Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán debate -
Tuesday, 22 Oct 2019

Díolúine ó Staidéar na Gaeilge: Plé

Tá leithscéal amháin faighte againn ón Seanadóir Ó Donnghaile. Táimid anseo inniu chun plé a dhéanamh ar na rialacha a bhaineann leis an díolúine ó staidéar na Gaeilge. Cuirim céad míle fáilte roimh an Ollamh Pádraig Ó Duibhir, leas-dhéan institiúid oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; an tOllamh Máirín Nic Eoin, ollamh emerita Fiontar agus scoil na Gaeilge Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; agus an Dr. Colin Flynn, ollamh cúnta, Fiontar agus scoil na Gaeilge Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Go raibh míle maith acu as teacht anseo. Tá an cur i láthair léite agam. Tá sé thar a bheith suimiúil agus táim féin agus na baill eile ag tnúth leis an deis ceisteanna a chur faoi.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009 go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Bí cúramach.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Táimid an-bhuíoch don choiste as an deis a thabhairt dúinn teacht anseo chun ár gcuid tuairimí a nochtadh agus a gcuid ceisteanna a fhreagairt ar an ábhar seo. Is dócha gur ábhar é a bhfuilimid buartha faoi, mar a bhí soiléir ón ráiteas a chuir mé isteach chuig an gcoiste, agus is dóigh linn gur rud tromchúiseach atá ann. Ó tharla go bhfuil an ráiteas tosaigh léite ag an gCathaoirleach, beimid an-ghonta.

Ceann de na príomhphointí ná go raibh díolúine ar staidéar ar an nGaeilge á cur i bhfeidhm ó na 1970í i leith. Ag an am, bhí an córas oideachais an-difriúil ná mar atá sé sa lá atá inniu ann ó thaobh líon na ndaltaí atá sna ranganna de agus ó thaobh tacaíochtaí do pháistí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu de agus mar sin de. Tá prionsabal an ionchuimsitheacht go láidir sa chóras anois, agus cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna é sin chun cinn go mór. Rinne an chigireacht athbhreithniú ar an gcóras a bhí i bhfeidhm, agus cuireadh próiseas comhairliúcháin ar bun ansin i ndeireadh 2018, thart ar mhí na Nollag. Síneadh amach é go dtí an athbhliain mar bhí an oiread sin suime ann. Léirigh an chigireacht go bhfuil go leor fadhbanna leis an gcóras a bhí ann ag an am.

Inár dtuairim, d'fhéach an Roinn leis na fadhbanna sin a réiteach seachas a cheistiú an bhfuil bunús a thuilleadh le díolúine sa lá atá inniu ann. An rud atá á rá againne ná nach bhfuil i ndáiríre agus nach bhfuil sé ar fáil i dtíortha eile. Níl sé ar fáil i gCeanada don Fhraincis, mar shampla, agus níl sé ar fáil sa Bhreatain Bheag don Bhreatnais mar déarfadh na daoine sa tír sin gur cur chuige ionchuimsitheach atá ann agus go gcuirtear an curaclam inoiriúnaithe do riachtanais agus do chumas foghlama na ndaltaí. Mar sin, níl a leithéid ann agus sain-mhíchumas foghlama teanga, agus léiríonn an litríocht é sin. Níor cuireadh an cheist cheart ag an tús nuair a bhí an t-athbhreithniú agus an próiseas comhairliúcháin ar bun, agus bhí an próiseas lochtach dá bharr. Sin an méid atá le rá agamsa. Ligfidh mé don Ollamh Nic Eoin agus don Dr. Flynn cúpla focal a rá.

Professor Máirín Nic Eoin

Déarfaidh mise cúpla rud faoi na trí chomhthéacs ar leith, nó na himthosca eisceachtúla mar a thugtar orthu sna ciorcláin leasaithe. An ceann is mó a bhfuilimid buartha ina thaobh ná na sainriachtanais fhoghlama. An t-ábhar imní is mó atá orainn ná faoi na rialacha nua, ina gcás siúd go gcuirfidh siad céatadán níos mó daltaí ná riamh sa chatagóir sin agus go gcuirfear éileamh ar dhíolúintí in áit éileamh ar thacaíochtaí breise foghlama. An bhunfhadhb a bhaineann le córas na ndíolúintí ná go bhfuil sé tar éis nasc an-láidir a chruthú in aigne an phobail, agus go háirithe in aigne tuismitheoirí, idir dhíolúintí agus leas páistí. Tá a fhios agam féin mar thuismitheoir a bhfuil taithí phearsanta agam ar an speictream uathach, mar shampla, agus ar na seirbhísí oideachais a chuirtear ar fáil do pháistí ar an speictream uathach. Chuala mé tuismitheoirí ag fiosrú faoi dhíolúintí sula raibh a gcuid páistí tosaithe ar scoil fiú. Chuala mé tuismitheoirí a raibh a gcuid páistí ag réiteach don teastas sóisearach ag fiosrú faoi dhíolúintí ardteistiméireachta sula raibh an teastas sóisearach déanta fiú. Is dúshlán an-mhór a bheidh ann an nasc sin a bhriseadh ach is é coincheap na díolúine is bun leis.

Déarfaidh mé cúpla rud faoi na trí thosc. Fáiltímid roimh an ardú ar inimircigh ó 11 bliana d'aois go dtí 12 bliana d'aois atá luaite ansin, ach ag an am céanna, braithimid gur chóir freisin go mbeadh spreagadh ann do na daltaí seo, is cuma cén aois a bhíonn siad, nuair a thagann siad isteach sa tír. Ba chóir go mbeadh prionsabal an difreáilte agus prionsabal an ionchuimsitheacht i bhfeidhm ansin freisin, agus é ceangailte le polasaí leathan imeascadh. Tagraím do eisimircigh, is é sin daltaí Éireannacha atá ag athrollú tar éis tréimhse thar lear, agus tá trí bliana thar lear luaite ansin. Ceapaimid go bhfuil sé sin i bhfad róghearr i gcás na bunscoile agus gur chóir é a shíneadh ar a laghad go dtí tréimhse cúig bliana. Arís, áfach, bheimis den tuairim go bhféadfadh daltaí a bhí imithe ar shiúl ón tír seo ar feadh trí bliana tairbhe a bhaint as an gcuraclam Gaeilge agus teacht ar ais, ach clár tumtha nó clár speisialta a bheith curtha ar fáil dóibh.

Tagraím do shainriachtanais fhoghlama daltaí. Seo an cheist is práinní ar fad anseo. Tá sé an-tábhachtach a aithint go bhfuil gné an-dearfach agus an-fhorásach ag baint le cuid de na hathruithe atá déanta. Ceann acu sin is ea go bhfuil cead ag scoileanna cinntí a dhéanamh iad féin anois cur isteach ar thacaíochtaí do pháistí bunaithe ar a shainiú féin ar riachtanais. Is é sin le rá nach gá don pháiste diagnóis chliniciúil a bheith aige nó aici le go bhfaigheadh sé nó sí na tacaíochtaí foghlama a bheadh ag teastáil uaidh nó uaithi. Tá sé sin le moladh go hard. An fhadhb a bhaineann leis ná go bhfuil an prionsabal dearfach forásach sin á cheangal anois le próiseas na ndíolúint agus is ag an scoil freisin atá sé an cinneadh a dhéanamh faoi dhíolúine. Ba chóir go mbeadh a leithéid de chur chuige ina thaca mór don difreáil mar go bhféadfadh na scoileanna na tacaíochtaí breise agus na hacmhainní breise a fháil, ach is í an fhadhb ná go bhfuil sé á cheangal le ceist na ndíolúintí. Ní bheidh gá le diagnóis chliniciúil nó le measúnú síceolaíoch. Fágfaidh sé an cinneadh deireanach ar ghualainn phríomhoidí agus beidh brú mór á chur ar na príomhoidí.

Braithimid go bhfuil na critéir scaoilte go maith. Tá gné amháin ina measc a bhfuil cuma na hoibiachtúlachta uirthi agus sin an ghné a bhaineann le tástálacha caighdeánacha agus páistí a bheadh ag an deichiú peircintíl níos lú ná sin. Is tástálacha caighdeánacha bunaithe ar noirm iad siúd. Bíonn 10% de phobal na scoile ag an deichiú peircintíl nó faoina bhun. I ndáiríre, tá an chuma ar an scéal go mbeidh 10% i dteideal díolúine ar bhunriachtanais fhoghlama de réir na critéir leasaithe. B'fhéidir go ndéarfaidh an Dr. Flynn níos mó.

Dr. Colin Flynn

Cuirim fáilte roimh an deis cúpla focal a rá. Tá go leor de na pointí a bhí le déanamh agam déanta ag mo chomhghleacaithe cheana. Mar sin, ní rachaidh mise i bhfad sa scéal leis an méid atá le rá agamsa. Luaigh an tOllamh Nic Eoin cuid de na-----

Glac do chuid ama. Tá sé tábhachtach é seo a mhíniú dúinn. Níl aon deifir.

Dr. Colin Flynn

Ceart go leor. Tagraím do na cúinsí speisialta ar a mbronnfar díolúintí ón staidéar ar an nGaeilge. Deirtear go bhfuil deacrachtaí ag baint leis an fhoclaíocht atá sa chiorclán mar atá faoi láthair. Luaigh an tOllamh Nic Eoin ceist na haoise, agus is 12 bliana d'aois atá luaite ansin mar aois ar leith. Má fhaigheann duine oideachas taobh amuigh den tír suas go dtí an aois sin, bheadh sé nó sí i dteideal díolúine. Tagraím don taighde a bhaineann le ceist na haoise agus foghlaim teangacha breise. Ní léiríonn an taighde sin go mbíonn buntáiste ar bith ag páistí óga a fhoghlaimíonn teanga faoi 12 bliana d'aois nó ag aon aois ar leith.

I ndáiríre, i gcomhthéacs na scolaíochta, léiríonn an taighde go bhfuil buntáiste ag páistí atá níos sine de bharr go bhfuil forbairtí cognaíoch níos forbartha acu agus go bhfuil scileanna cognaíoch níos forbartha acu. Cuidíonn sé sin leo dul i ngleic leis an gcineál teagaisc agus an cineál foghlama a tharlaíonn taobh istigh den seomra ranga. In ainneoin gur dul chun cinn é an t-ardú a tháinig ar an aois atá luaite leis an chritéir sin, ar an iomlán níl bunús le haois ar leith a bheith luaite ansin.

Anuas air sin, tagraím don tréimhse trí bliana amuigh den tír a luaigh an tOllamh Nic Eoin. Arís, níl aon mhíbhuntáiste, ag brath ar an aois a tharlaíonn sé, ag baint le teacht ar ais ag an churaclam Gaeilge i ndiaidh na haoise sin nó i ndiaidh na tréimhse sin.

Tá na critéir a bhaineann leis na deacrachtaí foghlama níos casta agus níos conspóidí arís. Tá cuid den fhoclaíocht atá sa chiorclán mar atá doiléir agus lom. Mar shampla, luaitear go gcaithfidh cruthúnas a chur ar fáil go raibh deacrachtaí ar leith ag an dalta thar am nó "over time" atá luaite sa leagan Béarla. Ní luaitear cé chomh fada agus ba cheart go mbeadh na deacrachtaí sin ag an dalta nó cé chomh fada agus a bheadh an taifead ar na deacrachtaí sin. Luaitear deacrachtaí a bhaineann le litearthacht agus teanga i nGaeilge nó i mBéarla agus d'fhéadfadh sé sin deacrachtaí a chruthú freisin, mar arís sa litríocht taighde, ní léir go mbíonn baint ag scileanna teanga sa chéad teanga le scileanna foghlama an dara teanga. Luaigh mé go bhfuil cuid den fhoclaíocht seo lom.

Ní leor trí phointe le hurchar le cur síos a dhéanamh ar an gcineál taifid gur gá a choinneáil. Luann sé, mar shampla, athbhreithniú ar riachtanais fhoghlama an dalta. Cén cineál próiseas athbhreithnithe atá i gceist? Níl sé luaite. Anuas air sin, deireann sé gur cheart aidhmeanna nó cuspóirí a leagan amach don dalta. Níl aon phlé sa chiorclán ar cén cineál cuspóirí gur ceart a leagan síos. Anuas air sin ar fad, mar a luaigh an tOllamh Nic Eoin ansin, ceann de na deacrachtaí is mó a bhaineann leis an phróiseas seo ná, i gcomhthéacs an chiorcláin nua agus i gcomhthéacs na dtreoracha nua, go dtiteann an cinneadh siar ar an phríomhoide agus, faraor, ní oibríonn príomhoidí i bhfolús. Bíonn brú ann ó thuismitheoirí, ó mhúinteoirí agus ón chóras oideachais trí chéile. Anuas air sin, b'fhéidir go mbíonn tuairimí acu féin ar na ceisteanna seo. In ainneoin nach gcuirtear i leith an phríomhoide go ndéanfadh sé nó sí cinneadh ar chúiseanna nach raibh ar leas an pháiste, ní tharlaíonn na cinntí seo i bhfolús agus b'fhéidir go mbeadh brú aisteach ar an phríomhoide sin.

Chun comhthéacs a chur air seo, tá an cinneadh déanta agus tá an riail i bhfeidhm anois, agus an rud atá ag teastáil ó na finnéithe taobh amuigh de seo ná go mbeadh monatóireacht déanta gach uile bhliain. An é sin é? Cad atá i gceist ag an bpointe seo? Chuir siad aighneacht isteach i bpróiseas comhairliúcháin agus níor glacadh leis na moltaí a chuir siad isteach. Rinne an Roinn an cinneadh gan iad.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Táimid go láidir den tuairim nach próiseas comhairliúcháin ceart bailithe a bhí sa mhéid is go raibh an tuarascáil a rinne an chigireacht thar barr ó thaobh cur síos an-chuimsitheach a dhéanamh ar na deacrachtaí a bhí leis an gcóras mar a bhí sé.

B'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais go dtí sin. Níl mé ag rá gur ghlac na finnéithe leis an bpróiseas comhairliúcháin.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Ceart go leor.

Ní sin atá i gceist ach tá sé críochnaithe-----

Professor Pádraig Ó Duibhir

Tá sé istigh anois agus is dócha-----

Rachaimid ar ais ag an bpointe seo go dtí na lochtanna a bhí ann, mar feicim go bhfuil siad luaite go minic ag na finnéithe agus ansin rachaimid ar ais.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Go hidéalach, ba bhreá linn go ndéanfaí é a aistarraingt. Ní tharlóidh sé sin ach sin an rud gur mhaith linn mar gheall ar an deacracht a bhí againn leis an bpróiseas comhairliúcháin. Sa chás nach féidir é sin a dhéanamh, molaimid go ndéanfaí monatóireacht an-chúramach air. Tá sé deacair a rá cad é an réiteach gan dul isteach sna cúiseanna.

Is féidir dul isteach ansin. Níl mé ag iarraidh bac a chur ar na finnéithe. Bhí mé ag iarraidh a fháil amach cad atá uathu ag an bpointe seo.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Go hidéalach, táimid ag iarraidh go ndéanfaí é a aistarraingt. Sin an rud a dúramar ag an deireadh. Táimid ag iarraidh ar an gcomhchoiste iarraidh ar an Roinn Oideachais agus Scileanna an ciorclán a aistarraingt.

Dr. Colin Flynn

Anuas ar an méid a dúirt an tOllamh Ó Duibhir ansin, faoi mhír 7 sa chiorclán, deir sé go ndéanfaidh an Roinn monatóireacht agus athbhreithniú ar an pholasaí. Luaitear go ndéanfaidh an Roinn an mhonatóireacht sin i ndiaidh dhá bhliain agus ó am go chéile i ndiaidh sin. Tá soiléiriú ag teastáil ansin faoin chineál athbhreithnithe a dhéanfaidh an Roinn. Má tá aon leasú le déanamh ar an chiorclán mar atá, b'fhéidir go bhféadfadh sé tréimhse níos giorra ná sin a lua. Is féidir le go leor tarlú taobh istigh de dhá bhliain. D'fhéadfadh go leor páistí díolúintí a fháil idir an dá linn, agus má tá deacrachtaí ag baint leis na sonraí atá sa chiorclán, b'fhéidir go bhfuil tréimhse dhá bhliain rófhada.

An raibh cur i láthair i gceist don Choiste um Oideachas agus Scileanna? An raibh na finnéithe os comhair an choiste sin?

Dr. Colin Flynn

Ní raibh.

Gabhaim buíochas do na finnéithe as an chur i láthair. An bhfuil an ciorclán i bhfeidhm anois?

Dr. Colin Flynn

Tá.

Cén dáta a tháinig sé i bhfeidhm?

Professor Pádraig Ó Duibhir

Ag tús na bliana acadúla seo.

Sin mí ó shin nó mar sin de. Rinne na finnéithe aighneacht, bhí próiseas ansin, agus níor éisteadh leis an aighneacht a rinne na finnéithe, agus seo an rogha is fearr anois. Cad iad na himpleachtaí má théann an Roinn ar aghaidh leis an chiorclán mar atá sé síos an bóthar? Mar a dúirt an Dr. Flynn, is fiú rud éigin a chur sa chóras i dtaca le hathbhreithniú a dhéanamh ar seo síos an bóthar. An mbeidh sin an crosbhealach is fearr chun déileáil leis seo nó an fearr déileáil leis anois ó thaobh seo againne de? Níl an coiste seo ceangailte leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, ach ó thaobh na Gaeilge de, tá sé de cheart againn aighneacht a chur isteach ag an Roinn. Fágfaidh mé sin ag an Chathaoirleach. Sin cúpla ceist chun soiléiriú a fháil air seo.

Professor Máirín Nic Eoin

Tá na bunfhadhbanna a d'aithin muid leis an bpróiseas agus leis an gcóras aitheanta agus pléite go mion sa tuarascáil taighde a chuir cigirí na Roinne Oideachais agus Scileanna le chéile. Istigh ansin, tá fianaise ó phríomhoidí agus tá fianaise ag na síceolaithe atá agus a bhí fostaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus a bhí mar chuid den chóras roimhe sin. Dá bhrí sin, dá bhféadfadh an t-athbhreithniú a dhéanann an Roinn ar chur i bhfeidhm an rud seo díriú go sonrach ar na gnéithe sin, bheadh sé sin ina chuidiú. Mura ndéanfar an rud a aistarraingt, dá mbeadh stádas píolótach fiú ag na ciorcláin leasaithe, ba fheabhsú éigin é sin agus b'fhéidir go mbeadh sin ina chéim chun tosaigh. Go hidéalach, ba mhaith linne go mbeadh diancheistiú á dhéanamh ar choincheap na díolúine féin, agus bhí sin mar argóint láidir inár n-aighneacht chuig an Roinn.

Chomh maith leis na ceisteanna a bhaineann leis seo do na páistí atá i gceist a fhaigheann díolúine, tá an-dochar á dhéanamh ag córas na ndíolúintí d'íomhá na Gaeilge mar ábhar sa scolaíocht trí chéile. Arís, sin rud a d'aithin na cigirí sa Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá sé mar chuid den tuarascáil taighde acu agus tá sé ráite ag na síceolaithe de chuid an National Educational Psychological Service, NEPS, a bhí rannpháirteach sa taighde sin. Tá rudaí tromchúiseacha ann maidir leis an gcuraclam agus maidir leis an ngaol idir pholasaí ionchuimsithe an Stáit seo i gcúrsaí oideachais agus polasaí curaclaim agus ionad na Gaeilge mar chuid den pholasaí curaclaim sin.

Professor Pádraig Ó Duibhir

An 11 Lúnasa a bhí ann nuair a tháinig an ciorclán seo amach, an lá sular scaoileadh torthaí na hardteistiméireachta. Thuig mé láithreach bonn go ndéantar é sin nuair atáthar ag iarraidh rud a chur i bhfolach mar go mbeadh lucht na meán cumarsáide san earnáil oideachas gafa leis na ardteistiméireachta an lá dár gcionn.

Bíonn a fhios láithreach go bhfuil rud éigin cearr nuair a fhógraítear rud i lár an tsamhraidh, an lá roimh thorthaí na hardteistiméireachta.

Ag fágáil cúrsaí Gaeilge ar leataobh, is droch-chinneadh amach is amach é seo, ó thaobh mo chuid taithí sa chóras oideachais. Bhí tuarascáil na cigireachta ar fheabhas, ach níor aontaigh na ciorcláin leis an rud a bhí i dtuarascáil na cigireachta in aon chor. Screadann sé seo ormsa mar oideachasóir go bhfuil sé mícheart, de bharr nach dtéann sé le haon rud eile a deir an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi pholasaí ionchuimsitheach. Dá ndéarfainn mar phríomhoide go bhfuil fadhb bheag agam agus go bhfuil mé chun páiste a chur amach, déarfar nach féidir glacadh leis sin agus go gcaithfidh mé an curaclam a chur in iúl don pháiste. Bheadh an ceart ar fad ag duine é sin a rá. Sin an polasaí atá i bhfeidhm i ngach réimse eile ach amháin an Ghaeilge. Ní théann sé seo le comharthaí na Roinne ó thaobh aon pholasaí oideachais eile. Seasann sé amach domsa ós rud é go bhfuil contrárthacht iomlán anseo. Tá sé mícheart, fiú nuair a fhágtar an Ghaeilge ar leataobh. Cad a deir sé seo faoin nGaeilge, má thugtar an Ghaeilge isteach sa phictiúr arís? Léiríonn sé gur rud breise í an Ghaeilge, do dhaoine atá éirimiúil, go bhfuil sí deacair a foghlaim agus nach mbaineann sí ach le daoine áirithe. Tá an polasaí seo tromchúiseach, dár linne, mar gheall ar na teachtaireachtaí atá á cur amach.

Léigh mé an tuarascáil. Níor foilsíodh an tuarascáil ar an gcomhairliúchán go dtí go raibh na ciorcláin istigh i mí Mheán Fómhair. Cad is fiú iad a léamh anois agus an beart déanta? Bhí cur chuige na Roinne go hiomlán mícheart dar liom. Ghlac 11,000 duine páirt sa chomairliúchán seo. Sin an líon is mó riamh. Ba chóir féachaint ar an gcaoi ar cuireadh i bhfeidhm é. Cuireadh isteach thart ar 145 aighneacht, ina ndeir tuismitheoirí rudaí a dhéanfadh an-bhuartha dóibh faoi na páistí agus an chaoi ina bhfuil an curaclam curtha i bhfeidhm i roinnt áiteanna. Dúirt tuismitheoir amháin go mbíonn scrúdú Gaeilge gach Aoine, agus go dteipeann ar a pháiste agus go bhfuil sí ag dul ag an dochtúir ag fáil CT scans agus rudaí mar sin. Téann mo chroí amach don duine sin, ach níl an fhadhb leis an nGaeilge ansin; tá an fhadhb leis an múinteoireacht sa scoil atá ag cur córas mar sin i bhfeidhm. Ní hí an Ghaeilge an fhadhb; an fhadhb ná an chaoi a múintear í. Má chuirtear na tuairimí go léir sa tuarascáil san áireamh, d’fhéadfaí teacht suas le córas cothrom agus crinn, a chloíonn leis na prionsabail. Ní théann sé seo le polasaí na Roinne in aon réimse eile agus ní théann sé leis an taighde idirnáisiúnta.

Nuair a insím do thaighdeoirí agus oideachasóirí eile i gCeanada, sa Bhreatain Bheag, nó áiteanna eile faoin díolúine, fiafraíonn siad cad é sin. Fiafraíonn siad cén fáth nach bhfuil polasaí ionchuimsitheach againn agus déanann siad iontas cén fáth a dteastaíonn díolúintí. Ní tharlódh sé in áiteanna eile agus ní smaoineodh daoine fiú air. B’fhéidir go raibh cúis leis sna 1970í, de bharr na ranganna móra le 45 nó 50 dalta agus an méid páistí i scoileanna speisialta, ach níor cuireadh an bhuncheist, an raibh bunús leis an rud seo? Is mar gheall air sin go bhfuil sé deacair domsa glacadh leis seo. Déantar monatóireacht mar go bhfuil sé mícheart, ach tá a fhios againn conas an teachtaireacht sin a chur amach.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht an chuir i láthair. Bhí deis agam léamh tríd níos luaithe inniu agus tá an-chuid eolais ann. Cuireann sé ionadh orm nach raibh mé ag labhairt leis na finnéithe roimhe seo. Cheap mé go raibh deis faighte acu é seo a phlé leis an gcoiste oideachais, agus ba chóir go mbeadh an seans sin acu. Beidh deis acu é a phlé anseo agus beimid i dteagmháil leis an gcoiste eile.

Tá cúpla ceist agam mar gheall ar an éileamh. Níl sé seo i bhfeidhm ach cúpla seachtain. An bhfuil sé róluath fós tomhas a dhéanamh ar an éileamh atá ar an gcóras nua? An bhfuil aon taighde déanta mar gheall air sin? Bheadh sé úsáideach chun feiceáil an bhfuil slua níos mó sa tóir air seo. Tuigim go bhfuil sé luath go fóill, ach an bhfuil aon fhigiúirí ann a léiríonn an treo go fóill?

Luadh taighde, nó easpa taighde. An léirítear aon nasc idir an líon daoine le díolúine sa Ghaeilge a théann ar aghaidh ag foghlaim teangacha eile, mar Spáinnis nó Gearmáinis? Tuigim de réir na bhfigiúirí seo go bhfuil beagnach dhá thrian de na daoine a ghlacann leis an díolúine ag foghlaim teangacha eile. An bhfuil aon staidéar déanta air sin, nó an bhfuil aon fhigiúirí nó taighde ar fáil maidir leis sin?

Tuigim nach dteastaíonn nasc idir éileamh ar riachtanais fhoghlama breise agus an díolúine, ach tá ceist agam sa treo sin. Má tá riachtanais tacaíochta breise ó dhuine, an bhfuil gá dóibh cur isteach ar na riachtanais sin roimh dhul sa tóir ar an díolúine, nó an féidir tosú díreach leis an díolúine? An gcaithfear éileamh a dhéanamh ar na háiseanna breise eile ar dtús? Cad atá sa chóras mar gheall air sin?

Luadh go bhfuil an córas seo i bhfeidhm agus go bhfuil tréimhse leagtha síos. An bhfuil a leithéid sin in úsáid i gcomhair teangacha eile, nó an í an Ghaeilge amháin atá i gceist? Tá dhá bhliain mhonatóireachta leagtha síos dó seo, ach an mbaineann tréimhsí monatóireachta le haon ábhar eile? An bhfuil na tréimhsí sin chomh fada nó chomh gairid le dhá bhliain?

Professor Pádraig Ó Duibhir

Maidir le figiúirí, bhí díolúine ag 9.4% de dhaltaí in 2017, agus is dóigh gurb é sin an figiúr a bhí i bhfeidhm don chomhairliúchán. Sa scoilbhliain dheireanach, 2018-2019, d’imigh sé sin suas go 11%.

Sin an méid daltaí nach raibh Gaeilge á staidéar acu.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Sea. Tá muid ag ceistiú an dteastaíonn díolúine ón méid sin. Fiú deir an Roinn nár chóir díolúintí a thabhairt ach i gcásanna annamha agus eisceachtúla, ach dár linne, níl sé annamh agus eisceachtúil má tá an ráta díolúintí ag 11%. Ba cheart dó a bheith níos gaire do 2% nó 3%, is é sin do na páistí atá deacrachtaí foghlama tromchúiseacha acu. Bhí alt ar Tuairisc.ie le déanaí maidir le ceisteanna a chur an Irish National Teachers' Organisation, INTO, ar an Roinn Oideachais agus Scileanna ag lorg soiléiriú ar roinnt pointí. Is léir go bhfuil tuismitheoirí ag dul chuig príomhoidí faoin ábhar seo, agus ní thugann an ciorclán mórán sonraí dóibh, nó ní chabhraíonn sé leo treoir a thabhairt dóibh agus na ceisteanna sin a fhreagairt. Ní féidir linn a rá an bhfuil níos mó de sin i gceist, ach tá tuismitheoirí ag dul chuig príomhoidí ag lorg díolúintí dá bpáistí agus tá na príomhoidí i bponc mar nach bhfuil go leor eolais nó treoir acu. Tá siad ag éileamh ar Chumann Múinteoirí Éireann seasamh ar a son.

Bheadh tuairisc ag an Roinn más rud é go raibh díolúine á thabhairt do pháiste cheana féin. Maidir leis na príomhoidí, an mbeadh ar an bpríomhoide an t-eolas sin a sheoladh ar ais chuig an Roinn ag am éigin faoi leith? Cathain a bheidh an t-eolas sin ar fáil? Bheadh sé sin úsáideach, go háirithe má tá sé ag teacht go luath.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Níl mé 100% cinnte faoi na mionsonraí, ach caithfear tuairisciú go bliantúil. Tá córas ar líne ag scoileanna anois, an primary online database, POD, chun é sin a dhéanamh. Bíonn orthu tuairisciú faoi líon na bpáistí, a n-inscne, agus rudaí mar sin mar chuid den tuarascáil bhliantúil sin.

Tá sé ráite sa chiorclán go gcaithfidh an páiste a bheith tar éis rochtain a fháil ar riachtanais speisialta. D’fhiafraigh an Teachta an gcaithfidh daltaí éileamh ar sheirbhísí tacaíochta sula lorgaíonn siad díolúine. Tá an ceart aige go gcaithfidh sé sin tarlú ar dtús.

Maidir le teangacha nó ábhair eile, níl a leithéid de thaighde ann. Baineann sé sin le stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach, suas go pointe áirithe. Níl an stádas céanna ag go leor ábhar eile. Mar sin, ní bhíonn díolúine i gceist leo.

Dr. Colin Flynn

Cuireadh ceist faoin taighde idirnáisiúnta. Tá na mionsonraí rómhór chun plé anseo, ach go bunúsach, léiríonn an taighde idirnáisiúnta nach bhfuil a leithéid de rud ann le deacracht foghlama faoi leith d’fhoghlaim teangacha breise. Ina alt “Myths About Foreign Language Learning and Learning Disabilities” deir an tOllamh Richard Sparks: "Despite the lack of supporting evidence, the notion that those classified as [learning disabled] will have problems with [foreign language] learning and the idea of [a foreign language learning disability] have gained acceptance over the last few years." Téann sé ar aghaidh agus léiríonn sé leis na céadta píosaí taighde nach mbíonn aon deacracht ag páistí nó fiú daoine fásta le diagnóis de dheacracht foghlama scóir a bhaint amach ag an mheánleibhéal i gcúrsaí teanga. Léiríonn an taighde sin agus taighde eile i réimsí oideachais speisialta nach bhfuil ceangal soiléir idir deacrachtaí foghlama ar leith agus foghlaim teanga. Tá a fhios againn freisin ónar taithí féin gur féidir le páistí go leor a bhaint amach má chuirtear go leor ama agus tacaíochta ar fáil dóibh. Téann sé sin ar ais go dtí an cheist maidir le difreáil i gcur i bhfeidhm an curaclam. Má chuirtear na tacaíochtaí ar fáil dóibh, níor cheart go mbeadh deacrachtaí ar bith ag daltaí marcanna maithe a bhaint amach. Baineann ceisteanna eile leis sin, mar rochtain agus rudaí eile chomh maith.

Tá an taighde idirnáisiúnta measartha soiléir. Sin an fáth nach bhfuil díolúintí ar fáil i dtíortha eile. Bíonn díolúintí nó socruithe speisialta ar fáil i gcás teangacha sna Stáit Aontaithe, mar shampla, ach léiríonn an taighde, áfach, nach n-oibríonn siad nó nach ndéanann siad mórán difríocht. Cé go bhfuil a leithéid de rud ann i dtíortha áirithe eile, níl siad ar fáil sna tíortha thart timpeall orainn ina bhfuil mionteangacha nó teangacha Ceilteacha á fhoghlaim ag na daltaí mar chuid den churaclam náisiúnta.

Professor Máirín Nic Eoin

Cuirfidh mé leis an méid atá ráite mar fhreagra ar an dara ceist a bhí ag an Teachta. Is rud iontach é gur féidir le scoileanna tacaíochtaí breise a fháil, na cláir dhifriúla a chur i bhfeidhm, agus mar sin de. An fhadhb atá ann ná go mbeidh an-chuid dua i gceist ag iarraidh fianaise a fháil go bhfuil páistí i dteideal díolúine, seachas é a dhéanamh ar mhaithe le dul chun cinn an pháiste. Rud a chuireann an-imní orainne ná an critéar go mbeadh páistí sa deichiú peircintíl i dtástáil chaighdeánaithe litearthachta i dteideal díolúine. Tá 10% de phobal na scoileanna sa pheircintíl sin, ós rud é gur tástáil de réir noirm atá ann. Is ábhar buartha breise iad scoileanna DEIS, áit atá an céatadán sin cuid mhaith níos airde, suas go 18%. Is rud é seo atá in intinn tuismitheoirí.

Smaoiním go minic ar na tuismitheoirí, mar bíonn tuismitheoirí le páiste le riachtanais speisialta faoi bhrú an-mhór, agus tá lorg na díolúine mar chuid den bhrú sin. Tá siad feasach faoi na staitisticí seo agus faoin deichiú peircintíl. Dúirt cuid de na tuismitheoirí a sheol aighneacht mar chuid den phróiseas comhairliúcháin go raibh an deichiú peircintíl ró-íseal, agus gur chóir an 20ú peircintíl a úsáid. Tá na tuismitheoirí tógtha leis na slata tomhais seo chun díolúine a fháil in ionad a bheith mar thaca d’fhoghlaim an pháiste. Mura raibh díolúintí ann, is dóigh liom go mbeadh a gcuid fuinnimh ar fad dírithe ar na socrúcháin ar leith gur gá a dhéanamh chun cinntiú go bhfuiltear ag freastal ar an speictream iomlán cumais.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht teacht os ár gcomhair. Deir siad gur chóir go mbeadh daoine i dteideal díolúintí a fháil i gcásanna áirithe ach nach bhfuil ach céatadán an-bheag i gceist ansin. Tá bundhifríocht idir dheacrachtaí foghlama tromchúiseach agus sain-mhíchumas tromchúiseach maidir le foghlaim teanga, agus deir na finnéithe nach bhfuil a leithéid de rud ann leis sin.

Má thuigim an staitistic a tugadh dúinn, tá take-up de 10% nó 11% ar an díolúine. Deir na finnéithe go bhfuil dhá thrian dóibh siúd le díolúine ag déanamh staidéir ar theanga eachtrannach nó teanga eile. Cén chaoi ar tharla sé sin? Ar luadh teangacha eile sa chiorclán nó ar phlé an ciorclán an Ghaeilge amháin agus ní dhearnadh sé aon trácht ar an obvious inconsistency? Níl aon rud ráite faoi theangacha eile agus baineann an uptake leis an nGaeilge amháin. De réir an chiorcláin céanna, an mbeadh daoine i dteideal díolúine a fháil i gcás teanga eile freisin? An bhfuil an Ghaeilge luaite go sonrach?

Professor Pádraig Ó Duibhir

Baineann sé leis an nGaeilge amháin.

Déantar cás ar leith don Ghaeilge.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Tá baint aige leis an nGaeilge a bheith éigeantach. Caithfear é sin a rá mar-----

Tuigim, mar nach bhfuil teangacha eile éigeantach.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Mar a dúirt an Teachta Aindrias Moynihan agus an Seanadóir Mullen, tá dhá thrian de na daltaí atá díolúine acu ó staidéar na Gaeilge ag déanamh staidéir ar theanga eile. Láidríonn sé sin an argóint atá againne agus ag an taighde idirnáisiúnta nach bhfuil aon mhíchumas foghlama teanga i gceist. Anuas air sin, tá riachtanais speisialta oideachais ar nós disléicse, diospraicse, agus speictream an uathachais, ar bheagnach 10% de na daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge agus tá siad ag foghlaim go breá trí mheán na Gaeilge. Tá deacrachtaí agus dúshláin acu ach le tacaíocht. Tá siad fós in ann dul chun cinn a dhéanamh.

Thuig daoine go raibh sé seo ar siúl roimh an gcomhairliúchán agus bhí caint ann go raibh daoine gaming the system, mar a deirtear i mBéarla. Dúirt tuismitheoirí lena bpáistí an díolúine ón nGaeilge a fháil agus go mbeidís go breá sa mheánscoil. D’fhéadfaidís Fraincis nó Gearmáinis a staidéar ach ní bheadh orthu staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge. Baineann sé sin le stádas na Gaeilge. Ón taobh sin de, tá sé cuí dúinn a bheith anseo.

Constaic na Gaeilge.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Ceann de na himpleachtaí a bheidh aige seo amach anseo ná má tá suas go 13% den phobal meánscoile ag déanamh na hardteistiméireachta gan aon Ghaeilge, dar leo siúd atá ag plé leis an oideachas bunscolaíochta, an chéad rud eile ná go ndéarfaidh daoine nár cheart don Ghaeilge a bheith mar riachtanas bunmhúinteoireachta mar go bhfuil an oiread sin daoine nach ndearna aon staidéir uirthi. Má ardaíonn an céatadán díolúine, éireoidh an argóint sin níos láidre. Nuair a éiríonn an córas lag in áit amháin, bíonn tionchar aige ar áiteanna eile. Mar sin, táimid buartha faoi stádas na Gaeilge freisin.

B’fhéidir go bhfuil mé ag dul amú, ach cheapfainn go gcothódh sé sin fadhbanna maidir le sceidil ama agus an amchláir i scoileanna freisin. Ar an mbunús sin, cén seasamh ar ghlac na ceardchumainn maidir leis seo? An raibh siad le cloisteáil faoi in aon chor?

Professor Pádraig Ó Duibhir

Léiríonn tuarascáil na cigireachta go mbíonn na páistí sin ag suí sa seomra ranga fad is atá an rang Gaeilge ar siúl formhór den am.

Sa bhunscoil níl aon áit eile. Tá na páistí sin ina suí ann. Is é an teoiric a bheadh againn nárbh fhearr go mbeidís ag glacadh páirte sa rang agus gan a bheith ag cur scrúdú liteartha orthu agus na rudaí seo atá ag déanamh tinnis dóibh? Cén fáth nach mbeidís ag glacadh páirte sa rang?

Tá brón orm ach níl a fhios agam an bhfuil aon fhreagra ó thaobh na gceardchumann de. Rinne siad ar fad aighneacht ach dhírigh siad isteach cuid mhaith gan an cúram a leagan ar na príomhoidí. Ba shin an rud is mó ó thaobh ualach oibre ar na príomhoidí

Professor Máirín Nic Eoin

Is cóir a chur san áireamh maidir le cuid de na daoine atá sna staitisticí sin gur daoine iad a bheadh tar éis an díolúine a fháil ar bhonn gur inimircigh iad-----

Professor Máirín Nic Eoin

-----nó eisimircigh, ach bheadh roinnt daoine ann a fuair é ar an mbonn sin. Is dóigh liom nach bhfuil an mionbhriseadh síos go beacht againn.

Laistigh den 66%, bheadh go leor díobh ann. Is é atá a rá ag an Ollamh Nic Eoin ná go mbeadh fáth ar leith nach mbeadh an Ghaeilge riachtanach dóibh siúd ach go mbeadh ar a gcumas teangacha eile a fhoghlaim.

Luaigh ár bhfinnéithe an chaoi a raibh an ceistneoir claonta i dtreo na moltaí. Tuigim go dtarlaíonn sé sin ó am go chéile nuair a bhíonn sprioc áirithe laistiar den phróiseas agus go mb'fhéidir go dtarlaíonn sé sin go minic. An bhfuil samplaí ar leith ag ár n-aíonna faoi sin?

Cuirfidh mé mo cheist dheireanach leis seo mar is dócha go bhfuil sé seo ag dul isteach sna mionsonraí beagáinín. Ós rud é go bhfuil an rud seo seolta anois, an bhfuil aon rud praiticiúil, dar lenár n-aíonna, ar féidir linne - bímis sa Rialtas nó nach mbímis - a dhéanamh ag an bpointe seo? Smaoiním ar cheisteanna a ardú sa Seanad nó sa Dáil, nó an bhfuil rud ar leith ar mhaith leo go ndíreoimis isteach air? Táim cinnte go bhfuilim ag caint ar mo shon féin, ach táim ag caint freisin ar son na ndaoine eile anseo a bheadh breá sásta oibriú leo sa mhéid is féidir. Má tá aon deis againn an cheist seo a chíoradh amach anseo, bí cinnte go ndéanfaimid sin.

Dr. Colin Flynn

Tig liom freagra gasta a thabhairt air sin. Ar a laghad tá tuilleadh sonraí á gcur ar fáil faoi chuid de na cúiseanna. Tá an ciorclán sin leathanach ar fad. Níl ach dhá leathanach go leith i gceist sa treoir féin. Tá cuid den chúlra ar an chéad leathanach agus mar sin de. Tá an chuid sin, rannóg a dó den chiorclán, lom ar shonraí, an áit ar cóir dóibh a bheith inti. Má tá ciorclán ann chun treoir a thabhairt do na príomhoidí, mar shampla, faoi cé acu a bhfuil díolúine tuillte nó ag teastáil, is ag an chiorclán a rachaidh siad agus níl go leor sonraí ansin le tacú leis an bpróiseas cinnteoireachta sin. Ar a laghad, d'fhéadfaí brú a chur ar an Roinn tuilleadh sonraí nó soiléiriú a thabhairt, fiú amháin mura bhfuil siad sa chiorclán féin ach ar fáil in áit eile. Is rud amháin é sin a bheadh ina thús.

Professor Máirín Nic Eoin

Chomh maith leis sin, roinnt blianta ó shin - níl dáta ar an gcáipéis ach tá sé ar fáil ar shuíomh Idirlín na Comhairle Náisiúnta Measúnachta agus Curaclaim - cuireadh treoirleabhar le chéile do mhúinteoirí a bhí ag plé le páistí a raibh faoi mhíchumas éadrom. Tá sé an-suimiúil mar cháipéis mar luaitear i réamhrá na cáipéise go mbeadh díolúine ag roinnt mhaith de na daltaí ar a bhfuil an cháipéis dírithe. D'fhéadfaí breis acmhainní den chineál sin a chur ar fáil a léireodh an sórt ruda a d’fhéadfadh a bheith i gceist le difreáil agus go mbeadh normalú á dhéanamh ar an speictream cumais go bunúsach seachas fadhb a bheith á dhéanamh de. Is bunphrionsabal an ionchuimsithe nach fadhb an difríocht seo.

Professor Máirín Nic Eoin

Caithfidh an córas a bheith solúbtha go leor leis an difreáil a dhéanamh. Tá gá le hacmhainní chuige sin: acmhainní daonna, fisiciúla, foghlama agus teagaisc. Dá bhféadfadh an córas níos mó ábhar den chineál sin a ghiniúint agus gan an dá réimse den pholasaí a bheith ag teacht glan salach ar a chéile, chuideodh sé sin go mór.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Sa ráiteas tosaigh, maidir leis an bpróiseas féin, luaigh mé rud a dúirt an Dyslexia Association of Ireland, mar go raibh an comhlachas seo ag iarraidh go mbeadh díolúine ann. Ní aontódh an comhlachas sin le roinnt de na hargóintí atá againn ach mar a dúirt an comhlachas féin, "Many of the questions asked could be answered exactly the same by individuals with diametrically opposed views." Bhí na ceisteanna chomh dona sin i gcásanna áirithe. Bhí ceist amháin, mar a dúirt siad féin, a d'fhéadfadh mise "tá" a rá leis, duine eile "níl" a rá leis, agus an bheirt againn "níl" a rá agus ní bheadh an duine cinnte faoi. Feictear domsa gurb é an t-aon rud a bhí le rá ag an Roinn ná gur thacaigh tromlach na ndaoine a ghlac páirt sa chomhairliúchán leis na rudaí a bhí molta sa chiorclán. Bhí roinnt ceisteanna dúnta nach raibh ceaptha go maith. Ní fheictear domsa gur cuireadh na tuairimí a bhí sna haighneachtaí isteach ann mar an t-aon bhealach, i ndáiríre, a bhí ag duine tuairimí meáite a chur ar aghaidh ná aighneacht a dhéanamh. Ní fhéadfaí brath ar an gceistneoir.

Céard is féidir a dhéanamh? Is féidir ceisteanna sa Dáil a chur, is dócha. B'fhéidir go bhféadfadh an Roinn nó an tAire Oideachais agus Scileanna, nó cibé bealach a oibríonn na rudaí seo, a mhíniú cén bunús taighde nó oideachasúil a bhí leis an gcóras nua agus cén fáth nár tugadh aghaidh ar na lochtanna a fuair an chigireacht féin ar an gcóras sa phróiseas nua.

Luaigh cuid de na comhaltaí an Coiste um Oideachas agus Scileanna, agus ba bhreá linn an deis a bheith againn labhairt ar an gcóras. Dá mbeadh comhairle ag an gcoiste dúinn faoi cén bealach is fearr chun é sin a eagrú, bheimis thar a bheith sásta an deis sin a thapú ar an gcoiste sin, díreach mar atá tugtha ag an gcoiste seo dúinn inniu. Táimid an-bhuíoch do na comhaltaí.

Ba mhaith liom rud éigin a chinntiú i m'aigne féin. Maidir leis an tástáil chaighdeánach, an mbeidh aon duine a bhíonn níos ísle ná an deichiú peircintíl sin i dteideal an díolúine? An mbeidh na daoine i dteideal an díolúine sin scaipthe thar na scoileanna go léir ar fud na tíre, scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna, scoileanna DEIS, agus gach aon scoil? An é sin an scéal?

Professor Pádraig Ó Duibhir

Níl athrú ann nó ní thagann na scoileanna Gaeltachta nó na Gaelscoileanna faoin gciorclán seo. Is do scoileanna a oibríonn trí mheán an Bhéarla amháin é. Is athrú é sin. Tá contrárthacht áirithe ann mar deirtear go bhfuil díolúine ag daltaí atá i rang nó i scoil speisialta go huathoibríoch agus nach gá dóibh cur isteach maidir leis. Is scoil speisialta í Tígh Nan Dooley i gConamara, agus táim féin i mo chathaoirleach ar scoil ina bhfuil ranganna do pháistí a bhfuil ar speictream an uathachais sa scoil sin, agus tá siad ag foghlaim trí Ghaeilge, ach dar leis an gciorclán tá siad i dteideal díolúine go huathoibríoch ó staidéar na Gaeilge. Tá contrárthacht ann do scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge.

An mbeidh córas difriúil ann i gcomhair na scoileanna Gaeltachta?

Professor Pádraig Ó Duibhir

Níl an córas soiléir. Ní thuigeann daoine cá háit a sheasann siad.

Dr. Colin Flynn

Níl siad luaite sa chiorclán agus níl ciorclán ar bith eile ann dóibh. Tá soiléiriú eile agam don Teachta, más féidir liom é a rá. Maidir leis an scór a luaigh sé ar an tástáil chaighdeánach, tá sé sin riachtanach mar aon leis an taifead ar dheacrachtaí foghlama thar tréimhse ama, tréimhse ama nach bhfuil soiléir nó mionsonraithe, ach tá an dá rud ag teastáil le chéile. Ní leor an scór amháin a bheith sa deichiú peircintíl. Caithfidh an scór sin, móide an taifead ar dheacrachtaí foghlama, agus taifead ar iarrachtaí plean speisialta oideachais a leagan amach don pháiste, agus mar sin de.

Cén daonra de na scoláirí a bheadh faoin deichiú peircintíl sin? An 10% a bheadh i gceist?

Professor Pádraig Ó Duibhir

Is 10% é.

Tuigim go bhfuil 11% de dhaoine faoi láthair ag fáil an díolúine. An é sin le rá go gcuirfidh sé seo srian ar an líon daoine, má tá córas nua ann, nó conas a oibríonn sé sin? Is 11% a bhí ann anuraidh agus tá sé sin níos mó ná an deichiú peircintíl.

Professor Máirín Nic Eoin

Tá catagóirí éagsúla faoina ndeonaítear díolúintí i gceist leis an 11%. Ní bhaineann na páistí a tháinig isteach sa chóras ag aois áirithe, páistí na n-inimirceach a bhfuair díolúine ar an mbonn sin, leis an deichiú peircintíl.

Ní bhaineann sé sin leis an 10%. Is é sin an fáth a bhfuil mé buartha faoin 10% mar ciallaíonn sé sin go mbaineann an critéar sin le sainmhíchumas foghlama amháin. Dá mbeadh 10% de dhaonra na scoile i dteideal díolúine ar a mbonn sin, nó a bhféadfadh suas le 10%, bheadh an dream eile a bheadh i dteideal díolúine anuas air sin. Mhéadódh é sin an rud as éadan.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Más féidir liom sampla a thabhairt, tá disléicse ar m'iníon féin. Tá sí ag obair léi agus críochnaithe leis an gcóras oideachais. Ag pointe amháin bhí sí ar an séú peircintíl le haghaidh an litrithe, rud a bhí an-deacracht aici leis. Bheadh sí i dteideal díolúine. D'fhéadfadh duine eile sa rang a bheith ar an séú peircintíl, b’fhéidir, don léitheoireacht nó duine eile a bheith ag an peircintíl céanna don chumas tuisceana. Mar sin tá catagóirí difriúla istigh. Má tá 10% lag ag an litriú, b’fhéidir go mbeidh an duine go maith ag rudaí eile ach ní gá do dhuine ach a bheith lag ag rud amháin. Mar sin ma tá 10% ag catagóirí difriúla, tá gach sans ann go mbeidh 12% nó 13% lag maidir le cumas ar leith eile.

Fiú amháin, maidir leis an gcur chuige sin, níl sé inmholta in aon chor. Tá rogha ann agus is féidir le duine teacht anuas go dtí go bhfuil an duine ag fáil cabhrach ach ar lá amháin má dhéanann an duine scrúdú litrithe nach bhfuil luaite, níl aon treoir do phríomhoidí cén slí ar cheart a úsáid. Má fhaigheann an duine níos lú ná 10% ar an scrúdú litrithe is féidir le tuismitheoir a rá, féach, tá mo pháiste lag ag an litriú, ba cheart go mbeadh díolúine aige nó aici. Tá an rud ar fad an-scaoilte agus ní bheadh an cur chuige sin inmholta ó thaobh tástála de.

Arís, nuair a smaoiním ar m'iníon féin, is tacaíocht leis an nGaeilge a bhí ag teastáil uaithi agus fuair sí cuid de sin agus d'éirigh go breá léi. Tá sé go breá domsa mar is dócha go bhfuil tuiscint agam ar na rudaí sin. Níor cheap mé láithreach nach mbeadh sí in ann é a dhéanamh. Bhí an tuiscint agam, agus ba bhreá an tuiscint a thabhairt do thuismitheoirí eile, fad is nach bhfuil sé ag brath ar an léitheoireacht, go bhfoghlaimeoidh sí an Fhraincis mar a d'fhoghlaim sí ag an meánscoil. Thuig mé gurb é an rud is tábhachtaí ná go mbeadh go leor deiseanna aici an rud a chloisteáil agus teacht i dteagmháil leis an teanga seachas a bheith ag rá leabhar a léamh nó leabhar oibre a dhéanamh agus beidh sí go breá. Is dúshlán do mhúinteoirí agus don churaclam, seachas a rá an Ghaeilge nó teanga eile a chur as an áireamh.

Maidir le tuarascáil taighde na cigireachta a d'fhoilsigh an Roinn, bhí sé dearfach ó thaobh na ndíolúintí ach níor glacadh leis an tuarascáil sin. An é sin an scéal?

Professor Pádraig Ó Duibhir

Is dócha-----

Professor Máirín Nic Eoin

Ní raibh sé chomh dearfach sin. Rinne siad cás-staidéar i scoileanna agus fuair siad amach gur tugadh beagnach 40% de na díolúintí ar bhoinn nach raibh ag teacht leis na ciorcláin a bhí i bhfeidhm ag an am. Fuair siad lochtanna móra ar an gcóras.

Bhí sé dearfach ó thaobh na bhfadhbanna a nochtadh.

Professor Máirín Nic Eoin

Bhí sé an-mhacánta-----

Is é sin a bhí i gceist agam.

Professor Máirín Nic Eoin

----- maidir leis na fadhbanna a nochtadh.

Bhí an tuarascáil sin léite ag ár n-aíonna roimh aon aighneacht a chur isteach.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Bhí.

Ní raibh sé foilsithe go poiblí, ámh, an é sin a tharla?

Professor Máirín Nic Eoin

Bhí, mar bhí sé mar chuid den phróiseas comhairliúcháin ach tháinig an chuid is mo den 11,000 sin díreach ón tsuirbhé. Níl a fhios againn ar léadh an tuarascáil sin.

Bunaithe ar an tuarascáil sin, bheadh ár n-aíonna ag súil go mbeadh cinneadh eile déanta ag an Roinn, agus an méid a bhí ráite sa tuarascáil.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Le go míneoidh mé an próiseas, bhí dréacht-chiorclán ar fáil mar chuid den chomhairliúchán, i mí na Nollag seo caite. Is é an rud a bhí an-aisteach ag an am ná nuair a léifeadh duine tuarascáil na cigireachta agus ansin nuair a léifeadh duine na ciorcláin, bheadh an duine á rá leis féin, caithfidh nach raibh na daoine seo an caint le chéile, is é sin lucht scríofa na gciorclán agus na tuarascála.

Cé a scríobh an tuarascáil, an iad sin daoine ón Roinn freisin?

Professor Pádraig Ó Duibhir

Scríobh an chigireacht an tuarascáil.

Go maith. An chéad rud eile, más féidir rud a shoiléiriú domsa arís. Baineann an curaclam seo le scoileanna atá taobh amuigh den Ghaeltacht, agus ní bhaineann sé le scoileanna lán-Ghaeilge.

Dr. Colin Flynn

Ní bhaineann sé leo.

Baineann sé le scoileanna Béarla ina bhfuil an Ghaeilge á múineadh iontu.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Baineann sé le scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc.

Cad mar gheall ar na scoileanna Gaeltachta agus gasúir faoi mhíchumas iontu? Cén chaoi a bhfuil siadsan in ann déileáil leis an teanga thar a bheith casta seo?

Professor Pádraig Ó Duibhir

Tá siad in ann déileáil léi.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Tá an rud ceart ar siúl, dar linn. Tá siad in ann déileáil leis mar tá 9.4% de dhaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil riachtanais speisialta agus oideachasúla acu agus tá ag éirí go breá leo. Tá daltaí a bhfuil siondróm Down orthu ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge agus ar scoileanna sa Ghaeltacht. Ní bheidh siad ag baint amach "A" san ardteistiméireacht ach tá siad ceart go leor.

Tá sé deacair a thuiscint cén chaoi ar tháinig an Roinn ar an gcinneadh seo.

Professor Máirín Nic Eoin

Taobh thiar de, tá an smaoineamh ag daoine áirithe nach bhfuil an t-ábhar sin, an dara teanga, chomh tábhachtach sin mar chuid den churaclam. I gcás na bpáistí Gaeltachta, níl aon rogha acu ach an Béarla a fhoghlaim.

Cur i gcéill amach is amach atá ann, i mo thuairim. Níl mé ag iarraidh an tuairim sin a lua lenár n-aíonna. Tá an chuma sin ar an scéal. Táimid ag caint faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus an Ghaeilge a normalú ar chuile leibhéal i ngach réimse. Leis an gcinneadh seo, a mhalairt atá i gceist.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Is é sin an pointe a bhí agamsa. Má thógann an duine an Ghaeilge amach as, níl sé ag teacht le haon pholasaí eile de chuid an Stáit nó na Roinne Oideachais agus Scileanna. Seasann an rud seo amach mar rud atá ag teacht salach ar gach rud. Is é sin an fáth go ndeirim gur leatrom iomlán é agus gurb é an rud mícheart atá ann. Nuair a théann an duine isteach ann, tuigtear nach bhfuil ciall, seasamh nó bonn ar bith leis. Mar a dúirt mé, nuair a léitear tuarascáil na cigireachta, bítear ag ceapadh gur ciorclán an-difriúil a bheadh á scríobh.

Bhí an tOllamh Ó Duibhir ag labhairt faoin bpróiseas comhairliúcháin agus cé chomh lochtach is atá sé. Ba mhaith liom a thuairimí a bheith againn maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin sin.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Ag cur leis an méid a dúirt mé, maidir leis na dréacht-chiorcláin, níor cheapamar go raibh siad ag cur leis na ceachtanna a bhí le foghlaim as tuarascáil na cigireachta. Bhí sé ar nós fait accompli ansin. Bunaíodh na ceisteanna sa cheistneoir ar an gciorclán nua. Ní raibh deis ag duine smaointe difriúla a chur chun cinn. Bhí sé bunaithe ar dréacht-chiorclán a bhí réamhcheaptha.

Bhí bóthar amháin leagtha amach, mar sin.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Is é sin é. Bhí ar dhuine aighneacht a dhéanamh chun a mhalairt de thuairim a thabhairt. Tá sé sin ceart go leor dár leithéidí ach don ghnáth-thuismitheoir nó an ghnáthdhuine sa phobal, bhí sé deacair é sin a dhéanamh. Is é an t-aon rud atá cloiste agam ón Roinn chun an cinneadh atá déanta a chosaint ná gur thacaigh tromlach na ndaoine a d'fhreagair an ceistneoir leis na rudaí a bhí curtha chun cinn ag an Roinn.

Professor Máirín Nic Eoin

Bhí an ceistneoir an-dúnta. Ní raibh sé oscailte agus ní raibh ach cúpla ceist a bhféadfadh rud éigin a rá iontu agus ní raibh an duine in ann ach céad focal ar a mhéad a úsáid. Is de bharr brú ó ghrúpaí a tugadh cead aighneachtaí a chur isteach, mar ní raibh na haighneachtaí i gceist mar chuid den phróiseas comhairliúcháin ag an tús. Cuireadh síneadh breise ama leis an bpróiseas le go mbeadh am ag daoine aighneachtaí scríofa a chur isteach.

Tá sé beagáinín dochreidte an rud a léamh agus a chloisteáil. An bhfuil aon cheist eile ag aon duine?

Sílim go mbeadh sé tábhachtach cur i láthair a dhéanamh os comhair an Choiste um Oideachas agus Scileanna. Is féidir lenár n-aíonna litir a scríobh agus is féidir linn litir eile a scríobh á rá go mbeadh sé tábhachtach agus fiúntach éisteacht a thabhairt dóibh.

Maidir le ceisteanna Dála, tá sé suas le gach uile Theachta Dála agus Sheanadóir é sin a dhéanamh.

Tá 16 leathanach san aighneacht a chur ár bhfinnéithe isteach. Níl fianaise ar bith ar an talamh nó taobh thiar den chinneadh gur fiú dul sa treo seo.

Dr. Colin Flynn

Cé go ndeirtear sa chiorclán féin gur-----

An bhfuil sé i nGaeilge agus i mBéarla?

Dr. Colin Flynn

Níl, tá sé i mBéarla amháin.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Tá leagan Gaeilge ar fáil freisin.

Tá leagan Gaeilge ar fáil.

Dr. Colin Flynn

Deir sé go raibh: "evidence-informed intervention and review" mar chuid den taifead a bheadh ann a léiríonn deacrachtaí foghlama. Níl siad i gcoinne an taighde sa chomhthéacs sin ach sna dréacht-cháipéisí, sa phróiseas comhairliúcháin agus sna ciorcláin féin, níl aon tagairt don taighde idirnáisiúnta a léiríonn nach bhfuil ceangal sofheicthe sa deacracht foghlama.

Ar fhiafraigh na finnéithe ar an Roinn an curaclam a aistharraingt?

Dr. Colin Flynn

D'iarr mise.

An bhfuil aon rud breise le rá ag aon duine?

Professor Máirín Nic Eoin

Maidir leis an cheist a chuir an Cathaoirleach, is dóigh go bhfuil tuismitheoirí áirithe sásta. Caithfear peirspictíocht na dtuismitheoirí a chur san áireamh. Ceapann líon mór acu gur rud iontach maith an díolúine dá gcuid páistí. Bheidís siúd sásta leis an toradh agus níor mhór-----

An teachtaireacht-----

Professor Máirín Nic Eoin

Tá bearna mhór tuisceana ann. Sin cuid den fhadhb.

Sin cuid den fhadhb, ach is cuid eile de ná nach bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna ag cur in iúl chomh fiúntach is atá sé an dara teanga a bheith ag duine. Sin an teachtaireacht atá in easnamh. Tá an Roinn ag cur a mhalairt trasna, is é sin gur rud diúltach é an dara teanga, seachas rud-----

Dr. Colin Flynn

Léiríonn an taighde nach gá ardleibhéal a bhaint amach sa teanga bhreise chun go mbeidh buntáistí cognaíocha agus meititheangaíochta ann don pháiste a fhoghlaimíonn an teanga bhreise. Tá go leor ceisteanna nach bhfuil freagartha agus go leor rudaí eile nach bhfuil curtha san áireamh, ach mar a dúirt Máire Nic Eoin agus an Cathaoirleach, tá easpa tuisceana i measc an phobail faoi na buntáistí a bhaineann le foghlaim an dara teanga agus an dátheangachais go ginearálta.

Tá freagracht ar an Rialtas agus ar an Roinn é sin a chur in iúl faoi pholasaithe éagsúla.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Níl aon cheist eile agam. Bhí sé cabhrach dúinne iad a bheith anseo. Léigh mé faoin ábhar seo ach tá sé níos éasca é a thuiscint nuair a thagann daoine isteach os comhair an choiste. Níl sé éasca teacht isteach anseo; tá dua i gceist, mar sin gabhaim buíochas leo. Déanfaimid machnamh ar an eolas seo, agus seolfaimid litir ag an gcoiste oideachais. Tá a lán machnaimh i gceist anseo dúinn. Tá ciall leis an méid atá ráite ag na finnéithe agus níl aon fhianaise don chinneadh eile, ach déanfaimid machnamh air.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht éisteacht linn. Beimid ar fáil má bhíonn tuilleadh ceisteanna ag na comhaltaí am ar bith. Níl le déanamh acu ach dul i dteagmháil linn. Tá muid an-bhuíoch as an éisteacht agus tá súil agam go n-éireoidh go geall leis an gcoiste.

Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ag 5.25 p.m. agus cuireadh ar athló é ag 5.40 p.m. go dtí 4 p.m., Dé Máirt, 5 Samhain 2019.
Top
Share