Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán debate -
Tuesday, 17 Dec 2019

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

Is é an t-ábhar atá idir lámha againn inniu ná na cuspóirí agus na bearta atá á gcur i gcrích ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus seirbhísí dátheangacha á gcur ar fáil ag an Roinn sin. Tá beirt ón Roinn - Donncha Ó Súilleabháin, atá mar leas-rúnaí san ionad um ghnóthaí corparáideacha; agus Micheál Ó Cearúil, a oibríonn mar aistritheoir Gaeilge agus mar fhorbróir tionscadal Gaeilge - i láthair ag an gcoiste inniu. Tá fáilte rompu. Táimid ag tnúth lena gcur i láthair, ach iarraim orthu bheith foighneach ós rud é go bhfuil rud amháin le déanamh agam maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh i dtús báire.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm nó ina hainm, nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Is féidir liom fanacht i mo thost anois agus éisteacht leis na finnéithe.

Mr. Donncha Ó Súilleabháin

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as an bhfáilte sin a chur romhainn. Tá mé ag obair mar rúnaí cúnta sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais i mbun cúrsaí corparáideacha na Roinne. Cé go bhfuil sé i gceist agam an ráiteas oscailte seo a léamh as Gaeilge, le cead an Chathaoirligh beidh orm aon cheist a chuirfear orm a fhreagairt as Béarla den chuid is mó. In éineacht liom anseo, tá an Dr. Micheál Ó Cearúil, a oibríonn mar aistritheoir Gaeilge agus mar fhorbróir tionscadal Gaeilge sa Roinn. Is i nGaeilge a fhreagróidh sé aon cheist a chuirfear air. Sa bhliain 2017, nuair a d'fhreagraíomar na ceisteanna go léir a bhí sa cheistneoir ón gcomhchoiste seo maidir leis an Roinn agus leis an nGaeilge, bhraitheamar go raibh orainn na freagraí sin a iomlánú agus a chomhthéacsú i bhfoirm litreach. Sheolamar an litir sin ar ais chuig Cathaoirleach an choiste in éineacht leis an gceistneoir comhlánaithe. Tugadh cóip den litir sin don choiste an tseachtain seo caite mar chuid den ráiteas tosaigh i scríbhinn a d'iarr cléireach an choiste orainn a chur ar fáil roimh theacht os comhair an choiste dúinn anseo um thráthnóna. Chuireamar in iúl sa litir sin go dtagrófar sa ráiteas oscailte seo ó bhéal d'fhorbairtí atá tagtha ar chúrsaí ó thugamar an cuntas sin an chéad uair.

Faoi mar a luadh sa ráiteas tosaigh a chuireamar ar fáil roimh an gcruinniú seo, is é an beart is mó atá déanta agus atá á dhéanamh ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ó thaobh na Gaeilge de ná leagan oifigiúil Gaeilge de rialacha cúirte an Stáit a chur ar fáil.

Ó chuir muid an ceistneoir comhlánaithe ar ais ag an gcoiste seo, tá an leagan oifigiúil Gaeilge den tríú mórbhailiúchán de na rialacha cúirte foilsithe againn. Sin an t-ollcnuasach de rialacha na n-uaschúirteanna ina bhfuil breis agus 1,000 leathanach. Ó ar thug an Roinn faoin leagan oifigiúil Gaeilge de na rialacha cúirte a ullmhú chun é a chur i gcló i 2003, tá na bailiúcháin mhóra de na rialacha cúirte dúiche, na rialacha cúirte cuarda, agus rialacha na n-uaschúirteanna foilsithe ag an Roinn, mar aon leis an chuid is mó de na leasuithe orthu. Táimid tar éis dul céim níos faide leis na rialacha Gaeilge. Le cabhair airgid ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, tá téarmaíocht na bailiúcháin mhóra sin agus roinnt de na leasuithe curtha ar fáil don phobal i gcoitinne, sé sin, Gaeilgeoirí nach mbeadh mórán spéise acu sna rialacha cúirte féin. Tá téarmaí bailithe as na rialacha ag Fiontar agus scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus curtha ar fáil i bhfoclóirí leictreonacha atá á riar acu.

Tá an Roinn fhreagrach as an gcoiste comhairleach um théarmaí dlíthiúla Gaeilge. Tá an Príomh-Bhreitheamh, an tUasal Frank Clarke, mar chathaoirleach ar an gcoiste sin agus tá an Roinn fhíorbhuíoch dó as ucht leanúint ar aghaidh mar chathaoirleach tar éis dó a bheith ceaptha ina Phríomh-Bhreitheamh. Ó cuireadh an ceistneoir comhlánaithe ar ais ag an gcoiste seo, tá athbhreithniú faoi lán seoil ar an téarmaíocht Gaeilge a leagadh amach sa deichiú hordú de théarmaí dlíthiúla Gaeilge, a rinneadh thart ar lár na haoise seo caite agus a cuireadh ar fáil sa bhailiúchán ar a bhfuil an teideal acadúil "Téarmaí Dlí".

Maidir leis an nGaeilge i gcoitinne sa Roinn, chuireamar níos mó ná 20 cúrsa Gaeilge ar siúl laistigh den Roinn ó cuireadh tús lenár scéim tionscnamh Gaeilge i 2006. De thoradh ar sin, bhíomar ábalta go leor oifigigh a fháil chun dul ar phainéal d’oifigeach a d’fhreagródh ceisteanna ó bhaill den phobal gur mian leo a ngnó leis an Roinn a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Mar a luadh sa litir a chuireamar chuig an gCathaoirleach, bhí os cionn 40 oifigeach ar an bpainéal sin. Tá struchtúr baill foirne na Roinne athruithe ó bhun le míonna beaga anuas, agus nuair atá na hoifigigh socruithe síos ina réimsí nua oibre faoi thús an tsamhraidh, tá sé i gceist ag an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an bpainéal sin.

Roimhe sin beidh ócáid mhór Gaeilge ar siúl againn sa Roinn chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge, mar atá déanta againn gach aon bhliain le breis agus deich mbliana anuas. Tugann an ócáid bhliantúil sin deis don fhoireann Gaeilge a labhairt lena chéile agus í a chloisteáil. Tá an ócáid cheolmhar sin, a bhíonn ar siúl ag am lóin uair sa bhliain, ar cheann de mhórimeachtaí fhéilire na Roinne. Freastalaíonn go leor oifigigh ar an gceiliúradh go féiltiúil gach aon bhliain. Cuireann an ócáid leis an mheon fíor-dhearfach atá sa Roinn i leith na Gaeilge. Beidh an chéad ócáid eile ar siúl ar 12 Márta i gceannáras na Roinne ar Fhaiche Stiabhna. Tá míle fáilte roimh an gCathaoirleach agus aon bhaill eile den choiste gur mian leis nó léi dul ann.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus beimid breá sásta aon cheisteanna a fhreagairt.

Gabhaim buíochas don Uasal Ó Súilleabháin as ucht an cur i láthair. Tuigim ón gcur i láthair agus ó na tuairiscí éagsúla go mbaineann a lán den eolas seo leis an Roinn féin seachas na seirbhísí éagsúla, cosúil leis na cúirteanna, an Garda, na príosúin agus mar sin de. Teastaíonn uaim díriú isteach ar chúpla ceann de na seirbhísí sin chomh maith.

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom féachaint ar an bhfoireann sa Roinn agus an líon daoine a bheadh ar a gcumas a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Cén céatadán den fhoireann atá i gceist ansin? An mbíonn deiseanna ag daoine a theastaíonn uathu foghlaim, nó an mbíonn éileamh ar na cúrsaí? Feicim go bhfuil breis agus 20 cúrsa curtha ar fáil. An raibh éileamh orthu? Cén caighdeán a bhí i gceist leis na cúrsaí éagsúla? An raibh siad i gcóir tosaitheoirí nó daoine ag cur snas ar a gcuid Gaeilge? Cad go díreach a bhí i gceist ansin?

Is iad na seirbhísí éagsúla a bhíonn baint acu leis an Roinn, mar an Garda, na cúirteanna agus a leithead a bhíonn an teagmháil is mó acu leis an bpobal. Cloistear i gcónaí go dteastaíonn ó phobal na Gaeltachta cinntiú go mbeidh siad ábalta teagmháil a dhéanamh le gardaí, mar shampla, agus go mbeidh siadsan ábalta iad a fhreagairt ar ais. Nuair a d’éirigh an garda as obair i mBéal Átha an Ghaorthaidh, déanadh iarracht mhór garda nua a chur ar fáil ann a bhí breá compordach ag déanamh a ghnó as Gaeilge. D’éirigh an sergeant as obair i mBaile Bhúirne freisin. Is planned departures atá i gceist anseo agus is baolach nach bhfuil sergeant nó aon duine a bheadh ábalta a ghnó a dhéanamh as Gaeilge tagtha ina áit. Cén iarracht atá á dhéanamh maidir leis an earcú i gcóir An Gharda Síochána chun cinntiú go bhfuil daoine nua le Gaeilge ag teacht isteach san fórsa? I measc an phobail istigh sa Gharda, an gcinntítear go mbíonn deiseanna acusan ardú suas trí na céimeanna, na promotions a fháil agus dul ó gharda go sergeant agus a leithead? An bhfuil an Ghaeilge á úsáid mar chonstaic nó mar dheis chun daoine a thabhairt chun cinn? An bhfuil go leor daoine ann atá in ann a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus freastal ar mhuintir na Gaeltachta? Tá bearna i gceantar Gaeltachta Mhúscraí, áit nach bhfuil sergeant fós. Ní fheadair b'shin toisc nach bhfuil an Garda ábalta sergeants nua a roghnú nó toisc nach bhfuil daoine le Gaeilge ann. Nílim cinnte. B’fhéidir go léireoidh an tUasal Ó Súilleabháin na spriocanna atá leagtha síos maidir leis an earcú, daoine nua ag teacht isteach sa Gharda agus dul chun cinn laistigh den fhórsa.

Mr. Donncha Ó Súilleabháin

The Deputy asked a few different questions. As he noted, we have been speaking mainly about the services provided directly by the Department itself. That is principally because, under the Official Languages Act, many of the large agencies under the aegis of the Department are designated bodies required to produce, administer and implement their own schemes. An Garda Síochána is in that category, as is the Courts Service, the Irish Prison Service, the Legal Aid Board, and some others. The Department is not directly involved in administering the Irish language scheme in An Garda Síochána. That is in keeping with the general institutional approach whereby the Garda Commissioner is responsible for managing the force, its resources, deployment, and so on. Due to our position in the sector, we are aware of the work An Garda Síochána is doing around the Irish language. I can speak a little bit about it in general terms but I just want to make clear that it is not at my direction or something in which I have decision-making role per se.

The Garda Síochána has an Irish language scheme. The Garda Síochána Act provides that "the Garda Commissioner shall determine the manner in which the Garda Síochána are to be distributed and stationed throughout the State". In carrying out this function, the section further states: "The Garda Commissioner shall, to the extent practicable, ensure that members of the Garda Síochána stationed in a district that includes a Gaeltacht area are sufficiently competent in the Irish language to enable them to use it with facility in carrying out their duties." The Garda authorities have taken a range of steps around that. The force has an Irish language co-ordinator.

Since 2013, it has had a specialist Irish language recruitment route in An Garda Síochána, which has started to bring people through who can be deployed to Gaeltacht areas, having established their proficiency to a level of fluency. It has also invested extensively in in-service training, particularly in areas where there is a particular requirement for Irish language skills. I also have information, which is in the public domain, that a Garda headquarters directive from September 2018 has put in place a new process whereby sergeants and gardaí who are interested in transferring to a Gaeltacht Garda station must pass an oral Irish proficiency test. That programme is being put in place in consultation with an Coimisinéir Teanga, the idea being there will be a panel from which suitably qualified people can then be selected and deployed. There is a considerable amount of effort under way on the part of An Garda Síochána, and as was said, there have been various attempts to pre-plan in particular situations, but those are ultimately decisions for the Garda Commissioner in assigning resources rather than for the Department.

Sin díreach an pointe a theastaíonn uaim díriú isteach air mar braithim go bhfuil ról ceannaireachta éigin ag an Roinn ar chúrsaí a stiúradh. Cé nach mbeidh an Roinn ag plé leis an ngnó laethúil sa Gharda, leagann sí amach budgets agus a leithéid dó agus ról ceannaireachta ag an Roinn. Shamhlódh duine go mbeadh freastal ar an bpobal ar cheann de na spriocanna a bheadh ag an Roinn. Ba cheart go mbeadh an tslí go raibh an Garda ábalta nó nach raibh sé ábalta freastail ar an bpobal mar sprioc ag an Roinn agus go mbeadh treoir éigin nó stiúradh éigin ag teacht ón Roinn chuig an nGarda agus chuig na húdaráis éagsúla. Ní fhéadfainn a glacadh go bhfuil an Roinn go huile agus go hiomlán neamhspleách. Caithfidh go bhfuil ról ceannaireachta éigin aici ó thaobh na n-eagraíochtaí éagsúla de. Mar sin, ba chóir go mbeadh úsáid á baint ag an Roinn as an ról sin chun sprioc a leagadh síos don Gharda chun a chinntiú go mbeidh sé ag freastal ar phobal Gaeltachta. An ndéanann an Roinn aon mhonatóireacht air nó an seasann an Roinn amach as go huile agus go hiomlán?

Mr. Donncha Ó Súilleabháin

There are two aspects to this. There is the Official Languages Act 2003 itself. The monitoring and accountability mechanisms under the Act are not mediated through the Department insofar as the other designated bodies are concerned. Whether it is the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht or an Coimisinéir Teanga, those oversight bodies, to the extent they have an oversight role in these areas, deal directly with An Garda Síochána. I understand there has been a good deal of interaction with an Coimisinéir Teanga about the availability of an Irish language service, especially in Gaeltacht areas.

I do not want to be unhelpful to the committee but the Garda Commissioner runs the Garda. There is an oversight structure set out in legislation, in which the Policing Authority plays a central role. The Minister still has reserved functions and approves priorities and strategic plans and so on, but the day-to-day management of deployment is-----

Mar chuid den phlean straitéiseach sin, an mbeadh spriocanna ann ó thaobh freastail ar phobal Gaolainne?

Mr. Micheál Ó Cearúil

Tá cinnte. Ní hamháin sin, tá cur i bhfeidhm mholtaí an Coimisinéir Teanga maidir le soláthar seirbhísí póilíneachta trí Ghaolainn san áireamh i bplean póilíneachta An Garda Síochána 2020.

Céard faoin bplean go ndeir an Roinn go n-aontaíonn sí leis An Garda Síochána?

Mr. Micheál Ó Cearúil

Bhí an-phlé againn i gcomhthéacs an coiste idir-rannach don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus bímid ag tuairisciú thar cheann An Garda Síochána don chomhchoiste sin. Bhítí an-phlé agus bhíodh mise ag plé go díreach leis an iar-Choimisinéir Dónal Ó Cualáin, mar shampla, mar fhear Gaeltachta. Bhí an-mhuinín againn as a chéile agus chuir seisean go leor beart i bhfeidhm ó thaobh cur chun cinn na Gaolainne de. Mar a dúirt an tUasal Ó Súilleabháin anois beag, tá an painéal líofacht sa Ghaolainn ann agus tá córas tástála forbartha aige i gcomhar le Gaelchultúr. Tá an-mhuinín againn as an tslí a fhásaigh an córas sin. Beifear ag cur le líon na ndaoine ar an bpainéal sin. Beidh dhá thástáil in aghaidh na bliana ann agus beifear ag tógáil ar líon na ndaoine sa phainéal sin. Beidh siad ar fáil-----

Nach bhfuil an painéal sin i gcóir foireann laistigh den Roinn?

Mr. Micheál Ó Cearúil

Níl sé. Sin painéal don Gharda Síochána. Chuir an Teachta ceist maidir leis an Roinn go sonrach níos luaithe. Luamar go raibh 43 ar an bpainéal Gaolainne a bhí agus atá sa Roinn chun freastal ar an bpobal ar mian leo a ghnó a dhéanamh trí mheán na Gaolainne. Bhí sé sin 2% d'fhoireann inmheánach na Roinne. Táimid i gcónaí ag tógáil ar sin. Chuireamar cúrsaí Gaolainne ar siúl laistigh den Roinn. Thógamar Gaelchultúr isteach chun go mbeadh sainchúrsaí ann don Roinn féin agus bhí an-rath orthu. Chuaigh daoine ó leibhéal go leibhéal agus tá na cúrsaí sin ag leanúint ar aghaidh. I mbliana, mar shampla, d'fhreastail cúigear ar a chéad chúrsa de chuid Gaelchultúr a eagraíodh trí OneLearning de chuid na Státseirbhíse i gcoitinne. Tá naonúr tar éis spéis a léiriú i gcúrsaí nua a dhéanamh an bhliain seo chugainn. Mar sin, táimid i gcónaí ag tógáil ar líon na ndaoine sa Roinn atá inniúlacht sa Ghaolainn acu.

Tagraím do na cúirteanna. Ón bPríomh-Bhreitheamh thíos, tá an tSeirbhís Cúirteanna tiomanta feabhas a chur ar an tSeirbhís Cúirteanna trí mheán na Gaolainne. Bhí an Príomh-Bhreitheamh, an tUasal Frank Clarke, sásta fanacht mar chathaoirleach ar an gcoiste comhairleach um théarmaí dlíthiúla Gaolainne. Sin rud iontach don Ghaolainn, agus chomh maith leis sin, don chéad uair le 50 bliain, táimid ag breathnú arís ar na téarmaí dlíthiúla Gaolainne. Tá an-chuid oibre á déanamh ó thaobh na Gaolainne féin ag an Roinn.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Tá ceist amháin agam agus ansin tá tuairim eile le nochtadh agam. Coinneoidh mé mo chuid tuairimí dírithe ar obair na Roinne féin. Dúirt an tUasal Ó Cearúil go bhfuil 2% d'fhoireann na Roinne, nó 43 as beagnach 2,000 duine atá ag obair sa Roinn, a bhfuil in ann seirbhís trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil don phobal. Tá sé sin íseal go maith ach níl sé sin teoranta don Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Tá go leor Ranna mar an gcéanna ach ciallaíonn sé sin go bhfuil 98% de na daoine atá ag obair sa Roinn nach bhfuil in ann an tseirbhís dhátheangach a chur ar fáil. An bhfuil sé sin ceart?

Mr. Donncha Ó Súilleabháin

More than 40 people have volunteered to be able to provide functional bilingual services to the public. We have an awareness that there was a larger hinterland of people who are comfortable with bits of the language in a casual sense. We do a lot of cultural work around the Irish language in the Department and that tells us there is a great interest in the language in the Department. I mentioned in my opening remarks the events we have around Seachtain na Gaeilge, and hundreds of people attend some of those events. However, when somebody is put on the spot and asked if they are willing to deal with a potentially complex matter involving someone's personal affairs, some people will answer that they are not quite there yet.

We find that number to be adequate for the demands on our services. This may be coming back to the point made earlier that our Department is largely concerned with policy, governance, legislation and so on. It does not provide a great deal of direct services, so we find the number of people we have who are willing to provide those services is adequate. We are not turning anybody away, we are not failing to answer any letters, and if something needs to be translated, it gets done.

We would like to grow the number of people we have who are willing to provide services through Irish and we would like to refresh it because we always have new people coming into the Department. Sometimes those people will put up their hands when they come into the Department and say they are ready to work in Irish, and other times they might need a little bit of mentoring, they might need to go on a course, or maybe Mr. Ó Cearúil or one of the more experienced members of staff will need to work with them. We would like to grow that number, but the key point is it is not hindering our service provision.

Glacaim leis sin go huile agus go hiomlán agus chím na figiúirí a bhí curtha ar fáil ag an Roinn fiú.

Is é an dúshlán mór atá os comhair gach Roinn Stáit anois sa tréimhse atá amach romhainn ná seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Is é ceann de na spriocanna atá leagtha síos i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) úr a bheidh ag tosach sa Dáil amárach ná sprioc go mbeidh 20% d'earcaithe úra in ann seirbhís a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. An bhfuil aon dearcadh ag an Roinn maidir leis sin agus an gcuirfidh sí fáilte roimhe sin? Measaim gur sprioc ciallmhar atá ann. Ba chóir do dhuine a bhfuil Gaeilge líofa aige nó aici go mbeadh deiseanna nó sruth ar fáil taobh istigh den chóras Stáit dóibh chun fostaíocht a chur ar fáil do na daoine sin agus seirbhís a chur ar fáil chomh maith leis sin. Tá ar an Stát seirbhís a chur ar fáil agus fógraíocht a dhéanamh go bhfuil an tseirbhís sin ar fáil trí mheán na Gaeilge agus go bhfuil sé ar an leibhéal céanna agus a bheadh seirbhís trí mheán an Bhéarla. Má chuirtear litir nó ríomhphost isteach ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, ba cheart go bhfaighfear freagra i mBéarla taobh istigh de thréimhse seachtain, deich lá, nó coicís. Dá gcuirfinn litir nó ríomhphost ag an Roinn inniu, an mbeadh an freagra trí mheán na Gaeilge ar ais chugam chomh luath is a bheadh an ceann i mBéarla? Chuir mé an cheist sin ar go leor de na daoine eile a bhí os comhair an choiste cheana. Tá cúpla ceist luaite agam ansin agus bheinn buíoch má tá tuairim ar bith ag an Roinn orthu siúd.

Mr. Donncha Ó Súilleabháin

I will deal with the last point first. I am confident that one would get a response as quickly as one would get with the underlying query, and this would depend on the complexity of the query.

It would depend on the nature of it, of course.

Mr. Donncha Ó Súilleabháin

We get relatively few of them. To be honest, when these queries come in they attract attention, and it is very easy for us to quickly deploy somebody to address it. If the underlying query is a complex one or if one would be waiting for a long time for a decision on a case on its original merits, that is, course, different.

On the recruitment question, we work in the main with the Public Appointment Service, PAS, for recruitment. We do a small amount of direct recruitment but it is mainly done through PAS. PAS was before this committee recently and debated some of these issues. Like other Departments, we will be studying this new legislation. PAS will already have spoken about the types of specialist panels it has and the numbers coming through that. It is fair to say that the numbers coming through are a good deal lower than the 20% target. There is clearly a job of work to be done about that. To the extent that this will provide more staff who can come to us ready to use Irish, that is welcome, but a substantial amount of work needs to be done to reach that target. Mr. Ó Cearúil has been involved in some of these discussions and can elaborate further.

Mr. Micheál Ó Cearúil

D'fháilteoimis roimhe seo dá mbeadh daoine le Gaeilge, ach ní hamhlaidh nach mbeadh Béarla ag na daoine sin. Is pointe é sin atá ag teacht amach níos mó ó foilsíodh an Bille. Is é an rud is mó a bhaineann leis an mBille a bhfuilimid chun díriú air láithreach ná an t-éileamh nó an fhoráil chun foirmeacha a chur ar fáil. Tá cinneadh déanta againn é sin a dhéanamh agus go mbeidh an oiread de na foirmeacha agus is féidir atá againn ar fáil ar an gcaoi sin. Dhíríomar air sin cheana ach táimid chun díriú as an nua air sin anois leis an mBille seo. Fad a bheidh an Bille seo ag gabháil trí na Tithe anseo beimid ag tabhairt aghaidh ar an gceann sin láithreach. Tabharfaimid aghaidh ar na cinn eile de réir mar a thagann siad chun cinn. Is éileamh amháin é sin nach bhfuil deacracht againn cloí leis. Fáiltímid roimh thosaíocht mar sin a bheith leagtha amach romhainn agus táimid chun díriú láithreach ar an gceann sin agus ar na cinn eile de réir mar a bheidh an tAcht nua sin ag teacht i bhfeidhm. Ní foláir cuimhneamh go mbeidh Béarla ag an 20% sin freisin.

Beidh. Gabhaim buíochas le hurlabhraithe na Roinne.

Glaoim ar an Teachta Ó Snodaigh labhairt anois.

Níl a fhios agam céard a dúradh níos luaithe-----

Ligfidh mé don Teachta teacht ar ais isteach sa díospóireacht níos déanaí.

-----agus níl mé ag iarraidh ar ár n-aíonna déileáil le mo cheisteanna go fóill.

Ligfidh mé don Teachta teacht isteach arís nuair a bheidh sé réidh. Maidir leis an scéim teanga atá ann sa Roinn, nuair a chuir an Roinn a freagraí sa cheistneoir ar ais chuig an gcoiste, dúradh linn go raibh an Roinn i mbun athbhreithnithe uirthi sin. Iarrfaidh mé ar an Uasal Ó Cearúil labhairt anois faoi stádas na scéime sin faoi láthair.

Mr. Donncha Ó Súilleabháin

In general terms, we have done quite an amount of work on reviewing it. We were aware of the forthcoming legislative changes while doing this during that period and were probably reluctant to commit to a totally new scheme when some of the institutions or structures in how the approach to languages was implemented were set to change. Some of that is now clearer but will of course evolve-----

Gabh mo leithscéal ach an bhfuil scéim teanga ann? Dúradh linn go raibh an Roinn i mbun athbhreithnithe. Ar chríochnaigh an Roinn an próiseas sin? An bhfuil scéim nua ann agus má tá sí, cén bhliain a cuireadh tús lena hoibriú?

Mr. Donncha Ó Súilleabháin

No, it was not.

Is scéim amháin a bhí i gceist anseo. Is é an chéad scéim.

Mr. Donncha Ó Súilleabháin

Yes, it was an chéad scéim.

Mr. Micheál Ó Cearúil

Leanann í sin i bhfeidhm, ámh.

Tuigim é sin, ach bhí tréimhse áirithe leis an scéim sin agus bhí sé lag go leor. Tá teipthe go huile is go hiomlán leis an scéim sin.

Mr. Micheál Ó Cearúil

Mar a dúirt an tUasal Ó Suilleabháin ansin, ba í an chaint go léir le blianta beaga anuas go mbeimis ag fáil réidh leis na scéimeanna teanga agus go mbeadh na caighdeáin seo ag teacht isteach.

Maidir leis an nGaeilge agus a bhfuil sa scéim teanga, thuig agus tuigeann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, a dhéanann monatóireacht ar an scéim sin, an méid a bhfuil ar bun againn maidir leis na rialacha cúirte. Oibrímid i gcomhar leis an Roinn sin agus táimid dírithe go mór air sin. Cuidíonn an Roinn sin linn fiú amháin chun airgead a chur ar fáil chun go bhféadfaí an téarmaíocht shaibhir atá sna rialacha sin a chur ar fáil do phobal níos leithne ná na daoine sin amháin a bheadh ag plé le cúrsaí dlí.

Tá moladh tuillte ag an Roinn maidir leis an dul chun cinn sin. Táim ag díriú isteach ar cheisteanna faoi leith. Is rud maith é. Is í an Roinn seo - is dócha gur rud maith é - an chéad dream nó Roinn atá tagtha os ár gcomhair agus a dúirt go neamhbhalbh go raibh sí ag fanacht ar an gcóras nua. B'fhéidir go raibh nó nach raibh. Bhí scéim ann. Cad a tá foghlamtha nó cad iad na fadhbanna atá feicthe ag an Roinn ó thaobh na scéime sin? Cad atá déanta i dtaca leis na fadhbanna sin? Tá an scéim teanga fós ag dul ar aghaidh. Cad iad na laigí agus na rudaí atá láidir maidir léi?

Mr. Donncha Ó Súilleabháin

I agree that we look at what learnings derive from the scheme. My sense is that the scheme has been largely successful in meeting the needs that we have. I expect that the main things we will need to do with the next version of the scheme will be to reflect the changed legislative environment, but to reflect also the changes that have taken place, in particular more recently within our own Department. I mentioned these in my opening remarks.

The Chairman will be familiar from the presentation of our Secretary General that we now have a whole transparency function that is about communication, engagement and awareness rating. A key question will be how those people should be positioned to deliver all of those things as Gaeilge as much as as Béarla. That is likely to be the focus.

As Mr. Ó Cearúil has mentioned, the area of forms is clearly one that has been prioritised in the legislation and is something that we will take up. I expect we will also look at some of the types of communications that are different since the time of the first scheme. We were probably dabbling in social media when the first scheme came into being. That has clearly all changed now. We need to look at how we engage in those sorts of environments.

Mr. Micheál Ó Cearúil

Más féidir liom cur leis an méid sin, rinneamar go leor nach bhfuil sa scéim sin agus nach raibh a fhios againn ag an am. Dhíríomar ar rud amháin go háirithe agus ba é sin na rialacha cúirte. Bhí riaráistí maidir le cásanna dlí agus is beag aghaidh a tugadh orthu sin. Tá an-saibhreas curtha ar fáil leis na rialacha sin. Nuair a bhíonn na rialacha cúirte á gcur ar fáil, ní hamhlaidh go bhfuilimid á n-aistriú as an nua. Táimid ag déanamh cuardach sna seanrialacha agus tá an t-ábhar sin á chur ar fáil anois as an nua don phobal. Táimid ag baint leasa as teanga a bhí ansin nach raibh ar fáil, mar shampla, ar an Idirlíon nó áit ar bith.

Táimid á cur é sin ar fáil. Is rud iontach é sin don teanga agus táimid á tabhairt é sin le chéile. Is tosaíocht an-mhór é sin. Tá na hollchnuasaigh sin go léir curtha amach againn anois. Beimid ag díriú ar rudaí eile chomh maith. Tá athbhreithniú nua tosaithe ar na téarmaí dlí againn. Táimid tosaithe freisin ar bhailiúchán de dheich n-ordú téarmaí dlíthiúla Gaeilge a rinneadh ag deireadh na 1940idí agus tús na 1950idí agus tá an Príomh-Bhreitheamh i gceannas ar an gcoiste atá ag breathnú orthu siúd. Níl aon radharc air sin sa scéim teanga.

Nílimid teoranta don scéim teanga. Táimid ag déanamh an oiread agus is féidir linn ar mhaithe leis an teanga. Beidh dualgais eile againn de bharr an Bhille seo agus glacfaimid leis sin agus díreoimid orthu sin chomh maith. Rinneamar beart an-mhór maidir leis na rialacha cúirte sin a mhairfidh. Chomhlíonamar na dualgais maidir le cáipéisí a chur amach go dátheangach agus na rudaí sin go léir.

Iarradh orainn cad is féidir a fhoghlaim ó na scéimeanna teanga. Tá dolúbthacht ann ó thaobh an dlí de. Bíonn na scéimeanna teanga an-daingean ar fad agus caithfear iad a chur i bhfeidhm ó thaobh an dlí de. Uaireanta, dá mbeifí ag gabháil agus ag díriú chomh mór ar rud eile go mb'fhéidir gur ceart a leithéid a chur san áireamh amach anseo nuair a bheidh athnuachan á dhéanamh ar scéimeanna teanga.

Níl mise ró-thógtha le scéimeanna teanga a bheag nó a mhór mar go bhfuil teipthe go huile is go hiomlán orthu, ach is é sin an córas agus is é sin an fáth gur chuir mé an cheist. Is cur i gcéill go ginearálta i ndáiríre atá i gceist leis na scéimeanna teanga.

Mr. Micheál Ó Cearúil

I gcead don Chathaoirleach, ní rachainn chomh fada leis sin. Tugann sé do Ranna agus do chomhlachtaí spriocanna a leagtar amach. Dírítear aird na gcomhlachtaí ar na spriocanna sin. Nuair a bhí idirbheartaíocht ar siúl idir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, bhí an Roinn an-daingean go gcaithfí nithe agus caighdeáin áirithe a bheith sna scéimeanna sin. Níor thuigeamar ag an am cé chomh dian is a bhí an Roinn chun iad siúd a chur i bhfeidhm. Ba í an scéim a bhí againn an scéim tionscnaimh nó an chéad cheann a bhí againn. Is í an riail a bhí ann go gcaithfí tógáil agus forbairt a dhéanamh air sin agus nach féidir dul siar. Tá sé agus d'fhéadfadh sé sin a bheith dian.

Tá 43 duine le líofacht sa Ghaeilge. An é sin an scéal?

Mr. Micheál Ó Cearúil

Dúirt na daoine seo go raibh siad sásta dul ar phainéal.

Chun é sin a chur i gcomhthéacs, cad is ionann an 43 duine sin as líon na foirne?

Mr. Micheál Ó Cearúil

Is ionann é agus 2% de líon na foirne.

Cad é líon na foirne?

Mr. Micheál Ó Cearúil

Cuireadh an cheist orm faoi chéatadán agus dúradh liom gur thart ar 2% é de líon na foirne.

Tuigim agus tá ardmholadh tuillte ag an Roinn ó thaobh na rialacha cúirte de, ach nuair a phléitear cur chun cinn na Gaeilge le gach uile Roinn a thagann os ár gcomhair, tá an céatadán thar a bheith íseal. An bhfuil aon réamhobair déanta ag an Roinn ó thaobh na reachtaíochta nua agus an riachtanas faoin 20% d'earcaithe a luaitear ann. Tá 20 cúrsa déanta sa Roinn.

Mr. Micheál Ó Cearúil

Tá 23 san iomlán.

B'shin a cheap mé mar go bhfuil dhá ráiteas i gceist.

Mr. Micheál Ó Cearúil

Is é an chúis leis sin ná go ndeachaigh siad lasmuigh den Roinn féin chun freastal ar na cúrsaí sin. Tá 20 cúrsa inmheánach laistigh den Roinn.

Tá 23 chúrsa san iomlán i gceist ó 2006.

Mr. Micheál Ó Cearúil

Tá an ceart agat.

Cén líon den fhoireann a d'fhreastail ar na cúrsaí sin?

Mr. Micheál Ó Cearúil

Rinneamar suirbhé agus chuireamar ar chúrsa gach duine ar theastaigh nó ar mhaith leis nó léi dul ann. Bhí an tíogar Ceilteach ann ag an am. Chaitheamar an t-airgead sin go maith agus tá toradh air. Bhí go leor daoine sa Roinn nach raibh a dhóthain muiníne acu chun dul ar an bpainéal.

Mr. Micheál Ó Cearúil

Thug agus spreag na cúrsaí a thóg siad an mhuinín sin iontu.

Níl dabht ar bith agam gur cuid den réiteach cúrsaí feiliúnacha a chur ar fáil agus an fhoireann a mhealladh chun na cúrsaí sin a dhéanamh. Cén líon den fhoireann mar sin a d'fhreastail ar na cúrsaí sin?

Mr. Micheál Ó Cearúil

D'fhéadfadh mé an t-eolas sin a fháil.

Mr. Donncha Ó Súilleabháin

We will send the total figures to the committee. This year I understand that five people attended six courses. It tends to be around that figure for the Gaelchultúr courses. We can send the committee the figures for the years in question.

Tá sé sin tábhachtach mar má táimid chun líon na gcainteoirí a mhéadú, tá gá le réiteach ar bhealaí éagsúla. Is ceann de na bealaí sin oideachas agus na cúrsaí cuí a thabhairt, laistigh den Roinn féin, don fhoireann atá ag gach uile Roinn.

Mr. Micheál Ó Cearúil

Tá sé sin cinnte.

Mr. Donncha Ó Súilleabháin

I agree.

Mr. Micheál Ó Cearúil

Níl aon deacracht againn leis sin. Má chuireann daoine isteach chun freastal ar chúrsa, déanaimid gach iarracht é sin éascú. Maidir leis an gcúigear sin a rinne cúrsa, rinne duine amháin dhá chúrsa. Is cúrsa deich seachtaine a bhí i gceist inar scaoileadh na comhaltaí foirne óna gcuid dualgas leathlá sa tseachtain chun freastal ar chúrsa Gaeilge. I ndáiríre, tá an-iarracht á dhéanamh againn.

Tá sé sin iontach ach is iad siúd na hiarrachtaí atá ag teastáil go géar. Is é sin an múnla oibre atá ar fáil san Eoraip chun teangacha breise a bheith ag daoine, áit a dtugtar deiseanna dóibh. Níl aon bhealach eile chun méadú a dhéanamh ar líon na gcainteoirí ach na deiseanna sin a thabhairt dóibh. Cén measúnú atá déanta ag an Roinn ionas go mbeidh an fhoireann dhátheangach as seo amach?

Mr. Micheál Ó Cearúil

I ndáiríre, tá go leor den fhoireann atá dátheangach agus atá fíor-líofa ar fad sa Ghaeilge.

Tá sé sin go maith.

Mr. Micheál Ó Cearúil

Chuirfeadh sé iontas ar dhuine mar is cuimhin liom an chéad uair ar bhuail mé leis an bhfear a bhí ina Ard-Rúnaí sa Roinn agus thosaigh sé ag labhairt faoi fhilíocht Chathail Uí Shearcaigh. Bhí níos mó eolais aige ar an bhfilíocht sin ná mar a bhí agam féin. Ní shamhlófaí go mbeadh an t-eolas nó an léitheoireacht sin ann.

Lá amháin eile agus mé ag obair istigh sa Roinn, shiúil leas-rúnaí laistiar díom ar an gcéad lá Feabhra agus dúirt sé:

Anois teacht an Earraigh,

Beidh an lá ag dul chun síneadh.

Bhí sé sin ar eolas aige. Tá an-chuid Gaeilge laistigh den Roinn agus den Státseirbhís.

Tuigim é sin agus tá an-chuid Gaeilge ar an talamh freisin, ach tá bearna mhór idir an Ghaeilge ag an leibhéal seo.

Mr. Micheál Ó Cearúil

Tá an ceart ag an gCathaoirleach.

Tá mé ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil faoin Roinn. Tuigim go bhfuil an-chuid oibre á dhéanamh. Is féidir leis an Teachta Ó Snodaigh teacht isteach más mian leis.

Is féidir liom nuair a bheidh an Cathaoirleach críochnaithe.

Mr. Donncha Ó Súilleabháin

The approach taken by the Department is that we try to build cultural aspects around the formal programmes that promote the Irish language.

Tuigim é sin ach is rud imeallach an Ghaeilge i gcónaí, mar shampla, maidir le Seachtain na Gaeilge agus an t-uafás oibre atá á dhéanamh le ceolchoirmeacha agus nithe ceolmhara. Is é bun agus barr an scéil maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus gach polasaí eile go ndéanfar an Ghaeilge a normalú agus a dhéanamh níos feiceálaí. Cuirim an cheist chéanna ar chuile Roinn i dtaca leis an obair atá á dhéanamh acu chun an Ghaeilge a normalú ionas go mbeidh daoine sásta an dá theanga a úsáid agus seirbhísí trí Ghaeilge agus trí Bhéarla a chur ar fáil.

Mr. Micheál Ó Cearúil

Tá an Roinn sásta é sin a dhéanamh.

An é sin le líon 2%?

Mr. Micheál Ó Cearúil

Luaigh an Cathaoirleach imeallú. Le linn Sheachtain na Gaeilge, an ócáid dheireanach a bhí againn, rinne mé cur i láthair faoi stair na Roinne. B'shin an chéad uair a luadh - bheadh a fhios ag an Teachta Ó Snodaigh faoi seo - gur tugadh an Roinn um Ghnóthaí Dúiche ar an Roinn an tráth sin agus gur bunaíodh an Roinn céad bliain ó shin i mbliana, sa bhliain 1919. Sa bhliain 1924, athraíodh ainm na Roinne sin go dtí an Roinn Dlí agus Cirt. Cuireadh an t-eolas sin os comhair fhoireann na Roinne as Gaeilge den chéad uair.

Tuigim é sin.

Mr. Micheál Ó Cearúil

Tapaíodh an deis sin nuair a bhí an t-athrú seo ar siúl ó bhonn laistigh den Roinn agus cuireadh é sin mar chuid den phacáiste a ndeachaigh amach ón Roinn.

Dúradh nach é seo an chéad uair gur athraigh an Roinn ó bhonn. Bunaíodh an Roinn um Ghnóthaí Dúiche 100 bliain ó shin. Sa bhliain 1924, athraíodh ó bhonn é sin agus bunaíodh an Roinn Dlí agus Cirt. Níl imeallú i gceist ach a mhalairt. Glacadh go hiomlán lenár gcur i láthair don chéad uair as Gaolainn agus bhí sé i lár an aonaigh ansin maidir leis an athrú ón bhonn seo laistigh den Roinn. Chuireamar seastán an-mhór ann fiú agus bhí taispeántas againn maidir leis an athrú ón bhonn seo sa Seomra Cruinn i dTeach an Ardmhéara, agus bhain an chéad seastán leis an stair sin. Cuireadh é sin faoi bhráid mhuintir na Roinne as Gaolainn don chéad uair. Níl imeallú i gceist ó thaobh na Gaolainne de laistigh den Roinn in aon chor.

Gabh mo leithscéal. Bhí mé gafa sa Dáil ag cur ceisteanna ar an Aire Stáit ag an Roinn Cosanta. Ní féidir liom an dá thrá a fhreastal.

Ar labhair an Teachta leis as Gaeilge?

Más féidir caint faoi Lariam as Gaeilge, is féidir, ach níl an fhoclaíocht agam ón bhfoclóir i gceart agus definitely níl an fhoclaíocht ag an Aire Stáit. Sin ceann de na ceisteanna. Ní maith leis an bpobal déileáil leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ar aon chaoi mar de ghnáth bíonn duine i dtrioblóid má tá sé nó sí ag déileáil léi, nó bíonn gaol nó a leithéid i dtrioblóid. Bíonn sé deacair i nGaeilge nó i mBéarla agus toisc go bhfuil an dlí i gceist, bíonn cúrsaí beagáinín níos casta mar nach d'fhoghlaim muid conas scríobh i ngnáth-Bhéarla nó i ngnáth-Ghaeilge fós ó thaobh na cúirteanna nó ceisteanna dlíthiúla de. Sin ráite, chuir mé ceist ar na Ranna eile a bhí os ár gcomhair go dtí seo maidir leis an rud a tharlaíonn nuair atá duine ag cur ceist ar státseirbhísigh faoin nGaeilge. Bíonn drogall ar a lán acu a lua go bhfuil Gaeilge mhaith go leor acu agus go bhfuil Gaeilge líofa acu ar eagla go mbeidh siad curtha isteach sa pholl clóséidín mar Ghaeilgeoir.

Luadh sa ráiteas tosaigh a tugadh dúinn go bhfuil 43 ar phainéal agus go bhfuil 30 acu liostaithe go bhfuil post éigin acu. Sin céatadán an-bheag agus ní chreidim gur sin an méid Gaeilgeoirí atá sa Roinn. An dúshlán atá romhainn ná conas gur féidir linn ar a laghad an fhéinmhuinín a ardú sna Gaeilgeoirí atá Gaeilge acu agus atá cur amach acu ar an nGaeilge chun go mbeidís sásta seirbhísí atá siad ag tabhairt i mBéarla a thabhairt as Gaeilge. Má tá líon Gaeilgeoirí ann, uaireanta is foclóir atá i gceist, uaireanta is muinín é, agus uaireanta ní bhíonn an cleachtadh laethúil acu agus deir daoine go bhfuil siad beagáinín meirgeach agus nach raibh Gaeilge acu ó ar d'fhreastail siad ar Ghaelscoil, ar mheánscoil Ghaeilge, nó fiú ar an ollscoil trí Ghaeilge. Tá mé tar éis teacht ar dhaoine a ndeachaigh tríd an gcóras oideachas suas go dtí an tríú leibhéal go hiomlán as Gaeilge agus fós níl siad sásta Gaeilge a labhairt. Sin an dúshlán do gach uile cheann de na Ranna Stáit agus is féidir liom casadh ar an mBille agus ar an Acht freisin.

Bhí feachtais ann thar na blianta chun daoine a mhealladh chun Gaeilge a labhairt chun an fáinne a chaitheamh, mar shampla, agus ansin bhris sé sin síos roinnt den mhoill a bhíonn ar dhaoine labhairt as Gaeilge. Níl mé cinnte conas gur féidir é sin a dhéanamh. Nuair a bhí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á thógáil isteach ar an gcéad dul síos, dúradh linn go mbeadh scéim ag gach duine agus dá réir go mbeadh Gaeilge níos aitheanta i ngach uile Roinn agus go mbeadh na Gaeilgeoirí ar fad ag caint le chéile as Gaeilge, ach níor tharla sin. Ní tharlóidh sé sa Bhille nua atá os ár gcomhair ach an oiread. Tarlóidh rudaí eile agus tá súil agam go mbeidh dualgais sa bhreis de thairbhe ar an mBille ach ní gá i gcónaí gur trí dhualgas nó trí bhata a bhrúimid daoine chun soláthar a thabhairt dúinn.

Cad iad na rudaí breise ar féidir a dhéanamh? B'fhéidir nach bhfuil an freagra ag na finnéithe agus don chuid is mó níl sé agam agus ní raibh sé ag na Ranna eile. Cad gur féidir a dhéanamh go hinmheánach, ar bheagán costas go minic, chun an Ghaeilge a chur chun cinn? Má tá sí chun cinn, déantar é níos éasca do dhaoine sa Roinn iad a chur chun tosaigh chun glao gutháin trí Ghaeilge a fhreagairt mar shampla, agus is féidir leis na daoine sin na téarmaí teicniúla a sheiceáil sa chás sin. An fhadhb atá ann de ghnáth ná, má dhéantar iarracht dul i dteagmháil le Roinn Stáit trí Ghaeilge, gheofar an freagra nach bhfuil Gaeilge ag an duine a bhfuil ar an taobh eile den ghuthán agus iarrann sé nó sí ar an duine ag glaoch isteach to ring back when the Gaeilgeoir is here. Uaireanta, níl ach Gaeilgeoir amháin ann agus má tá an duine sin tinn, hard luck agus ní bheidh fáil ar sheirbhís trí Ghaeilge. Sin an bhuairt atá orm.

Sa lá atá inniu ann, ba chóir go mbeadh sé i bhfad Éireann níos éasca sa chéad dul síos aon seirbhís a fháil, ach go háirithe toisc ríomhairí go mbeadh foclóir ar fáil as Gaeilge agus go mbeadh gach uile dhuine atá ag freagairt fón in ann an beagán a rá ar a laghad. Ina dhiaidh sin, tagann an dualgas ó thaobh na seirbhíse a bheith ar fáil, ach nílimid ag fáil an bunleibhéal fiú. Níl siad ag déanamh comhrá bunúsach linn trí Ghaeilge fiú. Is minic a deir an duine a fhreagraíonn an fón nach bhfuil Gaeilge aige nó aici agus ansin iarrann sé nó sí ar an duine atá ag glaoch an cheist a chur arís i mBéarla.

Luadh an figiúr de 2% toisc gur phainéal de 43 atá i gceist. Deir sé sin go bhfuil breis agus 2,000 duine sa Roinn. Má thógtar an liosta de na feidhmeannaigh agus é sin ar fad a tugadh dúinn sna ceisteanna san áireamh, agus tá a fhios agam go bhfuil athruithe ag tarlú, níl ach 30 ansin. Sin 1.5% den fhoireann a bheadh obair acu seirbhís i nGaeilge a thabhairt. Tá sé sin scannalach i slí amháin. Má tá an Bille nua ag caint faoi 20% de na státseirbhísigh nua a bheith in ann Gaeilge a labhairt, agus níl sé ach ag caint faoi sin, agus is rud é a bheidh muid ag déileáil leis i gceann cúpla seachtain, feictear an jab mór a bheidh ag an Roinn dul ó 1.5% nó 2% go dtí 20%. Ní tharlóidh sé sin ach amháin má thagann athrú iomlán inmheánach, mar ní earcú atá i gceist. Ní tharlóidh an t-athrú sin nó beidh ar gach uile dhuine atá earcaithe ag an Roinn don chéad deich mbliana eile líofa i nGaeilge agus sásta seirbhísí Gaeilge a sholáthar i nGaeilge. Sin an difríocht. Déanfaimid déileáil leis seo nuair atá an Bille á phlé, ach tá jab mór millteach anseo. Bhí eagras laistigh den Státseirbhís ag cur an Ghaeilge chun cinn darbh ainm Gaeleagras agus cuireadh deireadh leis. B'fhéidir go bhfuil sé thar am againn féachaint ar sin an athuair chun cuidiú leis seo. B'fhéidir go bhfuil dream eile go bhfuil an ról sin aige nó b'fhéidir go bhfuil an ról sin ag Foras na Gaeilge. Má tá, níl ag éirí leo nó linn mar tá an dualgas orainn ar fad an t-ardleibhéal atá muidne ag tnúth leis a réiteach.

Mr. Donncha Ó Súilleabháin

I have a couple of comments to make to assist with those questions. We have done various things over the year and we have had various conversation groups. We have our own departmental fáinne and we have networks to support people who want to exchange and engage with one another in Irish in a more informal way. We have found all those things helpful. We do not dwell on the figure of 43 so much. As I said earlier, we do not find that it inhibits our ability to provide services in Irish.

We would like it to be higher but we believe there is a much larger hinterland of people who are happy to engage in Irish at various levels in the Department. We have put much effort into the cultural promotion around the language in that regard.

It is also important for people to have visible role models in the organisation who are clearly comfortable using the Irish language and who have got on very well in their careers. We have several such dynamic people getting ahead in their careers, including many who were only very recently promoted. It is not unusual to see people briefly interact in Irish in a casual way around the Department. That is ultimately how to get more traction, by giving some people who might be holding back a bit the confidence to use Irish. Mentoring and encouragement go with that as well. The new people coming into the organisation are very important in that regard. I take the Deputy's point that it cannot all be about recruitment but there are many new entrants to the Civil Service in recent years because of the increase in recruitment generally. A big job we have to do is to go back over that cadre, many of whom may have been educated to a very advanced level in Irish depending on their qualifications, to ensure we are giving them an opportunity to use the language.

As to the broader debate in the context of legislation, that discussion on the challenge of the targets being discussed will engage all of the Government and the Public Appointments Service.

Mr. Micheál Ó Cearúil

An freagra simplí maidir le conas gur féidir an 20% sin a fhás laistigh den tseirbhís ná sainchúrsaí Gaeilge a chur ar fáil laistigh de na Ranna go léir agus an téarmaíocht a bhaineann leis na Ranna ar leith a bheith mar chuid dóibh. Rinneamar é sin nuair a thosaímid amach. Sin a bhí ar siúl againn. Cé go bhfuil Gaeleagras imithe, tá dream an-mhaith tacaithe ina h-áit i nGaelchultúr. Tá leibhéil éagsúla cúrsaí ar fáil ann, déanann an eagraíocht tástáil ar inniúlacht na ndaoine chun iad a chur ar an leibhéal cóir, agus tugann sé ó leibhéal go leibhéal iad. Tá sé déanta ar bhealach an-tomhaiste ar fad. Tá an teastas Eorpach ar fáil i Maigh Nuad freisin, atá an-mhaith. Tá go leor ag tarlú ó thaobh múineadh na Gaeilge lasmuigh de na scoileanna agus tiocfaidh forbairt níos mó ar sin. Tá go leor múineadh ar fáil ar líne chomh maith, mar an sainchúrsa ar líne ag Gaelchultúr. Ceann de na rudaí gur gá níos mó béime a chur air sa Státseirbhís ná scríobh na Gaeilge. Tá cúrsa ar líne ag Gaelchultúr agus feictear dom gur gá i bhfad níos mó béime a chur ar sin. Tá daoine ann le roinnt Gaeilge nach mbeadh muinín acu ó thaobh scríobh na Gaeilge de. An dúshlán ná an mhuinín sin a thabhairt dóibh sa chaoi go mbeidh siad ábalta scríobh agus taithí a fháil ar bheith ag scríobh. Ansin beidh an Roinn mhuiníneach freisin go mbeidís in ann litreacha a chur amach thar ceann na Roinne nach mbeidh lán le botúin.

D’fhiafraigh an Teachta Ó Snodaigh faoi fhreagairt an fón. Cuirimid liosta le chéile do dhaoine istigh sa Roinn maidir le conas beannú do na daoine a ghlaonn isteach agus na nathanna sin. Aontaím go hiomlán leis an Teachta maidir leis sin. Má táimid chun an Ghaeilge a chur chun cinn, beidh gá lena leithéid sin i ngach aon chomhlacht. Tá sé éasca a leithéid a chur ar fáil. Tá sé curtha ar fáil againne laistigh den Roinn agus ag Ranna eile chomh maith. Fásfaidh na rudaí seo de réir a chéile agus beidh éifeacht charnach ann. Nuair a thosóidh an méadú sin, fásfaidh sé mar go mbeidh daoine in ann labhairt le chéile. Tiocfaidh fás agus forbairt air, fiú as a stuaim féin, má éiríonn linn céatadán áirithe a bhaint amach.

Aontaím leis an Uasal Ó Cearúil, ach tá géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge de. Tá sé ráite chuile choicís agam, agus sin atá ráite ag na saineolaithe atá tagtha os ár gcomhair. Tá dul chun cinn iontach déanta ag na finnéithe, ach cén tslat tomhais a úsáideann siad? Maidir leis an méid a dúirt mé féin agus an Teachta Ó Snodaigh, lena n-aontaíonn an tUasal Ó Cearúil, is gá daoine a mhealladh laistigh den Roinn. Is gá é sin a thomhais agus cúrsaí a chur ar fáil ar bhealach atá i bhfad níos práinní. Baineann sé sin le chuile Roinn.

Deirtear sa ráiteas tosaigh go bhfuil teastas Eorpach na Gaeilge bainte amach ag roinnt oifigigh. Cé mhéad oifigeach atá an teastas sin acu?

Mr. Micheál Ó Cearúil

Nílim cinnte. An rud a tharla ná go rabhaimid ag déanamh na cúrsaí laistigh den Roinn-----

Go dtí pointe.

Mr. Micheál Ó Cearúil

-----agus ansin tháinig deireadh leis sin.

Mr. Micheál Ó Cearúil

Ní raibh aon neart againn ar sin.

Bheadh sé suimiúil fáil amach cé mhéad oifigeach atá an teastas acu, agus cén chaoi gur féidir leis na finnéithe tuilleadh daoine a mhealladh chun an teastas sin nó cibé scrúdú eile a dhéanamh.

Mr. Micheál Ó Cearúil

Tá sé sin ar bun sa Gharda Síochána anois. Tá an córas ann comhthreomhar-----

Bhí mé díreach chun ceist a chur maidir leis an nGarda. An bhfuil gardaí ag foghlaim trí Ghaeilge i dTemplemore? An bhfuil cúrsa ar fáil trí Ghaeilge ansin?

Mr. Micheál Ó Cearúil

Tá, cinnte. Chomh maith leis sin, tá córas tástála an Gharda bunaithe ar an teastas Eorpach. Tá na leibhéil----

An bhfuil aonad nó cúrsa faoi leith ar fáil nó an bhfuil chuile gharda á dhéanamh?

Mr. Micheál Ó Cearúil

Bíonn cúrsaí faoi leith ann, ach caithfidh gach aon gharda bunmhéad a fhoghlaim chomh maith.

Tá an tUasal Ó Cearúil ar an gcoiste idir-rannóg ar son na Roinne.

Mr. Micheál Ó Cearúil

Tá.

Cén sórt ionchur atá aige agus ag an Roinn ó thaobh cur chun cinn na straitéise? Cén rudaí atá siad ag díriú isteach orthu? Cén sórt díospóireacht a bhí ag an gcoiste maidir leis an mBille nua agus na rudaí a bheidh ag teastáil?

Mr. Micheál Ó Cearúil

Rinneamar an-phlé maidir leis an mBille sin. Cuireadh ceannteidil an Bhille sin nó leagain éagsúla dóibh timpeall ag gach aon Roinn agus bhí an-phlé againn maidir leo. Bíonn plé agus teagmháil againn, agus mar a dúirt mé, déanaimid an-teagmháil leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an t-am ar fad.

Sin an rud ar a bhfuil mé ag díriú isteach. Bhí na ceannteidil sin i bhfad níos láidre ná an Bille i ndáiríre. Tá an Bille níos laige ná na ceannteidil. Nuair a tháinig na ceannteidil os comhair an choiste, cad a dúirt sé faoi na dúshláin a bhain leis an sprioc sin a bhaint amach? An raibh plean i gceist? Deirtear linn anois go mbeidh sé deacair 20% a bhaint amach agus níl aon sprioc ama sa Bhille. Beidh díospóireacht ann faoi sin amárach. Ag dul siar, nuair a bhí an t-ábhar seo faoi chaibidil ag an gcoiste, cad a dúirt sé faoi na dúshláin a bhain le 20% a bhaint amach? Cén céimeanna a luaigh sé? Tá mé ag dul timpeall i gciorcail. Bhí sé soiléir go mbeadh dúshláin ann.

Mr. Micheál Ó Cearúil

Tá an-mhuinín againn mar Roinn sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta go bhfuil an saineolas aici. Má tá sí ag iarraidh é seo a chur chun cinn, tacaímid léi pé slí gur féidir linn. Beidh dualgas orainn ó thaobh an dlí de pé ní a bheidh san Acht sin a chur i bhfeidhm. Fáiltímid aon slí gur féidir linn an Ghaeilge a chur chun cinn, agus is do leas na Roinne a bheidh sé. Aon rud gur féidir linn a dhéanamh, déanfaimid é agus cuidímid leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Mar shampla, bhí mé ar an gcoiste ar an gcaighdeán oifigiúil nuair a bunaíodh é, agus rinne mé go leor oibre air.

Aon rud a n-iarrtar orainn a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge agus í a chur chun cinn, déanaimid é agus bímid fabhrach maidir léi.

Tuigim é sin. Bhí gá le réamhobair. Bhí sé soiléir do gach Roinn go mbeadh an riachtanas 20% seo ag teacht isteach agus gur chóir pleananna a leagan amach maidir leis an gcaoi ar féidir an sprioc sin a bhaint amach chomh sciobtha agus is féidir.

Mr. Micheál Ó Cearúil

Tarlóidh sé agus beimid ag glacadh leis go bhfuil a leithéid de phlean ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus bheinn an-mhuiníneach aisti mar is daoine maithe iad atá ann.

Níl mé ag caitheamh anuas ar an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ach táim ag cur ceist ar do Roinn féin maidir leis na pleananna atá aici. Luaitear 2% den fhoireann agus is iontach an rud go bhfuil rudaí déanta aici-----

Mr. Micheál Ó Cearúil

Tá 2% ar an bpainéal sin ach tá Gaeilge ag i bhfad níos mó daoine laistigh den Roinn ná an 2% sin agus Gaeilge an-mhaith ar fad ag roinnt de na daoine sin.

Tá mo dhóthain ráite agam. An bhfuil an tUasal Ó Cearúil críochnaithe? Tá. Níl le déanamh agam anois ach mo bhuíochas a ghabháil leis na hUasail Ó Cearúil agus Ó Suilleabháin agus Nollaig shona a ghuí orthu. Tá an cruinniú inniu beagnach críochnaithe anois go dtí tar éis na Nollag.

Tá an Bille foilsithe agus ní féidir críochnú gan é a lua. Tá a fhios agam gur mé féin atá sa seomra faoi láthair ach ní mór dom a rá go raibh díomá orm nuair a léigh mé arís inniu é agus go bhfuil sé níos laige ná na ceannteidil. Níl sé soiléir gur thug an Roinn aird ar bith ar na 16 molta sa tuarascáil ón gcoiste seo. Tá dualgas orm é sin a rá mar Chathaoirleach agus tá súil agam go mbeidh díospóireacht bheo agus láidir amárach againn air. Beidh jab le déanamh againn chun leasuithe a dhéanamh air. An bhfuil aon chomhalta eile ag iarraidh teacht isteach chun labhairt air seo?

Tá díomá ormsa freisin. Is mór an trua mar bhí mé anseo nuair a tháinig an chéad Bhille os comhair na Dála tamall fada ó shin. Ag an am sin bhí fadhbanna leis an Acht atá ann anois. Bhíomar ag tnúth go mbeadh an Bille nua ag déileáil leo siúd a d'aithníomar agus a chonaiceamar ó shin agus leis na poill a bhí sa chéad Acht sin agus a d'eascair as. Bhíomar ag tnúth chomh maith go ndéileálfaí leis an ngéarchéim atá tagtha chun cinn. Níl an Bille ag déanamh an méid sin. Tá sé deacair dom mar táim trína chéile an cóir dom cur ina choinne nó glacadh leis. Ar an gcéad dul síos glacaim le haon rud atá in ainm is a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn, agus tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit agus na státseirbhísigh sásta glacadh le moltaí a gcuirfeadh an Ghaeilge chun cinn, go háirithe leo siúd a d'aithin an coiste nó a leag sé amach roimhe seo. Níl mé á dhéanamh sin chun a bheith diúltach nó chun breis ualaigh a chur ar an Státseirbhís ach toisc go bhfuilimid ag iarraidh an Ghaeilge a chosaint, go mbeadh fás ar an nGaeilge sa chóras Stáit, agus go mbeadh cosaint acu siúd atá ina gcónaí sa Ghaeltacht agus ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Níl an méid sin déanta sa mhéid den Bhille atá léite agam nó sna leasuithe atá feicthe agam cheana féin go dtí seo. Níl an tslí ina gcaitheann an Bille leis an gcuid is mó de na heagrais Ghaeilge fhoirfe. Tá súil agam go bhfuil athrú ag teacht.

Ní hamháin nach bhfuil sé foirfe ach i mo thuairim is céim chun cúil é mar tá sé i bhfad níos laige ná na ceannteidil. Tá gá leis an sprioc 20% agus le spriocdháta agus sprioc-am ón tús, agus níl siadsan le feiceáil in aon áit. Ba chóir go mbainfeadh na spriocanna seo le poist arduithe céime freisin. Tá bearnaí móra agus easnaimh i gceist. Ag an bpointe seo tá sé ar intinn agam preasráiteas a eisiúint ar son an choiste, má ghlacann an coiste leis sin.

Tar éis an mhéid ama a chaith an coiste leis seo agus a chualamar ón gCoimisinéir Teanga, tá díomá orainn nach bhfuil an Bille ag teacht leis an méid a luamar ar an ábhar seo.

Tá sé ráite go mion minic go poiblí againn nach rabhamar ró-radacach ó thaobh na moltaí. Bhíomar ag iarraidh a bheith réasúnta agus praiticiúil de réir na fianaise a tháinig os ár gcomhair maidir le géarchéim na Gaeilge. Tá mo dhóthain ráite anois. An bhfuil sé sin aontaithe? Tá sé.

Aontaím go bhfoilseofar preasráiteas i dtaca leis seo.

Ag an bpointe seo, gabhaim buíochas leis an bhfoireann uile as ucht a gcuid oibre, leis na hUasail Curry, Ó Cruadhlaoich agus Ní Shuilleabháin. Beimid ar ais arís agus tá an comhchoiste curtha ar athló anois go dtí an 28ú lá de mhí Eanáir den bhliain seo chugainn.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 5.37 p.m. go dtí 4 p.m. Dé Máirt, 28 Eanáir 2020.
Top
Share