Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Wednesday, 18 Nov 2020

Gnó an Chomhchoiste

Níl aon leithscéalta faighte againn go fóill. Iarraim ar chomhaltaí gan suí ar na suíocháin ag an mbord ach amháin na suíocháin a bhfuil micreafóin os a gcomhair. Tá dréachtmhiontuairiscí ár gcruinnithe dar dáta 11 Samhain 2020 scaipthe. Is mian liom cur in iúl do bhaill go bhfuil an comhchoiste tar éis scríobh chuig na comhairlí contae i gCiarraí, i gCorcaigh, i nDún na nGall, i nGaillimh, i Maigh, Eo, sa Mhí agus i bPort Láirge de réir mar a aontaíodh an tseachtain seo caite. D'iarr muid orthu na rialacha a bhaineann le tithíocht ina limistéir Ghaeltachta a chur i bhfeidhm. Chuir muid ceist maidir leis an gcaighdeán nó leibhéal líofachta a iarrann siad a bheith ag daoine atá ag iarraidh teach a cheannach nó a thógáil sa Ghaeltacht agus maidir leis an gcóras a úsáideann siad chun leibhéal líofachta na n-iarrthóirí a mheas. D'iarr muid freisin sonraí agus torthaí na scrúduithe atá déanta acu. Dar ndóigh, níl ainmneacha na ndaoine sin á lorg againn.

Is mian liom a chur in iúl don chomhchoiste freisin go bhfuil comhfhreagras faoin dá rún maidir le breis maoinithe d'Fhoras na Gaeilge agus don scéim pobal Gaeilge 2016-2020 a aontaíodh ag ár gcruinniú ar an 11 Samhain seolta ar aghaidh chuig an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus chuig an Aire Stáit, an Teachta Chambers, agus gur eisíodh preasráiteas maidir leis an dá rún sin.

An aontaítear leis na miontuairiscí? Aontaítear. Déanfaimid iad a shíniú níos déanaí.

Bogfaimid ar aghaidh chuig comhfhreagras atá faighte ag an gcomhchoiste. Dáileadh Uimh. F041 go F044, a bhfuil baint acu leis an gcruinniú seo, do chomhaltaí roimh an gcruinniú. Scaipeadh iad. Maidir le hUimh. F042 agus F045, ó oifig na n-imeachtaí sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, molaim go ndéanfaí ár mbreathnú orthu faoi Uimh. 3 de chlár an chruinnithe seo. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

Ar mhian le haon chomhalta plé a dhéanamh ar Uimh. F043? Tagann sé ón gCeann Comhairle agus dúradh ann "I am writing to the Chair of each committee in relation to the conduct of committee business in the context of the Covid-19 pandemic". Tá an litir ag trácht ar conas a reáchtáiltear ár ngnó anseo. An bhfuil aon duine ag iarraidh ceist a chur? Tháinig an litir seo as Béarla. Tá díomá orm go bhfuil comhfhreagras oifigiúil den saghas sin ag teacht os ár gcomhair as Béarla. B'fhéidir gur chóir dúinn scríobh chuig an gCeann Comhairle. Ní dhéanann sé é sin de ghnáth ach b'fhéidir go n-iarrfaimid air scríobh chugainn as Gaeilge amach anseo. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Ar mhian le haon chomhalta aon mhír chomhfhreagrais a phlé ag an staid seo? Bogfaimid ar aghaidh.

Tá cinntí le déanamh againn maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Tháinig Uimh. F042, inar tarchuireadh an Bille chuig an roghchoiste, ar 11 Samhain. Díreach mar a dúirt an Teachta Calleary ar an lá sin, rinneadh an cinneadh sa Dáil leathuair sular tháinig muid le chéile. Is féidir linn déileáil leis anois. Cén uair ar chóir dúinn tús a chur le Céim an Choiste den Bhille sin? Sula gcuirim an cheist sin ar na baill, mar a dúirt mé an tseachtain seo caite, bhí mé ag labhairt le hOifig na mBillí. Má dhéanaimid cinneadh inniu faoi cathain a bheidh sé os ár gcomhair, caithfimid méid áirithe ama a thabhairt do Theachtaí agus don Aire leasuithe a mholadh agus méid áirithe ama a thabhairt don oifig chun iad sin a cheartú, a chur in ord agus mar sin de. Níl mórán i gceist. Bhíomar ag caint faoi sin ag ár gcruinniú deireanach an tseachtain seo caite. Bheadh ar aon duine gur mhaith leis nó léi leasú a mholadh é sin a dhéanamh Déardaoin seo chugainn má tá sé i gceist go dtosóidh an plé sa chéad seachtain de mhí na Nollag. Is é an Déardaoin an 25 Samhain. Tabharfaidh sé sin go leor ama don oifig agus beimid in ann an plé a thosú ar 2 Nollaig nó 3 Nollaig.

Ina dhiaidh sin, tá cinntí eile le déanamh againn. Cad a dhéanfaimid leis na cruinnithe atá eagraithe againn? An leor dhá uair sa tseachtain nó an gá dúinn am breise a lorg? Tá áit ar fáil dúinn ar an Déardaoin chun déileáil le reachtaíocht. Is cinneadh é sin do na baill. Is féidir liom cinneadh a dhéanamh ach b'fhearr liom go mbeadh gach duine ar aon intinn mar beidh ar na baill a bheith anseo má tá vótaí nó díospóireacht le déanamh ar na leasuithe. An bhfuil aon duine ag iarraidh caint faoi sin?

Is é an Bille sin an rud is tábhachtaí dúinn ag an nóiméad seo. Caithfimid an bhéim a chur air seachas ar aon rud eile. Tá a fhios agam gur iarr an Ceann Comhairle ina litir gan níos mó ná dhá chruinniú sa tseachtain a bheith ag coiste ar bith ach ceapaim go gcaithfimid béim a chur ar an mBille. Ceapaim go bhfuil an sceideal atá leagtha amach ag an gCathaoirleach oiriúnach. Is í an fhírinne ná gurb iad na daoine atá sa seomra seo na daoine a bheidh ag moladh leasuithe. Tá eolas ag na daoine atá bainteach le cúrsaí mar sin go bhfuil an Bille ag teacht os ár gcomhair so beidh na leasuithe réidh.

Aontaím leis sin. B'fhéidir go bhfuil deis againn dhá sheisiún a bheith againn an tseachtain seo chugainn chun go mbeidh am againn ina dhiaidh sin chun gur féidir an cruinniú atá ar an gclár againn don tseachtain dár gcionn a bheith againn.

Tá cuireadh tugtha dóibh so má táimid ag tabhairt rud chun cinn, is féidir é sin a dhéanamh, ach amháin má tá na finnéithe sásta mar caithimid foláireamh coicíse a thabhairt agus tá sé sin tugtha dóibh ar aon chaoi. Más spéis le baill, d'fhéadfadh muid féachaint an bhfuil an sliotán sin ar fáil dúinn ar an Déardaoin seo chugainn agus féachaint cé a bhí le bheith os ár gcomhair. Bhí an tAire agus an tAire Stáit le bheith os ár gcomhair ar an 2 Nollaig. Ar an 9 Nollaig, is iad Liam Mac Cóil agus Cynthia Ní Mhurchú a bhí luaite chun teacht isteach chun caint faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Is é an 16 Nollaig an lá do Choimisinéir An Gharda Síochána. Is iad sin an trí dhream a bhí cuireadh tugtha dóibh. Má táimid ag iarraidh rud éigin a chur isteach don seachtain seo chugainn, tá sé faoi na baill an dream a roghnú agus caithimid feiceáil an féidir linn iad ar fad a sháigh isteach i sliotán amháin ar an Déardaoin seo chugainn. Measaim féin nach féidir.

B'fhéidir nach mbeidh an Garda Commissioner in ann teacht isteach chomh sciobtha sin.

Tá deacrachtaí i gceist leis an 16 Nollaig cheana féin. Is féidir linn ceist a chur ar an Aire agus ar an Aire Stáit an mbeadh siad sásta teacht os ár gcomhair ar an Déardaoin seo chugainn chun labhairt mar gheall ar an ábhar a bhí leagtha síos dóibh don 2 Nollaig.

Is féidir leo labhairt faoin mBille freisin.

Is féidir leo labhairt faoin mBille chomh maith. Beidh cruinniú den chomhchoiste ar siúl ar an Déardaoin seo chugainn má tá an tAire agus an tAire Stáit ar fáil don lá sin. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

An aontaítear go mbeadh cruinniú den roghchoiste ar an gCéadaoin agus ar an Déardaoin, an 2 Nollaig agus an 3 Nollaig, chun tús a chur leis agus gach uile lá gur féidir linn bualadh le chéile ina dhiaidh sin? Tá brón orm má tá sin ag cur ualach sa bhreis ar chomhaltaí.

Bhí mo smaointe ar strae ansin agus níor chuala mé sin i gceart.

An rud atá i gceist ná go dtosnóidh muid ar an mBille ar an 2 Nollaig. Sin an dáta is luaithe gur féidir linn tosnú agus tá sin ag braith ar dhaoine eile ach níl aon mhoill ann ó mo thaobh. An aontaítear go dtosnóidh muid ar an lá sin? Is féidir linn ansin sliotán sa bhreis a bheith againn an lá dár gcionn, ar an Déardaoin, idir 2 p.m. agus 4 p.m. agus gach uile sheachtain ina dhiaidh sin go dtí go gcríochnóidh muid, más mian linn mar tá baill ag moladh go gcuirfear gach rud eile ar athló go dtí go bhfuil muid críochnaithe leis sin. Is éard a bheadh i gceist ná Cynthia Ní Mhurchú agus Liam Mac Cóil agus Coimisinéir An Gharda Síochána a chur ar athló go dtí dáta difriúil.

Tá Coimisinéir An Gharda Síochána le teacht isteach chun labhairt faoi sheirbhísí Gaeilge. Ní bhraitheann sé ar an mBille. Níl a fhios agam faoin mbeirt eile.

Má táimid chun aon duine a thabhairt os comhair an choiste agus muid ag déileáil le Bille na dteangacha oifigiúla, caithfidh sé a bheith roimh a thosnóidh muid an plé ar an mBille. Má táimid ag iarraidh, is féidir linn ceist a chur air teacht isteach ar an Déardaoin seo chugainn. Sin an rogha atá ag an mbaill ach níl aon sliotán eile ar fáil.

Aontaím go bhfuil sé ceart chuile rud a chur ar leataobh agus díriú isteach ar an mBille. Sin an rud is tábhachtaí ach an mbeimid ag déanamh amach plean ag pointe áirithe maidir le haíonna? Bhí Dr. John Walsh ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh thar a bheith cabhrach agus bhí daoine eile freisin. Níl mé ag iarraidh aon ainm a lua ach tháinig siad isteach agus rinne siad obair na gcapall an uair dheireanach. Ní pléifidh muid anois é ach ba cheart dúinn suí síos le chéile agus a oibriú amach cé hiad na daoine is tábhachtaí ó thaobh na Bille de.

An fhadhb atá ann ná gur sin an stad a bheadh baill ag déileáil leis nó leis an prelegislative stage nó a leithéid. Sin an t-am na haíonna a thabhairt isteach chun caint linn. Má tá an ceart agam, nuair a tosóimid ar an mBille, beimid dírithe air sin agus ní féidir aon rud seachas sin a eagrú ach go neamhfhoirmiúil.

An mbeidh muid ag éisteacht le haon eagraíocht nó le haon saineolaí ag an bpointe sin?

Ní bheidh ach muidne ag díriú isteach air. B'fhéidir go bhfuil mé mícheart ach ní chuimhin liom aon Bhille eile, fad agus a bhí sé tosnaithe agus ar siúl, go raibh aon duine eile ag déileáil leis an gcoiste. Is féidir leo treoir a thabhairt ón taobh amuigh agus má mholann aon bhall é is féidir linn cruinniú neamhfhoirmiúil a eagrú ionas gur féidir le daoine bualadh linn. B'fhéidir gur féidir linn labhairt faoi sin ach ó thaobh an choiste féin, táimid gafa ag precedent.

Go raibh maith agat as ucht an soiléiriú sin.

Tá cléireach an choiste ag rá gur féidir linn é a dhéanamh.

B'fhéidir go mbeidh sé in ann teacht ar ais agus an próiseas a chinntiú agus ansin beidh muid in ann cinneadh a dhéanamh an tseachtain seo chugainn nó nuair atá an comhairle againn.

Is féidir linn é a dhéanamh mar is é roghchoiste ceann amháin agus is comhchoiste an ceann eile. Is féidir leis an gcomhchoiste teacht le chéile. An fhadhb atá ann ná go bhfuil cinneadh le déanamh mar níl ach an dá sliotán ar fáil dúinn sa seachtain. Is iad sin an sliotán ina bhfuilimid faoi láthair agus an sliotán ar an Déardaoin. Níl cead againn teacht le chéile ach uair sa lá.

Is féidir linn na haíonna a eagrú ar Microsoft Teams so b'fhéidir go ndéanfaidh muid é sin, más spéis le baill. Tá aíonna ansin, tá eolas acu agus tá siad ag gabháil faoi seo so b'fhéidir go ndéanfaidh muid é sin. Tá sé i gceist againn tosnú ar an 2 Nollaig.

Cén spriocdháta atá ann i gcomhair na leasuithe don Bhille?

An Déardaoin seo chugainn. Sin an dáta go gcaithfidh siad a bheith istigh, má tá sé i gceist againn cloí leis an 2 Nollaig, ionas gur féidir le Oifig na mBillí iad a chur in eagar agus iad a bheith ullamh faoin 2 Nollaig. Má shíleann baill go bhfuil sé sin ró-thapa, is féidir linn dáta eile a roghnú chun tús a chur le Céim an Choiste den Bhille. Níl mise ag cur deifir ach sin an-----

Níl ach seachtain amháin fágtha chun leasuithe a chur isteach.

Má deireann an coiste gur ar an 2 Nollaig a thosnóidh muid leis an mBille. Níl mise ag cur brú.

Tuigim do chruachás ach tá sin thar a bheith srianta. Níl mise ag iarraidh aon mhoill a chur ar an mBille. A mhalairt atá i gceist agus bím i gcónaí ag gearán faoi chomh mall agus atá an próiseas ach ní leor seachtain amháin do na leasuithe uilig.

Is ar bhaill atá sé an cinneadh a ghlacadh. Dúirt ball amháin go dtosnódh muid ar an 2 Nollaig ach is féidir le ball eile moladh a dhéanamh. Má roghnaímid an 9 Nollaig, sin an tseachtain ina dhiaidh sin, tugann sin seachtain sa bhreis dúinn chun na leasuithe a chur le chéile. Tá mise sa stad céanna le gach ball eile ag féachaint ar an mBille agus é ag teacht suas agus níl leasuithe an Rialtais foilsithe go fóill. Tá a fhios againn cad atá iontu ach níl siad foilsithe ó thaobh foclaíochta de.

Bhí breis agus bliain ag chuile bhall breathnú ar an mBille agus leasuithe a ullmhú.

Níl sé sin féaráilte because níl an rud foilsithe. Ní fhaca muid an rud atá ar intinn ag an Rialtas fós.

Is féidir liom rud amháin a rá - agus níl mé ar thaobh an Rialtais nó ina choinne sa chás seo.

Nuair a fhoilsíonn an Rialtas na leasuithe, pléifimid iad. Is féidir le daoine moladh a dhéanamh ó thaobh athruithe ar Chéim na Tuarascála. Beidh díospóireacht againn nuair a bheidh na leasuithe sin á bplé ag an bpointe sin. B'fhearr liom go mbeadh na leasuithe suntasacha atá ag teacht ón Aire os ár gcomhair chomh luath agus is féidir mar tugann siad comhthéacs do roinnt de na leasuithe atá i gceist againne. An bhfuil an Teachta Connolly ag moladh an 9 Nollaig?

Ag an bpointe seo an rud atá á mholadh agam ná go gcuirimid an dáta siar go dtí an 9 Nollaig ar a laghad agus go mbeidh ábhar scríofa againn faoin bpróiseas. Cad é an próiseas dúinne go léir? Tá daoine nua ar an gcoiste. Ní raibh an coiste, mé féin san áireamh, ag déileáil le reachtaíocht roimhe seo. Bhíomar ag déileáil go ginearálta leis na ceannteidil. Ba chóir go mbeadh rud scríofa againn maidir leis an bpróiseas. Chomh maith leis sin, ba chóir go mbeadh an rud atá ar intinn ag an Rialtas feicthe againn. Níl aon rud feicthe againn. Táimid ag oibriú i bhfolús i ndáiríre.

Tá an cléireach tar éis a rá go mbeidh cruinniú príobháideach againn ar Teams roimh an chéad chruinniú eile. Rachaidh sé tríd an bpróiseas leis na baill ar fad den roghchoiste ag an bpointe sin, nó le haon duine eile gur mhian leo mar beidh an rud céanna ag tarlú ar Chéim an Choiste na Seanadóirí. Is féidir linn ceist a chur ar an Aire ina dhiaidh sin an fhoclaíocht a fhoilsiú. Chuir an tAire leathanach nó dhó againn ag míniú cad a bhí ráite coicís nó mar sin ó shin. Tá treoir éigin againn ach níl an fhoclaíocht bheacht ann. Dá bhféadfadh sí é sin a chur taobh linn chomh luath agus is féidir, chuideodh sé, pé dáta atá i gceist.

Tá dhá mholadh againn, an 9 Nollaig nó an 2 Nollaig. Dúirt an cléireach go bhfuil beirt aoi le teacht os ár gcomhair ar an 9 Nollaig so b’fhéidir gur mbeimid in ann tosú ar an 10 Nollaig. Tabharfadh sé sin deis do gach duine, agus deis don Aire teacht os ár gcomhair an tseachtain seo chugainn. Tá a fhios agam go bhfuil sé sa chlár Rialtais ach is cuma céard a dhéanfaimid, ní bheidh an Bille seo achtaithe roimh an Nollaig. Is cuma pé rud a dhéanfaimid.

Ní rud mór é don Rialtas.

B’fhéidir go rachaidh sé trí Chéim an Choiste ceart go leor ach ní bheidh sé imithe trí gach uile Chéim eile faoin Nollaig. Ní chuirfidh cúpla seachtain bhreise as mórán don Rialtas. An dtosóimid ar Déardaoin, an 10 Nollaig? Ceart go leor. Beidh cruinniú againn an Chéadaoin seo chugainn agus beidh an t-eolas againn ansin faoin mbealach a bheidh an Céim rite. Gheobhaimid duine éigin ó Oifig na mBillí le dul tríd an bpróiseas ina iomláine, mar aon leis an gcléireach. Déanfaimid é sin i seisiún príobháideach uair an chloig roimh ré nó mar sin, má oireann sé sin. Beidh an cruinniú féin againn ag a 2 p.m. an tseachtain seo chugainn. Beidh na comharchumainn agus a leithéid os ár gcomhair an Chéadaoin seo chugainn ag a 2 p.m.

Clerk to the Committee

Comhlacas na gComharchumann agus na Comhlachtaí Pobalbhunaithe.

An bhfuil aon rud eile ar an amchlár? Bhí an Teachta Connolly ag moladh an Dr. John Walsh le teacht os comhair an choiste.

Níl aon mholadh agam faoi láthair ach tá mé ag iarraidh cinneadh a dhéanamh faoi. Beimid in ann dul ar ais agus breathnú air.

Caithfimid an cinneadh a dhéanamh anois. Toisc na hathruithe a tharla de bharr cás cúirte Angela Kerins, caithfimid coicís foláirimh a thabhairt. Má tá sé i gceist daoine breise a thabhairt isteach, caithfear iad a lua inniu sa chaoi go mbeidís againn i gcoicís. Bheadh an Dr. John Walsh ag labhairt faoin mBille so má tá an Teachta ag iarraidh go mbeidh sé anseo roimhe sin, is féidir linn cuireadh a chur chuige. Ansin bheadh triúir os ár gcomhair ar an 9 Nollaig. Ar mhaith léi é sin a dhéanamh?

Ní raibh mé ag iarraidh duine amháin a phiocadh amach.

Tá beirt ann cheana féin. Chuir muid cuireadh ag Cynthia Ní Mhurchú agus Liam Mac Cóil. Is féidir an Dr. John Walsh a chur leis an mbeirt sin chomh maith. Sin triúir, agus mar a dúirt an Teachta, bhí an Dr. Walsh gafa le tuairimí a thabhairt cheana féin ar-----

Bhí a lán daoine.

Tá a fhios agam agus bhí mé-----

D’oibrigh a lán daoine go crua.

Tá liosta fada agam de dhaoine le cuireadh a thabhairt dóibh ach luaigh an Teachta é. An bhfuil aon rud eile ar an sceideal? Tá gach rud aontaithe agus táimid ag bogadh ar aghaidh. Déanaimis plé anois le hionadaithe ó Fhoras na Gaeilge.

Top
Share