chóras oideachais. Beidh scéim nua á forbairt ag an Roinn níos déanaí i mbliana. San obair seo, cuirfimid san áireamh an taithí a bhí againn go dtí seo, tuairimí an chomhchoiste seo agus tuairimí páirtithe leasmhara eile. Táimid ar an eolas freisin faoi obair an Oireachtais ar reachtaíocht nua sa réimse seo agus beidh aird againn uirthi seo inár n-obair amach anseo.

Gabhaim buíochas arís as an deis an comhrá seo a bheith againn inniu. Beidh áthas orm féin agus mo chomhghleacaithe aon cheist a fhreagairt.

Gabhaim buíochas leis an Uasal O'Leary as an gcur i láthair agus as an gceistneoir a fhreagairt freisin. Tá cóip ag chuile dhuine. Maidir leis an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais, NEPS i mBéarla, cé mhéad síceolaí atá sa tseirbhís sin? Cé mhéad dóibh a bhfuil Gaeilge acu?

Mr. Gavan O'Leary

Tá 183 síceolaí ann san iomlán agus, as sin, deireann 27 go bhfuil siad in ann seirbhís a thabhairt do scoileanna trí Ghaeilge, sin thart ar 15%.

Tiocfaidh mé ar ais. Ligfidh mé do na Seanadóirí agus na Teachtaí ceisteanna a chur i dtús.

Cuirim fáilte roimh na hionadaithe uilig. Tá cúpla ceist agam. Maidir leis na scéimeanna Gaeilge agus an scéim Gaeilge atá le teacht, céard a bheidh sa scéim is nuaí, atá le teacht, nach raibh sa scéimeanna go dtí seo? Gabh mo leithscéal má tá an cheist sin freagartha cheana. Dé réir mar a fheicim é, níl an t-eolas sin tugtha ag an Roinn. An bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ó scéim amháin go scéim eile nó an t-athrá ar na cuspóirí a bhí ag an Roinn riamh é atá i gceist? Tá liosta breá tábhachtach ansin ach an bhfuil dul chun cinn de réir a chéile le feiceáil ó scéim amháin go scéim eile? Tá cúpla ceist eile agam ach táim sásta fanacht go dtí go bhfreagraíonn-----

Ba chóir don Seanadóir an cheist a chur. Is féidir leis teacht ar ais arís freisin.

Ós rud é gurb é an Roinn Oideachais agus Scileanna atá i gceist, agus glacaim leis na hiarrachtaí agus an obair atá á ndéanamh agus na cuspóirí agus mar sin de, an bhfeictear do na hionadaithe go bhfuil dualgas ar leith ar an Roinn Oideachais agus Scileanna a bheith mar acmhainn do Ranna eile an Stáit? Táimid ag caint de shíor anseo faoi na bearnaí ar fud an státchórais. Ba chóir go mbeadh an Roinn Oideachais agus Scileanna mar eiseamláir don státchóras ar fad. Tá sin intuigthe, go háirithe ós rud é go bhfuil dualgas uirthi maidir le Gaelscolaíocht agus scolaíocht lán-Ghaeilge sna Gaeltachtaí agus sa Ghalltacht. Chomh maith leis sin, an bhfuil seasamh dleathach ag an Roinn chun a bheith mar acmhainn agus chun cabhrú le Ranna Stáit eile dul chun cinn a dhéanamh sa réimse seo ós rud é gur ceist oideachais atá ann, chomh maith le ceist airgeadais agus go leor ceist eile. Baineann sé go bunúsach le hoideachas, áfach, mar ní féidir leis an státchóras dul chun cinn a dhéanamh gan oideachas a bheith lárnach ó thaobh úsáid na Gaeilge agus soláthar seirbhísí trí Ghaeilge de. An bhfuil seasamh dleathach ag an Roinn a bheith mar acmhainn? An bhfuil sé de chuspóir aici a bheith mar acmhainn don státchóras ar fad? An bhfuil gá le plé faoi sin?

Baineann an tríú ceist le rud atá ráite ag an Roinn, is é sin munar féidir deileáil le duine trí Ghaeilge ar an toirt, go dtiocfar ar ais chuig an duine sin laistigh de lá amháin. An gciallaíonn sé sin go mbeidh, ar a laghad, duine amháin ann chun a rá leis an duine, i nGaeilge, nach féidir leis nó léi déileáil leis an duine nó an gcaithfear an teachtaireacht sin a fháil i mBéarla? Cad a tharlaíonn sa chás sin go praiticiúil? Bhí mé ag éisteacht ar maidin le fear atá an-bhuartha faoi na síntí fada sa chóras. D'fhéadfaí tuairimí difriúla a bheith ag daoine faoi na féidearthachtaí ina leith ach ba chóir go mbeidh gach duine sa Roinn Oideachais agus Scileanna in ann, ar a laghad, an méid sin a rá le duine le nach mbeidh air nó uirthi Béarla a fháil ar ais nuair a thosnaíonn sé nó sí faoi chumarsáid i nGaeilge.

Faoi láthair, cén céatadán d'fhoireann na Roinne a bhfuil sé ar a gcumas acu déileáil le daoine i nGaeilge? Cén sprioc atá ag an Roinn bliain amach anseo nó dhá bhliain amach anseo? An féidir leis na hionadaithe a rá cá bhfuil siad agus cá mbeidh siad?

Ceithre cheist ansin faoin seanscéim agus faoin scéim nua.

Mr. Gavan O'Leary

Ar dtús, maidir leis an scéim Gaeilge, táimid chun obair ar an gceathrú ceann a thosnú. Caithfidh mé a adhmháil go bhfuil contanam i gceist. Ní rud go hiomlán nua a bheidh sa scéim nua. Ag an am céanna, tógaimid isteach an taithí a bhí againn leis na scéimeanna roimhe. Thug daoine áirithe a gcuid tuairimí ar an méid a bhí sna scéimeanna agus conas mar a cuireadh i bhfeidhm é. Bímid i dteagmháil le hOifig an Choimisinéara Teanga freisin. Tógaimid a chuid comhairle ar bord agus muidne ag déanamh ár gcuid oibre ar an scéim nua. Ní bheidh mé in ann a rá go mbeidh sé go hiomlán nua nó go hiomlán difriúil ach, ag an am céanna, táimid ag súil go ndéanfaimis dul chun cinn sa scéim nua. Táimid ag obair ar an dréacht faoi láthair.

Ó thaobh na ceiste maidir leis an Roinn a bheith mar acmhainn don Státseirbhís iomlán - má thuigim an cheist i gceart - níl dualgas dleathach orainn a bheith mar acmhainn don Státseirbhís. Bímid ag obair lenár gcomhghleacaithe sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tá dualgais faoi leith ag an Roinn sin maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Ag an am céanna, admhaímid go bhfuil sé san Acht Oideachais 1998 go bhfuil dualgais faoi leith againn maidir leis an gcóras oideachais agus scileanna ach baineann na dualgais sin go mórmhór leis an gcóras oideachais. Tá sé de chuspóir ag an Acht sin cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga i bpobail i limistéir Gaeltachta agus riachtanais teanga agus cultúrtha mac léinn a chur chun cinn, ag féachaint do roghanna na dtuismitheoirí.

Níl ról foirmeálta againn maidir leis an Státseirbhís iomlan. Is ar OneLearning, an tseirbhís roinnte nua um chúrsaí traenála agus oiliúna do státsheirbhísigh, atá an dualgas cúrsaí agus tacaíocht a chur ar fáil do státseirbhísigh atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. É sin ráite, tá a fhios agam go dtugann mo chomhghleacaithe sa chigireacht ach go háirithe cabhair do chomhghleacaithe i Ranna Stáit eile, ach níl ról foirmeálta againn. Níl aon rud scríofa síos in Acht nó rud mar sin. Cuirimid béim ar an gcóras oideachais agus oiliúna maidir lenár ról dleathach.

Ba í an tríú ceist a bhí ag an Seanadóir ná an bhfuil oifigigh in ann labhairt i nGaeilge le daoine a chuireann glaoch ar an Roinn agus a bhíonn ag iarraidh a gcuid ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Seolaimid ríomhphoist timpeall na Roinne chun a rá le daoine go bhfuil seirbhís ann trínar féidir le muintir an phobail a gcuid gnó a dhéanamh as Gaeilge linn agus go bhfuil oifigigh agus línte áirithe sa Roinn atá dírithe air sin. Tá líne ag na daoine a fheidhmíonn an switch don Roinn ach nílim go hiomlán cinnte go bhfuil gach aon oifigeach sa Roinn in ann an líne sin a thabhairt as Gaeilge, cé go gcuirimid eolas timpeall na Roinne go bhfuil an tseirbhís sin ar fáil do dhaoine. Is ceist muiníne í. Níl an féinmhuinín ag daoine áirithe an líne a úsáid agus an méid sin a rá le duine as Gaeilge.

Ó thaobh an chéatadáin d'fhoireann na Roinne a bhfuil Gaeilge acu, deireann thart ar 50% den chigireacht linn go bhfuil siad sásta a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Mar a dúirt mé i mo ráiteas oscailte, is iarmhúinteoirí an chuid is mó de na chigirí, go háirithe na cigirí bunscoile, so tá caighdeán de shaghas éigin acu. Cé go bhfuil Gaeilge acu, tá cuid acu ann nach mbeadh sásta tuairisc a scríobh trí mheán na Gaeilge. Ar a laghad, tá Gaeilge ag 50% den chigireacht. Tá Gaeilge ag thart ar 37% d'fhoireann an PDST.

Cad é an PDST?

Mr. Gavan O'Leary

An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí.

Chuir mé an cheist le haghaidh na daoine a bheidh ag éisteacht.

Mr. Gavan O'Leary

Maidir leis an tsraith shóisearach do mhúinteoirí, an JCT as Béarla, tá-----

Céard faoi NEPS, an SNSO? Ní chuirtear so-and-sos orthu anois.

Mr. Gavan O'Leary

An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais, SNSO. Tá thart ar 27 den fhoireann riaracháin sásta a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Gheobhaidh mé an céatadán maidir leis an SNSO don Sheanadóir. Níl sé agam i láthair na huaire. Sin na figiúirí atá agam. Tá a fhios againn go bhfuil an coiste seo agus an tOireachtas ag obair ar Bhille nua agus go mbeidh sprioc againn Gaeilge a bheith ag 20% d'earcaithe nua. Beimid ag caint leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí maidir leis an bhfigiúr sin. Níl an Roinn, ina hiomlán, ró-fhada uaidh.

Cén mhéad baill d'fhoireann iomlán na Roinne a bhfuil Gaeilge acu?

Mr. Gavan O'Leary

Tá na figiúirí anseo agam. Caithfidh mé iad a aimsiú. Tá Gaeilge ag 1,332 baill den fhoireann iomlán. Ciallaíonn sé sin go bhfuil Gaeilge ag 1,264 whole-time equivalents, WTEs, toisc nach bhfuil gach éinne ag obair go lánaimseartha.

Clúdaíonn an figiúr sin chuile dhuine, cigirí san áireamh.

Mr. Gavan O'Leary

Clúdaíonn sé chuile dhuine. Tá cigirí, daoine ar an dtaobh riaracháin agus daoine san SNSO san áireamh san fhigiúr sin.

Cuirim fáilte roimh na hionadaithe ón Roinn. Gabhaim buíochas leo as an gcur i láthair. Tá scata ceisteanna agam. B'fhéidir go leanfaidh mé leis an gceist a bhí ag an gCathaoirleach maidir leis an líon daoine sa Roinn atá sásta a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn. Tá figiúirí luaite ag an Uasal O'Leary de thart ar 27 síceolaí agus 27 ball foirne riaracháin. Is iadsan na figiúirí céanna a bhí sa cheistneoir, figiúirí a tháinig ó suirbhé a rinneadh in 2017. An bhfuil aon ardú tagtha ar líon na Gaeilgeoirí nó ar líon lucht an Bhéarla ó shin? Luaigh an tUasal O'Leary go bhfuil 1,264 ball foirne a bhfuil Gaeilge acu ag an Roinn faoi láthair. An bhfuil sé sin ardaithe ó 2017? Táim ag iarraidh a fháil amach an bhfuil an bearna ag laghdú nó ag fás ó 2017 nuair a deineadh an suirbhé deireanach sin.

Tuigim go raibh deacracht ag an Roinn roinnt daoine breise a fháil, gur dhein sí teagmhail le Ranna eile, agus go bhfuil daoine aistrithe isteach go sealadach. An bhfuil na daoine sin san áireamh sna figiúirí nó an bhfuil siad sa bhreis orthu? An bhfuil sé i gceist ag an Roinn iad a choimeád? An féidir leis an Roinn iad a choimeád? Cad iad na hiarrachtaí atá déanta idir an dá linn chun daoine buana a fháil agus chun buanú a dhéanamh ar na daoine sin chun chur le rudaí? Más rud é gur daoine sealadacha iadsan agus go mbeidh siad imithe arís, beidh an Roinn fágtha le folúntais arís. Cad iad na hiarrachtaí atá déanta ag an Roinn chun daoine a chuardach?

Déanfaidh mé tagairt don rannóg tógála. Go minic bíonn scoileanna, education and training boards, ETBs, agus a leithéid i dteagmháil leis an rannóg. An bhfuil siad san áireamh sna figiúirí sin? An bhfuil deis ag scoileanna Gaeltachta nó Gaelscoileanna a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn leis an rannóg tógála?

Beidh sé soiléir ón uimhir rolla gur scoil Gaeilge nó Gaeltachta a bheidh ann fan an ama. Cad a tharlaíonn ansin? An mbíonn an teagmháil go léir leo as Gaeilge nó as Béarla, nó cad é an scéal? Cad iad na hiarrachtaí a dhéanann an Roinn chun a cinntiú go mbíonn seirbhís as Gaeilge ar fáil ansin? Tá sibh ag díriú isteach ar an scéal Gaeilge is déanaí agus tá suim agam sa cheist a bhí ag an Seanadóir níos luaithe.

Gabh mo leithscéal, níl aon taifeadadh i gceist. Tá fón ag duine éigin sa seomra.

An bhfuil an Roinn ag tógáil ar an scéim a bhí ann cheana féin? An bhfuil forbairt déanta, nó an bhfuil torthaí nó dul chun cinn le léiriú ó na scéimeanna deireanacha, cuir i gcás, ag dul ó scéim a dó go dtí scéim a trí? An bhféadfadh an tUasal O'Leary sampla a thabhairt dúinn de dhul chun cinn éigin a deineadh ag an am sin, agus spriocanna faoi leith a baineadh amach toisc na scéimeanna éagsúla?

Tá cúpla ábhar eile ansin chomh maith. Bím féin agus na Teachtaí eile ag plé le boird bhainistíochta go minic, le múinteoirí agus pobail scoile éagsúla, agus arís agus arís eile is iad na deacrachtaí céanna a thagann chun cinn. Bíonn deacrachtaí acu múinteoirí le caighdeán Gaeilge a fháil chun feidhmiú sna scoileanna agus bíonn an-bhrú ar scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna chun múinteoirí oiriúnacha a fháil. Tá liúntas ann atá ar fáil do roinnt de na múinteoirí, ach níl sé ar fáil do chuid eile den fhoireann, cé go bhféadfaí go bhfuil siad fiú ag múineadh an rang céanna. An bhfuil tuairim ag an Uasal O'Leary faoin liúntas sin, nó an nglacfadh sé leis go gcabhródh an liúntas chun breis múinteoirí a mhealladh?

Ceann de na deacrachtaí eile a léirítear go rialta ná go mbraitheann go leor de na scoileanna agus na múinteoirí nach bhfuil acmhainní ar nós téacsleabhar agus áiseanna eile éagsúla ar fáil dóibh. B'fhéidir nach bhfuil siad ar fáil ach i gcanúint amháin, nó go bhfuil moill ann, agus nach bhfuil siad ar fáil ag an am céanna leis an ábhar Béarla. Mar shampla, tá clár iontach ann, Gluais Maith Gluais Go Minic, agus an-chuid acmhainní ar fáil dó i mBéarla, ach fós braitheann na scoileanna nach bhfuil an t-ábhar ar fáil dóibh as Gaeilge. Sin corpoiliúint.

A Theachta, tá na ceisteanna sin thar a bheith tábhachtach, ach thugamar cuireadh don Roinn teacht os ár gcomhair inniu maidir leis na rudaí atá á dhéanamh laistigh den Roinn. Beidh an Roinn ag teacht os ár gcomhair arís maidir leis an polasaí oideachais agus beidh muid ag díriú isteach ar chaighdeán, múinteoirí agus na hábhair thromchúiseacha sin. Chun a bheith féaráilte, táimid ag iarradh fáil amach cad atá ar siúl ag an Roinn laistigh den Roinn.

Níl ach ceist amháin fágtha agam mar sin. Na hábhair éagsúla a bhíonn an Roinn ag foilsiú, na ciorcláin, na tuairiscí bliantúla agus mar sin de, an mbíonn an leagan Béarla foilsithe ag an am céanna leis an leagan Gaeilge agus an mbíonn na ciorcláin go léir a théann go dtí na scoileanna ar fáil go dátheangach?

Go raibh míle maith agat.

Mr. Gavan O'Leary

Gabhaim buíochas leis an Teachta agus leis an gCathaoirleach. Maidir leis na huimhreacha baill foirne agus an méid atá ar a gcumas, mar a dúirt mé i mo ráiteas oscailte, tá sé ar intinn againn suirbhé nua a dhéanamh mar imíonn daoine agus tagann daoine nua isteach go minic. Nuair a thagann daoine nua isteach sa Roinn, iarraimid orthu an bhfuil Gaeilge acu. Tá foirm agam, agus is féidir liom cóip a thabhairt don chléireach, chun a fháil amach an bhfuil Gaeilge acu, cén caighdeán atá acu agus an bhfuil siad sásta obair a dhéanamh nó plé le daoine trí mheán na Gaeilge. Leis an méid sin daoine tá sé deacair a bheith cinnte, mar bíonn daoine ag imeacht agus bíonn daoine amuigh ar career breaks agus gach rud mar sin, ach tá na figiúirí sin thart ar an méid céanna, agus níl líon rómhór tagtha ar chúrsaí ó 2017 go dtí an pointe seo. Déanann muid iarracht oiliúint a thabhairt dár mbaill foirne chun go mbeidís in ann obair a dhéanamh trí Ghaeilge agus go mbeadh feabhas á chur acu ar a gcuid Gaeilge, agus tá súil againn leis an suirbhé nua seo go mbeidh muid in ann a rá leis an gcomhchoiste go bhfuil méadú tagtha ar mhéid na daoine sa Roinn atá in ann obair a dhéanamh trí Ghaeilge.

Maidir leis an gceathrar a tháinig isteach againn ó Roinn eile, d'aistrigh duine amháin acu ó oifig eile sa Státseirbhís agus tá sé ag obair linne anois. Tá an triúr eile ar iasacht agus níl mé chun a thuilleadh a rá, mar ní bheadh mo chomhghleacaithe sna Ranna eile róshásta liom dá mbeadh a fhios acu go raibh plean agamsa a gcuid acmhainní a choimeád i mo Roinn. Bíonn cainteanna agus cruinnithe againn leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus i rith na gcruinnithe sin, léirítear gur gá dúinne baill foirne a fháil atá in ann labhairt as Gaeilge. Tá an t-éileamh sin curtha in iúl di, tá an t-eolas sin aici, agus ar a taobh deireann sí linn go ndéanann sí iarrachtaí daoine a earcú isteach sa Státseirbhís a bhfuil Gaeilge acu. Mar is eol do bhaill an chomhchoiste, tá sé de dhualgas orainne mar Roinn Stáit an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a úsáid maidir le cúrsaí earcaíochta. Sin mar a fhaighimid daoine nua isteach sa Roinn, tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Sin an córas trína dtagann siad isteach. D'fhiafraigh an Teachta orm maidir leis an rannóg tógala.

Sna figiúirí, luadh go raibh 1,264 ball foirne ann anois. An ardú é sin ó 2017, nó an líon céanna?

An figiúr a tugadh ná 1,332. Sin an fhoireann uilig.

Mr. Gavan O'Leary

Sin an fhoireann. Athraíonn sé sin an t-am ar fad mar tá daoine ag éirí as a bpoist inniu. Tá sé deacair a bheith cinnte, ach níl ardú rómhór tagtha ar an bhfigiúir sin. B'fhéidir go bhfuil sé beagán níos airde ná mar a bhí sé in 2017, ach níl sé go hiomlán difriúil. Is féidir linn na figiúirí a chuir chuig an gcléireach.

Bheadh an-suim agam mar táim ag iarraidh fáil amach an bhfuil an daonra sin ag fás agus líon na nGaeilgeoirí ag fanacht seasmhach, agus an bhfuil an bearna ag leathnú dá réir. Ba mhaith liom fáil amach cad é an fás atá ann.

Mr. Gavan O'Leary

Tuigim an cheist. Beidh mo chomhghleacaí, an tUasal Gordon, in ann níos mó eolas a thabhairt.

Mr. David Gordon

Just to clarify, we do issue a form to all new staff members who comes in asking about their qualifications. One of the questions is about their level of Irish, whether it is high, medium, or low, and if they would be prepared to provide a service in Irish. I just went back over the last 50 applications since 2017 and 15% said they had a high level, 40% a medium level, 37% a low level and 8% had none.

However, out of that number only six people were willing to provide services through Irish, four of whom were psychologists and two inspectors. None of the new administrative staff in that area was prepared to use Irish, even though they had Irish at varying levels from good to moderate to weak. These figures show that regardless of whether the number of Irish speakers increases or decreases, it is a question of whether people are willing to use the language. One of the difficulties is that people do not want to be pigeon-holed when they come into a Department. They do not want to be restricted to working in only one area. I am not saying that is correct, but that seems to be the position. That is just an example of the type of figures since 2017.

Mr. Gavan O'Leary

Chuir an Teachta ceist orm maidir le deis a bheith ag Gaelscoileanna a gcuid gnó a dhéanamh leis an rannóg tógála trí mheán na Gaeilge. Mar a luaigh an tUasal Gordon, uaireanta bíonn sé deacair dúinn ailtirí nó innealtóirí agus daoine mar sin a fháil a bhfuil sé ar a gcumas plé le scoileanna trí mheán na Gaeilge. Sin dúshlán dúinn. Cé go bhfuil deis ag scoileanna iarratais a chur isteach nó foirmeacha a líonadh isteach as Gaeilge agus cé go scríobhann an Roinn ar ais chucu as Gaeilge, mar a luaigh mé cheana, má tá siad ag iarraidh labhairt le hailtire atá ag déanamh oibre ar na foirngimh scoile atá acu, go minic ní bheadh Gaeilge líofa go leor ag an ailtire nó ag an innealtóir chun an rud go léir a fheidhmiú trí mheán na Gaeilge. Sin mar atá an scéal maidir leis an rannóg tógála. Mar a luaigh mé cheana, má chuireann duine glaoch gutháin ar an rannóg ag iarraidh labhairt le duine as Gaeilge, tá líne speisialta ann sa Roinn. Is féidir le duine sa rannóg glaoch a chur ar an líne sin agus beidh oifigeach ón Roinn in ann labhairt leis an nglaoiteoir as Gaeilge agus eolas a fháil agus a thabhairt ar ais dó nó di. Áfach, go minic ciallaíonn sé sin nach mbeidh an glaoiteoir ag labhairt leis an duine atá díreach freagrach as an bhfoirgneamh scoile faoi leith. Sin mar atá an scéal.

Maidir leis an scéim, mar a luaigh mé cheana, táimid ag déanamh dul chun cinn. Níl an obair ar an scéim nua déanta go fóill. Ní raibh mé sa phost seo nuair a bhíomar ag déanamh ár gcuid forbartha ar an scéim atá againn ó 2016 ach tá dul chun cinn á dhéanamh againn. Luaigh an Seanadóir Mullen cúrsaí ríomhaireachta. Tá dul chun cinn á dhéanamh ag na comhlachtaí a sholáthraíonn seirbhísí ríomhaireachta dúinn ar rudaí ar nós an síneadh fada a bheith ar ainmneacha daoine. Tá dul chun cinn á dhéanamh i leith rudaí mar sin. Táimid ag forbairt agus tá tógáil ar an scéim a bhí ann roimhe sin á dhéanamh againn ach, ag an am céanna, níl an scéim nua déanta againn go fóill. Táimid chun tosú ar an obair sin i mbliana. Beidh scéim nua againn roimh dheireadh na bliana.

An bhfuil aon samplaí den dul chun cinn a deineadh le cúpla bliain anuas ag an Uasal O'Leary? B'fhéidir nach bhfuil anois ach is féidir leis iad a sheoladh ar aghaidh chugainn. Bheadh suim agam cúpla sampla de spriocanna ar baineadh amach iad a fheiceáil.

Mr. Gavan O'Leary

Ceann amháin ná go bhfuil aonad nua oideachais Ghaeltachta bunaithe againn. Beidh Dr. Kirk in ann labhairt faoi sin. Freisin, nuair a dhéanfaimid an suirbhé seo, tá súil againn go mbeimid in ann a fheiceáil go bhfuil torthaí ag teacht ón méid oiliúna atá curtha ar fáil againn do bhaill foirne na Roinne agus go bhfuil níos mó den fhoireann in ann a gcuid ghnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus toilteanach an tseirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ach, mar a luaigh an tUasal Gordon cheana féin, tá fadhbanna faoi leith ag baint le heaspa muiníne i gcásanna agus le daoine nach bhfuil sásta athrú go Gaeilge agus labhairt leis an duine ar an taobh eile den líne nuair a fhaigheann siad glaoch gutháin.

Tá a fhios agam go raibh, mar a dúirt an Cathaoirleach, duine dár gcomhghleacaithe os comhair an choiste i mí Feabhra ag caint faoi chaighdeáin Gaeilge agus go raibh daoine ón Údarás um Ard-Oideachas, Coláiste Mhuire gán Smál agus coláistí eile ann freisin. Is iadsan na saineolaithe ar an gceist sin so fágfaidh mé leo í. B'fhéidir go mbeidh Dr. Kirk in ann labhairt leis an gcoiste faoi na háiseanna éagsúla agus faoi acmhainní do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus cur síos gearr a dhéanamh ar an obair a dhéanann COGG maidir le cúrsaí oideachais.

Dr. Treasa Kirk

Mar is eol do na baill, tá dul chun cinn déanta sa Roinn de bharr go bhfuil aonad um oideachas Gaeltachta bunaithe anois. Tá seirbhís ar fáil do na scoileanna Gaeltachta agus do na pobail Ghaeltachta. Feidhmíonn an t-aonad sin trí mheán na Gaeilge. Sin dul chun cinn.

Chomh maith leis sin, ardaíodh ceist faoi na hacmhainní Gaeilge atá ar fáil. Mar is eol do bhaill, tá an-dul chun cinn déanta ag COGG maidir le hacmhainní Gaeilge a chur ar fáil do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna. Le déanaí tá siad ag díriú isteach ar na luathbhlianta chomh maith. Foilsítear leabhrán gach bliain ina liostáiltear na háiseanna uilig atá ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá a lán áiseanna ann. Chomh maith leis sin, maidir leis an PDST agus na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil, tá an-chuid dul chun cinn déanta ag an PDST maidir le hacmhainní Gaeilge a chur ar fáil do bhunscoileanna agus d'iarbhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Cén aiseolas a lorgaíonn nó a fhaigheann an Roinn ó na scoileanna maidir leis na hábhair agus agus na háiseanna éagsúla a chuirtear ar fáil? Tá sé cloiste agam arís agus arís eile go bhfuil bearnaí ann. B'fhéidir go mbeadh an-chuid obair déanta ar ábhar nó curaclam faoi leith ar feadh tamaill agus ansin bheadh athrú agus bheadh rudaí fágtha. B'fhéidir go mbeidh rudaí breá chuig canúint amháin ach nach mbeidh na hábhair oiriúnach i gcomhair cánúintí eile. Tugadh, mar shampla, an clár coirpoideachais Gluais Maith, Gluais Go Minic. Tá sampla eile ann maidir le teagasc Críostaí. Tá deacracht ann le "Beo go Deo" agus "I nGrá Dé" agus deirtear go bhfuil na téarmaí agus an t-ábhar deacair agus trom. Braitheann daoine nach bhfuil sé oiriúnach don rang. Cén aiseolas a lorgaíonn nó a fhaigheann an Roinn maidir leo?

Dr. Treasa Kirk

Roimh fhoilsiú an pholasaí don oideachas Gaeltachta, rinneadh cás-staidéar ar 15 scoil Ghaeltachta. Mar chuid den cás-staidéar sin, luadh go raibh na fadhbanna ar luaigh an Teachta iad ann. Ó shin i leith, tá na moltaí sin tógtha san áireamh ag COGG. Tá an t-aiseolas sin a fhaigheann COGG ó na scoileanna ríthábhachtach. Bíonn sé ag spreagadh na scoileanna i gcónaí aiseolas mar sin a thabháirt dó. Chomh maith leis sin, tá forbairtí curaclaim an-mhór déanta sa chóras ó shin, mar shampla an curaclam teanga. Tá ábhar tacaíochta breise ar fáil ar shuíomh gréasáin An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

Tá an-chuid tacaíochtaí ar fáil ansin freisin. Tá pleananna ar bun chun clár Gaeilge a bhunú chun tacú leis na gnáthscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. I ndáiríre tá a lán acmhainní ar fáil do na scoileanna faoi láthair i gcomparáid le cúig bliana ó shin.

Is ceist thar a bheith tábachtach í seo. Ní hé sin an t-aiseolas atá faighte againn ar an talamh agus muid i mbun turais. Chun a bheith féaráilte, tá a fhios agam go bhfuil na hionadaithe os ár gcomhair ar chúis eile ach tá sé tábhachtach a rá go bhfuil múinteoirí ag rá linn nach ionann an scéal agus an scéal atá á insint anois. Beidh an Roinn ag teacht os ár gcomhair arís ar an bpolasaí go sonrach. B'fhéidir go mbeidh sé níos fearr na ceisteanna sin a fhágáil go dtí sin chun a bheith féaráilte. Tá sé tábhachtach.

Beidh ceisteanna agam ar an ábhar sin, go háirithe maidir leis an bhfoclaíocht a úsáidtear, nuair a dtiocfaimid chun déileáil leis. Sa mhéid a bhí le rá ag an Uasal O'Leary dúirt sé nach bhfuil an cumas le cigireachtaí a dhéanamh as Gaeilge ina riachtanas do phost mar chigire iarbhunscoile. An bhfuil fáth nach bhfuil an cumas sin mar riachtanas, toisc go bhfuil an oiread sin Gaelcholáistí ann anois? Nár cheart go mbeadh sé ina riachtanas do chigirí iarbhunscoile go mbeadh cumas Gaeilge áirithe acu? Ní gá go mbeadh sé ar a gcumas iniúchadh a dhéanamh trí Ghaeilge ach ba chóir go mbeadh siad in ann Gaeilge labhartha a thuiscint.

Luaigh an tUasal O'Leary go bhfuil caighdeán de shaghas ag siúd atá ag obair sa Roinn, na cigirí san áireamh. Luaigh an tUasal Gordon go bhfuil méid áirithe daoine ag teacht isteach sa Roinn a bhfuil caighdeán áirithe acu ach nach bhfuil sásta obair a dhéanamh nó seirbhísí a thabhairt as Gaeilge. Nílim ag rá nach fíor sin. Tuigim an míniú a thug an tUasal Gordon. Conas is féidir daoine a mhealladh chun na poist a ghlacadh? Conas is féidir iad atá laistigh den Roinn a bhfuil cumas éigin acu a mhealladh chun cur leis an gcumas sin ionas gur féidir leo na poist a líonadh? Má tá dream sa Roinn, mar a luadh cheana, a dtuigeann obair na Roinne, ní bheifí ag iarraidh iad a chailleadh, cosúil le na Ranna eile nach bhfuil ag iarraidh go gcoimeádfadh an Roinn Oideachais agus Scileanna na daoine atá sciobtha aici. Tá sé tábhachtach iad siúd atá sa Roinn cheana féin atá ar an eolas faoin mbealach ina n-oibríonn an Roinn a mhealladh chun cur lena gcumas Gaeilge. Sin ceann de na príomhfhadhbanna atá ann. Go minic bíonn cumas níos fearr ag daoine ná mar a shíleann siad. Uaireanta eile cuireann daoine ar a CV go bhfuil cumas níos fearr acu ná mar atá acu i ndáiríre agus, nuair a chuirtear sa phost iad, níl an cumas cuí acu chun déileáil leis an bpobal nó le ceisteanna beagáinín teicniúla i nGaeilge.

Tá buairt orm maidir leis an bhfigiúr a luaigh an tUasal O'Leary, an 1,332 atá ag obair sa Roinn. Is é an freagra ar an ochtú ceist sa cheistneoir ná go bhfuil 123 duine líofa sa Gaeilge agus toilteanach seirbhís a chur ar fáil. Sin níos lú ná 10% den Roinn ina hiomlán a bhfuil sásta seirbhís a sholáthar don phobal trí Ghaeilge. Aithním go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus déanta ach ní leis an Roinn amháin an fhadhb seo. Ó thaobh na Státseirbhíse de, tá sé scannalach nach bhfuil go leor muiníne ina leibhéal Gaeilge chun seirbhís a thabhairt as Gaeilge ach ag níos lú ná 10% den fhoireann. Fágfaidh mé ansin é.

Mr. Gavan O'Leary

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Ar dtús, maidir leis an gceist faoi chigirí iarbhunscoile, mar a dúirt mé, níl sé riachtanach ach tá sé ar chumas cuid de na cigirí feidhmiú trí Ghaeilge. Táimid in ann seirbhísí cigireachta trí Ghaeilge a chur ar fáil do na Gaelcholáistí agus do na meánscoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Ag an am céanna, nílimid in ann a rá go bhfuil na cigirí iarbhunscoile go léir in ann soláthar a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Maidir le conas daoine a mhealladh chun a gcuid Gaolainne a úsáid ná a fheabhsú, aontaím leis an Teachta. Is dúshlán é sin dúinn. Tugaimid deis do dhaoine dul ar chúrsaí agus déanann siad na cúrsaí sin ach, ag deireadh an lae nuair atá siad ar ais ag an mbinse nó ar an nguthán, bíonn easpa muiníne acu a gcuid Gaolainne a úsáid. Ó thaobh sin, tá daoine áirithe sa Roinn a bhfuil Gaeilge líofa acu. Tá ciorcal comhrá acu agus déanann siad iarracht a gcuid chomhghleacaithe a mhealladh chun a gcuid Gaolainne a úsáid agus chun muinín a bheith acu a bheith níos compórdaí é sin a dhéanamh. Aontaím leis an Teachta go hiomlán. Tá daoine ann a bhfuil Gaeilge níos fearr acu ná mar a thuigeann siad ná mar a bhfuil siad ag iarraidh a adhmháil dúinn. Ós rud é nach úsáideann siad í, titeann sí i léig agus éiríonn an fhadhb níos measa. Ní chuireann sé le féinmhuinín na ndaoine sin ar chor ar bith. Tá daoine ann nach bhfuil a nGaeilge á úsáid acu agus ansin deireann siad go ndearna siad í ar scoil ach tá sí caillte-----

Gabh mo leithscéal. Tá a fhios againn ó bheith ag caint le chuile Roinn go bhfuil easpa muiníne i gceist. Is é an rud atá tábhachtach dúinn ná cad atá á dhéanamh ag an Roinn. Tá na fadhbanna ar eolas againn. Aontaím leis an Uasal O'Leary maidir le heaspa muiníne agus chuile rud, ach cad atá ar siúl ag an Roinn? An bhfuil an fhadhb sin aitheanta ag an Roinn?

Tá sé aitheanta ach cad atá á dhéanamh faoi?

Cad atá á dhéanamh ag an Roinn ó thaobh na faidhbe sin?

Mr. Gavan O'Leary

Mar a luaigh mé cheana, tá traenáil agus oiliúint curtha ar fáil dár gcomhghleacaithe. Tá figiúirí agam maidir le líon na gcigirí atá tar éis----

Tá 69 cigire is gceist, nach bhfuil?

Mr. Gavan O'Leary

Tá an figiúr ag an gCathaoirleach cheana féin.

Tá sé ar leathanach 9 den cheistneoir.

Mr. Gavan O'Leary

Tá 69 tar éis traenáil a dhéanamh. Ó 2017 tá clár foghlama i gcumas sa Ghaeilge curtha ar fáil do chigirí. Is cuid sin den iarracht atá á déanamh againn. Tá a fhios againn go bhfuil Gaeilge ag na daoine seo agus go ndearna siad í sa scoil nó fiú san ollscoil. Tá sé i gceist í a athnuachan agus beagáinín traenála a chur orthu chun go mbeidís in ann í a úsáid agus chun go mbeadh an muinín sin acu chun í a úsáid, fiú muna bhfuil siad ag dul isteach i nGaelscoil. Go minic téann cigire isteach i scoil nach Gaelscoil í a mhúineann trí mheán an Bhéarla ach ina bhfuil an príomhoide nó na múinteoirí an-sásta labhairt le cigire trí mheán na Gaeilge agus a gcuid gnó a dhéanamh leis nó léi trí Ghaeilge, fiú má tá an chigireacht féin á stiúradh trí Bhéarla. Is dócha go bhfuil an ceart agam é sin a rá.

Sin ceann de na hiarrachtaí atá á ndéanamh againn. Mar a dúirt mé, sa tríú seisiún a bheidh á chur i láthair againn in 2019 beidh an bhéim ar chumas scríbhneoireachta chun go mbeidh cigirí in ann a gcuid tuairiscí a scríobh i nGaeilge agus chun go mbeidh siad ar fáil sa teanga. Faigheann Gaelscoileanna agus scoileanna sa Ghaeltacht a dtuairiscí as Gaeilge i láthair na huaire. Sin feidhm atá againn. Soláthraímid an tseirbhís sin. Tá súil againn níos mó cigirí a bheith againn a mbeidh in ann an obair sin a dhéanamh agus chun cigireachtaí a dhéanamh i nGaelscoileanna, i nGaelcholáistí agus i scoileanna sa Ghaeltacht. Sin an sórt oibre atá á dhéanamh againn.

Ní ionsaí ar an Roinn é seo in aon chor, ach táimid ag triail a fháil amach conas is féidir daoine a mhealladh chun an méid Gaeilge atá acu a úsáid agus chun cur leis. Is ceist í do gach cuid den Státseirbhís. Luaigh an tUasal O'Leary ciorcal comhrá. Ón méid a dúirt sé, sílim gurb iad siúd atá líofa atá sa chiorcal comhrá. Is ciorcal comhrá dóibh siúd nach bhfuil líofa atá ag teastáil chun cuidiú leis an muinín. An mbíonn comórtais canadh nó dánta as Gaeilge ag an Roinn? An mbíonn time in lieu i gceist dóibh siúd a théann ar chúrsaí nó go seiminéair nó an gá do dhaoine é sin a dhéanamh ina n-am féin? An bhfuil aon liúntas breise ag gabháil leis an nGaeilge? Measaim nach bhfuil. Bhíodh rudaí mar sin ann ach ní dtugtar liúntais bhreise do dhaoine a thuilleadh. Conas is féidir daoine a mhealladh seachas an obair a bheith mar ualach breise? Más féidir daoine a mhealladh b'fhéidir go dtiocfaidh daoine chun cinn. Caithfidh na daoine atá i gceannas eiseamlár a thabhairt. Is féidir an príomhfheidhmeannach nó an cléireach atá i gceannas ar rannóg áirithe a bheith mar eiseamlár má labhraíonn sé nó sí Gaeilge, má chuireann sé nó sí rudaí ar siúl do Sheachtain na Gaeilge, nó má eagraíonn sé nó sí lá gach mí ina mbeidh gach rud sa cheaintín as Gaeilge. Ceapann daoine gur gimmicks iad rudaí mar sin ach uaireanta oibríonn siad, go háirithe má tá na daoine céanna san oifig de shíor.

Mr. Gavan O'Leary

Tá comharthaí dátheangacha againn sa cheaintín sa Roinn agus rudaí mar sin ach is dúshlán é. Níl freagra simplí againn, ná agam, ar chonas daoine a mhealladh chun a gcuid Gaolainne a úsaid. Maidir leis an gciorcal comhrá, sin ceann de na samplaí atá agam. Tá daoine á mealladh isteach a bhfuil Gaeilge de shaghas nó beagáinín Gaeilge acu ach a bhfuil sásta í a úsáid. Ach tá an ceart ag an Teachta: go minic deireann daoine nach bhfuil siad líofa go leor dul isteach agus labhairt le daoine atá líofa. Is é an fhadhb nó an dúshlán atá againn ná iad a spreagadh triail a bhaint as agus a gcuid Gaolainne a úsáid. Fiú muna bhfuil siad in ann an comhrá iomlán a bheith acu as Gaeilge, caithfimid iad a spreagadh iarracht a dhéanamh agus dul i dteagmháil le comhghleacaithe eile atá sásta Gaeilge a úsáid agus a bheidh sásta cabhrú leo agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Níl freagra simplí agam don Teachta, ach tá iarrachtaí á ndéanamh agus táimid oscailte do bhearta a oibríonn i Ranna eile. Iarrfaidh mé ar Dr. Kirk cúpla focal a rá.

Dr. Treasa Kirk

Tá cúpla rud déanta ag an gcigireacht freisin. Bíonn scéim meantóireachta ar siúl do chigirí nua-ceaptha ina spreagann cigirí eile iad chun an Ghaeilge a úsáid. Tá sé sin ag obair go maith. Chomh maith leis sin, bíonn cúrsaí Gaeltachta eagraithe freisin chun daoine a spreagadh an Ghaeilge a úsáid agus chun leanúint ar aghaidh léi.

Beidh mé an-sciobtha mar caithfidh mé agallamh a dhéanamh ar Raidió na Gaeltachta faoi cheann-----

Níl a fhios agam go bhfuil tosaíochtaí an Teachta ceart but, ar aon nós, is féidir leis leanúint ar aghaidh.

Tá an tosaíocht cheart agam. Mar is eol don Chathaoirleach tá ceist mhór ann maidir le cearta daoine a n-ainm-----

Ba chóir don Teachta abair le Raidió na Gaeltachta go bhfuil cruinniú coiste ar siúl.

Déarfaidh mé é sin, ach tá ceist bhuncheart daoine an t-aon leagan amháin atá acu dá gcuid ainmneacha a úsáid á plé. Ba mhaith liom moladh a dhéanamh mar chreidim nach bhfuil an cur chuige atá ann go coitianta maidir leis an bhfadhb seo ag oibriú. Ní chreidim gur féidir Gaeilgeoirí fíorlíofa a dhéanamh de dhaoine nach bhfuil inniúil ar an nGaeilge go héasca ar chor ar bith. Muna bhfuil an córas oideachais tar éis Gaeilge foirfe a thabhairt do dhaoine, is beag seans go ndéanfaidh an Státseirbhís é. Ní shin jab na Státseirbhíse. Is é an rud atá feicthe agam ná go n-oibríonn sé nuair atá aonad ag obair go hiomlán trí Ghaeilge. Mar shampla, de réir mar a thuigim, feidhmíonn an fhoireann ar fad atá ag obair i gCOGG as Gaeilge. Is gnáth-theanga na hoifige í. Is í an Ghaeilge gnáth-theanga oifig an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i nGaillimh.

Is é an moladh a bheadh agamsa ná gur chóir breathnú ar an bplé is mó a bhíonn ag an Roinn le scoileanna. Tá líon na nGaelscoileanna agus na nGaelcholáistí ag méadú an t-am uilig. Ceapaim gur cheart don Roinn breathnú ar aonad a bhunú a dhéanfadh plé leo siúd go heisiach agus é a bhunú sna Forbacha i nGaillimh ar an láthair atá ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cheana féin. Is leis an OPW é ar aon chaoi. Dá mbeadh a leithéid ann, bheadh an tseirbhís ann láithreach bonn le cainteoirí dúchasacha Gaeilge sa gcuid is mó nó le daoine a bhfuil Gaeilge chomh maith acu gur ionann é agus an Ghaeilge atá ag cainteoir dúchasach.

Sháródh sin an fhadhb a dúirt na hionadaithe atá ann, is é sin go bhfuil faitíos ar dhaoine a rá go gcuirfidh siad seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge mar go gcuirfeadh isteach i mbosca iad mar "the person with the Irish". Má tá daoine mar sin ag obair in áit go bhfuil riar mhaith foirne ag obair trí Ghaeilge, bheadh an Ghaeilge an lingua franca agus ba é an duine nach mbeadh Gaeilge aige nó aici an eisceacht, fiú nach mbeidh a leithéid ceadaithe. Dá mba rud é go raibh an dá Roinn taobh le taobh, d'fhéadfadh daoine dul suas go barr an dréimire trasna ó Roinn go Roinn, anonn agus anall, agus taithí leathan a fháil. Is féidir é sin a dhéanamh taobh istigh den Státseirbhís ar aon chaoi. Bhí agus tá go leor samplaí de dhaoine a d'imigh ó Roinn go Roinn de réir agus a bhí siad ag dul in airde ar dhréimire na Státseirbhíse.

Mar sin, ba é an moladh a bheadh agam ná go mbreathnódh an Roinn ar an bplé is mó a bhíonn aici ó sheachtain go seachtain le Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí, agus le múinteoirí sna scoileanna sin freisin mar bíonn siadsan ag iarraidh plé leis an Roinn i nGaeilge. Má déantar suirbhe orthu siúd, gheofaí amach go bhfuil formhór acu ag plé leis an Roinn trí Bhéarla mar bhealach na héascaíochta. Dá mbunófaí aonad le freastal orthu siúd agus ar na riachtanais sin siar sna Forbacha, áit a bhfuil a macasamhail d'aonad ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta atá ag feidhmiú thar cionn agus a bhfuil duine ar leibhéal rúnaí cúnta ann mar stiúrthóir, bheifí ag teacht trasna ar go leor de na fadhbanna atá luaite ag na hionadaithe. Táim ag rá seo go dearfach. D'fhéadfaí é a dhéanamh. Ní raibh fadhb dá laghad ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ag an gCoimisinéir Teanga a thagann faoin Roinn seo ó thaobh chúrsaí foirne de, ná ag an údarás teacht ar dhaoine gur féidir leo oibriú go hiomlán is go huile trí Ghaeilge mar lingua franca. Fágfaidh mé mar sin. Is oth liom nach féidir liom fanacht don fhreagra. Ní fhanann Raidió na Gaeltachta do duine ná dia.

Nílim sásta leis sin, ach ar aon nós. Tá moladh déanta. Tiocfaidh muid ar ais air mar choiste. An bhfuil aon rud le rá ag an Roinn ó thaobh an mholadh sin?

Mr. Gavan O'Leary

Tá an t-aonad Gaeltachta againn agus déanann na daoine atá lonnaithe san aonad sin a gcuid gnó trí mheán na Gaeilge an t-am ar fad. Is féidir liom é sin a rá. Mar a luaigh mé cheana, ní raibh sé róshimplí daoine a fháil don aonad sin, cé go bhfuil sé i gceannáras na Roinne, i Sráid Maoilbhríde i mBaile Átha Cliath.

Cad é líon na foirne atá istigh san ionad sin?

Mr. Gavan O'Leary

Gabh mo leithscéal?

Cad é líon na foirne? Cé mhéad duine atá ann?

Mr. Gavan O'Leary

Is féidir leis an Dochtúir Kirk é sin a rá.

Dr. Treasa Kirk

Tá príomhoifigeach cúnta ann atá ag obair go páirtaimseartha, tá ard-oifigeach feidhmeannach agus oifigeach feidhmiúcháin freisin. Tá seisear cigirí ag obair ar bhonn páirtaimseartha chomh maith chun tacú leis an aonad. Is iadsan a bhíonn ag obair leis na scoileanna agus i mbun na gcuairteanna comhairleacha ar na scoileanna Gaeltachta.

Mr. Gavan O'Leary

Tá an Dochtúir Kirk i gceannas ar an Roinn.

Dr. Treasa Kirk

Ar an aonad. Cé go bhfuil mé sa gcigireacht, tá dhá hata orm, is dócha.

Bhí an tUasal Gordon ag iarraidh teacht isteach.

Mr. David Gordon

I thank the Chairman. Deputy Ó Snodaigh made a very valid point when he asked why we do not try to keep staff who speak Irish, and on the other point he made about CVs and the job. As somebody who deals with HR, I agree with him about the CVs. They come in glowing and when they are put in an area it does not quite work out. That has happened to me with Irish-speaking people as well. When I was looking for staff for the Gaeltacht unit, the level of Irish required, both written and oral, was quite high, and while candidates were still very good, they were not at that level, so I was trying to re-appoint them within the Department to other Irish areas. The problem with holding on to people who have Irish is that the system of recruitment and promotion within the Civil Service has changed quite a lot in the last seven or eight years. A lot of recruitment is through open competitions and if somebody comes in with Irish they will naturally apply for an open competition to the next grade and be appointed off an open competition to another Department that might have nothing to do with Irish, but is in the next grade. That is a difficulty for us. There is a suggestion maybe to make it an allowance-led system or something like that, but at the moment it is extremely difficult. We also have it in auditing, where people do auditing courses for two years and then they apply for promotion six or eight months later and are gone to another Department, so it is no different in other areas of the Department. It is a real conundrum for us to deal with in trying to hold on to staff.

I was asked about the promotion of Irish. The social club within the Department asked people a couple of weeks ago about getting fáinnes, which the club would order directly, and getting people to wear them in the Department. It is that suggestion that the Deputy was talking about that is happening on a much smaller scale within the Department.

The fáinne in itself can be very beneficial in terms of those who have a lower level of Irish.

Rachaimid ar ais go dtí an Ghaeilge más féidir.

Dóibh siúd atá leibhéal níos ísle acu go háirithe, nó fiú leibhéal níos airde. Is duine mé a bhíonn fáinne órga air, ach níl sé orm inniu mar tá sé ar mo chulaith éadaí eile. It immediately identifies the person as an Irish speaker, and one does not feel uncomfortable-----

Níor bhrí liom dul ar ais go dtí an Bhéarla. Tá sé deacair, tá a fhios agam, ach má leanann muid trí Bhéarla beidh coiste Béarla againn.

Tuigim. Bíonn daoine míchompordach uaireanta ag tosnú ag labhairt as Gaeilge le duine nach raibh ar aithne acu roimhe. Níor chóir go mbeadh sé mar sin, ach sin mar atá an saol. Nuair atá fáinne á chaitheamh ag duine, uaireanta tugann sé bealach do dhaoine, sa gcanteen nó ar an mbealach ó oifig amháin go dtí oifig eile, nó ag seminar nó rug éigin, labhairt le duine. Molaim d'aon chuid den Státseirbhís, ach do na finnéithe go h-áirithe, an fáinne a úsáid agus measaim go gcuideodh sé le muinín iad siúd a cheapann go bhfuil leibhéal níos ísle Gaeilge acu, nó, mar a luadh, daoine atá an Ghaeilge imithe i léig acu toisc nach n-úsáideann siad í ó cheann ceann na bliana. Tosóidh siad ag comhrá, agus b'fhéidir go dtabharfadh sé seo níos mó deiseanna dóibh an Ghaeilge atá acu a úsáid, agus cuideoidh sé sin. Nuair a chloiseann daoine an Ghaeilge á úsáid san áit oibre, cuireann sé leis an seasamh atá ag an teanga i Ranna difriúla.

Go raibh maith agat. Tá cúpla ceist agam ó thaobh na seirbhíse comhlachta. Tá litir agam anseo ó bhean, agus níl mé ag iarraidh díriú isteach ar rud pearsanta, ach pointe ginearálta a dhéanamh. De réir mo thuisceana, níl a dhóthain síceolaithe le Gaeilge ar fáil agus níl siad in ann daoine a mheasúnú i nGaeilge. An bhfuil sé sin ceart, nó an bhfuil sé mícheart?

Gabhaim buíochas as ucht an ráitis tosaigh. Tá sé dearfach agus tá rudaí dearfacha ann. Tiocfaidh muid ar ais ag an bpolasaí oideachais lá éigin eile, mar tá muid ag taistil timpeall na tíre chuig chuile Ghaeltacht, agus tá a lán fadhbanna ar an talamh. Tá rudaí dearfacha ann, ach tá fadhbanna ann ag an am céanna ó thaobh téacsleabhair, mar shampla, mar a dúirt an Teachta Ó Muimhneacháin. Tiocfaidh mé ar ais ag an bpointe sin, agus b'fhéidir go bhfuil forum in áit éigin chun aisfhreagra a chur ó na daoine ar an talamh go dtí an Roinn. Sin do lá éigin eile.

Tá foireann mhór ag an Roinn, le breis agus 1,300 duine ag obair ann, agus céatadán beag bídeach ag labhairt trí Ghaeilge. Tá fadhb, nó dúshlán, ansin, nach bhfuil? Sin an fáth a bhfuil scéimeanna teanga ann, ach tá a fhios againn go bhfuil siad teipthe go huile agus go hiomlán. Tá córas nua le teacht isteach, agus rinneadh tagairt dó sin. Cad atá foghlamtha ag an Roinn ón tseanscéim? Ba chóir go mbeadh a fhios ag an Roinn cad atá foghlamtha, cad iad na bearnaí, cad atá le déanamh agus na buntáistí a bheidh ann ó thaobh an chórais nua atá ag teacht isteach.

Cé mhéad den fhoireann atá i mbun cúrsaí a dhéanamh trí Ghaeilge faoi láthair? Cad iad na rudaí dearfacha atá sa Roinn chun iad a mhealladh chun tuilleadh cúrsaí a dhéanamh? Cén céatadán den fhoireann atá ag déanamh cúrsaí trí Ghaeilge, agus cad iad na spriocanna? Tá na ceisteanna seo curtha cheana, ach níl mé sásta leis na freagraí. Is féidir tosú leis an tseirbhís síceolaíochta. Go raibh míle maith agat.

Mr. Gavan O'Leary

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh. Maidir leis an tseirbhís shíceolaíoch, an figiúr a tugadh domsa ná go bhfuil 27 duine as 183 in ann Gaeilge a labhairt. Is féidir liom teacht ar ais ag an gcoiste de réir an tseirbhís síceolaíochta a bheadh ar fáil do Ghaelscoil nó do scoil i nGaeltacht. B'fhéidir go bhfuil bearna áirithe ann.

An bhfuil an bhearna sin aitheanta ag an Roinn? Sin mo cheist. Ag an bpointe seo, cad iad na bearnaí atá aitheanta ag an Roinn ó thaobh seirbhíse de?

Mr. Gavan O'Leary

Caithfimid teacht ar ais ag an gcoiste maidir leis an tseirbhís síceolaíochta. Níl mé in ann a rá go deimhneach cá bhfuil bearnaí ag an tseirbhís, ach tiocfaidh muid ar ais leis sin. Má tá sampla is féidir linn dul i dteagmháil faoi.

Ní sin an bealach atá agam díriú isteach. Tá litir faighte agam a léiríonn go bhfuil fadhbanna ann, agus tá an freagracht ar an Roinn a rá linne an bhfuil bearnaí nó nach bhfuil. Má tá bearnaí ann, cad é an réiteach?

Dr. Treasa Kirk

Is féidir liom rud éigin a rá faoi na cigirí iarbhunscoile, agus an bearna atá ann ansin. Tá sé i gceist go mbeidh marcanna breise ag dul chun daoine a spreagadh chun teacht isteach sa seirbhís ag an iarbhunleibhéal, de bharr go bhfuil an bearna sin ann. Tá sé aitheanta ag an gcigireacht go gcaithfear díriú isteach ar sin.

Tá bearna aitheanta ag leibhéal na mbunscoileanna.

Dr. Treasa Kirk

Tá sé aitheanta ar leibhéal na n-iarbhunscoileanna. Ag leibhéal na mbunscoileanna, tá an-chuid dul chun cinn déanta de bharr go bhfuil an-chuid bhéime ar fad ar oiliúint a thabhairt do gach uile chigire. Tá sé riachtanach go gcaithfidh gach uile chigire freastal ar chúrsaí Gaeilge.

Tá sin soiléir. Cad iad na bearnaí atá ann ag leibhéal na n-iarbhunscoile? Cé mhéad cigirí a bhfuil sé ar a gcumas a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge?

Mr. Gavan O'Leary

An bhfuil an Cathaoirleach ag caint faoi chúrsaí iarbhunscoile?

Dr. Treasa Kirk

Tá ceathrar cigirí don Ghaeilge atá ar a gcumas acu tuairiscí a scríobh trí mheán na Gaeilge. Ansin tá cigirí eile atá ar a gcumas a bheith ina gcigirí tacaíochta chun cabhrú leis na cigirí atá i mbun tuairisc a scríobh. Tá tuairim is deichniúir nó níos mó cigirí den shaghas sin.

As cé mhéad?

Dr. Treasa Kirk

Cé mhéad cigirí atá againn in iomlán?

Cé mhéad cigirí don iarbhunscoil?

Dr. Treasa Kirk

Tá 57 cigire againn ag an iarbhunleibhéal.

An féidir nóta a sheoladh chugainn maidir leis na bearnaí atá aitheanta ag an Roinn agus ar na réitigh orthu? Tá sé sin simplí go leor, nach bhfuil?

Mr. David Gordon

On the psychologists, the Cathaoirleach asked a question about the letter. One of the difficulties they have is that the international tests they use are only available in English. While they might speak to the individual in Irish, the test can only be done in English. That is a problem in some Gaeltacht areas. Did the Cathaoirleach's letter say that somebody could not get service in Irish?

Sea. Níl mé ag iarraidh díriú isteach ar litir amháin. Táim ag iarraidh a fháil amach ó na hionadaithe cad iad na bearnaí atá aitheanta ag an Roinn ó thaobh seirbhís síceolaíochta do na scoileanna. Cad iad na bearnaí ansin? Cén fáth nach bhfuil siad aistrithe?

Dr. Treasa Kirk

Tá bearna faoi leith ann a bhaineann le trialacha diagnóiseacha a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá sé sin aitheanta. Tá a fhios ag an tseirbhís síceolaíochta go bhfuil gá lena leithéid a chur ar fáil. Chomh maith leis sin, tá géarghá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an triail chaighdeánach de réir mar a bhaineann sé leis an nGaeilge. Tá sé sin aitheanta agus is faoin bhforas taighde um oideachas díriú isteach air sin.

Tiocfaidh mé ar ais. Bhí an Teachta Ó Muimhneacháin ag iarraidh teacht isteach.

Bhí ceist agam maidir le foilsiú preasráiteas, leabhráin éagsúla agus na ciorclán a sheoltar chuig na scoileanna agus na ETBs. An féidir leis an tUasal O'Leary cinntiú go mbíonn an leagan Gaolainne agus leagan Béarla foilsithe ag an am céanna?

Mr. Gavan O'Leary

De ghnáth cuirtear na rudaí sin amach ag an am céanna. Uaireanta, nuair atá práinn ag baint le rud éigin, bíonn moill ar an leagan Gaeilge a chur suas ar an suíomh Idirlín ach, de ghnáth, déanaimid ár ndícheall na rudaí a luaigh an Teachta, an tuairisc bhliantiúil agus rudaí mar sin, a aistriú sula bhfoilsítear iad. Bíonn siad go léir curtha ar an suíomh Idirlín ag an am céanna. D'fhoilsigh an dá leagan den ráiteas straitéise le chéile. Tá siad ar an taobh eile den leathanach ar an gceistneoir. Tháinig an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla amach ag an am céanna.

Tá roinnt leabhrán atá dátheangach agus foilsítear iad ag an am céanna. Tá roinnt ábhar eile a chuirtear amach i mBéarla ar dtús agus ansin foilsítear leagan Gaeilge.

Mr. Gavan O'Leary

Dá mba rud é go bhfuil práinn ag baint le preasráiteas, mar shampla, cuirtear an leagan Béarla amach ar dtús agus bíonn moill ar an leagan Gaeilge a fhad agus atá aistriúchán á dhéanamh air. Déanaimid ár ndícheall iad a chur amach go dátheangach. An í sin an cheist a bhí ag an Teachta?

Sea. Tá sé anseo ar an ráiteas go bhfoilseoidh an Roinn na hábhair éagsúla as Gaolainn agus as Béarla. Theastaigh uaim a chinntiú go bhfoilsítear iad ag an am céanna. Foilsítear cuid acu ag an am céanna agus-----

Mr. Gavan O'Leary

De ghnáth foilsítear iad ag an am céanna ach ní fhoilsítear iad go léir ag an am céanna an t-am ar fad. Déanaimid iarrachtaí é sin a dhéanamh.

An bhfaigheann Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta na ciorcláin a sheoltar ag an am céanna leis na scoileanna eile?

Dr. Treasa Kirk

Faigheann na scoileanna Gaeltachta uilig iad ag an am céanna i gcónaí.

Agus céard faoi na Gaelscoileanna?

Dr. Treasa Kirk

Arís, chomh fada agus is féidir, déantar sin do na Gaelscoileanna freisin.

Mr. Gavan O'Leary

Má tá doiciméad aistrithe le haghaidh na scoileanna sa Ghaeltacht beidh sé ar fáil do na Gaelscoileanna ag an am céanna.

Bíonn sé ar fáil do gach scoil ag an am céanna.

Mr. Gavan O'Leary

Sin fíor do na bunscoileanna. Nílim róchinnte faoi chiorcláin a bhaineann le hiarbhunscoileanna. B'fhéidir nach mbeidh siad ar fáil i nGaeilge ag an am céanna. Dá mba rud é go bhfuil baint acu le scoileanna sa Ghaeltacht, beidh siad ar fáil as Gaeilge.

Táim saghas measctha. Faigheann bunscoileanna na ciorcláin go léir ag an am céanna ach b'fhéidir go mbeidh bearna idir foilsiú an leagan Béarla agus foilsiú an leagan Gaeilge ar an leibhéal iarbhunscoile.

Dr. Treasa Kirk

Faigheann scoileanna Gaeltachta, idir bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna, gach rud ag an am céanna i gcónaí. Ní féidir a bheith 100% cinnte go bhfaigheann na hiarbhunscoileanna, na Gaelcholáistí, iad díreach ag an am céanna. Uaireanta bíonn moill de bharr aistriúcháin.

Baineann an mhoill sin leis an Roinn seachas leis an ETB nó pé áit eile a théann an ciorclán.

Mr. Gavan O'Leary

Más sinne atá á scaipeadh, is orainn atá an fhreagracht an ciorclán a dhréachtú agus a chur amach.

An bhfuil ag Roinn ag súil go dtiocfadh ciorclán faoi leith i bhfeidhm i ngach scoil ag an am céanna nó an bhfuil cead i leith moille á thabhairt do na háiteanna nár cuireadh an ciorclán ar fáil dóibh ag an am céanna?

Mr. Gavan O'Leary

De ghnáth tagann na ciorcláin amach agus bíonn dáta ann ar a dtagann siad i bhfeidhm. Bíonn am ag na scoileanna iad féin a réiteach. Nílimid ag caint faoi mhoill de sheachtain nó aon rud mar sin. Tógann sé beagáinín ama chun aistriúchán a dhéanamh.

Má tá spriocdháta ar na ciorclán ar a dtagann siad i bhfeidhm, an bhfuil sé ina dhiaidh an dáta ar a seoltar amach iad?

Dr. Treasa Kirk

Go hiondúil foilsítear imlitreacha san earrach. Bíonn siad ar fáil san earrach don chéad bliain scoile eile. Bíonn réamhfhógra-----

Má tá tréimhse ama idir an ciorclán a scaoileadh chuig an scoil agus a theacht i bhfeidhm, cén fáth go bhrostaítear an leagan Béarla amach ó am go ham? Cén fáth nach scaoileann an Roinn iad 100% go léir cinnte ag an am céanna más rud é nach mbeidh siad ag teacht i bhfeidhm roimh spriocdháta amach ó sheoladh amach iad?

Mr. Gavan O'Leary

De ghnáth téann siad amach ag an am céanna ach, mar a dúirt mé, níl muid in ann a rá go mbeidís go léir ag teacht amach ag an am céanna gach uile uair. Is é an gnáthrud a dhéanaimid ná iad a chur amach as Gaeilge agus as Béarla ag an am céanna agus an dá leagan a chur ar an suíomh Idirlín ag an am céanna. Bheadh an t-eolas ag na scoileanna go léir ag an am céanna maidir le cad atá á rá againn i gciorclán a bhaineann le scoileanna.

Baineann mo cheist dheireanach le cúrsaí oiliúna agus an céatadán den fhoireann atá i mbun cúrsaí a dhéanamh.

Mr. Gavan O'Leary

Cén céatadán den fhoireann atá ar chúrsaí Gaeilge nó atá ag obair-----

Atá i mbun cúrsaí Gaeilge a dhéanamh faoi láthair. An bhfuil níos mó daoine ag iarraidh cúrsaí a dhéanamh, agus an bhfuil an Roinn ag éascú an chórais ionas go mbeidh níos mó den fhoireann ag foghlaim na Gaeilge?

Mar shampla, bhí mé sa Bhruiséal le déanaí leis an gcoiste seo, agus nuair a earcaíonn siad daoine ansin le cúpla teanga acu, tá gá ar an duine teanga breise a fhoghlaim, ach tugann an córas sa Bhruiséal chuile thacaíocht don duine an teanga breise a fhoghlaim. Táim ag smaoineamh air sin, agus tá sé íorónta go leor, mar beidh níos mó Gaeilge sa Bhruiséal ná mar a bheidh sa tír seo má leanann muid ar aghaidh an chaoi a bhfuileamar ag dul. Ceist bhunúsach ná cad iad na tacaíochtaí atá ar fáil don fhoireann, nó fiú díobhse atá anseo, mar shampla, chun an Ghaeilge a úsáid? Cad atá ar siúl ag an Roinn, mar eiseamláir do na Ranna eile? Sin mo cheist deireanach.

Mr. Gavan O'Leary

Ó na figiúirí atá anseo, a Chathaoirligh, in 2016-2017 bhí beirt ag leanúint ar dhioplóma nó céim a bhaint amach as Gaeilge. Bhí naonúr in 2017 ón gcigireacht a chuaigh ar chúrsa Gaeltachta, agus bhí 20 de na cigirí ó na coláistí Gaeilge freisin a rinne cúrsa ar feadh lá amháin. Bhí 60 go ginearálta, mar a luaigh an Dochtúir Kirk níos luaithe, ar chúrsa Gaeilge ar feadh lá amháin, agus ón taobh riaracháin bhí beirt a chuaigh ar chúrsa cónaithe ar feadh trí lá. Rinne 34 cúrsaí le Gaelchultúr ón taobh riaracháin. In 2018 bhí 25 ar an gcúrsa do chigirí do choláiste Gaeilge, 60 arís ar an gcúrsa Gaeilge do na cigirí go ginearálta, beirt ag leanúint ar aghaidh leis an dioplóma nó leis an gcéim sa Ghaeilge agus bhí 18 ag freastal ar chúrsa le Gaelchultúr. I mbliana, in 2018-2019, bhí an beirt chéanna ag leanúint leis an dioplóma agus ón taobh riaracháin de tá thart ar 60 ag déanamh cúrsaí Gaeilge.

Mr. Gavan O'Leary

Sea, thart ar 60.

Gabh mo leithscéal, tá mé ar ais arís.

Ceist anois.

Sea, ceist. Ní choinneoidh mé sibh. Bhí mé trí nóiméad istigh go dtí seo. De réir mar a thuigim, luadh go bhfuil aonad lán-Ghaeilge de shaghas éigin taobh istigh den Roinn taobh amuigh den Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. An mbeadh an ceart agam gur aonad é sin a bhaineann le cigireacht amháin, agus ní le gnáthriaracháin na scoileanna ar fad?

Dr. Treasa Kirk

Gabh mo leithscéal, a Theachta, ní thuigim an cheist.

An bhfuil aonad faoi leith a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge i mBaile Átha Cliath taobh amuigh de COGG?

Dr. Treasa Kirk

Tá mise i mo chónaí i gcathair na Gaillimhe, cé go bhfuil an t-aonad agus an fhoireann riaracháin lonnaithe i mBaile Átha Cliath. De bharr sin, chun obair a dhéanamh le chéile, mar bíonn an t-uafás le déanamh, is i mBaile Átha Cliath a dhéantar cuid mhaith den obair. Uaireanta bím ag feidhmiú ó Ghaillimh.

Tá ceist agam. An mbaineann sé seo le cigireacht scoile amháin?

Dr. Treasa Kirk

Ní bhaineann.

Céard leis a bhaineann sé?

Dr. Treasa Kirk

Is aonad é atá lonnaithe sa Roinn Oideachais and Scileanna.

Sea, agus céard iad freagrachtaí an aonaid?

Dr. Treasa Kirk

Tá mise ag feidhmiú mar cheannasaí ar an aonad agus tá foireann riaracháin faoi mo chúramsa freisin. Tá grúpa cigirí-----

Mr. Gavan O'Leary

Tá an Teachta ag fiafraí an bhfuil baint ag an obair ar fad leis an gcigireacht, no an mbaineann sé le cúrsaí níos leithne.

Dr. Treasa Kirk

Tá siad i bhfad níos leithne ná an chigireacht.

Mar shampla, an bhféadfadh an Dochtúir Kirk eolas a chuir chuig an choiste faoi na freagrachtaí atá ar an aonad seo? Má ghlaonn scoil le ceist éigin a bhaineann le ciorclán a chuirtear amach, nó maidir le rolla na scoile agus mar sin de, an leis an aonad seo a dhéanann siad plé?

Dr. Treasa Kirk

Is leis an aonad a dhéantar an plé. Tá gach píosa eolais a bhaineann leis an aonad ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne. Tá leathanach ar leith ag an aonad ansin.

Céard a thugtar air go hoifigiúil? Cén t-ainm atá ar an aonad?

Dr. Treasa Kirk

An t-aonad um oideachas Gaeltachta.

Sea, ach ní bhaineann sé sin ach le hoideachas Gaeltachta.

Dr. Treasa Kirk

Baineann sé le hoideachas Gaeltachta ach----

Tá bunáit ag na scoileanna lán-Ghaeilge-----

Cuir an cheist.

Gabh mo leithscéal. Is é an t-aonad um oideachas Gaeltachta atá ann, ach tá bunáit ag na scoileanna lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.

Dr. Treasa Kirk

Níl aon chúram againne maidir leis na scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Baineann an t-aonad um oideachas Gaeltachta le cur i bhfeidhm an polasaí don oideachas Gaeltachta go huile agus go hiomlán.

Do na scoileanna lán-Ghaeilge ar fad i mBaile Átha Cliath, má ghlaonn siad ar an Roinn, ag déanamh gnáth-obair an lae, beidh orthu go praicticiúil déileáil leis an Roinn i mBéarla.

Dr. Treasa Kirk

Níl aon bhaint go díreach againne leis na scoileanna sin.

Níl mé ag caint faoin Dochtúir Kirk go pearsanta, táim ag caint faoin Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn ar fad. Má ghlaonn Gaelscoil ar an Roinn, beidh orthu go praiticiúil a ghnó a dhéanamh trí Bhéarla. Sin a chloisim. Tá cúpla ceist anseo. Cén fáth nach bhfuil an t-aonad um oideachas Gaeltachta bunaithe sa Ghaeltacht? Tá an Roinn Cultúr, Oidhreachta agus Gaeltachta bunaithe sa Ghaeltacht.

Dr. Treasa Kirk

Sin ceist chasta, mar níl oifig ag an Roinn sa Ghaeltacht.

An rud atá mé ag rá ná go bhfuil dalladh spás ag an Roinn Cultúr, Oidhreachta agus Gaeltachta sna Forbacha, dá gcuirfí tuairisc. Is féidir a rá go mbaineann an spás sin le Roinn eile ach, mar shampla, nuair a bunaíodh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, fuair sí oifigí ón Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil thíos i mBéal an Átha. Ní raibh orthu corraí. Tá daoine ag cruthú deacrachtaí áit nach bhfuil deacrachtaí ann. Tá spás ann, tá láthair ann, tá foireann ar fáil agus bheadh sé sa Ghaeltacht le freastal ar an nGaeltacht. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh an Ghaeltacht freastal ar chuile Ghaelscoil sa tír, dá mbeadh an t-aonad ann agus dá tabharfaí na cúramaí ó thaobh riarú na scoileanna dóibh.

Tá an cheist sin curtha. Is pointe maith é.

Pointe praiticiúil go bfhéadfaí déileáil le.

Tá sé curtha agus tá freagraí tugtha.

Tá mé ag ceapadh nár thuig na finnéithe an cheist.

Thuig siad. An rud a thuigeann mise ón gceist, an dara ceist a chuir an Teachta ná, taobh amuigh den aonad faoi leith atá ag déileáil le scoileanna sa Ghaeltacht, cad mar gheall ar na scoileanna eile taobh amuigh den Ghaeltacht? Nuair a chuireann siad glaoch ar an Roinn, cé air atá an fhreagracht, nó cé atá Gaeilge acu chun déileáil leo?

Sin ceist a haon, agus ó thaobh ceist uimhir a dó, bhí mé ag míniú cén fáth nach nglacaim leis an bhfreagra nach bhféadfaí an t-aonad Gaeltachta a bhunú sa Ghaeltacht.

Gabh mo leithscéal a Theachta, tá an cheist sin curtha agat roimh dul amach agus arís anois.

Ní dúirt mé tada faoin aonad Gaeltachta.

Is féidir an dara ceist sin a chur, maidir le na scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht ó thaobh na Roinne de.

Mr. Gavan O'Leary

Tá líne faoi leith againn do dhaoine atá ag iarraidh a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus is féidir le daoine glaoch a chuir ar an líne sin chun go mbeidís in ann labhairt le duine den fhoireann a bheadh in ann plé leo agus labhairt leo as Gaeilge.

Cé mhéad duine atá fostaithe leis an líne sin a fhreagairt?

Mr. Gavan O'Leary

Tá ceathrar i láthair na huaire agus téann an glaoch chucu ar an líne sin.

Bíonn cásanna ann uaireanta nuair nach mbíonn an t-eolas ábhartha ag ceann de na ceathrar sin. Is féidir leo labhairt le hoifigeach i rannóg eile den Roinn agus an t-eolas a fháil más rud é nach bhfuil siad in ann an cheist a fhreagairt. Más ceist an-chasta í, tá sé níos fearr dúinn dá gcuirfeadh an duine i ríomhphost nó litir í chun go mbeadh na fíricí go léir againn agus chun go mbeadh muid in ann déileáil leis. Ag an am céanna, má tá duine ag iarraidh labhairt le duine ar an nguthán, tá ná hoifigigh sin ann chun an líne sin a fhreagairt agus chun déileáil le daoine.

Níl mé ag iarraidh a bheith diúltach faoi seo ach ceapaim go bhfuil chuile cheann de na réitigh seo a bhfuil daoine tar éis teacht aníos leo místuama. Má tá deifir ar dhaoine ní bhadrálfaidh siad leis an dul timpeall seo ar fad. Beidh siad ag iarraidh labhairt leis an duine a bhfuil an comhad aige nó aici. Déanfar é sin. Is é an difríocht idir é sin agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ná má ghlaonn duine ar an gcuid den Roinn sin atá ag plé leis an nGaeltacht, seachas cultúr agus oidhreacht, siar sna Forbacha is í an teanga a úsáideann an fhoireann ar fad ná Gaeilge. Tá sé níos éasca gnó a dhéanamh trí Ghaeilge ná trí Bhéarla. Tá éascaíocht déanta. Ar an mbealach a luaigh an tUasal O'Leary, tá sé i bhfad níos deacra gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Mar sin ní bhadrálfaidh daoine leis. Ansin beidh an Roinn ag rá nach bhfuil aon éileamh ar na seirbhísí trí Ghaeilge. Sin an fáth go bhfuil mé an-láidir faoi seo agus nach dtuigim cén fáth nach bhfuil aonad bunaithe in áit ar nós na bhForbacha, áit in a bhfuil foirgnimh ar fáil, a bheadh ag plé le Gaelscoileanna agus le scoileanna Gaeltachta araon maidir le gnáthrudaí ó lá go lá. Nílim ag rá nach mbeadh rudaí áirithe ann go gcaithfear dul ag speisialtóir a bheadh níos airde agus nach mbeadh Gaeilge aige nó aici, ach bheadh aonad mar sin in ann déileáil le gnáthrudaí riaracháin ó lá go lá. Dá mbeadh a leithéid ann, d'fhéadfadh daoine a bheith cinnte dearfach gurb í an Ghaeilge an teanga a bheadh in úsáid mar theanga laethúil na hoifige sin. Oibreoidh sé sa Ghaeltacht; ní oibríonn aon réiteach eile.

Sin moladh is féidir linn a phlé. Is ceist pholasaí don Rialtas í. Ní dóigh liom gur ar na hionadaithe atá freagracht na ceiste sin. Maidir leis an bhfadhb eile ó thaobh seirbhís a bheith ar fáil do dhaoine ag cur glaonna ar an Roinn, ligfidh mé don Roinn teacht ar réiteach air sin.

Gabhaim míle buíochas leis na hionadaithe. Tá sé cabhrach dúinn. Níl muid ag iarraidh a bheith diúltach. Táimid ag iarraidh a fháil amach cá bhfuil muid ó thaobh na Gaeilge de. Bhí alt in The Irish Times inné faoi léacht a thug an tOllamh Ó Giollagáin. Níl a fhios agam an bhfuil sé léite ag na hionadaithe ach is fiú é a léamh ó thaobh chomh leochaileach is atá an Ghaeilge sa Ghaeltacht. Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna mar eiseamláir. Tá a fhios agam go bhfuil a lán rudaí maithe déanta, go háirithe ó thaobh an pholasaí oideachais, ach tá ceisteanna faoin bpolasaí sin freisin. Tiocfaidh muid ar ais go dtí an phointe sin. I ndeireadh na dála, is é an bealach is fearr chun dul chun cinn a dhéanamh ná daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a úsáid agus chuile thacaíocht a thabhairt don fhoireann. Sin croílár na faidhbe i gach Roinn i ndáiríre - daoine a mhealladh agus deiseanna agus tácaíocht a thabhairt do dhaoine Gaeilge a fhoghlaim agus a úsáid. Gan sin ní bheidh aon dul chun cinn agus beidh daoine ag cur glaonna ar an Roinn agus ní bheidh daoine in ann iad a fhreagairt. Sin mo thuairim. Gabhaim míle buíochas le Dr. Kirk, an tUasal David Gordon, Gavan O'Leary, Christine Tiernan, Siobhán Cullen agus Aoife Mitchell.

Mr. Gavan O'Leary

Gabhaimid buíochas leis an gCathaoirleach agus le baill an chomhchoiste.

Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ag 5.55 p.m. agus cuireadh ar athló é ar 6.20 p.m. go dtí 4 p.m. Dé Máirt, 21 Bealtaine 2019.
Top
Share