Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Wednesday, 11 Nov 2020

Gnó an Chomhchoiste.

Tá leithscéal faighte againn ó na Teachtaí Fergus O'Dowd agus Marc Ó Cathasaigh. Iarraim ar na comhaltaí gan dul ina suí in aon chathaoir ag an mbord ach amháin na cinn atá micreafóin curtha ar fáil dúinn os a gcomhair. Mura bhfuil spás ann is féidir suí ar gcúl agus na suíocháin a bhabhtáil ansin.

Maidir le miontuairiscí ár gcruinniú ar an 4 Samhain, tá an rúnaíocht tar éis dréacht díobh a scaipeadh orainn roimh an gcruinniú seo. An aontaítear iad nó an bhfuil aon rud ar mhiste le comhaltaí an choiste a phlé ag an bpointe seo? Mura bhfuil, glacaim go n-aontaítear iad mar sin. Gabhaim buíochas leis na comhaltaí.

Maidir le comhfhreagras, tá roinnt míreanna comhfhreaghrais scaipthe timpeall ar na comhaltaí chomh maith, is iad F038 go F040, a bhfuil baint acu leis an gcruinniú seo de na comhaltaí. Maidir le mír comhfhreagrais F038, sheol Conradh na Gaeilge é chugainn mar gheall go ndúirt an tArd-Rúnaí, Julian de Spáinn, go ndéanfadh sé sin nuair a bhí sé os ár gcomhair an tseachtain seo caite. Baineann sé le polasaí náisiúnta phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht. Ar mhian le haon chomhalta é sin a phlé anois nó ar mhaith linn é a chur ar an gclár oibre don bhliain seo chugainn? Is féidir linn é a phlé mar tá an nóta air scaipthe timpeall agus is nóta ocht leathanach ar fad atá i gceist. Glaoim ar an Teachta Ó Cúiv.

Ceapaim gur rud ró-mhór é a bheith ag plé anois, go mór mór mar go bhfuil daoine ó Údarás na Gaeltachta istigh anois, ach níor mhaith liom é a fhágáil ró-fhada gan plé a dhéanamh air ach an oiread. Tá fíorphráinn ag baint leis seo. Tá ceadanna á dtabhairt agus níl riail Ghaeilge á cur i bhfeidhm agus ba cheart é a phlé go han-phráinneach.

Ar mhiste le haon duine eile labhairt? Níor mhiste. Aontaím leis an méid atá ráite. Ba mhaith liom a impí ar na comhaltaí nuair atáimid ag cur an chláir oibre le chéile don bhliain seo chugainn gur féidir linn plé a dhéanamh ar an ábhar seo. Tá an clár oibre lán don bhliain seo cheana féin, mura bhfuil siad ag iarraidh rud éigin a tharraingt amach agus an ní seo a chur isteach. Is féidir linn an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a thabhairt os ár gcomhair, nó cruinniú a bheith againn leis an gcoiste a ghabhann leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is féidir linn joint committee meeting a bheith againn ar an gcaoi sin más gá. D'fhéadfaimis an moladh sin a phlé nuair atáimid ag cur an phlean le chéile don bhliain seo chugainn. Tá an ceart ag an Teachta Ó Cúiv gur gá dúinn é sin a dhéanamh luath go leor, go háirithe toisc go bhfuil na húdaráis áitiúla ag cur na bpleananna forbartha le chéile faoi láthair. B'fhéidir go mbeadh ról ag-----

Le cead an Chathaoirligh, ba mhaith liom an fhadhb atá anseo a leagan amach. Tá na húdaráis áitiúla ag cur coinníollacha teanga isteach i gceadanna pleanála, 80% mar shampla i Ráth Chairn, agus mugadh magadh an cur i bhfeidhm atá i gceist. Ní ceist polasaí é, is ceist chur i bhfeidhm. Ceadaítear do dhaoine nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt acu na tithe seo a cheannach. Níl aon chaighdeán i gceist. Nuair a théann duine isteach agus deireann sé gur Éamon Ó Cúiv é, mar shampla, deirtear leis go bhfuil Gaeilge iontach aige, agus away leis agus tugtar an cead. Ní fadhb polasaí é, is fadhb fheidhmithe é. Ba cheart an tAire agus tAire Stáit, agus na bainisteoirí nó na príomhfheidhmeannaigh as na seacht comhairlí contae, a thabhairt isteach agus a fhiafraí díobh céard atá á dhéanamh acu mar tá siad ag déanamh scigmhagadh den dlí a bheir an tOireachtas isteach go gcaithfear an Ghaeltacht a chur san áireamh.

Ba mhaith liom tacaíocht a thabhairt dó sin. Bhí sé ar intinn ag an gcoiste roimhe seo na húdaráis áitiúla a thabhairt os ár gcomhair ach níor shroicheamar é sin sa chlár oibre. Nuair atáimid ag smaoineamh air seo, aontaím go mba chóir an córas rialtais áitiúil a thabhairt os comhair an choiste maidir leis an ábhar seo.

Más féidir liom an chuid seo a rá chun cabhrú leis sin. D'eagraigh mé cruinniú idir an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Teachta Darragh O'Brien, agus Conradh na Gaeilge an tseachtain seo caite. Tá an tAire ag obair ar pholasaí. Chuir sé stad ar pholasaí an Chonartha, polasaí a bhain le hÚdarás na Gaeltachta freisin. B'fhéidir go bhfuil sé ró-luath é seo a phlé leis an Údarás. Dúirt siad go mbeadh siad ar ais chugainn roimh an Nollaig agus b'fhéidir go mbeimid in ann an tAire a thabhairt isteach tar éis na Nollag freisin in éineacht leis na húdaráis áitiúla.

Is féidir leis an gcoiste é sin a ghlacadh mar chinneadh nuair a bheimid ag déileáil leis an bplean oibre don bhliain seo agus don bhliain seo chugainn díreach i ndiaidh na míre seo.

Roimhe sin, b'fhéidir gur féidir linn scríobh chuig na húdaráis áitiúla ar fad chun go mbeidh an t-eolas againn maidir leis na polasaithe atá acu. Tá a fhios agam, ach ba mhaith liom go mbeadh sé ar an taifead oifigiúil. Ansin nuair a bheidh na cruinnithe againn amach anseo, mar a bhí i gceist ag an seanchoiste, beidh muid in ann an plé sin a dhéanamh.

Ní maith liom a bheith ag piocadh ar rudaí beaga, ach tá a fhios agam go bhfaighimid polasaí deas foirfe ar ais nuair a scríobhfaimid chuig na húdaráis áitiúla. Ní sin an fhadhb. Tá polasaí teann acu, ach cén caighdeán Gaeilge a éilíonn siad nuair a chuireann siad coinníollacha teanga ar thithíocht?

Cuirfimid é sin sa cheistneoir freisin.

Caithfear an dara cuid a chur ann toisc gur sin an áit ina loictear. Tá 80% i gceist mar pholasaí i go leor áiteanna ach, mar is eol dúinn ó shampla Ráth Chairn agus sampla na Rinne i bPort Láirge, nuair a thosaíonn siad ar na coinníollacha a fheidhmiú ar an talamh, deireann na boys "wink, wink, nod, nod agus beidh tú all right."

Déanfaimid é sin má aontaíonn an coiste leis. Tá cúpla rud aontaithe againn mar chodanna den phlean oibre. Tiocfaimid ar ais chuige sin. Scríobhfaimid chuig na comhairlí áitiúla sna ceantair ina bhfuil Gaeltachtaí ann, mar a leagadh amach. Ansin, beidh muid ag smaoineamh ar an Aire a thabhairt os ár gcomhair.

Maidir le mír comhfhreagrais F038, molaim go dtabharfaí dár n-aire go bhfuarthas an comhfhreagras agus go n-aontaíonn muid le é a thaifead sna miontuairiscí go dtí go dtiocfaimid ar ais air. Táim ag caint faoin méid a chuir an Conradh ar aghaidh chugainn. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

Táimid ag bogadh ar aghaidh go dtí mír comhfhreagrais F039 ón Aire Stáit le freagracht as an nGaeltacht agus spórt, an Teachta Chambers, Príomh-Aoire an Rialtais. Tá sé ag iarraidh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 a chur os comhair an choiste ar an gCéadaoin, an 25 Samhain, le tús a chur le Céim an Choiste. Ba mhaith leis go gcríochnófaí an Chéim sin chomh luath agus is féidir. Sula labhraím faoi sin, tá dréachtphlean oibre againn. Cuirfidh aon chinneadh maidir leis an reachtaíocht sin isteach ar an bplean mar atá.

Maidir leis an gcomhfhreagras féin, fuair mé é i ríomhphost Dé Luain. Ní bhfuair mé cóip chrua de go fóill ach táimid ag déileáil leis sin. Scríobh an cléireach ar ais ag an Aire Stáit agus ag an gCeann Comhairle. Bhí mé i dteagmháil le hOifig na mBillí freisin ach fós, go hoifigiúil, ní bhfuair muid nóta ag rá go bhfuil an Bille le teacht os ár gcomhair. Mar sin, ní féidir leis an gcoiste cinneadh a dhéanamh maidir leis an dáta. De réir an chórais, caithfear an treoir a tugadh don Roghchoiste um na Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht a tharraingt siar agus treoir nua a thabhairt don choiste seo. Is é sin an méid a dúradh liom. Go dtí go dtarlaíonn sé sin, ní féidir linn dul ar aghaidh. Araon le gach ball eile, táimse ar bís chun tosú.

Chuir mé ceist ar Oifig na mBillí freisin ó thaobh an réamhfhógra gur gá dom tabhairt do Theachtaí maidir le leasuithe. Dá mbeadh an cruinniú ar an 25 Samhain, ba é an 20 Samhain an dáta deiridh chun leasuithe a mholadh. Dá mbogfaí an cruinniú go dtí an 2 Nollaig - agus chaithfí é a bhogadh anois - ba é an 27 Samhain an dáta deiridh. Ní féidir linn cinneadh a dhéanamh maidir leis ach is féidir le daoine impí ar an Aire Stáit, atá mar Phríomh-Aoire, an rún a chur. Níl éinne chun cur ina choinne. Ansin, is féidir linn déileáil leis.

Fáiltím roimh an gcomhfhreagras ach níl sé sásúil beag nó mór. Ar a laghad tá dáta luaite anseo, an 25 Samhain, agus is dul chun cinn é sin go teoriciúil. Níl sé sásúil nach bhfuil dáta againn, in ainneoin iarrachtaí an Chathaoirligh. Níl éinne ag dul siar ar a bhriathar go díreach. Ní bhaineann an botún sin leis an Rialtas. Ní thuigim cé leis a bhaineann sé. Ní bhaineann sé leis an gcoiste seo, tá sé sin soiléir, ach tá botún áit éigin. Níl sé ró-dheacair cinneadh a dhéanamh an Bille a chur os ár gcomhair. Ba chóir dúinn obair i dtreo an lae sin, an 25 Samhain. Dúirt an tAire Stáit go bhfuil sé dóchasach go mbeidh sé os ár gcomhair ar an lá sin. Ní féidir leanúint ar aghaidh mar seo. Is cúis magaidh é i ndáiríre. Tá an rud ceannann céanna a rá againn chuile sheachtain. Níl mise in ann a mhíniú d'aon duine cá bhfuil an botún. Is é sin an rud is measa.

An féidir leis an gCathaoirleach scríobh chuig an gCoiste Gnó chun a fháil amach-----

Scríobh. Tá sé sin déanta chomh maith.

Tá an Leas-Cheann Comhairle ar an gCoiste Gnó. An féidir léi comhrá a bheith aici leis an gCeann Comhairle?

Déanfaidh mé é sin.

B'fhéidir gur féidir leo a gcloigne a chur le chéile chun an fhadhb seo a réiteach.

Má thagann rún os comhair na Dála ar an Máirt, is í an fhadhb a bheidh ann ná nach bhfuil cruinniú eile againn go dtí an Chéadaoin. Ní bheadh go leor ama á thabhairt againn do dhaoine chun leasuithe a chur isteach faoin gcóras chun déileáil leo. Toisc nach bhfuil sé os ár gcomhair go fóill, ní féidir leis an mBille teacht os ár gcomhair ar an 25 Samhain, is cuma cad a tharlaíonn. Caithfimid díriú isteach ar an 2 Nollaig nó an 3 Nollaig. Is féidir linn cinneadh a dhéanamh faoin lá den tseachtain ar a suímid chun déileáil leis agus le haon rud eile. Sin í an fhadhb. Táim chun labhairt leis an Aire Stáit, an Teachta Chambers agus leis an gCeann Comhairle arís inniu. Cuirfimid litir eile chucu ag rá gur caithfidh go mbeidh an rún seo os comhair na Dála Dé Máirt ionas gur féidir linn déileáil leis ar an gCéadaoin.

Glacaim leis go bhfuil an Cathaoirleach litir ó Aire Stáit na Gaeltachta.

Is í sin an litir a bhfuair mé.

Ba cheart scríobh ar ais ag an bPríomh-Aoire ag meabhrú dó go bhfuil Aire Stáit na Gaeltachta ag iarraidh fíordheifear a dhéanamh leis seo agus ag iarraidh air labhairt leis an gCeann Comhairle agus an t-ábhar a thabhairt aníos ag an gcruinniú den Choiste Gnó a bheidh ann maidin amárach. Caithfear é sin a dhéanamh tráthnóna. B'fhéidir gur féidir leis an Aire Stáit labhairt leis an Aire Stáit eile.

Tá an Coiste Gnó tar éis glacadh leis gurb é seo an áit ar chóir don Bhille teacht, ach níl an treoir sin faighte againn go fóill.

Tá a fhios agam ach-----

An mbeidh cruinniú don Choiste Gnó ar siúl maidin amárach?

Níl a fhios agam cén lá ar a mbuaileann sé le chéile anois. Ba chóir go mbeadh cruinniú ann.

Nach mbíonn cruinnithe ann chuile lá?

Níl aon ghá leis an gCoiste Gnó. Is gá don Aire Stáit an rún a chur.

An bhfuil muid tar éis teachtaireacht a sheoladh chuige?

Déanfaimid iarracht arís. Is é sin an fáth go ndúirt mé go bhfuilimid ag déileáil leis. Go dtí seo, tá cuireadh tugtha d'Fhoras na Gaeilge teacht os ár gcomhair an tseachtain seo chugainn. Ó thaobh an tseachtain ina dhiaidh sin agus cruinniú ar an 25 Samhain, tá cuireadh tugtha againn do Chomhlachas na gComharchumainn agus na gComhlachtaí Pobalbhunaithe. Maidir leis an tseachtain ina dhiaidh sin, bhí cuireadh tugtha againn don Aire, an Teachta Catherine Martin, agus don Aire Stáit, an Teachta Chambers, teacht os ár gcomhair. Ina dhiaidh sin, tá cuireadh tugtha againn do Cynthia Ní Mhurchú agus Liam Mac Cóil buaileadh linn mar gheall ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Maidir lenár gcruinniú deireanach roimh an Nollaig, má chloímid le cruinniú amháin sa tseachtain, buailfimid le Coimisinéir An Gharda Síochána ar an 16 Nollaig. Tá trí chinneadh gur gá dúinn a dhéanamh. An aontaítear leis an gclár oibre mar atá sé faoi láthair? An aontaítear leis go gcuirfear aon rud eile ar leataobh ina iomláine má thosaíonn plé ar Chéim an Choiste an Bhille teanga ag aon am? Faoi láthair tá an sliotán seo againn ar an gCéadaoin. Tá sliotán ar fáil dúinn ar an Déardaoin freisin.

Má táimid ag iarraidh cur chuige ceart maidir leis an mBille, is gá níos mó ná cruinniú amháin sa tseachtain. Muna mbeidh sé sin ann, níl seans ar bith go mbeidh muid in ann mórán dul chun cinn a dhéanamh mar ní bheidh ach trí chruinniú i gceist má thagann an Bille os ár gcomhair ar an 2 Nollaig. An bhfuil aon tuairimí ag comhaltaí?

Aontaím go bhfuil sé ceart chuile rud a chur as an áireamh nuair atá an Bille os ár gcomhair agus go bhfuil gá le cruinnithe sa bhreis nuair a táimid réidh leis sin. Is dócha go bhfuil muid go léir den tuairim céanna mar gheall air sin.

Déanfaimid é seo a chinntiú ach an sliotán a bhí ar fáil dúinn ná an Déardaoin ó 2 p.m. go dtí 4 p.m. Tá a fhios agam nach n-oireann sé sin do chomhaltaí atá ag taisteal. Déanfaimid iarracht arís toisc go bhfuil an treoir curtha amach chuig cathaoirligh na gcoistí nár chóir go mbeadh cruinnithe ar siúl in aon chor, ach amháin má tá siad ag plé le ceisteanna atá bainteach le reachtaíocht. B'fhéidir go mbeadh muid in ann brú a chur ar choiste eile nach bhfuil ag déileáil le reachtaíocht sliotán ar an Máirt nó níos luaithe ar an Déardaoin a thabhairt dúinn. Níl cead againn ach cruinniú amháin sa lá a bheith againn faoi láthair. Sin an treoir atá ann. Táimid gafa leis an sliotán sin ar an Déardaoin. B'fhéidir go mbeidh sliotán ar fáil ag 9 a.m. ar an Déardaoin.

Tinreamh iomlán a bheas ann.

Is cruinnithe den roghchoiste a bheadh ann mar sin is iad na Teachtaí amháin a bheadh i gceist. Bheadh gá do triúr againn a bheith i láthair. Ansin tiocfaidh sé go dtí an Seanad chomh tapa agus is féidir linn déileáil leis. Cuirfidh mé comhaltaí ar an airdeall gur gá na leasuithe atá acu a bheith ullamh agus go mbeidh siad curtha isteach chomh tapa agus is féidir ionas gur féidir linn tabhairt faoin mBille seo roimh Nollaig ar a laghad. An aontaítear leis na cinntí sin? Aontaítear.

Tagraím do mhír F040 ón Seanadóir Ó Donnghaile. Baineann mír comhfhreagrais F048, ón Seanadóir Ó Donnghaile, le moltaí go mbeidh rúin rite ag an gcoiste inniu mar gheall ar mhaoiniú d'Fhoras na Gaeilge agus scéim pobal Gaeilge, SPG. An aontaítear go ndíreoimid isteach ar an dá mholadh sin? Aontaítear. Baineann an chéad rún le breis maoinithe d'Fhoras na Gaeilge agus do scéim pobal Gaeilge:

Go n-aontaíonn an Comhchoiste gur chóir don Rialtas breis maoinithe a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge sna meastacháin athbhreithnithe do 2021 agus an t-éileamh seo a chur chuig na hAirí cuí agus chuig an Taoiseach.

An tarna rún ná:

Go dtacaíonn an Comhchoiste leis an obair atá ar siúl ag na grúpaí SPG sa phobal agus go n-iarrtar ar an Aire Catherine Martin agus ar an Aire Stáit Jack Chambers seasamh isteach agus a chur in iúl go soiléir d’Fhoras na Gaeilge, anois go mbeidh airgead breise acu go cinnte i 2021, gur gá tosaíocht a dhéanamh san airgead breise sin le cur leis an líon grúpaí le SPG agus le:

€55,000 a chinntiú do gach scéim sa SPG nua agus

Cinntiú nach mbeidh aon idirdhealú maoinithe déanta ar SPG lonnaithe i gceantar le líonra Gaeilge nó baile seirbhíse Gaeltachta.

Glacaim leis go bhfuil sé sin ag teacht ón méid a bhí á rá ag ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, nuair a bhí sé os ár gcomhair. Luaigh sé na rúin sin.

Mar atá ráite ag an Chathaoirleach, bhí sé luaite ag finnéithe Chonradh na Gaeilge an tseachtain seo caite ag an chruinniú agus luaigh mé féin ag an chruinniú gur ceart dúinn smaoineamh faoi rúin mar seo a leagan os comhair an choiste. Tá súil agam go mbeidh muid in ann iad a aontú mar gheall ar na fáthanna uilig a thug Conradh na Gaeilge dúinn agus mar gheall go bhfuil a fhios againn féin sna ceantair agus muid eolach ar na grúpaí seo, cé chomh tábhachtach agus a bhfuil an maoiniú seo, go háirithe sa tréimhse ina bhfuil muid. Leis na rúin seo, is féidir linn iarraidh ar an Aire agus an Aire Stáit cinnteacht a thabhairt do na grúpaí agus na pobail seo fosta.

An bhfuil aon Teachta chun tacú leis an dá rún?

Tacaím leis an dá rún.

Ar mhaith le aon chomhalta eile labhairt fúthu sin? Níor mhaith. An aontaítear leo? Aontaítear. Molaim go nglacfaí leis an dá rún agus go seolfar ar aghaidh iad go dtí an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Catherine Martin, agus go dtí Príomh-Aoire agus Aire Stáit ag na Ranna an Taoisigh, Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Iompair, an Teachta Chambers, agus go n-eiseoidh muid preasráiteas maidir leis an gcinneadh sin. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

Maidir le Bhuan-Orduithe an chomhchoiste - is é seo Uimh. 4 - is mian liom a chur in iúl gur sheol mé an chomhfhreagras seo a leanas chuig an Ceann Comhairle maidir le Buan-Orduithe an chomhchoiste. Sin toisc gur aontaigh comhaltaí liom an tseachtain seo caite faoin litir a scríobh muid. Scríobh muid an méid seo a leanas:

A Chinn Comhairle, a chara,

Ag a chruinniú ar an 4 Samhain 2020, rinne comhaltaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge plé ar Bhuan-Ordú 123 de Dháil Éireann agus ar Bhuan-Ordú 105 de Sheanad Éireann, arb iad na Buan-Orduithe lena rialaítear cúraimí agus gníomhaíochtaí an Chomhchoiste.

Thug mo chomhchoiste faoi deara go bhfuil cuid dá chúraimí féin i gcomhréim le cuid de chúraimí an Comhchoiste um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht, maidir leis an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus gnóthaí a bhaineann leo. Thug mo chomhchoiste faoi deara go raibh an comhchoiste sin tar éis cúpla mír chomhfhreagrais a bhí faighte aige, agus a bhain le gnóthaí na Gaeilge agus na Gaeltachta, a chur ar aghaidh chuig mo chomhchoiste féin, toisc go mbaineann siad le réimse oibre an chomhchoiste seo:

“Phléigh an Comhchoiste [um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht] an chomhfhreagras seo ag a chruinniú ar 30 Meán Fómhair 2020. Glacadh leis an gcinneadh go gcuirfí an comhfhreagras faoi bhráid Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, toisc go mbaineann sé go dlúth le réimse oibre an Choiste sin.”

Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar a bhfuil de chúraimí an dá chomhchoiste sin i gcomhréim lena chéile agus ar na deacrachtaí a bhaineann leis sin, lena n-áirítear an obair a dhéanamh faoi dhó, chomhaontaigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go n-iarrfadh sé ar Choiste Gnó na Dála go ndéanfar na gnóthaí uile a bhaineann leis an nGaeilge, an Ghaeltacht, meastacháin na Roinne, an reachtaíocht agus eile, a chur faoi chúram an Chomhchoiste seo amháin, agus go mbainfear an cúram sin den Chomhchoiste um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht.

Chomhaontaigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go ndéanfaí na hathruithe cuí ar na Buan-Orduithe agus ar théarmaí tagartha an dá chomhchoiste chun an moladh sin a chur i gcrích, agus go leasófaí ainm an Chomhchoiste eile le go ndéanfaí an t-athrú ar na cúraimí sin a aithint.

I ndiaidh cruinniú mo chomhchoiste ar an 4 Samhain 2020, agus sular chum mé agus sheol mé an comhfhreagras seo chugat, labhair mé le Cathaoirleach an Chomhchoiste um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, an Teachta Dála Niamh Smyth, agus d’aontaíomar beirt go mbeadh sé i bhfad Éireann níos oiriúnaí agus níos ciallmhaire maidir le hobair an dá chomhchoiste araon, dá mbeadh na cúraimí a bhaineann leis an nGaeilge agus an nGaeltacht faoi chúram chomhchoiste amháin seachas faoi chúram dhá chomhchoiste, agus iad ag trasnú ar a chéile maidir leis sin.

Mar a luaigh mé i gcomhfhreagras roimhe seo, tá stádas ar leith ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge maidir leis an nGaeilge agus gach rud a bhaineann léi; is stádas é sin atá á aithint ag pobal na Gaeltachta, pobal labhartha na Gaeilge agus muintir na hÉireann i gcoitinne, agus cuireann siad fáilte roimhe.

Chuir muid an nóta sin ar aghaidh ar an 5 Samhain. Bhí sé tábhachtach é sin a léamh isteach sa taifead go hoifigiúil. Tá súil againn go mbeidh an deighilt sin ann. Má tá comhaltaí ag labhairt lena n-Aoirí nó le comhalta den Choiste Gnó is féidir impí orthu tacú leis nuair a thagann sé mar chuid den Choiste Gnó. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Ní bhfuair mé freagra ar an litir go dtí seo. Cuirfidh mé an freagra sin timpeall a luaithe agus a fhaighimid é ionas nach mbeidh gá fanacht go dtí an chéad chruinniú eile.

Casaimid anois ar an bpríomhchuid dár ngnó inniu-----

Fuair mé teachtaireacht ón bPríomh-Aoire go ndeachaigh an rún sin os comhair an Tí ar maidin.

Okay. B’fhéidir go bhfuilimid ar an mbóthar. An bhfuil an Teachta ag rá go bhfuil sé os comhair na Dála nó os comhair an choiste?

Chuaigh rún tríd an Dáil chun iniúchadh an Bhille a athrú go dtí an coiste seo.

Bualadh bos. An Chéadaoin seo chugainn beidh orainn an cinneadh a dhéanamh maidir leis na dátaí a thosóimid. Más fíor é, beidh orainn na finnéithe atá le teacht os ár gcomhair a chur ar an eolas nach mbeidh siad ag teacht romhainn roimh an Nollaig, mar ghlac muid an cinneadh go mbeadh rudaí eile curtha ar athló dá mbeadh an Bille os ár gcomhair. Déanfaimid an cinneadh sin go hiomlán agus i gceart ar an gCéadaoin seo chugainn.

Táimid chun plé a dhéanamh ar chúraimí agus struchtúr Údarás na Gaeltachta agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2020.

Top
Share