Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Wednesday, 11 Nov 2020

Cúraimí agus Struchtúr Údarás na Gaeltachta, agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2020: Údarás na Gaeltachta

Ó Údarás na Gaeltachta, cuirim fáilte roimh Mhicheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach; Mark de Faoite, stiúrthóir fiontraíochta, fostaíochta agus maoine; Rónán Mac Con Iomaire, stiúrthóir forbartha réigiúnaí, pobail agus pleanála teanga; agus Colm Ó Coisdealbha, stiúrthóir seirbhísí corparáideacha. Beidh na finnéithe lonnaithe i seomra an choiste le linn an chruinnithe. Bhí sé i gceist go mbeadh siad scartha amach beagán toisc Covid. Gabhaim buíochas leo as a bheith i láthair. Tá fáilte rompu.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Tá orm a chur in iúl dóibh go soiléir nach bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste agus an fhianaise sin a thabhairt acu ó shuíomh cianda taobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Ní féidir le finnéithe, mar sin, brath ar aon chosaint ná pribhléid. Mar sin, molaim dóibh a bheith an-chúramach faoin méid atá á rá acu. Sin dá mbeadh duine lasmuigh den cheantar.

Maidir leis na finnéithe atá anseo, má ordaíonn an coiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo a thabhairt agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tosaigh a cuireadh faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de Thithe an Oireachtais nó maidir le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Iarraim ar Mhicheál Ó hÉanaigh labhairt ar dtús.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Tá fíor áthas orm agus ar mo chomhghleacaithe a bheith anseo os comhair an choiste agus an deis a bheith againn labhairt faoi struchtúr Údarás na Gaeltachta agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2020. Táimid ag súil go mór le bheith in ann cur síos a dhéanamh don choiste ar an straitéis atá á chuir i bhfeidhm againn i láthair na huaire ar mhaithe le muintir na Gaeltachta agus an straitéis atá beartaithe againn tosú ó Eanáir na bliana seo chugainn. Feicim go leor daoine an-aitheanta timpeall an tseomra anseo a thuigeann obair an Údaráis go han-mhaith. Ba mhaith linn an deis seo a thógáil dul tríd an struchtúr, na feidhmeanna agus an ról atá againn agus an obair a bhíonn muid ag déanamh sna Gaeltachtaí éagsúla.

Léiríonn an chéad sleamhnán ar an scáileán na háiteanna atá na Gaeltachtaí éagsúla suite, thar seacht gcontae ó Dhún na nGall síos chomh fada le Contae Chorcaigh, agus Port Láirge, an Mhí, Ciarraí, Gaillimh agus Maigh Eo ina measc. I gcomhthéacs na Gaeltachta is é an bun-fhíric ná go gcomhlíonann Údarás na Gaeltachta an fheidhm a chomhlíonann IDA Ireland, Fiontraíocht Éireann agus na local enterprise offices, LEOs, sa chuid eile den tír. Tá na róil sin ar fad againn ó thaobh na fiontraíochta de. Sin gné shuntasach.

Sa chéad sleamhnán eile feictear go bhfuilimid bainteach le inbhuanaitheacht na Gaeltachta. Táimid ag breathnú ar chuile ghné de shaol na Gaeltachta inár gcuid oibre, mar an comhshaol agus an timpeallacht a chaomhnú agus a neartú, an eacnamaíocht agus cúrsaí pobal agus cultúr na bpobal sin.

Maidir le cuspóir na heagraíochta, is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo le cois í a thabhairt mar oidhreacht don chéad ghlúin eile an bunchuspóir atá ag polasaí Údarás na Gaeltachta. Déanann an t-Údarás gach iarracht an cuspóir seo a bhaint amach trí fhorbairt fiontraíochta agus tionscnaimh cruthaithe fostaíochta a chothú agus a mhaoiniú, chomh maith le tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí pobail, cultúrtha agus teanga-bhunaithe. Sa chiorcail beag sin ar an sleamhnán, is léir go bhfuil na trí rud ceangailte le chéile. Is gá pobail Gaeltachta a neartú agus a fhás le gur féidir an Ghaeilge a bhuanú agus a chur chun cinn agus déantar é sin trí thacú le forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta do na pobail sin.

Taispeánann an chéad sleamhnán eile an difríocht idir muidne agus na heagrais forbartha eacnamaíochta a luaigh mé níos luaithe. Ní amháin go bhfuilimid bainteach leis an bhfiontraíocht agus le cúrsaí gnó, ach baineann leath dár n-aidhmeanna le pobal agus teanga freisin. Tá dhá thaobh leis an straitéis atá againn. Tá an gníomh fiontraíochta agus cruthú fostaíochta ann, agus tá an píosa a bhaineann le cultúr agus buanú teanga ann.

Luaigh mé an straitéis atá á chur i bhfeidhm againn ó 2018. Taispeánann an sleamhnán seo na príomhchuspóirí a bhí leagtha síos againn sa straitéis sin. An chéad chuspóir ná go mbeadh 1,500 post nua ceadaithe againn do ghnóthaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht thar tréimhse na straitéise. An dara ceann fíorthábhachtach ná go mbeadh 8,000 post lánaimseartha cruthaithe i gcliaint-chomhlachtaí ar an talamh. Ciallaíonn sé sin go mbeadh na comhlachtaí sin ag fostú an méid sin daoine ar a laghad ar bhun lán ama ag deireadh na bliana seo. An tríú cuspóir ná go mbeadh 29 plean teanga faofa agus á chur i bhfeidhm faoi dheireadh na bliana seo. An ceathrú ceann ná go mbeadh muid ag cur tacaíocht ar fáil do 33 eagras forbartha pobail, mar na comharchumainn agus na heagrais pobalbhunaithe eile, agus ag cur maoiniú ar fáil dóibh. Ar deireadh, bhí muid ag iarraidh a bheith ag rith an obair seo uile agus muid ag neartú branda na Gaeltachta.

Sa chéad sleamhnán eile luann muid go raibh muid féin ag déanamh tosaíochta ar chúpla tionscnamh straitéiseach mar chuid den lár-straitéis sin. An chéad cheann atá luaite ná Páirc na Mara, páirc mhuirí nuálach atáimid ag forbairt in iarthar Chonamara. Táimid ag iarraidh forbairt inmharthana a dhéanamh ar acmhainn na mara, acmhainn atá nádúrtha don cheantar sin agus do go leor ceantair Ghaeltachta. Is féidir go leor táirgí nua a aimsiú trí thaighde agus forbairt agus trí bheith ag obair le páirtnéirí sa phobal agus san earnáil phríobháideach, agus is féidir linn forbairt inmharthana atá bunaithe ar bhreis luacha a dhéanamh.

Tá Páirc na Mara agus ár gcuid pleananna i gcomhair Pháirc na Mara lárnach dó sin.

Is é an dara rud atá luaite agam ansin ná an rud ar a dtugaimid Gteic, is é sin gréasán digiteach na Gaeltachta. Thuig Údarás na Gaeltachta gur gá go mbeadh ceantair tuaithe in ann feidhmiú ar chomhchéim agus gan a bheith faoi aon mhíbhuntáiste sa domhan agus san eacnamaíocht nua a bhí ag teacht agus go gcaithfimid a bheith ag breathnú ar rudaí ar nós na mol digiteach, na digital hubs seo. Tá go leor cainte anois orthu de bharr rudaí a tharla le bliain anuas ach bhí se lárnach inár straitéis go mbeadh ionaid ansin le háiseanna agus ceangal leathanbhanda den chéad scoth ar fáil d’fhiontraithe, comhlachtaí beaga agus cianoibrithe, agus go bhféadfaimis in ann daoine a mhealladh ar ais chun cónaí sa Ghaeltacht agus a bheith in ann a gcuid oibre a dhéanamh chomh héifeachtach céanna ó na moil seo. Tá sé i gceist againn go mbeidh os cionn 30 acu seo ar an talamh againn go luath an bhliain seo chugainn. Tá súil againn go mbeidh ar a laghad 24, mura mbeidh 27, acu ag feidhmiú roimh dheireadh na bliana seo. Is gréasáin fíorthábhachtacha iad le cinntiú go bhfuil na ceantair Ghaeltachta, na hoileáin mara san áireamh, in ann leas a bhaint as an eacnamaíocht dhigiteach agus oibriú go héifeachtach agus muid ag breathnú chun cinn.

Chinneamar chomh maith go ndéanfaimis forbairt ar bhranda Gaeltachta. Níl aon dabht ach go bhfuil go leor rudaí maithe ag tarlú sa Ghaeltacht idir ghnóthaí, cúrsaí pobail, teanga, cultúr agus ealaín. Thuigeamar chun go n-osclóimis os comhair an domhain go raibh gá go mbeadh branda ar leith againn. Is é sin rud eile a bhaineamar amach le linn tréimhse na straitéise seo.

Rud a bhí fíorthábhachtach chomh maith leis sin ná a bheith ag breathnú, ní hamháin ar an bpobal Gaeltachta atá sna limistéir Ghaeltachta ach tuigimid, de bharr imirce agus go leor cúinsí eile, go bhfuil pobal i bhfad níos leithne amuigh ansin ar fud an domhain atá báúil don Ghaeltacht agus in ann cúnamh a thabhairt don Ghaeltacht agus a bhfuil muidne in ann cúnamh a thabhairt dóibh. Is é an fáth gur bhunaíomar Togra Diaspóra na Gaeltachta. Táimid ag obair ar an togra sin lenár ngréasáin ar fud na hÉireann agus an domhain a leathnú amach. Thuig daoine a bhfuil suim acu sa Ghaeltacht agus atá in ann a bheith ag obair agus ag comhoibriú linn é sin.

Is é an rud eile a rinneamar ná forbairt straitéisí turasóireachta. Tuigimid, má ghlactar go bhfuil 25% de Shlí an Atlantaigh Fhiáin ag dul trí cheantair Ghaeltachta, go dtugann sé sin amhairc ar cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeltacht ó thaobh turasóireacht cultúrtha agus ó thaobh an mhéid rudaí tarraingteacha atá sa Ghaeltacht. Táimid ag obair i gcomhar leis na húdaráis áitiúla, le Fáilte Éireann, le chuile dhream ábhartha agus le pobail áitiúla - agus tá na comharchumainn atá againn lárnach anseo chomh maith - chun go gcinnteoimid go mbeidh táirgí d'ardchaighdeán sa Ghaeltacht sna blianta amach romhainn agus táimid ag obair orthu sin san am i láthair.

Is fiú suntas a thabhairt chomh maith lenár straitéis féin go bhfuil obair an Údaráis ceangailte go mór le straitéisí agus le pleananna náisiúnta eile. Táimid lárnach agus tá ról againn i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an gníomh-phlean cúig bliana atá á chur i bhfeidhm ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán. Táimid lárnach in go leor de na tosaíochtaí atá ann. Táimid lárnach sna straitéisí ar fad seo a leanas freisin: Tionscadal Éireann 2040; Action Plan for Jobs: An Plean Gníomhaíochta Fostaíochta; Realising our Rural Potential; Food Wise 2025; a National Bioeconomy Policy; agus Harnessing our Ocean Wealth ó thaobh cúrsaí mara. Chomh maith lenár spriocanna féin tá spriocanna againn atá bainteach leis na straitéisí náisiúnta sin ar fad chomh maith.

Ba mhaith liom díreach a rá go raibh an sprioc sin ann go mbeadh 8,000 post ar an talamh againn faoi dheireadh na bliana seo. Bhí rudaí ag dul go han-mhaith againn agus ní hé go bhfuil rudaí ag dul go tubaisteach go fóill, buíochas le Dia. Faoi dheireadh na bliana seo caite bhíomar imithe chomh fada le 7,844 phost den 8,000 post lánaimseartha a bheith bainte amach i gcomhlachtaí Gaeltachta chomh maith le 523 phost pháirtaimseartha. Sílim go bhfuil sampla amháin ansin de cheann de na comhlachtaí idirnáisiúnta atá lonnaithe agus é ag feidhmiú go héifeachtach sa Ghaeltacht sa sleamhnán seo. Táimid ag clúdach go leor earnálacha agus taispeánann an sleamhnán seo, mar snapshot, ceardaíocht, turasóireacht, bitheolaíocht, acmhainní mara, bia, an tionscal closamhairc, leictreonach, bithleigheas, oidhreacht agus turasóireacht fuinnimh. Tá go leor drioglann againn ag teacht chun cinn sa Ghaeltacht, rud nach raibh ann cúpla bliain ó shin, mar tháirgí den chéad scoth, ní hamháin ó thaobh a bheith ag táirgeadh fuisce, poitín agus na rudaí sin, ach mar áiseanna turasóireachta chomh maith agus cuireann siad go mór leis na ceantair Ghaeltachta. Tugann sleamhnán mar sin léirmheas ar bhealach maith ar chomh leathan agus an éagsúlacht is atá sna gnóthaí sin agus na hacmhainní atá sa Ghaeltacht.

Luaigh mé na comhlachtaí sin mar go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbíonn go leor daoine ag rá go mbíonn sé an-deacair rudaí a dhéanamh i gceantair tuaithe agus tá sé. Tá sé dúshlánach agus níos dúshlánaí ná i gceantair lárnacha ach tá taithí Údarás na Gaeltachta ag cruthú gur féidir le comhlachtaí atá ag feidhmiú ar chaighdeán domhanda sa Ghaeltacht in ann na daoine a fháil agus a bheith brabúsach agus inmharthana. Feictear sa sleamhnán sin sampla de chuid de na comhlachtaí sin. Is iad sin comhlachtaí a tháinig ón iasacht, ar nós Mylan, Randox agus Mowi, agus comhlachtaí a d'fhás ón mbun aníos agus atá éirithe an-mhór sa Ghaeltacht cosúil le Nemeton, Macroom Buffalo Mozzarella, Cambus Medical agus comhlachtaí mar sin.

Sa chéad sleamhnán eile téimid ar aghaidh go dtí tuilleadh acu. Bhíomar ag iarraidh chuile chontae a chlúdach agus taispeánann sé seo cuid eile de na comhlachtaí, agus roinnt díobh seo bunaithe ar acmhainní nádúrtha. Má bhreathnaítear ar chomhlacht OGT ansin, feictear an obair atá á déanamh ann le feamainn bhuí agus an breisluach atá á bhaint as sin agus á easpórtáil mar leasú ar fud an domhain.

Is rud fíorthábhachtach dúinn mar Údarás na Gaeltachta agus mar mhuintir na Gaeltachta go bhfuilimid fíorbhuíoch as an infheistíocht a fhaighimid ón Stát chun go bhféadfaimid ár gcuid oibre a chur i gcrích. Tá sé fíorthábhachtach freisin an pointe a dhéanamh ní hamháin go bhfuil aisíocaíocht cultúir agus teanga á dhéanamh ag an Stát as an nGaeltacht, ach tá aisíocaíochtaí suntasacha eacnamaíochta á ndéanamh chomh maith. Léiríonn an chéad sleamhnán eile seo na figiúirí is deireanaí atá faighte againn ón suirbhé a rinne ABSEI don Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta don bhliain 2019. Taispeánann sé na mórchomhlachtaí atá ag fostú os cionn deichniúr - is é sin mionlach na gcomhlachtaí ach tá sé fíorthábhachtach dúinn - agus maidir leis na comhlachtaí sin in 2019, bhí díolachán €844 milliún acu, agus bhí €499 milliún de sin nó 59% dá gcuid díolachán easpórtáilte. Bhí €430 milliún ó na comhlachtaí sin caite go díreach i ngeilleagar na hÉireann. Bhí caiteachas ar phárolla i gceantair Ghaeltachta de €189 milliún. Má théimid siar cúpla bliain - ní raibh na figiúirí cothrom le dáta roimhe agam - bhí aisíocaíochtaí cánacha de €77 milliún déanta ar ais díreach don Stát. Tá sé fíorthábhachtach mar Ghaeltacht a rá go bhfuilimid inár gcuid thábhachtach d'eacnamaíocht na tíre tar éis dúinn a bheith suite inár gceantair atá iargúlta agus scoite amach, agus go bhfuilimid fós lárnach agus ag iarraidh a bheith níos lárnaí fós d'eacnamaíocht na tíre.

Luaigh mé branda na Gaeltachta agus tá cúpla sampla ansin de chomhlachtaí táirgí den chéad scoth de chuile chineál atá againn sa Ghaeltacht. Léiríonn an branda seo cé as a dtagann siad seo, céard é an dúchas, an bród, an t-ardchaighdeán, an pobal agus an cultúr atá ina luí ar chúl na dtáirgí seo. Tá glactha go han-mhaith ag na comhlachtaí seo le branda na Gaeltachta agus tá sé á úsáid go forleathan agus ag fáil aitheantais. Tá sé fíorthábhachtach dúinn a bheith ag tógáil air sin i rith an ama.

Luaigh mé Togra Diaspóra na Gaeltachta agus arís tá sé seo fíorthábhachtach dúinn. Táimid ag obair le daoine i Meiriceá, i Sasana, agus tá muintir Dhún na nGall dírithe

ar Ghlaschú agus ar Albain agus mar sin de. Tá réimse mór amuigh ansin atá ag iarraidh oibriú linn agus tá roinnt pictiúr ansin agam. Feictear daoine mar Marty Walsh, Seán Ó Mainnín agus daoine mór le rá eile de bhunadh na Gaeltachta anseo, ansiúd agus eile.

Tugann sé léargas maith ach tá acmhainn fíor-thábhachtach an-mhór amuigh ansin atá sásta tacú linn agus atá an-fhabhrach dúinn. Tá an togra seo, togra diaspóra na Gaeltachta, an-tábhachtach dó sin. Leis na teicneolaíochtaí nua, táimid in ann a bheith ag síniú amach agus a bheith ag déanamh ceangail i bhfad níos leithne ná dá mbeadh muid ag úsáid bealaí traidisiúnta amháin, mar a chaitheadh muid san am atá thart.

Má tá ceisteanna ag comhaltaí faoin gcuid sin den chur i láthair, faoin bpleanáil teanga agus faoi Bhille na dteangacha oifigiúla, is féidir leo iad a chur anois. Tá uair an chloig fágtha againn.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe ón Údarás. Guím mo aitheantas chuig an Údarás fá choinne an díograis atá léirithe aige thar na blianta agus fá choinne an díograis atá ann faoi láthair, go háirithe in éadan na míbhuntáistí agus na ndúshlán atá ann fosta maidir le Covid-19. Chomh maith leis sin agus é sin ráite, tá deiseanna ann fosta sna ceantair Ghaeltachta agus tá Údarás na Gaeltachta ann. Nuair a tháinig an crú ar an tairne thar na deich mbliana seo caite, bhí an tÚdarás ann. Bhí fadhbanna móra ann maidir leis an dúshlán fadúda an easpa airgid atá ann ach lean an tÚdarás ar aghaidh. Is soiléir go mbeidh na torthaí ann, go mbeidh an infheistíocht ann agus is soiléir fosta nuair a tháinig an infheistíocht isteach go raibh na comhghleacaithe uilig taobh amuigh den Ghaeltacht ag smaoineamh fosta agus guím gach rath ar an Údarás san am atá romhainn.

De réir na tuairisce is déanaí den athbhreithniú caiteachais a d'fhoilsigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go mbeadh comhlachtaí Gaeltachta buailte níos troime ná comhlachtaí eile sa Stát de bharr na Breatimeachta, an bhfuil sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta iarratas a dhéanamh d'airgead breise a tharraingt síos ó na cistí Breatimeachta?

Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus is deas cloisteáil faoin obair atá ar bun acu. Ar ndóigh, thuas sa taobh s'againne den tír, tá Acc Innovation Teoranta agus is é an muileann-adhmaid is mó sa tír, Thuaidh nó Theas. Tá suas agus anuas le 300 duine fostaithe go díreach agus go hindíreach agus ní beag an méid é sin.

Tá ceist áitiúil agam. Cén uair atá sé i gceist Gteic a oscailt i gCorr na Móna? Tá mé cinnte go bhfuil an tÚdarás réidh don cheist sin.

An bhfuil aon mheasúnú déanta ag an Údarás ar cé mhéad duine atá fostaithe sa Ghaeltacht ag tógáil ar leithéidí Raidió na Gaeltachta, TG4, Telegael agus mar sin de in earnáil atá Gaeilge-bhunaithe nó teanga-bhunaithe? Go minic, ritheann sé liom go mbaineann seo leis an acmhainn is fearr ar fad atá ann. Tá go leor rudaí ann agus tá siad luaite ag na finnéithe. An acmhainn amháin atá ag an nGaeltacht agus nach bhfuil in aon áit eile ná gurb í an Ghaeilge teanga an phobail. Is acmhainn ollmhór é sin mar tá táirge iontach le díol agus mar tá éileamh ar an táirge sin. Feicimid é leis na coláistí Gaeilge, le TG4, Telegael, Nemeton srl. An bhfuil aon eolas againn ar cé mhéad duine atá fostaithe sa Ghaeltacht idir Údarás na Gaeltachta, an Roinn, Oifig an Choimisinéara Teanga, TG4 agus na comhlachtaí príobháideacha ar fad ar nós Europus srl.? Cé mhéad duine atá fostaithe sa Ghaeltacht in ann gur Gaeltacht í? Treisíonn sé sin go mór leis an gcúis go bhfanfadh pobal na Gaeltachta leis an nGaeilge agus láidríonn sé sin an rud a bhí an tÚdarás ag caint faoi ag an tús, is é sin go dtabharfar an Ghaeilge ar aghaidh ó ghlún go glún. Má fheiceann daoine deiseanna iontacha fostaíochta ann agus má tá cuid acu tarraingteach a íocann go maith, láidríonn sé sin an teanga. B'fhéidir go bhféadfadh na finnéithe an cheist sin a fhreagairt.

Gabh mo leithscéal má tá a lán ceisteanna agam. Tá an córas míshásúil de bharr Covid-19. Tá a fhios agam nach raibh Micheál Ó hÉanaigh ach leath bealaigh tríd a chur i láthair ach tá sé léite agam agus tá ráiteas cuimsitheach ann. Gabhaim buíochas leis as sin. Tá mo thaithí ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí mar sin tá stíl díreach agam. Gabh mo leithscéal as sin.

Gabhaim buíochas le Micheál Ó hÉanaigh as ucht a ráiteas tosaigh agus as ucht an méid eolais atá ann. Tá éacht déanta ag Údarás na Gaeltachta le fada an lá agus aontaím leis an ráiteas agus abairt atá ansin nach bhfuiltear ag maíomh ach go bhfuiltear ag tabhairt aitheantas don ról atá ag Údarás na Gaeltachta. Gan Údarás na Gaeltachta, bheadh na Gaeltachtaí i bhfad níos goilliúnaí agus tá siad goilliúnach. Tá sé sin aitheanta ag Micheál Ó hÉanaigh freisin ina ráiteas tosaigh.

Sa chomhthéacs sin, tá beagáinín díomá orm nach bhfuil an t-athbhreithniú caiteachais do 2020 a luadh, anseo. Is údar imní amach is amach iad na figiúirí atá ann, in ainneoin go bhfuil obair na gcapall déanta ag an Údarás. Dar leis an athbhreithniú seo, táimid i dtrioblóid sa Ghaeltacht, nach bhfuil? Táimid i dtrioblóid ar aon nós maidir le chomh goilliúnach agus atá an teanga ach táimid i dtrioblóid anois ó thaobh thionchar na Breatimeachta de.

Tháinig Covid-19 anuas orainn go léir agus tá a fhios agam é sin ach de réir mar a thuigim, bhí Údarás na Gaeltachta ag cur iarracht isteach chun na comhlachtaí a réitigh don Bhreatimeacht. Tá an tuarascáil seo ag rá go bhfuil sé ró-dhéanach anois agus gur chóir do na comhlachtaí sin díriú isteach ar cad a tharlóidh i ndiaidh na Breatimeachta. Tá an tuarascáil go léir i mBéarla, faraor, so tá mé ag iarraidh é a aistriú go comhuaineach. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Rebecca Ryder agus le Sharon Barry. Is páipéar iontach é agus an t-aon locht atá air ná go bhfuil sé i mBéarla. Tá éachta déanta acu. Is dócha gur anailís leochaileach an Ghaeilge ar sensitivity analysis mar a luaitear sa tuarascáil. Dúradh san tuarascáil go raibh 1,000 post i mbaol de bharr thoradh Bhreatimeachta crua. Luaitear a lán rudaí san áireamh go bhfuil éileamh an-íseal ar na tacaíochtaí atá ar fáil. Tá sé sin aitheanta ag Micheál Ó hÉanaigh ina ráiteas. Níl seo ag tarlú leis na comhlachtaí sna Gaeltachtaí amháin ach tá sé ag tarlú leis na comhlachtaí uilig. Tá sé thar a bheith tábhachtach, áfach, do na comhlachtaí atá istigh sa Ghaeltacht.

Tagraím do chúrsaí post agus eacnamaíochta. Tá níos lú ná deich n-oibrithe ag formhór na comhlachtaí a thagann faoi stiúir an Údaráis. Níl acmhainn ag na comhlachtaí sin dul i ngleic leis an mBreatimeacht. Cad iad na céimeanna atá á dtógáil ag an Údarás de bharr na tuarascála seo?

Tagraím do chúrsaí pleanála teanga. Tá 23 limistéir i gceist ach tá níos mó pleananna teanga agus ní raibh deis ag an Údarás dul ar aghaidh leis an méid sin. De réir mar a thuigim ón rud seo, tá 18 plean ceadaithe. Cé mhéad atá fágtha? Tagann na pleananna go léir os comhair an Údaráis, nach dtagann? Ansin, an chéad chéim eile ná an Dia sa Roinn. Déanann an Roinn an cinneadh i ndeireadh na Dála. Cá bhfuil muid ansin go díreach? Cén baile seirbhíse Gaeltachta atá ceadaithe ag an Údarás? An bhfuil sé i nGaillimh nó cén áit a bhfuil ceadaithe? Dúirt na finnéithe go raibh trí fhreagracht ar an Údarás agus tá.

Tá an tríonóid de fhreagrachtaí air: an pobal, an Ghaeilge agus cúrsaí fostaíochta. Nuair a tháinig sé os comhair an choiste seo an uair dheireanach, dhírigh muid isteach ar na céimeanna atá á dtógáil aige. Tá sé thar a bheith tábhachtach comhlachtaí a mhealladh isteach ach, nuair atá siad lonnaithe ann, cad a dhéanann an t-Údarás maidir le cúrsaí teanga? Is ceann de na freagrachtaí atá aige é sin. Ní raibh mise sásta leis sin riamh. Níl a fhios agam. B'fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann soiléiriú a thabhairt dúinn maidir leis sin. Tá neart ceisteanna eile agam ach tá a fhios agam go bhfuilimid faoi bhrú.

Déanfaimid iarracht teacht ar ais chuig an Teachta má tá sí fós anseo. Bhí an Seanadóir Clifford-Lee ag iarraidh ceist a chur faoin mBreatimeacht.

Gabhaim buíochas le Micheál Ó hÉanaigh agus lena chomhghleacaithe as a bheith anseo inniu. Is cuid de dhiaspóra na Gaeltachta mé mar is as an Seanphobal iad muintir mo mháthair. Chaith mé bliain iontach ag obair le Nemeton fadó fadó. Tá ceist agam maidir leis an mBreatimeacht. An féidir leis na finnéithe cur síos a dhéanamh ar na rudaí atá á ndéanamh ag an Údarás chun dul i ngleic leis na fadhbanna maidir leis sin?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Beidh mo chomhghleacaí, Mark de Faoite, ag déileáil le cuid de na ceisteanna sin agus beidh mo chomhghleacaí eile, Rónán Mac Con Iomaire, ag déileáil leis na cinn a bhaineann le pleanáil teanga, má tá sé sin ceart go leor. B'fhéidir go bhfuil Mark de Faoite ag iarraidh tosú. Is féidir linn teacht isteach ar aon rud má táimid ag iarraidh é seo a dhéanamh.

Mr. Mark de Faoite

Ar an mBreatimeacht, chuir an Teachta McHugh agus an Seanadóir Clifford-Lee ceisteanna faoi céard is féidir linn a dhéanamh sa bhreis ar an méid atáimid ag déanamh. Chuir an Teachta Connolly cúpla ceist ar an mBreatimeacht chomh maith. Mar a dúirt sí, tá fadhb aisteach ag na comhlachtaí beaga toisc nach bhfuil foireann acu chun déileáil le ceisteanna nach bhfuil siad cinnte gurb iad na ceisteanna cearta. Ó thaobh an Bhreatimeachta de, tá cuid mhaith oibre déanta againn le webinars agus cúrsaí a chur ar fáil ag comhlachtaí beaga. Bhí an-éileamh ar na cúrsaí sin. Chuir muid a leithéid de chúrsa ar fáil ó thaobh iompair agus logistics de chun go mbeadh na comhlachtaí in ann tuiscint a bheith acu faoi fhéidearthachtaí eile ó thaobh táirgí a thógáil go dtí an Bhreatain agus tríd an mBreatain.

Bhí cuid na cúrsaí sin ar idirbheartaíocht mar is léir go bhfuil deis mhór ann go mbeadh daoine ag iarraidh nó in ann teacht ar chliaint nua. Tá cleachtadh againn sa tír seo ar phlé le daoine i Sasana. Níl an oiread sin cleachtaidh againn ar phlé le daoine sa Fhrainc, san Iodáil, sa Ghearmáin ná aon áit eile ó thaobh teanga agus cultúir de. Chuir muid a leithéid de chúrsaí ar fáil agus bhí éileamh mór orthu. Táimid ag leanúint ar aghaidh le webinars, mar gheall ar chúrsaí Covid, chun an t-eolas sin a roinnt leis na comhlachtaí.

Tá sé deacair do na comhlachtaí beaga. Bhí éileamh fíorbheag ar na deontais a bhí le fáil ó thaobh an Bhreatimeachta. Tá sé sin intuigthe mar ní raibh a fhios ag daoine céard ba cheart a dhéanamh ná cén chuid den Bhreatimeacht ba cheart dóibh díriú isteach air. Táimid fós ag fanacht ar scéal faoi sin. Bhí cuid de na comhlachtaí móra sásta a bheith níos solúbtha agus iad ag breathnú ar na féidearthachtaí breise a bhí ann ó thaobh market development, forbairt agus túslíne a chur lena gcuid oibre. Ó thaobh ceist an Teachta McHugh, táimid ag lorg airgid bhreise ón Rialtas don bhliain seo chugainn faoi scéim Bhreatimeachta. Nuair a bhreathnaítear ar na scéimeanna a bhí tugtha chun cinn ag Covid-19, bhí éileamh aisteach mór ann mar bhí an tionchar á bhuaileadh ar na comhlachtaí ar an bpointe. Tá níos mó ná 400 comhlacht anois atá iarratais déanta agus ceadaithe acu faoi scéimeanna áirithe Covid-19.

Feicfimid go bhfuil daoine ag baint úsáide as na scéimeanna éagsúla chun teacht ar réiteach ar an mBreatimeacht. Tá fadhb ann ó thaobh go dtuigfeadh na comhlachtaí, agus na comhlachtaí beaga ach go háirithe, cé go díreach an tionchar a bheidh aige sin orthu. Táimid ag obair go dlúth le Fiontraíocht Éireann, a bhfuil go leor scéimeanna aige agus a bhfuil meabhrán tuisceana againn leis. Tá teacht ar chomhlachtaí Gaeltachta ar na tacaíochtaí sin ach is rud casta deacair é, go mór mór do na comhlachtaí beaga. Tá baol ann do chuid mhaith de na comhlachtaí atá againn, go mór mór comhlachtaí i nDún na nGall a dhéanann go leor thar na Teorann sin. Táimid ag obair leo. Is daoine nuálacha iad. Tá siad ag plé le forbairt táirgí nua chun teacht timpeall ar fhadhb an Bhreatimeachta. Táimid dóchasach. Tá daoine fós uaillmhianach. Táimid ag súil go mbeidh scéim nua Bhreatimeachta againn chun tabhairt faoin méid obair bhreise is féidir linn a dhéanamh.

Chuir an Teachta Ó Cuív ceist faoi Chorr na Móna. Mar is eol dó, tá obair tosaithe sa seanmhonarcha ar na hoibreacha inmheánacha atá le déanamh. Faraor, tháinig cúpla ceist bhreise ar an iarratas ar chead pleanála maidir leis an bpóirse taobh amuigh den mhonarcha. Tá moill air sin. Táimid ag obair air agus ceapaimid go bhfuil bealach againn teacht timpeall ar na ceisteanna sin. Ceapaim gurb é sin an chuid ba mhó de mo chuid.

An bhfuil barúil ar bith ag an bhfinné ó thaobh cén uair a osclófar é?

Mr. Mark de Faoite

Níl mórán oibre breise le déanamh. Braitheann sé ar an bhfaighfimid freagra sciobtha ón gcomhairle contae. Dá mbeadh an freagra faighte againn go luath i mí na Samhna, bheadh an obair déanta roimh an Nollaig. Braitheann an uair ar a mbeidh sé oscailte ar an gcomhairle contae.

An gá an póirse a chur air leis an chuid eile a oscailt?

Mr. Mark de Faoite

Ceapaimid go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh an cead againn leanúint ar aghaidh gan aon project splitting a dhéanamh. Tá sé sin feicthe ag an gcomhairle contae.

Maidir leis an tuarascáil, tá na laigí uilig aitheanta. Tá na figiúirí damanta. Níor chuir 82% de na comhlachtaí nó fostóirí fiú iarratas isteach ar thacaíocht. An bhfuil sé ar intinn ag an Údarás díriú isteach air seo agus a fhreagra a thabhairt ar an tuarascáil seo, ní anois ach go hoifigiúil?

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Bhí mé ag iarraidh teacht isteach air sin toisc go raibh an cheist sin curtha ag an Teachta. Bhí muid lárnach i réiteach na tuarascála seo.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Tuigeann muid na cúinsí a bhaineann lenár gcuid chomhlachtaí agus na deacrachtaí atá acu. Rinne muid cinnte go raibh lucht na tuarascála seo ar an eolas faoi chomh leochaileach atá na comhlachtaí agus faoin dochar agus faoi na deacrachtaí. Ní rud é seo atá tagtha aniar aduaidh orainn. Is rud fíorthromchúiseach é atá muid ag iarraidh a bheith soiléirithe. Tá sé soiléirithe sa tuarascáil sin.

I dtaobh daoine gan a bheith ag baint úsáide as na tacaíochtaí, mar a dúirt mo chomhghleacaí, Mark de Faoite, go minic ní thuigeann daoine go díreach céard a chiallaíonn Brexit bog nó Brexit crua dóibh go dtí go mbuaileann an súnámaí iad. Níl a fhios againn fós cad a tharla. Táimid ag tnúth leis an scéal is measa ach níl sé faighte againn fós. Bhí sampla tugtha ansin. Bhí scéim againn maidir le trádáil ar líne ó bhí 2017 ann. Dúirt muid go raibh sé an-tábhachtach do chomhlachtaí a bheith ag trádáil ar líne. Ó 2017 go Márta 2020, bhí 17 iarratas againn. Nuair a bhuail Covid, d'ardaigh an uimhir sin os cionn 400. Tá an méid sin comhlachtaí Gaeltachta tagtha isteach ar an scéim sin anois. Fuair muid airgead breise ón Roinn gnó le freastal air sin. Faraor, is é sin an rud a tharlaíonn. Nuair a fheiceann daoine an dainséar agus nuair a bhuaileann sé orthu, feidhmíonn siad níos sciobtha. Is féidir liom barántas a thabhairt go mbeidh muid ag feidhmiú de réir an eolais atá curtha amach sa tuarascáil sin. Beimid ag cinntiú nach mbeidh aon chomhlacht sa Ghaeltacht nach mbeidh ar an eolas faoi na tacaíochtaí atá ar fáil, go bhfuil muidne agus comhairleoirí ar fáil, agus go bhfuil acmhainní ar fáil le tacú leo. Mar a fheictear sa chur i láthair a rinne mé, is iad na comhlachtaí beaga sin lifeblood na Gaeltachta. Bheadh sé tubaisteach dúinne, don Ghaeltacht agus don tír dá gcaillfí iad.

Is cinnte go bhfuil na figiúirí sin an-úsáideach dúinn le feiceáil céard é an dúshlán atá romhainn i gcur i bhfeidhm na scéimeanna. An chéad uair eile a bheimid anseo, táim cinnte go mbeimid in ann a thaispeáint go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta againn. Táimid, agus beimid, ag obair leis na comhlachtaí sin ó lá go lá. Beidh pé tacaíochtaí atá le cur ar fáil curtha ar fáil.

Ó thaobh na ceiste a bhí ag an Teachta Ó Cuív, nuair a bhuail muid le chéile cheana, chuir sé iontas orm go bhfuilimid ag caint faoi suas le 1,000 post. Chuaigh mé ar ais ina dhiaidh sin agus, cé go raibh iontas orm, tá sé fíor. Tá thart ar 1,000 post i gceist.

Is mór an méid é. B'fhéidir nach ndéantar dóthain gaisce faoi earnáil na teanga mar earnáil. Tá sé ollmhór agus is féidir leis fás. Níl aon iomaíocht ón tSín, ón Ind nó ón aon eacnamaíocht shaor eile ar fud an domhain mar níl an Ghaeilge acu.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Ar an bpointe seo maidir le líon na bpost, níor thug an figiúr a bhí ann cheana san áireamh poist i leithéidí TG4 ná Raidió na Gaeltachta. San figiúir deireadh bliana a bheidh againn ó 2020, tá sé i gceist againn breathnú go sonrach ar phoist Ghaeltachta atá teangabhunaithe nó a dtagann as an teanga. Mar a dúirt an Teachta, tá sé tábhachtach a chur ar shúile an phobail an deis eacnamúil a bhaineann le teanga chomh maith le chuile shórt eile.

Chuir an Teachta Connolly ceist faoi chúrsaí pleanála teanga. Mar a luaigh muid, tá 18 plean i bhfeidhm i láthair na huaire. Tá baile seirbhíse Gaeltachta amháin ceadaithe agus in áit freisin. Is é Daingean Uí Chúis an baile sin. Tá ceithre phlean eile faoi bhráid na Roinne i láthair na huaire agus beidh ceithre cinn eile ann faoi dheireadh na bliana. Faoi dheireadh na bliana, beidh 26 plean teanga curtha faoi bhráid na Roinne agus beidh baile seirbhíse eile sa bhreis air sin, an Clochán Liath. Má thógann muid an méid sin ar fad le chéile, an 26 limistéar pleanála teanga agus na trí bhaile seirbhíse Gaeltachta, is é an t-aon cheann den 29 sin nach mbeidh faoi bhráid na Roinne faoi dheireadh na bliana ná plean teanga Bhéal an Mhuirthead. Tá a fhios agam go raibh roinnt moille ansin i dtaobh struchtúir choiste le haghaidh an obair sin a tharraingt le chéile. Ceapaim, agus an plean teanga do limistéar Mhaigh Eo thuaidh in áit agus oifigeach pleanála teanga in Iorras, go bhfeicfimid níos mó gníomhaíochta ar an talamh ansin. Táimid ar ais ag obair leo arís air sin. Sin uasdátú ina leith sin.

Luaigh an Teachta comhlachtaí freisin. I dtaobh ceist na gcomhlachtaí, is é an struchtúr agus an mapa a bhí á bplé nuair a bhí an t-Údarás os comhair an choiste cheana ná go n-aontaítear plean ná cur chuige le comhlachtaí agus go mbraithfeadh íoc na ndeontas chuig na comhlachtaí sin ar chur i bhfeidhm na bpleananna. Déarfainn leis an Teachta nach bhfuil cur chuige leanúnach ann. Tá plé leanúnach ag feidhmeannaigh an Údaráis leis na comhlachtaí agus tugtar san áireamh cúrsaí teanga ann. I dtaobh monatóireacht air sin, ní fhéadfaí a rá go bhfuil cur chuige sásúil ann i láthair na huaire. Táimid ag breathnú ar chur chuige nua faoi láthair.

Maidir le ceann de na rudaí a thriail muid, thagair an príomhfheidhmeannach don éileamh mór a bhí ar na scéimeanna trádáil ar líne le gairid, ag teacht as Covid agus mar sin de. Chuir muid na rannóga a bhí ag plé le cúrsaí fostaíochta agus an rannóg a bhí ag plé le cúrsaí teanga ag obair le chéile. Go bunúsach, cuireadh ar shúile na gcomhlachtaí a bhí ag fáil na tacaíochta seo go raibh deis ann dóibh sna feidhmeannaigh de chuid an Údaráis a bhí ag plé leo ó thaobh cúrsaí Gaeilge, ag cruthú ábhar agus ag stiúradh iad i dtreo leas agus deis a bhaint as an tacaíocht seachas ag cur coinníollacha nó ualach orthu. Táimid ag breathnú ar tús a chur le próiseas le bheith ag obair le comhlachtaí ó thaobh coinníoll teanga le haghaidh 2021. Is deis é dóibh. Tugtar san áireamh freagrachtaí corparáideacha agus freagrachtaí sóisialta chomh maith leis na deiseanna eacnamúla atá ann freisin. Beidh na feidhmeannaigh sa rannóg phleanála teanga go díreach leo chomh maith leis na feidhmeannaigh sna rannóga réigiúnacha agus sna rannóga fiontraíochta agus fostaíochta.

Cuirim fáilte roimh an bpríomhfheidhmeannach agus na feidhmeannaigh eile, Mark de Faoite, Rónán Mac Con Iomaire agus Colm Ó Coisdealbha. Gabhaim buíochas leo as ucht chuile rud a rinne siad ar mo shon nuair bhí mé i m'Aire Stáit. Bhí mé an-sásta a bheith ag obair leo ag an am. Tá sé ráite go minic agam go bhfuil an t-ádh orainn sa Ghaeltacht go bhfuil an t-Údarás ag feidhmiú ar ár son. Tá sé fíorthábhachtach é sin a rá.

Beagnach dhá bhliain ó shin, cheadaigh an tAire Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta, an Teachta Humphreys, beagnach €2 milliún do Pháirc na Mara. Is togra fíorthábhachtach é, comhfhiontar idir Údarás na Gaeltachta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo. Cad é stádas an togra? Cén uair a cheapann an t-Údarás go mbeifear in ann an t-airgead caipitil a tharraingt anuas?

Maidir leis na moil Gteic, tá siad fíorthábhachtach. Molaim an obair a rinne an t-Údarás ar na moil sin trasna na tíre. Cad é stádas forbartha an mhoil Gteic sa seanfhoirgneamh de chuid an co-op i Maigh Cuilinn?

Tá comhoibriú le heagraíochtaí leithéidí IDA Ireland fíorthábhachtach. An bhfuil an meabhrán tuisceana idir an t-Údarás, IDA Ireland agus Fiontraíocht Éireann ag feidhmiú go maith?

Tá an t-Údarás ag feidhmiú mar local enterprise office, LEO, sa Ghaeltacht. An bhfuil airgead faighte aige ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta i mbliana chun an obair sin a dhéanamh nó an bhfuil sé ag feidhmiú mar LEO as an airgead atá aige gan aon tacaíocht bhreise?

Gabhaim buíochas leis an toscaireacht ón Údarás as an gcur i láthair. Bhí an-chuid eolais ann. Guím lá breithe faoi mhaise ar an Údarás, atá 40 bliain ar an bhfód. Is céim ollmhór é. Tá an-chuid oibre déanta aige sna Gaeltachtaí ar fud na tíre tríd na blianta.

Tá cúpla ábhar gur mhaith liom díriú orthu. Tosóidh mé le ceist áitiúil. Cathain a bheidh mol Gteic Choláiste Íosagáin ag oscailt? Cén dul chun cinn atá déanta air sin? Tá an cead pleanála faighte anois agus tá an maoiniú ann. Tá sé réidh le bogadh ar aghaidh. Bheinn buíoch as aon sprioc-ama nó treoir ina leith sin.

Luadh mo chéad ábhar eile cheana féin. Baineann sé leis na comhlachtaí agus na dualgais a leagtar orthu agus iad ag fáil maoinithe. Leagann an t-Údarás dualgais ar chomhlachtaí mar gheall ar theanga agus mar sin de. Bhí roinnt plé cheana féin ar an monatóireacht air sin. An bhfuil comhoibriú idir na comhlachtaí, an t-Údarás agus an phleanáil teanga? Tá na pleananna teanga sa phobal. Pé rud a bheadh ag tarlú sna comhlachtaí, bheadh sé sin an-tábhachtach. Cén saghas nasc nó comhoibriú atá ar siúl ansin maidir leis na hoifigigh phleanála teanga? An bhfuil aon rud ann? An bhfuil siad gníomhach i leith monatóireachta agus dul chun cinn?

Ag leanúint ar aghaidh le ceisteanna teanga, chun an teanga a bheith beo, beidh daoine fíorthábhachtach. Ní bheidh sí ann gan iad. Ar son an phobail, beidh an tacaíocht fíorthábhachtach chomh maith. Tá stádas ag an Údarás laistigh den chóras pleanála. Tá sé ábalta aighneachtaí a dhéanamh agus mar sin de. Tá deacrachtaí ag pobal na Gaeltachta tithíocht a thógáil agus teacht ar thithíocht. Tá deacrachtaí ag comhlachtaí chomh maith. An bhfuil an t-Údarás ag seoladh aighneachtaí go dtí na comhairlí contae i gcomhair na bpleananna forbartha agus i gcomhair na n-iarratas pleanála éagsúla a bheadh ar siúl? Bheadh éifeacht mhór aige sin agus ag tithíocht ar an seans pobail Gaolainne agus Gaeltachta a bhrú chun cinn.

Gaolta leis sin, tá eagraíochtaí eile cosúil le Uisce Éireann. Bheadh éifeacht mór aige sin, cuir i gcás i mBéal Átha an Ghaorthaidh, go bhfuil srian ar dheiseanna chun tithíocht a fháil nó ar fhorbairt tionsclaíochta toisc nach bhfuil córas séarachais. Ní bheadh puinn suime in aon chor ag Uisce Éireann ó thaobh cúrsaí teanga de. Mar sin, an mbíonn Údarás na Gaeilge ag cur brú air? An bhfuil channel faoi leith ag an Údarás chun aird a tharraingt ar chúrsaí teanga agus ar an éifeacht a bheadh air ar phobal chun díriú isteach air? Táim ag tógaint Uisce Éireann agus Béal Átha an Ghaorthaidh mar shampla ach táim cinnte go bhfuil go leor samplaí eile ar fud na tíre.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Is é Mark de Faoite is mó a bheidh ag déileáil le cuid de na ceisteanna seo ach cuireadh ceist faoi Choláiste Íosagáin. Bhí teachtaireacht agam ar maidin go bhfuil muid ag súil go mbeidh daoine ar an suíomh ansin taobh istigh de chúpla seachtain leis an réamhobair a dhéanamh agus beimid ag tosnú ar an bhfoirgneamh i gceart ag tús na bliana nua. Feicfear an áit a bhfuil sé tosnaithe because beidh na daoine ar an suíomh taobh istigh de chúpla seachtain chun na tairiscintí a mheas agus mar sin. Tá dul chun cinn maith déanta air sin. Táim buíoch as an tacaíocht a fuair muid ó Enterprise Ireland le haghaidh sin faoin scéim atá aige. Luaigh an Seanadóir Kyne Páirc na Mara chomh maith.

Tagraím don chomhoibriú. Níl meamram tuisceana againn le IDA Ireland ach tá le Enterprise Ireland. Tá sé ag obair go han-mhaith. Ar cheann de na sleamhnáin atá againn, tá ceann de na scéalta dea-nuachta a bhí againn an tseachtain seo i dTír Chonaill. Is é an scéal sin ná go bhfuil gnó nua atá ag aistriú ón Eilbhéis go Gaoth Dobhair. Bhí dhá fáth leis sin, is iad sin an chomhoibriú a thagann le IDA Ireland agus an ceangal atá againn le diaspóra na Gaeltachta san Eilbhéis. Tá an-fhéidearthachtaí ag an gcomhlacht seo, darbh ainm Pangea Effect Teoranta, do Ghaeltacht Thír Chonaill. Theastaigh uaim é sin a rá ó thaobh chomhoibriú ar an talamh.

Mr. Mark de Faoite

Ar Pháirc na Mara, mar a dúirt an Seanadóir Kyne, fuair muid €2 milliún ar an ionad nuálaíochta agus forbartha mara, MIDC, mar chuid de Pháirc na Mara. Tá iarratas cead pleanála Páirc na Mara imithe isteach ó mhí an Mheithimh seo caite. Fuair muid thart ar 100 ceist ar ais ón chomhairle contae mar request for information, RFI, cuid acu atá casta go leor. Táim sásta go mbeidh muid in ann déileáil go maith le gach ceann acu ach tá cuid mhaith obair le déanamh air. Tá súil againn go mbeidh na freagraí air sin ag dul os comhair na comhairle contae mí na Nollag seo agus go mbeadh freagra faighte againn go luath ina dhiaidh sin. Tá córas pleanála, mar atá siad, leagtha amach agus caithimid dul i ngleic leo sin ionas go bhfeicfidh muid céard a tharlóidh. Tá dul chun cinn an-mhaith déanta againn. Táimid i dteagmháil rialta le Enterprise Ireland mar gheall air agus tá súil againn go mbeidh muid in ann brú ar aghaidh le tacaíochtaí a chur ag na gnólachtaí cuí agus ag comhlachtaí nua atá ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar earnáil na mara faoi scáth togra an MIDC go luath sa bhliain nua.

Tagraím do GTeic i Maigh Cuilinn. Tá plé déanta againn ó thaobh cúpla foirgneamh ansin. Tá plé le déanamh ag comhlacht forbartha Mhaigh Cuilinn. B'fhéidir go bhfuil Rónán Mac Con Iomaire ag iarraidh cúpla focal a rá faoi sin.

Leanfaidh mé ar aghaidh leis na LEOs. Fuair muid airgead breise agus bhí muid thar a bheith sásta an t-airgead sin a fháil, ní ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ach ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Bíonn an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag cur an t-airgead don scéim trádála ar líne ar fáil do na LEOs. Fuair an tÚdarás €600,000 ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun seirbhísí nó deontais a thabhairt do na comhlachtaí Gaeltachta. Tá an t-airgead sin ar fad imithe againn, agus mar a dúirt Micheál Ó hÉanaigh níos luaithe, tá an scéim trádála ar líne againn ó 2017. Ní raibh ach éileamh fíor-bheag air sin, ach ón am a thosaigh Covid-19, fiú ann go raibh na siopaí áitiúla ag fáil amach go bhfuil gnó le déanamh ar líne, thosaigh an t-éileamh ag teacht. Tá éileamh mór fós ann agus caithimid tabhairt faoi sin.

Tá mé ag ceapadh go bhfuil Rónán Mac Con Iomaire chun déileáil leis an gcuid eile de na ceisteanna. Mar a dúirt mé mar gheall ar Choláiste Íosagáin, tá tairiscintí amach ann anois agus táimid ag súil go mór le tús a chur leis.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

I leith Maigh Cuillinn, táimid i mbun cainte leis an gcomharchumann ansin agus tá a fhios agam go bhfuil an comharchumann i mbun cainte leis an Roinn maidir le láthair i lár an bhaile a cheannach. Táimid tar éis roinnt mhaith plé a dhéanamh leis an gcomharchumann i dtaobh láthair GTeic agus tá sé tugtha le fios againn dóibh go dtacódh muid le GTeic a chur sa láthair sin. Táimid tar éis oibriú leo i dtaobh léaráidí agus riachtanais faoin aidhm straitéiseach go gcuirfeadh sé go mór le feiceálacht na Gaeilge ar an sráidbhaile i Maigh Cuilinn an láthair sin a bheith ann. Tá a fhios agam go bhfuil cainteanna leanúnacha ar bun idir an comharchumann agus an Roinn i dtaobh an láthair féin.

Chuir an Teachta Moynihan ceisteanna maidir le pleanáil teanga agus maidir le comhlachtaí nó gnólachtaí agus oifigí pleanála teanga. Tá na hoifigí pleanála teanga ag obair le gnólachtaí ina gcuid limistéar pleanála teanga go dtí seo ar bhonn aonaid. Mar shampla, tá siad ag tacú leo ó thaobh comharthaíochta agus mar sin de. Tá samplaí éagsúla de sin againn. Tá na hoifigí pleanála teanga ag obair leo maidir le tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí ina limistéir pleanála teanga ó thaobh ceannacháin agus ag teacht aníos go dtí an Nollaig agus ó thaobh poiblíochta a thabhairt dóibh siúd faoin mbainistiú ó thaobh na Gaeltachta atá forbartha ag na hoifigí pleanála teanga. Freisin, tá na hoifigí pleanála teanga ag obair faoi láthair agus ag teacht le chéile ar chur chuige níos straitéisí le go mbeadh siad ag obair ar bhonn straitéiseach le gnólachtaí sna limistéir pleanála teanga ar fad chun go mbeadh tacaíochtaí ag teacht air sin. An méid ar thagair mé dó níos luaithe nuair a bhí mé ag déanamh cur síos ar an tacaíocht agus ar an gcur chuige a bhíonn againn i leith na Gaeilge sna gnólachtaí leis an Teachta Connolly, tugaim san áireamh go raibh an struchtúr a bhí againn i leith na tacaíochta sin in áit sula raibh an próiseas pleanála teanga agus oifigí pleanála teanga in áit. Táimid ag breathnú ar chur chuige nua ionas go dtabharfaidh muid san áireamh an infreastruchtúr nua d'oifigí pleanála teanga sna limistéir Ghaeltachta éagsúla freisin.

Tagraím don cheist ar aighneachtaí. Seolaimid aighneachtaí isteach maidir le hiarratais pleanála sa Ghaeltacht. Cuirimid béim ar leith ar na riachtanais atá ag na pleananna teanga agus ar an obair atá déanta ag pobal go sonrach ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn ina cheantar agus leis an aidhm reachtúil atá ansin leis an bplean teanga don Ghaeilge a chur chun cinn ann. Mar a thagair an Teachta Ó Cuív dó roimhe sin, ag tús an tseisiúin seo, ar go leor bealaí b'fhéidir nach ceist iad ó thaobh reachtaíochta de ach go mbeadh an cur chuige agus an cur i bhfeidhm chomhtháite trasna na húdaráis áitiúla ar fad i dtaobh an méid atá leagtha amach i dtaobh céatadán agus ó thaobh an céatadán atá curtha i leataobh do chainteoirí Gaeilge.

Mr. Mark de Faoite

Bhí ceist amháin eile ormsa faoi Uisce Éireann agus faoin mbac atá ar cheantair Ghaeltachta forbairt a dhéanamh. Tá dualgas ar an Údarás córas séarachais a chur ar fáil do na páirceanna gnó atá againn féin. Tá cuid mhaith de na córais sin sean go leor agus níl siad ag cloí i gceart leis an rialachas atá ann. Buíochas leis an Rialtas, leis an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus leis an Aire Stáit, an Teachta Jack Chambers, fuair muid airgead breise faoi scéim clár spreagtha do ghnólachtaí mar gheall ar Covid-19 agus táimid ag tabhairt faoi chuid den obair sin. Táimid ag cur béim ar leith go mbeadh gach córas séarachais atá ag an Údarás ag feidhmiú i gceart agus ag cloí leis an rialúchán i gceart. Tá siad sin ag athrú an t-am ar fad.

Ó thaobh Uisce Éireann de, níl an dualgas orainne córas séarachais a chur ar fáil do thithíocht.

I gcás Gaoth Dobhair, ámh, táimid ag obair agus tá Uisce Éireann chun an séarachas atá againn ann a thógáil idir lámha chun go mbeadh sé á mhéadú, á neartú agus go mbeadh an áit sin ag freastal ar mhuintir Ghaoth Dobhair. Tá an rud céanna le tarlú leis an gcóras séarachais a chur ar fáil sa Spidéal. Tá fadhb le caighdeán an uisce ó thaobh snámh de ar an trá sin. Táimid ag obair le hUisce Éireann chun go mbeadh comhoibriú eadrainn ar na córais atá againn. Bheimis thar a bheith sásta tuilleadh comhoibrithe a dhéanamh leo siúd a luaithe is atá Uisce Éireann in ann freastal ar na ceantair sin. Mar is eol do gach duine tá dualgas mór ar an gcomhlacht sin maidir leis an méid oibre ata le déanamh aige ó thaobh seirbhísí uisce timpeall na tíre.

Chuir mé stop le Mark de Faoite leathbhealach trína chur i láthair. Más mian leis casadh a an gcuid eile den chur i láthair is féidir leis. Tá 22 nóiméad san iomlán fágtha againn don leath eile den chur i láthair. Tá Colm Ó Coisdealbha ina suí ansin agus é ar bís chun labhartha linn.

Tá ceist eile amháin agam.

Go gasta, le do thoil.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe faoin eolas faoi na hiarratais pleanála. Bhí mé ag fiafraí chomh maith mar gheall ar phlean forbartha na comhairle contae. An ndéanann an t-Údarás aighneachtaí nó an bhfuil sé ag treorú no ag cur ina luí ar na comhairlí contae maidir lena ndualgais nó na riachtanais teanga?

Glacaim leis an méid atá á rá ag Mark de Faoite maidir le hUisce Éireann agus na dualgais mar gheall ar chaighdeán uisce agus a leithéid, ach ní bheadh suim dá laghad ag Uisce Éireann i dtaobh dualgas maidir le teanga agus pobal. Tá an-suim ag ár n-aíonna iontu siúd agus is é sin a chloch is mó atá ar phaidrín an Údaráis. Mar sin, an bhfuil slí gur féidir leis an Údarás cur in na luí ar Uisce Éireann agus ar eagraíochtaí eile go bhfuil tábhacht ollmhór ag baint leis seo? Luaigh mé Béal Átha an Ghaorthaidh, mar shampla, toisc nach féidir le daoine cónaí ann agus tá srian ar an Údarás freisin fostaíocht a chur ann. An féidir leis an Údarás an teanga a bhrú nó aird Uisce Éireann a tharraingt ar an teanga?

Glaoim ar an Teachta Ó Cúiv go gasta anois.

Beidh mé an-sciobtha. Go minic, is iad na bailte móra agus na cathracha atá thart ar na Gaeltachtaí an bhagairt is mó atá orthu, mar shampla, i ndeisceart Chonamara, Cois Fharraige, Maigh Cuilinn, An Rinn i bPort Láirge de bharr Dhún Garbháin agus Ráth Chairn i gContae na Mí, de bharr chomh gar is atá sé do Bhaile Átha Cliath. Beidh forbróirí ag iarraidh eastáit mhóra tithíochta a thógáil agus daoine nach bhfuil Gaeilge acu a thabhairt isteach san áit. Cé chomh minic is a dhéanann an t-Údarás aighneacht i gcás eastáit tithíochta - níl spéis agam in aon aighneachtaí i gcás tithe aonair mar tá na rialacha sách daingean ansin ar aon chaoi - agus iarracht a chur ina luí ar na húdaráis áitiúla a dhéanamh cinnte de nach ndéanfaidh ceadanna pleanála sa Ghaeltacht dochar don Ghaeilge? D'fhéadfaí a rá anois go bhfuil Bearna scriosta, agus tá siad tosaithe air sin freisin sna Forbacha. Is é an chéad rud eile ná nuair a chuirfí an séarachas isteach sa Spidéal. Go maithfí Dia dhom é, ach níl a fhios agam an bhfuil mé i bhfabhar nó ina aghaidh. Tá a fhios agam an rud atá i gceist ag an gcomhairle contae nuair a tharlóidh sé sin - go mbeidh méadú mór millteach curtha ar thithíocht an Spidéil. Is é an t-aire atá ag an Údarás ná cothabháil na teanga. Is í an cheist atá agamsa ná an bhfuil an t-Údarás ag déanamh aighneachtaí láidre go gcaithfear an teanga a chosaint i gcúrsaí pleanála? Ní bhaineann sé amháin le Conamara ach, thar aon áit, baineann sé leis an gceantar sin de bharr ollfháis na Gaillimhe.

An féidir lenár n-aíonna freagra a thabhairt ar an gceist sin?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Freagróidh mé an cheist a bhí ag an Teachta Ó Muineacháin i dtaobh aighneachtaí i leith pleananna forbartha contae. Cuirimid roinnt mhaith ama isteach in aighneachtaí maidir le pleananna forbartha contae. Tá an péire suntasach agus is deireanaí curtha isteach againn, chomh fada agus is eol dom, do Chomhairle Contae Chiarraí agus do Chomhairle Contae na Gaillimhe. Fanfaimid ar an airdeall orthu sin agus tugtar san áireamh cúrsaí teanga, forbartha agus eile iontu sin.

Maidir leis an gceist a bhí ag an Teachta Ó Cuív i leith aighneachtaí, tá dualgas ar na húdaráis áitiúla Údarás na Gaeltachta a chur ar an eolas má tá aon fhorbairt atá ar bun i dtaca le tithíochta a bhfuil breis is dhá theach ann. Cuirimid isteach aighneachtaí maidir le heastáit tithíochta sa Ghaeltacht agus déanaimid tagairt shonrach don obair atá á cur isteach sa phróiseas pleanála teanga, chomh maith leis an méid a bhféadfaimid a chur isteach go stairiúil. Táimid ag cur an méid sin a cuireadh isteach san áireamh anois. Tarlaíonn sé sin ar bhonn leanúnach. Níl figiúr amháin i mo cheann-----

Ar chuir an t-Údarás ceann isteach i gcás Ráth Chairn?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Chuireamar ceann isteach i gcás Ráth Chairn.

Ar thacaigh an t-Údarás leis an achomharc?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire

Níl mé in ann é sin a rá leis an Teachta i dtaobh an achomhairc. Nuair a tháinig an t-eolas chugainn i dtaobh an iarratais cead pleanála, chuireamar aighneacht isteach ina leith.

Rachaimid ar aghaidh go dtí an chuid eile den chur i láthair anois.

Mr. Mark de Faoite

Tá sé sin ceart go leor.

Chuir mé ceist ar Mark de Faoite.

Gabh mo leithscéal, bhí ceist ag an Teachta Ó Muineacháin.

Bhain an cheist le haird Uisce Éireann a tharraingt ar-----

Mr. Mark de Faoite

Is é a t-aon rud a dhéanaimid ná go gcuirimid brú ar na heagraíochtaí éagsúla mar gheall ar an nGaeilge agus go bhfuilimid ag iarraidh tacaíocht a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta agus don phobal Gaeilge ar bhonn rialta chun nach mbeidh aon srian mícheart ar fhorbairt an phobail agus forbairt eacnamaíochta a dhéanaimid ann. Tá rudaí fíordheacair ó thaobh forbairtí a dhéanamh i gceantair iargúlta agus tá daoine ag iarraidh tithíocht a mhealladh le chéile sna bailte beaga agus sna bailte móra. Tá deacrachtaí ann. Aon am ar bith a bhfuil deis againn forbairtí a dhéanamh don phobal Gaeltachta sa Ghaeltacht, labhraímid le cibé cén t-eagras atá ann chun go mbeadh siad ag tabhairt tacaíochta dúinn. Maidir leis an leathanbhanda, mar shampla, déanaimid obair laethúil le Eir agus le daoine eile san earnáil sin chun go mbeadh ceangal leathanbhanda ar fáil ní hamháin do gach comhlacht, ach freisin do gach teach sa Ghaeltacht chun go mbeadh siad in ann ceangal a dhéanamh ar an Idirlíon. Tá rudaí mar sin ag cur in aghaidh na gceantar iargúlta, go mór mór sa Ghaeltacht, agus leanaimid ar aghaidh leis an obair a bhfuil an-tábhacht ag gabháil leis. Tá sé deacair cluas a fháil ag an leibhéal ceart in amanna, caithfidh mé a rá.

Gabhaim buíochas. Tá a fhios agam go bhfuilimid tar éis déileáil le roinnt den chuid eile den chur i láthair ón Údarás. Is é ceann na fáthanna ar tugadh an cuireadh don Údarás ná chun plé a dhéanamh ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla, an ról a shíleann an t-Údarás a bheith aige, nó a chur i láthair maidir leis an gceist sin. Tá a fhios agam go bhfuil Colm Ó Coisdealbha chun labhairt linn faoi sin. Gabhaim leithscéal faoin moill ach níl cead againn dul thar dhá uair a chloig ach is fiú an t-am sin ina iomlán mar go gcaithfimid a bheith críochnaithe agus as an seomra seo faoi 4.50 p.m.

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla, táim ag teacht ó chúlra de bheith ag obair in Oifig an Choimisinéara Teanga roimhe seo. Dá bhrí sin, ó thaobh an Údaráis de, is é an áit ina sheasaimid ná go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh seirbhísí Stáit ar fáil sa Ghaeltacht. Is í an cheist atá ann, i ndáiríre, ná cén chaoi gur féidir é sin a dhéanamh. Tá an dualgas reachtúil is féidir a leagan agus is iomaí slí gur féidir é sin a dhéanamh. Is féidir é sin a dhéanamh go díreach, trí na caighdeáin teanga, agus tá slite difriúla gur féidir linn iad a fháil agus teacht ar an mian atá ann, is é sin, go mbeidh réimse leathan seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Is dúshlán mór atá anseo. B'fhéidir go bhfuil cuid de na freagraí ag baint leis an Údarás féin. Conas a fhaighimid dóthain daoine a bheith ag obair sna háiteanna agus sna hearnálacha difriúla sa Státchóras le go mbeidh siad in ann na seirbhísí seo a chur ar fáil trí Ghaeilge? Is í sin an áit, i ndáiríre, a bhféadfadh an t-Údarás tacú chomh maith. Is féidir tacú leis sin go cinnte ó thaobh na deiseanna sin a léiriú do dhaoine agus tacú leis an gcur chuige atá ann sna pobail tríd an bpleanáil teanga agus na slite sin ar fad. Is féidir linn an teachtaireacht a chur trasna faoi na roghanna agus na deiseanna sin atá ann agus a bheith gníomhach sna bealaí sin. Tagann sé síos chomh maith go dtí an toil atá ann le go bhféadfaí na seirbhísí seo a chur ar fáil.

Sin an áit go bhfuil an t-Údarás ag teacht as. Aontaíonn muid gur chóir go mbeadh seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus tacaíonn muid leis sin. Sin bunchuspóir agus is beag duine a chuireadh ina aghaidh. Is í an cheist atá ann i ndáiríre ná cén chaoi, reachtaíocht ann nó as, a thacú leis sin go praiticiúil ar bhealach gur féidir an réimse leathan seirbhísí a úsáid. Caithfimid glacadh leis chomh maith go mbeidh sé an-deacair chuile chineál seirbhís a chur ar fáil. Beidh réimse seirbhísí ann a bhaineann saineolas nó speisialtacht faoi leith leo. Aithníonn muid, cé go mbeadh sé inmhianaithe a leithéid de rud a dhéanamh, go mbeidh sé deacair seirbhísí den chineál sin a chur ar fáil.

Fáiltíonn muid roimh an bplé atá ar siúl i láthair na huaire ó thaobh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Ag teacht ó mo chúlra féin, tuigim an tábhacht atá leis agus bheadh sé ar an gcaoi chéanna don Údarás leis an obair atá ar siúl leis an bpleanáil teanga. Tá na rudaí seo uilig ceangailte le chéile agus ní oibríonn ceann amháin gan chuile shórt a bheith ag obair le chéile. Tá rudaí mar ról an Stáit sa Ghaeltacht, na seirbhísí a chuirtear ar fáil, an teachtaireacht a thugtar do phobal na Gaeltachta agus an chaoi a dtacaíonn sé leis an bpleanáil teanga snaidhmthe le chéile agus fite fuaite le chéile. Níl a fhios agam an bhfuil aon cheisteanna sonracha ag eascairt as sin ach sin an fhealsúnacht agus an mheoin atá ag an Údarás ina leith.

Tá ceist amháin agam ach b’fhéidir nach mbeidh Colm Ó Coisdealbha in ann í a fhreagairt toisc nach bhfuil sé ach nua sa phost. B’fhéidir go mbeadh Micheál Ó hÉanaigh in ann. Baineann sí leis an deacracht atá ag an Údarás, nó fiú na comhlachtaí atá faoi stiúir nó faoi threoir an Údaráis, déileáil leis an Státchóras trí Ghaeilge. Tá sé deacair domsa déileáil leis an Stát, na Ranna Stáit, nó fiú an Roinn lena bhfuilimid ag déileáil, trí Ghaeilge. Glacaim leis go bhfuil sé deacair ar an Údarás. Cén cur chuige a bheidh ann tar éis an Bhille seo maidir leis sin? An dtiocfaidh tarrtháil na Gaeilge nó athrú port as an mBille mar atá sé leagtha amach faoi láthair?

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Tá an deacracht chéanna againne atá ag an ngnáthphobal. Tá eagraíochtaí áirithe níos fearr ná a chéile agus tá rannóga taobh istigh d’eagraíochtaí atá níos fearr ná a chéile. Is gá go mbeadh an cur chuige atá ag teastáil comhordaithe agus dírithe; go dtuigtear cén áiteanna atá éilimh ar na seirbhísí seo agus go ndírítear isteach orthu sin. Má tá éileamh ar rannóga pleanála, ar rudaí atá dírithe ar an bpobal, nó ar eagraíochtaí ar nós muid féin, ba chóir go mbeadh daoine sna háiteanna sin atá in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge go compordach. Nuair atáimid ag plé le Ranna, an rogha ab fhearr linne agus le heagraíochtaí agus gníomhaíochtaí eile ná bheith in ann a gcuid gnó uilig a dhéanamh go compordach trí Ghaeilge agus gan aon mhíbhuntáiste a bheith bainteach leis sin. Tuigimid uilig nach bhfuilimid ag an bpointe sin fós. Tá go leor bearnaí ann agus is gá don chóras a bheith dírithe ar na háiteanna go bhfuil éileamh ann. Caithfidh daoine cumasacha agus aitheanta atá in ann a ngnó a dhéanamh go compordach trí Ghaeilge a bheith ann agus caithfear a thabhairt le fios go soiléir, ní díreach ar mhaithe le tabhairt le fios, gur féidir teacht ar an tseirbhís sin. Tá an dúshlán céanna againne ach tá eagraíochtaí agus rannóga thar a chéile atá in ann freastal níos fearr a dhéanamh. Teastaíonn an comhordú sin agus teastaíonn uainn rudaí a bheith níos dírithe ná mar atá faoi láthair. Tá ról ag an reachtaíocht ansin. Nuair a thagann na caighdeáin chun cinn, ba chóir go leagtar síos an réimse seirbhísí iontu agus an cumas a bheith ceangailte isteach leis an earcaíocht. Caithfidh an cumas a bheith ann. Sin píosa mór atá in easnamh faoi láthair. Níl an acmhainn daoine ann atá in ann na seirbhísí sin a chur ar fáil i réimse pleanála, in aon ghníomhaíocht eile de chuid an Státchórais, in údaráis áitiúla, nó in eagraíochtaí Stáit d'aon chineál.

Níl fuinneamh fágtha agam ag an bpointe seo ach go n-éireoidh le Colm Ó Coisdealbha ina phost nua.

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Gabhaim buíochas leis an Teachta.

Tá gá le hAcht atá i bhfad níos láidre ná an tAcht atá ann faoi láthair. Aontaíonn Colm Ó Coisdealbha leis sin, gan aon drogall air.

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Aontaím. Tuigimid an tábhacht. Bhí an reachtaíocht a bhí ann an-mhaith i go leor slite-----

Bhí sé lag agus-----

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Bhí, ach mar thús is an rud ná-----

Tá gá le hAcht atá i bhfad níos láidre.

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Gan dabht.

Níl drogall ar bith air é sin a rá. Ag teacht ar ais ag an Údarás, tá freagracht ollmhór air ceannaireacht a thaispeáint. Tuigim go bhfuil fostaíocht thar a bheith tábhachtach ach chomh maith leis sin tá cúrsaí teanga i gceist. Tá an t-Údarás ann chun an teanga a chosaint, fostaíocht a mhealladh agus a choinneáil sa Ghaeltacht, agus aire a thabhairt don phobal. Tá trí rud ansin. Bhí an t-Údarás ag troid le fada an lá le tuilleadh acmhainní a fháil, agus an ceart aige, agus tá sé ráite go soiléir agam go minic go bhfuil sé in áit na leathphingine i gcomparáid le Enterprise Ireland agus IDA Ireland. Tá sé tábhachtach é sin a rá. Chomh maith leis sin, tá dualgas air maidir le monarchana agus fostóirí an Ghaeilge a chur chun cinn agus níl mise iomlán sásta go bhfuil sé ag comhlíonadh an ról sin ar bhealach éifeachtach. B'fhéidir go bhfuil mé mícheart ach sílim go bhfuil an iarracht ag dul isteach in iad a mhealladh agus a choinneáil. Tá an ceart ag an Údarás é sin a dhéanamh ach ó thaobh na Gaeilge, cá bhfuil na coinníollacha agus an córas monatóireachta? Luadh é sin ach níor chuala mé freagra i ndáiríre. Chuala mé go mbeidh an t-Údarás ag cur Roinn amháin ag caint le Roinn eile. Ba chóir go mbeadh coinníollacha ann mar atá againne agus iad curtha chun cinn. Níl aitheantas ann i ndáiríre go bhfuilimid i ngéarchéim.

Ag dul ar ais go dtí an tuarascáil, tá sé leagtha amach go soiléir go bhfuil comhlachtaí agus cúrsaí oibre laistigh den Ghaeltacht faoi i bhfad níos mó brú anois maidir leis an mBreatimeacht ná aon áit eile sa tír. Aontaíonn na finnéithe leis sin. Tá sé sin nochta os comhair na tíre anois.

Ag an bpointe seo, iarraim ar na finnéithe labhairt faoin gcóras atá ann nó na hathruithe atá i gceist chun monatóireacht a dhéanamh maidir le cúrsaí Gaeilge agus an t-Údarás ag mealladh comhlachtaí agus fostaíocht isteach.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Tuigeann muid an tábhacht a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus mar sin de. Ó thaobh na tuairisce sin, gabhadh mé ar ais ag an bpointe gur chuir muidne go leor ama isteach ann agus chuir muid micreascóp an-mhór ar an gceantar atá faoinar gcúram. B’fhéidir dá mbeadh an t-ádh ar áiteanna eile a bheith in ann an micreascóp céanna a chur ar an rud go bhfeicfidís é. Níl muidne míshásta go bhfuil an Ghaeltacht soiléirithe ansin mar tuigimid an fhadhb agus táimid ag iarraidh aird a tharraingt uirthi agus oibriú le gach duine - na comhlachtaí, na heagrais agus gach údarás le gur féidir linn dul i gcionn ar sin. Táim ag iarraidh go mbeimid in ann dul chun cinn a thaispeáint don choiste an chéad uair eile a bheimid anseo agus má theastaíonn sé ag aon am roimhe sin, go mbeimid in ann aon dul chun cinn a roinnt leis. Ba bhreá linn é sin a dhéanamh.

I dtaobh na comhlachtaí, tá an dá rud seo ann i gcónaí. Bhí sé níos measa blianta ó shin nuair a bhí muid ag brath níos mó ar infheistíocht, bainisteoirí agus scileanna ón taobh amuigh. Tá obair an-mhór déanta ag Údarás na Gaeltachta le 40 bliain. I go leor de na comhlachtaí seo, is Gaeilgeoirí iad cuid de na húinéirí, stiúrthóirí, bainisteoirí agus saoistí. Chuir muidne go leor béime thar na blianta ar oiliúint dhaoine, oiliúint bhainisteoirí, an scéim printíseachta agus mar sin de. Thuig na daoine a bhunaigh an t-Údarás, agus a bhí i nGaeltarra Éireann roimhe sin, go gcaithfeadh muid a chinntiú go mbeadh na scileanna ann le go bhféadfadh na daoine sa Ghaeltacht feidhmiú sna comhlachtaí seo. Ní sin le rá go bhfuil gach scil againn nó nach gcaithfimid daoine le scileanna ar leith a thabhairt isteach ó am go chéile, ach táimid ag iarraidh bheith cinnte go roinnfidh na daoine sin na scileanna le daoine Gaeltachta.

Tá rud eile anseo atá aisteach. I bPáirc Ghnó Gaoth Dobhair is í an Ghaeilge an teanga labhartha is mó sna monarchana ansin. Níl aon dabht faoi sin. Cloistear go leor canúint Ghlaschú ann freisin, a chloisfeá san east end i nGlaschú.

Ní strainséirí iad sin. Sin an diaspóra agus clann an diaspóra ag teacht ar ais. Caithfimid an ghné sin a bhaineann le Gaeltachtaí a chur san áireamh, ionas go bhfuil fáilte ar ais roimh na daoine seo. B’fhéidir nach bhfuil Gaeilge acu féin ach tógann siad a gclann le Gaeilge agus cuireann siad leis an bpobal. Tá saghas dinimic ar leith ag baint le roinnt Gaeltachtaí ina dtagann na himircigh seo ar ais nuair a thagann deiseanna fostaíochta agus mar sin de suas. Tá ceist an-mhór le plé ansin. Is féidir liom a dheimhniú anseo thar ceann mo chomhghleacaithe, bhord an Údaráis, agus eagraíocht an Údaráis go bhfuil muidne tiomanta ar gach rud gur féidir linne a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné dár obair. Mar dhuine a bhí imithe tamall ón Ghaeltacht agus a tháinig ar ais, is féidir liom a rá gur iontach an fheabhais a chonaic mé ar sheasamh na Gaeilge sna tionscail mhóra. Tá go leor de sin síos don fact gurb iad na bainisteoirí, na saoistí agus na daoine leis na scileanna a tháinig trí na scéimeanna éagsúla atá ag reáchtáil na monarchana sin anois. Tá go leor oibre le déanamh ach creidim go bhfuil obair á dhéanamh ansin. Is féidir liom an méid a bhí Rónán Mac Con Iomaire ag rá a chinntiú. Táimid dírithe ar pé bealach gur féidir linn é sin a dhéanamh agus na torthaí a fháil agus a thaispeáint.

Tá an t-am istigh. Beidh Rónán Mac Con Iomaire ar bís labhartha. Tá cúpla rud le déanamh againn ó thaobh cúrsaí tithe de. Gabhaim mo bhuíochas thar ceann an choiste as an méid a chur na finnéithe i láthair. D’fhéadfadh muid a bheith anseo ag plé leis an ábhar seo ar feadh tamaill eile ach tá srian ama orainn toisc Covid. Tá súil agam go mbeidh na finnéithe in ann teacht os ár gcomhair arís amach anseo chun cur leis an méid a dúirt siad inniu. Mo bhuíochas dóibh.

Top
Share