Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Dr. John Walsh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Tá an Dr. John Walsh, léachtóir sinsearach le Gaeilge i scoil na dteangacha, na litríochtaí agus na gcultúr, coláiste na ndán, na heolaíochtaí sóisialta agus an léinn Cheiltigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, linn. Tá a fhios agam go bhfuil roinnt de na rialacha ar eolas ag an Dr. Walsh mar gheall ar an Acht um Chlúmhilleadh, 2009 ach caithfidh mé dul tríothu ar aon chaoi.

Caithfidh mé a chur in iúl go soiléir don fhinné nach bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste agus an fhianaise sin á thabhairt acu ó shuíomh cianda nó ó shuíomh taobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Ní féidir le finnéithe mar sin a bheith ag brath ar aon chosaint lánphribhléid agus mar sin molaim don fhinné a bheith an-chúramach faoi aon rud a déarfaidh sé ag an gcruinniú inniu. Ordaítear don fhinné gan ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo a thabhairt agus fiafraítear dó an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Meabhraítear do chomhaltaí cloí leis an gcleachtadh parlaiminte.

Tá a fhios agam nach bhfuil ach 30 nóiméid nó mar sin againn. Mar sin ligfidh mé don Dr. Walsh labhairt ar dtús agus ansin, má tá deis againn, ligfidh mé do na comhaltaí ceisteanna a chur.

Dr. John Walsh

Gabhaim buíochas don choiste as an gcuireadh a bheith i láthair. Is mór agam an deis teacht os comhair an chomhchoiste agus molaim an obair thábhachtach atá ar bun aige agus é ag cíoradh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 go mion. Tá súil agam go mbeidh toradh fónta ar shaothar an choiste agus go mbeidh Acht níos láidre agus níos oiriúnaí dá aidhm againn de bharr na hoibre sin.

Tá an dréacht atá á phlé ag an gcoiste níos láidre ná an Bille a foilsíodh roimh Nollaig 2019 agus cuirim fáilte roimh chuid de na leasuithe a mholtar ann. Fáiltím, mar shampla, roimh an dul chun cinn suntasach atá sa leasú a thabharfadh cumhacht breise don Choimisinéir Teanga faireachán a dhéanamh ar Achtanna eile ina luaitear an Ghaeilge. Tá taighde déanta agam ar an gceist seo agus tá tuairim agus 150 dlíthe i gceist. Cé nach eol don phobal go minic iad a bheith ann, clúdaíonn siad réimsí tábhachtacha den saol, ar nós na pleanála, an chraolacháin agus an oideachais.

Cén bua chun cinn a bheadh ann dá bhféadfadh an Coimisinéir Teanga a bheith níos gníomhaí maidir leis an gcorpas reachtaíochta seo ina iomláine? Léiríonn roinnt de na himscrúduithe atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga le blianta beaga anuas cé chomh tábhachtach agus atá na hachtacháin sin. Tagraím, mar shampla, don imscrúdú a rinne sé ar Acht an Gharda Síochána, 2005 atá in ainm agus a bheith ag treisiú stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tagraím chomh maith don Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 a bhfuil an aidhm chéanna ag foráil dá gcuid cosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht. Bhí imscrúduithe tábhachtacha eile ag an gCoimisinéir Teanga ar chúrsaí oideachais agus craolacháin, dhá réimse móra den saol go bhfuil tionchar an-mhór acu ar an bpobal. Léiríonn na samplaí seo gur gá cur le cumhachtaí faireacháin an Choimisinéara Teanga ionas gur féidir leis a bheith réamhghníomhach mar gheall ar na hachtacháin eile, agus is maith an leasú seo a bheith déanta.

Fáiltím chomh maith roimh chuid de na spriocanna níos soiléire a leagtar síos maidir leis an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge atá le bunú sé mhí tar éis don Acht teacht i bhfeidhm; an plean náisiúnta seirbhísí Gaeilge atá le hullmhú laistigh de dhá bhliain ina dhiaidh sin; agus an spriocdháta 2030 a bheith luaite leis an gcuspóir go mbeadh 20% d'earcaithe chuig an tseirbhís phoiblí ábalta a gcuid oibre a dhéanamh i nGaeilge. Tá imní orm, áfach, mar gheall ar an seans go bhféadfaí síneadh ama a chur leis an spriocdháta áirithe sin.

Tá roinnt laigí móra fós sna leasuithe gur gá aghaidh a thabhairt orthu. Ní luaitear faic faoin éileamh réasúnta atá déanta ag eagraíochtaí Gaeilge agus an gCoimisinéir Teanga gur i nGaeilge, gan cheist, a chuirfí seirbhísí ar fáil sa Ghaeltacht. Ní bheadh mórán údaráis ag reachtaíocht teanga nach dtabharfaidh aghaidh ar na háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt mar theanga an phobail. Caithfear aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo trí fhoráil ar leith faoin nGaeltacht a chur sa Bhille nó trí dul i ngleic leis an gceist sin sna caighdeáin teanga. Déarfaidh mé tuilleadh mar gheall ar na caighdeáin ar ball.

Níl aon radharc ach oiread ar cheart bunúsach a bheith ag duine ainm agus seoladh i nGaeilge a úsáid i ngnó oifigiúil. Baineann sciar suntasach de na gearáin a fhaigheann an Coimisinéir Teanga leis an bhfadhb seo, 8% in 2018 agus beagnach 7% anuraidh. In alt 4 den Bhille, luaitear dualgas a bheith ar chomhlacht poiblí leaganacha Gaeilge d'ainm agus de sheoladh a thaifeadadh agus a úsáid i gceart, ach ní leagfar an dualgas sin go huathoibríoch ar gach comhlacht poiblí ná ní thugtar scála ama maidir leis na córais faisnéise agus chumarsáide. Mar sin, d'fhéadfadh sé blianta a ghlacadh sara mbeadh an dualgas seo i bhfeidhm ar chomhlachtaí poiblí.

Ina theannta sin, caithfidh ionadaíocht níos leithne a bheith ar an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge. Má tá ionadaí amháin le ceapadh thar cheann phobal na Gaeltachta, cén fáth nach bhfuil ionadaí eile le ceapadh thar cheann phobal na Gaeilge? As áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht a tháinig 82% de na gearáin a fuair an Coimisinéir Teanga anuraidh, rud a léiríonn tábhacht an phobail mhór sin, ach ní thugtar aitheantas do sin sa struchtúr molta. Faoi mar atá struchtúr an choiste molta faoi láthair, tá sé le bheith comhdhéanta de Státseirbhísigh ar fad nach mór ach gan ionadaíocht mar is ceart a bheith ag lucht úsáide na seirbhíse - cainteoirí líofa agus rialta Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht. Ní léir, mar sin, cén tuiscint ar riachtanais an phobail a bheadh ag an gcoiste molta. Is ceist dhigiteach agus chasta í soláthar seirbhísí poiblí go dátheangach, agus le bheith macánta faoi, is beag taithí atá againn ar a leithéid in Éirinn. Ní miste cuimhin le comhaltaí ar an gceist sin ar bhonn uilíoch leathan agus a bheith ábalta tarraingt ar thaithí idirnáisiúnta nuair a bheidh an coiste i mbun a chuid oibre.

Cuireadh fáilte cheana roimh an sprioc go mbeadh 20% d'earcaigh chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge ach tá gá a bheith an-airdeallach faoi sin chomh maith. Tá an sprioc 20% an-uaillmhianach. Tá impleachtaí móra aige do na comhlachtaí poiblí go léir agus beidh sé dúshlánach í a bhaint amach gan athrú mór sa chultúr eagraíochta agus a gcleachtais oibre, gan trácht ar an bpróiseas earcaíochta féin. Caithfidh go leor mioneolas a bheith sa phlean náisiúnta seirbhísí Gaeilge faoin slí a mbainfear an sprioc amach agus beidh gá le feachtas láidir feasachta agus poiblíochta chun na deiseanna nua fostaíochta a chur ar a súile do chainteoirí Gaeilge.

Ba údar imní dom an tuairisc a bhí sa Business Post le déanaí gur dócha nach mbeidh ach leibhéal bunúsach Gaeilge ag teastáil ó chuid den 20% seo. Luadh comhchreat tagartha na hEorpa um theangacha agus na sé leibhéil atá ann. Áfach, léiríonn an taithí idirnáisiúnta in áiteanna ar nós Cheanada agus Thír na mBascach go mbeadh leibhéal B2 de dhíth chun seirbhís shásúil dhátheangach a chur ar fáil, a nglacfadh cainteoirí na mionteanga leis. Sin an pointe is tábhachtaí mar caithfidh an tseirbhís a bheith ar chaighdeán sásúil chun go n-úsáidfear í. Is ionann leibhéal B2 agus an chuid is airde den mheánleibhéal agus tugtar "úsáideoir neamhspleách" ar dhuine a bhaineann amach an leibhéal sin, is é sin le rá gur féidir leis nó léi an teanga a úsáid go nádúrtha sa scríobh agus sa chaint, ar ábhar a bhfuil taithí aige no aici orthu. Tá an comhchreat aitheanta go hidirnáisiúnta chun leibhéal foghlaimeoirí teanga a mheas, agus baintear úsáid as go forleathan chun measúnú a dhéanamh ar fhostaithe in eagraíochtaí ilteangacha nó san áit ina bhfuil cáilíocht ghairmiúil i dteanga de dhíth.

Má fhostaítear go leor den 20% atá luaite sa Bhille ag leibhéal íseal ar nós A1 nó A2, ní bheidh aon tionchar dearfach ag an Acht ar sheirbhísí dátheangacha a sholáthar. Déantar tagairt i gcuid mhaith de na scéimeanna teanga ó a tugadh isteach an tAcht reatha do Ghaeilge bunúsach a bheith ag an bhfoireann nó do bhunbheannachtaí simplí Gaeilge a bheith ar eolas acu. Tá sé ráite agamsa cheana nach bhfuil brí lena leithéid de chur chuige ó thaobh seirbhísí Ghaeilge a sholáthar do chainteoirí líofa.

Más léir do chainteoir líofa Gaeilge go bhfuil brú ar an oifigeach sa chomhlacht agus iad ag iarraidh Gaeilge a labhairt leis nó léi, tá nós láidir sóisialta ann go n-éireoidh sé nó sí as an nGaeilge agus go n-iompóidh sé nó sí ar an mBéarla. Tuigeann an dá thaobh é sin go soiléir. Is cuma má tá an cainteoir líofa nó an foghlaimeoir neirbhíseach, tuigeann daoine an riail shóisialta sin. Mar sin, tá cumas leibhéal B2 nó níos airde de dhíth chun go mbeadh ciall leis an sprioc 20%.

Tá na caighdeáin teanga atá luaite i gcuid 7 den Bhille le teacht in áit na scéimeanna teanga. Tá caighdeáin in úsáid sa Bhreatain Bheag le nach mór deich mbliana agus cé go bhfuil go leor le moladh fúthu mar chóras, bíonn deacrachtaí móra leo chomh maith mar bhí cuid de na caighdeáin a leagadh síos an-chasta agus ghlac sé tamall dul i ngleic leo. Tá cúpla údar imní orm mar gheall ar na caighdeáin. Ar an gcéad dul síos, tá i bhfad an iomarca sa Bhille seo faoi conas díolúine a fháil uathu - maolú nó derogation a thugtar air san fhoclaíocht - rud a thugann slí éalaithe do chomhlacht poiblí. Ar an dara dul síos, ba mhór an chabhair é dá bhfoilseodh an Roinn caighdeáin samplacha ionas go mbeadh tuiscint níos fearr ag an bpobal ar céard atá beartaithe. Luaitear dréacht-chaighdeáin sa Bhille ach ní thugtar scála ama óna dtaobh.

Dhein an Coimisinéir Teanga tagairt do sheirbhísí Gaeilge in aimsir Covid-19 nuair a labhair sé leis an gcoiste cúpla seachtain ó shin agus dúirt sé go raibh an chosúlacht ann gur úsáideadh an víreas mar leithscéal chun an Ghaeilge a bhrú ar leataobh. Aontaím leis sin agus tá go leor fianaise bailithe agam féin ó mhí an Mhárta i leith a léiríonn gur theip ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a chinntiú go gcuirfí eolas i nGaeilge faoin ngéarchéim sláinte poiblí ar fáil don phobal. Réitíodh an tAcht suas le 20 bliain ó shin nuair nach raibh greim chomh daingean ag an gcumarsáid leictreonach agus na meáin shóisialta ar ár saol. Léiríonn géarchéim Covid-19 níos mó ná riamh cheana go bhfuilimid ag brath go mór ar an saol digiteach anois chun a bheith i dteagmháil le chéile go slán sábháilte. Níl sé de chumas ag Acht na dTeangacha Oifigiúla dul i ngleic leis an riachtanas sin. Sin an fáth nár foilsíodh ach fíorbheagán fógraíochta i nGaeilge faoin ngéarchéim agus nár cuireadh eolas leictreonach ar shuíomhanna mar gov.ie i nGaeilge. Tuigim gur sheol Tuairisc.ie litir chuig an choiste ag moladh go dtabharfaí aghaidh ar cheist na fógraíochta sa reachtaíocht nua. Tacaím leis an iarratas sin agus molaim go ndéileálfaí le ceist na fógraíochta sna caighdeáin teanga.

Ceist eile is ea na comharthaí aonteangacha Béarla atá feicthe agam, agus ag daoine eile, in áiteanna éagsúla. Faoin Acht reatha, ba cheart go mbeadh an chomharthaíocht ar fad dátheangach, ach léiríonn an teip fhorleathan ina thaobh seo an obair mhór atá le déanamh fós. Níl an-chuid eolais de dhíth sa chomharthaíocht agus ní bhíonn i gceist ach beagán focal go minic, ach níor éirigh le go leor comhlachtaí poiblí an riachtanas bunúsach sin a chomhlíonadh. Baineann an fhadhb chéanna le teip an Rialtais leagan dátheangach den chéad leabhrán eolais faoi Covid-19 a chur chuig gach teach sa tír. Is fianaise iad na samplaí seo den dúshlán mór atá romhainn córas ceart a bhunú a chuirfidh seirbhísí Gaeilge ar fáil.

Molaim go dtabharfaí aghaidh ar na ceisteanna seo, go háirithe an chumarsáid leictreonach, sna caighdeáin teanga. Ní eolas fada, casta, nó teicniúil a bhíonn á scaipeadh faoi Covid-19 don chuid is mó. Is téacsanna gairide, leabhráin agus fógraíocht ar líne a bhíonn ón bpobal agus iad ar thóir eolais faoin bpaindéim. Ní fál go haer é eolas bunúsach mar sin a sholáthar i nGaeilge, nó níor cheart gurb ea. Ar deireadh thiar thall, cad is fiú reachtaíocht teanga a bheith againn mura féidir leis an Acht a chinntiú go gcuirfear eolas i nGaeilge ar fáil faoin ngéarchéim sláinte poiblí is mó ó bunaíodh an Stát?

Gabhaim buíochas leis an Dr. Walsh agus cuirim fáilte roimhe. Tá cúpla ceist agam. Dúirt sé go mbeidh sé dúshlánach an spriocdháta de 2030 a bhaint amach. Tá an chuid is mó de dhaoine le Gaeilge ar an eolas anois faoin spriocdháta seo, ach níl a fhios agam an bhfuil chuile dhuine eile sa tír ar an eolas faoi. An gceapann an Dr. Walsh go mbeidh daoine ina haghaidh agus go mbeidh mórán daoine ag tabhairt amach faoin spriocdháta seo sna blianta amach romhainn?

Ó thaobh an phlean náisiúnta, aontaím leis an Dr. Walsh go ndéanann sé ciall go mbeadh duine éigin ó thaobh amuigh den Ghaeltacht ar an gcomhchoiste. An gceapann an Dr. Walsh go mbeadh deacracht ag feidhmeannaigh eile ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le daoine ag teacht isteach ar a n-ábhar féin ó thaobh earcaíochta de? Don chéad uair riamh, beidh ról lárnach ag feidhmeannaigh ó Roinn na Gaeltachta san ábhar tábhachtach seo maidir leis an teanga agus an córas poiblí. An bhféadfaí go mbeadh daoine ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe in aghaidh na ndaoine seo ag teacht isteach ó thaobh amuigh den chóras, nó taobh amuigh den Roinn í féin?

Dr. John Walsh

D’fhiafraigh an Seanadóir an gceapaim go mbeidh go leor daoine in aghaidh 2030 mar sprioc. Níl eolas forleathan againn faoi seo go fóill ach ar shlí, is é an rud is tábhachtaí ná poiblíocht a thabhairt dó seo i measc lucht na Gaeilge, ionas go dtuigeann siad an buntáiste fostaíochta a bhaineann leis. Don chéad uair-----

Le bheith soiléir, is an sprioc de 20% a bhí i gceist agam.

Dr. John Walsh

Gabh mo leithscéal. Cheap mé gur 2030 a bhí i gceist ag an Seanadóir. Tá ceist bhunúsach le cur faoin 20%. Beidh sé an-dúshlánach mar táimid ag dul ó leibhéal an-íseal ar fad. An mbeidh an 20% le tabhairt isteach i ngach comhlacht poiblí sa tír ag an am céanna, nó an mbeidh córas ann le cinntiú go dtabharfar tús áite do chomhlachtaí áirithe? Mar shampla, an mbeadh na húdaráis áitiúla sa Ghaeltacht, nó comhlachtaí a bhíonn ag déileáil cuid mhaith leis an bpobal, chun tosaigh sa líne nó sa scuaine? Is dócha go mbraithfidh sé sin ar na caighdeáin teanga chomh maith. D’aontódh go leor daoine go bhfuil sé i bhfad níos tábhachtaí go sroichfear an 20% níos tapúla i gcomhlachtaí áirithe ná a chéile. Má tá cuspóir ginearálta ann go mbeidh an 20% seo againn ar fud na háite agus má dhéantar iarracht é a chur i bhfeidhm ag an ráta céanna i ngach comhlacht poiblí ag an am céanna, tá baol ann go dteipfidh sé. Is gá tús áite a thabhairt do chomhlachtaí áirithe, mar a déanadh leis na scéimeanna teanga. Roghnaíodh comhlachtaí áirithe le scéimeanna teanga a bhunú ar an gcéad dul síos, comhlachtaí a bhí níos tábhachtaí ó thaobh an phobail nó a bhí baint acu le pobal na Gaeilge nó na Gaeltachta. Sin an rud is tábhachtaí faoin 20%. Caithfimid córas a oibriú amach chun tús áite a thabhairt do chomhlachtaí áirithe a bhfuil tábhacht níos mó leo ó thaobh an phobail agus a bhfuil níos mó cumarsáide ag an bpobal leo.

Maidir leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a bheith míshásta go mbeadh tuairimí eile ag teacht isteach, tá sé riachtanach go bhfuil tuairimí eile ann agus faoi láthair tá ionadaíocht an choiste i bhfad ró-chúng. Go háirithe ó thaobh ionadaíocht a thabhairt don phobal agus do na daoine ar a bhfuil an tAcht seo dírithe, léiríonn an stair le 100 bliain anuas nach raibh go leor den Státseirbhís ar son na Gaeilge agus gur theip ar an Stát go ginearálta seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil ar bhealach cuimsitheach. Mar sin, ní bheadh muinín ag na daoine a lorgaíonn seirbhísí ann dá mbeadh ionadaithe ó na Ranna amháin i bhfeighil an choiste. Tá sé riachtanach níos mó ionadaíochta a bheith ar an gcoiste. Dár ndóigh, tá na heagraíochtaí Gaeilge ann chomh maith agus tuigim gur labhair a gcuid ionadaithe leis an gcoiste seo le déanaí. D’fhéadfadh ionadaithe ó na heagraíochtaí Gaeilge a bheith ar an gcoiste chomh maith le hionadaithe Gaeltachta. Bheadh sé an-deacair ar aon duine amháin a bheith ag déanamh ionadaíochta ar son pobal na Gaeltachta leis nó léi féin agus ní bheadh sé sin sásúil. Tá sé ró-chúng.

Gabhaim buíochas leis an Dr. Walsh as ucht a chur i láthair. Tá sé thar a bheith cabhrach dúinn. An mbeidh cóip scríofa den chur i láthair á sheoladh chugainn? Tá moltaí déanta aige agus beimid ag breathnú orthu.

Cad é meon an Dr. Walsh faoi láthair i dtaobh na Gaeilge de maidir leis an taithí agus an obair atá curtha isteach aige, san ollscoil i nGaillimh, le Gaillimh le Gaeilge agus le Comhairle Cathrach na Gaillimhe? B'fhéidir nach bhfuil an cheist sin féaráilte ach cad é tuairim an Dr. Walsh faoi stádas na Gaeilge inniu?

Dr. John Walsh

An é sin go ginearálta nó-----

Dr. John Walsh

Is dóigh liom go bhfuil obair mhór déanta. Nílim ag iarraidh aon rud a rá mar gheall ar an bplean teanga sa chathair mar thug mé ráiteas ar maidin do Tuairisc.ie agus níl aon rud eile le rá agam mar gheall air sin. Mar cheist ghinearálta, tá dul chun cinn áirithe déanta ó thaobh an chórais pleanála teanga, mar shampla, agus is maith liom gur cuireadh breis infheistíochta sa chóras pleanála teanga. Aithním an obair mhaith atá ar bun ar an dtalamh. Tá laigí sa chóras sa mhéid is gur cuireadh go leor de na freagrachtaí ar choistí deonacha pleananna teanga a chur le chéile. Dar ndóigh, is saineolas atá i gceist maidir leis an bpleanáil teanga. Is deacair dom cuimhneamh ar réimsí eile den saol go mbeifí ag súil le saineolas ó ghnáthdhaoine mar ní mar sin a oibríonn an saol. Bíodh sin mar atá, tá obair na gcapall déanta ag na coistí deonacha ar an dtalamh ó thaobh na pleanála teanga de agus caithfear tuilleadh tacaíochta a thabhairt dóibh. Is trua nach bhfuil ach cúig líonra Gaeilge againn. Ba mhaith an ní dá mbeadh breis líonraí Gaeilge in áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Tugann an straitéis 20 bliain le tuiscint go mbeadh pleananna Gaeilge i bhfad níos forleithne ná mar atá siad anois. Mar sin, ba mhaith liom go dtabharfaí níos mó airde ar chur le líon na líonraí ar fud na tíre agus dlús a chur faoin phróiseas pleanála teanga sa tslí sin agus tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na limistéir phleanála teanga Gaeltachta agus do na hoifigigh ina gcuid oibre. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach.

Chomh maith leis sin, tá aighneacht curtha agam chuig Foras na Gaeilge mar gheall ar na meáin dhigiteacha agus tá gá le straitéis ar na meáin dhigiteacha Gaeilge a fhorbairt. Tá sé curtha in iúl agam don Fhoras gur cheart an Ghaeilge agus a láithreacht agus a háit ar na meáin dhigiteacha a fhorbairt go mór mar tá an oiread tionchair acu ar an saol agus é sin méadaithe as cuimse ó theacht Covid-19. Tá géarghá le níos mó tacaíochta a thabhairt don teanga ar na meáin sin chomh maith mar is cuid bhunúsach den saol iad anois.

Gabhaim buíochas leis an Dr. Walsh.

Tá ceist amháin agam mar gheall ar smachtbhannaí. Tá cinneadh le déanamh maidir leis na caighdeáin seo ar na comhlachtaí poiblí. Ní fhacamar na caighdeáin nó na dréachtchaighdeáin go fóill; dá bhrí sin, tá sé deacair orainn tuiscint iomlán a bheith againn fúthu. Nuair atá Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 agus na leasuithe á bplé againn leis an Aire Stáit ar an 10 Nollaig, beidh mé ag impí air na dréachtchaighdeáin sin, nó dréacht éigin dóibh, a thaispeáint dúinn ionas gur féidir linn tuiscint iomlán a bheith againn faoi cad atá ar siúl. Cad é tuairim Dr. Walsh arbh fhiú nó an mbeadh tairbhe leis an gcur chuige seo mura bhfuil smachtbhannaí ann do chomhlachtaí nach mbeidh ag cloí leis na caighdeáin atá leagtha síos?

Dr. John Walsh

Bíonn cothromaíocht le haimsiú i gcónaí idir smachtbhannaí agus daoine a mhealladh chun rudaí a dhéanamh. Tá an díospóireacht chéanna ar bun againn mar gheall ar na srianta a bhaineann le Covid-19 agus mar sin de faoi láthair. Mar a luaigh an Seanadóir Kyne, tá seans go mbeidh cur ina choinne ann maidir leis an 20% agus go mbeidh daoine míshásta leis sin. Chonaiceamar cheana nuair a bhí an tAcht á dhréachtú beagnach 20 bliain ó shin go raibh feachtas ina choinne sna meáin chumarsáide agus bhí feachtas binbeach i gcoinne Theilifís na Gaeilge nuair a bunaíodh é ar nuachtáin áirithe ag an am. Tá taithí againn ón stair ar fhreasúra láidir glórach a bheith ag teacht i gcoinne beartais Ghaeilge. Dá rachaimis síos bóthar na smachtbhannaí, b'fhéidir go mbeadh an freasúra níos measa fós. Is í sin an imní a bheadh ormsa maidir le smachtbhannaí a thabhairt isteach. Cé go bhfuil smachtbhanna ag an gCoimisinéir Teanga faoi láthair má dhiúltaíonn duine le himscrúdú a dhéanann sé agus mura bhfuil sé in ann a chuid oibre a dhéanamh i gceart, níor úsáideadh é sin go dtí seo. Dar ndóigh, baineadh úsáid as slite eile chun na deacrachtaí a réiteach. Is ceist thar a bheith chigilteach í agus ní bheinn ag cur béime uirthi faoi láthair. Tá na forálacha eile sa Bhille seo níos tábhachtaí chun déileáil leis na ceisteanna atá luaite agam.

Gabhaim buíochas leis an Dr. Walsh. An bhfuil aon cheist eile? Tá ceist ag an Seanadóir Kyne.

Tá ceist agam maidir leis an méid sin. Luaigh an Dr. Walsh an méid a tharla 20 bliain ó shin nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge agus an feachtas a bhí ina haghaidh. Tá i bhfad níos mó Gaelscoileanna anois trasna na tíre ná mar a bhí 20 bliain ó shin. An gceapann an Dr. Walsh go bhfuil níos mó grá ag daoine óga don teanga ná mar a bhí 20 bliain ó shin? Táim ag dul in aghaidh na ceiste a chur mé ar an Dr. Walsh ar dtús ach táim ag smaoineamh faoi na rudaí seo. Tá Teilifís na Gaeilge ar an bhfód le tamall agus tá impleacht ag an stáisiún sin ar shaol na ndaoine a bhíonn ag breathnú uirthi dá réir.

Dr. John Walsh

Tá an ceart ag an Seanadóir sa mhéid is go bhfuil an saol athraithe ar fad. Tá i bhfad níos mó Gaelscoileanna anois againn. Tá próiseas pleanála teanga againn. Tá an-chuid dul chun cinn déanta ag an nGaeilge ó shin, ar shlí amháin, ach tá brú mór ar an teanga sa Ghaeltacht agus níor cheart dearmad a dhéanamh air sin chomh maith. Is deacracht í seo a leanann ar aghaidh. Is é an rud a bhaineann le seirbhísí Gaeilge, ámh, ná is deacair daoine a spreagadh chun mórán suime a chur iontu. Tá an-chuid daoine - tá a fhios agam orthu de bharr a bheith ag plé le daoine óga - gur ceist theibí dóibh í seo go minic. Bíonn orm samplaí thar a bheith coincréideacha agus soiléire a thabhairt do dhaoine óga le go dtuigeann siad go bhfuil seirbhísí Gaeilge chomh bunúsach lena gcártaí aitheantais san ollscoil, lena bpasanna más mian leo dul ag taisteal - nuair is féidir linn dul ag taisteal arís - nó lena gceadúnais tiomána. Tá siad bunúsach go mbeadh sé de cheart ag daoine atá ag pósadh an pósadh a chlárú i nGaeilge nó a leithéid sin. Mar sin, is í sin an áit ina dtagann feachtas feasachta isteach. Mar chuid den obair seo ar fad, agus mar chuid den obair a dhéanfaí ar an bplean náisiúnta, is dóigh liom go bhfuil gá le feachtas feasachta, fógraíochta agus poiblíocht bhreise ar na seirbhísí Gaeilge. Tá obair mhaith déanta ag Oifig an Choimisinéara Teanga agus tá cúpla físeán maith cruthaithe aici mar gheall ar an gceist sin ach tá buiséad teoranta aici. Cruthaíodh dráma do dhaoine óga a bhainim féin an-úsáid as chun feasacht agus eolas ar na ceisteanna seo a spreagadh, ach teastaíonn i bhfad níos mó ná é sin. Nuair a bhíonn duine ag labhairt faoi sheirbhísí Gaeilge gan samplaí cinnte a thabhairt, bíonn sé teibí do dhaoine agus ní chuireann siad mórán suime iontu. Níl sé chomh dubh agus bán le stáisiún teilifíse, mar shampla, mar a bhí 20 nó 30 bliain ó shin.

Gabhaim buíochas leis an Dr. Walsh. Tá ceist ghairid ag an Seanadóir Clifford-Lee ach níl ach nóiméad nó dhó fágtha ag an Dr. Walsh.

An bhfuil aon tuairim ag an Dr. Walsh ar an tslí a gheobhaimid go leor daoine leis an leibhéal B2 a luaigh an Dr. Walsh chun na poist sin a líonadh?

Dr. John Walsh

Ar shlí baineann sé sin leis an rud deireanach a dúirt mé, is é sin go bhfuil gá le fógraíocht agus le feachtas eolais mar gheall ar na poist seo. Is í seo an chéad uair, i ndáiríre, ó cuireadh deireadh leis an riachtanas Gaeilge sna 1970idí, go mbeidh gá leis an nGaeilge do an-chuid fostaíochta. Beidh i bhfad níos mó post ann ina mbeidh riachtanas Gaeilge ceangailte leo. Ba cheart go gcuirfear é sin ar shúile na mic léinn atá agam, na daoine atá ag fágáil na scoile agus na dhaoine atá ag cuardach oibre. Ba cheart go ndíreofaí an feachtas sin ar Ghaelscoileanna, ar scoileanna Gaeltachta agus ar dhaoine óga atá ag críochnú céimeanna sa Ghaeilge, faoi mar atá déanta ag institiúidí an Aontais Eorpaigh i dtaca leis na haistritheoirí agus na hateangairí a theastaíonn sa Bhruiséil anois. Tá go leor daoine fíorchumasacha tar éis cur isteach ar na poist sin. Bhí agus bíonn feachtas eolais mar gheall ar na poist sin chomh maith.

An bhfuil gá ann le níos mó cúrsaí tríú leibhéal ionas go mbeidh mic léinn atá ag déanamh na hinnealtóireachta, an leighis nó pé rud é, in ann teastais éigin a dhéanamh i dteannta leis na bhfochéim?

Dr. John Walsh

Tá roinnt cúrsaí ar siúl againn féin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá a fhios agam go mbíonn an Ghaeilge ar siúl ag lucht leighis, mar shampla, agus ag ranna éagsúla taobh amuigh de roinn na Gaeilge. Is cinnte go bhféadfaí níos mó de sin a chur ar fáil. Is iad sin cúrsaí a bhíonn dírithe go speisialta nó go háirithe ar dhaoine a bhíonn ag traenáil le bheith ag obair go háitiúil le othair ón nGaeltacht i nGaillimh agus is áit eile í an teiripe urlabhra agus cainte ina mbíonn cúrsaí Gaeilge ar fáil againn.

Táimid ag caint anseo faoi theanga na Státseirbhíse nó teanga na hoibre. Mar sin, b'fhéidir go bhfuil deiseanna ann daoine a oiliúint amach anseo, go háirithe sa leibhéal sin. Ní dóigh liom go bhfuilimid ag caint ar theanga rótheicniúil. Beidh teanga áirithe ag baint leis an tseirbhís a bheadh á cur ar fáil ag an gcomhlacht. Ní gá gur teanga thar a bheith teicniúil a bheadh i gceist mar ní dócha go mbeadh an gnáthdhuine ag lorg eolais thar a bheith teicniúil. Is dócha gur gnátheolas faoi phas, faoi fhoirm iarratais nó faoi uaireanta oscailte a bheadh i gceist. Is dócha go mbeidís ag lorg eolais bhunúsaigh faoin tseirbhís. Ní shamhlaím go bhfuil gá le heolas thar a bheith teicniúil ar an teanga chun na poist sin a líonadh ach is gá líofacht nádúrtha agus is gá go mbeadh daoine ábalta déileáil le cainteoirí líofa. Is é sin an rud is tábhachtaí: go mbeidh daoine ábalta déileáil go nádúrtha le cainteoirí líofa Gaeilge. Is é sin an cháilíocht is mó, dar liom.

Gabhaim buíochas leis an Dr. Walsh.

Tá an t-am istigh agus measaim go mbeidh ar an Dr. Walsh éalú go dtí a chéad rang eile. Gabhaim míle buíochas leis as labhairt linn inniu agus as na tuairimí sin a roinnt linn.

Dr. John Walsh

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Dhearmad mé freagra a thabhairt ar an Teachta Connolly. Cuirfidh mé téacs mo chuid cainte chuig an gcoiste. Níl ann ach go gcaithfidh mé cúpla leasú beag a dhéanamh air. Cuirfidh mé chuig an gcléireach é a luath agus is féidir. Gabhaim míle buíochas leis an gcoiste.

Tá an cruinniú críochnaithe anois. An bhfuil aon ghnó eile ann? Níl. Tá an cruinniú curtha ar athló go dtí 2 p.m. ar an 2 Nollaig 2020, nuair a bheidh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Catherine Martin, agus Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeltacht agus as an spórt, an Teachta Chambers, os ár gcomhair chun cúrsaí eacnamaíochta, teanga, cultúrtha, oideachais, forbartha pobail, agus fóillíochta sa Ghaeltacht a phlé linn.

Cuireadh an cruinniú ar athló ar 3.32 p.m. go dtí 2 p.m., Dé Céadaoin, 2 Nollaig 2020.