Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán debate -
Tuesday, 2 Jul 2019

Pobal Gaeilge i mBaile Munna: Plé

Dia daoibh don bhuíon uile. Is é an t-ábhar atá faoi chaibidil inniu ná pobal Gaeilge i mBaile Munna. Táimid ag tnúth maidir leis an gcur i láthair ónár n-aíonna atá anseo ina leith sin.

Ba mhaith liom cúpla ní a lua. Níl aon leithscéalta faighte againn. Caithfidh mé ráiteas maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh a léamh ionas go mbeidh ár n-aíonna cúramach ó thaobh a bhfocal. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh nó líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina hainm nó ina ainm, nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfidh siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Cuirim céad míle fáilte roimh ár n-aíonna. Níl aithne phearsanta agam orthu, mar sin léifidh mé liosta a n-ainmneacha: an tUasal Diarmuid Mac Giolla Ruaidh, cathaoirleach; an tUasal Michael McCabe, leas-chathaoirleach; an tUasal Éamonn de Barra, rúnaí; an tUasal Proinsias Ó Conghaile, leas-rúnaí; an tUasal Fergus Breathnach, cisteoir; an tUasal Martin Matthews, leas-chisteoir; an tUasal Maureen Matthews, tuismitheoir ar an gcoiste; agus iad go léir i láthair linn mar ionadaithe ó choiste Ghaelcholáiste Bhaile Munna. Leanfaimid ar aghaidh trí Ghaeilge, agus má tá deacracht ar bith acu tá na cluasáin ann. Tá beirt chainteoir i gceist, nach bhfuil?

Mr. Diarmuid Mac Giolla Ruaidh

Tá, mé féin agus an rúnaí, an tUasal de Barra.

Tá eolas tugtha ag na haíonna dár gcoiste roimh ré agus é sin ag na baill uile faoi seo.

Mr. Diarmuid Mac Giolla Ruaidh

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis caint leis an gcoiste inniu agus go háirithe leis an gCathaoirleach féin. Cé gur coiste muid atá taobh thiar den fheachtas chun Gaelcholáiste nua dara leibhéal a bhaint amach i mBaile Munna chun leanúint ar aghaidh ón dá bhunscoil Ghaeilge atá againn, táimid chun caint anseo inniu faoin bpobal Gaeilge i mBaile Munna, stair an phobail sin agus na haidhmeanna atá againn é sin a leathnú amach anseo. Luafaimid an feachtas don Ghaelcholáiste mar chuid den scéal iomlán sin.

Nuair a bunaíodh ár Stát, ba í tuairim na mbunaitheoirí go raibh damáiste déanta dár gcultúr agus dár dteanga tar éis 700 bliain de réimeas na Sasanach agus dúradh ag an am go ndéanfaí an Ghaeilge mar ábhar éigeantach sa chóras oideachais. Bhí sé sin go maith ionas nach ndéanfadh daoine dearmad ar an nGaeilge ach ní raibh aon Ghaeilge ag neart daoine timpeall na tíre ar fad. Níor chothaigh foghlaim na Gaeilge mar ábhar aon ghrá i leith na Gaeilge do dhaoine sa tír seo. Is díol bróin go gcaitheann gach uile dhuine 14 bliana ag foghlaim na Gaeilge agus is annamh a mbíonn caighdeán Gaeilge maith go leor ag aon duine dóibh chun comhrá simplí, fiú amháin, a dhéanamh.

Nuair a leanaimid ar aghaidh go dtí na 1970í, tháinig coiste beag de thuismitheoirí i mBaile Munna le chéile ansin. Dúirt siad gur maoin shaibhir mhór í an Ghaeilge don tír seo agus cén fáth nach bhféadfaidís an mhaoin seo a thabhairt dár bpáistí i gceantar mar Bhaile Munna, do cheantar den lucht oibre. Bhí an chuid is mó de na daoine ann dífhostaithe ann ag an am. Feachtas fíorfhada a bhí ann. Thóg sé breis is deich mbliana chun an aidhm sin a bhaint amach le bunú Scoil an tSeachtar Laoch, an chéad bhunscoil Ghaeilge a bunaíodh sa tír ar fad lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta. As sin tháinig borradh ar an líon Gaelscoileanna a osclaíodh mórthimpeall na tíre. Laistigh de chúpla bliain bhí Scoil an tSeachtar Laoch lán agus bhí ar an scoil páistí nua a dhiúltú. Thosaigh m'athair agus roinnt de na baill atá againn ar an gcoiste anois feachtas chun Gaelscoil nua a bhunú. D'éirigh leo Gaelscoil Bhaile Munna a bhunú sna 1990í. Le roinnt blianta anuas tá an dá scoil ag fás agus ag dul ó neart go neart agus tá siad beagnach lán le páistí i láthair na huaire.

Thángamar as deich mbliana de bhochtanas na tíre agus tá airgead ag an Rialtas anois arís ach tá fadhb mhór tithíochta ag daoine ár dtíre. Dá bharr, tá an Rialtas ag cur brú ar na comhairlí contae agus cathrach chun tabhairt faoi thógáil an t-am ar fad. Laistigh i mBaile Munna amháin, i gceann cúig bliana beidh 4,000 teach nua ann agus ní chuirtear san áireamh ansin ceantar Fhine Gall atá san áit chéanna freisin.

Tá sé soiléir go mbeidh gá géar ann do scoil dara leibhéal eile i mBaile Munna, mar níl ann ach ceann faoi láthair, agus tá súil againn gur Gaelscoil a bheidh sa scoil nua seo.

Tá grianghraf de phríomhbhóthar Bhaile Munna sa leabhrán atá tugtha againn don choiste, inár bhféidir suíomh Scoil an tSeachtar Laoch a fheiceáil. Tá foirgneamh eile ann gur leis an mBord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath, CDETB, é atá súil againn a úsáid don Ghaelcholáiste nua dara leibhéal. Is féidir an club CLG Chumann Báire Setanta, a dhéanann chuile rud trí Ghaeilge, a fheiceáil ann freisin. Is ionad cultúrtha é an club sin chomh maith. Bíonn bannaí ceoil traidisiúnta agus ceolfhoireann iomlán clasaiceach ann, agus ritheann siad ceardlann freisin ina ndéanann na ceoltóirí a gcuid uirlisí féin. Sin an t-aon cheolfhoireann ar an domhan a dhéanann é sin. In aice an club tá foirgneamh beag ina bhfuil an leabharlann suite faoi láthair. Tá scéal ag dul thart go mbeidh an leabharlann sin ag bogadh go ceantar eile, agus tá súil againn, in am, go mbeidh an foirgneamh sin ina chultúrlann chomh maith. Trasna an bhóthair uaidh sin, tá amharclann an Axis, áit a dtugann stiúrthóir na hamharclainne lánthacaíocht don Ghaeilge trí dhrámaíocht as Gaeilge a chur ar fáil. Tá Gaelscoil Bhaile Munna suite síos an bóthar ó sin, agus tá Glór na nGael Bhaile Munna ann chomh maith, eagrais atá mise mar chathaoirleach air anois. Bhunaigh m’athair, Anton, é sin sna 1990í in éineacht leis an Uasal Breathnach, agus tugtar traenáil ann do dhéagóirí ar scéimeanna fostaíochta pobail, CE. Tá naíonra agus club iarscoile lonnaithe ann, agus tá naíonra eile i Scoil an tSeachtar Laoch chomh maith.

Thar 40 bliain, d’fhás comhluadar na Gaeilge i mBaile Munna ó ghrúpa beag deichniúr, a thosaigh leis an smaoineamh an bhféadfadh siad an Ghaeilge a thabhairt dá bpáistí. Faoi láthair, tá dhá naíonra i mBaile Munna ina bhfaigheann páistí a gcuid píosa Gaeilge gach lá, agus dhá bhunscoil inár bhféidir leo a gcuid oideachais trí Ghaeilge a thosú, suas go dtí rang a sé. Is féidir le páistí drámaíocht Gaeilge a dhéanamh san Axis, agus spórt agus ceol a dhéanamh trí Ghaeilge sa chlub Setanta, agus tá trí chéim Fiontar i DCU gur féidir a dhéanamh trí Ghaeilge. Mar sin, an t-aon phíosa den jigsaw atá in easnamh ná Gaelcholáiste iarbhunscoile, agus sin an feachtas atá ar siúl againn faoi láthair.

Tá an t-ádh orainn go bhfuil foirgneamh an CDETB ann cheana féin. Bhí Gaelscoil Bhaile Munna suite ann suas go mí an Mheithimh i mbliana, agus é ag feitheamh ar fhoirgneamh buan a bheith críochnaithe. Críochnaíodh an foirgneamh nua sin agus bhog an Ghaelscoil amach as i mí an Mheithimh. Mar sin, tá foirgneamh folamh ann agus tá an CDETB lán taobh thiar dúinn. Tá an CDETB ar tí cás a chur le chéile faoi láthair chun buiséad múinteoireachta a fhiafraí ar an Roinn Oideachas agus Scileanna. Ní buiséad mór atá i gceist mar go bhfuil an foirgneamh ann agus é réidh le haghaidh páistí dul isteach ann cheana féin.

Fuair muid freagra iontach ó thuismitheoirí sa cheantar ó thaobh Ghaelcholáiste de. Cuireadh ainmneacha 70 páiste síos don bhliain seo, 69 don bhliain seo chugainn, agus figiúirí mar sin ag dul ar aghaidh do na blianta amach romhainn. Chomh maith leis sin, má fhaighimid an scoil seo, agus má tharlaíonn sé i mbliana mar atá súil againn, tá gealltanas tugtha ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ina phlean áitiúil go n-oibreoidh sé leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun stádas Gaeltacht áitiúil a bhaint amach i mBaile Munna. Sin an píosa deireanach atá le baint amach, agus ní bheadh aon deireadh le forbairt an comhluadar ansin. Leanfaidh an tUasal de Barra ar aghaidh ag labhairt faoi sin as seo amach. Go raibh míle maith agaibh.

Bíonn drochscéalta os ár gcomhair i gcónaí sa choiste seo, ach seo scéal dearfach maidir leis an nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, agus is deas an rud é sin a chloisteáil. Go raibh maith agat.

Mr. Éamonn de Barra

Go raibh maith agaibh. Tá an Ghaeilge faoi bhláth i mBaile Munna le 40 bhliain anuas, agus éiríonn rudaí sa cheantar le gach uile thionscnamh nua agus eagraíocht nua Gaeilge a thógtar. Ba mhaith linn íomhá an cheantair a athrú in ionas go bhfuil an oiread rudaí dearfacha ag tarlú sa cheantar nach dtuairiscítear iad. Mar a lua an tUasal Mac Giolla Ruaidh, tá ceolfhoirne clasaiceach agus traidisiúnta, ceardlann uirlisí, feachtais, Radharc Ceilteach san amharclann, agus mar sin de ar siúl sa cheantar. Ba mhaith linn go n-aithneofar Baile Munna mar líonra Gaeilge, agus ciallaíonn sé sin go gcaithfimid stádas faoi leith a lorg a thabharfadh deis do Bhaile Munna an Ghaeilge a shuiteáil ar mheán buan, i gcomhpháirtíocht le Foras na Gaeilge, an Roinn, agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Bhí mé i dteagmháil le déanaí le Owen Keegan, ceannasaí an chomhairle, le Dr. Aodhán Mac Cormaic, agus leis an Aire Stáit, Teachta Kyne, agus is léir go bhfuil tacaíocht an-láidir ann chun úsáid na Gaeilge a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile trí scéimeanna tacaíochta, ról speisialta a thabhairt d'oifigí forbartha, agus scoláireachtaí freastal ar thréimhsí sa Ghaeltacht a chur ar fáil, mar shampla.

Is í an teanga ár gcultúr, a thugann daonnacht dúinn. Tugann an Ghaeilge guth na tíre dúinn, dár sinsear, agus dár páistí. Má bhíonn muid róchiúin ina taobh, teipfidh orainn ár gcás a thabhairt agus a áitiú. Níor bhuaigh éinne aon rud riamh gan ádh ná troid. Má bhraithimid ar ádh chun an teanga a shuiteáil, bheadh seo chomh maith dúinn an lotto a dhéanamh, ag súil go dtiocfadh athrú ar an scéal. Ní scéal gairid atá i gceist leis seo, ach fís leathan. Le 40 bliain anuas, tá trí chéim leanta againn i mBaile Munna. Ar ndóigh, ní raibh mé féin ann 40 bliain ó shin, ach bhí an tUasal Breathnach agus an tUasal Ó Conghaile i mbun na forbartha. An chéad chéim a tógadh ná Scoil an tSeachtar Laoch a bhunú, agus gach ní a tháinig as sin. An dara céim ná an Ghaeilge a shuiteáil níos mó trí na heagraíochtaí éagsúla agus an dara bunscoil a bhunú. An tríú céim ná freastal a dhéanamh ar leanaí na haoise seo, na daoine óga atá sé de cheart acu leanúint lena gcuid meánscolaíochta i mBaile Munna é féin, agus freastal ar an éileamh suntasach atá ann don Ghaeilge sa cheantar trí Ghaelcholáiste i mBaile Munna, ionad cultúrtha, agus stádas breac-Ghaeltachta nó líonra Gaeilge a lorg. Táimid an-dáiríre faoi seo, agus tá súil againn gur féidir leis an gcoiste a bheith mar thacadóirí dúinn, dár bpáistí agus don tír, agus go mbeimid in ann a thaispeáint do dhaoine, más féidir é a dhéanamh i mBaile Munna mar atá déanta go dtí seo, gur féidir é a dhéanamh in aon áit leis an dul chun cinn agus an croí ceart. Go raibh míle maith agaibh.

An bhfuil ceisteanna ag éinne? Glaoim ar an Teachta Ó Snodaigh.

Go raibh maith agaibh. Mar is gnáth, caithfidh na Gaeilgeoirí troid chun na cearta atá uathu a fháil, agus is léir go bhfuil an meon ceart ag na finnéithe sa cheantar sin. Is cuimhin liom nuair a tháinig Scoil an tSeachtar Laoch ar an saol fadó, cé go raibh mé an-óg ag an am. Tháinig fás agus borradh dá bharr, agus rinne tuismitheoirí agus scoileanna eile timpeall na cathrach iontas conas sampla na scoile sin a athchruthú. Is léir go bhfuil sé athchruthaithe arís agus arís eile ag na finnéithe, agus sin ceann de na fáthanna gur fhiafraigh an coiste dóibh teacht os ár gcomhair. Conas ar éirigh leo? Cad is féidir linn moladh do dhaoine eile, agus cad iad na constaicí atá ann go fóill? I mo cheantar féin, nuair a mholaim coláiste lán-Ghaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath 10 nó 12, ardaítear scoileanna Educate Together láithreach, mar gheall ar an tús áite a fhaigheann siadsan san iomaíocht do spásanna nó do cheadúnais ón Roinn Oideachas agus Scileanna. Ofráiltear bunscoil amháin i gceantar, agus go minic caithfidh Gaelscoileanna agus grúpaí tuismitheoirí dul in iomaíocht le dream atá i bhfad níos saibhre agus níos eagraithe ná iad. Is léir go bhfuil na finnéithe eagraithe, de réir na slí ina bhfuil siad tar éis cur chuige anseo.

Cad iad na chéad chéimeanna eile? Cad is gá a dhéanamh chun go mbeidh an Gaelcholáiste san fhoirgneamh sin i Meán Fómhair na bliana seo nó an bhliain seo chugainn?

Luadh go mbeadh 60 dalta ag teacht amach ó na bunscoileanna, ní amháin i mBaile Munna ach i bhFionnghlas chomh maith. Glacaim leis go mbeidh a lán daoine eile ag dul ann freisin. An bhfuil spás sna bunscoileanna chun leathnú chomh maith? Tá sé tábhachtach a bheith ag cur leo amach anseo.

Chuaigh mo dheirfiúr chéile chuig Scoil Chaitríona, in aice le Baile Munna, blianta fada ó shin. Ní scoil measctha a bhí ansin ach scoil do chailíní amháin.

Mr. Diarmuid Mac Giolla Ruaidh

Tá an dá scoil ann anois.

Ní raibh siad ann ag an am.

Mr. Diarmuid Mac Giolla Ruaidh

D’fhiafraigh an Teachta orainn faoi na constaicí inár bhfeachtas agus lua sé go bhfuil grúpaí ag lorg Gaelscoileanna in áiteanna eile. D’aithin muid an fhadhb sin go luath, agus is rud brónach é nach cásanna speisialta iad Gaelscoileanna, de bharr an maoin a thugann siad don tír ar fad, d’fhás Éireannaí, agus do spiorad na Gaeilge sa domhan. Faoi láthair, cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna fógra amach go bhfuil siad ag smaoineamh ar scoil nua a bhunú sa cheantar. Tá cead ag aon ghrúpa cur isteach air seo, agus tá lucht Educate Together an-mhaith ag teacht le chéile. Is féidir leo daoine a fháil ó Loch Garman, nó ó Chill Mhantáin, a déarfaidh leis an Roinn go gcuirfidh siad a gcuid páistí sa scoil sin má osclaíonn sé, agus mar sin, bíonn líon i bhfad níos mó daoine i bhfabhar scoil nua Educate Together ná is féidir le grúpa beag ag lorg Gaelscoil a fháil. Dá mbreathnódh daoine ar stair ghluaiseacht na nGaelscoileanna sa tír seo, d'fheicfidís go n-osclaíonn siad beag ach forbraíonn agus fásann siad an-tapa. Tá fíor-ádh orainne go bhfuil an CDETB mar phairtnéir againn, agus go mbeidh sé mar phátrún ar an scoil. Is féidir cás láidir a dhéanamh don Roinn Oideachais agus Scileanna ós rud é gur lamháladh an foirgneamh. Nílimid ag iarraidh ar an Roinn foirgneamh nua a thógáil ar na mílte nó milliúin euro, ach buiséad beag a thabhairt dúinn, agus beidh Gaelcholáiste nua i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ansin. Ní raibh aon fhadhbanna againn suas go dtí seo.

Rud eile a chosnóidh an tionscnamh ná go n-osclóimid mar aonad. Cé gur an ETB is mó sa tír é an CDETB, is é an t-aon ETB nach bhfuil Gaelscoil amháin aige, agus d'úsáid muid an pointe sin chun an cás a dhéanamh leis. Dúirt muid leis gur áit iontach é seo chun tosú agus seans nach mbeadh ann ach an chéad cheann de a lán Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí faoi chúram an CDETB. Ghlac sé leis sin agus bhí an bord, na hoifigí, agus na feidhmeannaí taobh thiar de. De bharr go dtosóidh muid mar aonad de scoil eile ETB, agus gur aithin siad an scoil Margaret Aylward sa Chúlóg a bheadh an t-aonad bainte leis, tá sé cosanta go mbeidh an t-aonad ag oscailt. Tá plean forbartha againn, mar a dúirt an tUasal de Barra, agus beimid ag tosú go luath. Is dócha go dtosóimid le rang amháin de chúigear dalta agus é sin a leathnú bliain i ndiaidh bliana, ar feadh sé bliana. Ina dhiaidh sin, b’fhéidir go ndéanfaimid dhá rang. Ag pointe éigin le linn na tréimhse sin, beimid ag athrú ó aonad go scoil neamhspleách. Ceapaim go bhfuil a lán ciall ag baint leis an treo seo. Má oibríonn sé, beidh comhluadar agus pobail eile mórthimpeall na tíre in ann feiceáil gur slí mhaith é seo chun tosú.

Bhí mé ag caint le príomhoide ar Ghaelscoil i Sligeach, a thosaigh mar aonad. Bhí siad ag lorg scoil a bheadh bainteach leo, agus chuir siad amach tender do scoil a bheadh sásta a bheith ina aonad. Tháinig mná rialta acu ó Mercy College, scoil cailíní, agus dúirt siad go raibh cúpla rang folamh acu, agus go bhféadfaidís tosú ansin. Bhí sé sin iontach, agus thosaigh siad go luath le buiséad, cé nach raibh acu ach múinteoir amháin chun roinnt de na hábhair a mhúineadh trí Ghaeilge, agus bhí ar na daltaí suí isteach ar ábhair mar Fhraincis nó Spáinnis sa scoil eile. Taobh istigh de bhliain, bhí siad tar éis fás chomh mór go raibh cúig mhúinteoir acu. Is foirmle é seo a bheadh an-úsáideach do chomhluadair eile atá ag smaoineamh ar Ghaelscoil a thosú.

Beidh an stádas Gaeltacht áitiúil ina phíosa ollmhór, ag tóraíocht-----

Sin stádas an líonra.

Mr. Éamonn de Barra

Líonra Gaeilge a thugtar air. Níl sé ar an bhfód go hiomlán go fóill, ach tá Cluain Dolcáin agus Inis ainmnithe mar áiteanna a d'fhéadfaí a úsáid mar shaghas pilot programme.

An bhfuil sé sin faoin straitéis 20 bliain?

Mr. Éamonn de Barra

Tá sé faoin straitéis 20 bliain, le Foras na Gaeilge. Bhí mé ag labhairt leis an Aire Stáit, an Teachta Seán Kyne, le déanaí ina thaobh seo. Ar ndóigh, beidh deacrachtaí ann, mar má thagann Foras na Gaeilge isteach chun tacaíocht a thabhairt don phlean seo, an gcúlódh an chomhairle cathrach siar ó thaobh na freagrachtaí atá aige ó thaobh oifigí Gaeilge agus mar sin de? Cé a bheadh i bhfeighil ar chúrsaí? Tá sé sin fós á oibriú amach, ach tá an próiseas tosaithe acu.

D'fhiafraigh an Teachta an mbeadh spás ann, mar gheall ar an 60 dalta agus Scoil Chaitríona, ar eagla go mbeadh deacrachtaí ann. Nuair a thosaigh Scoil an tSeachtar Laoch, bhí éileamh ollmhór ar áiteanna agus bhí sé lán go doras. Ansin, bheartaigh daoine san áit gur gá an dara bunscoil a oscailt, agus bhí Scoil an tSeachtar Laoch sásta faoi sin ar aon chor. Nuair a d’oscail Gaelscoil Bhaile Munna, chuaigh sé ó neart go neart agus anois tá sé sin lán go doras freisin. An aidhm atá againn ar fad anseo ná an Ghaeilge a chur chun cinn, agus teastaíonn uainn freastal ar na leanaí i mBaile Munna chun nach mbeidh orthu an áit a fhágáil. Tá dhá bhunscoil ann, ach fós is gá dóibh an áit a fhágáil chun freastail ar mheánscoil. Níl sé sin féaráilte. Ba chóir go mbeadh cead acu Gaelcholáiste a bheith acu, mar tá sé de cheart acu. Dá mbeadh Aldi nó Lidl ag oscailt i mBaile Munna, an mbeadh an SuperValu thíos i nGlas Naíon in ann a rá nach féidir é a oscailt mar go bhfuil ollmhargadh i nGlas Naíon? Ní féidir é sin a dhéanamh. Tá muid ag freastal ar na daoine i mBaile Munna.

An aidhm atá againn ar fad ná an Ghaeilge a chur chun cinn. An t-aon slí é sin a dhéanamh ná í a fhorbairt agus an t-aon slí í a fhorbairt ná Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí eile a thógáil. Caithfimid pobal nua Gaeilge a thógáil agus teacht le chéile. Is é an chomhpháirtíocht an rud is tábhachtaí. Níor cheart dúinn a bheith ag troid lena chéile, mar is rud scannalach é sin. Caithfimid oibriú le chéile ar son na Gaeilge chun go n-éireoidh léi, ach má bhíonn muid ag troid go hinmheánach lena chéile, ní éireoidh leis an nGaeilge, agus teipfidh ar chúrsaí.

Tá uimhreacha faighte againn don mhéid daltaí gur mhaith leo freastal ar an scoil, agus níl aon bhaint acu leis na Gaelscoileanna i mBaile Munna. Ní hiad na tuismitheoirí as na Gaelscoileanna atá i gceist, ach daoine eile atá spéis acu ann, mar go dtuigeann siad an dearfacht. Bhunaigh an tUasal Breathnach agus an tUasal Ó Conghaile CLG Chumann Báire Setanta, Scoil an tSeachtar Laoch, Gaelscoil Bhaile Munna, agus Radharc Ceilteach. Mar sin, tuigeann daoine go bhfuil an cuntas tomhaiste ag na daoine ar an gcoiste.

Is dearfach aon rud a dhéanann siad. B'shin an fáth gur tháinig mise ar bord. Chonaic mé ar an gcéad lá an dearfacht a thagann as na rudaí sin.

Níl mé ag iarraidh cur isteach ar an Uasal de Barra beag ná mór ach tá a lán ceisteanna le teacht. Táim ag iarraidh anois díriú isteach ar na ceisteanna. Beidh neart ama againn dul ar ais agus rudaí a phlé. Is dóigh liom go bhfuil ceisteanna an Teachta freagartha. An bhfuil an Teachta Ó Snodaigh sásta?

Is é an Teachta Ellis an chéad chainteoir eile.

Gabhaim buíochas leis an Uasal Mac Giolla Ruaidh agus leis an Uasal de Barra mar gheall ar an-----

Gabh mo leithscéal ach táim ag iarraidh go mbeidh na ceisteanna curtha agus na freagraí tugtha. Ansin feicfimid cé mhéad am atá fágtha.

Déanfaidh mé mo sheacht ndícheall mo cheisteanna a chur ar na finnéithe. In ainneoin gach rud a chloistear faoi Bhaile Munna, tá a lán rudaí maithe ar siúl ann. Tá Gaeilge den scoth timpeall an bhaile agus tá dhá Ghaelscoil ann freisin. I mo thuairim, tá gá le Gaelcholáiste dara leibhéal i mBaile Munna. Beidh sé feiliúnach don áit aonad Ghaeilge a chur chun cinn in aice le Scoil an tSeachtar Laoch, laistigh d'ionad an education and training board, agus i Setanta CLG. Tá an méid daoine atá ag lorg oideachais trí Ghaeilge ag fás. Tá Gaelscoil Uí Earcáin ag fáil foirgneamh neamhbhuan anois chun freastal ar dhaltaí breise. Tá scoil nua ag Gaelscoil Bhaile Munna agus tá líon na ndaltaí a théann ann ag fás.

Tá daonra Bhaile Munna ag fás. Ag an nóiméad tá 20,000 duine i mBaile Munna. Fásfaidh an figiúr sin go 30,000 de bharr rudaí atá ar siúl timpeall na háite. Tá a lán foirgneamh nua á dtógáil. Tá a lán rudaí ar siúl in aice leis an M50. Tá an daonra ag fás. I gceann cúpla bliain beidh daonra an-mhór gar don scoil sin.

An bhfuil na figiúirí maith go leor? Chualamar na figiúirí mar gheall ar an gcéad bhliain. An bhfuil an coiste ábalta múinteoirí agus daltaí a fháil? An míneoidh na finnéithe an rud sin? Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag tacú leis an scoil. Chuir mé an moladh sin mar gheall ar Ghaelscoil Bhaile Munna sa local area plan, LAP. Anois táimid ag lorg Gaelscoil dara leibhéal. Aontaím leis an rud sin. An bhfuil muid cinnte go bhfuil an City of Dublin Education and Training Board, CDETB, ag tabhairt lántacaíocht don rud seo agus go bhfuil sé ábalta na seomraí ranga a sholáthar le haghaidh na scéime seo?

Mr. Diarmuid Mac Giolla Ruaidh

Freagróidh mé an cúpla ceist a chuir an Teachta Ellis. I dtosach, maidir leis an bhfás daonra, tá foirmle ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Bhí mé ag caint le hoifigeach pleanála i gComhairle Contae Fhine Gall. De réir na foirmle, leis an méid tithe nua a thógálfar idir Sord agus Baile Munna i gceantar Fhine Gall, díreach mórthimpeall Bhaile Munna i gceantar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus laistigh de limistéar LAP Bhaile Munna féin, beidh gá le sé bhunscoil nua agus trí scoil dara leibhéal nua sa cúig bliana nó deich mbliana atá romhainn. Leanfaimid ar aghaidh leis an bhfeachtas chun cur le fás an phobail Gaeilge i mBaile Munna. Má bhainimid amach an chéim mhór, Gaelcholáiste a chur chun cinn, agus an chéim eile, stádas Gaeltachta a bhaint amach i lár Bhaile Munna, tá sé intuigthe go mbeidh ar a laghad ceann nó dhó de na bunscoileanna nua sin ina nGaelscoileanna. De bharr an fhoirgnimh bhuain nua a fuair Gaelscoil Bhaile Munna, tá spás le páistí eile a thógáil isteach le tamall beag eile. Nuair a thiocfaidh an fás daonra atá le teacht ina iomláine, ní bheidh spás ag an dá scoil agus beidh siad ag diúltú páistí. In ionad a bheith ag feitheamh i gcomhair an cháis sin agus ansin a bheith ag rá go bhfuil tuismitheoirí ann a theastaíonn uathu a gcuid páistí a sheoladh chuig Gaelscoil nuair nach bhfuil spás sna Gaelscoileanna i gcomhair páistí nua, ba chóir dúinn feachtas a thosú i gcomhair scoil nua. Tá sé níos fearr smaoineamh faoi sin ag an bpointe seo agus a aithint, toisc go mbeidh an fás sin ar an daonra sna cúig bliana atá romhainn, gur chóir dúinn a bheith ag breathnú ar chúrsaí mar sin.

D'fhiafraigh an Teachta an bhfuil an CDETB ag tacú linn i ndáiríre. Thosaigh muid ag caint le baill den bhord agus bhí siad an-tógtha leis an moladh, go háirithe nuair a dúirt muid nach bhfuil Gaelscoil ná Gaelcholáiste amháin faoina chúram agus gur rud náireach é sin toisc gur an ETB is mó sa tír é. D'inis muid leis go bhféadfadh sé tosú linn. Dúirt an bord agus an cathaoirleach go raibh siad 100% taobh thiar den mholadh ag an bpointe sin. Tríd an mbord thosaigh muid ag forbairt gaolta leis na hoifigigh agus leis an CEO. Bhí a lán cruinnithe an-dearfach againn leo. Cheap an bord stiúrthóir scoileanna nua. Rinne an fear sin tomhais ar an bhfoirgneamh. Fuair sé innealtóir chun figiúirí a chur le chéile i gcomhair buiséid le haghaidh Wi-Fi, troscáin, agus múinteoirí. Roghnaíodh scoil Margaret Aylward mar an scoil lena mbeidh an t-aonad bainte. Bhí príomhoide na scoile sin 100% taobh thiar den smaoineamh. Beidh an scoil ag oscailt an bhliain seo chugainn, buíochas le Dia.

Mr. Éamonn de Barra

D'fhiafraigh an Teachta an bhfuil na figiúirí maith go leor. Tá. Tá figiúirí ar leathanach 4 dár n-aighneacht ó thaobh na síntiúis atá faighte againn ó thuismitheoirí gur mhaith leo a bpáistí a chur chuig na scoile. Tá sé deacair do na tuismitheoirí féin a bheith cinnte faoi 2023, 2024 agus ar aghaidh ach fós féin tá síntiús déanta ag roinnt acu. De réir na bhfigiúirí sin tá 52 dalta sínithe suas do 2022 ach tá níos mó faighte againn ón uair a cuireadh i gcló an rud sin. D'iarr an CDETB orainn graf a chur le chéile a léireodh na ceantair as a dtagann na síntiúis. Clúdaíonn an fhoirmle a úsáideann Educate Together síntiúis ó éinne sa tír. Dar ndóigh, is féidir cás an-láidir a chothú sa bhealach sin. Tagann 140 as an 267 síntiús ó dhaoine i mBaile Átha Cliath 11 amháin. Is iad na daoine sa cheantar áitiúil atá i gceist. Is rud tábhachtach don CDETB go mbeadh daoine áitiúla a bheadh bainteach leis an bpobal agus gníomhach ann sa scoil. Tá na huimhreacha ann, chun an cheist sin a fhreagairt. Ó thaobh an CDETB, mar a dúirt an tUasal Mac Giolla Ruaidh, tá innealtóirí amuigh faoi láthair ag déanamh tomhais ar an áit.

Thug mé tús áite don Teachta Ellis seachas do Sheanadóir O'Reilly. Bhí an locht orm. Gabh mo leithscéal.

Déanaim comhghairdeas leis an gcoiste. Is iontach an scéal é. Mar a dúirt an Cathaoirleach níos luaithe, tá sé an-dearfach i gcomparáid lena lán scéalta a chloistear anseo. Tá sé iontach. Déanaim comhghairdeas arís. Is cosúil go bhfuil na finnéithe ag tabhairt ceannaireacht mhaith don phobal go léir agus go bhfuil a lán rudaí ag tarlú.

Dar ndóigh, tá siad ag tabhairt dea-shampla sa cheantar. Tá sé thar a bheith maith go bhfuil naíonra lán-Ghaelach ann agus, chomh maith leis sin, dhá bhunscoil. Is scéal faoi leith é sin. I dtuairim na bhfinnéithe, cén fáth nach bhfuil eagraíocht den chineál atá acu i ngach baile sa tír? Cad é an rud faoi leith atá acu i mBaile Munna nach bhfuil ann timpeall na tíre? Tá dea-rudaí ag tarlú timpeall na tíre ach níl rud chomh cuimsitheach leis seo ann. Táim lándáiríre faoin gceist sin. Cén spreagadh atá ann i gceantar Bhaile Munna nach bhfuil ann go ginearálta? An bhfuil comhairle ag an gcoiste d'áiteanna eile maidir le conas gluaiseacht mar sin a chur ar bun? An bhfuil ciorcal cainte nó ciorcal comhrá ann sa cheantar? An dtagann daoine le chéile i gcomhair rudaí cultúrtha ar nós a bheith ag caint le céile, damhsaí, agus ócáidí oidhreachta? An bhfuil saol sóisialta ag baint leis an nGaeilge sa cheantar? Is cosúil go bhfuil ach beidh sé spéisiúil cloisteáil faoi. An dtagann na finnéithe le chéile chun é sin a dhéanamh?

An bhfuil mórán teaghlach lán-Ghaelach i mBaile Munna? An é daoine a tháinig isteach ó áiteanna eile nó ó na Gaeltachtaí ar thug an spreagadh do na finnéithe, nó ar tháinig an spreagadh ón bpobal áitiúil féin? Tá sé an-spéisiúil. B'fhéidir gur chuala daoine eile sa seomra scéal chomh maith sin ó cheantar éigin sa tír, ach níor chuala mé féin ceann riamh. Déanaim mo chomhghairdeas arís.

Bhí trí cheist ansin más féidir iad a fhreagairt.

Mr. Diarmuid Mac Giolla Ruaidh

Ba é an chéad cheist a chuir an Seanadóir ná cárbh as ar tháinig spiorad na Gaeilge seo agus an ó dhaoine ón nGaeltacht a tháinig isteach a tháinig sé. Tá cúpla tuairim agam féin faoi sin. D'fhás mé suas mar pháiste i mBaile Munna trí na 1970í agus na 1980í. Sula raibh aon Ghaelscoil ann i mBaile Munna chuaigh mé suas go dtí an séú rang sa ghnáthbhunscoil áitiúil. Ní raibh mé in ann trí fhocal a chur le chéile as Gaeilge, seachas cúpla abairt foghlamtha nár thuig mé iad i ndáiríre. Nuair a thosaigh m'athair, Antain, feachtas i gcomhair Gaelscoile i dteannta le tuismitheoirí eile, a bhfuil roinnt acu ar an gcoiste faoi láthair na huaire, chuir sé ceist orm ar mhaith liom athrú go Gaelscoil? Bhí orm taistil ó Bhaile Munna go dtí an chathair chun dul go dtí Gaelscoil Cholmcille. I gceann dhá mhí bhí mé in ann caint as Gaeilge, cé nach raibh Gaeilge iontach agam. Téann duine atá ag foghlaim na Gaeilge trí chéimeanna éagsúla. Is é an tslí ina ndéanann a leithéid de dhuine Gaeilge a fhoghlaim ná cloiseann sé nó sí ceist as Gaeilge, déanann sé nó sí a dhícheall í a aistriú go Béarla, déanann sé nó sí freagra as Béarla ina intinn, agus déanann sé nó sí a dhícheall an freagra sin a aistriú go Gaeilge. Le cleachtadh, tagann sé nó sí go dtí an pointe gur féidir leis nó léi ceist a chloisteáil mar cheist seachas mar rud go gcaithfear aistriúchán a dhéanamh air. Téann an cheist san intinn mar cheist agus freagraítear é díreach ón intinn. Sin an chéad chéim i dtreo líofachta.

D'fhiafraigh an Seanadóir cárbh as ar tháinig an spiorad. Ag an am sin ní raibh Baile Munna ach sé bliana d'aois nó mar sin, cé gur baile níos mó ná Port Láirge í ó thaobh daonra. Tháinig an chuid is mó de na daoine sin ó lár na cathrach. B'fhéidir nach bhfuil an ceart agam leis sin. Is saghas tuairim fhealsúnach í, ach smaoiním go raibh ceangal i bhfad níos doimhne ag na daoine sin le heachtraí sheachtain na Cásca 1916 de bharr gur tháinig an tromlach dóibh ó lár na cathrach, ó na tenements agus mar sin de. Bhí ceangal níos doimhne acu le haidhmeanna poblachtánaigh agus tá a fhios ag gach duine gur cheann d'aidhmeanna bhunaitheoirí ár Stát ná é a bheith, i bhfocail an Phiarsaigh, "Ní amháin saor, ach Gaelach chomh maith; ní amháin Gaelach, ach saor chomh maith". Sin an fáth, nuair a phleanáladh Baile Munna agus nuair a thógadh na seacht dtúr, gur cuireadh ainmneacha shínitheoirí fhorógra na Poblachta orthu: Pearse, Ceannt, Plunkett, MacDermott agus araile. Is as sin a tháinig ainm na scoile, Scoil an tSeachtar Laoch. Is iad an seachtar laoch na seacht duine a shínigh an forógra.

Nuair a thosaigh an chéad choiste ag rá go raibh Gaelscoil ag teastáil agus nuair a bhunaigh sé an feachtas, chuir sé glaoch amach agus tháinig laochra, cairde iontacha, chuige. Bhí ócáid fíormhór i mBaile Munna. Bhí Seán Ó Riada tar éis bás a fháil ag an bpointe seo ach tháinig a bhean chéile. Chaith sí lá ann. Bhí grúpa ó Chúil Aodha i gCorcaigh ann. Chaith siad am linn. Chuir sé sin leis an spiorad. Bhí tionchar fíormhór acu ar na daoine a bhí ann ag an am. Tháinig iriseoir ón nuachtán , Colm Ó Torna, amach chun ranganna Gaeilge leis na tuismitheoirí nach raibh aon Ghaeilge acu in aon chor. Ba Ghaeilge shimplí agus comhráite a bhí i gceist. Lean sé ar aghaidh.

Is rud eile fíormhór chomh maith ná, de bharr gur áit bhocht ina raibh a lán dífhostaíochta é, go raibh an preas diúltach faoi i gcónaí. Ní cloiseadh aon scéal ag teacht ó Bhaile Munna ach scéalta faoi dhaoine ag briseadh an dlí, drugaí, daoine dífhostaithe, troideanna agus araile. B'annamh a cloiseadh scéal dearfach faoi. Nuair a thosaigh é seo agus nuair a thosaigh scéalta dearfacha ag teacht as an áit, cé go raibh siad beag, bhí tionchar an-mhór aige ar dhaoine i mBaile Munna. Mar dhuine a bhí ina bhuachaill deich mbliana d'aois i mBaile Munna sna 1970í, tá a fhios agam gur chuir an meon sin isteach go mór ar fhéinmhuinín daoine sa cheantar. Ní paranoia amháin é. Bhí sé fíor. B'fhéidir le duine cur isteach i gcomhair post agus ardteistiméireacht mhaith aige nó aici, ach chomh luath agus a chonaic fostóir gurbh as Baile Munna a tháinig sé nó sí, chonacthas air nó uirthi mar chuid de lucht lofa Bhaile Munna. Chuir rudaí mar sin isteach ar féinmhuinín daoine.

Bhí an comhluadar Gaeilge mar shaghas aeir úra do dhaoine. Bhí daoine in ann dul tríd córas na scoileanna Gaeilge agus Gaeilge a fhoghlaim. Ní fhéadfainn a rá cé chomh mór an bronntanas, an mhaoin, agus an saibhreas a thug sé sin do dhaoine. B'fhéidir nach bhfuair na daoine sin ardteistiméireacht nó teastas sóisearach fíormhaith ach bhí a dteanga féin acu. Sin ceann de na príomhrudaí as a d'fhás an comhluadar. Thuig na páistí a chuaigh tríd an gcóras Gaeilge an mhaoin a bhfuair siad as. Ba é an chéad rud a theastaigh uathu i gcomhair a bpáistí nuair a d'fhás siad suas ná na páistí sin a chur tríd an scoil Ghaeilge chomh maith. Tá garpháistí roinnt de na céad pháistí a thosaigh i Scoil an tSeachtar Laoch ag freastal uirthi i mbliana. Níl aon fháth nach leanfaidh sé ag forbairt. Bhí an smaoineamh maidir leis na breac-Ghaeltachtaí go hiontach.

Más féidir linn stádas líonra Gaeltachta a bhaint amach i gcomhair Baile Munna, agus más féidir leis an bpobal i gCluain Dolcáin an stádas céanna a bhaint amach, ag féachaint ar aghaidh, ní fheicim cén fáth nach mbeadh na ceantair seo go léir in ann teacht le chéile i gcomhair ollcheantar Gaeltachta tríd an tír ar fad. Tá súil againn go mbeidh Baile Munna mar shampla d'áiteanna eile.

Cad é líon na dteaghlach atá ag úsáid na Gaeilge sa cheantar? An bhfuil ciorcal comhrá ann?

Mr. Éamonn de Barra

Maidir le ciorcal comhrá, bíonn an Ghaeilge in úsáid an t-am ar fad i mBaile Munna. Ní bheadh daoine ag teacht le chéile díreach le haghaidh ciorcal comhrá, mar is rud nádúrtha é go mbíonn an Ghaeilge in úsáid eatarthu. Feidhmíonn an t-ionad atá síos i gCumann Báire Setanta mar ionad cultúrtha nó ionad Gaeilge, cé gur ionad spóirt é. Bíonn ceardlanna déanta fidle agus uirlise eile ann. Bíonn ranganna ceoil ann. Bíonn rincí ann. Bíonn imeachtaí ceoil ar siúl ar an stáitse thuas an staighre. Bíonn an Ghaeilge in úsáid go fíormhinic. Úsáideann muid an Ghaeilge eadrainn nach mór an t-am ar fad. Ní labhraíonn muid Béarla lena chéile de ghnáth nuair a bhíonn daoine le Gaeilge inár gcomhluadar. Tá aithne againn ar a chéile trí rudaí éagsúla. Bíonn raon éagsúla d'imeachtaí ar bun againn agus an Ghaeilge in úsáid againn.

Maidir le líon na dteaghlach, is féidir leis an Uasal Breathnach ainmneacha na teaghlaigh i mBaile Munna a úsáideann an Ghaeilge a thabhairt don choiste. Tá a lán teaghlaigh i gceist. Mar a dúirt an tUasal Mac Giolla Ruaidh, tá garpháistí de dhaoine a d'fhreastail ar Scoil an tSeachtar Laoch ag teacht ar ais go dtí an scoil. Tá an Ghaeilge suite sa cheantar. Tá sé sin tagtha ón uair a bunaíodh Scoil an tSeachtar Laoch agus Gaelscoil Bhaile Munna. Tá sé ag leanúint ar aghaidh agus ag forbairt i gcónaí.

Sílim go bhfuil sé an-spéisiúil go bhfuil ceangal idir gluaiseacht agus borradh na Gaeilge agus féinmhuinín i measc daoine a mbíonn cineál brú orthu.

Mr. Éamonn de Barra

Tá sé sin fíor.

Sílim go bhfuil sé iontach spéisiúil. Is rud faoi leith é. Níor chuala mé féin é sin riamh, ach tá an-chiall ag baint leis. Mar iarmhúinteoir, tuigim é agus is dóigh liom go bhfuil sé an-spéisiúil. Tréaslaím leis na finnéithe agus molaim iad as an obair iontach atá ar bun acu. Tá sé an-spéisiúil go bhfuil sé ráite acu go dtugann an Ghaeilge féinmhuinín do dhaoine atá faoi bhrú mar rud faoi leith dóibh. Is maith an rud é go bhfuil an cháilíocht sin acu.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair atá faighte againn. Tá an-chuid eolais ann. Tá sé soiléir go bhfuil an-chuid rudaí dearfacha á ndéanamh acu i measc an phobail. Is ceannródaithe iad ó thaobh na Gaelscolaíochta de, ag síneadh siar go dtí go luath sna 1970í nuair a bunaíodh an chéad Ghaelscoil. Is dóigh liom go gcuireann an taithí sin go mór leis an gcás atá á dhéanamh acu gur cheart go mbeadh meánscoil nua ann. An bhfuil cinneadh déanta ag an Roinn faoin tráth seo go mbeidh meánscoil nua ann? Má tá, cathain a osclófar an bidding process? Braithim i gcónaí go bhfuil claonadh sa chóras atá i bhfeidhm ag an Roinn maidir leis an Ghaelscolaíocht. Is dóigh liom go bhfuil sé claonta in aghaidh na Gaolainne, ach ní fheadar. Tá sé ráite ag na finnéithe go bhfuil siad ag féachaint ar aonad nó sruth Gaeilge a bheadh bainteach leis an scoil ETB. An mbeadh orthu bid a chur isteach i gcomhair na pátrúnachta? An féidir leo gabháil ar aghaidh mar chuid den ETB, agus sa chaoi sin dul mórthimpeall ar an gclaonadh atá luaite agam? Má táthar ag iarraidh dul ar aghaidh mar aonad a fheidhmíonn mar chuid den scoil ETB, cathain a bheidh scoil neamhspleách i gceist? An mbeadh céimeanna le leanúint trí nó ceithre bliana síos an bóthar ionas go mbeadh an t-aonad in ann bogadh ar aghaidh mar scoil neamhspleách? Tá sé soiléir go bhfuil éileamh sa cheantar ó thaobh na bunscoileanna de. Feicim go bhfuil an daonra ag fás. Cad a tharlaíonn nuair a fhágann páistí rang a sé sna bunscoileanna atá ann i láthair na huaire? Cá bhfuil siad ag dul? An bhfuil cuid acu ag freastal ar Ghaelcholáistí lasmuigh den cheantar? An bhfuil siad ag iompú go scoileanna Béarla? Cad atá ag tarlú faoi láthair? Cén éifeacht a bheadh ag scoil air sin? Braithim go bhfuil spás ann. Tá sé ráite go bhfuil daonra breise ann ós rud é go bhfuil fás de 10,000 tagtha ar an daonra. Cad go díreach a bhfeiceann na finnéithe sa chomhthéacs sin?

Is dóigh liom go bhfuil dhá cheist curtha ag an Teachta.

Mr. Diarmuid Mac Giolla Ruaidh

Má shuíonn muid timpeall gan aon rud a dhéanamh seachas iarratas a chur isteach nuair a deir oifigigh na Roinne go bhfuil siad ag smaoineamh ar scoil dara leibhéal a sholáthar, ní bheidh seans dá laghad againn. Is céim chiallmhar é tosú mar aonad. De bharr go bhfuilimid faoi chúram an ETB agus de bharr go mbeadh an t-aonad mar aonad laistigh i scoil bunaithe de chuid an ETB, tá spás againn tosú agus fás thar an tréimhse ag dul ar aghaidh. Tar éis sé bliana nó seacht mbliana, b'fhéidir go mbeimid in ann cás i bhfad níos láidre a chur isteach. Níl a fhios againn céard a tharlóidh sa chomhthéacs seo as seo amach. Tá seans ann go mbeidh athrú polasaí sa Roinn Oideachais agus Scileanna idir an dá linn, agus go gcuirfidh siad córas ar fáil a thugann saghas buntáiste do Ghaelscoileanna. Má tharlaíonn sé sin, beidh sé ceart go leor.

Má táthar ag dul i dtreo an aonad ETB, an bhfuil sé i gceist dul mórthimpeall an chórais agus an scoil a bhunú go neamhspleách ar aon nós?

Mr. Éamonn de Barra

Tá.

Níl sé i gceist dul isteach faoin gcóras agus bheith ag feitheamh leis an nglaoch.

Mr. Éamonn de Barra

Tá sé i gceist dul timpeall an chórais. Bíonn bidding process ag an Roinn chun scoil a bhunú.

Mr. Éamonn de Barra

Níl sé sin i gceist leis an áit eile toisc gur aonad é laistigh de scoil atá bunaithe cheana féin. Tagann an t-aonad faoi uimhir rolla an scoil eile. Bheadh sé seo an-úsáideach mar theimpléad nuair atá sé i gceist scoileanna dara leibhéal a bhunú timpeall na tíre. Má tá cúpla seomra folamh ar an gcampas nó má tá foirgneamh in áit éigin eile a d'fhéadfaí a úsáid, is fiú smaoineamh ar na háiseanna sin a úsáid chun aonad a bhunú faoi phátrúnacht na scoile. Má smaoiníonn muid ar na himpleachtaí airgid a bheadh i gceist, bheadh céatadán an-íseal i gceist i gcomparáid le scoil nua a bhunú. Tá an scéim nó teimpléad seo an-úsáideach nuair atá iarracht á dhéanamh oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil ar an dara leibhéal. Go minic, bíonn ar dhaoine a gceantair féin a fhágáil agus iad ag bogadh ar aghaidh ón mbunscoil go dtí an meánscoil, go mór mór más rud é go bhfuil Gaelscolaíocht i gceist. Táimid ag iarraidh freastal ar ár gceantar. Tá a fhios againn go bhfuil daoine i gceantair ar fud na tíre atá ag iarraidh freastal ar dhaltaí atá ag teacht ó bhunscoileanna lán-Ghaelacha. Bíonn ar dhaltaí a gceantair féin a fhágáil.

Bíonn orthu dul go dtí ceantair eile chun freastal ar an meánscoil. Is fiú smaoineamh go n-athraíonn sé seo rudaí éagsúla. Nuair atá daoine ag fágáil an t-am ar fad agus ag teacht ar ais go déanach, ní bhíonn siad suite san áit agus bainteach sa phobal. Is é sin an rud. Más féidir linn an coincheap sin a chur chun cinn, beidh daoine in ann an teimpléad seo a úsáid. Ní bheidh an t-airgead céanna i gceist agus atá i gceist nuair atá scoil á bhunú as an nua.

D'iarr an Teachta cá dtéann páistí nuair a fhágann siad rang a sé. Tá siad ag freastal ar scoileanna dara leibhéal Gaeilge agus Béarla. Ní fhágann céatadán áirithe dóibh siúd a fhágann an dá rang a sé an ceantar, toisc nár mhaith leo é a fhágáil, agus téann siad go dtí meánscoil lán-Bhéarla. Téann céatadán síos an bhóthair nó trasna an bhóthair, agus téann céatadán eile thall go dtí Gaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde nó thíos go dtí Scoil Chaitríona i nGlas Naíon. Tá céatadán áirithe a theastaíonn uathu meánscolaíocht trí Ghaeilge a bheith acu.

An bhfuil an tromlach ag iompú go Béarla nó ag fanacht leis an nGaeilge? Cad é an briseadh síos?

Mr. Diarmuid Mac Giolla Ruaidh

Le cúpla bliain anuas, ní bhogann idir 20 agus 25 páiste, ar an mheán, ón dá rang a sé as an gceantar. Cé go bhfuair siad a gcuid oideachas bunscoile trí mheán na Gaeilge, níl siad sásta bogadh ón gceantar chun a gcuid oideachas meánscoile a fháil trí mheán na Gaeilge. B'fhéidir go dtéann tromlach na bpáistí go dtí Gaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde, Scoil Chaitríona i nGlas Naíon nó Coláiste Mhuire i gCabrach. Tá cúigear as Baile Munna tar éis dul go dtí Inis Meáin ar dheontas chun an ardteistiméireacht a dhéanamh trí Ghaeilge ansin. Le cúnamh Dé, ní bheidh gá ar aon duine taisteal nuair a-----

Mr. Éamonn de Barra

Nuair a bhí mé ag labhairt le hAodhán Mac Cormaic, luaigh sé scéim nua atá le cur ar fáil. Tabharfar deontais faoin scéim seo do dhaltaí óga nach bhfuil Gaeilge acu gur mhaith leo freastal ar an nGaeltacht i rith an tsamhraidh. Mar shampla, bhí ar Diarmuid Mac Giolla Ruaidh aistriú go-----

Mr. Diarmuid Mac Giolla Ruaidh

Cúrsa Gaeilge a bheidh i gceist.

Mr. Éamonn de Barra

Is ea. Dá mbeadh €1,000 i gceist, cuirfear an tsuim sin ar fáil do dhaoine i ngátar, mar shampla. Tá struchtúr tacaíochta ann chun tacú leo. Níl a fhios againn go díreach cén éifeacht a bheadh ag an rud seo ar scoileanna áitiúla eile.

Tagaim i gcónaí ar ais go dtí an pointe go bhfuil sé seo chun freastal ar dhaoine i mBaile Munna. Tá dhá bhunscoil againn, ach caithfidh daoine an ceantar a fhágáil. Is í an aidhm atá againn ar fad ná an Ghaeilge a chur chun cinn.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Is deas iad a fheiceáil faoi bhráid an choiste. Tá mé tógtha leis an bhfís atá acu, is é sin, pobal Gaeilge a thógáil i mBaile Munna. Tuigim gurb é sin an rud atá uathu. Má táthar chun pobal a thógáil, ní mór go mbeadh bunscoileanna agus meánscoil ann. Ní sin an pobal, áfach. Is cuid den phobal iad na scoileanna. B'fhéidir go labhróidh na finnéithe linn faoin bhfís iomlán atá acu ó thaobh na Gaeilge i mBaile Munna. Is dóigh liom go bhfuil éacht déanta sa cheantar ó na 1970í. Is cuimhin liom bheith ag bailiú airgid le haghaidh Scoil an tSeachtar Laoch nuair a thosaigh sé. Bhí mé an-óg ag an am, ach is cuimhin liom é. Tá dul chun cinn maith déanta, ach caithfear an chéad chéim eile a thógáil anois ionas go mbeidh gasúir á dtógáil le Gaeilge i mBaile Munna araon le gasúir ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge i mBaile Munna. B'fhéidir go mbeadh na finnéithe in ann an fhís atá acu don phobal Gaelach seo a iomlánú. Cén plé atá déanta go dáta ag an bpobal lán-Ghaelach i mBaile Munna le Roinn na Gaeltachta maidir le stádas oifigiúil na háite mar líonra Gaeltachta?

Mr. Diarmuid Mac Giolla Ruaidh

Sna 1970í, nuair nach raibh aon Ghaeilge sa cheantar, ba í an fhís a bhí againn ná an Ghaeilge a fháil isteach sa cheantar i gcomhair ár bpáistí. Is minic a chloistear daoine fásta agus daoine aosta ag rá go bhfuil sé ró-dhéanach dóibh an Ghaeilge a fhoghlaim ós rud é go bhfuil siad imithe tríd an gcóras scoile. Is minic freisin a chloistear an frása an-choitianta "they beat it into us" i measc an ghrúpa a cheapann nách bhféadfaidís riamh an Ghaeilge a fhoghlaim. Bhí an fhís atá luaite agam againn ós rud é gur thuigeamar go raibh an Ghaeilge ag teastáil. Thosaigh sé leis an bhfís bheag seo. Bhíomar ag iarraidh a fháil amach an mbeimid in ann Gaelscoil a fháil agus an Ghaeilge nach raibh againn a thabhairt dár bpáistí. Ní raibh a fhios againn an raibh sé ródhéanach dúinn an Ghaeilge a fhoghlaim, ach theastaigh uainn go mbeadh ár bpáistí in ann an teanga a labhairt. Nuair a mhúintear an Ghaeilge mar ábhar scoile sa ghnáthchóras náisiúnta, ní oibríonn an cur chuige sin. B'fhéidir go bhfoghlaimíonn páistí sna gnáthscoileanna gnéithe den teanga a chabhraíonn leo pas a fháil ina gcuid scrúdaithe, ach ní bhíonn grá acu don teanga. Ní bhíonn ceangal idir an teanga agus croí agus anam an pháiste.

Ba mhaith liom an cur síos is fearr ar an gceist seo a chuala mé riamh a chur faoi bhráid an choiste. Baineann sé seo le Gaeilge na hAlban seachas leis an nGaeilge 'sagainne. Dúirt fear a bhí ag múineadh Gaeilge na hAlban liom go mbíonn an té a fhoghlaimíonn an Ghaeilge ag seasamh ar bhóthar a shíneann ar ais na mílte míle bliain go dtí an aimsir chaite agus a shíneann ar aghaidh go dtí an aimsir fháistineach. Is féidir don Ghaeilgeoir a rá "is Gael mé agus is duine ó Éirinn mé", ach ní hé sin amháin atá i gceist. Táimid ar fad bródúil gur Éireannaigh muid. Is as an tír álainn seo atáimid go léir. Tá an grá atá againn don Ghaeilge mar Ghaeilgeoirí níos leithne ná grá don Ghaeilge mar ábhar scoile nó mar chóras cumarsáide. Más rud é go bhfuilimid ag lorg córas cumarsáide amháin, is féidir linn an Béarla a úsáid mar go bhfuil Béarla ag gach aon duine. Sa chuid is mó, is é an Béarla sin an tslí is fearr dúinn cumarsáid a dhéanamh. Baineann na hiarrachtaí atá a dhéanamh sa cheantar chun an Ghaeilge a fhoghlaim, a úsáid agus a leathnú leis an gceol, leis an drámaíocht agus leis an spórt. Tagann daoine le chéile trí Ghaeilge i ngach saghas gné den saol.

Iarradh orainn an bhfuil iarratas curtha isteach go dtí Roinn na Gaeltachta chun stádas líonra Gaeltachta a bhaint amach. Ní dóigh liom go raibh a fhios ag aon duine againn go raibh a leithéid de stádas ar fáil go dtí gur cuireadh isteach iarratas go dtí Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Nuair a d’fhoilsíodh an plean áitiúil cúig bliana i gcomhair Bhaile Munna, dúirt Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath go dtabharfadh sí tacaíocht iomlán don fheachtas i gcomhair meánscoil Ghaelach sa cheantar ós rud é go bhfuil dhá bhunscoil sa cheantar. Ansin, dúirt sí sa chás go mbeadh a leithéid de mheánscoil aitheanta i gcomhair an cheantair, go n-oibreodh sí le Roinn na Gaeltachta chun stádas líonra Gaeltachta a bhaint amach i gcomhair Bhaile Munna. Ba shin an chéad uair a chuala muid faoi. Nuair a dhein mé roinnt taighde faoi, bhí sé soiléir dom go raibh cás an-mhaith ag pobal Gaeilge Bhaile Munna.

Ní pobal beag dúnta - saghas club - atá i gceist anseo. Tá an Ghaeilge sa cheantar. Bíonn na páistí ag caint Gaeilge gan stró agus iad ag siúl timpeall. Ar ndóigh, is leis an mblas is láidre de chuid Bhaile Munna nó Bhaile Átha Cliath a chloisfear riamh a bhíonn siad ag caint agus iad ag rá "an bhfuil tú ag dul go dtí an pictiúrlann amárach, a Sheáin?", srl. Is álainn an rud é a leithéid de Ghaeilge a chloisteáil, mar an gcéanna le Gaeilge le blas Thír Chonaill, blas Chorca Dhuibhne nó blas Chonamara. Spreagann an Ghaeilge atá le cloisteáil ar shráideanna Bhaile Munna saghas bród ní hamháin i measc iad siúd atá bainteach go díreach leis an bpobal Gaelach, ach i measc gach duine sa cheantar. Go dtí gur loiteadh an lárionad siopadóireachta sa cheantar, bhíodh comórtas ann gach bliain i rith Seachtain na Gaeilge. Ghlac gach siopa sa lárionad sin - 100% dóibh - páirt sa chomórtas a bhí ag lorg an siopa a chuirfeadh an Ghaeilge chun cinn is mó ina taispeántas fuinneoige nó ó thaobh labhairt na Gaeilge de. Chrochaidís póstaeir sna fuinneoga le frásaí Gaeilge ar nós "fáilte anseo", "tar isteach" agus "ceannaigh na hearraí seo" orthu. Is féidir le haon duine a thiomáineann suas príomhbhóthar Baile Munna comhartha a deir "fáilte isteach - cogaslann" a fheiceáil ar siopa an phoitigéara. Tá comhartha den chineál céanna i SuperValu. Tuigeann daoine nach bhfuil páirteach i gcomhluadar na Gaeilge mar iarracht go bhfuil Gaeilge sa cheantar.

Is í sin an fhís atá againn. Táimid ag iarraidh an méid atá á dhéanamh againn a leathnú.

Mr. Éamonn de Barra

Tá Scoil an tSeachtar Laoch, Cumann Báire Setanta agus an leabharlann an-ghar dá chéile. Ba mhaith linn ceathrú Gaeilge a chothú sa cheantar. Má éiríonn linn Gaelcholáiste a bhunú i bhfoirgneamh an CDETB, beidh Scoil an tSeachtar Laoch díreach in aice leis. Bíonn rince Gaelach agus ceol Gaelach ar siúl i gCumann Báire Setanta, agus an Ghaeilge in úsáid acu an t-am ar fad. Luaigh mé na ceardlanna déanta uirlise eile. Tá an ceantar ag feidhmiú mar ionad Gaeilge, ach ba chóir go mbeadh ionad Gaeilge againn. B'fhéidir go mbeimid in ann foirgneamh faoi leith san áit seo a úsáid mar ionad Gaeilge má ghlantar amach é, ach níl a fhios againn. Dá mbeadh ionad Gaeilge agus Gaelcholáiste i mBaile Munna, bheidís in aice le Scoil an tSeachtar Laoch agus Cumann Báire Setanta. Ba mhaith le Cumann Báire Setanta an pháirc imeartha a fhorbairt mar pháirc shacair chomh maith chun an chuid eile den phobal a thabhairt isteach. Tá sé i gceist againn daoine a thabhairt isteach, seachas a bheith eisceachtúil. Bheadh sacar, camógaíocht agus iománaíocht ann. Bheadh ionad cultúrtha agus ceardlanna déanta fidle agus uirlise ann. Bheadh ranganna ceol Gaelach agus ceol clasaiceach ann. Tá ceolfhoireann chlasaiceach agus ceolfhoireann traidisiúnta ann. Dar ndóigh, bheadh Scoil an tSeachtar Laoch fós ann mar bhunscoil. Tá naíonra ann freisin. Bheadh an Gaelcholáiste ann. Tá Fiontar lonnaithe i DCU timpeall an chúinne. Is í sin an fhís atá againn. Labhair mé le Dr. Aodhán Mac Cormaic agus leis an Aire Stáit, an Teachta Kyne, maidir le líonra Gaeilge a bheith againn. Mar a mhínigh mé níos túisce, tá sé sin fós á chruthú mar choincheap.

Tá sé sin ann. Leagadh amach an coincheap sin sa bhliain 2010. Aontaíodh go mbeadh sé ann naoi mbliana ó shin. Nuair a bhí an seachtar laoch beo, is maith an rud é nár fhan siad chomh fada sin le gach uile shórt a dhéanamh. Níl mé ag cur an milleán ar na finnéithe. Tá mé ag cur an milleán ar na húdaráis. Tá sé scríofa agus aontaithe le naoi mbliana anuas.

Mr. Éamonn de Barra

Bhí Owen Keegan sa chomhluadar chomh maith. Thug sé tacaíocht dúinn thar ceann an chomhairle cathrach ag an am. Ní raibh Owen Keegan nó an Aire Stáit cinnte cé a bheadh freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn.

Bheadh an Rialtas freagrach as.

Mr. Éamonn de Barra

Tá oifigigh forbartha Gaeilge ag na húdaráis áitiúla. Má thagann lucht Foras na Gaeilge isteach agus má chuireann siad oifigigh forbartha Gaeilge dá gcuid féin isteach, cé acu a bheidh freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn? An mbeidh an fhreagracht sin ar Fhoras na Gaeilge, ar an gcomhairle cathrach nó ar an Roinn?

Ag deireadh an lae, ní sin an coincheap a bhí ann.

Mr. Éamonn de Barra

Is ea.

Bhí sé i gceist go mbeadh pairtnéireacht idir an pobal agus an Stát. Mura mbeadh toil an phobail ann, cén mhaith é? Beidh tuismitheoirí freagrach as an nGaeilge a labhairt lena gcuid gasúr. Beidh an pobal Gaeilge freagrach as an nGaeilge a labhairt eatarthu féin. Táimid ag iarraidh pobal a chothú, agus cé atá freagrach as an bpobal ach an pobal? Ar nós aon phobal eile, más rud é go bhfuil scoil i gceist, titfidh an fhreagracht ar an Rialtas. Ós rud é nach bhfuil sé réalaíoch ionad pobal a fheidhmíonn trí Ghaeilge a thógáil i gcathair le hairgead an phobail amháin, beifear ag iarraidh airgead a fháil ón gcomhairle cathrach agus ón Stát, srl. Tá eiseamláir den chur chuige seo i dTamhlacht. Tá siad díreach tar éis ionad pobail a thógáil i dTamhlacht tar éis dóibh deontas a fháil ó Roinn na Gaeltachta agus cúnamh a fháil ó na húdaráis áitiúla. Ní féidir a rá go mbeidh an fhreagracht ar dhuine amháin. I gcás an ghnáth-Ghaeltacht, níl an fhreagracht ar dhuine amháin. Tá an fhreagracht ar an bpobal an Ghaeilge a labhairt, agus tá an fhreagracht ar an Stát tacaíocht a thabhairt don phobal trí na saoráidí a chur ar fáil. Is é sin an fáth go bhfuil Roinn na Gaeltachta ann. Ar ndóigh, tá an córas a úsáideann oifigigh na Roinne Oideachais agus Scileanna, agus iad ag roghnú cá mbeidh na Gaelscoileanna, go hiomlán lochtach. Tá a fhios ag gach uile dhuine go bhfuil an t-éileamh ann don Ghaelscolaíocht. Tá níos mó daoine ag iarraidh scoileanna Béarla ná mar atá ag iarraidh scoileanna Gaeilge. Ar an mbunús sin, ní bheadh Gaelscoil ar bith sa tír. Tá an tríú chuid den phobal ag iarraidh Gaelscolaíochta dá bpáistí, agus is mór an méid é sin. Ar an gcoiste seo agus i gcoitinne, táimid ag iarraidh deireadh a chur leis an gcóras atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ó thaobh Gaelscoileanna a bhunú. Má tá an t-éileamh i gceantar dóthanach le Gaelscoil a bhunú, nó Gaelcholáiste dara leibhéal a bhunú sa chás seo, táimid ag iarraidh a rá gur cheart go mbunófaí é scunscan ar aon rud eile. Ní gá é sin a fhreagairt.

Mr. Diarmuid Mac Giolla Ruaidh

Aontaíonn muid.

Mr. Éamonn de Barra

Aontaíonn muid leis an bpointe atá déanta ag an Teachta mar baineann sé le rud atá tógtha faoi deara againn. Nuair a chuamar i mbun an fheachtais seo, d'iarr an CDETB orainn cén saghas éilimh a bhí i gceist. Is féidir an t-éileamh sin a chur i gcomparáid leis an éileamh a léiríonn na scoileanna de chuid Educate Together, mar shampla. Is eagraíocht an-láidir agus an-eagraithe é Educate Together. Dar ndóigh, is féidir an córas a úsáid chun na huimhreacha a ardú. Dá mbeadh ionad Gaeilge againn, nó ionad riaracháin chun na líonraí Gaeltachta seo a riaradh, beimid lán-sásta bheith mar mhodh don tír. Tá cuntas teiste againn ó thaobh na Gaeilge de. Tá an teanga suite san áit i mBaile Munna. Táimid réidh aon dúshlán a shárú maidir leis an nGaeilge má thugtar an spás agus an tacaíocht dúinn. Is é sin atá uainn. Nílimid ag lorg méid mór airgid. Más féidir linn tacaíocht a fháil, agus má bhíonn baill an choiste seo mar thacadóirí dúinne, déanfaidh ár bhfoireann pé rud is gá chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Molaim an obair ar fad atá déanta acu siúd atá páirteach san fheachtas seo thar na blianta fada. Tá difríocht ollmhór idir an chaoi ina raibh cúrsaí ag tús na 1970í, nuair a thosaigh siad, agus an chaoi ina bhfuil cúrsaí sa lá atá inniu ann. Is deas an rud é go bhfuil siad ag dul céim eile leis an bhfeachtas. Molaim iad. Tá mo thacaíocht iomlán acu don iarracht atá ar bun acu. Caithfidh institiúidí an Stáit dul i bhfad níos faide agus i bhfad níos sciobtha ná mar atá siad ag dul faoi láthair. Tá siad ag tarraingt gach uile dhuine siar i láthair na huaire.

Ba mhaith liom cúpla ceist a chur. Tiocfaidh mé ar ais go dtí na finnéithe ansin. Gabhaim buíochas leo arís. Is eiseamláirí iad. Caithfidh mé a rá go bhfuil ardú meanman i gceist anseo domsa. Bíonn muid ag éisteacht i gcónaí leis na deacrachtaí tromchúiseacha atá ar an talamh, mar is eol dúinn. Tá mé thar a bheith sásta go bhfuil na finnéithe os ár gcomhair. Tá siad tar éis an choiste a chur ar an eolas maidir leis an bhfeachtas scoile atá ar bun acu, ach ní hé sin an cuireadh a thug an coiste dóibh. Tá siad tar éis cur síos a thabhairt dúinn ar an bpobal i gcoitinne. Tá clubanna do dhaoine óga tagtha suas mar théama os comhair an choiste seo. Is léir go mbíonn daoine óga i gConamara agus a lán Gaeltachtaí eile ag labhairt Béarla eatarthu féin. Iarraim ar na finnéithe tuilleadh eolais a thabhairt dúinn maidir leis an gcaoi ina bhfuil ag éirí leo an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga.

Maidir le comharthaí, tháinig mé as Gaillimh inné. Tá féile beartaithe i mBóthar na Trá, i gcathair atá in ainm is a bheith dátheangach. Tá mé thar a bheith bródúil as an gcathair. Ag an am céanna, níl focal Gaeilge le feiceáil i gcomhthéacs an fhéile atá beartaithe. Tá cognitive dissonance i gceist i gcónaí. Bíonn rud amháin á rá agus rud eile ag tarlú ar an talamh. An bhfuil comharthaí Gaeilge le feiceáil i mBaile Munna?

Is í féinmhuinín an chritéir nó an rud is tábhachtaí. Ní féidir aon teanga a úsáid gan féinmhuinín. Tá siad fite fuaite le chéile. Ba mhaith liom tuilleadh eolais a fháil. Aontaím leis an Uasal Mac Giolla Ruaidh go bhfuil an stair thar a bheith tábhachtach, ach tá sé tábhachtach freisin díriú isteach ar an gcaoi ina bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn sa lá atá inniu ann. Cén tslat tomhais atá á úsáid ag muintir Bhaile Munna? Cad atá foghlamtha acu? Céard iad na botúin atá déanta acu? Tá mise ag smaoineamh ar Ghaillimh - cathair dhátheangach ar thairseach na Gaeltachta is mó sa tír.

Táim ag iarraidh a fhoghlaim an t-am uilig.

Ó thaobh impleachtaí de, caithfimid a rá nach saineolaithe muidne nó nach coiste oideachais atá anseo. Má tá gá le scoil nua, beidh scoil nua ann, ag brath ar na figiúirí ar an talamh. Nach é sin bun agus barr an scéil, má tá an coiste in ann a chruthú go bhfuil gá le scoil nua? Beidh impleachtaí ó thaobh scoileanna eile de. Ó thaobh Scoil Chaitríona de, cé mhéad dalta as Baile Munna atá ag freastal faoi láthair ar Scoil Chaitríona nó ar scoil eile taobh amuigh de Bhaile Munna?

Mr. Diarmuid Mac Giolla Ruaidh

As an dá Ghaelscoil, téann an tromlach, breis is 90% i measc na dtrí scoil Ghaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde, Scoil Chaitríona i nGlas Naíon, agus Coláiste Mhuire i gCabrach. Cé go bhfuil Scoil Chaitríona an scoil is gaire, bíonn ar pháistí fós bus a fháil go dtí an scoil sin. Faigheann an scoil sin níos mó ná an dá scoil eile cé go bhfaigheann na scoileanna sin roinnt mhaith daltaí freisin.

Fiafraíodh faoi na comharthaí agus cuireadh ceist faoi dhaoine óga. Fuaireamar amach go suíonn an Ghaeilge an-chompordach i ndomhan an Bhéarla. Maidir le féinmhuinín, más rud é go bhféadfainn beirt nó triúr de na páistí ó cheann de na naíonraí a thabhairt isteach anseo-----

Tá dhá naíonra i gceist i mBaile Munna.

Mr. Diarmuid Mac Giolla Ruaidh

Tá naíonra ag eagras Ghlór na nGael agus tá ochtar páiste óga ansin. Is é sin an áit a bhfaigheann páistí an-óg a chuid blas Gaeilge. Más rud é go dtagann siad ó chlanna a bhfuil a ndeartháireacha nó a ndeirfiúracha ag freastal ar cheann de na Gaelscoileanna cheana féin, tá na deartháireacha nó a dheirfiúracha ag teacht abhaile ag labhairt Gaeilge agus seans go bhfuil Gaeilge de shaghas éigin labhartha sa teach ag na tuismitheoirí chomh maith. Tá páistí a thagann ó chlanna nach raibh aon bhaint acu leis an nGaeilge riamh. Chuir siad na paistí go dtí an naíonra agus b'fhéidir go bhfuil an naíonra áisiúil agus go bhfuil-----

An bhfuil tumoideachas i gceist?

Mr. Éamonn de Barra

Tá. Tá gach rud as Gaeilge. Is iad siúd na naíonraí atá ag dul ar aghaidh.

Céard faoi na déagóirí?

Mr. Diarmuid Mac Giolla Ruaidh

Nuair a tháinig an Cathaoirleach chugainn, bhí Loretta againn, ach b'fhéidir go mbeidh an tUasal Breathnach in ann focal a rá faoin gclub feachtais.

Mr. Fergus Breathnach

Bhí an club feachtais ag teastáil mar tá difríocht mhór idir na páistí ó Bhaile Munna agus ó áiteanna eile. Mar shampla, tá 90 páiste ag freastal ar ranganna agus ag foghlaim an cheoil. Tá roinnt díobh ag teacht ó Scoil Chaitríona agus ó Scoil Mobhí, mar tugaimid na huirlisí ceoil dóibh saor in aisce agus táimid ag déanamh na huirlisí ceoil saor in aisce do na páistí sa chlubtheach.

Tá siad ag glacadh na tástálacha atá le fáil ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ach níl siad sásta dul go dtí na fleánna nó aon rud mar sin. Tá an-eolas agam faoi rudaí ar nós sacar, peil Ghaelach, agus aon rud mar sin, agus fágann na tuismitheoirí na páistí ag na rudaí seo. Tugtar an t-airgead dóibh agus téann siad ann ach ní bhíonn siad sásta bogadh amach ó Bhaile Munna. Níl a fhios agam cén fáth agus is é sin an scéal. Chuireamar club feachtais ar bun agus anois tá na páistí ag dul amach le club feachtais ag dul go dtí Tayto Park agus go dtí na háiteanna eile. Tá na páistí go léir sásta dul go dtí aon áit má tá na turais sin á bhfáil saor in aisce acu. Ag an am céanna, is é sin an saghas duine é nó í i mBaile Munna. Níl siad sásta bogadh, ach amháin má tá siad leis an ngrúpa céanna ó Bhaile Munna. Más amhlaidh an scéal, tá siad lánsásta dul le chéile go dtí aon rud.

Tuigim é sin. An bhfuil an Ghaeilge á húsáid ag na déagóirí?

Mr. Fergus Breathnach

Tá agus tá cúigear de na daoine ag freastal nó tar éis iarratas a chur isteach chun dul go dtí Inis Meáin. Cé hiad na páistí, i dtuairim an choiste, atá sásta rogha mar sin a ghlacadh in aon cheantar sa tír seo? Tá cúigear páiste i mBaile Munna sásta dul ann. Cheap mise go raibh ceathrar mar bhí mé ag labhairt leis an Uasal de Barra ar an bhfón i rith na seachtaine agus le cailín atá tar éis na hardteistiméireachta a dhéanamh ar Inis Meáin agus dúirt sise nach raibh ceathrar ag dul go hInis Meáin ach go raibh cúigear mar go raibh buachaill darb ainm Cormac ag dul anois. Tá siad go léir ag iarraidh dul ann agus beidh siad imithe ar feadh bliana, ach tá siad fós sásta é sin a dhéanamh, is é sin ar son na Gaeilge a fhoghlaim.

Mr. Éamonn de Barra

Bíonn siad gníomhach chomh maith leis na himeachtaí imeartha a dhéanann an club feachtais agus bíonn an Ghaeilge á húsáid acu.

Mr. Fergus Breathnach

Is iad seo gnáthimeachtaí ar nós arts and crafts, iomáint, snámh, agus ag dul ar na turais. Fágaimid iad sin faoi na páistí iad féin.

Cén aois atá i gceist leis seo?

Mr. Fergus Breathnach

Deich mbliana d’aois ar aghaidh go dtí 18 mbliana d'aois. Tá duine de na leaids atá ina stiúrthóir i mbliana. Eoin is ainm dó. Tá an buachaill seo 16 bliana d'aois, tá cúig bliana caite aige leis an bhfeachtas agus tá sé ag obair leo i mbliana. Níl mé in ann a rá cén fáth go bhfuil na páistí sásta a bheith ann ach tá siad. Tá níos mó ag teacht isteach, bliain i ndiaidh bliana, agus tá na figiúirí ag dul i méid.

Gabhaim buíochas leis an Uasal Breathnach agus táim sásta leis sin. Tiocfaidh mé ar ais go dtí na Teachtaí eile ar ball. Ar cheist na gcomharthaí, an bhfuil comharthaí tráchta agus ar na siopaí, agus an bhfuil siad sin i bhfeidhm nó beartaithe ag an gcoiste?

Mr. Éamonn de Barra

Le déanaí - tá sé seo déanta i roinnt ceantar timpeall na cathrach - tá comharthaí fáilte agus mar sin de ann. Mar a dúirt an tUasal Mac Giolla Ruaidh, bhí na siopaí sa lárionad agus an t-ollmhargadh páirteach le linn Sheachtain na Gaeilge, mar aon le siopa an phoitigéara agus na cógaslainne. Tá comharthaí á n-úsáid acu-----

An é sin taobh amuigh de Sheachtain na Gaeilge?

Mr. Éamonn de Barra

Tá.

Mr. Diarmuid Mac Giolla Ruaidh

Is comharthaí buana iad. Níl sé ina chuid den fheachtas Gaeilge ach de bharr go bhfuil siad ar an bpríomhbhóthar agus go dtagann Gaeilgeoirí isteach ina gcuid siopaí. Dúirt an lucht gnó nach gcosnódh sé-----

An bhfuil pleananna ag an gcoiste an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí taobh amuigh? Táim ag smaoineamh ar líonra Gaeilge agus na rudaí atá ag teastáil

Mr. Proinsias Ó Conghaile

Ba mhaith liom rud a rá. Ag féachaint ar Bhaile Munna anois, i láthair na huaire, ní hé sin an Baile Munna a bhí againn deich nó 20 bliain ó shin. Fiche bliana ó shin bhí an Ghaeilge an-mhór i mBaile Munna agus bhí rudaí mar sin ag tarlú ansin maidir leis na siopaí. Níl aon siopaí i mBaile Munna againn anois. Tháinig an regeneration isteach. Rinne siad jab. D'imigh siad. Níl ach cúpla siopa againn anois. Is áit dhifriúil í anois seachas mar a bhí sí nuair a thosaíomar ar an bplean. Anois, táimid ag tosú arís. Nuair a bhítear ag caint faoi 40 bliain ó shin, chuamar ar laethanta saoire thíos go dtí Maam Cross leis an Uasal de Barra agus bhí an scoil ar fad linn ann. Níl sé sin ag tarlú anois ach caithfimid tosú arís. Níl Baile Munna-----

Níl sé mar an gcéanna.

Mr. Proinsias Ó Conghaile

-----mar a bhí sé. Gach deich mbliana tosaíonn rudaí agus bíonn sé mar sin, mar shampla, i Scoil an tSeachtar Laoch 40 bliain ó shin, Scoil Setanta, 30 bliain ó shin-----

Mr. Éamonn de Barra

Gaelscoil Bhaile Munna.

Mr. Proinsias Ó Conghaile

-----agus sna Gaelscoileanna ar fad

Tá sé sin ceart go leor.

Mr. Proinsias Ó Conghaile

Tá gach rud ag teacht arís agus tá pleananna againn ach caithfimid tosú arís.

Mr. Diarmuid Mac Giolla Ruaidh

Ar an bpointe sin, fuaireamar amach nuair a thosaíomar an feachtas seo dhá bhliain ó shin gur chuir sé athbheochan sa tsuim sa Ghaeilge i measc an phobail Ghaeilge a bhfuil ann i láthair na huaire agus tháinig breis daoine isteach ar an bhfeachtas. Tá súil againn má leanaimid ar aghaidh go mbeidh go bhfaighfear i bhfad níos mó comharthaí agus rudaí eile.

Mr. Éamonn de Barra

Ar ábhar na gcomharthaí, bíonn an buy-in direct ó na comhairleoirí. Thugamar léiriú nó aitheasc os comhair na comhairle nuair a bhíomar i mbun an ruda - is é an north-west region atá i gceist le Baile Munna - agus bhí an chomhairle ar fad ar bord leis. Dá mbeadh an líonra Gaeilge seo á fháil nó á lorg againn, bheimis ag dul i gcomhairle léi siúd chun a leithéid sin a dhéanamh, agus na comharthaí agus gach rud a thabhairt isteach. Bhí an-tacaíocht á fáil againn uaithi maidir leis seo agus bheadh an comhrá sin againn go furasta agus tá an nasc sin againn léi.

Chuala mé an tUasal de Barra agus duine eile ag rá go bhfuil cainteoirí ag labhairt a lán Béarla agus mar sin de.

B'shin a chualamar ar an gcoiste seo, ó dhaoine óga go háirithe.

Bíonn daoine ag labhairt Gaeilge i gCumann Setanta gach lá. Aon uair a bhí mé ann is as Gaeilge a bhí mé ag labhairt. Tá Gaeilge bheo ann. Caithfimid fís a fháil agus í a bheith ag gach duine anseo an Ghaeilge a chur chun cinn agus gan a bheith ag smaoineamh faoi dhuine nach bhfuil ag déanamh rudaí áirithe. Caithfimid ár bhfócas a chur ar an bplean atá ag an gcoiste chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Ní raibh scoil Ghaeilge amháin i bhFionnghlas 16 bliana ó shin. Anois tá ceann ann, tá sé plódaithe le daoine agus tá liosta feithimh ann. Bhí mé féin agus Seán Ó Donaile, príomhoide Ghaelscoil Bharra, ag lorg foirgnimh 16 bliana ó shin. Féach anois cad atá ag tarlú i bhFionnghlas agus i mBaile Munna. Tá a lán daoine ann agus tá ocras ann le haghaidh na Gaeilge i measc na dtuismitheoirí agus na ndaoine óga freisin. Caithfimid an t-ocras sin a shásamh.

Nuair a thosaigh Ballymun Regeneration Limited, BRL, bhí sé ar phlean an tionscadail sin scoil dara leibhéal a chur i mBaile Munna. Ná déan dearmad faoin rud sin. Tá an leabharlann in aice Scoil Setanta ag bogadh agus tá seans go bhfaighimid an foirgneamh sin le haghaidh rudaí eile maidir leis an nGaeilge agus aonad Gaeilge a chur san áit sin. Tá an-chuid rudaí ag tarlú ann agus caithfimid troid.

Bhí mé ag féachaint ar na rudaí atá ag tarlú ar fud Bhaile Átha Cliath agus áiteanna eile. Tá scoileanna Béarla i ngach áit agus níl scoileanna Gaeilge ag fáil cothrom na Féinne.

Mr. Éamonn de Barra

Bhí ceist ag an gCathaoirleach faoi fhéinmhuinín, na botúin agus ar fhoghlaíomar aon rud ó na botúin sin. Is rud amháin é ligean le daoine. Tá an ceart ag na daoine nuair a deir siad go bhfuil daoine ardnósach maidir leis an teanga i measc na nGaeilgeoirí . B'shin fadhb an-mhór.

Maidir leis na botúin, fág fúthu é. Má bhíonn botúin nó an ghramadach lochtach ann mar labhraím Gaeilge agus dá stopfaí aon duine ar an tsráid lasmuigh agus dá gcuirfí ceist orthu faoin mBéarla atá acu agus struchtúr na habairte sin, agus dá mbeadh an Béarla díreach mar an teanga amháin a bheadh acu, fág fúthu é. Má bhíonn roinnt Gaeilge acu-----

Tuigim é sin ach bhí mé ag iarraidh a fháil amach ón Uasal de Barra cad iad na botúin a rinne a ghrúpa agus cad í an chiall cheannaithe atá acu.

Mr. Éamonn de Barra

Bheadh cur amach níos mó ag an Uasal Breathnach.

Mr. Proinsias Ó Conghaile

Ní dóigh liom go bhfuil a lán botún déanta leis an bhfírinne a rá. Tá pleananna déanta amach-----

Cad iad na dúshláin seachas na botúin, b'fhéidir? Bhí mé ag iarraidh a fhoghlaim mar go bhfuil an Ghaelscoil seo ina heiseamláir d'áiteanna eile. Tá ardmholadh tuillte aici. Uaireanta, nuair a thosaíonn rud, bíonn botúin. Ag breathnú siar, dhéanfaí i mbealach difriúil é. Is é sin an rud a bhí i gceist agam.

Mr. Proinsias Ó Conghaile

Aontaím leis an gCathaoirleach nuair a bhíonn sé le teacht fós. Má tá sé i gcroí an duine é a dhéanamh, déanann an duine é agus is é sin é. Caithfidh sé a bheith ansin, i gcroí an duine, le go ndéanfaí é.

Táimid lánchinnte go n-éireoidh leis an bplean atá againn anois agus go mbeimid in ann é seo a dhéanamh, mar a dúirt an tUasal de Barra, tríd an tír ar fad. Éireoidh sé, cinnte.

Mr. Éamonn de Barra

Más féidir le Baile Munna é a dhéanamh, is féidir le haon ghrúpa a dhéanamh. Má fhéachtar ar an eiseamláir atá bainte amach, agus chuir an Seanadóir O'Reilly an cheist níos túisce maidir leis an bhfáth nach bhfuil a leithéid ag tarlú i ngach áit, cad iad na hábhair-----

B'shin an cheist a bhí á cur ar an nGaelscoil-----

Mr. Éamonn de Barra

Is é an rud ná go bhfuil coiste láidir ag teastáil, foireann atá ar aon tuairim faoin sprioc atá acu, agus easpa easaontais ann, mar ní bhíonn easaontas eadrainn mar níl aon duine ag lorg tús áite in aon rud sa choiste seo. Tréaslaím leis an Teachta Ellis, le Fianna Fáil chomh maith, agus le Fine Gael faoi gur tháinig gach duine chun obair le chéile ar an rud seo. Nuair a bhíonn aontas ann, tarlaíonn rudaí. Is é sin an fáth a dteipeann aon rud, nach ea, nuair a bhíonn easaontas ann.

Taobh thiar de seo, is leis an mbeirt duine atá os ár gcomhair anois a thosaigh gach rud i mBaile Munna agus tá siad páirteach i ngach rud dearfach, nach mór, atá tarlaithe sa cheantar le 40 bliain anuas. Is gá an dúil agus an croí a bheith ann agus gan féachaint síos an srón ar aon duine. Is é sin an rud a dhéanann an bheirt acu siúd. Is í sin an draíocht: gan féachaint síos an srón ar aon duine.

Mr. Diarmuid Mac Giolla Ruaidh

Ar an bpointe sin go díreach-----

Beidh sé seo ina fhocal scoir ag an Uasal Mac Giolla Ruaidh.

Mr. Diarmuid Mac Giolla Ruaidh

Tá sé an-deacair botún a dhéanamh nuair atá an duine ag seasamh ar thalamh fíorbhuan. Cuireann gach rud a tharla go dtí seo leis an méid atá á chur roimhe. Nuair a thosaíomar ár bhfeachtas i gcomhair an Ghaelcholáiste, mar chéad phíosa eile den scéal agus le forbairt phobal na Gaeilge i mBaile Munna, ní rabhamar in ann aon rud mícheart a dhéanamh. Mar a dúirt an tUasal de Barra, bhí an onóir agam gur toghadh mise i mo chathaoirleach ach d’fhéadfadh aon bhall anseo a bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach. D'fhéadfainn imeacht agus bheinn lánsásta go ndéanfaidís jab den scoth chun an rud a chríochnú agus an Ghaeilge a chur chun cinn.

Gabhaim buíochas leis an Uasal Mac Giolla Ruaidh. Is annamh a bhíonn an deis againn fís, díospóireacht nó caint a bheith againn faoi fhís sa seomra seo. Is iontach go bhfuilimid ag caint faoi fhís na Gaeilge agus í sin ar fud na tíre.

Gabhaim buíochas lenár n-aíonna go léir agus tá súil agam go mbeidh siad os ár gcomhair arís - b'fhéidir nach mbeimid féin ann - i gceann bliana chun an dul chun cinn a fheiceáil.

Ní féidir gan a rá go mb’fhéidir go mbeidh cothromaíocht inscne i gceist an chéad uair eile. Is maith liom na fir ach is maith liom cothromaíocht inscne freisin. Gabhaim buíochas leis an Uasal McCabe, an tUasal Mac Giolla Ruaidh, an tUasal de Barra, an tUasal Ó Conghaile, an tUasal Breathnach, an tUasal Martin Matthews, agus an tUasal Maureen Matthews.

Tá deireadh leis an seisiún poiblí anois agus tá an cruinniú curtha ar athló sine die.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 5.50 p.m. go dtí 4 p.m., Dé Máirt, 24 Meán Fómhair 2019.
Top
Share